27.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 143/8


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/686 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Aibreán 2021

lena n-údaraítear maíomh sláinte a dhéantar maidir le bianna, seachas na bianna a thagraíonn do bhaol galar a laghdú agus d’fhorbairt agus do shláinte na leanaí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 432/2012

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh chothúcháin agus shláinte a dhéantar i leith bianna (1), agus go háirithe Airteagal 18(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, tá toirmeasc ar mhaímh shláinte a dhéantar maidir le bianna mura rud é go n-údaraíonn an Coimisiún iad i gcomhréir leis an Rialachán sin agus go n-áirítear iad i liosta de mhaímh atá ceadaithe.

(2)

De bhun Airteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 glacadh Rialachán (AE) Uimh. 432/2012 ón gCoimisiún (2), rialachán lena mbunaítear liosta de mhaímh shláinte atá ceadaithe a dhéantar maidir le bianna seachas na bianna a thagraíonn do bhaol galar a laghdú agus d’fhorbairt agus do shláinte na leanaí.

(3)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 freisin go bhféadfaidh oibreoirí gnólachtaí bia iarratais ar údaruithe i leith maímh shláinte a chur faoi bhráid údarás inniúil náisiúnta Ballstáit. Cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta iarratais bhailí chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA), dá ngairtear “an tÚdarás” anseo feasta, le haghaidh measúnú eolaíoch, agus chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit chomh maith, ar mhaithe le heolas.

(4)

Déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaca le húdarú a thabhairt do mhaímh shláinte agus an tuairim ón Údarás á cur san áireamh aige.

(5)

Chun nuálaíocht a spreagadh, déanfar údarú luathaithe ar mhaímh shláinte atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch nuafhorbartha agus/nó lena n-áirítear iarraidh ar chosaint sonraí dílseánaigh.

(6)

Tar éis iarratas a fháil ó Specialised Nutrition Europe (“SNE”), a cuireadh isteach de bhun Airteagal 13(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, ceanglaíodh ar an Údarás tuairim a thabhairt ar mhaíomh sláinte a bhaineann le tuaslagáin charbaihiodráite (CHO) agus rannchuidiú le feidhmíocht fhisiceach a fheabhsú le linn cleachtadh fisiceach ard-déine agus fadtéarmach coirp (Ceist Uimh. EFSA-Q-2017-00621). Is mar seo a leanas a bhí an fhoclaíocht sa mhaíomh a mhol an t-iarratasóir: “Rannchuidíonn iontógáil carbaihiodráite glicéimeach le linn cleachtadh fisiceach ard-déine agus fadtéarmach coirp le feidhmíocht fhisiceach a fheabhsú”.

(7)

An 13 Márta 2018, fuair an Coimisiún agus na Ballstáit an tuairim eolaíoch ón Údarás (3), tuairim inar thángthas ar an gconclúid, ar bhonn na sonraí a cuireadh i láthair, gur bunaíodh caidreamh cúise agus éifeachta idir úsáid tuaslagáin CHO agus feabhas ar fheidhmíocht fhisiceach le linn cleachtadh fisiceach ard-déine agus fadtéarmach coirp do spriocdhaonra daoine fásta sláintiúla oilte a dhéanann cleachtadh fisiceach ard-déine (ar a laghad 65 % de VO2max) agus fadtéarmach coirp (ar a laghad 60 nóiméad). Dá réir sin, maíomh sláinte ina léirítear an chonclúid sin, ba cheart a mheas go gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus ba cheart é a áireamh i liosta an Aontais de mhaímh shláinte atá ceadaithe, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 432/2012.

(8)

Is éard a fhoráiltear le hAirteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 nach mór na coinníollacha riachtanacha uile (lena n-áirítear srianta) maidir lena n-úsáid a bheith ag gabháil le maímh shláinte atá ceadaithe. Dá réir sin, ba cheart foclaíocht na maíomh ábhartha maille leis na coinníollacha sonracha úsáide, agus i gcás inarb infheidhme, coinníollacha nó srianta úsáide agus/nó ráiteas nó rabhadh breise, a chur san áireamh ar liosta na maíomh sláinte atá ceadaithe, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus i gcomhréir le tuairimí an Údaráis.

(9)

Ceann de chuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 is ea a áirithiú go bhfuil maímh shláinte fíor agus soiléir, iontaofa agus úsáideach don tomhaltóir, agus go gcuirfear foclaíocht agus cur i láthair na maíomh sin san áireamh i dtaobh leis sin. Dá bhrí sin, i gcás ina mbeidh foclaíocht maímh a mbaineann an t-iarratasóir úsáid aisti do thomhaltóirí agus atá ag maíomh sláinte údaraithe ar aon chiall le chéile, toisc go léirítear inti an gaol céanna atá idir catagóir bia, bia nó ceann dá chomhábhair agus sláinte, ba cheart an maíomh sin a bheith faoi réir na gcoinníollacha úsáide céanna, coinníollacha úsáide a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, ba cheart Clár na maíomh cothúcháin agus sláinte ina bhfuil gach maíomh sláinte údaraithe a thabhairt cothrom le dáta chun an maíomh sláinte atá údaraithe leis an Rialachán seo a chur san áireamh.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 432/2012 a leasú dá réir sin.

(12)

Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An maíomh sláinte a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, áireofar é i liosta an Aontais de mhaímh atá ceadaithe dá bhforáiltear in Airteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006.

Airteagal 2

An Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 432/2012, leasaítear í i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 404, 30.12.2006, lch. 9.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 432/2012 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2012 lena mbunaítear liosta de mhaímh shláinte atá ceadaithe a dhéantar maidir le bianna, seachas na bianna a thagraíonn do bhaol galar a laghdú agus d’fhorbairt agus do shláinte leanaí (IO L 136, 25.5.2012, lch. 1).

(3)  Iris EFSA 2018;16(3):5191.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 432/2012:

Cothaitheach, substaint, bia nó catagóir bia

Maíomh

Coinníollacha úsáide an mhaímh

Coinníollacha agus/nó srianta ar úsáid an bhia agus/nó ráiteas breise nó rabhadh breise

Uimhir Iris EFSA

Uimhir ábhartha iontrála sa Liosta Comhdhlúite a cuireadh faoi bhráid EFSA lena mheasúnú

“Tuaslagáin charbaihiodráite

Rannchuidíonn tuaslagáin charbaihiodráite le feabhas a chur ar fheidhmíocht fhisiceach le linn cleachtadh ard-déine agus fadtéarmach coirp i ndaoine fásta oilte.

Ní fhéadfar úsáid a bhaint as an maíomh ach amháin le haghaidh tuaslagáin charbaihiodráite a chuireann idir 30 g agus 90 g de charbaihiodráití/uair an chloig ar fáil, de réir na dtreoracha úsáide, i gcás inar glúcós, siúcrós, fruchtós agus/nó maltaideistriní na carbaihiodráití atá i gceist, faoi na coinníollacha seo a leanas:

a)

Níor cheart go mbeadh fruchtós (ó fhruchtós agus/nó siúcrós) níos mó ná 1/3 de charbaihiodráití iomlána, agus

b)

Níor cheart go rachadh glúcós (ó ghlúcós, siúcrós agus/nó maltaideistriní) thar 60 g/h.

Tabharfar faisnéis don tomhaltóir go bhfaigheann daoine fásta oilte a dhéanann cleachtadh fisiceach ard-déine (ar a laghad 65 % de VO2max) agus fadtéarmach coirp (60 nóiméad ar a laghad) an éifeacht tairbhiúil amháin.

Ní fhéadfar úsáid a bhaint as an maíomh ach amháin le haghaidh bianna atá beartaithe do dhaoine fásta oilte a dhéanann cleachtadh fisiceach ard-déine agus fadtéarmach coirp.

2018;16(3):5191”