30.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 147/3 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/707 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Aibreán 2021
lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 an 10 Márta 2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir (1), agus go háirithe Airteagal 17(3) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 10 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 224/2014. |
(2) |
An 5 Aibreán 2021, d’fhormheas Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) arna bhunú de bhun Rún 2127 (2013) ó CSNA eintiteas amháin a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear leis seo Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Aibreán 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
IARSCRÍBHINN
Sa liosta a leagtar amach i gCuid B (Eintitis) d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 224/2014, scriostar an iontráil a bhaineann leis an eintiteas seo a leanas:
1. |
BUREAU D’ACHAT DE DIAMANT EN CENTRAFRIQUE/KARDIAM (ailias: a) BADICA/KRDIAM b) KARDIAM). |