|
26.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 141/14 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/670 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Aibreán 2021
lena n-údaraítear ola Schizochytrium sp. (WZU477) a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear liosta de chuid an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe. |
|
(3) |
An 14 Márta 2019, chuir an chuideachta Progress Biotech bv (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 ar leathnú ar úsáid an bhia núíosaigh ola Schizochytrium sp.. Iarradh san iarratas úsáid Schizochytrium sp. a leathnú go gcumhdódh sé bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach a cheaptar lena úsáid do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Sonraítear an tréithchineál de Schizochytrium sp. a d’úsáid an t-iarratasóir agus a mbaineann an t-iarratas seo leis mar thréithchineál WZU477. |
|
(4) |
Ina theannta sin, chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar chosaint sonraí dílseánaigh le haghaidh roinnt bunsonraí a cuireadh isteach mar thaca lena iarratas, ar sonraí iad a cuireadh isteach mar thaca leis an iarratas tosaigh an 14 Márta 2019, is é sin iarratas 2012 (4); tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe (5); saintréithe ceimiceacha (6); anailís ar aigéid shailleacha (7); anailís ar stéaróil (8); anailís ar mhiotail throma (9); anailís ar HIA (10); anailís ar mhíceatocsainí (11); anailís ar dhé-ocsainí, ar PCBanna ar nós dé-ocsainí agus ar lotnaidicídí (12); anailís mhicribhitheolaíoch (13); staidéar cobhsaíochta iardhearcach (14); deimhnithe saotharlainne anailísí (15); sonraí comhdhéanaimh (16). D’iarr an t-iarratasóir freisin cosaint sonraí le haghaidh na sonraí breise a cuireadh isteach le linn an mheasúnaithe sábháilteachta a rinne an tÚdarás: anailís ar phróitéin (17); anailísí ar 3 MCPD agus ar eistir ghlicidile (18); anailís fhisiciceimiceach (19); anailís mhicribhitheolaíoch (20); anailís ar mhiotail throma (21); anailís ar mhíceatocsainí (22); anailís ar éilleáin HIA, éilleáin dé-ocsaine nó éilleáin ar nós dé-ocsaine (23); anailís ar phróifíl aigéad sailleach (24); anailís ar chomhdhéanamh stéaról (25); anailís ar bhréine hidrealaíoch thar thréimhse ama (26); anailís ar bhitocsainí muirí (27); staidéar cobhsaíochta (28); deimhniú anailíse (29). |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 24 Meitheamh 2019, agus d’iarr sé air tuairim eolaíoch a thabhairt trí mheasúnú a dhéanamh maidir le leathnú ar úsáid ola Schizochytrium sp. mar bhia núíosach i mbainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach. |
|
(6) |
An 31 Lúnasa 2020, ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch maidir le “Safety of Schizochytrium sp. oil as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283” [Sábháilteacht ola Schizochytrium sp. mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283] (30). Tá an tuairim sin i gcomhréir leis na ceanglais faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(7) |
Sa tuairim sin, dheimhnigh an tÚdarás go mbaineann céannacht an tréithchineáil WZU477 leis an speiceas Schizochytrium limacinum ar tugadh stádas na toimhdean cáilithe sábháilteachta (“QPS”) dó agus a áiríodh in 2020 sa liosta de na hoibreáin bhitheolaíocha atá molta ag QPS a chuirtear le bia nó beatha d’aon ghnó (31). Sa tuairim sin ón Údarás, chinn sé maidir le hola Schizochytrium sp. a tháirgtear ón tréithchineál WZU477 agus a bhaineann leis an speiceas Schizochytrium limacinum go bhfuil sí sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Sna sonraí a chuir an t-iarratasóir isteach, ní dhearnadh foráil maidir le conclúid faoi shábháilteacht an ola a tháirgtear ó thréithchineálacha eile den ghéineas miocralga Schizochytrium. Is leor na forais sa tuairim ón Údarás chun a shuí go gcomhlíonann ola Schizochytrium sp. (WZU477) faoin úsáid atá beartaithe agus na leibhéil úsáide atá beartaithe na ceanglais faoi Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ní leor na forais sa tuairim ón Údarás chun a shuí go gcomhlíonann ola a tháirgtear ó thréithchineálacha eile den ghéineas miocralga Schizochytrium Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 nuair a úsáidtear i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach í. Tar éis an tuairim ón Údarás a fháil, agus ag cur san áireamh nach ola atá sonrach ó thaobh speicis ná tréithchineáil de í an ola údaraithe Schizochytrium sp. ar iarradh leathnú ar úsáid ina leith, is gá a údarú, dá bhrí sin, ola den tréithchineál WZU477 de Schizochytrium sp. a chur ar an margadh, agus ní leathnú ar úsáid le haghaidh ola ó gach tréithchineál den ghéineas Schizochytrium mar a d’iarr an t-iarratasóir. |
|
(9) |
Sa tuairim ón Údarás, mheas sé gur leor na sonraí ó iarratas 2012 chun a bheith ina mbonn chun sábháilteacht an bhia núíosaigh a shuí, sonraí ina raibh tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe, saintréithe ceimiceacha, anailís ar aigéid shailleacha, anailís ar stéaróil, anailís ar mhiotail throma, anailís ar HIA, anailís ar mhíceatocsainí, anailís ar dhé-ocsainí, ar PCBanna ar nós dé-ocsainí agus ar lotnaidicídí, anailís mhicribhitheolaíoch, staidéar cobhsaíochta iardhearcach, deimhnithe saotharlainne anailísí, sonraí comhdhéanaimh, anailísí ar 3 MCPD agus ar eistir ghlicidile, anailís fhisiciceimiceach, anailís mhicribhitheolaíoch, anailís ar mhiotail throma, anailís ar mhíceatocsainí, anailís ar éilleáin HIA, éilleáin dé-ocsaine nó éilleáin ar nós dé-ocsaine, anailís ar phróifíl aigéad sailleach, anailís ar chomhdhéanamh stéaról, anailís ar bhréine hidrealaíoch thar thréimhse ama, anailís ar bhitocsainí muirí, staidéar cobhsaíochta agus deimhniú anailíse. Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún nárbh fhéidir na conclúidí faoi shábháilteacht ola Schizochytrium sp. (WZU477) a bhaint amach gan na sonraí ó thuarascálacha ar na staidéir sin a fháil. |
|
(10) |
Tar éis dó an tuairim ón Údarás a fháil, d’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a cuireadh ar fáil i dtaca lena n-éileamh dílseánaigh ar iarratas 2012, an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe, na saintréithe ceimiceacha, an anailís ar aigéid shailleacha, an anailís ar stéaróil, an anailís ar mhiotail throma, an anailís ar HIA, an anailís ar mhíceatocsainí, an anailís ar dhé-ocsainí, ar PCBanna ar nós dé-ocsainí agus ar lotnaidicídí, an anailís mhicribhitheolaíoch, an staidéar cobhsaíochta iardhearcach, na deimhnithe saotharlainne anailísí, na sonraí comhdhéanaimh, na hanailísí ar 3 MCPD agus ar eistir ghlicidile, an anailís fhisiciceimiceach, an anailís mhicribhitheolaíoch, an anailís ar mhiotail throma, an anailís ar mhíceatocsainí, an anailís ar éilleáin HIA, na héilleáin dé-ocsaine nó na héilleáin ar nós dé-ocsaine, an anailís ar phróifíl aigéad sailleach, an anailís ar chomhdhéanamh stéaról, an anailís ar bhréine hidrealaíoch thar thréimhse ama, an anailís ar bhitocsainí muirí, an staidéar cobhsaíochta agus an deimhniú anailíse, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar an gceart eisiach ar an tagairt do na staidéir, dá dtagraítear in Airteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(11) |
Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh na cearta dílseánaigh agus eisiacha tagartha ar na staidéir acu faoin dlí náisiúnta tráth déanta an iarratais agus dá bhrí sin nach mbeadh tríú páirtithe in ann rochtain dhlíthiúil a fháil ar na staidéir sin ná iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh do na sonraí sin ach oiread. |
|
(12) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh bunús leordhóthanach tugtha ag an iarratasóir gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, iarratas 2012, an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe, na saintréithe ceimiceacha, an anailís ar aigéid shailleacha, an anailís ar stéaróil, an anailís ar mhiotail throma, an anailís ar HIA, an anailís ar mhíceatocsainí, an anailís ar dhé-ocsainí, ar PCBanna ar nós dé-ocsainí agus ar lotnaidicídí, an anailís mhicribhitheolaíoch, an staidéar cobhsaíochta iardhearcach, na deimhnithe saotharlainne anailísí, na sonraí comhdhéanaimh, na hanailísí ar 3 MCPD agus ar eistir ghlicidile, an anailís fhisiciceimiceach, an anailís mhicribhitheolaíoch, an anailís ar mhiotail throma, an anailís ar mhíceatocsainí, an anailís ar éilleáin HIA, na héilleáin dé-ocsaine nó na héilleáin ar nós dé-ocsaine, an anailís ar phróifíl aigéad sailleach, an anailís ar chomhdhéanamh stéaról, an anailís ar bhréine hidrealaíoch thar thréimhse ama, an anailís ar bhitocsainí muirí, an staidéar cobhsaíochta agus an deimhniú anailíse atá i gcomhad an iarratasóra, níor cheart don Údarás iad a úsáid chun tairbhe aon iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá réir sin, ba cheart a fhoráil gur ag an iarratasóir amháin a bheidh sé de chead ola Schizochytrium sp. (WZU477) a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh na tréimhse sin. |
|
(13) |
Mar sin féin, i dtaca le srianadh údarú ola Schizochytrium sp. (WZU477) agus na tagartha do na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra agus atá le húsáid ag an iarratasóir amháin, ní chuirfear cosc leis sin ar iarratasóirí cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh ar choinníoll go bhfuil a n-iarratas bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin faoi Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(14) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir. |
|
(15) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ola Schizochytrium sp. (WZU477) mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar í a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.
2. Go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, is é an t-iarratasóir tosaigh amháin:
|
— |
Cuideachta: Progress Biotech bv; |
|
— |
Seoladh: Canaalstaete, Kanaalweg 33, 2903LR Capelle aan den Ijssel, an Ísiltír, |
a bheidh údaraithe an bia núíosach dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh sin gan tagairt do na sonraí arna gcosaint de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo nó le comhaontú ó Progress Biotech bv.
3. Áireofar san iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha úsáide agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Na sonraí atá sa chomhad iarratais, sonraí ar ar a mbonn a ndearna an tÚdarás an bia núíosach dtagraítear in Airteagal 1 a mheas, agus ar mhaígh an t-iarratasóir gur sonraí dílseánaigh iad agus nach bhféadfaí an bia núíosach a údarú gan iad, ní úsáidfear na sonraí sin chun tairbhe aon iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú ó Progress Biotech bv.
Airteagal 3
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).
(4) Iarscríbhinn I (iarratas NF 2012), Progress Biotech bv, 2012 (nár foilsíodh).
(5) Tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe, Progress Biotech bv, 2019 (nár foilsíodh).
(6) Iarscríbhinn II (saintréithe ceimiceacha), Progress Biotech bv, 2019 (nár foilsíodh).
(7) Iarscríbhinn III (anailís ar aigéid shailleacha), Progress Biotech bv, 2019 (nár foilsíodh).
(8) Iarscríbhinn IV (anailís ar stéaróil), Progress Biotech bv, 2019 (nár foilsíodh).
(9) Iarscríbhinn V (anailís ar mhiotail throma), Progress Biotech bv, 2019 (nár foilsíodh).
(10) Iarscríbhinn VI (anailís ar HIA), Progress Biotech bv, 2019 (nár foilsíodh).
(11) Iarscríbhinn VII (anailís ar mhíceatocsainí), Progress Biotech bv, 2019 (nár foilsíodh).
(12) Iarscríbhinn VIII (anailís ar dhé-ocsainí, ar PCBanna ar nós dé-ocsainí agus ar lotnaidicídí), Progress Biotech bv, 2019 (nár foilsíodh).
(13) Iarscríbhinn IX (anailís mhicribhitheolaíoch), Progress Biotech bv, 2019 (nár foilsíodh).
(14) Iarscríbhinn XI (staidéar cobhsaíochta iardhearcach), Progress Biotech bv, 2019 (nár foilsíodh).
(15) Iarscríbhinn XII (deimhnithe saotharlainne anailísí), (nár foilsíodh).
(16) Aguisín B.2 (sonraí comhdhéanaimh), Progress Biotech bv, 2019 (nár foilsíodh).
(17) Iarscríbhinn IV (anailís ar phróitéin), Progress Biotech bv, 2020 (nár foilsíodh).
(18) Iarscríbhinn VI (anailísí ar 3 MCPD agus ar eistir ghlicidile), Progress Biotech bv, 2020 (nár foilsíodh).
(19) Iarscríbhinn VII (anailís fhisiciceimiceach), Progress Biotech bv, 2020 (nár foilsíodh).
(20) Iarscríbhinn VIII (anailís mhicribhitheolaíoch), Progress Biotech bv, 2020 (nár foilsíodh).
(21) Iarscríbhinn IX (anailís ar mhiotail throma), Progress Biotech bv, 2020 (nár foilsíodh).
(22) Iarscríbhinn X (anailís ar mhíceatocsainí), Progress Biotech bv, 2019 (nár foilsíodh).
(23) Iarscríbhinn XI (anailís ar éilleáin HIA, éilleáin dé-ocsaine nó éilleáin ar nós dé-ocsaine), Progress Biotech bv, 2020 (nár foilsíodh).
(24) Iarscríbhinn XII (anailís ar phróifíl aigéad sailleach), Progress Biotech bv, 2020 (nár foilsíodh)
(25) Iarscríbhinn XIV (anailís ar chomhdhéanamh stéaról), Progress Biotech bv, 2020 (nár foilsíodh).
(26) Iarscríbhinn XVII (anailís ar bhréine hidrealaíoch thar thréimhse ama), Progress Biotech bv, 2020 (nár foilsíodh).
(27) Iarscríbhinn 1 (anailís ar bhitocsainí muirí), Wageningen Food Safety Research Lab, 2020 (nár foilsíodh).
(28) Iarscríbhinn 3 (staidéar cobhsaíochta), Progress Biotech bv, 2018 (nár foilsíodh).
(29) Iarscríbhinn I (deimhniú anailíse), Progress Biotech bv, 2016 (nár foilsíodh).
(30) EFSA Journal 2020;18(10):6242.
(31) EFSA BIOHAZ Panel, 2020. Ráiteas ar nuashonrú an liosta de na hoibreáin bhitheolaíocha atá molta ag QPS a chuirtear le bia nó beatha d’aon ghnó, de réir an fhógra a tugadh do EFSA 11: oiriúnacht na n-aonad tacsanomaíoch ar tugadh fógra fúibh; do EFSA go dtí Meán Fómhair 2019. EFSA Journal 2020;18(2):5965, 57 lgh.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:
|
(1) |
i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
||||||||||||||
|
(2) |
i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|