19.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 132/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/638 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Aibreán 2021

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma (1) agus go háirithe Airteagal 4i de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 2 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 401/2013.

(2)

An 22 Márta 2021, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2021/479 (2) lenar leathnaíodh na critéir ainmniúcháin lena n-áirítear gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma, chomh maith leis an bhféidearthacht bearta sriantacha a fhorchur i gcoinne leas eacnamaíoch Fhórsaí Armtha Mhaenmar (Tatmadaw).

(3)

An 22 Márta 2021, ghlac an Chomhairle freisin Rialachán (AE) 2021/480 (3) lena bhforchuirtear bearta sriantacha i gcoinne 11 duine mar fhreagairt ar an coup míleata a rinneadh an 1 Feabhra 2021 agus na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne na fórsaí míleata agus póilíneachta i Maenmar/Burma ó shin.

(4)

I bhfianaise na staide tromchúisí atá fós ann i Maenmar/Burma, ba cheart deichniúr agus dhá eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach atá in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 194/2008 (IO L 121, 3.5.2013, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2021/479 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a bhaineann le bearta sriantacha i dtaca le Maenmar/Burma (IO L 99 I, 22.3.2021, lch. 13).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/480 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a bhaineann le bearta sriantacha i dtaca le Maenmar/Burma (IO L 99 I, 22.3.2021, lch. 15).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 mar a leanas:

(1)

cuirtear an ceannteideal seo a leanas leis an tábla:

“A.

Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 4a”;

(2)

cuirtear na daoine nádúrtha seo a leanas leis an liosta:

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“26.

Mahn Nyein Maung (ar a dtugtar freisin P'do, Phado Man Nyein Maung)

Comhalta den State Administrative Council;

Is comhalta den State Administrative Council (SAC) é Mahn Nyein Maung.

19.4.2021

 

 

Dáta breithe: c. 1947;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: Fireann

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d'aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Mahn Nyein Maung leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

 

 

 

 

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus tionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna áirithe sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear a gceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta ar SAC, tá Mahn Nyein Maung freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

 

27.

Thein Nyunt

Comhalta den State Administrative Council; Cathaoirleach an New National Democracy Party (NNDP);

Dáta breithe: 26 Nollaig 1944;

Áit bhreithe: Kawkareik (Karen State) Maenmar/Burma;

Náisiúntacht: Maenmar;

Uimhir aitheantais: 12/THAGAKA(NAING)012432;

Inscne: Fireann

Is comhalta den State Administrative Council (SAC) é Thein Nyunt.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d'aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Thein Nyunt leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

19.4.2021

 

 

 

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus tionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC, tá Thein Nyunt freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

 

28.

Khin Maung Swe

Comhalta den State Administrative Council; Cathaoirleach an National Democratic Force party (NDF);

Dáta breithe: 24 Iúil 1942;

Áit bhreithe: Ngathaingchaung, Pathein District, Myanmar Burma;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: Fireann

Is comhalta den State Administrative Council (SAC) é Khin Maung Swe.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d'aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Khin Maung Swe leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

19.4.2021

 

 

 

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus tionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC, tá Khin Maung Swe freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

 

29.

Aye Nu Sein

Comhalta den State Administrative Council; Leaschathaoirleach an Arakan National Party;

Dáta breithe: 24 Márta 1957;

Áit bhreithe: Sittwe, Rakhine State, Myanmar/Burma;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: Baineann

Is comhalta den State Administrative Council (SAC) é Aye Nu Sein.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d'aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Aye Nu Sein leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

19.4.2021

 

 

 

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus tionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC, tá Aye Nu Sein freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

 

30.

Jeng Phang Naw Htaung

Comhalta den State Administrative Council;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: Fireann

Is comhalta den State Administrative Council (SAC) é Jeng Phang Naw Htaung.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d'aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Jeng Phang Naw Htaung leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

19.4.2021

 

 

 

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus tionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC, tá Jeng Phang Naw Htaung freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

 

31.

Maung Ha

Comhalta den State Administrative Council;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: Fireann

Is comhalta den State Administrative Council (SAC) é Maung Ha.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d'aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Maung Ha leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

19.4.2021

 

 

 

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus tionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC, tá Maung Ha freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

 

32.

Sai Long Hseng

Comhalta den State Administrative Council;

Dáta breithe: 18 Aibreán 1947;

Áit bhreithe: Kengtung, Maenmar/Burma;

Náisiúntacht: Maenmar;

Cárta fíorúcháin saoránachta: Katana (Naing) 0052495;

Uimhir NRC:

13/KATANA (N)-005249;

Inscne: Fireann

Is comhalta den State Administrative Council (SAC) é Sai Long Hseng.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d'aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Sai Long Hseng leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

19.4.2021

 

 

 

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus tionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC, tá Sai Long Hseng freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

 

33.

Saw Daniel

Comhalta den State Administrative Council;

Dáta breithe: 25 Samhain 1957;

Áit bhreithe: Loikaw (Kayah State) Myanmar/Burma;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: Fireann

Is comhalta den State Administrative Council (SAC) é Saw Daniel.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d'aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Saw Daniel leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

19.4.2021

 

 

 

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus tionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC, tá Saw Daniel freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

 

34.

Dr Banyar Aung Moe

Comhalta den State Administrative Council;

Náisiúntacht: Maenmar;

Inscne: Fireann

Is comhalta den State Administrative Council (SAC) é Banyar Aung Moe.

An 1 Feabhra 2021, rinne Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), faoi stiúir an Ardcheannasaí Min Aung Hlaing, coup i Maenmar, trí neamhaird a thabhairt ar thorthaí na dtoghchán a reáchtáladh an 8 Samhain 2020 agus an rialtas a toghadh go daonlathach a threascairt. Mar chuid den coup sin, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Myint Swe, ag feidhmiú dó mar Uachtarán Gníomhach, staid éigeandála an 1 Feabhra agus d'aistrigh sé cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chuig Ardcheannasaí na Defence Services an tArd-Ghinearál Min Aung Hlaing. An 2 Feabhra, bunaíodh SAC chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú, rud a chuir cosc ar an rialtas a toghadh go daonlathach a shainordú a chomhlíonadh.

Mar chomhalta de SAC, bhí baint dhíreach ag Banyar Aung Moe leis an gcinnteoireacht a bhaineann le feidhmeanna stáit, agus é freagrach as an gcinnteoireacht sin; dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma.

19.4.2021

 

 

 

Ina theannta sin, ghlac SAC cinntí lena gcuirtear srian leis na cearta chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, agus tionól síochánta. Tá sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine déanta ag na fórsaí míleata agus ag na húdaráis mhíleata a oibríonn faoi rialú SAC ón 1 Feabhra 2021 i leith, agóideoirí neamharmáilte sibhialta a mharú, srian a chur ar shaoirse tionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear trí shrian a chur le rochtain ar an idirlíon, trí ghabhálacha treallacha agus trí cheannairí freasúracha agus lucht freasúra an coup a choinneáil. Ina theannta sin, tá dlí míleata curtha i bhfeidhm ag SAC in áiteanna sa tír, rud a thugann smacht iomlán don arm ar an limistéar atá i gceist, lena n-áirítear feidhmeanna riaracháin, breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí. Sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, déantar sibhialtaigh, lena n-áirítear iriseoirí agus agóideoirí síochánta, a ionchúiseamh i gcúirteanna míleata, rud a cheileann orthu go praiticiúil an ceart chun próise cuí, lena n-áirítear ceart chun achomhairc. Tá méadú nach beag tagtha, sna limistéir sin atá faoi dhlí míleata, ar ghníomhaíochtaí foréigneacha na bhfórsaí míleata agus póilíneachta, agus an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht faoi bhagairt dá réir.

Mar chomhalta de SAC, tá Banyar Aung Moe freagrach go díreach as na cinntí diansmachta sin agus as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

 

35.

U Chit Naing (ar a dtugtar freisin: Sate Pyin Nyar

Aire Faisnéise;

Dáta breithe: Nollaig 1948;

Áit bhreithe: Kyee Nee Village, Chauk Township, Magway Region, Maenmar/Burma;

Náisiúntacht: Maenmar;

Seoladh: No. 150, Yadanar Street, Yadanar Housing (near Tine Yin Thar Village), Tharkayta Township, Yangon, Maenmar;

Tá U Chit Naing ina Aire Faisnéise ón 2 Feabhra 2021. Cheap Cathaoirleach an State Administrative Council (SAC) é nuair a ghlac siad cumhachtaí reachtacha, feidhmiúcháin agus breithiúnacha an Stáit chucu féin ón 2 Feabhra 2021.

Ina cháil mar Aire Faisnéise, tá sé freagrach as na meáin atá faoi úinéireacht an stáit (MWD, MRTV, as na nuachtáin Myanmar Alin, Kyemon agus Global New Light of Myanmar, as Myanmar News Agency (MNA) agus Myanmar Digital News), agus, dá bhrí sin, as nuacht oifigiúil a chraoladh agus a fhoilsiú. Ó ghlac sé ceannas ar an aireacht, tá na nuachtáin líonta le hailt a mholann an t-arm agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as bolscaireacht ar son an junta agus as bréagaisnéis a scaipeadh trí na meáin stáit nach bhfuil ag tuairisciú go cruinn. Tá sé freagrach go díreach as cinntí ba chúis leis an gcniogbheartaíocht ar na meáin i Maenmar. Áirítear leis sin treoracha, a d'ordaigh do na meáin neamhspleácha gan na téarmaí ‘coup’, ‘réimeas míleata’ ná ‘junta’ a úsáid, agus gur cuireadh cosc ar chúig cinn d'fhoinsí áitiúla nuachta sa tír. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn den daonlathas i Maenmar/Burma a bhaint agus as srian a chur ar shaoirse an phreasa agus ar rochtain ar fhaisnéis ar líne agus as líne araon.

19.4.2021”

 

 

; Freagrach as na meáin atá faoi úinéireacht an stáit (MWD, MRTV, as na nuachtáin Myanmar Alin, Kyemon agus Global New Light of Myanmar, as Myanmar News Agency (MNA) agus Myanmar Digital News).

Sna ráitis a rinne sé, thug sé tacaíocht phoiblí don coup míleata. Ina cháil mar Aire Faisnéise, a ceapadh ag Cathaoirleach SAC, tá U Chit Naing freagrach as gníomhaíochtaí agus beartas a bhaineann an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Maenmar/Burma. Tacaíonn U Chit Naing leis na gníomhaíochtaí sin chomh maith le gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Mhaenmar/Burma i mbaol.

 

(3)

cuirtear an ceannteideal seo a leanas leis an tábla:

“B.

Daoine, eintitis agus comhlachtaí dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 4a

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

1.

Myanmar Economic Holdings Public Company Ltd

Seoladh: 51 Mahabandoola road, 189/191 Botataung, Yangon region, Myanmar 11 161;

An cineál eintitis: Cuideachta phoiblí faoi theorainn scaireanna;

Áit chláraithe: Yangon, Maenmar/Burma;

Dáta cláraithe: 27 Aibreán 1990;

Is ilchuideachta é Maenmar Economic Holdings Public Company Ltd (MEHL) atá faoi úinéireacht agus faoi rialú Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), a bhfuil fochuideachtaí agus cuideachtaí cleamhnaithe acu in earnálacha éagsúla den gheilleagar, lena n-áirítear baincéireacht, árachas, tógáil, trádáil, iompar, mianadóireacht, eastóscadh geamanna, déantúsaíocht agus turasóireacht. Cruthaíonn MEHL agus a fhochuideachtaí ioncam do Tatmadaw, rud a chuireann lena gcumas gníomhaíochtaí a chur i gcrích lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta agus sáruithe tromchúiseacha a imirt ar chearta an duine i Maenmar/Burma.

Bhronn MEHL agus a fhochuideachtaí sócmhainní ar an arm in 2017 le linn shearmanais tiomsaithe airgid Tatmadaw. Dá bhrí sin, thacaigh MEHL le Tatmadaw ó thaobh airgeadais de agus, dá bhrí sin, rannchuidigh sé lena chumas ‘oibríochtaí imréitigh’ agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a chur i gcrích in 2017 i gcoinne phobal Rohingya.

19.4.2021

 

 

Uimhir chláraithe: 156387282;

Príomhionad gnó: Maenmar/Burma;

Comhpháirtithe: An bord stiúrthóirí: Lt. Gen Aung Lin Dwe: stiúrthóir (AE-ainmnithe); Lt. Gen Moe Myint Tun: stiúrthóir (AE-ainmnithe); Grúpa na bpatrún: Príomhcheannasaí Aung Min Aung: Cathaoirleach (AE-ainmnithe);

An Leas-Ardcheannasaí Soe Win: Leaschathaoirleach (AE-ainmnithe);

Uimhir ghutháin: 01-290843

Suíomh gréasáin: http://www.mehl.com.mm/

Tá bord stiúrthóirí MEHL comhdhéanta go heisiach d'ardoifigigh Ghinearálta (gníomhach nó ar scor) den Tatmadaw. Tá beirt chomhaltaí den Bhord stiúrthóirí (Lt. Gen. Aung Lin Dwe agus Lt. Gen. Moe Myint Tun) ina gcomhaltaí freisin den State Administration Council, an comhlacht ad hoc a cruthaíodh tar éis an coup a tharla ar an 1 Feabhra agus atá i mbun rialaithe de facto ar Mhaenmar faoi láthair, agus tá siad liostaithe faoi Chinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma.

Bhí an tArdcheannasaí Mion Aung Hlaing agus an Leas-Ardcheannasaí Soe Win i gceannas ar the Patron Group of MEHL mar Chathaoirleach agus mar Leas-Chathaoirleach, faoi seach.

 

2.

Myanmar Economic Corporation Limited

Seoladh: Corner of Ahlone road & Kannar road, Ahlone, Yangon, Myanmar;

An cineál eintitis: Cuideachta faoi theorainn scaireanna;

Áit chláraithe: Yangon, Maenmar/Burma

Dáta cláraithe: Sa bhliain 1997 a bunaíodh í mar chuideachta atá faoi úinéireacht Stáit agus a cláraíodh mar chuideachta phríobháideach an 9 Eanáir 2019;

Uimhir chláraithe: 105444192;

Is ilchuideachta é Myanmar Economic Corporation (MEC) atá faoi úinéireacht agus faoi rialú Myanmar Armed Forces (Tatmadaw), a bhfuil fochuideachtaí agus cuideachtaí cleamhnaithe acu in earnálacha éagsúla den gheilleagar, lena n-áirítear baincéireacht, árachas, tógáil, trádáil, iompar, mianadóireacht, eastóscadh geamanna, déantúsaíocht agus turasóireacht. Cruthaíonn MEC agus a fhochuideachtaí ioncam don Tatmadaw, rud a chuireann lena gcumas gníomhaíochtaí a chur i gcrích lena mbaintear an bonn den daonlathas agus den smacht reachta agus sáruithe tromchúiseacha a imirt ar chearta an duine i Maenmar/Burma.

Tá bord stiúrthóirí MEC comhdhéanta go heisiach d'ardoifigigh Ghinearálta (gníomhach nó ar scor) den Tatmadaw.

19.4.2021”

 

 

Ionad gnó: Maenmar/Burma;

Uimhir ghutháin: 01-8221369;

Seoladh ríomhphoist: mecadm.hq@gmail.com

Bhronn MEC agus a fhochuideachtaí sócmhainní ar an arm in 2017 le linn shearmanais tiomsaithe airgid Tatmadaw. Dá bhrí sin, thacaigh MEC le Tatmadaw ó thaobh airgeadais de agus, dá bhrí sin, rannchuidigh sé lena chumas ‘oibríochtaí imréitigh’ agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a chur i gcrích in 2017 i gcoinne phobal Rohingya.