28.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 145/20


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/700 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Márta 2021

lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a mhéid a bhaineann le sonraí cothabhála agus suiteáil comhpháirteanna aerárthaí áirithe le linn cothabhála

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí, lena n-áirítear na ceanglais maidir le comhpháirteanna a shuiteáil ar aerárthaí.

(2)

Nuair a shuiteáiltear comhpháirt nua le linn cothabháil aerárthaí, ní mór Foirm 1 EASA (Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh) a bheith leis, foirm a eisíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún (3) chun comhréireacht na comhpháirte nua lena sonraí deartha formheasta a dheimhniú.

(3)

D’fhonn ceanglais níos comhréirí agus níos éifeachtúla a bheith ann le haghaidh comhpháirteanna nua, leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 le Rialachán (AE) 2021/699 ón gCoimisiún (4) le déanaí chun deireadh a chur leis an gceanglas maidir le comhréireacht na gcomhpháirteanna nua a dheimhniú, ar beag a dtionchar ar oibriú sábháilte aerárthaí i gcás neamh-chomhréireacht lena ndearadh, agus chun cead a thabhairt iad a shuiteáil i dtáirgí a bhfuil deimhniú cineáil déanta orthu gan Foirm 1 EASA a eisiúint.

(4)

Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a leasú freisin chun gur féidir na comhpháirteanna sin a shuiteáil le linn cothabhála.

(5)

Maidir le comhpháirteanna a dhéantar a chothabháil, ba cheart Foirm 1 EASA a eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 chun a dheimhniú go ndearnadh an obair chothabhála shainaitheanta ar na comhpháirteanna sin i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme.

(6)

Chun an cuspóir comhréireachta agus éifeachtúlachta céanna a bhí i Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, a leasaíodh le déanaí, a bhaint amach, le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ba cheart na maoluithe céanna a mhéid a bhaineann le comhpháirteanna a chothabháil, nach gá Foirm 1 EASA a eisiúint ina leith, a thabhairt isteach.

(7)

Leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 i ndáil le sainaithint, formheas, formáidiú agus infhaighteacht na dTreoracha i leith Aeracmhainneacht Leanúnach (ICA) agus ICA a bhunú mar chuid den deimhniú cineáil d'aerárthaí. Tá impleachtaí aige sin ar an sainmhíniú ar shonraí cothabhála is infheidhme i Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, agus ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán sin a leasú chun comhsheasmhacht le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a áirithiú.

(8)

Le Rialachán (AE) 2019/1383 ón gCoimisiún (5) tugadh isteach idirthréimhse chun eagraíochtaí, a bhfuil baint acu le haeracmhainneacht leanúnach, lena n-áirítear cothabháil, a cheadú. Tiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse sin an 24 Meán Fómhair 2021. I bhfianaise phaindéim leanúnach COVID-19, is gá síneadh 6 mhí a chur leis an idirthréimhse sin chun ualach breise ar an tionscal le linn na géarchéime a sheachaint agus chun comhlíontacht na rialacha agus na nósanna imeachta nua a tugadh isteach leis an Rialachán sin a éascú.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo bunaithe ar Thuairim Uimh. 7/2019 (6) ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) i gcomhréir le hAirteagal 75(2)(b) agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

(10)

In Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 déantar tagairt do dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/1383, áit ar cheart tagairt a dhéanamh dá dháta infheidhmeachta. Ba cheart Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a cheartú dá bhrí sin.

(11)

In Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 tá tagairtí míchearta do na ceanglais ábhartha i gCuid-M agus i gCuid-CAO maidir le cáiliú pearsanra deimhnithe. Ba cheart Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a cheartú dá bhrí sin.

(12)

Is ionann Airteagal 8(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 agus Airteagal 3(7) den Rialachán céanna. Ba cheart Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a cheartú chun an dúbailt sin a scriosadh.

(13)

Roinnt earráidí eagarthóireachta as a n-eascraíonn deacrachtaí léirmhíniúcháin forálacha áirithe in Iarscríbhinní I, III, Vb agus Vd a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, ba cheart iad a cheartú freisin.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Eagraíochtaí a bhfuil baint acu le haeracmhainneacht leanúnach a cheadú

1.   Déanfaidh an t-údarás inniúil eagraíochtaí a bhaineann le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí a cheadú agus comhpháirteanna le haghaidh suiteála ar na haerárthaí sin, lena n-áirítear cothabháil, a fhormheas, arna iarraidh sin dóibh, i gcomhréir leis na ceanglais in Iarscríbhinn II (Cuid-145), Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) nó Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO), de réir mar is infheidhme maidir leis na heagraíochtaí féin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil ceadú a eisiúint i leith eagraíochtaí, arna iarraidh sin dóibh, go dtí an 24 Meán Fómhair 2020 i gcomhréir le Fochuid F agus le Fochuid G d’Iarscríbhinn I (Cuid-M). Gach ceadú a eisítear i gcomhréir le Fochuid F agus le Fochuid G d’Iarscríbhinn I (Cuid-M), beidh sé bailí go dtí an 24 Márta 2022.

3.   Deimhnithe ceadaithe eagraíochta cothabhála, arna n-eisiúint nó arna n-aithint ag Ballstát i gcomhréir le sonraíocht deimhniúcháin JAR-145 dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (*1), agus a bhí bailí roimh an 29 Samhain 2003, measfar gur eisíodh iad i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn II (Cuid-145) a ghabhann leis an Rialachán seo.

4.   Maidir le heagraíochtaí ag a bhfuil deimhniú ceadaithe eagraíochta bailí arna eisiúint i gcomhréir le Fochuid F nó Fochuid G d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó le hIarscríbhinn II (Cuid-145), eiseoidh an t-údarás inniúil Foirm 3-CAO dóibh, arna iarraidh sin dóibh, mar a leagtar amach i bhFoscríbhinn I a ghabhann le hIarscríbhinn Vd (Cuid-CAO), agus ina dhiaidh sin déanfaidh an t-údarás inniúil maoirseacht orthu i gcomhréir le hIarscríbhinn Vd (Cuid-CAO).

Is ionann na pribhléidí a bheidh ag na heagraíochtaí sin faoi cheadú arna eisiúint i gcomhréir le hIarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) agus na pribhléidí faoi fhormheas arna eisiúint i gcomhréir le Fochuid F nó le Fochuid G d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó le hIarscríbhinn II (Cuid-145). Mar sin féin, ní sháróidh na pribhléidí sin na pribhléidí eagraíochta dá dtagraítear i Roinn A d’Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO).

De mhaolú ar phointe CAO.B.060 d’Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO), go dtí an 24 Márta 2022, féadfaidh an eagraíocht aon chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a bhaineann le ceanglais arna dtabhairt isteach le hIarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) nach n-áirítear i bhFochuid F ná i bhFochuid G d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) ná in Iarscríbhinn II (Cuid-145), a cheartú.

Mura mbeidh na cinntí sin curtha i gcrích ag an eagraíocht faoin 24 Márta 2022, déanfar an deimhniú ceadaithe a chúlghairm, a theorannú nó a chur ar fionraí ina iomláine nó i bpáirt.

5.   Maidir le heagraíochtaí ag a bhfuil deimhniú ceadaithe eagraíochta um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta bailí, arna eisiúint i gcomhréir le Fochuid G d’Iarscríbhinn I (Cuid- M), eiseoidh an t-údarás inniúil deimhniú ceadaithe Foirm 14 EASA dóibh, arna iarraidh sin dóibh, i gcomhréir le hIarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO), agus ina dhiaidh sin déanfaidh an t-údarás inniúil maoirseacht orthu i gcomhréir le hIarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO).

De mhaolú ar phointe CAO.B.350 d’Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO), go dtí an 24 Márta 2022, féadfaidh an eagraíocht aon chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a bhaineann le ceanglais arna dtabhairt isteach le hIarscríbhinn Vc (Cuid-CMAO) nach n-áirítear i bhFochuid G d’Iarscríbhinn I (Cuid-M), a cheartú.

Mura mbeidh na cinntí sin curtha i gcrích ag an eagraíocht tar éis an 24 Márta 2022, déanfar an deimhniú ceadaithe a chúlghairm, a theorannú nó a chur ar fionraí ina iomláine nó i bpáirt.

6.   Maidir le deimhnithe agus formheasanna clár cothabhála aerárthaí arna n-eisiúint de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 de réir mar ab infheidhme roimh an 24 Márta 2020, measfar gur eisíodh iad i gcomhréir leis an Rialachán seo.”;

(*1)  Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le comhchuibhiú ceanglas teicniúil agus nósanna imeachta riaracháin i réimse na heitlíochta sibhialta (IO L 373, 31.12.1991, lch. 4)."

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid-M) i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn II (Cuid-145) i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

Airteagal 2

Ceartaítear Rialachán (AE) 1321/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Maidir le cláir chothabhála aerárthaí le haghaidh aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1 a chomhlíonann na ceanglais a shonraítear i bpointe M.A.302 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) ab infheidhme roimh an 24 Márta 2020, measfar go gcomhlíonann siad na ceanglais a shonraítear i bpointe M.A.302 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó i bpointe ML.A.302 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le míreanna 1 agus 2.”;

(2)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh pearsanra deimhnithe cáilithe i gcomhréir leis na ceanglais in Iarscríbhinn III (Cuid-66), seachas mar a fhoráiltear i bpointí M.A.606(h), M.A.607(b), M.A.801(c) agus M.A.803 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M), i bpointí ML.A.801(c) agus ML.A.803 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), CAO.040(b) agus CAO.040(c) d’Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) agus i bpointe 145.A.30(j) d’Fhoscríbhinn IV a ghabhann le hIarscríbhinn II (Cuid-145).”;

(3)

in Airteagal 8, scriostar mír 7;

(4)

Ceartaítear Iarscríbhinn I (Cuid-M) i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo;

(5)

Ceartaítear Iarscríbhinn III (Cuid-66) i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo;

(6)

Ceartaítear Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo;

(7)

Ceartaítear Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo;

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 18 Bealtaine 2022, seachas pointe (1) d’Airteagal 1 agus pointí (5), (6) agus (8) d’Iarscríbhinn I, a mbeidh feidhm acu ón 18 Bealtaine 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir leis na heagraíochtaí agus an pearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin a cheadú (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh aeracmhainneacht agus deimhniú comhshaoil aerárthaí agus táirgí, páirteanna agus fearas gaolmhar, agus le haghaidh deimhniú eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/699 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2020 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann leis na treoracha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach, táirgeadh páirteanna lena n-úsáid le linn cothabhála agus breithniú a dhéanamh ar ghnéithe aosaithe aerárthaí le linn deimhniúcháin (Féach lch. 1 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán (AE) 2019/1383 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2019 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a mhéid a bhaineann le córais bainistíochta sábháilteachta in eagraíochtaí um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta agus maoluithe le haghaidh aerárthaí ginearálta eitlíochta a bhaineann le cothabháil agus bainistiú leanúnach aeracmhainneachta (IO L 228, 4.9.2019, lch. 1).

(6)  https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

i bpointe M.A.305(e)(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

“(iii)

an deimhniú scaoilte iarchothabhála agus ráiteas glactha an úinéara i leith aon chomhpháirt arna fheistiú ar aerárthach ELA2 (Aerárthach Éadroim Eorpach 2) gan Foirm 1 EASA i gcomhréir le pointe 21.A.307(b)(2) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ach lena gcumhdaítear tréimhse nach lú ná 36 mhí.”;

(2)

i bpointe M.A.401, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, is ionann sonraí cothabhála is infheidhme agus aon cheann de na nithe seo a leanas:

1.

aon cheanglas, nós imeachta, caighdeán nó faisnéis is infheidhme atá eisithe ag an údarás inniúil nó ag an nGníomhaireacht;

2.

aon treoir maidir le haeracmhainneacht is infheidhme;

3.

na treoracha maidir le haeracmhainneacht leanúnach is infheidhme agus treoracha cothabhála eile, arna n-eisiúint ag sealbhóir an deimhnithe cineáil, sealbhóir deimhnithe cineáil fhorlíontaigh agus aon eagraíocht eile a fhoilsíonn na sonraí sin i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012;

4.

maidir le comhpháirteanna atá formheasta lena suiteáil ag sealbhóir formheasa an deartha, na treoracha cothabhála is infheidhme arna bhfoilsiú ag monaróirí na comhpháirte agus atá inghlactha ag sealbhóir formheasa an deartha;

5.

aon sonraí is infheidhme a eisítear i gcomhréir le pointe 145.A.45(d).”;

(3)

i bpointe M.A.501(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

“(1)

Comhpháirteanna ar sásúil an bhail atá orthu, arna scaoileadh de réir Fhoirm 1 EASA nó foirm choibhéiseach agus arna marcáil i gcomhréir le Fochuid Q d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, mura sonraítear a mhalairt i bpointe 21.A.307 d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, nó san Iarscríbhinn seo (Cuid-M), nó in Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO).”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe M.A.502:

M.A.502   Cothabháil chomhpháirte

(a)

Maidir le comhpháirteanna nach iad na comhpháirteanna dá dtagraítear i bpointí (b)(2) go (b)(6) de phointe 21.A.307 d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, is eagraíochtaí cothabhála, arna gceadú i gcomhréir le Fochuid F den Iarscríbhinn seo nó le hIarscríbhinn II (Cuid-145) nó le hIarscríbhinn Vd (Cuid-CAO), de réir mar is infheidhme, a dhéanfaidh na comhpháirteanna sin a chothabháil.

(b)

De mhaolú ar phointe (a), i gcás ina ndéantar comhpháirt a fheistiú ar aerárthach, féadfaidh eagraíocht chothabhála aerárthaí, arna ceadú i gcomhréir le Fochuid F den Iarscríbhinn seo nó le hIarscríbhinn II (Cuid-145) nó le hIarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) nó leis an pearsanra deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b)(1) de phointe M.A.801, an chomhpháirt sin a chothabháil. Déanfar an chothabháil sin i gcomhréir le sonraí cothabhála an aerárthaigh nó i gcomhréir le sonraí cothabhála na comhpháirte má chomhaontaíonn an t-údarás inniúil leis sin. Féadfaidh an eagraíocht chothabhála aerárthaí sin nó an pearsanra deimhnithe an chomhpháirt a bhaint go sealadach lena cothabháil más gá é sin chun rochtain ar an gcomhpháirt a fheabhsú, ach amháin i gcás inar gá cothabháil bhreise a dhéanamh toisc gur baineadh an chomhpháirt. Maidir le cothabháil comhpháirteanna a dhéanfar i gcomhréir leis an bpointe seo, ní bheidh sí incháilithe chun Foirm 1 EASA a eisiúint agus beidh sí faoi réir na gceanglas maidir le scaoileadh aerárthaí dá bhforáiltear i bpointe M.A.801.

(c)

De mhaolú ar phointe (a), i gcás ina ndéantar comhpháirt a fheistiú ar inneall nó ar an aonad cumhachta cúnta (APU), féadfaidh eagraíocht chothabhála aerárthaí arna ceadú i gcomhréir le Fochuid F den Iarscríbhinn seo nó le hIarscríbhinn II (Cuid-145) nó le hIarscríbhinn Vd (Cuid-CAO), an chomhpháirt sin a chothabháil. Déanfar an chothabháil sin i gcomhréir le sonraí cothabhála an innill nó an aonaid cumhachta cúnta nó i gcomhréir le sonraí cothabhála na comhpháirte má chomhaontaíonn an t-údarás inniúil leis sin. Féadfaidh na heagraíochtaí sin, de rátáil B, an chomhpháirt a bhaint go sealadach lena cothabháil más gá é sin chun rochtain ar an gcomhpháirt a fheabhsú, ach amháin i gcás inar gá cothabháil bhreise a dhéanamh toisc gur baineadh an chomhpháirt.

(d)

Maidir le comhpháirteanna dá dtagraítear i bpointe (b)(2) de phointe 21.A.307 d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, i gcás ina ndéantar an chomhpháirt a fheistiú ar an aerárthach nó ina ndéantar an chomhpháirt a bhaint go sealadach chun rochtain a fheabhsú, is eagraíocht chothabhála aerárthaí, arna ceadú i gcomhréir le Fochuid F den Iarscríbhinn seo nó le hIarscríbhinn II (Cuid-145) nó le hIarscríbhinn Vd (Cuid-CAO), de réir mar is infheidhme, an pearsanra dá dtagraítear i bpointe (b)(1) de phointe M.A.801 nó an píolóta-úinéir dá dtagraítear i bpointe (b)(2) de phointe M.A.801, a dhéanfaidh na comhpháirteanna sin a chothabháil. Maidir le cothabháil comhpháirteanna a dhéanfar i gcomhréir leis an bpointe seo, ní bheidh sí incháilithe chun Foirm 1 EASA a eisiúint agus beidh sí faoi réir na gceanglas maidir le scaoileadh aerárthaí dá bhforáiltear i bpointe M.A.801.

(e)

Maidir le cothabháil na gcomhpháirteanna dá dtagraítear i bpointí (b)(3) go pointe (b)(6) de phointe 21.A.307 d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, déanfaidh an eagraíocht dá dtagraítear i bpointe (a) an chothabháil sin, nó déanfaidh aon duine nó eagraíocht í agus scaoilfear amach í agus ‘dearbhú ar chothabháil atá déanta’ ag gabháil léi, arna eisiúint ag an duine nó ag an eagraíocht a rinne an chothabháil. Sa ‘dearbhú ar chothabháil atá déanta’, beidh, ar a laghad, mionsonraí bunúsacha maidir leis an gcothabháil a rinneadh, an dáta a cuireadh an chothabháil i gcrích, agus sainaitheantas na heagraíochta nó an duine a eisíonn é. Measfar gur taifead cothabhála é agus beidh sé coibhéiseach le Foirm 1 EASA i leith na comhpháirte a ndearnadh cothabháil uirthi.”;

(5)

i bpointe M.A.618(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

“(a)

Beidh ceadú bailí go dtí an 24 Márta 2022, faoi réir an mhéid a leanas:”;

(6)

i bpointe M.A.715(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

“(a)

Beidh ceadú bailí go dtí an 24 Márta 2022, faoi réir an mhéid a leanas:”;

(7)

i bpointe M.A.802, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

Cé is moite de chomhpháirteanna arna scaoileadh chun seirbhíse ag eagraíocht chothabhála arna ceadú i gcomhréir le hIarscríbhinn II (Cuid-145) agus sna cásanna a chumhdaítear le pointe (e) de phointe M.A.502, eiseofar deimhniú scaoilte iarchothabhála tráth a chuirfear i gcrích aon obair chothabhála a dhéanfar ar chomhpháirt aerárthaigh i gcomhréir le pointe M.A.502.”;

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhoscríbhinní V agus VI:

“Foscríbhinn V

Deimhniú Eagraíochta Cothabhála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I (Cuid-M) Fochuid F – Foirm 3-MF EASA

Leathanach 1 as 2 leathanach

(BALLSTÁT (*))

Ballstát den Aontas Eorpach (**)

DEIMHNIÚ EAGRAÍOCHTA COTHABHÁLA

Tagairt: (CÓD AN BHALLSTÁIT (*)).MF.(XXXX)

De bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún, agus faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear thíos, deimhníonn (ÚDARÁS INNIÚIL AN BHALLSTÁIT (*)) leis seo:

(AINM AGUS SEOLADH NA CUIDEACHTA)

a bheith ina eagraíocht chothabhála i gcomhréir le Roinn A, Fochuid F d’Iarscríbhinn I (Cuid-M ) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún, go bhfuil sé ceadaithe chun cothabháil a dhéanamh ar na táirgí, na páirteanna agus na fearais a liostaítear sna téarmaí ceadaithe atá i gceangal leis seo agus chun deimhnithe scaoilte iarchothabhála gaolmhara a eisiúint leis na tagairtí thuas agus, nuair a shonraítear amhlaidh, deimhnithe ar athbhreithniú aeracmhainneachta a eisiúint tar éis athbhreithniú aeracmhainneachta mar a shonraítear i bpointe ML.A.903 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún maidir leis na haerárthaí sin a liostaítear sa sceideal ceadaithe atá i gceangal.

COINNÍOLLACHA:

1.

Tá an deimhniú seo teoranta don mhéid a shonraítear i roinn raon feidhme na hoibre de lámhleabhar na heagraíochta cothabhála ceadaithe dá dtagraítear i Roinn A, Fochuid F d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún; agus

2.

Leis an deimhniú seo, ceanglaítear go gcomhlíontar na nósanna imeachta a shonraítear i lámhleabhar na heagraíochta cothabhála ceadaithe; agus

3.

Is bailí an deimhniú seo fad a leanann eagraíocht chothabhála ceadaithe de bheith i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-M) agus Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

4.

Faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha sin thuasluaite, leanfaidh an deimhniú seo de bheith bailí go dtí an 24 Márta 2022 mura mbeidh an deimhniú géillte, nó deimhniú eile curtha ina ionad, nó é curtha ar fionraí nó cúlghairthe roimh an dáta sin.

Dáta bunaidh na heisiúna: …

Dáta an athbhreithnithe seo: …

Uimhir an athbhreithnithe: …

Arna shíniú ag: …

Le haghaidh an údaráis inniúil: (ÚDARÁS INNIÚIL AN BHALLSTÁIT (*))

Foirm 3-MF EASA, Eagrán 6

(*)

Nó “EASA”, más é EASA an t-údarás inniúil.

(**)

Scriostar seo i gcás Stát nach Ballstát den Aontas é nó EASA.

Leathanach 2 as 2 leathanach

TÉARMAÍ CEADAITHE EAGRAÍOCHTA COTHABHÁLA

Tagairt: (CÓD AN BHALLSTÁIT (*)).MF.XXXX

Eagraíocht: (AINM AGUS SEOLADH NA CUIDEACHTA)

AICME

RÁTÁIL

TEORAINN

AERÁRTHACH (**)

(***)

(***)

(***)

(***)

INNILL (**)

(***)

(***)

(***)

(***)

COMHPHÁIRTEANNA SEACHAS INNILL IOMLÁNA NÓ APUnna (**)

(***)

(***)

(***)

(***)

(***)

(***)

(***)

(***)

(***)

(***)

(***)

(***)

SEIRBHÍSÍ SPEISIALAITHE (**)

(***)

(***)

(***)

(***)

Tá na téarmaí ceadaithe seo teoranta do tháirgí, páirteanna agus fearais agus do na gníomhaíochtaí a shonraítear i roinn raon feidhme na hoibre de lámhleabhar na heagraíochta cothabhála ceadaithe.

Tagairt an Lámhleabhair Eagraíochta Ceadaithe: …

Dáta bunaidh na heisiúna: …

Dáta formheasta an athbhreithnithe dheireanaigh: …Uimhir an athbhreithnithe: …

Arna shíniú ag: …

Maidir leis an údarás inniúil:(ÚDARÁS INNIÚIL AN BHALLSTÁIT (*))

Foirm 3-MF EASA, Eagrán 6

(*)

Nó ‘EASA’, más é EASA an t-údarás inniúil.

(**)

Scriostar de réir mar is iomchuí mura gceadaítear an eagraíocht.

(***)

Comhlánaítear seo leis an rátáil agus an teorannú iomchuí.

(****)

Comhlánaítear seo leis an teorannú iomchuí agus luaitear an údaraítear moltaí agus deimhnithe ar athbhreithniú aeracmhainneachta a eisiúint nó nach n-údaraítear (i gcás aerárthaí ELA1 nach bhfuil baint acu le hoibríochtaí tráchtála agus sa chás sin amháin, nuair a dhéanann an eagraíocht an t-athbhreithniú ar aeracmhainneacht maille leis an iniúchadh bliantúil atá sa chlár cothabhála aerárthaigh AMP).;

Foscríbhinn VI

Deimhniú Eagraíochta um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I (Cuid-M) Fochuid G – Foirm 14-MG EASA

(BALLSTÁT (*))

Ballstát den Aontas Eorpach (**)

EAGRAÍOCHT UM BAINISTIÚ LEANÚNACH AERACMHAINNEACHTA

DEIMHNIÚ

Tagairt: (CÓD AN BHALLSTÁIT (*)).MG.XXXX (uimhir thagartha AOC XX.XXXX)

De bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún atá i bhfeidhm go fóill, agus faoi réir an choinníll a shonraítear thíos, deimhníonn (ÚDARÁS INNIÚIL AN BHALLSTÁIT (*)) leis seo go bhfuil:

(AINM AGUS SEOLADH NA CUIDEACHTA)

ina eagraíocht um bainistiú leanúnach aeracmhainneacht i gcomhréir le Roinn A, Fochuid G d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, atá ceadaithe chun aeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthach a liostaítear sna téarmaí ceadaithe atá i gceangal leis seo a bhainistiú agus, i gcás ina sonraítear amhlaidh, chun moltaí agus deimhnithe ar athbhreithniú aeracmhainneachta a eisiúint tar éis athbhreithniú aeracmhainneachta dá sonraítear i bpointe M.A.901 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó ML.A.901 d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML), agus, i gcás ina sonraítear, chun ceadúnais eitilte a eisiúint dá sonraítear i bpointe M.A.711(c) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann leis an Rialachán sin.

COINNÍOLLACHA

1.

Tá an deimhniú seo teoranta don mhéid a shonraítear i roinn raon feidhme na hoibre den lámhleabhar um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta dá dtagraítear i Roinn A, Fochuid G d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014.

2.

Leis an deimhniú seo ceanglaítear go gcomhlíontar na nósanna imeachta dá sonraítear sa lámhleabhar um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta arna fhormheas i gcomhréir le Fochuid G d’Iarscríbhinn I (Cuid- M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014.

3.

Is bailí an deimhniú seo fad a leanann an eagraíocht um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta ceadaithe de bheith i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-M) agus, más infheidhme, Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014.

4.

Más rud é go ndéanann eagraíocht um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta conradh faoina Córas Cáilíochta maidir le seirbhís eagraíochta nó seirbhís roinnt eagraíochtaí, leanfaidh an deimhniú sin de bheith bailí faoi réir oibleagáidí conarthacha is infheidhme de bheith á gcomhlíonadh ag an eagraíocht sin nó na heagraíochtaí sin.

5.

Faoi réir chomhlíonadh choinníollacha 1 go 4 thuas, leanfaidh an deimhniú seo de bheith bailí go dtí an 24 Márta 2022, ach amháin i gcás inar géilleadh é, cuireadh deimhniú eile ina ionad, nó cuireadh ar fionraí é nó cúlghaireadh é roimhe seo.

Má úsáidtear an fhoirm seo freisin d’aeriompróirí a bhfuil ceadúnas acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, cuirfear uimhir an Teastais Aeroibreora (AOC) leis an tagairt, i dteannta na huimhreach caighdeánaí, agus cuirfear na coinníollacha breise 6, 7 agus 8 seo a leanas in ionad choinníoll 5:

6.

Ní hionann an deimhniú seo agus údarú chun na cineálacha aerárthaí dá dtagraítear i gcoinníoll 1 a oibriú. Is é AOC an t-údarú chun an t-aerárthach a oibriú.

7.

Le AOC a bhriseadh, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, déantar an deimhniú seo neamhbhailí go huathoibríoch i dtaca le clárúcháin aerárthaí a shonraítear san AOC, mura luann an t-údarás inniúil a mhalairt go sainráite.

8.

Faoi réir chomhlíonadh choinníollacha 1 go 4, 6 agus 7, leanfaidh an deimhniú seo de bheith bailí go dtí an 24 Márta 2022 mura mbeidh an deimhniú géillte, nó deimhniú curtha ina ionad, nó é curtha ar fionraí nó é cúlghairthe roimhe sin.

Dáta bunaidh na heisiúna: …

Arna shíniú ag: …

Dáta an athbhreithnithe seo: … Uimhir an athbhreithnithe: …

Le haghaidh an Údaráis Inniúil: (ÚDARÁS INNIÚIL AN BHALLSTÁIT (*))

Leathanach 1 as 2 leathanach

Foirm 14-MG EASA, Eagrán 6

Leathanach 2 as 2 leathanach

EAGRAÍOCHT UM BAINISTIÚ LEANÚNACH AERACMHAINNEACHTA

TÉARMAÍ AN CHEADAITHE

Tagairt: (CÓD AN BHALLSTÁIT (*)).MG.XXXX

(uimhir thagartha AOC XX.XXXX)

Eagraíocht: (AINM AGUS SEOLADH NA CUIDEACHTA

Cineál/sraith/grúpa an aerárthaigh

Athbhreithniú aeracmhainneachta údaraithe

Ceadúnais eitilte údaraithe

Eagraíocht/Eagraíochtaí atá ag obair faoi chóras cáilíochta

 

(TÁ/NÍL) (***)

(TÁ/NÍL) (***)

 

 

(TÁ/NÍL) (***)

(TÁ/NÍL) (***)

 

 

(TÁ/NÍL) (***)

(TÁ/NÍL) (***)

 

 

(TÁ/NÍL) (***)

(TÁ/NÍL) (***)

 

Tá téarmaí an cheadaithe seo teoranta don mhéid a shonraítear i raon feidhme na hoibre i roinn an lámhleabhair um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta …

Tagairt an lámhleabhair um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta: …

Dáta bunaidh na heisiúna: …

Arna shíniú ag: …

Dáta an athbhreithnithe seo: … Uimhir an athbhreithnithe: …

Le haghaidh an Údaráis Inniúil: (ÚDARÁS INNIÚIL AN BHALLSTÁIT *)

Foirm 14-MG EASA, Eagrán 6

(*)

Nó ‘EASA’, más é EASA an t-údarás inniúil.

(**)

Scriostar i gcás Stát nach Ballstát den Aontas é nó EASA.

(***)

Scriostar de réir mar is iomchuí mura gceadaítear an eagraíocht.
”;

IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

leasaítear pointe 145.A.42 mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

Comhpháirteanna ar sásúil an bhail atá orthu, arna scaoileadh de réir Fhoirm 1 EASA nó foirm choibhéiseach agus arna marcáil i gcomhréir le Fochuid Q d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, mura sonraítear a mhalairt i bpointe 21.A.307 d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, i bpointe M.A.502 d’Iarscríbhinn I (Cuid-M), i bpointe ML.A.502 d’Iarscríbhinn III (Cuid-ML), nó san Iarscríbhinn seo (Cuid-145).”,

(b)

i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):

“(iv)

Comhpháirteanna dá dtagraítear i bpointe (b)(2) de phointe 21.A.307 d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, déanfar iad a shuiteáil i gcás ina meastar iad a bheith incháilithe lena suiteáil ag úinéir an aerárthaigh ar a aerárthach féin agus sa chás sin amháin.”;

(2)

i bpointe 145.A.45, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

Is éard atá sna sonraí cothabhála is infheidhme na sonraí a shonraítear is infheidhme i bpointe M.A.401(b) d’Iarscríbhinn I(Cuid-M) nó i bpointe ML.A.401(b) d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML).”.


IARSCRÍBHINN III

Leasaítear Iarscríbhinn Vb a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

i bpointe ML.A.401, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ciallaíonn sonraí cothabhála is infheidhme agus aon cheann de na nithe seo a leanas:

1.

aon cheanglas, nós imeachta, caighdeán nó faisnéis is infheidhme atá eisithe ag an údarás inniúil nó ag an nGníomhaireacht;

2.

aon treoir maidir le haeracmhainneacht is infheidhme;

3.

na treoracha maidir le haeracmhainneacht leanúnach (ICA) is infheidhme, arna n-eisiúint ag sealbhóir an deimhnithe cineáil, sealbhóir deimhnithe cineáil fhorlíontaigh agus aon eagraíocht eile a fhoilsíonn na sonraí sin i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012;

4.

maidir le comhpháirteanna atá formheasta lena suiteáil ag sealbhóir formheasa an deartha, na treoracha cothabhála is infheidhme arna bhfoilsiú ag monaróirí na comhpháirte agus atá inghlactha ag sealbhóir formheasa an deartha;

5.

aon sonraí is infheidhme a eisítear i gcomhréir le pointe 145.A.45(d).”;

(2)

i bpointe ML.A.501, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

Mura sonraítear a mhalairt i bhFochuid F d’Iarscríbhinn I (Cuid-M), in Iarscríbhinn II (Cuid-145), in Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) a ghabhann leis an Rialachán seo nó i bpointe 21.A.307 d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, féadfar comhpháirt a fheistiú ach gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

is sásúil an bhail atá uirthi;

(ii)

scaoileadh le haghaidh seirbhíse í go hiomchuí trí bhíthin Fhoirm 1 EASA mar a leagtar amach i bhFoscríbhinn II d’Iarscríbhinn I (Cuid-M), nó foirm choibhéiseach;

(iii)

rinneadh í a mharcáil i gcomhréir le Fochuid Q d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012.”;

(3)

i bpointe ML.A.502, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

Maidir le comhpháirteanna a nglacann an t-úinéir leo i gcomhréir le pointe (b)(2) de phointe 21.A.307 d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, déanfar aon duine nó eagraíocht iad a chothabháil, faoi réir athghlacadh an úinéara faoi choinníollacha phointe (b)(2) de phointe 21.A.307 den Iarscríbhinn sin. Níl an chothabháil sin incháilithe chun Foirm 1 EASA a eisiúint, mar a leagtar amach i bhFoscríbhinn II d’Iarscríbhinn I (Cuid-M), agus beidh sí faoi réir na gceanglas maidir le scaoileadh aerárthaí.”;

(4)

i bpointe ML.A.502, cuirtear pointe (c) seo a leanas isteach:

“(c)

Féadfaidh aon duine nó eagraíocht comhpháirteanna dá dtagraítear i bpointí (b)(3) go (b)(6) de phointe 21.A.307 d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a chothabháil. I gcás den sórt sin, de mhaolú ar phointe (b), scaoilfear amach cothabháil na gcomhpháirteanna sin le ‘dearbhú ar chothabháil atá déanta’ arna eisiúint ag an duine nó ag an eagraíocht a rinne an chothabháil. Sa ‘dearbhú ar chothabháil atá déanta’ beidh, ar a laghad, mionsonraí bunúsacha maidir leis an gcothabháil a rinneadh, an dáta a cuireadh an chothabháil i gcrích, agus sainaitheantas na heagraíochta nó an duine a eisíonn é. Measfar gur taifead cothabhála é agus beidh sé coibhéiseach le Foirm 1 EASA i leith na comhpháirte a ndearnadh cothabháil uirthi.”;

(5)

i bpointe ML.A.802, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

Ach amháin sna cásanna a chumhdaítear le pointe (c) de phointe ML.A.502, eiseofar comhpháirt deimhniú scaoilte iarchothabhála tar éis an obair chothabhála a cheanglaítear a dhéanamh i gceart ar chomhpháirt aerárthaigh i gcomhréir le pointe ML.A.502.”;


IARSCRÍBHINN IV

Ceartaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

i bpointe M.A.201(h), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):

“(3)

déantar CAMO nó CAO dá dtagraítear i bpointe (2) a cheadú i gcomhréir le hIarscríbhinn II (Cuid-145) nó i gcomhréir le Fochuid F den Iarscríbhinn seo (Cuid-M) nó mar CAO ag a bhfuil pribhléidí cothabhála, nó go bhfuil conradh i scríbhinn tugtha i gcrích ag CAMO nó CAO le heagraíochtaí ceadaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn II (Cuid-145) nó i gcomhréir le Fochuid F den Iarscríbhinn seo (Cuid-M) nó Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) ag a bhfuil pribhléidí cothabhála.”;

(2)

i bpointe M.A.801, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

I gcás scaoileadh iarchothabhála i gcomhréir le pointe (b)(1), féadfaidh duine amháin nó níos mó ná duine amháin, faoi réir rialú díreach leanúnach duine den phearsanra deimhnithe, cúnamh a thabhairt don phearsana deimhnithe na cúraimí cothabhála a dhéanamh.”;

(3)

i bpointe M.A.901, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh de phointe (e):

“(e)

I gcás aerárthaí ag a bhfuil MTOM (uasmhais éirí de thalamh) 2 730 kg agus iad atá níos lú, aerárthaí nach n-úsáideann aeriompróirí faoi cheadúnas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, aon CAMO nó CAO arna roghnú ag an úinéir nó ag an oibreoir i gcomhréir le CAMO.A.125(e) d’Iarscríbhinn Vc nó pointe M.A.711(b) den Iarscríbhinn seo nó CAO.A.095(c) d’Iarscríbhinn Vd, de réir mar is infheidhme, agus faoi réir phointe (j) a chomhlíonadh, féadfaidh sé:”;

(4)

i bhFoscríbhinn III, cuirtear an méid a leanas in ionad fhrása deimhniúcháin Fhoirm 15b EASA:

“De bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, deimhníonn an eagraíocht seo a leanas, arna ceadú i gcomhréir le Roinn A d’Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) nó Roinn A d’Fhochuid G d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) nó le Roinn A d’Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún,

(AINM NA hEAGRAÍOCHTA CEADAITHE AGUS SEOLADH)

(TAGAIRT AN CHEADAITHE)

go bhfuil athbhreithniú aeracmhainneachta déanta aici i gcomhréir le pointe M.A.901 d’Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún maidir leis na haerárthaí seo a leanas:”


IARSCRÍBHINN V

Ceartaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

i bpointe 66.A.20(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“1.

go bhfuil sé go comhréir le ceanglais Iarscríbhinn I (Cuid-M), Iarscríbhinn II (Cuid-145), Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) agus Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO); agus”;

(2)

i bpointe 66.A.25(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“I gcás ceadúnais seachas catagóir L, maidir le hiarratasóir ar cheadúnas cothabhála aerárthaigh, nó ar chatagóir nó fochatagóir a chur leis an gceadúnas sin, léireoidh sé trí scrúdú leibhéal eolais maidir leis na modúil ábhar iomchuí i gcomhréir le Foscríbhinn I d’Iarscríbhinn III (Cuid-66).”;

(3)

i bpointe 66.B.120(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

cuirfidh an t-údarás inniúil in iúl do shealbhóir an cheadúnais agus d’aon eagraíocht chothabhála is eol a bheith ceadaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-M) Fochuid F, Iarscríbhinn II (Cuid-145) nó Iarscríbhinn Vd (Cuid-CAO) a bhféadfadh an fíoras sin difear díreach a dhéanamh di.”;

(4)

i Roinn B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh d’Fhochuid E:

“Foráiltear leis an bhFochuid seo do na nósanna imeachta maidir le creidmheasanna scrúdaithe dá dtagraítear i bpointe 66.A.25(e) a dheonú.”;

(5)

i bpointe 66.B.500, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8:

“8.

go raibh deimhnithe scaoilte iarchothabhála á n-eisiúint aige fad nach raibh sé i gcomhréir leis an Rialachán seo.”;

(6)

i bhFoscríbhinn V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit Foirm 19 EASA a mhodhnú chun nach n-áireofar inti ach an fhaisnéis bhreise is gá chun tacú leis an gcás ina gceadaítear nó ina gceanglaítear leis na ceanglais náisiúnta go n-úsáidtear an ceadúnas cothabhála aerárthaí arna eisiúint i gcomhréir le hIarscríbhinn III (Cuid-66) lasmuigh de cheanglais an Rialacháin seo.”.


IARSCRÍBHINN VI

Ceartaítear Iarscríbhinn Vb a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

i bpointe ML.A.901, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

“Chun bailíocht dheimhniú aeracmhainneachta an aerárthaigh a áirithiú, déanfar, go tréimhsiúil, athbhreithniú aeracmhainneachta ar an aerárthach agus ar a thaifid aeracmhainneachta leanúnaí.”;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn IV:

“Deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta - Foirm 15c EASA

NÓTA:

féadfaidh daoine agus eagraíochtaí a dhéanann an t-athbhreithniú aeracmhainneachta i gcomhar leis an imscrúdú bliantúil 100-h cúl na foirme seo a úsáid chun CRS dá dtagraítear i bpointe ML.A.801, a chomhfhreagraíonn d’imscrúdú bhliantúil 100-h, a eisiúint.

DEIMHNIÚ AR ATHBHREITHNIÚ AERACMHAINNEACHTA (ARC) (i gcás aerárthaí a chomhlíonann Cuid-ML)

Tagairt ARC: …

De bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle:

Deimhníonn (AINM AN ÚDARÁIS INNIÚIL) (**)

leis seo:

☐… go bhfuil athbhreithniú aeracmhainneachta déanta aige i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 maidir leis an aerárthach seo a leanas:

(nó)

☐… maidir leis na haerárthaí nua seo a leanas:

Monaróir aerárthaigh: ….Ainmniú an mhonaróra: …

Clárú aerárthaí: ….Sraithuimhir aerárthaigh: …

(agus) meastar go bhfuil sé aeracmhainneach tráth an athbhreithnithe.

Dáta eisiúna: ….Dáta éaga: …

Uaireanta eitilte aerfhráma (FH) ar dháta an athbhreithnithe (*):…

Arna shíniú ag: ….Uimhir Údaraithe (más infheidhme): …

(NÓ)

Deimhníonn (AINM NA hEAGRAÍOCHTA CEADAITHE, SEOLADH AGUS TAGAIRT AN CHEADAITHE) (**)

(nó)

(AINM IOMLÁN PHEARSANRA AN DEIMHNITHE AGUS UIMHIR CHEADÚNAIS CUID-66 (NÓ UIMHIR NÁISIÚNTA CHOIBHÉISEACH)) (**)

leis seo go bhfuil athbhreithniú aeracmhainneachta déanta aige i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 maidir leis na haerárthaí seo a leanas:

Monaróir aerárthaigh: ….Ainmniú an mhonaróra: …

Clárú aerárthaí: ….Sraithuimhir aerárthaigh: …

(agus) meastar go bhfuil sé aeracmhainneach tráth an athbhreithnithe.

Dáta eisiúna: ….Dáta éaga: …

Uaireanta eitilte aerfhráma (FH) ar dháta an athbhreithnithe (*):…

Arna shíniú ag: ….Uimhir Údaraithe (más infheidhme): …

================================================================================

An chéad síneadh: Comhlíonann an t-aerárthach seo coinníollacha ML.A.901(c) d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML)

Dáta eisiúna: ….Dáta éaga: ….

Uaireanta eitilte aerfhráma (FH) ar dháta na heisiúna (*): …

Arna shíniú ag: ….Uimhir Údaraithe: ….

Ainm na Cuideachta: … Tagairt formheasa: …

================================================================================

An dara síneadh: Comhlíonann an t-aerárthach seo coinníollacha ML.A.901(c) d’Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML)

Dáta eisiúna: ….Dáta éaga: …

Uaireanta eitilte aerfhráma (FH) ar dháta na heisiúna (*): …

Arna shíniú ag: ….Uimhir Údaraithe: ….

Ainm na Cuideachta: … Tagairt formheasa: …

(*)

Seachas balúin agus aerlonga

(**)

Is féidir le heisitheoir na Foirme í a chur in oiriúint dá riachtanas tríd an ainm, an ráiteas deimhniúcháin, an tagairt don aerárthach is ábhar don tástáil agus na mionsonraí eisiúna nach bhfuil ábhartha dá úsáid a scriosadh.

Foirm 15c EASA, Eagrán 4.


IARSCRÍBHINN VII

Ceartaítear Iarscríbhinn Vd a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

i bpointe CAO.A.045(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

“(2)

go bhfuil ceadúnas iomchuí acu a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo nó céim san aerloingseoireacht acu nó a coibhéis, nó go bhfuair siad taithí ar aeracmhainneacht leanúnach sa bhreis ar an aeracmhainneacht dá dtagraítear i bpointe (1), ar 2 bhliain ar a laghad an taithí sin i gcás seoleitleán agus balúin agus 4 bliana ar a laghad i gcás gach aerárthach eile;”;

(2)

i bpointe CAO.A.105(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

“(a)

Chun a chur ar chumas an údaráis inniúil cinneadh a dhéanamh maidir le comhlíonadh leanúnach na hIarscríbhinne seo, tabharfaidh CAO fógra don údarás inniúil faoi aon togra chun aon cheann de na hathruithe seo a leanas a dhéanamh, sula ndéanfar na hathruithe sin:”.