19.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 132/63


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/633 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Aibreán 2021

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (dá ngairtear “an bun-Rialachán” anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm

(1)

Tar éis imscrúdú frithdhumpála (“an t-imscrúdú bunaidh, an tSín”), d’fhorchuir an Chomhairle le Rialachán (CE) Uimh. 1187/2008 (2) dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam (“MSG”) ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (“Daon-Phoblacht na Síne” nó “an tSín”).

(2)

I mí Eanáir 2015, trí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/83 (3), d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de MSG ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad tar éis athbhreithniú éaga i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán (“athbhreithniú éaga roimhe seo”).

(3)

I mí Eanáir 2015, trí Rialachán (AE) 2015/84 (4), d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí de MSG ar de thionscnamh na hIndinéise iad (“an t-imscrúdú bunaidh, an Indinéis”).

(4)

Is idir 33,8 % agus 36,5 % atá na rátaí dleachta frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair i ndáil le hallmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin a chomhoibrigh leis an imscrúdú bunaidh, agus is é ráta 39,7 % atá i bhfeidhm maidir le hallmhairí ó gach cuideachta eile sa tSín. Maidir leis an Indinéis, is idir 7,2 % agus 13,3 % atá na rátaí dleachta frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair i ndáil le hallmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin a chomhoibrigh leis an imscrúdú bunaidh, an Indinéis, agus is é ráta 28,4 % atá i bhfeidhm maidir le hallmhairí ó gach cuideachta eile san Indinéis.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(5)

Tar éis foilsiú dhá fhógra maidir le dul in éag atá le tarlú (5), fuair an Coimisiún dhá iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

(6)

Rinne Ajinomoto Foods Europe S.A.S. (“AFE” nó “an t-iarratasóir”) an dá iarraidh a thaisceadh an 21 Deireadh Fómhair 2019, agus seasann AFE do 100 % de tháirgeadh foriomlán an Aontais de MSG. Bhí na hiarrataí bunaithe ar an bhforas gur dhócha go leanfaí le dumpáil agus go gcuirfí tús léi arís agus go leanfaí le díobháil nó go gcuirfí tús léi arís don tionscal de chuid an Aontais mar thoradh ar dhul in éag na mbeart (6).

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(7)

Tar éis don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gurbh ann d’fhianaise leordhóthanach chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga an 21 Eanáir 2020 maidir le hallmhairí de MSG ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise (“na tíortha lena mbaineann”) iad ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (7) (“an Fógra Tionscnaimh”).

1.4.   Imscrúdú comhuaineach ar fhrith-imchéimniú

(8)

An 19 Feabhra 2020, thionscain Coimisiún imscrúdú, de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, i dtaca le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála i bhfeidhm maidir le hallmhairí MSG ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, agus chuir sé allmhairí den sórt sin faoi réir a gcláraithe (8). Tionscnaíodh an t-imscrúdú tar éis do Ajinomoto Foods Europe S.A.S., an chuideachta arb í an t-iarratasóir í ar na hathbhreithnithe éaga reatha freisin, iarraidh a chur isteach. Ba é MSG i meascán nó i dtuaslagán, ina bhfuil 50 % nó níos mó de MSG de réir meáchan tirim, an táirge faoi imscrúdú.

(9)

Thángthas ar an gconclúid san imscrúdú gur imchéimníodh na bearta atá ann cheana maidir le hallmhairí MSG ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad le hallmhairí den táirge faoi imscrúdú. Le Rialachán (AE) 2020/1427 (9), rinne an Coimisiún na bearta i bhfeidhm a leathnú chun allmhairí MSG i meascán nó i dtuaslagán, ina bhfuil 50 % nó níos mó de MSG de réir meáchan tirim, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad a chumhdach.

1.5.   An tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus an tréimhse a measadh

(10)

Leis an imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go gcuirfí tús léi arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019 (an “tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe”). San imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfaí den díobháil nó go dtosófaí arís í, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2016 go deireadh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (“an tréimhse a breithníodh”) (10).

1.6.   Páirtithe leasmhara

(11)

San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun a bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, na táirgeoirí aitheanta MSG sa tSín agus san Indinéis agus údaráis na dtíortha lena mbaineann, na hallmhaireoirí aitheanta agus na húsáideoirí ar an eolas go sonrach maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

(12)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála.

1.6.1.   Sampláil

(13)

I bhfianaise an lín ard táirgeoirí sna tíortha lena mbaineann, de réir cosúlachta, agus na n-allmhaireoirí neamhghaolmhara san Aontas, shonraigh an Coimisiún san Fhógra Tionscnaimh go mb’fhéidir go samplálfadh sé na táirgeoirí agus na hallmhaireoirí neamhghaolmhara i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

1.6.1.1.   Sampláil táirgeoirí i nDaon-Phoblacht na Síne agus san Indinéis

(14)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile sa tSín agus san Indinéis an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisin Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

(15)

Sholáthair dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. D’iarr an Coimisiún ar na cuideachtaí sin a bheith rannpháirteach san imscrúdú agus sheol ceistneoirí amach chucu. I bhfianaise a laghad freagraí a fuarthas, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil agus chuir sé na páirtithe leasmhara go léir ar an eolas faoi sin le Nóta leis an gcomhad.

(16)

Thug an Coimisiún fógra do Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne go raibh sé beartaithe aige, i ngeall ar an gcomhoibriú neamh-leordhóthanach ón dá tháirgeoir onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus dá bhrí sin a chuid torthaí maidir le leanúint den dumpáil agus den díobháil nó atosú na dumpála nó na díobhála i dtaca le Daon-Phoblacht na Síne a bhunú ar na fíorais a bhí ar fáil. Ní bhfuarthas aon bharúil mar fhreagra ar an bhfógra sin.

(17)

Níor tháinig aon táirgeoir onnmhairiúcháin san Indinéis chun tosaigh. Mar sin féin, rinne aon ghrúpa cuideachtaí amháin san Indinéis ag a mbíonn MSG á tháirgeadh agus á dhíol ar mhargadh intíre na hIndinéise (“grúpa táirgeoirí comhoibríocha san Indinéis”) na foirmeacha samplála a chur isteach. Ní raibh an táirge faoi athbhreithniú á onnmhairiú chuig an Aontas ag na cuideachtaí sin. D’iarr an Coimisiún ar na cuideachtaí sin a bheith rannpháirteach san imscrúdú agus sheol ceistneoirí amach chucu.

(18)

Thug an Coimisiún fógra do Mhisean na hIndinéise go raibh sé beartaithe aige, i ngeall ar an gcomhoibriú neamh-leordhóthanach ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin/tháirgeoirí san Indinéis, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus dá bhrí sin a chuid torthaí maidir le leanúint den dumpáil agus den díobháil nó atosú na dumpála nó na díobhála i dtaca le táirgeoirí onnmhairiúcháin/táirgeoirí san Indinéis a bhunú ar na fíorais a bhí ar fáil. Ní bhfuarthas aon bharúil mar fhreagra ar an bhfógra sin.

1.6.1.2.   Sampláil allmhaireoirí

(19)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar.

(20)

Sholáthair ceithre allmhaireoir neamhghaolmhara an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. Chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil agus go ndéanfadh sé imscrúdú ar gach allmhaireoir neamhghaolmhar a tháinig chun tosaigh. Chomhoibrigh na ceithre allmhaireoir neamhghaolmhara go hiomlán trí fhreagra iomlán ar an gceistneoir a chur isteach.

1.6.2.   Freagraí ar an gceistneoir

(21)

Fuarthas freagraí iomlána ar an gceistneoir ó ghrúpa táirgeoirí comhoibríocha MSG san Indinéis, ón táirgeoir aonair san Aontas agus ó cheithre allmhaireoir neamhghaolmhara.

(22)

D’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin/táirgeoirí go léir i nDaon-Phoblacht na Síne a tháinig chun tosaigh agus a sholáthair an fhaisnéis a iarradh maidir le sampláil an ceistneoir do tháirgeoirí onnmhairiúcháin a líonadh isteach. Foilsíodh cóip den cheistneoir ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála tráth an tionscnaimh.

(23)

Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin/tháirgeoirí i nDaon-Phoblacht na Síne. Mar a luaitear in aithrisí (15) agus (16) thuas, thug an Coimisiún fógra don dá tháirgeoir onnmhairiúcháin/tháirgeoir i nDaon-Phoblacht na Síne a tháinig chun tosaigh ar dtús go raibh sé beartaithe aige Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus dá bhrí sin a chuid torthaí a bhunú ar na fíorais a bhí ar fáil agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé sin chomh fabhrach céanna don pháirtí lena mbaineann. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(24)

Dá bhrí sin, níorbh ann d’aon chomhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin/tháirgeoirí i nDaon-Phoblacht na Síne ná san Indinéis. Mar a luaitear in aithris (17), áfach, chomhoibrigh aon ghrúpa cuideachtaí amháin san Indinéis ag a mbíonn MSG á tháirgeadh agus á dhíol ar mhargadh intíre na hIndinéise, ach nach mbíonn ag onnmhairiú chuig an Aontas.

1.6.3.   Fíorú

(25)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil agus den díobháil agus nó go dtarlóidís arís agus maidir le leas an Aontais. De bharr ráig phaindéim COVID-19 agus na mbeart a glacadh dá réir chun déileáil leis an ráig (“Fógra COVID-19”) (11), níorbh fhéidir leis an gCoimisiún, áfach, cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh ar áitribh na gcuideachtaí go léir. Ina ionad sin, rinne an Coimisiún cros-seiceálacha cianda ar an bhfaisnéis a sholáthair na cuideachtaí seo a leanas ar fhíschomhdháil:

Ajinomoto Foods Europe SAS, Mesnil-Saint-Nicaise, an Fhrainc (“AFE”)

Grúpaí táirgeoirí comhoibríocha san Indinéis

PT Ajinomoto Indonesia, an Indinéis

PT Ajinomoto Sales Indonesia, an Indinéis

2.   TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   Táirge faoi athbhreithniú

(26)

Is ionann an táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo agus an táirge a cuimsíodh faoi na himscrúduithe roimhe seo a luaitear in aithrisí (1) go (4), is é sin glútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise í, a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 2922 42 00 (cód TARIC 2922420010) (“an táirge faoi athbhreithniú”). Is breiseán bia é MSG agus is mar mhéadaitheoir blais in anraithí, bratanna, miasa éisc agus feola, meascán spíosraí agus bia réamhdhéanta is mó a úsáidtear é. Is i bhfoirm criostail bhána gan bholadh ar mhéideanna éagsúla a tháirgtear é. Úsáidtear MSG freisin i dtionscal na gceimiceán chun críoch neamhbhia amhail glantaigh.

(27)

Táirgtear é go príomha le coipeadh foinsí siúcra éagsúla (stáirse arbhair Indiaigh, stáirse taipióca, síoróip siúcra, molás cána siúcra agus molás biatas siúcra).

2.2.   Táirge comhchosúil

(28)

Mar a leagadh síos sna himscrúduithe roimhe seo a luaitear in aithrisí (1) go (4), deimhníodh leis an athbhreithniú éaga seo gurb iad na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, atá ag na táirgí seo a leanas:

an táirge faoi athbhreithniú;

an táirge a tháirgtear agus a dhíoltar ar mhargadh intíre na dtíortha lena mbaineann; agus

an táirge arb é an tionscal de chuid an Aontais a tháirg agus a dhíol é.

(29)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DUMPÁIL NÓ GO dTOSÓFAR ARÍS Í

3.1.   Réamhbharúlacha

(30)

I gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún cibé ar dhóigh go leanfaí den dumpáil nó go dtosófaí ar dhumpáil arís ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus/nó ón Indinéis de bharr dhul in éag na mbeart atá i bhfeidhm.

3.1.1.   Daon-Phoblacht na Síne

(31)

Níor chomhoibrigh aon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin/táirgeoirí ó Dhaon-Phoblacht na Síne san imscrúdú. Níor chuir siad aon fhaisnéis isteach ná níor sholáthair siad fianaise thacaíochta maidir leis an saobhadh suntasach líomhnaithe de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Ar an dóigh chéanna, mar a luaitear in aithris (23), níor chuir aon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín freagra isteach ar an gceistneoir.

(32)

Níor thug Rialtas na Síne aon fhreagra ar an gceistneoir ná níor thug sé aghaidh ar an bhfianaise i gcomhad an cháis arna sholáthar ag an iarratasóir, lena n-áirítear an “Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála” (“an Tuarascáil”) (12).

(33)

Dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil nó go dtosófaí í arís a leagtar amach in aithrisí (36) go (135) bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe faisnéis san iarraidh ar an athbhreithniú éaga agus sa staidreamh a bhí ar fáil, mar atá staidreamh ó Eurostat agus ó Global Trade Atlas (“GTA”).

3.1.2.   An Indinéis

(34)

Mar a luadh in aithris (17), níor chomhoibrigh aon táirgeoir onnmhairiúcháin san Indinéis san imscrúdú. Mar sin féin, chomhoibrigh grúpa táirgeoirí ón Indinéis a bhíonn ag díol ar an margadh intíre agus ar mhargaí tríú tír eile.

(35)

Dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil nó go dtosófaí í arís a leagtar amach in aithrisí (137) go (144) bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe faisnéis san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, sa staidreamh a bhí ar fáil, mar atá staidreamh ó Eurostat agus GTA agus, chomh maith leis sin, mar a luaitear in aithris (21), sonraí arna gcur isteach ag an ngrúpa táirgeoirí comhoibríocha ón Indinéis.

3.2.   Leanúint de dhumpáil le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe

3.2.1.   Daon-Phoblacht na Síne

(36)

Le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, taispeánann na sonraí staidrimh ó Eurostat gur allmhairíodh 3 500 tona de MSG as Daon-Phoblacht na Síne, agus is ionann é sin agus [4 – 7] % den sciar den mhargadh san Aontas (13). Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil líon allmhairí den sórt sin sách ionadaíoch chun imscrúdú a dhéanamh ar cibé ar leanadh den dumpáil le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe nó nár leanadh.

3.2.2.   An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le haghaidh allmhairí den táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.

(37)

Ós rud é go raibh fianaise leordhóthanach ar fáil nuair a tionscnaíodh an t-imscrúdú agus go bhféadfaí a thaispeáint, maidir le Daon-Phoblacht na Síne, gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(38)

D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé go mba ghá dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, thug an Coimisiún cuireadh do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá ó dháta fhoilsiú an Fhógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am.

(39)

Shonraigh an Coimisiún freisin i bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, i bhfianaise na fianaise a bhí ar fáil, go raibh an Téalainn roghnaithe go sealadach aige mar thír ionadaíoch iomchuí de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán chun críche an gnáthluach a chinneadh bunaithe ar phraghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Luaigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

(40)

An 21 Feabhra 2020, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (“an chéad nóta faoi thosca táirgeachta”) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh dá ndeimhneofaí cur i bhfeidhm na modheolaíochta faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Sa nóta sin, chuir an Coimisiún liosta ar fáil de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear chun MSG a tháirgeadh. Ina theannta sin, bunaithe ar na critéir a threoraíonn an rogha praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, chuir an Coimisiún in iúl go raibh sé beartaithe aige an Téalainn nó an Mhalaeisia a roghnú mar thír ionadaíoch iomchuí. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a chur in iúl agus ní bhfuair sé barúlacha ach ón iarratasóir amháin. Thacaigh sé le rogha na Téalainne, i ngeall ar an líon níos mó cuideachtaí sa tír sin a bhfuil sonraí ar fáil go poiblí orthu. Ina bharúlacha, d’iarr an t-iarratasóir freisin go ndéanfaí sonraí na gcuideachtaí oiriúnacha a mheánú chun bonn níos fearr agus níos iontaofa a sholáthar le haghaidh chinntí an Choimisiúin, i gcomparáid leis an úsáid sonraí bunaithe ar fhaisnéis maidir le cuideachta aonair.

(41)

An 8 Aibreán 2020, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an dara nóta (“an dara nóta faoi thosca táirgeachta”) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh, agus an Téalainn mar an tír ionadaíoch dá ndeimhneofaí cur i bhfeidhm na modheolaíochta faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Chuir sé in iúl freisin do pháirtithe leasmhara go leagfadh sé síos costais díola, costais ghinearálta agus costais riaracháin agus na brabúis bunaithe ar fhaisnéis a bhí ar fáil do na cúig chuideachta seo a leanas, ar táirgeoirí MSG iad sa tír ionadaíoch:

(1)

Ajinomoto Co. (Thailand) Ltd.

(2)

Thai Fermentation Industry Co Ltd. (Racha Churos)

(3)

Thai Churos

(4)

Thai Foods International Co. Ltd.

(5)

KT MSG.

(42)

D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a chur in iúl agus ní bhfuair sé barúlacha ach ó aon allmhaireoir amháin, a thacaigh le roghnú na Téalainne mar an tír ionadaíoch.

3.2.2.1.   Gnáthluach

(43)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, “beidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir”.

(44)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, “i gcás ina gcinntear […] nach bhfuil sé iomchuí praghsanna intíre agus costais a úsáid sa tír is onnmhaireoir i ngeall go bhfuil saobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí phointe (b), déanfar an gnáthluach a thógáil go heisiach ar bhonn costas táirgthe agus díolachán ina léirítear praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa”, agus “áireofar leis méid neamhshaofa agus réasúnach de chostais díola, ghinearálta agus riaracháin agus i gcomhair brabús” (“costais SG&A” a thugtar anseo feasta ar “costais díola, ghinearálta agus riaracháin”).

(45)

Mar a mhínítear tuilleadh in aithrisí (46) go (107), bhain an Coimisiún de thátal as an imscrúdú reatha, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil agus ag féachaint don easpa comhoibrithe ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

3.2.3.   Saobhadh suntasach a bheith ann

3.2.3.1.   Réamhrá

(46)

Déantar “saobhadh suntasach” a shainiú in Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán mar “an saobhadh sin a tharlaíonn nuair nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna nó na costais a tuairiscíodh, lena n-áirítear costais amhábhar agus fuinnimh, toisc go bhfuil tionchar ag idirghabháil shubstainteach rialtais orthu. Agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, tabharfar aird, inter alia, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht, nó faoi mhaoirseacht beartais, nó faoi stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir;

an stát a bheith i láthair i gcuideachtaí lena gcumasaítear don stát cur isteach i leith praghsanna nó costas;

beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir;

maidir leis na dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, easnamh a bheith ann ina leith, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor;

saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais phá;

rochtain ar mhaoiniú a dheonaíonn institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó ar chaoi eile nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an stát”.

(47)

De réir Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, sa mheasúnú ar a bheith ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) cuirfear san áireamh, i measc nithe eile, liosta neamh-uileghabhálach gnéithe san fhoráil roimhe sin. De bhun Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, agus measúnú á dhéanamh ar an ann do shaobhadh suntasach, tabharfar aird ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo ar phraghsanna agus ar chostais sa tír is onnmhaireoir den táirge faoi athbhreithniú. Go deimhin, toisc gur liosta neamhcharnach é an liosta sin, ní gá aird a thabhairt ar na gnéithe go léir chun toradh de shaobhadh suntasach a fháil. Thairis sin, féadfar na tosca fíorasacha céanna a úsáid chun a thaispeáint gur ann do cheann amháin nó níos mó de na gnéithe ar an liosta. Mar sin féin, ní mór aon chonclúid maidir le saobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) a dhéanamh ar bhonn na fianaise go léir atá idir lámha. Féadfaidh an measúnú foriomlán ar an ann do shaobhadh comhthéacs ginearálta agus an cás sa tír is onnmhaireoir a chur san áireamh freisin, go háirithe i gcás ina dtugann na gnéithe bunúsacha de chomhdhéanamh eacnamaíoch agus riaracháin na tíre is onnmhaireoir cumhachtaí substainteacha don rialtas chun idirghabháil a dhéanamh sa gheilleagar ar bhealach a fhágfaidh nach torthaí ar shaor-fhorbairt fhórsaí an mhargaidh iad na praghsanna ná na costais.

(48)

Foráiltear in Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán “[i gcás ina bhfuil údar maith ag an gCoimisiún le creidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach dá dtagraítear i bpointe (b) a bheith ann i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin, agus i gcás inarb iomchuí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil lena dtuairisceofar imthosca an mhargaidh dá dtagraítear i bpointe (b) sa tír sin nó san earnáil sin a ullmhú, a phoibliú agus a thabhairt cothrom le dáta”.

(49)

De bhun na forála sin, d’eisigh an Coimisiún tuarascáil de réir tíre maidir leis an tSín (féach fonóta 12), ina dtaispeántar gurb ann d’idirghabháil shubstainteach rialtais ar go leor leibhéal den gheilleagar, lena n-áirítear saobhadh sonrach i gcuid mhaith príomhthosca táirgeachta (amhail talamh, fuinneamh, caipiteal, amhábhar agus saothar) chomh maith le hearnálacha sonracha (amhail ceimiceáin nó próiseáil arbhair). Cuireadh an Tuarascáil sa chomhad imscrúdaithe ag an gcéim thionscnaimh. Tugadh cuireadh do pháirtithe leasmhara an fhianaise a bhí sa chomhad imscrúdaithe ag tráth an tionscnaimh, a raibh an Tuarascáil ina dlúthchuid de, a fhrisnéis, barúil a thabhairt ina leith nó an fhianaise a fhorlíonadh. Ní bhfuarthas aon bharúil

(50)

Soláthraíodh fianaise bhreise san iarraidh ar athbhreithniú gurb ann do shaobhadh suntasach in earnáil MSG de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), a chomhlánaíonn an Tuarascáil. Chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil go bhfuil tionchar ag an saobhadh a luaitear sa Tuarascáil (go bhféadfadh tionchar a bheith aige ar a laghad) ar tháirgeadh agus ar dhíol an táirge faoi athbhreithniú, go háirithe de bharr go gcuireann an stát isteach go mór ar shlabhra luacha MSG, i.e. in earnáil MSG agus sna hearnálacha a bhaineann le táirgeadh MSG, go háirithe in earnálacha ionchuir agus na tosca táirgeachta.

(51)

Scrúdaigh an Coimisiún cibé an raibh nó nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne, i ngeall gurb ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún é sin ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil ar an gcomhad, lena n-áirítear an fhianaise a bhí sa Tuarascáil, a bhíonn ag brath ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí, go háirithe maidir le reachtaíocht na Síne, doiciméid fhoilsithe maidir le beartas oifigiúil na Síne, tuarascálacha arna bhfoilsiú ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus staidéir/ailt le daoine acadúla a bhfuil cáil orthu, a aithnítear go sonrach sa Tuarascáil. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substainteacha rialtais sa gheilleagar go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin an staid shonrach mhargaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge faoi athbhreithniú. Chuir an Coimisiún leis na gnéithe fianaiseacha sin tuilleadh lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gurb ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne.

(52)

Mar a shonraítear in aithris (32), níor thug Rialtas na Síne aon fhreagra ar an gceistneoir. Mar a luaitear in aithris (23), ní raibh aon chomhoibriú ach an oiread ó aon táirgeoir onnmhairiúcháin/táirgeoir sa tSín. Thairis sin, níor sholáthair aon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin/táirgeoirí sa tSín ar deonaíodh an stádas mar pháirtí leasmhar dóibh aon fhianaise chun tacú leis an bhfianaise reatha maidir le comhad an cháis, nó chun í a fhrisnéis, lena n-áirítear an Tuarascáil, agus an fhianaise bhreise a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú ar shaobhadh suntasach a bheith ann agus/nó ar a iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás seo.

3.2.3.2.   Saobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne

(53)

Tá córas eacnamaíoch na Síne bunaithe ar choincheap “gheilleagar an mhargaidh shóisialaigh”. Cumhdaítear an coincheap sin i mBunreacht na Síne agus cinntear rialachas eacnamaíoch Dhaon-Phoblacht na Síne leis. Is é an príomhphrionsabal “úinéireacht phoiblí shóisialach ar na modhanna táirgthe, eadhon, úinéireacht an phobail uile agus comhúinéireacht ag an lucht oibre”. Is é an geilleagar faoi úinéireacht an Stáit “fórsa ceannasach an gheilleagair náisiúnta” agus tá sainordú ag an Stát maidir le “comhdhlúthú agus fás an gheilleagair a áirithiú” (14). Dá dhroim sin, ní hamháin go bhfágann comhdhéanamh foriomlán gheilleagar na Síne gur féidir idirghabhálacha substainteacha rialtais a dhéanamh sa gheilleagar, ach déantar idirghabhálacha den sórt sin a shainordú go sainráite. Tá an coincheap maidir le ceannas na húinéireachta poiblí ar an duine príobháideach leata ar fud an chórais dhlíthiúil fhoriomláin agus cuirtear béim air mar phrionsabal ginearálta i ngach píosa lárnach reachtaíochta. Sampla maith de sin is ea dlí maoine na Síne: tagraíonn sé do phríomhchéim an tsóisialachais agus cuireann sé ar iontaoibh an Stáit seasamh leis an gcóras eacnamaíoch bunúsach faoina bhfuil ról ceannasach ag an úinéireacht phoiblí. Glactar le foirmeacha eile úinéireachta, agus tugtar cead dóibh de réir dlí forbairt taobh le taobh leis an úinéireacht Stáit (15).

(54)

Ina theannta sin, faoi dhlí na Síne, forbraítear an geilleagar margaidh sóisialach faoi cheannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne. Tá struchtúir Stát na Sine agus Pháirtí Cumannach na Síne fite fuaite ina chéile ar gach leibhéal (dlíthiúil, institiúideach, pearsanta), rud lena gcruthaítear forstruchtúr nach féidir róil an Pháirtí agus an Stáit a idirdhealú óna chéile ann. Tar éis leasú a dhéanamh ar Bhunreacht na Síne i mí an Mhárta 2018, tugadh tábhacht níos mó fós do ról ceannasach Pháirtí Cumannach na Síne trína athdhearbhú i dtéacs Airteagal 1 den Bhunreacht. Tar éis na chéad abairte atá cheana féin san fhoráil: “[i]s é an córas sóisialach córas bunúsach Dhaon-Phoblacht na Síne” cuireadh dara habairt nua isteach ina léitear: “[i]s é gné shainithe an tsóisialachais le saintréithe Síneacha ná ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne.” (16) Léiríonn sé sin smacht gan cheist an Pháirtí Chumannaigh ar chóras eacnamaíoch Dhaon-Phoblacht na Síne, smacht atá ag fás de shíor. Gné dhílis de chóras na Síne is ea an cheannaireacht agus an smacht sin agus gabhann siad thar an ngnáth-chás i dtíortha eile ina mbíonn smacht maicreacnamaíoch ginearálta ag na rialtais laistigh de na teorainneacha a mbíonn fórsaí an mhargaidh shaoir ag feidhmiú laistigh díobh.

(55)

Bíonn Stát na Síne ag gabháil do bheartas eacnamaíoch crioscaíolach de bhun spriocanna, a thagann leis an gclár oibre polaitiúil arna leagan síos ag Páirtí Cumannach na Síne in ionad a bheith ag léiriú na gcoinníollacha eacnamaíocha atá i réim i margadh saor (17). Tá an iliomad uirlisí eacnamaíocha crioscaíolacha in úsáid ag údaráis na Síne, lena n-áirítear an córas a bhaineann le pleanáil thionsclaíoch, an córas airgeadais agus le leibhéal na timpeallachta rialála.

(56)

Sa chéad dul síos, ar leibhéal an smachta riaracháin ghinearálta, tá treo gheilleagar na Síne á rialú ag córas casta um pleanáil tionscail a bhfuil tionchar aige ar gach gníomhaíocht eacnamaíoch sa tír. Leis na pleananna sin i dteannta a chéile, cumhdaítear maitrís chuimsitheach chasta earnálacha agus beartas trasghearrtha, agus tá siad le fáil ar gach leibhéal rialtais. Bíonn na pleananna ar leibhéal na gcúigí mionsonraithe agus leagtar spriocanna níos leithne síos sna pleananna náisiúnta. Sonraítear sna pleananna freisin na modhanna lena dtacófar leis na tionscail/earnálacha ábhartha chomh maith leis na tráthchláir faoinar gá na cuspóirí a ghnóthú. Tá spriocanna follasacha aschuir i roinnt pleananna i gcónaí cé gur ghné thráthrialta de thimthriallta pleanála roimhe seo a bhíodh ansin. Faoi na pleananna, tá aird ar leith á tabhairt ar earnálacha tionsclaíocha aonair agus/nó ar thionscadail mar thosaíochtaí (dearfacha nó diúltacha) i gcomhréir le tosaíochtaí rialtais agus déantar spriocanna forbartha sonracha (uasghrádú tionsclaíoch, fairsingiú idirnáisiúnta etc.) a shannadh dóibh. Ní mór do na hoibreoirí eacnamaíocha, idir chinn phríobháideacha agus chinn faoi úinéireacht an Stáit araon, a ngníomhaíochtaí gnó a choigeartú go héifeachtach de réir an méid a fhorchuirtear leis an gcóras pleanála i ndáiríre. Ní hamháin go bhfuil sé sin fíor mar gheall ar chineál ceangailteach na bpleananna ach freisin toisc go gcloíonn údaráis ábhartha na Síne ar gach leibhéal den rialtas leis an gcóras pleananna agus toisc go n-úsáideann siad a gcumhachtaí dílse dá réir sin, rud lena gcuirtear faoi deara dá bhrí sin do na hoibreoirí eacnamaíocha na tosaíochtaí a leagtar amach sna pleananna a chomhlíonadh (féach freisin Roinn 3.2.3.5 thíos) (18).

(57)

Ar an dara dul síos, ar an leibhéal a dhéantar acmhainní airgeadais a leithdháileadh, tá an lámh in uachtar ag na bainc thráchtála faoi úinéireacht an Stáit ar chóras airgeadais Dhaon-Phoblacht na Síne. Ní mór do na bainc sin, le linn dóibh a mbeartas iasachtaithe a bhunú agus a chur chun feidhme, iad féin a ailíniú leis na cuspóirí i mbeartas tionsclaíoch an rialtais seachas measúnú a dhéanamh go príomha ar fhiúntais eacnamaíocha tionscadail ar leith (féach freisin Roinn 3.2.3.8 thíos) (19). Tá an rud céanna fíor maidir leis na comhpháirteanna eile de chóras airgeadais na Síne, amhail na stocmhargaí, na margaí bannaí, na margaí cothromais phríobháideacha, etc. Chomh maith leis sin, tá na codanna sin den earnáil airgeadais seachas earnáil na baincéireachta bunaithe ar bhonn institiúide agus oibríochta ar bhealach nach bhfuil giaráilte i dtreo fheidhmiú éifeachtúil na margaí airgeadais a uasmhéadú ach i dtreo smacht a áirithiú agus idirghabháil de chuid an Stáit agus Pháirtí Cumannach na Síne a cheadú (20).

(58)

Ar an tríú dul síos, maidir le leibhéal na timpeallachta rialála, tá roinnt foirmeacha ag baint le hidirghabhálacha an Stáit sa gheilleagar. Mar shampla, úsáidtear na rialacha maidir le soláthar poiblí go tráthrialta in iarracht spriocanna beartais seachas éifeachtúlacht eacnamaíoch a bhaint amach, rud dá réir sin a bhaineann an bonn de na prionsabail mhargadhbhunaithe sa réimse. Foráiltear go sonrach sa reachtaíocht is infheidhme go ndéanfar an soláthar poiblí d’fhonn baint amach na spriocanna arna gceapadh trí bheartais an Stáit a éascú. Mar sin féin, níl cineál na spriocanna atá i gceist sainithe go fóill, rud a fhágann dá bhrí sin corrlach breithmheasa ag na comhlachtaí cinnteoireachta (21). Ar an gcaoi chéanna, sa réimse infheistíochta, coimeádann Rialtas na Síne smacht suntasach agus tá tionchar suntasach aige ar cheann scríbe agus ar dhearbhmhéid na hinfheistíochta Stáit agus príobháidí araon. Úsáideann na húdaráis scagadh infheistíochta chomh maith le dreasachtaí, srianta, agus coisc éagsúla a bhaineann le hinfheistiú mar uirlis thábhachtach chun tacaíocht a thabhairt do spriocanna beartais tionsclaíocha, amhail smacht an Stáit a choimeád ar phríomh-earnálacha nó borradh a chur faoin tionscal intíre (22).

(59)

Mar sin, tá samhail eacnamaíoch na Síne bunaithe ar aicsímí bunúsacha áirithe, lena ndéantar foráil maidir leis an iliomad idirghabháil rialtais agus a spreagann iad. Tagann idirghabhálacha substainteacha rialtais den sórt sin salach ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh, agus déantar leithdháileadh éifeachtach acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh a shaobhadh dá bharr sin (23).

3.2.3.3.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán: an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, smacht, maoirseacht bheartais nó stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir

(60)

I nDaon-Phoblacht na Síne, léiríonn fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht agus/nó faoi mhaoirseacht beartais nó faoi threoraíocht an Stáit cuid fhíor-riachtanach den gheilleagar.

(61)

In éagmais aon chomhair ó Dhaon-Phoblacht na Síne, níl ach faisnéis theoranta ag an gCoimisiún maidir le struchtúr úinéireachta na gcuideachtaí atá gníomhach in earnáil MSG i nDaon-Phoblacht na Síne. I measc na dtrí chuideachta sa tSín atá sonraithe mar phríomhtháirgeoirí ag an iarratasóir, agus atá deimhnithe mar a bheith amhlaidh ag foinsí eile bunaithe ar thaighde an Choimisiúin féin (24), dealraíonn sé nach bhfuil aon cheann díobh faoi úinéireacht an Stáit.

(62)

Mar sin féin, mheas an Coimisiún go raibh tacaíocht chomhaltaí Pháirtí Cumannach na Síne agus údarás poiblí áitiúil ag ceann de na mórtháirgeoirí onnmhairiúcháin – Fufeng Group – agus go ndearna na húdaráis phoiblí áitiúla sin comhordú ar ábhair leasa don chuideachta. Mar shampla, sonraítear an méid seo a leanas ar shuíomh gréasáin oifigiúil na cuideachta maidir le cuairt oifigiúil ionadaithe an rialtais áitiúil: “Tar éis a óráide, luaigh Jiao Gangwei an fhadhb a bhaineann le gual atá ag cur isteach ar na fiontair le 2 bhliain anuas, agus chuir sé béim ar an obair a bhí á déanamh ag Coiste Pháirtí Bardasach agus Rialtas Zhalantun chun comhordú ar an gceist sin a áirithiú. […] Lean toscaireacht Liu Qifan d’fhoghlaim faoi ranníocaíochtaí sóisialta na cuideachta, obair neartaithe páirtí, chomh maith le MSG […]. Ina theannta sin, mhol Liu Qifan an tionchar a bhain leis an olltáirgeadh aimíonaigéad ardleibhéil a sheol Fufeng ar phraghsanna domhanda agus thacaigh leis an obair neartaithe páirtí de chuid na cuideachta. Ar deireadh, dúirt sé an méid seo a leanas lena thoscaireacht: “Tá an chuideachta seo ar cheann de na príomhchuideachtaí, agus ní ann d’aon tionscadal atá chomh maith leo seo in aon áit eile. Ní mór don rialtas freastal go maith uirthi.” Luaigh an Rúnaí Liu trí huaire i ndiaidh a chéile gur cheart don rialtas freastal go maith ar an gcuideachta. Thairis sin, thacaigh sé leis an gcuideachta agus dúirt gur léiriú é a staid ar dhiongbháilteacht cheannairí sinsearacha Réigiún Féinrialaitheach na hIon-Mhongóile rialtas atá dírithe ar sheirbhísí a thógáil” (25). Is léir tacaíocht an rialtais áitiúil freisin i ndáil le fochuideachta Fufeng in Heilongjiang Qiqihar, mar a dheimhnítear ar shuíomh gréasáin rialtas Qiqihar: “Chun neart an fhiontair a léiriú, neart inmheánach a bhailiú, cur leis an misneach agus buíochas a ghabháil leis an rialtas áitiúil as a dtacaíocht láidir le Qiqihar Longjiang Fufeng Biotechnology Co., Ltd., fochuideachta de chuid an Ghrúpa, tionóladh cruinniú do na meáin dar theideal ‘túsphointe nua, aistear nua, aisling nua’ in Óstán Wanda Jiahua in Qiqihar san iarnóin an 26 Iúil ar ócáid chomóradh 20 bliain de bhunú Fufeng Group” (26). Fuair an Coimisiún fianaise bhreise ar chaidreamh Fufeng le Páirtí Cumannach na Síne, agus ar thacaíocht agus ar threoraíocht údarás áitiúil sa ráiteas seo a leanas ar shuíomh gréasáin an Ghrúpa: “An 7 Nollaig 2019, thug Li Yugang, Leasrúnaí Choiste Pháirtí Bardasach Qiqihar agus Méara, cuairt ar cheanncheathrú Fufeng Group. Bhí Wang Yongshi, Leas-Mhéara, Qi Xiaotong, Ard-Rúnaí an Rialtais Bhardasaigh, Ren Guangcai, Leas-Rúnaí Choiste Pháirtí Cheantar Angangxi agus Méara, agus Li Yugang Jing, Leas-Mhéara, etc. ina theannta ar an imscrúdú. Bhí Li Xuechun, Cathaoirleach an Bhoird, Zhao Qiang, Bainisteoir Ginearálta, agus ceannairí eile ag tionlacan na cuairte. […] Le linn an phlé, dúirt an Méara Li go bhfuil an phríomh-dhomhainphróiseáil chomh maith lena seachtháirgí an-tábhachtach ar fad i leagan amach tionsclaíoch reatha Chathair Qiqihar. Mar an príomh-mhonaróir aimíonaigéad ar domhan, chuir an chuideachta an-chuidiú ar fáil don domhainphróiseáil arbhair Indiaigh áitiúil. Ghabh cathaoirleach an Bhoird buíochas leis an Méara Li as teacht ar cuairt agus dúirt: ‘Chuir Cathair Qiqihar seirbhísí “gorlainne” ar fáil don chuideachta. An uair seo, ní bheidh sé sna ceannlínte i gCathair Qiqihar amháin, ach ar CCTV freisin. Leanfaidh an chuideachta, i gcomhréir le smaointeoireacht eacnamaíoch an rialtais, de thrádáil iasachta a chobhsú, caipiteal iasachta a chobhsú, infheistíocht a chobhsú, agus ionchas a chobhsú. Leanfaidh an chuideachta den chur leis an misneach, de thairbhe a bhaint as a buntáistí féin, agus de chomhoibriú go seasta leis an rialtas áitiúil ar mhaithe le forbairt chomhpháirteach.” (27) De bhreis air sin, deimhnítear leis an bpreasráiteas seo a leanas go gcloíonn Fufeng le spriocanna beartais agus idé-eolaíocht an Stáit ina chuid gníomhaíochtaí: “D’fhreagair Fufeng Group do thograí an Uachtaráin Xi Jinping maidir le tionscnaimh chomhair chun ‘Crios Eacnamaíocht Nua Bhóthar an tSíoda’ agus ‘Bóthar Mara an tSíoda don 21ú hAois’ a chruthú, agus rinne forbairt ghníomhach ar chomhpháirtíochtaí eacnamaíocha le tíortha feadh an ‘Chreasa agus an Bhóthair’.” (28)

(63)

I gcás ceann eile de thrí phríomhtháirgeoir MSG – Ningxia Eppen – mheas an Coimisiún go raibh an chuideachta ag cur beartais Stáit agus idé-eolaíocht Pháirtí Cumannach na Síne chun feidhme ina cuid gníomhaíochtaí, mar a shonraigh Cónaidhm Thionscail agus Thráchtála Ningxia: “Ó thús na bliana seo, rinne Ningxia Eppen Biological Company eagrú mionchúiseach ar spiorad an 18ú Comhdháil Náisiúnta de Pháirtí Cumannach na Síne, bhain sé leas cuimsitheach as an spiorad sin, rinne staidéar domhain air agus chuir chun feidhme é, agus cuireadh san áireamh staid iarbhír na cuideachta agus díríodh ar ‘Dhá neartú, Sé earra’, chuir sé le neartú an Pháirtí, rud a chabhraigh go mór le forbairt an fhiontair.” (29) Fuair an chuideachta tacaíocht ó údaráis phoiblí freisin chun lárionad teicneolaíochta náisiúnta a bhunú. De réir Roinn Tionsclaíochta agus Teicneolaíochta Faisnéise Ningxia Hui, tá sé mar aidhm le tógáil lárionad den sórt sin, go háirithe, cuideachtaí a threorú i dtreo spriocanna beartais áirithe a bhaint amach: “Chun an straitéis forbartha atá bunaithe ar an nuálaíocht a chur chun feidhme agus chun treoraíocht agus tacaíocht a thabhairt d’fhiontair chun a n-inniúlachtaí nuálaíochta teicneolaíochta a neartú, déanann Roinn Tionsclaíochta agus Teicneolaíochta Faisnéise an Réigiúin Fhéinrialaithigh tógáil Lárionad Teicneolaíochta Fiontraíochta a chur chun cinn go bríomhar. […] Tá Lárionaid Teicneolaíochta Fiontraíochta ina bpríomhghníomhaithe nuálaíochta teicneolaíochta inár Réigiún anois, agus soláthraítear leo tacaíocht teicneolaíochta láidir agus éifeachtach le forbairt tionscail ardchaighdeáin inár Réigiún. […] Bunaíodh Lárionad Teicneolaíochta Fiontraíochta Ningxia Eppen in 2006 agus aithníodh é mar lárionad teicneolaíochta fiontraíochta ar leibhéal náisiúnta in 2011. Áirítear leis an Lárionad Teicneolaíochta ceannaireacht ar dhul chun cinn an tionscail trí nuálaíocht leanúnach, agus baineadh amach torthaí móra.” (30)

(64)

Maidir le soláthraithe na n-ionchur chun MSG a tháirgeadh, arna chur isteach ag an iarratasóir agus arna dheimhniú le foinsí eile (31), is é stáirse an arbhair Indiaigh an príomh-amhábhar i monaraíocht MSG go hiondúil, rud a léiríonn cuid mhór de na costais táirgeachta. Faoi mar a fuair an Coimisiún amach, tá aon mhórtháirgeoir stáirse arbhair Indiaigh amháin ar a laghad – Cofco Biotech – ina fhiontar faoi úinéireacht an Stáit faoi mhaoirsiú an Choimisiúin um Maoirsiú agus Riar Sócmhainní (SASAC) atá faoi úinéireacht an Stáit (32). Is scairshealbhóirí iad údaráis Stáit freisin, go díreach nó go hindíreach, de roinnt mórtháirgeoirí stáirse arbhair Indiaigh. Mar shampla suntasach, i gcás Zhucheng Xingmao Corn Developing Co. Ltd – an táirgeoir stáirse arbhair Indiaigh is mó (13,29 % den mhargadh) (33) – is le Zhucheng Foreign Trade Corp. 74 % de na scaireanna, agus is le Cathair Zhucheng 26,54 % den chomhlacht sin. (34)

(65)

Faoi mar a chuir an t-iarratasóir in iúl, is é atá i dtáirgeadh MSG próiseas ceimiceach ina n-úsáidtear stáirse arbhair Indiaigh agus amóinia. Dá bhrí sin, féadfar táirgeoirí MSG a mheas freisin mar rannpháirtithe gníomhacha d’earnáil ceimiceán na Síne. Maidir leis an earnáil sin, chinn an Coimisiún, de réir staidreamh náisiúnta, gurbh ionann fiontair atá faoi úinéireacht an Stáit agus 52 % de shócmhainní iomlána na gcuideachtaí ceimiceán in 2015 (35). Bhí ról ceannasach riamh ag na fiontair atá faoi úinéireacht an Stáit, go háirithe na fiontair mhóra lárnacha, i dtionscal ceimiceán Dhaon-Phoblacht na Síne i ngeall ar a staid olagaplachta i gcúrsaí réamhtheachtacha/bunábhar, a rochtain éasca ar shócmhainní a leithdháileann an rialtas (cistí, iasachtaí, talamh, etc.) agus a dtionchar láidir i gcinnteoireacht an rialtais.

(66)

Maidir leis an méid thuas, coinníonn Rialtas na Síne agus Páirtí Cumannach na Síne struchtúir ar bun lena n-áirithítear go mbeidh tionchar leanúnach acu ar fhiontair, agus go háirithe fiontair atá faoi úinéireacht an Stáit nó faoi smacht an Stáit. Ní hamháin go ndéanann an Stát (agus Páirtí Cumannach na Síne freisin ar go leor bealaí) beartais eacnamaíocha ghinearálta cuideachtaí (go háirithe cuideachtaí atá faoi úinéireacht an Stáit nó faoi smacht an Stáit) a cheapadh agus go ndéanann siad maoirseacht ar a gcur chun feidhme, ach éilíonn sé a chearta freisin maidir le bheith rannpháirteach ina gcinnteoireacht oibríochta. Déantar é sin de ghnáth tríd an meánbhainistíocht a rothlú idir údaráis an rialtais agus na cuideachtaí sin, trí chomhaltaí an pháirtí a bheith rannpháirteach i gcomhlachtaí feidhmiúcháin na gcuideachtaí agus “cealla páirtí” i struchtúir na gcuideachtaí (féach freisin Roinn 3.2.3.4), chomh maith lena dhéanamh trí struchtúr corparáideach na hearnála a mhúnlú (36). I gcás fiontair atá faoi úinéireacht an Stáit nó faoi smacht an Stáit, baineann siad leas as stádas ar leith laistigh de gheilleagar na Síne, ina gcuimsítear roinnt buntáistí eacnamaíocha, go háirithe cosaint a thabhairt ar iomaíochas agus rochtain thosaíochta ar ionchuir ábhartha, lena n-áirítear maoiniú (37) . Déantar forbairt bhreise i Roinn 3.2.3.4 thíos ar na gnéithe a dhíríonn ar an smacht atá ag an rialtas ar fhiontair i slabhra luacha MSG, agus in earnáil na gceimiceán trí chéile.

(67)

Mar thoradh ar leibhéal ard idirghabhála rialtais i slabhraí luacha ceimiceán i nDaon-Phoblacht na Síne, úinéireacht agus smacht an Stáit ar fhiontair mhóra áirithe a tháirgeann stáirse arbhair Indiaigh, agus – mar a fuair an Coimisiún amach – mar gheall go bhfuil táirgeoirí móra áirithe MSG faoi réir threoraíocht an Stáit, go mbíonn siad ag brath ar a thacaíocht agus, i gcásanna áirithe, go gcuireann siad idé-eolaíocht Pháirtí Cumannach na Síne chun feidhme, cuirtear cosc ar tháirgeoirí faoi úinéireacht phríobháideach den táirge faoi athbhreithniú, fiú amháin, feidhmiú de réir dhálaí an mhargaidh. Tá fiontair atá faoi úinéireacht phoiblí agus phríobháideach araon atá gníomhach i dtáirgeadh MSG agus na n-ionchur a úsáidtear chun MSG a tháirgeadh, faoi réir, go díreach nó go hindíreach, maoirseacht agus treoraíocht beartais freisin mar atá leagtha amach i Roinn 3.2.3.5 thíos.

3.2.3.4.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán: An stát a bheith i láthair i gcuideachtaí lena gcumasaítear don stát cur isteach i leith praghsanna nó costas

(68)

Seachas smacht a chur i bhfeidhm ar an ngeilleagar trí bhíthin úinéireachta ar fhiontair faoi úinéireacht an Stáit agus uirlisí eile, tá sé ar chumas Rialtas na Síne cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí. Cé go bhféadfaí an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomhphearsanra bainistíochta i bhfiontair atá faoi úinéireacht an Stáit a cheapadh agus a chur as a bpoist, dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, a mheas mar rud a léiríonn na cearta úinéireachta a chomhfhreagraíonn dó sin (38), léiríonn cealla de Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair, idir chinn atá faoi úinéireacht an stáit agus chinn phríobháideacha araon, modh tábhachtach eile trína féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachta Dhaon-Phoblacht na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne (39)) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. Ní léir gur leanadh an ceanglas sin i gcónaí roimhe seo nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne na héilimh atá aige go bhfuil smacht aige ar chinntí gnó i bhfiontair atá faoi úinéireacht an stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don “tírghrá” agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh (40). In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí faoi seach (41). Cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm go ginearálta ar fud gheilleagar na Síne, thar gach earnáil, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí MSG agus soláthróirí a gcuid ionchuir.

(69)

Mar shampla, tá forluí pearsanta ag struchtúir Pháirtí Cumannach na Síne leis an gcomhlacht bainistíochta i gcás cuid de tháirgeoirí móra MSG. Dhearbhaigh an Coimisiún gur ceapadh Li Xuechun, Cathaoirleach Bhord Fufeng Group, in 2013 ar feadh tréimhse 5 bliana ina chomhalta de Chomhdháil Phobail Chathair Linyi (42). Thairis sin, mar is léir ó aithris (62), bíonn gníomhaíochtaí neartaithe Páirtí á reáchtáil ag an gcuideachta, rud a théann i bhfeidhm ar a gníomhaíochtaí.

(70)

I gcás Ghrúpa Meihua, ceann eile de na trí tháirgeoir mhóra MSG, sonraíodh go raibh cúigear as dháréag comhalta den Bhord ina gcomhaltaí de Pháirtí Cumannach na Síne in 2019 (43). Fuair an Coimisiún an fhianaise seo a leanas freisin ar na gníomhaíochtaí neartaithe Páirtí a bhí ar siúl ag Meihua agus ar thionchar Pháirtí Cumannach na Síne ar oibríochtaí na cuideachta: “An 30 Meitheamh, reáchtáil Jilin Meihua imeacht lae don pháirtí agus chuir sé an t-imeacht ar siúl a bhí dírithe ar ‘Fiontar Foghlama a Thógáil, Breo ag an Obair’. D’fhreastail ionadaí Roinn Eagraíocht Choiste Pháirtí Bardasach Baicheng agus Teagascóir Neartaithe Páirtí Jilin Meihua, Wang Xingang, Stiúrthóir Oifig Pháirtí Pháirc Thionsclaíoch Baicheng, Guo Baoyu, Rúnaí Páirtí Jilin Meihua agus Bainisteoir Ginearálta Zhang Jinlong, agus 22 chomhalta den Pháirtí ar an imeacht. […] Ag an imeacht, thug Wang Xingang ceacht beoga ar an bpáirtí do gach comhalta Páirtí inar díríodh ar ‘próiseas forbartha an Pháirtí, ar céard ba cheart do chomhaltaí chraobh an Pháirtí a dhéanamh i bhfiontair nuachruthaithe, agus cén chaoi ar cheart d’ionadaithe chomhaltaí an Pháirtí ról ceannaireachta a ghlacadh’. Ansin, bhronn Wang Xingang suaitheantas an Pháirtí agus Bunreacht an Pháirtí ar gach chomhalta den Pháirtí i ndiaidh a chéile. Amhail i mbaisteadh Páirtí athnuaite, le suaitheantas an Pháirtí ar an gcliabhrach agus Bunreacht an Pháirtí sna lámha, cruthaíodh ‘droichead idir an croí agus an croí’ idir eagraíocht an Pháirtí féin agus comhaltaí an Pháirtí, rud a chuir go héifeachtach le braistint na honóra, na freagrachta agus an mhuintearais i gcás gach comhalta agus duine den lucht bainistíochta den Pháirtí. Ní hí an onóir amháin atá i gceist, áfach, mar tá an fhreagracht i gceist freisin. Le ‘lá breithe polaitiúil’ den sórt sin, cuirtear ar a gcumas do chomhaltaí an Pháirtí cuimhneamh ar a bhféiniúlacht agus ar a misean i gcónaí, lánúsáid a bhaint as a ról ceannródaíoch agus eiseamláireach ina gcuid oibre amach anseo, formhór an lucht bainistíochta agus na bhfostaithe a aontú agus a stiúradh, obair go dian, a bheith cruthaitheach, misneach a bheith acu le bheith ar an gcéad duine chun rud a dhéanamh, gan géilleadh riamh. ‘Liostálaim i bPáirtí Cumannach na Síne, tacaím le clár an Pháirtí, agus cloím le bunreacht an Pháirtí’ – faoi cheannaireacht Zhang Jinlong, rúnaí an Pháirtí, d’ardaigh na comhaltaí rannpháirteacha den Pháirtí a ndorn deas le chéile ag deireadh an imeachta, agus rinne siad mionn an Pháirtí a athnuachan os comhair bhrat glédhearg an Pháirtí. Chuir an imeacht lae seo de chuid an Pháirtí ar a gcumas do chomhaltaí uile den Pháirtí a gcuid idéal agus a prionsabail chreidimh a neartú, a spiorad Páirtí a neartú, agus treoraíocht na hoibre amach anseo a shoiléiriú.” (44)

(71)

I gcás Ningxia Eppen, an tríú táirgeoir mór MSG, dhearbhaigh an Coimisiún go raibh Cathaoirleach na cuideachta ina ionadaí leis an 12ú Comhdháil Phobail de Réigiún Féinrialaitheach Ningxia Hui, go dtí mí Iúil 2020 ar a laghad (45). An tráth céanna, tugann Cónaidhm Thionscail agus Thráchtála Ningxia cuntas soiléir ar ról Pháirtí Cumannach na Síne maidir le hoibríochtaí na cuideachta: “Ar dtús, ordaítear leis na rialacháin nach mór do Rúnaí Choiste an Pháirtí a bheith i láthair ag cruinnithe ina nglactar cinntí maidir le hábhair chorparáideacha thábhachtacha agus ag cruinnithe tábhachtacha eile, agus ní mór dó éisteacht go hiomlán le tuairimí agus le moltaí a dhéantar lena linn; Ar an dara dul síos, uaidh seo amach, ní mór don duine ábhartha atá i gceannas ar Eagraíocht an Pháirtí freastal ar chruinnithe tábhachtacha agus éisteacht go hiomlán le tuairimí agus le moltaí a dhéantar lena linn nó nuair a bhíonn cinntí tábhachtacha á nglacadh a bhaineann leis na rannóga bainistíochta táirgeachta agus gnó. Le tuiscint mhór ar a fhreagracht, déanfaidh an duine ábhartha i gceannas ar Eagraíocht an Pháirtí na cinntí agus na mórthionscadail oibre a bhaineann leis an táirgeadh a chur in iúl in am trátha do Chomhaltaí an Pháirtí, agus beidh na príomhpháirtithe leasmhara lánpáirteach aige chun iad sin a chur chun cinn” (46)

(72)

Tá éifeachtaí saofa breise ag láithreacht agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais (féach freisin Roinn 3.2.3.8 thíos), chomh maith le soláthar amhábhar agus ionchur ar an margadh (47). Dá réir sin, de bharr go mbíonn an Stát i láthair i ngnólachtaí, lena n-áirítear fiontair atá faoi úinéireacht an Stáit, in earnáil MSG agus in earnálacha gaolmhara eile (amhail na hearnálacha airgeadais agus ionchuir), faigheann Rialtas na Síne deis cur isteach i dtaca le praghsanna agus costas.

3.2.3.5.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán: beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir

(73)

Déantar treo gheilleagar na Síne a chinneadh a bheag nó a mhór le córas mionléirithe pleanála ina leagtar amach tosaíochtaí agus lena bhforordaítear na spriocanna nach mór do na rialtais láir agus na rialtas áitiúla díriú orthu. Tá pleananna ábhartha ann ar gach leibhéal den rialtas agus cumhdaítear gach earnáil eacnamaíoch, nach mór. Tá na cuspóirí a leagtar síos leis na hionstraimí pleanála de chineál ceangailteach agus déanann na húdaráis ar gach leibhéal riaracháin faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna a bhíonn ag an leibhéal comhfhreagrach is ísle den rialtas. Ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála i nDaon-Phoblacht na Síne fágann sé go mbíonn acmhainní á leithdháileadh ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile ag an rialtas, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (48).

(74)

Measann Rialtas na Síne gur earnáil thábhachtach é tionscal na gceimiceán, lena mbaineann táirgeoirí MSG. Deimhnítear é sin sna pleananna, treoracha éagsúla agus doiciméid iomadúla a bhaineann le hearnáil na gceimiceán, a eisítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus cathrach (49).

(75)

Níos sonraí, tá MSG faoi réir doiciméid shonracha bheartais i nDaon-Phoblacht na Síne a bhaineann le domhainphróiseáil arbhair Indiaigh, atá ar cheann de na príomh-ionchuir a úsáidtear sa táirgeadh trí choipeadh stáirse arbhair Indiaigh (féach thuas, go háirithe aithris (64)). Go háirithe, cuimsítear próisis táirgthe MSG le forálacha an 13ú Plean 5 Bliana maidir le Próiseáil Gráin agus Ola. Tá sé mar aidhm leo sin gnéithe éagsúla den earnáil próiseála arbhair Indiaigh (lena n-áirítear an fho-earnáil MSG), go háirithe maidir le forbairt an tslabhra luacha, patrúin soláthair, rogha na teicneolaíochta, suíomh na táirgeachta, nó tacaíocht bheartais: “Luas a chur faoi fhorbairt na domhainphróiseála gráin: Fiontair phróiseála ar scála mór a spreagadh chun samhlacha nuálacha tionscail a fhorbairt maidir le próiseáil gráin agus ola, leas iomlán a bhaint as luach féideartha na seachtháirgí agus an slabhra tionsclaíoch a leathnú chomh mór agus is féidir. Tacú le haistriú tionscal mínphróiseála agus domhainphróiseála amhail próiseáil arbhair Indiaigh chuig limistéir tháirgthe bhuntáisteacha agus príomhlimistéar ó thaobh loighistice de agus luas a chur faoi ídiú fardal. Táirgí díorthaithe nua a fhorbairt ó chineálacha nua siúcraí stáirse feidhmiúla agus cineálacha nua ullmhóidí einsíme, aigéad polaghlútamach, polailísín agus táirgí eile bulc-choipthe’ […] ‘Tionscal domhainphróiseála arbhair Indiaigh: Fiontair domhainphróiseála arbhair Indiaigh a spreagadh chun bealaí éifeachtúla nua a fhorbairt chun arbhar Indiach a úsáid agus ráta comhshó na domhainphróiseála arbhair Indiaigh a mhéadú go mór. […] Táirgí coipthe feidhmiúla nua a fhorbairt go gníomhach ina bhfuil ábhar ardteicneolaíochta amhail aimíonaigéid agus núicléisídí, aigéid orgánacha nua, siúcraí stáirse, polóil, ullmhóidí einsíme nua, chomh maith le stáirsí modhnaithe a úsáidtear le haghaidh bia, déanamh páipéir, teicstílí, ceimiceáin mhíne, etc. […] An limistéar lena gcuimsítear trí chúige san oirthuaisceart mar aon le limistéar Huanghuaihai agus mórlimistéir phróiseála eile, cuirfidh siad lena n-iarrachtaí chun cumaisc agus atheagrú a chur chun cinn i gcás na bhfiontar a tháirgeann stáirse arbhair Indiaigh próiseáilte agus siúcra stáirse, alcól, glútamáit mhonasóidiam, […] Gníomhachtú acmhainneachta táirgeachta atá gan úsáid a spreagadh trí chomhar agus oibríochtaí comhpháirteacha.” (50)

(76)

Ina theannta sin, maidir le hionchuir, dhearbhaigh an Coimisiún go bhfuil earnáil an arbhair Indiaigh faoi réir dianrialála i nDaon-Phoblacht na Síne. Tá méideanna móra stoc-chairn arbhair ina seilbh ag an tír, agus cuireann sé sin ar chumas an rialtais praghsanna an tráchtearra sin a ísliú nó a ardú go saorga trí mhéideanna móra arbhar Indiach a cheannach nó a dhíol ar an margadh. Cé gur thosaigh an tSín a dhul i ngleic le fadhb na gcúltaiscí iomarcacha ábhar in 2016, tá stoc-chairn an-mhór ina seilbh aici i gcónaí, agus bíonn iarmhairt shaobhach ag na stoc-chairn sin ar phraghsanna (51). Thairis sin, tá gnéithe éagsúla de luachshlabhra iomlán an arbhair Indiaigh á rialú ag an rialtas, lena n-áirítear fóirdheontais ar tháirgeacht arbhair Indiaigh (52) agus maoirseacht ar na hoibríochtaí próiseála, mar a dheimhnítear san fhógra seo ó NDRC: “[d]éanfaidh gach údarás áitiúil an faireachán agus an anailís ar sholáthar agus ar éileamh arbhair Indiaigh sna réimsí ábhartha a leathnú, déanfaidh siad an mhaoirseacht ar chéim thógála agus ar chéim iarthógála de thionscadail domhainphróiseála arbhair Indiaigh a neartú, déanfaidh siad an chothromaíocht idir soláthar agus éileamh arbhair Indiaigh a chothú agus slándáil náisiúnta bia a áirithiú.” (53) Sonraítear an méid seo a leanas i bpríomhdhoiciméad beartais eile de chuid an rialtais (54): “Díriú ar na trí phríomh-ghránbharra, mar atá rís, cruithneacht agus arbhair Indiaigh […]; Féachaint ar fhorbairt córais seirbhíse sóisialta ‘próisis chuimsithigh’ agus samhail táirgeachta ‘slabhra tionsclaíochta chuimsithigh’; Méadú ar leibhéal táirgeachta sa ‘tír iomlán’ a fhorbairt agus a chothú, chomh maith leis an soláthar táirgí glasa agus an soláthar táirgí talmhaíochta ardchaighdeáin a mhéadú. Tacófar le cúigí ábhartha a thugann faoi na tascanna sin ar bhonn socruithe a chuimsítear i réamhaisnéis bhuiséid an rialtais láir.”

(77)

Fuair an Coimisiún amach freisin go bhfuil bearta rialaithe infheistíochta i bhfeidhm i nDaon-Phoblacht na Síne maidir le táirgeadh arbhair Indiaigh: “[B]eidh comhdú maidir le tionscadail phróiseála arbhair a thógáil faoi réir bainistíocht chomhchuibhithe i gcomhréir le hOrdú Uimh. 673 ón gComhairle Stáit.” (55)

(78)

Léirítear beartais Stáit a chuireann isteach ar fhórsaí an mhargaidh shaoir in earnáil an arbhair Indiaigh ar leibhéal cúige freisin. Faoi mar a chuir an t-iarratasóir in iúl agus a dhearbhaigh an Coimisiún, d’eisigh Cúige Heilongjiang, i mí Lúnasa 2017, doiciméad beartais maidir le bainistíocht na hearnála próiseála arbhair Indiaigh, i bhfoirm na Tuairime Treoraíochta ar Leagan Amach na Forbartha den Tionscal Domhainphróiseála Arbhair Indiaigh i gCúige Heilongjiang. Seoltar an doiciméad sin chuig “Aon chathair (ceantar), contae (cathair), Rialtas pobail (oifig riaracháin), agus gach aonad faoi údarás díreach an Rialtais Cúige”, ar cheart dóibh “[a] chur chun feidhme cúramach a áirithiú”. Sonraítear an méid seo a leanas sa Tuairim, i dtéarmaí critéir iontrála margaidh, go “lonnófar tionscadail domhainphróiseála arbhair Indiaigh nuathógtha go príomha sna príomhlimistéir tháirgthe arbhair Indiaigh” agus gur cheart do gach eintiteas cur chun feidhme “(t)ógáil tionscadal domhainphróiseála lena mbaineann scála próiseála mór, slabhraí tionsclaíocha fada, chomh maith le spás d’éileamh margaidh an táirge, a spreagadh; Tacú go háirithe le tionscadail domhainphróiseála arbhair Indiaigh lena mbaineann acmhainn bhliantúil próiseála arbhair Indiaigh nach lú ná 600 000 tona; agus tionscadail domhainphróiseála arbhair Indiaigh nuathógtha os cionn 1,2 milliún tona a spreagadh.” Forchuirtear leis an doiciméad fís shonrach de “phríomhshlabhraí tionsclaíocha”: “Maidir le tionscadail a bhaineann le leagan amach an tionscail: díreoidh siad go príomha ar fhorbairt agus ar tháirgeadh táirgí iartheachtacha a bhaineann le stáirse, alcól agus raonta táirgí feidhmiúla; leathnóidh siad an slabhra tionsclaíoch, barrfheabhsóidh siad struchtúr na dtáirgí, cuirfidh siad speisialú ceantar éagsúil agus fiontar éagsúil i dtábhacht; agus déanfaidh siad forbairt dhifreáilte feidhmeanna táirge a chur chun feidhme”. Maidir leis an raon táirgí stáirse, is é seo a leanas atá i gceist leis sin: “Stáirse modhnaithe speisialta a fhorbairt go príomha a bhíonn de dhíth ar thionscail amhail bia, páipéar, teicstílí agus ceimiceáin mhíne.” Ordaítear sa Tuairim freisin rialacha maidir le leagan amach geografach na fabraice tionsclaíche: “Tosca a chur san áireamh go cuimsitheach amhail táirgeadh arbhair Indiaigh, próiseáil, margadh agus infhaighteacht leanúnach amhábhar atá le próiseáil, príomhráthaíochtaí, tionscadail domhainphróiseála arbhair Indiaigh le bheith lonnaithe go príomha i seacht gceantar.” Mar shampla, i gcás ceann amháin de na limistéir sin, tugtar treoraíocht shonrach ann: “Féadfaidh Longjiang, Nehe, Yi’an, Nenjiang agus Gannan mórthimpeall air, Lindian, Wudalianchi, Bei’an, Fuyu, Dorbod, Baiquan, Keshan, Tailai, Kedong agus 14 chontae (chathair) eile chomh maith le limistéar Chathair Qiqihar 8,67 milliún tona d’acmhainneacht próiseála arbhair Indiaigh a sholáthar, agus féadfaidh siad seacht dtionscadal lena mbaineann acmhainneacht domhainphróiseála arbhair Indiaigh 1,2 milliún tona nó 14 thionscadal lena mbaineann acmhainneacht 600 000 tona a chur i bhfeidhm. Tógáil tionscadal domhainphróiseála ar scála mór os cionn 1,2 milliún tona sa cheantar seo a spreagadh”. Tugtar mar threoir do gach eintiteas cur chun feidhme an earnáil a atheagrú mar a leanas: “Cumas agus atheagrú na n-acmhainneachtaí próiseála arbhair Indiaigh bliantúla faoi bhun 300 000 tona a spreagadh chun feabhas a chur ar iomaíochas margaidh fiontar. A mhéid a bhaineann leis an acmhainneacht domhainphróiseála arbhair Indiaigh dhíomhaoin sa limistéar, tabhairt isteach fiontar cumhachtach a spreagadh agus comhghuaillíochtaí cineálacha comhchosúla táirgí agus fiontar réamhtheachtach agus iartheachtach a chur chun feidhme trí chumaisc agus éadálacha agus comhar straitéiseach, etc. […] Fiontair a threorú chun margaíocht a neartú, cur leis an sciar den mhargadh, agus roinnt grúpaí a chruthú de phríomhfhiontair a bhfuil tionchar acu ar an tionscal”. De bhreis air sin, i dtéarmaí bearta beartais, déantar foráil shonrach sa Tuairim maidir le tacaíocht Stáit le haghaidh fiontar a chomhlíonann critéir mhaoinithe áirithe: “Tacú le maoiniú fiontar ar an stocmhargadh, agus fóirdheontais a thabhairt d’fhiontair domhainphróiseála arbhair Indiaigh atá liostaithe go hintíre agus thar lear nó ar an Tríú Bord Nua.” (56)

(79)

De bhreis air sin, dhearbhaigh an Coimisiún go raibh údaráis áitiúla in Heilongjiang ag tacú le bunú agus feidhmiú aon pháirce tionsclaíche amháin ar a laghad ina mbíonn gníomhaíochtaí domhainphróiseála ar siúl, ag comhordú na hoibre sin agus ag déanamh maoirseachta uirthi (57).

(80)

Rinne an Coimisiún cinntí freisin maidir le cur isteach an Stáit san earnáil amóinia – amhábhar eile a úsáidtear chun MSG a tháirgeadh. Sa 13ú Plean náisiúnta 5 Bliana maidir le Tionscal na bPeitriceimiceán agus na gCeimiceán, leag rialtas na Síne spriocanna bliantúla amach le haghaidh táirgeadh amóinia trí “thacair theicneolaíochta agus threalaimh [a chur chun cinn] lena n-áirítear táirgeadh bliantúil os cionn 1 mhilliún tona d’amóinia shintéiseach agus de mheatánól sintéiseach.” (58) Léirítear an cur isteach den sórt sin ar thaobh an tsoláthair freisin i mbeartais chomhchosúla le húdaráis áitiúla. Tugtar orduithe sa 13ú Plean 5 Bliana maidir le Peitriceimiceáin i gCúige Hebei go háirithe chun “díriú ar chothú thógáil an dara céim de shaoráid amóinia 600 000 tona Cangzhou Zhengyuan” (59). Thairis sin, fuarthas amach go soláthraítear praghsanna fabhracha leictreachais níos ísle i gcúigí tionsclaíocha Chongqing agus Zhejiang le haghaidh monaraíocht amóinia sintéisí, go háirithe (60).

(81)

Mar a shonraítear san fhonóta le haithris (64), is ionchur lárnach é gual go hiondúil i bpróiseas táirgthe MSG i nDaon-Phoblacht na Síne (maidir leis an soláthar fuinnimh sa phróiseas monaraíochta). Mar a fuair an Coimisiún amach ina Thuarascáil, níl praghsanna fuinnimh sa tSín bunaithe ar an margadh. Go háirithe, tá margadh an ghuail faoi réir a shaofa, go háirithe de thoradh an fhóirdheonaithe (61). Thairis sin, fuair an Coimisiún amach go gcuireann údaráis phoiblí isteach ar fhórsaí an mhargaidh in earnáil an ghuail ar leibhéal cúige, go háirithe i gCúige Shandong, trí bhíthin doiciméid phleanála lena rialaítear soláthar, suíomh agus patrúin thionsclaíocha. Doiciméad amháin den sórt sin is ea Plean Forbartha Meántéarma agus Fadtéarma Chúige Shandong maidir le Fuinneamh, a foilsíodh in 2016 lena gcuimsítear tréimhse go dtí 2030. Is léir cuspóir idé-eolaíoch an Phlean chun an margadh a bhainistiú go háirithe trína threoirphrionsabal chun “(s)piorad an 18ú Comhdháil Náisiúnta de Pháirtí Cumannach na Síne, agus den tríú, ceathrú, cúigiú agus séú seisiún iomlánach dá cuid, a chur chun feidhme; Sraith d’óráidí tábhachtacha le Xi Jinping, an tArd-Rúnaí, mar aon leis na hóráidí a thug sé agus é i mbun cigireachta ar Shandong, a chur chun feidhme go díograiseach.” Aithnítear ann freisin carachtar láraithe fheidhmiú an mhargaidh fuinnimh go dtí le déanaí, mar ar cheann d’aidhmeanna sonraithe an Pháirtí tá “aistriú an phatrúin soláthair fuinnimh lán-láraithe i dtreo patrún láraithe agus díláraithe a chur chun cinn.” Tá sé mar aidhm le forálacha an doiciméid, go háirithe, suíomh sonrach agus patrúin forbartha d’earnáil an ghuail a rialú (62). Maidir le cumhacht a ghintear le gual, ordaítear leis an doiciméad, i measc nithe eile, chun: “(d)íriú ar thionscadail gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe meigea-chileavata sár-fhorchriticiúla a phleanáil agus a thógáil, agus braisle de ghléasraí cumhachta gualbhreoslaithe éiceolaíocha a thógáil i limistéar cósta an Tuaiscirt” agus “tógáil boinn forbartha chomhtháite guail agus leictreachais a phleanáil in Iardheisceart Shandong”. Faoi chuimsiú an doiciméid, ordaítear i bPlean Gníomhaíochta sonrach maidir le hAistriú agus Forbartha Guail gabháil do na patrúin forbartha tionsclaíche agus tógála seo a leanas, gan aird ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh ná ar shaor-chinnteoireacht chorparáideach: “Acmhainneacht táirgeachta agus lucht saothair iomarcach an Chúige a thuiscint agus a aistriú ar bhealach ordúil; Leanúint d’fheabhas a chur ar bhoinn an dá ghrúpa fiontair mhóra Shandong Energy agus Yankuang agus iad a neartú; Luas a chur faoi chumasc agus atheagrú fiontar mianadóireachta guail áitiúil agus é sin a chur chun cinn, feabhas a chur ar leibhéal comhchruinnithe an tionscail, aistriú an phatrúin forbartha a chothú ó phatrún atá bunaithe ar chainníocht agus ar luas i dtreo patrúin atá bunaithe ar cháilíocht agus tairbhe. […] Díriú ar thógáil tionscadal comhtháite gualbhreoslaithe lasmuigh den chúige san Ion-Mhongóil, in Shaanxi, Xinjiang, etc.” (63)

(82)

Tá an fhéidearthacht ann go mbeidh éifeacht saofa ar phraghsanna ag an mbaint atá ag an rialtas agus ag údaráis phoiblí ar fud an tslabhra luacha iomlán MSG.

(83)

Stiúrann Rialtas na Síne forbairt earnáil MSG i gcomhréir le raon leathan uirlisí, mar shampla trí fhóirdheontais Stáit a sholáthar. Deimhnítear i dTuarascáil Bhliantúil 2019 de chuid Meihua, táirgeoir onnmhairiúcháin, go bhfuair an chuideachta RMB 130 milliún ar a laghad d’fhóirdheontais rialtais in 2018 (64). I gcás Ningxia Eppen, léirítear fóirdheontais rialtais dar luach RMB 62,3 milliún in 2017 i dtuarascáil iniúchóireachta na cuideachta in 2018 (65). Thairis sin, an bhliain chéanna, dealraíonn sé go bhfuair Ningxia Eppen leithdháileadh RMB 200 000 chun suíomh taispeántais neartaithe Páirtí a bhunú (66).

(84)

Ina theannta sin, dhearbhaigh an Coimisiún gur thosaigh Daon-Phoblacht na Síne, le blianta beaga anuas, ar laghdú CBL 13 % a chur i bhfeidhm maidir le honnmhairí MSG, agus is é díolúine iomlán ó CBL i gcás na n-onnmhairí sin atá ina toradh air sin faoi láthair. Is ann do dhreasacht ó thaobh costais de le haghaidh oibreoirí na Síne sa mhargadh MSG mar thoradh air sin freisin (67).

(85)

Tríothu sin agus trí bhealaí eile, tá an earnáil MSG agus na hearnálacha a tháirgeann na hamhábhair a úsáidtear chun MSG a tháirgeadh faoi réir idirghabháil an rialtais, agus bíonn Rialtas na Síne ag stiúradh agus ag rialú beagnach gach gné maidir le forbairt agus feidhmiú an tslabhra luacha MSG.

(86)

Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun cuspóirí beartais phoiblí a chomhlíonadh, lena n-áirítear táirgeoirí MSG agus na hionchuir a úsáidtear i monaraíocht MSG. Cuireann bearta den sórt sin cosc ar fhórsaí an mhargaidh oibriú gan bhac.

3.2.3.6.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán: easpa dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor

(87)

De réir na faisnéise atá ar chomhad, déanann córas féimheachta na Síne seachadadh neamhleor ar a phríomhchuspóirí féin amhail éilimh agus fiachais a shocrú go cóir agus cearta agus leasanna dleathacha creidiúnaithe agus féichiúnaithe a choimirciú. Dealraítear go bhfuil sé sin fréamhaithe ar dhlí féimheachta na Síne atá bunaithe go foirmiúil ar phrionsabail atá cosúil leo sin a chuirtear i bhfeidhm i ndlíthe comhfhreagracha i dtíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne, áit ina bhfuil tearc-fhorfheidhmiú á dhéanamh ar chóras na Síne. Tá an líon féimheachtaí fós fíor-íseal i ndáil le méid gheilleagar na tíre, ní hamháin toisc go bhfuil roinnt easnamh ag baint leis na himeachtaí dócmhainneachta, a fheidhmíonn go bunúsach mar dhídhreasacht i gcás comhduithe féimheachta. Thairis sin, tá ról an Stáit sna himeachtaí dócmhainneachta láidir agus gníomhach i gcónaí, agus bíonn tionchar díreach acu go minic ar thoradh na n-imeachtaí (68).

(88)

Ina theannta sin, is léir go háirithe easnaimh an chórais maidir le cearta maoine i ndáil le húinéireacht talún agus cearta úsáide talún i nDaon-Phoblacht na Síne (69). Is le Stát na Síne an talamh ar fad (talamh thuaithe atá faoi chomhúinéireacht agus talamh uirbeach faoi úinéireacht an Stáit). Tá a leithdháileadh ag brath go hiomlán ar an Stát. Is forálacha dlíthiúla iad sin a bhfuil sé mar aidhm acu cearta úsáide talún a leithdháileadh ar bhealach trédhearcach agus ag praghsanna an mhargaidh, mar shampla trí nósanna imeachta tairisceana a thabhairt isteach. Mar sin féin, ní urramaítear na forálacha sin go tráthrialta, agus faigheann ceannaitheoirí áirithe a gcuid talún saor in aisce nó faoi rátaí an mhargaidh (70). Thairis sin, saothraíonn na húdaráis spriocanna polaitiúla sonracha lena n-áirítear na pleananna eacnamaíocha a chur chun feidhme nuair a bhíonn talamh á leithdháileadh (71).

(89)

Ach oiread le hearnálacha eile i ngeilleagar na Síne, tá táirgeoirí MSG faoi réir ghnáthrialacha dhlíthe féimheachta, corparáideacha, agus maoine na Síne. Tá sé d’éifeacht aige sin go mbíonn na cuideachtaí sin iad féin faoi réir an tsaofa ón mbarr anuas a eascraíonn as cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú neamhleor na ndlíthe féimheachta agus maoine. Níor léirigh an t-imscrúdú seo aon rud a chaithfeadh amhras ar na torthaí sin. Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an réamhchonclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart, rud a chruthaíonn saobhadh dá réir sin nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád sócmhainneach agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh i nDaon-Phoblacht na Síne. Dealraítear go bhfuil na breithnithe sin, ar bhonn na fianaise atá ar fáil, infheidhme go hiomlán freisin in earnáil MSG agus sna hearnálacha ina monaraítear na hamhábhair a úsáidtear chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh.

(90)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh dlíthe féimheachta agus maoine á gcur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó go rabhthas á bhforfheidhmiú go neamhleor i slabhraí luacha na gceimiceán agus na domhainphróiseála arbhair Indiaigh, lena n-áirítear i dtaca leis an táirge faoi athbhreithniú.

3.2.3.7.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán: saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais phá

(91)

Ní féidir córas pá margadhbhunaithe a fhorbairt go hiomlán i nDaon-Phoblacht na Síne toisc go gcuirtear bac ar oibrithe agus ar fhostóirí lena gcearta maidir le comheagrú. Níor dhaingnigh Daon-Phoblacht na Síne roinnt de choinbhinsiúin riachtanacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, go háirithe iad sin a bhaineann le saoirse chomhlachais agus cómhargáil (72). Faoin dlí náisiúnta, níl ach eagraíocht ceardchumainn amháin gníomhach. Mar sin féin, níl an eagraíocht sin neamhspleách ar na húdaráis Stáit agus tá an obair a dhéanann sí maidir le cómhargáil agus cosaint do chearta oibrithe fós bunúsach (73). Thairis sin, cuirtear srian ar shoghluaisteacht lucht saothair na Síne de bharr an chórais clárúcháin teaghlaigh, rud a chuireann teorainn leis an rochtain ar an raon iomlán slándála sóisialta agus ar shochair eile d’áitritheoirí áitiúla i limistéar riaracháin ar leith. Fágann sé sin oibrithe nach bhfuil an clárú cónaitheachta áitiúil ina seilbh acu iad féin i staid leochaileach fostaíochta agus faigheann siad ioncam níos ísle ná na daoine a bhfuil an clárú cónaitheachta acu (74). Fágann na torthaí sin go ndéantar costais phá a shaobhadh i nDaon-Phoblacht na Síne.

(92)

Níor cuireadh aon fhianaise isteach a thabharfadh le fios nach mbeadh cuideachtaí a tháirgeann MSG nó ionchuir ghaolmhara faoi réir chóras dlí saothair na Síne ar ar tugadh tuairisc. Déanann an saobhadh ar chostais phá difear go díreach dá réir sin d’earnáil MSG (nuair a bhíonn an táirge faoi athbhreithniú á mhonarú) agus go hindíreach (nuair a bhíonn rochtain ag táirgeoirí MSG ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna i nDaon-Phoblacht na Síne).

3.2.3.8.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán: rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an Stát ar shlí eile

(93)

Tá an rochtain a fhaigheann gníomhairí corparáideacha ar chaipiteal i nDaon-Phoblacht na Síne faoi réir saobhadh éagsúil.

(94)

Ar an gcéad dul síos, tá seasamh láidir ag na bainc atá faoi úinéireacht an Stáit i gcóras airgeadais na Síne (75), agus cuireann siad critéir seachas inmharthanacht eacnamaíoch tionscadail san áireamh le linn dóibh rochtain a dheonú ar mhaoiniú. Ar an gcaoi chéanna le fiontair neamhairgeadais atá faoi úinéireacht an Stáit, tá nasc fós ag na bainc leis an Stát ní hamháin trí úinéireacht ach freisin trí chaidreamh pearsanta (is é Páirtí Cumannach na Síne go bunúsach a cheapann na feidhmeannaigh is airde sna hinstitiúidí móra airgeadais atá faoi úinéireacht an Stáit) (76) agus, arís ach an oiread le fiontair neamhairgeadais atá faoi úinéireacht an Stáit, cuireann na bainc beartais phoiblí arna gceapadh ag an rialtas chun feidhme go tráthrialta. Agus iad á dhéanamh sin, comhlíonann na bainc sainoibleagáid dhlíthiúil maidir lena ngnó a dhéanamh i gcomhréir le riachtanais na forbartha eacnamaíche agus sóisialta náisiúnta agus faoi threoraíocht bheartais thionsclaíocha an Stáit (77). Is measa fós é sin de bharr rialacha breise atá i bhfeidhm, a dhíríonn maoiniú ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha spreagtha nó atá tábhachtach ar shlí eile (78).

(95)

Cé go n-aithnítear go dtagraíonn forálacha dlíthiúla éagsúla don ghá atá le gnáth-iompraíocht baincéireachta agus rialacha stuamachta a urramú amhail an gá atá le himscrúdú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtóra, tugtar le fios i bhformhór na fianaise, lena n-áirítear na torthaí a rinneadh in imscrúduithe cosanta trádála, nach bhfuil ag na forálacha sin ach ról tánaisteach maidir leis na hionstraimí dlí éagsúla a chur i bhfeidhm.

(96)

Ina theannta sin, déantar rátálacha bannaí agus creidmheasa a shaobhadh go minic ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear an tionchar atá ag tábhacht straitéiseach an ghnólachta do Rialtas na Síne ar an measúnú riosca agus neart aon ráthaíochta intuigthe a thugann an rialtas. Tugtar le fios go láidir i meastacháin go gcomhfhreagraíonn rátálacha creidmheasa na Síne go córasach do rátálacha idirnáisiúnta níos ísle (79).

(97)

Is measa fós iad na saincheisteanna sin de bharr rialacha breise atá ann cheana, a dhíríonn maoiniú ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha spreagtha nó atá tábhachtach ar shlí eile (80). Bíonn claonadh ann dá bharr sin i bhfabhar iasachtaí a thabhairt d’fhiontair atá faoi úinéireacht an Stáit, do gnólachtaí príobháideacha dea-nasctha agus do ghnólachtaí in earnálacha tionsclaíocha tábhachtacha, rud a thugann le fios nach ionann infhaighteacht agus costas an chaipitil do gach gníomhaí ar an margadh.

(98)

Ar an dara dul síos, coinníodh costais iasachtaithe íseal go saorga chun fás infheistíochta a spreagadh. Mar thoradh air sin tá úsáid iomarcach á baint as infheistíocht chaipitil le torthaí níos ísle ar an infheistíocht. Léirítear é sin leis an bhfás le déanaí ar ghiaráil chorparáideach in earnáil an stáit d’ainneoin titim ghéar ar bhrabúsacht, rud a thugann le fios nach leanann na sásraí atá i bhfeidhm sa chóras baincéireachta na gnáthfhreagairtí tráchtála.

(99)

Ar an tríú dul síos, cé gur baineadh amach léirscaoileadh sna rátaí ainmniúla úis i mí Dheireadh Fómhair 2015, níl na comharthaí praghais ann de bharr fhórsaí an mhargaidh shaoir fós, ach bíonn tionchar ag saobhadh a thagann chun cinn ón rialtas orthu. Tarlaíonn praghsáil ró-íseal de thoradh rátaí úis a bheith níos ísle ná mar atá réasúnach, agus dá dheasca sin, baintear úsáid iomarcach as caipiteal.

(100)

Léirítear leis an bhfás foriomlán ar chreidmheas i nDaon-Phoblacht na Síne go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas ó thaobh a éifeachtaí a leithdháiltear caipiteal gan aon chomhartha ann go bhfuil creidmheas ag éirí níos doichte, rud lena mbeifí ag súil i dtimpeallacht mhargaidh neamhshaofa. Dá thoradh sin, tá líon na n-iasachtaí neamhthuillmheacha tar éis dul i méid go tapa le blianta beaga anuas. Agus staid ann ina bhfuil líon na bhfiach atá i mbaol ag dul i méid, roghnaigh Rialtas na Síne mainneachtain a sheachaint. Dá dheasca sin, láimhsíodh saincheisteanna drochfhiachais trí fhiacha a thar-rolladh, rud lena gcruthaítear cuideachtaí “zombaí” mar a thugtar orthu, nó trí úinéireacht na bhfiach a aistriú (e.g. trí chumaisc nó trí bhabhtálacha fiachais ar chothromas), rud nach ionann agus deireadh a chur le fadhb fhoriomlán na bhfiach ná aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na faidhbe.

(101)

Go bunúsach, d’ainneoin na mbeart a rinneadh le déanaí chun an margadh a léirscaoileadh, déanann saobhadh suntasach, de thoradh ról forleatach leanúnach an stáit sna margaí caipitil, difear don chóras creidmheasa chorparáidigh i nDaon-Phoblacht na Síne.

(102)

Níor tíolacadh aon fhianaise lenar léiríodh go mbeadh earnáil MSG díolmhaithe ó idirghabháil an rialtais sa chóras airgeadais mar a thuairiscítear thuas. Dheimhnigh an Coimisiún freisin gur bhain ceann de phríomhtháirgeoirí MSG leas as fóirdheontais rialtais (féach aithris (83)). Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstainteach an rialtais sa chóras airgeadais.

3.2.3.9.   An nádúr sistéamach a bhaineann leis an saobhadh a thuairiscítear

(103)

Thug an Coimisiún dá aire gur saintréithe de gheilleagar na Síne an saobhadh a thuairiscítear sa Tuarascáil. Léirítear san fhianaise atá ar fáil gurb infheidhme fíorais agus gnéithe chóras na Síne mar a thuairiscítear thuas i Ranna 3.2.3.2 go 3.2.3.5 agus i gCuid A den Tuarascáil chomh maith, maidir leis an tír ar fad agus ar fud earnálacha an gheilleagair. Is ionann an scéal maidir leis an tuairisc ar na tosca táirgeachta mar a leagtar amach thuas i Ranna 3.2.3.6 go 3.2.3.8 thuas agus i gCuid B den Tuarascáil.

(104)

Meabhraíonn an Coimisiún gur gá raon ionchur chun MSG a tháirgeadh. Ina leith sin, tá Daon-Phoblacht na Síne ar cheann de phríomhtháirgeoirí arbhair Indiaigh – an príomh-amhábhar i bpróiseas táirgeachta MSG (féach aithris (64)). Nuair a cheannaíonn táirgeoirí MSG na hionchuir sin i nDaon-Phoblacht na Síne nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, bíonn siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus earnálacha.

(105)

Dá dheasca sin, ní hamháin nach iomchuí na praghsanna díola intíre de MSG le húsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach déantar difear freisin do na costais ionchuir uile (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna A agus B den Tuarascáil. Go deimhin, tá idirghabhálacha an rialtais a thuairiscítear i ndáil le leithdháileadh an chaipitil, na talún, an lucht saothair, an fhuinnimh agus na n-amhábhar le fáil ar fud Dhaon-Phoblacht na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go mbíonn ionchur, a táirgeadh i nDaon-Phoblacht na Síne trí raon tosca táirgeachta a chur le chéile, neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh an scéal maidir leis an ionchur don ionchur agus mar sin de. Níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú reatha aon fhianaise ná argóint ina choinne sin.

3.2.3.10.   Conclúid

(106)

Leis an anailís a leagtar amach i Ranna 3.2.3.2 go 3.2.3.9, lena n-áirítear scrúdú ar an bhfianaise uile dá bhfuil ar fáil a bhaineann le hidirghabháil Dhaon-Phoblacht na Síne ina geilleagar i gcoitinne agus in earnáil MSG agus sa slabhra soláthair gaolmhar chomh maith, léiríodh nach bhfuil praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an lucht saothair, mar thoradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir toisc go ndéanann idirghabháil shubstainteach an rialtais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán difear dóibh mar a léirítear leis an tionchar iarbhír nó leis an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha dá liostaítear ann. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a bhunú sa chás sin.

(107)

Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a pléadh sa roinn a leanas.

3.2.4.   Tír ionadaíoch

3.2.4.1.   Barúlacha ginearálta

(108)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (81);

Táirgeadh an táirge atá faoi athbhreithniú sa tír sin;

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch.

I gcás inarb ann do níos mó ná aon tír ionadaíoch fhéideartha amháin, tugadh tús áite, i gcás inarbh iomchuí, don tír ina bhfuil leibhéal leormhaith cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(109)

Mar a mhínítear in aithrisí (40) agus (41), d’eisigh an Coimisiún dhá nóta i gcomhair an chomhaid le haghaidh páirtithe leasmhara faoi na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh, a comhdaíodh an 21 Feabhra 2020 (“an chéad nóta faoi thosca táirgeachta”) agus an 8 Aibreán 2020 (“an dara nóta faoi thosca táirgeachta”) faoi seach. Sa dara nóta, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas i dtaobh a chonclúide gur thír ionadaíoch iomchuí í an Téalainn sa chás seo dá ndeimhneofaí cur i bhfeidhm na modheolaíochta faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

3.2.4.2.   Táirgeadh an táirge faoi imscrúdú sa tír ionadaíoch agus leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne

(110)

Sa chéad nóta faoi thosca táirgeachta, shainaithin an Coimisiún, i measc na dtíortha lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne de réir an Bhainc Dhomhanda, i.e. aicmíonn an Banc Domhanda iad go léir mar thíortha “ard-mheánioncaim” ar bhonn ollioncam náisiúnta, gurbh eol go raibh an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh san Airgintín, sa Bhrasaíl, i bhFidsí, san Iaráin, in Iamáice, sa Mhalaeisia, ar Oileán Mhuirís, i Meicsiceo, i bPeiriú, san Afraic Theas, sa Téalainn agus sa Tuirc. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an leibhéal forbartha eacnamaíche agus maidir le táirgeadh an táirge faoi imscrúdú sna tíortha a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch tar éis an nóta sin.

3.2.4.3.   Sonraí a bheith ar fáil go héasca sa tír ionadaíoch

(111)

Níorbh fhéidir leis an gCoimisiún cuideachtaí táirgthe MSG a shainaithint a raibh a sonraí airgeadais ar fáil go héasca agus dá bhrí sin a bhféadfaí iad a mheas mar a bheith oiriúnach chun críoch Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán ach amháin in dhá cheann de na tíortha a shainaithin an Coimisiún mar thíortha a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch, i.e. sa Téalainn agus sa Mhalaeisia.

(112)

Mar sin féin, mar a shonraítear sa dara nóta ar thosca táirgeachta, níor sainaithníodh ach aon chuideachta amháin sa Mhalaeisia a tháirgeann MSG: Ajinomoto Malaysia Bhd, a bhí ag táirgeadh táirgí bia agus breiseáin eile freisin. Sainaithníodh cúig chuideachta sa Téalainn, eadhon Ajinomoto Co., (An Téalainn) Ltd., Thai Fermentation Industry Co Ltd. (Racha Churos), Thai Churos, Thai Foods International Co. Ltd. agus KT MSG. Bhí gach ceann de na cuideachtaí sin ag táirgeadh MSG agus táirgí bia nó breiseáin eile. Dealraíodh áfach go raibh dhá chuideachta, Thai Fermentation Industry Co Ltd. (Racha Churos) agus Thai Churos, ag táirgeadh MSG go príomha agus raon teoranta táirgí eile. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go mbeadh na sonraí airgeadais a bhí ar fáil go poiblí ar thángthas orthu sa Téalainn ionadaíoch agus cruinn don mheasúnú ar mhéid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais SG&A don imscrúdú seo.

(113)

Rinne an Coimisiún anailís chúramach ar na sonraí ábhartha uile dá raibh ar fáil sa chomhad maidir leis na tosca táirgeachta sa Téalainn agus thug an méid a leanas dá aire:

Rinne an Coimisiún anailís ar staidreamh allmhairiúcháin gach toisce táirgeachta a liostaítear sa chéad nóta, mar a thugtar cothrom le dáta iad leis an dara nóta ar thosca táirgeachta, agus tháinig ar an gconclúid go raibh allmhairí ann de na tosca táirgeachta riachtanacha go léir chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

Bhí staidreamh fuinnimh (praghsanna tionsclaíocha ar an leictreachas) i gcomhair na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe ar fáil go héasca i bhfoirm sonraí a sholáthair an tÚdarás Leictreachais Cathrach agus a d’fhoilsigh Bord Infheistíochta na Téalainne (82).

Is í an fhoinse maidir le costas saothair an staidreamh atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le pá míosúil ar an meán san earnáil mhonaraíochta agus na huaireanta a oibrítear go seachtainiúil sa Téalainn (83).

(114)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, áireofar sa ghnáthluach comhdhéanta méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais SG&A agus i gcomhair na mbrabús. Ina theannta sin, ní mór luach ar fhorchostais mhonaraíochta a bhunú chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta. Mar a luadh roimhe seo in aithris (112), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh cúig chuideachta sa Téalainn, eadhon Ajinomoto Co. (Thailand) Ltd.; Thai Fermentation Industry Co Ltd. (Racha Churos); Thai Churos; Bhí ráitis airgeadais ag Thai Foods International Co. Ltd. agus KT MSG a bhí ar fáil go héasca acu a d’fhéadfaí a úsáid mar ionadú chun méid neamhshaofa agus réasúnach a chinneadh i gcomhair costais SG&A agus na mbrabús.

(115)

Tar éis don Choimisiún a shuí gur thír ionadaíoch iomchuí í an Téalainn ar bhonn na ngnéithe sin, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt deiridh d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

3.2.4.4.   An chonclúid ar an tír ionadaíoch

(116)

I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Téalainn na critéir go léir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán le go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí. Go háirithe, tá an táirge faoi imscrúdú á tháirgeadh ar leibhéal substaintiúil sa Téalainn agus tá tacar iomlán sonraí ar fáil go héasca maidir le gach toisc tháirgeachta, costais SG&A agus an brabús.

3.2.5.   Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa agus tagarmharcanna a bhunú

(117)

Sa dara nóta maidir le tosca táirgeachta, shonraigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a chomhdhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go raibh sé beartaithe aige go n-úsáidfeadh sé GTA (84) chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le gach ceann de na hamhábhair atá ar áireamh sna tosca táirgeachta sa tír ionadaíoch agus staidreamh na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus staidreamh náisiúnta chun na costais neamhshaofa saothair sa tír ionadaíoch a shuí. Shonraigh an Coimisiún freisin go raibh sé beartaithe aige na rátaí is infheidhme ag Údarás Leictreachais Cathrach na Téalainne a úsáid le haghaidh na gcostas leictreachais. Maidir le costas an uisce, bhí sé beartaithe ag an gCoimisiún na taraifí is infheidhme ag Údarás Oibreacha Uisce Cathrach na Téalainne a úsáid. Bhainfí úsáid freisin as na sonraí airgeadais ó na cúig chuideachta Ajinomoto Co. (Thailand) Ltd.; Thai Fermentation Industry Co Ltd. (Racha Churos); Thai Churos; Thai Foods International Co. Ltd. agus KT MSG, chun costais SG&A agus brabúis a shuí.

3.2.6.   Tosca táirgeachta

(118)

D’fhonn an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún anailís ar na sonraí go léir atá ar fáil maidir leis na tosca táirgeachta agus chinn sé na luachanna seo a leanas a úsáid:

Tábla 1

Tosca táirgeachta MSG

Tosca táirgeachta

Cód an tráchtearra

Aonad tomhais

Luach neamhshaofa

Amhábhair

Arbhar Indiach

1005 90 90 00 2

KG

1,59 CNY/kg

Einsímí

3507

KG

73,81 CNY/kg

Amóinia ainhidriúil

2814 10

KG

1,97 CNY/kg

Comhdhúile aimín le feidhm ocsaigine

2922 49

KG

57,89 CNY/kg

Aigéad sulfarach

2807 0000 10 2

KG

0,49 CNY/kg

Aigéad Fosfarach

2809 20 32

KG

7,89 CNY/kg

Hiodrocsaíd sóidiam i dtuaslagán uiscí

2815 12

KG

2,30 CNY/kg

Décharbónáit sóidiam

2836 30

KG

3,20 CNY/kg

Fosfáit déshóidiam

2835 22 00

KG

7,4 CNY/kg

Carbón Gníomhachtaithe

3802 10 00 00 0

KG

25,75 CNY/kg

Ocsaigin leachtach

2804 40

KG

1,06 CNY/kg

Nithe Fuinnimh/Tomhaltáin

Ola

2710 19

L

3,35 CNY/L

Crotal Ríse

1213 00

KG

3,91 CNY/kg

Leictreachas

Údarás Leictreachais Cúige na Téalainne

KWH

0,71 CNY/kWh

Lucht saothair

Saothar Díreach

An Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair - ILOSTAT

HRS

17,13 CNY/uair an chloig

Fotháirge/dramhaíl

Leasaitheoir Leachtach

3105

KG

2,64 (neg.) CNY/kg

(119)

Chuir an Coimisiún ar áireamh luach ar fhorchostais mhonaraíochta chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. D’fhonn an méid sin a shuí baineadh úsáid as na sonraí a soláthraíodh san iarraidh, go háirithe na sonraí ó ghléasra KKP Ajinomoto na Téalainne. Mínítear an mhodheolaíocht sin go hiomchuí in aithrisí (127) agus (128).

3.2.6.1.   Amhábhair

(120)

Cinntear struchtúr costais MSG go príomha le costais na n-amhábhar, go háirithe an fhoinse siúcra agus na ceimiceáin éagsúla (carbónáití go príomha) chomh maith le fuinneamh.

(121)

Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar a bhunú, bhí an Coimisiún ag brath ar phraghsanna allmhairiúcháin chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA ar cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin leis. Chun an gnáthluach a bhunú de réir mhodheolaíocht an Choimisiúin, ba cheart na costais iompair intíre a chur leis na praghsanna allmhairiúcháin sin de ghnáth. Ag cur an chinnidh in aithris (133) san áireamh áfach, nach raibh aon chostais iompair intíre ar fáil i ngeall ar neamh-chomhoibriú an onnmhaireora/na dtáirgeoirí i nDaon-Phoblacht na Síne, chomh maith le cineál an imscrúdaithe seo ar an athbhreithniú éaga, ina ndírítear ar a chinneadh ar leanadh den dumpáil i rith na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe seachas méid beacht na dumpála a fháil amach, chinn an Coimisiún nach raibh gá le coigeartuithe maidir le hiompar intíre, toisc nach mbeadh de thoradh ar choigeartuithe den sórt sin ach an gnáthluach a mhéadú agus an corrlach dumpála dá réir sin.

(122)

Cinneadh praghas allmhairiúcháin gach toisce táirgeachta sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí den toisc táirgeachta sin ó gach tríú tír gan Daon-Phoblacht na Síne a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (85). Chinn an Coimisiún na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithris (106) nach iomchuí praghsanna agus costais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Ós rud é nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach ndéanann an saobhadh céanna an difear céanna do tháirgí atá le honnmhairiú, mheas an Coimisiún go ndearna an saobhadh céanna difear do na praghsanna onnmhairiúcháin.

3.2.6.2.   Lucht saothair

(123)

Foilsíonn an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair faisnéis mhionsonraithe maidir le pá in earnálacha difriúla den gheilleagar sa Téalainn. Bhain an Coimisiún úsáid as an staidreamh is déanaí atá ar fáil ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair maidir le pá míosúil in earnáil na monaraíochta agus ar na huaireanta oibre sa Téalainn don tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (86).

3.2.6.3.   Leictreachas

(124)

Foilsíonn Bord Infheistíochta na Téalainne praghas an leictreachais i gcomhair cuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíocha) sa Téalainn. Bhain an Coimisiún úsáid as na rátaí is infheidhme maidir le cuideachtaí Seirbhíse Ginearálta Móire a chuireann an tÚdarás Leictreachais Cúige i bhfeidhm agus a fhoilsíonn Bord Infheistíochta na Téalainne (87).

3.2.6.4.   Tomhaltáin/cainníochtaí diomaibhseacha

(125)

I ngeall ar an líon mór tosca táirgeachta, rinneadh roinnt de na hamhábhair nach raibh iontu ach meáchan diomaibhseach (i.e. níos lú ná 0,5 %) i gcostas iomlán na táirgeachta a ghrúpáil faoi thomhaltáin.

(126)

Ríomh an Coimisiún céatadán na dtomhaltán ar chostas foriomlán na n-amhábhar a soláthraíodh san iarraidh, go háirithe na sonraí ó ghléasra KKP Ajinomoto sa Téalainn, agus chuir sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar le linn dó a bheith ag úsáid na bpraghsanna neamhshaofa bunaithe.

3.2.6.5.   Forchostais mhonaraíochta, costais SG&A, brabúis agus dímheas

(127)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, “ní mór méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus i gcomhair brabús a bheith san áireamh sa ghnáthluach comhdhéanta”. Ina theannta sin, ní mór luach ar fhorchostais mhonaraíochta a bhunú chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta.

(128)

Chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a bhunú agus mar gheall ar chomhoibriú ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin/táirgeoirí sa tSín a bheith in easnamh, d’úsáid an Coimisiún fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, bunaithe ar na sonraí a soláthraíodh san iarraidh, go háirithe na sonraí ó ghléasra KPP Ajinomoto sa Téalainn, bhunaigh an Coimisiún cóimheas na bhforchostas monaraíochta leis na costais fhoriomlána mhonaraíochta agus saothair. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm maidir le luach neamhshaofa chostas na monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil.

(129)

Chun méid neamhshaofa agus réasúnach a bhunú i gcomhair costais SG&A agus an bhrabúis, bhraith an Coimisiún ar na sonraí airgeadais ó chúig chuideachta sa tír ionadaíoch, an Téalainn, a luadh in aithris (117); eadhon Ajinomoto Co. (Thailand) Ltd.; Thai Fermentation Industry Co Ltd. (Racha Churos); Thai Churos; Thai Foods International Co. Ltd. agus KT MSG mar a baineadh iad as bunachair shonraí Orbis Bureau van Dijk (88) (“Orbis”). Mar a tugadh le fios sa dara nóta maidir le tosca táirgeachta, cumhdaíodh an bhliain airgeadais ó mhí Aibreáin 2018 go dtí mí an Mhárta 2019 sna sonraí ó Ajinomoto Co. (Thailand) Ltd. Cumhdaíodh an bhliain airgeadais ó mhí Eanáir go mí na Nollag 2018 sna sonraí airgeadais is déanaí do na ceithre chuideachta eile. Ba mhó ná 80 % de láimhdeachas iomlán na gcúig chuideachta láimhdeachas Ajinomoto Co. (An Téalainn) Ltd., dá bharr sin tá ualú an-suntasach ag na sonraí a pháirt-chumhdaíonn an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe ar mheánchostais SG&A agus ar an mbrabús a úsáideadh san imscrúdú seo. Measadh go raibh cuimsiú sonraí na gcuideachtaí eile, agus an tréimhse díreach roimh an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe á cumhdach, ionadaíoch in éagmais aon fhianaise a thabharfadh a mhalairt le fios. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an gcur chuige sin mar a bhfuil cuntas air sa dara nóta maidir le tosca táirgeachta. Chreid an Coimisiún gurbh iomchuí an cur chuige é seo sna himthosca seo, ag cur san áireamh go raibh costais SG&A agus brabús Ajinomoto Co. (An Téalainn) Ltd. (16 % araon) i gcomhréir leis an meán arna úsáid agus arna liostú in aithris (132) ag léiriú shonraí na gcuideachtaí eile dá raibh sonraí ar fáil go dtí deireadh 2018. In aon chás, léireodh ceachtar den dá thacar sonraí corrlach ard dumpála agus, ag cur san áireamh gur athbhreithniú éaga é an t-imscrúdú lena mbaineann, níl aon ghá corrlach dumpála beacht a bhunú. I mí Eanáir 2021, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le bunachar sonraí Dun & Bradstreet (“D&B”) (89) le seiceáil an raibh sonraí airgeadais na gcúig chuideachta ar fad tugtha cothrom le dáta. Ní raibh aon nuashonrú ann ach le haghaidh Ajinomoto Co. (An Téalainn) Ltd. don tréimhse ó mhí Aibreáin 2019 go dtí mí an Mhárta 2020, ach ní raibh an tacar sonraí iomlán áfach toisc nach raibh an glanbhrabús áirithe ann. Úsáideadh dá bhrí sin an tacar sonraí bunaidh a nochtadh sa dara nóta ar thosca táirgeachta.

3.2.7.   Ríomh

(130)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a chomhdhéanamh ar bhonn an phraghais dhírigh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Toisc nach raibh aon chomhoibriú ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin/táirgeoirí sa tSín agus toisc dá bhrí sin nach raibh aon fhaisnéis ar na cineálacha táirgí a dhíoltar ar an margadh intíre ar fáil níor bunaíodh an gnáthluach de réir an chineáil táirge.

(131)

Ar an gcéad dul síos, bhunaigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais chomhoibriú na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin/dtáirgeoirí sa tSín, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh bunaithe ar an struchtúr costais agus ar chóimheasa táirgeachta teicniúla ábhartha a ghléasraí táirgeachta arna gcur in oiriúint do na príomhfhoinsí siúcra (stáirse arbhair Indiaigh) a úsáideadh sa tSín maidir le húsáid gach toisce (ábhair agus lucht saothair) chun MSG a tháirgeadh. D’iolraigh an Coimisiún na tosca úsáide faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a tugadh faoi deara sa tír ionadaíoch (an Téalainn).

(132)

Chuir an Coimisiún an cóimheas d’fhorchostais mhonaraíochta arna mbunú mar a mhínítear in aithris (128) i bhfeidhm ar na costais mhonaraíochta neamhshaofa. I gcás chostais SG&A agus an bhrabúis, d’úsáid an Coimisiún meán ualaithe na gcostas díola, ginearálta agus riaracháin agus an bhrabúis a thaifeadtar sna ráitis airgeadais atá ar fáil go poiblí de na cúig tháirgeoir aitheanta MSG sa Téalainn mar a mhínítear in aithris (129). Dá réir sin, chuir an Coimisiún na nithe seo a leanas leis an gcostas neamhshaofa monaraíochta:

Forchostais mhonaraíochta arbh ionann iad agus [5 – 10 % de na costais mhonaraíochta iomlána mar a mhínítear in aithris (128);

Costais SG&A de 16 %, arna gcur i bhfeidhm ar shuim na gcostas monaraíochta agus na bhforchostas monaraíochta, agus;

Brabús 18 %, arna chur i bhfeidhm ar shuim na gcostas monaraíochta agus na bhforchostas monaraíochta.

3.2.8.   An praghas onnmhairiúcháin

(133)

Mar thoradh ar an easpa comhoibrithe ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin/táirgeoirí, bunaíodh praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Shuigh an Coimisiún an praghas onnmhairiúcháin bunaithe ar an staidreamh atá ar fáil, go háirithe bunachar sonraí Comext (Eurostat). Ós rud é go ndéantar na praghsanna in Comext a thaifeadadh ar leibhéal Costais, Árachais, agus Lasta, bunaíodh leibhéal an phraghais dhírigh ón monarcha bunaithe ar an bhfianaise a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú éaga i gcomhair costais iompair, láimhseála, lasta aigéin agus árachais.

3.2.9.   Comparáid agus corrlach dumpála

(134)

Chuir an Coimisiún an gnáthluach comhdhéanta i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán i gcomparáid leis an bpraghas onnmhairiúcháin mar a shuitear thuas. Ar an mbonn sin, b’ionann an meánchorrlach dumpála ualaithe, arna shloinneadh mar chéatadán den phraghas ag an teorainn ó thaobh chostas, árachas agus last-táille an Aontais ó bhunachar sonraí Comext, an dleacht gan íoc air, agus 112,8 %.

3.2.10.   Conclúid

(135)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin gur leanadh den dumpáil ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

3.3.   An Indinéis

(136)

Le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, taispeánann na sonraí staidrimh ó Eurostat gur allmhairíodh 5 535 tona de MSG as an Indinéis, is é sin [5 – 10] % den sciar den mhargadh san Aontas. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil líon allmhairí den sórt sin sách ionadaíoch chun imscrúdú a dhéanamh ar cibé ar leanadh den dumpáil le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe nó nár leanadh.

3.3.1.   Gnáthluach

(137)

I ngeall ar an easpa comhoibrithe ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, d’úsáid an Coimisiún fíorais a bhí ar fáil chun an gnáthluach a bhunú, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Maidir leis sin, d’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthair an grúpa táirgeoirí comhoibríocha as an Indinéis.

(138)

Bhí an gnáthluach bunaithe dá bhrí sin ar na praghsanna díolacháin intíre a sholáthair an grúpa táirgeoirí comhoibríocha as an Indinéis. I ngeall ar an easpa comhoibrithe ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, ní raibh aon phraghas mionsonraithe onnmhairiúcháin in aghaidh an táirge ar fáil. Dá dheasca sin, níorbh fhéidir tástáil mhionsonraithe den ghnáthchúrsa trádála a dhéanamh mar a leagtar amach in Airteagail 2(4) go 2(6) den bhun-Rialachán. Fuair an Coimisiún go raibh an meánphraghas díolacháin intíre brabúsach, i.e. os cionn an mheánchostais táirgeachta arna shuí don ghrúpa táirgeoirí comhoibríocha as an Indinéis. Dá bhrí sin, bhí an gnáthluach bunaithe ar mheánphraghas díolacháin intíre dhíolacháin intíre uile an ghrúpa táirgeoirí comhoibríocha as an Indinéis.

(139)

Tugadh le fios san imscrúdú freisin gur díoladh MSG ar an mórchóir agus i gcomhair miondíola. Sholáthair an t-iarratasóir faisnéis gurbh ionann MSG ar an mórchóir (i.e. ar dhíolacháin i méideanna pacáistíochta 20 kg agus níos mó) agus móramh mór na ndíolachán onnmhairiúcháin chuig an Aontas, agus go ndearnadh díolacháin ar an margadh intíre san Indinéis ar an mórchóir agus i gcomhair miondíola (díolacháin i bpacáistí beaga tomhaltóirí).

(140)

Deimhníodh sna sonraí a chuir an grúpa táirgeoirí comhoibríocha as an Indinéis isteach go raibh MSG ar an mórchóir á dhíol ar mhargadh intíre na hIndinéise ar phraghsanna faoi bhun an chostais táirgeachta agus taispeánadh go raibh difríocht chomhsheasmhach sa phraghas idir díolacháin ar an mórchóir agus i gcomhair miondíola.

(141)

Dá bhrí sin, ar mhaithe le hiomláine agus chun iomaíocht chóir a áirithiú idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin, ríomh an Coimisiún freisin gnáthluach malartach bunaithe ar dhíolacháin intíre ar an mórchóir amháin a d’fhéadfaí a chur i gcomparáid leis na praghsanna díolacháin onnmhairiúcháin a dhíoltar ar an mórchóir den chuid is mó. Mar atá thuas, bhí praghsanna díolacháin MSG bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar ag an ngrúpa táirgeoirí comhoibríocha as an Indinéis. Toisc go ndearnadh na díolacháin intíre ar an mórchóir faoi bhun an mheánchostais táirgeachta, chomhdhéan an Coimisiún an gnáthluach ag leanúint Airteagal 2(3) agus (6) den bhun-Rialachán trí mheánchostais ualaithe SG&A agus brabús arna dtabhú ag an ngrúpa comhoibríocha as an Indinéis a chur le gach díolachán intíre de MSG (ar an mórchóir agus miondíola), i rith na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. In éagmais aon fhaisnéise eile a bheith ar fáil, measadh gurb é an fhoinse faisnéise ab iomchuí agus ba réasúnaí é.

3.3.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(142)

In éagmais chomhoibriú tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin bunaithe ar shonraí Comext (Eurostat), i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Ós rud é go bhfuil na praghsanna in Comext taifeadta ar leibhéal costais, árachais agus lasta agus toisc nár onnmhairigh an grúpa táirgeoirí comhoibríocha as an Indinéis chuig an Aontas, suíodh leibhéal an phraghais dhírigh ón monarcha bunaithe ar an bhfianaise a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú éaga maidir le costais iompair agus árachais ón Indinéis chuig teorainn an Aontais.

3.3.3.   Comparáid agus corrlach dumpála

(143)

Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach faoi dhá chnámh scéil dhifriúla ar a dtugtar tuairisc thuas agus an praghas onnmhairiúcháin mar a bhunaítear thuas. Ar an mbonn sin, fuarthas go raibh an meánchorrlach dumpála ualaithe, arna shloinneadh mar chéatadán den phraghas ag an teorainn ó thaobh chostas, árachas agus last-táille an Aontais de, agus an dleacht neamhíoctha:

87,03 %, nuair a ríomhadh é ar bhonn na ndíolachán intíre uile de MSG san Indinéis mar a dtugtar tuairisc air in aithris (138);

44,26 %, nuair a ríomhadh é ar bhonn an ghnáthluacha chomhdhéanta mar a dtugtar tuairisc air in aithris (141).

3.3.4.   Conclúid

(144)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur leanadh den dumpáil ón Indinéis le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

4.   DÓCHÚLACHT GO RABHAS AG LEANÚINT DEN DUMPÁIL

4.1.   Daon-Phoblacht na Síne

(145)

Sa bhreis ar an toradh lena bhfuarthas gurbh ann don dumpáil le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm maidir le hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne. Mar thoradh ar an neamh-chomhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin/tháirgeoirí i nDaon-Phoblacht na Síne, is ar na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán a bhunaigh an Coimisiún a mheasúnú, eadhon maidir le torthaí an athbhreithnithe éaga roimhe sin a luadh in aithris (2), maidir leis an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú, faisnéis atá ar fáil go poiblí, Comext (Eurostat) agus GTA. Rinneadh anailís ar na heilimintí seo a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne, praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí tríú tíortha, agus tarraingteacht mhargadh an Aontais agus cleachtais teacht timpeall.

4.1.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne

(146)

Mar thoradh ar an neamh-chomhoibriú, b’éigean don Choimisiún a mheasúnú a bhunú ar na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh agus torthaí an athbhreithnithe éaga roimhe sin, chomh maith le foinsí eile poiblí mar a shonraítear in aithris (149).

(147)

Tháinig méadú leanúnach ar acmhainneacht táirgeachta MSG sa tSín ó 2015, de réir na faisnéise arna soláthar ag an iarratasóir. Ó 2013 i leith, i ngeall ar na dlíthe cosanta comhshaoil neartaithe, bhog táirgeoirí MSG níos lú sa tSín amach as an margadh MSG, agus leathnaigh táirgeoirí níos mó a gcuid saoráidí agus chuir méadú [10-30] % ar tháirgeacht, ag sroicheadh [3 500 000-4 000 000] tona, idir 2016 agus 2018. Le linn na tréimhse céanna, tháinig méadú [100-130] % ar an acmhainneacht iomlán bhreise. Amhail ó 2018, measadh go raibh an acmhainneacht nár úsáideadh i measc na dtáirgeoirí gníomhacha MSG i nDaon-Phoblacht na Síne [idir 12 uair agus 15 huaire] níos mó ná an méid tomhaltais san Aontas sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(148)

Ina theannta sin, deimhnítear i roinnt alt atá ar fáil go poiblí (90) bunaithe ar thuarascálacha margaidh, gur tháinig méadú tobann ar mhéideanna táirgeachta na Síne. Bunaithe ar an bhfaisnéis sin a bhí ar fáil go poiblí mhéadaigh roinnt táirgeoirí MSG i nDaon-Phoblacht na Síne a gcuid acmhainneachta ó 2015.

(149)

Tugadh le fios i bhfaisnéis eile a bhí ar fáil go poiblí (91) gur chuir Fufeng Group Limited, ceann de na príomhtháirgeoirí MSG i nDaon-Phoblacht na Síne agus an príomhonnmhaireoir chuig an Aontas de réir an iarratasóra, méadú 41 % ar a acmhainneacht táirgeachta, ó 940 000 tona in 2015 go dtí 1 330 000 tona in 2019. An tráth céanna, thit a úsáid acmhainneachta go 80 %. Ciallaíonn sé sin gurbh ionann acmhainneacht bhreise táirgeora aonair as an tSín in 2019 agus 266 000 tona, is é sin idir dhá oiread agus ceithre oiread an tomhaltais iomláin san Aontais le linn na tréimhse céanna.

(150)

Ag cur san áireamh go bhfuil roinnt táirgeoirí eile MSG i nDaon-Phoblacht na Síne atá ar mhéid atá inchomparáide le Fufeng Group thuas, tá sé réasúnach a rá go bhfuil ró-acmhainneacht shuntasach i nDaon-Phoblacht na Síne.

4.1.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais, praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí tríú tíortha agus teacht timpeall

(151)

Scrúdaigh an Coimisiún cibé an dóigh go méadódh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne a ndíolacháin onnmhairiúcháin chuig an Aontas ag praghsanna dumpáilte i gcás ina gceadófaí do na bearta dul as feidhm. Dá bhrí sin, scrúdaigh an Coimisiún leibhéil praghsanna tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas i gcomparáid le margaí eile tríú tíortha, d’fhonn a chinneadh an raibh margadh an Aontais tarraingteach i dtéarmaí leibhéil praghsanna.

(152)

In éagmais comhoibrithe, d’úsáid an Coimisiún staidreamh Eurostat agus GTA. Fuarthas nach raibh ach difríocht an-bheag idir meánphraghas onnmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas agus meánphraghas onnmhairiúcháin foriomlán na Síne chuig margaí eile tríú tíortha. Dá bharr sin, mar a mhínítear in aithris (221) rinne praghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas Eorpach (gan an dleacht frithdhumpála san áireamh) sladghearradh suntasach ar phraghsanna tionscail san Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, is éard is dóichí i gcás ina ligfí do na bearta dul as feidhm, go mbeadh margadh an Aontais níos tarraingtí d’onnmhaireoirí na Síne ná mar a bheadh margaí eile tríú tíortha. Tá sin amhlaidh toisc, gan dleachtanna, go bhféadfadh onnmhaireoirí na Síne onnmhairiú chuig an Aontas ag praghsanna níos airde ná iad siúd chuig margaí eile tríú tíortha ach a bheadh fós faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais.

(153)

Fuarthas freisin, d’ainneoin na mbeart frithdhumpála a bhí i bhfeidhm, go raibh na hallmhairí ón tSín sách cobhsaí i dtéarmaí lín agus sciar den mhargadh, ag léiriú idir [4 - 7 %] de sciar den mhargadh le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe (a raibh níos mó ná a leath faoi phróiseáil isteach, féach roinn 5.3.2 thíos). Ina theannta sin, mar a mhínítear in aithrisí (8) agus (9), fuarthas go ngabhann táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne timpeall ar an mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm trí tháirge atá modhnaithe de bheagán a onnmhairiú (MSG i meascán agus tuaslagán). Taispeánann na cleachtais teacht timpeall an spéis atá ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne margadh an Aontais a rochtain gan srianta agus dá bhrí sin tarraingteacht mhargadh an Aontais d’onnmhairí na Síne.

(154)

Bunaithe ar an ró-acmhainneacht shuntasach i nDaon-Phoblacht na Síne agus ar tharraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, mar is léir ó phraghsanna onnmhairiúcháin tríú tíortha agus cleachtais teacht timpeall, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur mhór an dóchúlacht go rachadh líon na n-onnmhairí dumpáilte i méid dá rachadh na bearta frithdhumpála in éag.

4.1.3.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil

(155)

I bhfianaise a thorthaí ar leanúnachas na dumpála le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus ar fhorbairt dhóchúil na n-allmhairí dá rachadh na bearta as feidhm mar a mhínítear in aithris (154), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, gur mhór an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil dá rachadh na bearta frithdhumpála ar allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne in éag.

4.2.   An Indinéis

(156)

Sa bhreis ar an toradh lena bhfuarthas gurbh ann don dumpáil le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. Mar thoradh ar an neamh-chomhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin san Indinéis, bhunaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, go háirithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh agus an staidreamh a bhí ar fáil, eadhon iad sin ó Eurostat agus GTA. Rinneadh anailís ar na heilimintí seo a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise san Indinéis, staid an mhargaidh intíre san Indinéis, na praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí eile tríú tíortha agus tarraingteacht mhargadh an Aontais.

4.2.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise san Indinéis

(157)

Mar gheall ar neamh-chomhoibriú mór tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, suíodh an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise san Indinéis ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil agus go háirithe ar bhonn na faisnéise a sholáthair an t-iarratasóir, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(158)

Sháraigh an acmhainneacht táirgeachta san Indinéis na méideanna táirgeachta go substaintiúil. De réir na hiarrata, b’ionann acmhainneacht táirgeachta MSG agus thart ar 240 000 tona idir mí Iúil 2018 agus mí an Mheithimh 2019, agus b’ionann na méideanna táirgeachta agus thart ar 200 000 tona sa tréimhse chéanna. Dá bhrí sin shroich an úsáid táirgeachta thart ar 85 % rud arbh ionann é agus acmhainneacht bhreise mheasta de thart ar 35 000 tona, ag léiriú idir [nialas agus dhá] uair méid thomhaltas iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(159)

Bunaithe ar a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil acmhainneacht shuntasach bhreise ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, a d’fhéadfaidís a úsáid chun MSG a tháirgeadh le honnmhairiú chuig margadh an Aontais dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

4.2.2.   Staid an mhargaidh san Indinéis

(160)

De réir staidreamh GTA tháinig méadú 71 % ar onnmhairí de MSG ón tSín chuig an Indinéis idir 2016 agus 2019, ó 26 668 tona go dtí 45 498 tona in 2019. Le linn na tréimhse céanna, tháinig laghdú breis is 8 % ar phraghsanna MSG ón tSín chuig an Indinéis, ó EUR 949/tona in 2016 go dtí EUR 874/tona in 2019.

(161)

D’fhág leibhéil mhéadaithe na n-allmhairí ar phraghas íseal ón tSín go raibh sé níos deacra agus níos deacra do tháirgeoirí na hIndinéise MSG a dhíol ar a margadh intíre agus/nó a gcostais táirgeachta a chumhdach trí dhíolacháin intíre. Le linn an imscrúdaithe, d’fhéadfaí é sin a fheiceáil freisin ag leibhéal an ghrúpa táirgeoirí comhoibríocha san Indinéis a bhí ag díol MSG ar an mórchóir faoi bhun an chostais, mar a mhínítear in aithris (139). Tá cás den sórt sin ag neartú dreasacht tháirgeoirí na hIndinéise chun a ndíolacháin onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha a mhéadú, lena n-áirítear an tAontas, chun an costas seasta táirgeachta a iompar ar a laghad.

4.2.3.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais agus praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí tríú tíortha

(162)

Fuarthas san imscrúdú go raibh an sciar den mhargadh san Indinéis fós ionadaíoch le linn na tréimhse iomláine a breithníodh agus go raibh sé idir [5 – 9] % le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, d’ainneoin na mbeart frithdhumpála a bhí i bhfeidhm. Taispeánann sé sin go soiléir tarraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí MSG na hIndinéise.

(163)

Scrúdaigh an Coimisiún cibé an dóigh go méadódh táirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise a ndíolacháin onnmhairiúcháin chuig an Aontas ag praghsanna dumpáilte i gcás ina gceadófaí do bhearta dul as feidhm. Dá bhrí sin, scrúdaigh an Coimisiún leibhéil praghsanna tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise chuig an Aontas i gcomparáid le margaí eile tríú tíortha, d’fhonn a chinneadh an raibh margadh an Aontais tarraingteach i dtéarmaí leibhéil praghsanna.

(164)

In éagmais chomhoibriú tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, bhí an chomparáid a rinneadh idir praghsanna onnmhairiúcháin na hIndinéise chuig an Aontas agus praghsanna onnmhairiúcháin na hIndinéise chuig margaí onnmhairiúcháin eile le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe bunaithe ar shonraí ó GTA. Ar an mbonn sin, bhí meánphraghas onnmhairiúcháin SAB na hIndinéise chuig an Aontas beagán níos airde (faoi 1,6 %) ná an meánphraghas onnmhairiúcháin foriomlán san Indinéis chuig margaí eile tríú tíortha. Cé nach raibh na praghsanna ach beagán níos airde chuig an Aontas, deimhnítear leis an sciar cobhsaí den mhargadh agus a bhí fós suntasach d’onnmhairí na hIndinéise san Aontas go raibh na leibhéil praghsanna chuig an Aontas tarraingteach. Ina theannta sin, ag cur san áireamh nach n-áirítear na dleachtanna frithdhumpála sna praghsanna SAB a taifeadadh in GTA (atá idir 7,2 % agus 28,4 % i gcás tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise) is léir go mbeadh an leibhéal praghsanna chuig an Aontas mealltach d’onnmhaireoirí na hIndinéise i gcás ina rachadh na dleachtanna as feidhm, toisc go bhfaighidís deis leis sin a gcuid praghsanna onnmhairiúcháin a mhéadú. Faoin gcás sin, ghinfeadh margadh an Aontais leibhéal praghsanna níos brabúsaí ná margaí eile tríú tíortha agus dá bhrí sin bheadh dreasacht ard ann na honnmhairí chuig an Aontas a mhéadú.

(165)

Bunaithe ar fharasbarr substaintiúil acmhainneachta tháirgeoirí na hIndinéise, ar staid an mhargaidh intíre san Indinéis agus ar tharraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur mhór an dóchúlacht go rachadh líon na n-onnmhairí dumpáilte i méid dá rachadh na bearta frithdhumpála in éag.

4.2.4.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil

(166)

I bhfianaise a thorthaí ar leanúnachas na dumpála le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus ar fhorbairt dhóchúil na n-allmhairí dá rachadh na bearta as feidhm mar a shuitear in aithris (165), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, gur mhór an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil dá rachadh na bearta frithdhumpála ar allmhairí ón Indinéis in éag.

5.   DÍOBHÁIL

5.1.   Sainmhíniú ar an tionscal de chuid an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(167)

Rinne táirgeoir amháin san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse a breithníodh. Is ionann é agus an “tionscal de chuid an Aontais” de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

5.2.   Tomhaltas an Aontais

(168)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais trí dhíolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais a chur leis na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ó thríú tíortha eile, bunaithe ar Eurostat.

(169)

Tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais mar seo a leanas:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (i dtonaí)

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

An saormhargadh

[48 170 –78 448 ]

[49 430 –80 501 ]

[46 745 –76 127 ]

[45 712 –74 445 ]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

103

97

95

Margadh faoi chuing

[78 – 127]

[104 – 169]

[125 – 204]

[190 – 310]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

134

161

245

Tomhaltas faoi chuing vs Tomhaltas ar an saormhargadh

0,16 %

0,21 %

0,27 %

0,42 %

Foinse: Freagra ceistneora, Eurostat

(170)

Tháinig méadú de bheagán ar thomhaltas an Aontais ar an saormhargadh idir 2016 agus 2017 sular laghdaigh sé arís i dtreo dheireadh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig laghdú foriomlán 5 % ar thomhaltas an Aontais ar an saormhargadh le linn na tréimhse a breithníodh.

(171)

Tá tomhaltas an-bheag faoi chuing freisin san Aontas a léiríonn níos lú ná 0,5 % de thomhaltas an mhargaidh shaoir le linn na tréimhse iomláine a breithníodh. Tháinig méadú 145 % ar an tomhaltas faoi chuing le linn na tréimhse a breithníodh.

5.3.   Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

5.3.1.   Méid na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus a sciar féin den mhargadh

(172)

Shuigh an Coimisiún méid agus sciar margaidh na n-allmhairí ar bhonn Eurostat.

(173)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus ar a sciar den mhargadh:

Tábla 3

Méid na n-allmhairí (i dtonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Méid na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne

3 604

3 643

2 223

3 485

Innéacs (FY2016 = 100)

100

101

62

97

Sciar den mhargadh

[3,7 % - 6,0 %]

[3,6 % - 5,9 %]

[2,3 % - 3,8 %]

[3,7 % - 6,1 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

99

64

102

Méid na n-allmhairí ón Indinéis

7 496

7 855

8 269

5 060

Innéacs (FY2016 = 100)

100

105

110

68

Sciar den mhargadh

[7,6 % - 12,4 %]

[7,8 % - 12,7 %]

[8,7 % - 14,1 %]

[5,4 % - 8,8 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

102

114

71

Foinse: Eurostat

(174)

Bhí na méideanna allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne beagnach tairiseach idir 2016 agus 2017, tháinig laghdú suntasach orthu in 2018 (faoi 39 % i gcomparáid le 2017), agus tháinig méadú 57 % orthu ansin faoi dheireadh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe i gcomparáid le 2018. Tháinig laghdú foriomlán 3 % ar mhéideanna allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn na tréimhse a breithníodh.

(175)

Tháinig méadú 10 % ar na méideanna allmhairí ón Indinéis idir 2016 agus 2018 sular tháinig laghdú suntasach 39 % orthu faoi dheireadh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe i gcomparáid le leibhéil 2018. Le linn na tréimhse a breithníodh, tháinig laghdú 32 % ar na méideanna allmhairí ón Indinéis.

(176)

Tháinig méadú 2 % ar sciar margaidh Dhaon-Phoblacht na Síne le linn na tréimhse a breithníodh, agus i gcás na hIndinéise tháinig laghdú 29 % air sa tréimhse chéanna. Mar sin féin, bhí an sciar den mhargadh i gcás Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise os cionn de minimis le linn na tréimhse iomláine a breithníodh.

5.3.2.   Córas próiseála isteach

(177)

Déantar MSG a allmhairiú ó Dhaon-Phoblacht na Síne faoin ngnáthchóras chomh maith lena allmhairiú faoin gcóras próiseála isteach.

(178)

Rinneadh na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne faoin ngnáthchóras agus faoin gcóras próiseála isteach a fhorbairt mar a leanas:

Tábla 4

Méid allmhairí (i dtonaí) ó Dhaon-Phoblacht na Síne faoin ngnáthchóras agus faoin gcóras próiseála isteach

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Méid na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne faoin ngnáthchóras

1 930

1 022

872

1 125

Innéacs (FY2016 = 100)

100

53

45

58

Sciar den mhargadh

[2,0 % - 3,2 %]

[1,0 % - 1,7 %]

[0,9 % - 1,5 %]

[1,2 % - 2,0 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

52

47

61

Méid na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne atá faoin gcóras próiseála isteach

1 673

2 621

1 351

2 359

Innéacs (FY2016 = 100)

100

157

81

141

Sciar den mhargadh

[1,7 % - 2,8 %]

[2,6 % - 4,2 %]

[1,4 % - 2,3 %]

[2,5 % - 4,1 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

153

83

149

Foinse: Eurostat

(179)

Rinneadh 68 % de na hallmhairí iomlána ó Dhaon-Phoblacht na Síne a allmhairiú tríd an gcóras próiseála isteach sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig méadú 41 % ar a líon le linn na tréimhse a breithníodh.

5.3.3.   Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(180)

Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn Eurostat.

(181)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann:

Tábla 5

Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/kg)

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Daon-Phoblacht na Síne

1,06

0,89

0,88

0,93

Innéacs (FY2016 = 100)

100

85

83

88

An Indinéis

1,24

1,12

1,07

1,17

Innéacs (FY2016 = 100)

100

91

87

94

Foinse: Eurostat (gan allmhairí faoi phróiseáil isteach)

(182)

Tháinig laghdú 17 % ar an bpraghas allmhairiúcháin ó Dhaon-Phoblacht na Síne idir 2016 agus 2018 sular tháinig méadú 5 % orthu arís faoi dheireadh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig laghdú foriomlán 12 % ar an bpraghas allmhairiúcháin ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn na tréimhse a breithníodh.

(183)

Lean an praghas allmhairiúcháin ón Indinéis an treocht chéanna leis an bpraghas allmhairiúcháin ó Dhaon-Phoblacht na Síne, agus tháinig laghdú 13 % orthu idir 2016 agus 2018 agus ansin tháinig méadú 9 % orthu faoi dheireadh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Le linn na tréimhse a breithníodh, tháinig méadú 6 % ar an bpraghas allmhairiúcháin.

(184)

I bhfianaise an neamhchomhoibrithe ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne agus na hIndinéise mar a luadh in aithris (24), chinn an Coimisiún an sladghearradh praghsanna le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe trí mheánphraghas díola ualaithe a ghearr an t-aon táirgeoir amháin de chuid an Aontais, arna ghearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna choigeartú chuig an leibhéal díreach ón monarcha a chur i gcomparáid leis na meánphraghsanna onnmhairiúcháin ualaithe ó Eurostat, lena n-áirítear an dleacht frithdhumpála, agus coigeartuithe iomchuí á ndéanamh i gcomhair dleachtanna custaim agus costais iar-allmhairiúcháin. Maidir leis na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne, níor tugadh praghsanna mhéideanna MSG a allmhairíodh faoin gcóras próiseála isteach san áireamh toisc nach bhfuil na méideanna sin scaoilte i saorchúrsaíocht i margadh an Aontais.

(185)

Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas na dtáirgeoirí aonair ón Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Níor léiríodh aon sladghearradh i gcás Dhaon-Phoblacht na Síne ná na hIndinéise.

5.4.   Allmhairí ó thríú tíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne agus an Indinéis

(186)

Tháinig na hallmhairí de MSG, a tháinig ó thríú tíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne agus an Indinéis, ó Vítneam agus ón mBrasaíl den chuid is mó.

(187)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid na n-allmhairí chomh maith leis an sciar den mhargadh agus treochtaí praghsanna maidir le MSG ó thríú tíortha eile:

Tábla 6

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Vítneam

Méid (tonaí)

3 399

1 523

1 642

2 642

Innéacs (FY2016 = 100)

100

45

48

78

Sciar den mhargadh

[3,5 % - 5,6 %]

[1,5 % - 2,5 %]

[1,7 % - 2,8 %]

[2,8 % - 4,6 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

44

50

82

Meánphraghas (EUR/kg)

1,32

1,34

1,24

1,31

Innéacs (FY2016 = 100)

100

101

94

99

An Bhrasaíl

Méid (tonaí)

1 900

1 296

1 014

1 339

Innéacs (FY2016 = 100)

100

68

53

70

Sciar den mhargadh

[1,9 % - 3,1 %]

[1,3 % - 2,1 %]

[1,1 % – 1,7 %]

[1,4 % - 2,3 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

67

55

74

Meánphraghas (EUR/kg)

1,20

1,20

1,21

1,22

Innéacs (FY2016 = 100)

100

100

101

102

Tríú tíortha eile

Méid (tonaí)

344

345

386

365

Innéacs (FY2016 = 100)

100

100

112

106

Sciar den mhargadh

[0,3 % - 0,6 %]

[0,3 % - 0,6 %]

[0,4 % - 0,7 %]

[0,4 % - 0,6 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

98

116

112

Meánphraghas (EUR/kg)

2,49

2,83

2,39

2,65

Innéacs (FY2016 = 100)

100

114

96

107

Iomlán na dtríú tíortha uile seachas na tíortha lena mbaineann

Méid (tonaí)

5 642

3 164

3 041

4 346

Innéacs (FY2016 = 100)

100

56

54

77

Sciar den mhargadh

[5,7 % - 9,3 %]

[3,1 % - 5,1 %]

[3,2 % - 5,2 %]

[4,7 % - 7,6 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

55

56

81

Meánphraghas (EUR/kg)

1,35

1,44

1,38

1,40

Innéacs (FY2016 = 100)

100

107

102

103

Foinse: Eurostat

(188)

Tháinig laghdú foriomlán ar mhéideanna allmhairí ó thríú tíortha eile ó 5 642 400 kg in 2016 go dtí 4 345 700 kg sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, sin laghdú 23 % le linn na tréimhse a breithníodh. Tháinig laghdú 19 % ar an sciar comhfhreagrach den mhargadh sa tréimhse chéanna. Tháinig méadú foriomlán 3 % ar phraghsanna allmhairí tríú tíortha le linn na tréimhse a breithníodh agus tá siad i bhfad níos airde ná praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann.

5.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

5.5.1.   Barúlacha ginearálta

(189)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh.

5.5.2.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(190)

Tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 7

An táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

An méid táirgeachta (tonaí)

[47 400 –77 195 ]

[50 105 –81 599 ]

[48 624 –79 188 ]

[50 108 –81 605 ]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

106

103

106

An acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

[61 600 –100 320 ]

[61 600 –100 320 ]

[61 600 –100 320 ]

[61 600 –100 320 ]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

100

100

100

Úsáid acmhainneachta

[54 % - 88 %]

[57 % - 93 %]

[55 % - 90 %]

[57 % - 93 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

106

103

106

Foinse: Freagra ceistneora

(191)

Tháinig luaineacht bheag sa táirgeacht le linn na tréimhse a breithníodh. Cé gur tháinig méadú 6 % air idir 2016 agus 2017, tháinig laghdú 3 % air idir 2017 agus 2018, agus tháinig méadú 3 % air arís sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig méadú foriomlán 6 % ar an méid táirgeachta le linn na tréimhse a breithníodh. Taispeánadh leis an imscrúdú gur tharla na luaineachtaí go príomha mar gheall ar dhúnadh síos de bharr obair chothabhála a rinne an tionscal de chuid an Aontais (16 lá i mblianta áirithe agus 10 lá i mblianta eile).

(192)

D’fhan an acmhainneacht táirgeachta cobhsaí le linn na tréimhse a breithníodh.

(193)

De thoradh acmhainneacht táirgeachta chobhsaí, forbraíodh an úsáid acmhainneachta i gcomhréir leis an méid táirgeachta, is é sin gur mhéadaigh sé ar dtús idir 2016 agus 2017, agus gur laghdaigh sé ansin idir 2017 agus 2018 agus gur mhéadaigh sé arís sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Dá bhrí sin, tháinig méadú 6 % freisin ar an úsáid acmhainneachta le linn na tréimhse a breithníodh.

5.5.3.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(194)

Le linn na tréimhse a breithníodh tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas:

Tábla 8

An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Méid na ndíolachán ar mhargadh an Aontais (tonaí)

[36 451 – 59 363 ]

[39 167 – 63 787 ]

[37 272 – 60 700 ]

[36 689 – 59 750 ]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

107

102

101

Sciar den mhargadh

[53 % - 89 %]

[55 % - 93 %]

[56 % - 93 %]

[56 % - 94 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

105

105

106

Foinse: Freagra ceistneora

(195)

Tháinig méadú 1 % ar éigean ar mhéid díolachán MSG ag an tionscal de chuid an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh. Tháinig méadú 7 % air ar dtús idir 2016 agus 2017 agus tháinig laghdú 6 % air ansin faoi dheireadh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. D’fhág an laghdú comhthreomhar ar thomhaltas gur tháinig méadú 6 % ar an sciar den mhargadh de chuid an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh.

5.5.3.1.   Fás

(196)

Mar a luadh thuas, cé gur tháinig laghdú 5 % ar an tomhaltas de chuid an Aontais ar an saormhargadh le linn na tréimhse a breithníodh, tháinig méadú beag 1 % ar an méid díolachán de chuid an Aontais, rud arb ionann é agus méadú 6 % ar an sciar den mhargadh.

5.5.4.   An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

(197)

Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 9

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Líon na bhfostaithe

[137 – 222]

[138 – 225]

[133 – 217]

[132 – 215]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

101

97

97

Táirgiúlacht (tona/fostaí)

[243 – 396]

[253 – 413]

[256 – 416]

[266 – 433]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

104

105

109

Foinse: Freagra ceistneora

(198)

Tháinig laghdú 3 % ar fhostaíocht an tionscail de chuid an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh. Tharla an laghdú sin mar gheall ar shineirgí i seirbhísí comhroinnte (amhail teicneolaíocht faisnéise (“TF”) agus acmhainní daonna (“AD”)) tar éis an gnó miondíola reoite a chomhtháthú in AFE.

(199)

Tháinig méadú ar an táirgiúlacht mar gheall ar theaglaim de laghdú ar fhostaíocht agus méadú ar an méid táirgeachta mar a mhínítear in aithris (191).

5.5.5.   Méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin

(200)

Bhí na corrlaigh dumpála le haghaidh na dtíortha lena mbaineann i bhfad os cionn an leibhéil de minimis mar a luadh in aithrisí (134) agus (143) agus d’fhan méid agus sciar den mhargadh i gcás na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann suntasach le linn na tréimhse a breithníodh mar a dtugtar tuairisc air in aithrisí (174) go (176).

(201)

Dá bhrí sin, níor thug praghsáil éagórach leanúnach ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Indinéis deis do thionscal an Aontais téarnamh ó chleachtais dumpála roimhe seo.

5.5.6.   Praghsanna agus fachtóirí lena ndéantar difear do phraghsanna

(202)

Tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe an aon táirgeora amháin de chuid an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 10

Praghsanna agus costais díola san Aontas

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

An meánphraghas díola aonaid ar an saormhargadh (EUR/kg)

[0,94 – 1,52]

[0,86 – 1,40]

[0,84 – 1,36]

[0,87 – 1,42]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

92

90

93

Costas aonaid na táirgeachta (EUR/kg)

[0,91 – 1,49]

[0,91 – 1,49]

[0,95 – 1,55]

[0,88 – 1,43]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

100

104

96

Foinse: Freagra ceistneora

(203)

Tháinig laghdú 7 % ar mheánphraghas díola aonaid thionscal an Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse a breithníodh. Bhí treocht laghdaithe ag baint leis idir 2016 agus 2018 agus mhéadaigh sé ansin sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tá an treocht maidir le praghas díola thionscal an Aontais ag teacht le treocht phraghas allmhairiúcháin na Síne agus na hIndinéise i margadh an Aontais.

(204)

Tháinig laghdú 4 % ar chostas aonaid na táirgeachta le linn na tréimhse a breithníodh. Bhí sé cobhsaí idir 2016 agus 2017 agus tháinig méadú 4 % air ansin in 2018 i gcomparáid le 2017 agus tháinig laghdú 8 % air sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tharla an laghdú ar an gcostas táirgeachta in 2019 i gcomparáid le 2018 mar gheall ar na hiarrachtaí a rinne an tionscal de chuid an Aontais an tomhaltas amhábhar a laghdú sa phróiseas monaraíochta chomh maith le laghdú ar phraghas na n-amhábhar.

5.5.7.   Costais saothair

(205)

Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair an aon táirgeora amháin de chuid an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 11

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

[49 321 –80 323 ]

[50 538 –82 304 ]

[48 606 –79 159 ]

[48 282 –78 631 ]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

102

99

98

Foinse: Freagra ceistneora

(206)

Tháinig laghdú 2 % ar an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí le linn na tréimhse a breithníodh. Tá an laghdú sin nasctha le sineirgí i bhfeidhmeanna TF, maoiniúcháin, AD agus ardbhainistíochta a baineadh amach tar éis an gnó miondíola reoite a chomhtháthú in ATE mar a luaitear in aithris (198).

5.5.8.   Fardail

(207)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic tháirgeoir aonair an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 12

Fardail

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Stoic dheiridh (tonaí)

[12 765 –20 789 ]

[9 706 –15 807 ]

[8 054 –13 116 ]

[9 926 –16 166 ]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

76

63

78

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

[19 % - 31 %]

[14 % - 22 %]

[12 % - 19 %]

[14 % - 23 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

72

62

74

Foinse: Freagra ceistneora

(208)

Tháinig laghdú 22 % ar na stoic dheiridh fhoriomlána le linn na tréimhse a breithníodh. Bhí treocht laghdaithe ag na stoic dheiridh idir 2016 agus 2018 agus ansin tháinig méadú 23 % air sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe i gcomparáid le 2018. D’ainneoin na treochta laghdaithe, bhí leibhéal na stoc fós ard le linn na tréimhse a breithníodh.

(209)

Tháinig laghdú 38 % ar na stoic dheiridh mar chéatadán de tháirgeacht idir 2016 agus 2018 agus tháinig méadú 20 % air ansin sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig laghdú foriomlán 26 % air. Leanann an treocht laghdaithe sin treocht laghdaithe na stoc deiridh agus an mhéadaithe bhig ar an méid táirgeachta.

5.5.9.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a chruinniú

(210)

Tháinig forbairt ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí tháirgeoir aonair an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 13

An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe Athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

[1,6 % – 2,7 %]

[-7,2 % – -4,4 %]

[-15,35 % – -9,4 %]

[-0,6 % – -0,4 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

-269

-574

-22

Sreabhadh airgid (mílte EUR)

[5 822 – 9 481 ]

[3 838 – 6 251 ]

[-3 733 – -2 292 ]

[2 886 – 4 699 ]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

66

-39

50

Infheistíochtaí (mílte EUR)

[4 302 – 7 006 ]

[4 609 – 7 506 ]

[5 419 – 8 825 ]

[3 307 – 5 386 ]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

107

126

77

Toradh ar infheistíochtaí

[0,3 % - 0,5 %]

[-6,3 % – -3,9 %]

[-14,6 % – -8,9 %]

[-1,5 % – -0,9 %]

Innéacs (FY2016 = 100)

100

-1 168

-2 701

-286

Foinse: Freagra ceistneora

(211)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht tháirgeoir aonair an Aontais trí ghlanbhrabús réamhchánach dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Tháinig laghdú suntasach ar an mbrabúsacht idir 2016 agus 2018. Thaifead an táirgeoir aonair de chuid an Aontais caillteanais idir 2017 agus 2019. In 2019, tháinig feabhas ar an mbrabúsacht i gcomparáid le 2018 i ngeall ar mhéadú ar an bpraghas díola agus laghdú ar an gcostas táirgeachta mar a luaitear in aithrisí (203) agus (204). Le linn na tréimhse a breithníodh, thit an bhrabúsacht mar sin féin ó [1,6 % – 2,7 %] in 2016 go dtí caillteanais [-0,6 % – -0,4 %] sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe.

(212)

Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas thionscal an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Taispeánadh an treocht chéanna le brabúsacht sa ghlansreabhadh airgid: tháinig laghdú air idir 2016 agus 2018 sular mhéadaigh sé arís le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig laghdú foriomlán 50 % ar an nglansreabhadh airgid le linn na tréimhse a breithníodh.

(213)

Tháinig laghdú 23 % ar infheistíochtaí le linn na tréimhse a breithníodh. Léirigh siad den chuid is mó na hinfheistíochtaí ba ghá chun an trealamh a chothabháil, chun tomhaltas amhábhar a laghdú, chomh maith le hinfheistíochtaí chun ceanglais dlí maidir le sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil a chomhlíonadh.

(214)

Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús i gcéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Ach an oiread le táscairí airgeadais eile, bhí treocht laghdaithe ag baint leis an toradh ar infheistíocht idir 2016 agus 2018 agus tháinig méadú beag orthu sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. Tháinig titim 386 % ar an toradh ar infheistíochtaí le linn na tréimhse a breithníodh.

(215)

Mar fhocal scoir, ag cur na brabúsachta laghdaithe agus an tsreabhaidh airgid laghdaithigh san áireamh, bhí tionchar diúltach ar chumas na cuideachta caipiteal a chruinniú.

5.6.   Conclúid faoi dhíobháil

(216)

D’ainneoin na mbeart atá i bhfeidhm, leanadh de mhéideanna suntasacha d’allmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Indinéis.

(217)

Tá an tionscal de chuid an Aontais i ndrochstaid airgeadais. Cé go dtaispeánann roinnt de na táscairí díobhála, amhail an méid táirgeachta, an sciar den mhargadh agus na stoic treocht fhabhrach, taispeánann táscairí eile, amhail praghsanna díola, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíocht treocht dhiúltach.

(218)

D’ainneoin na mbeart atá i bhfeidhm, an méadú ar tháirgiúlacht agus gur éirigh leis an tionscal de chuid an Aontais a chostas táirgeachta a laghdú, chláraigh an tionscal de chuid an Aontais caillteanais mar sin féin idir 2017 agus 2019.

(219)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

(220)

Ansin, rinne an Coimisiún measúnú ar cibé an bhfuil nasc cúisíoch idir allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus an díobháil a bhain don tionscal de chuid an Aontais.

(221)

Maidir le Daon-Phoblacht na Síne, tugadh le fios san imscrúdú gur fhan méid na n-allmhairí os cionn leibhéil de minimis le linn na tréimhse iomláine a breithníodh. Cé go raibh an corrlach sladghearrtha diúltach le linn na ndleachtanna frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar phraghas na n-allmhairí i rith na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, bhí an corrlach sladghearrtha gan na dleachtanna frithdhumpála os cionn 20 %. Ina theannta sin, toisc go bhfuil an tionscal de chuid an Aontais ag cailleadh airgid agus ag cur an sprioc-bhrabúis idir 5 % agus 15 % faoi mar a leagadh síos le linn an chéad imscrúdaithe ar an Indinéis (92), is léir go bhfuil allmhairí ón tSín ag dul isteach san Aontas ag praghsanna díobhálacha.

(222)

Maidir leis an Indinéis, tugadh le fios freisin san imscrúdú, mar a bhí i gcás Dhaon-Phoblacht na Síne, go raibh na hallmhairí os cionn na leibhéil de minimis i rith na tréimhse iomláine a breithníodh. D’uireasa na díolúine frithdhumpála, ba dhiúltach don chorrlach sladghearrtha. Mar sin féin, tharlódh corrlach gearrdhíola de bhreis ar 7 % de bharr na bpraghsanna allmhairiúcháin reatha d’uireasa na ndleachtanna frithdhumpála i gcomparáid le spriocphraghas a leagadh síos ar bhonn chostas táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus an spriocbhrabús idir 5 % agus 15 % mar a leagadh síos le linn na chéad imscrúdaithe san Indinéis.

(223)

Agus an méid thuas á mheas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh fhéidir gurbh iad na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ba chúis leis an díobháil ábhartha a bhain don tionscal de chuid an Aontais, agus nárbh fhéidir gurbh iad na hallmhairí ón Indinéis ba chúis leis toisc mar gheall ar éifeacht na mbeart go ndearnadh allmhairí na hIndinéise ag praghsanna nach ndearna aon díobháil don tionscal de chuid an Aontais.

(224)

Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún tuilleadh scrúdú ar an dóchúlacht go leanfaí de dhíobháil de bharr allmhairí dumpáilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ar an dóchúlacht go dtarlódh díobháil arís arbh iad allmhairí dumpáilte ón Indinéis ba chúis leo dá ndéanfaí na bearta a aisghairm.

6.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DÍOBHÁIL AGUS/NÓ GO dTARLÓIDH SÉ ARÍS

6.1.   An dóchúlacht go leanfar den díobháil ó Dhaon-Phoblacht na Síne

(225)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (219) gur bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. In aithris (223), chinn an Coimisiún freisin gurbh iad na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ba chúis leis an díobháil ábhartha a bhain don tionscal de chuid an Aontais. Rinne an Coimisiún tuilleadh measúnú ar cibé acu an mbeadh dóchúlacht ann go leanfaí den díobháil arbh iad na hallmhairí dumpáilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne ba chúis leo dá ligfí do na bearta ina haghaidh dul as feidhm.

(226)

Maidir leis sin, rinne an Coimisiún anailís ar na gnéithe seo a leanas: an méid táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne, tarraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, leibhéil praghsanna dóchúla na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne in éagmais bearta frithdhumpála, agus a dtionchar ar an tionscal de chuid an Aontais.

6.1.1.   An acmhainneacht táirgeachta, acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne agus tarraingteacht mhargadh an Aontais

(227)

Mar a mhínítear in aithrisí (147) go (153), bunaithe ar an ró-acmhainneacht shuntasach i nDaon-Phoblacht na Síne agus ar tharraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, tá dóchúlacht láidir ann go rachadh líon na n-onnmhairí i méid dá rachadh na bearta frithdhumpála in éag.

6.1.2.   Tionchar allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar staid an tionscail de chuid an Aontais dá gceadófaí do na bearta dul as feidhm

(228)

Maidir leis an éifeacht dhóchúil ar allmhairí den sórt sin, scrúdaigh an Coimisiún a leibhéil praghsanna dóchúla i gcás ina ligfí do na bearta dul as feidhm. Maidir leis sin, bhreithnigh an Coimisiún na leibhéil praghsanna ar allmhairí le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe gan tásc réasúnach maidir leis an dleacht frithdhumpála. Ar an mbonn sin, shuigh an Coimisiún sladghearradh suntasach ar phraghsanna an tionscail de chuid an Aontais (níos mó ná 20 %).

(229)

Ina theannta sin, toisc go raibh an tionscal de chuid an Aontais ag cailleadh airgid ar feadh na tréimhse iomláine a breithníodh nach mór faoi mar atá luaite in aithris (211), agus ag cur san áireamh, mar a mhínítear in aithris (221) go bhfuil an spriocbhrabús a leagadh síos le haghaidh tionscal den sórt sin idir 5 % agus 15 %, bhí allmhairí na Síne ag dul isteach san Aontas ag praghsanna díobhálacha.

(230)

Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid go dtiocfadh tuilleadh meatha ar chás an tionscail de chuid an Aontais, a bhfuil díobháil ábhartha ag baint dó cheana féin, i gcás ina ndéanfaí na bearta a aisghairm. Go deimhin, in éagmais beart, is dóchúil go gcuirfeadh allmhairí dumpáilte na Síne ag praghsanna díobhálacha brú anuas breise ar phraghsanna díolachán i margadh an Aontais. Tá dóchúlacht an-ard ann go mbeidh oibleagáid ar an tionscal de chuid an Aontais a phraghsanna díolachán a laghdú rud as a dtiocfadh caillteanas breise brabúsachta agus, i ngach dóchúlacht, caillteanais thábhachtacha sa ghearrthéarma.

(231)

Ina ionad sin, tá sé an-dóchúil go bhfágfaidh aon iarracht chun a phraghsanna díolachán a mhéadú go dtí leibhéil bhrabúsacha ar thaobh an tionscail de chuid an Aontais de go mbeidh caillteanas ann ó thaobh mhéid na ndíolachán agus sciar den mhargadh chuig allmhairí ar phraghsanna ísle. Ag cur san áireamh na hacmhainneachtaí ollmhóra breise atá i nDaon-Phoblacht na Síne, beidh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne in ann a gcuid onnmhairí a mhéadú sa ghearrthéarma agus sciar tábhachtach den mhargadh a bhaint amach ar chostas an tionscail de chuid an Aontais. Tá sé an-dóchúil go gcaillfidh an tionscal de chuid an Aontais barainneachtaí scála, rud as a dtiocfaidh méadú ar an gcostas aonaid táirgeachta agus dá dheasca sin a chruthóidh tuilleadh laghduithe i mbrabúsacht do tionscal an Aontais. Dá thoradh sin, bheadh inmharthanacht an tionscail de chuid an Aontais i mbaol mór.

6.1.3.   Conclúid

(232)

I bhfianaise na dtorthaí thuas, go háirithe an acmhainneacht ollmhór bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne, tarraingteacht mhargadh an Aontais, leibhéil praghsanna allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne in éagmais bearta frithdhumpála agus an tionchar is dóigh a bheidh acu ar an tionscal de chuid an Aontais, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar phraghsanna díobhálacha mar thoradh ar easpa beart agus gur dócha go leanfaí de dhíobháil ábhartha arís.

6.2.   An dóchúlacht go dtarlóidh díobháil ón Indinéis arís

(233)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (219) gur bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais. In aithris (223), chinn an Coimisiún freisin nárbh fhéidir gurbh iad na hallmhairí ón Indinéis ba chúis leis an díobháil ábhartha a bhain don tionscal de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar cibé acu an mbeadh dóchúlacht ann go dtarlódh díobháil arís arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón Indinéis ba chúis léi dá ligfí do na bearta ina haghaidh dul as feidhm.

(234)

Maidir leis sin, scrúdaigh an Coimisiún ar acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise san Indinéis, staid an mhargaidh san Indinéis, tarraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin, leibhéil praghsanna dóchúla na n-allmhairí ón Indinéis in éagmais bearta frithdhumpála, agus a dtionchar ar an tionscal de chuid an Aontais.

6.2.1.   An acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise san Indinéis, staid an mhargaidh san Indinéis agus tarraingteacht mhargadh an Aontais

(235)

Mar a mhínítear in aithrisí (158) go (165), bunaithe ar ró-acmhainneacht shubstaintiúil tháirgeoirí na hIndinéise, ar staid an mhargaidh intíre san Indinéis agus ar tharraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur mhór an dóchúlacht go rachadh líon na n-onnmhairí i méid dá rachadh na bearta frithdhumpála in éag.

6.2.2.   Tionchar na n-allmhairí ón Indinéis ar staid an tionscail de chuid an Aontais dá gceadófaí do na bearta dul as feidhm

(236)

Scrúdaigh an Coimisiún na leibhéil praghsanna is dóichí a thiocfadh ar allmhairí na hIndinéise i gcas ina ligfí do na bearta dul as feidhm bunaithe ar leibhéil praghsanna allmhairiúcháin na hIndinéise le linn na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe agus an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith acu ar staid an tionscail de chuid an Aontais. Cé nach ndearna onnmhaireoirí na hIndinéise aon sladghearradh ar phraghsanna an tionscail de chuid an Aontais tar éis na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm a bhaint, rinneadh gearrdhíol ar níos mó ná 7 %, ag úsáid spriocbhrabúis idir 5 % agus 15 % mar a mhínítear in aithris (229). Taispeánann sé sin, i gcás ina ligfí do na bearta dul as feidhm, go ndéanfaí allmhairí na hIndinéise ag leibhéil praghsanna díobhálacha, ag méadú an bhrú praghsanna ar an tionscal de chuid an Aontais a chaillfeadh méid na ndíolachán nó a chuirfeadh oibleagáid orthu a leibhéil praghsanna a laghdú. As sin chruthófaí cás ina dtarlódh caillteanais shuntasacha an-tapa, rud nach bhfuil inmharthana sa ghearrthéarma.

6.2.3.   Conclúid

(237)

I bhfianaise na dtorthaí thuas, go háirithe de bharr go bhfuil acmhainneacht bhreise san Indinéis, staid an mhargaidh san Indinéis, tarraingteacht mhargadh an Aontais agus na leibhéil praghsanna ionchasacha ón Indinéis in éagmais bearta frithdhumpáilte agus a dtionchar ar an tionscal de chuid an Aontais, thángthas ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ón Indinéis ar phraghsanna díobhálacha mar thoradh ar easpa beart agus gur dócha go dtarlódh díobháil ábhartha arís.

7.   LEAS AN AONTAIS

(238)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais iomláin nó nach mbeadh dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Rinneadh cinneadh maidir le leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus úsáideoirí.

(239)

Tugadh deis do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl de bhun hAirteagal 21(2) den bhun-Rialachán.

(240)

Ar an mbonn sin scrúdaigh an Coimisiún cibé, d’ainneoin na gconclúidí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil agus den díobháil do Dhaon-Phoblacht na Síne agus go leanfaí den dumpáil agus go mbainfeadh díobháil arís don Indinéis, bhí cúiseanna láidre ann as a dtiocfaí ar an gconclúid nárbh é leas an Aontais é na bearta reatha a choinneáil ar bun.

7.1.   Leas an tionscail de chuid an Aontais

(241)

Chinn an t-imscrúdú gur bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais. Mar a luadh in aithris (223) ba iad na hallmhairí dumpáilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne ba chúis leis an díobháil ábhartha agus dá bhrí sin thángthas ar an gconclúid go raibh dóchúlacht ann go leanfaí den díobháil ábhartha i gcás ina ligfí do na bearta in aghaidh Dhaon-Phoblacht na Síne dul as feidhm. Cinneadh san imscrúdú freisin go raibh sé dóchúil go dtarlódh díobháil ábhartha arís i gcás ina ligfí d’allmhairí na hIndinéise dul as feidhm. Go háirithe, is dócha go gcuirfear téarnamh ionchais an tionscail de chuid an Aontais a fhulaingeofar de bharr na díobhála ábhartha i mbaol i gcás ina méadóidh na hallmhairí de MSG ón tSín agus ón Indinéis ar mhargadh an Aontais, ag praghsanna dumpáilte.

(242)

I gcás ina gcoinneofaí bearta ar bun, táthar ag súil go mbeidh an tionscal de chuid an Aontais ábalta leas a bhaint de réir a chéile as éifeachtaí na mbeart arna bhforchur. Deimhnítear é sin freisin de bharr go ndearnadh na bearta frithdhumpála ar allmhairí de MSG ó Dhaon-Phoblacht na Síne a leathnú chuig allmhairí de MSG i meascán nó i dtuaslagán ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad tar éis imscrúdú frith-imchéimnithe in 2020 mar a mhínítear in aithrisí (8) agus (9).

(243)

I gcás ina ligfí do an bearta dul as feidhm, is dócha go dtiocfaidh meath eile ar staid an tionscail de chuid an Aontais mar a mhínítear thuas san anailís ar an dóchúlacht go leanfar de dhíobháil nó go dtarlóidh díobháil arís in aithrisí (225) go (237).

(244)

Thángthas ar an gconclúid dá bhrí sin gur chun leas an tionscail de chuid an Aontais atá sé na bearta atá i bhfeidhm in aghaidh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise a choinneáil ar bun.

7.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara

(245)

Tháinig ceithre allmhaireoir neamhghaolmhara chun cinn tar éis an Fógra Tionscnaimh a fhoilsiú. Chomhoibrigh ceithre cinn díobh go hiomlán leis an imscrúdú trí fhreagra iomlán ar an gceistneoir a chur isteach.

(246)

Rinne dhá cheann de na hallmhaireoirí neamhghaolmhara a bhí i mbun comhoibriú allmhairiú ar MSG ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Indinéis agus an dá cheann eile ón Indinéis amháin. I gcás gach ceann díobh bhí tionchar an-teoranta ag gníomhaíocht MSG ina láimhdeachas iomlán (faoi bhun 1,5 % den láimhdeachas iomlán). Thairis sin, tugadh le fios san imscrúdú go raibh na hallmhaireoirí brabúsach, d’ainneoin na mbeart a bhí i bhfeidhm. Úsáideadh MSG allmhairithe le haghaidh earnáil an bhia chomh maith leis an earnáil neamhbhia araon.

(247)

Ar na forais sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gcás ina ndéanfaí na bearta a choinneáil ar bun, nach dóigh go mbeadh an tionchar ar staid eacnamaíoch na n-allmhaireoirí suntasach.

7.3.   Leas úsáideoirí

(248)

Bíonn na húsáideoirí gníomhach go príomha in earnáil an bhia agus na dí agus úsáideann siad MSG chun meascáin spíosraí, anraithí agus ullmhúcháin eile a tháirgeadh. Féadfar MSG a úsáid le haghaidh feidhmeanna sonracha san earnáil neamhbhia chun glantaigh a tháirgeadh, mar shampla.

(249)

Níor chomhoibrigh aon úsáideoir leis an imscrúdú.

(250)

Níor tugadh le fios san imscrúdú atá i bhfeidhm faoi láthair go raibh aon drochthionchar ag na bearta atá i bhfeidhm ar úsáideoirí. Tugadh le fios in imscrúduithe roimhe seo in aghaidh na Síne agus na hIndinéise nár chosúil go raibh aon drochthionchar suntasach ag na bearta ar na húsáideoirí a chomhoibrigh leis an imscrúdú.

(251)

Ar na forais sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gcás ina ndéanfaí na bearta a choinneáil ar bun, nach dóigh go mbeadh tionchar suntasach acu ar staid eacnamaíoch na n-oibreoirí sin.

7.4.   An chonclúid ar leas an Aontais

(252)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leasa an Aontais na bearta atá ann cheana ar allmhairí de MSG ar de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann é, a choinneáil ar bun.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(253)

Ar bhonn na gconclúidí ar ar tháinig an Coimisiún maidir leis an dóchúlacht gur leanadh den dumpáil le haghaidh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise, an dóchúlacht gur leanadh den díobháil le haghaidh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise agus gur tharla díobháil arís don Indinéis chomh maith le leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála ar allmhairí de MSG ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad, a choinneáil ar bun.

(254)

Chun na rioscaí teacht timpeall a íoslaghdú de bharr na difríochta ard i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(255)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(256)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr forchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

(257)

Is infheidhme na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo go haonair maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh ag na cuideachtaí sin agus dá bhrí sin ag na heintitis dhlítheanacha shonracha a luaitear. Maidir le hallmhairí den táirge faoi athbhreithniú arna mhonarú ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo lena ainm agus lena sheoladh, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ní féidir leo tairbhe a bhaint as na rátaí sin agus beidh siad faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Ba cheart aon éileamh ina n-iarrtar go gcuirfí na rátaí dleachta frithdhumpála aonair seo i bhfeidhm (e.g. tar éis athrú ar ainm an eintitis nó tar éis eintitis nua táirgthe nó díolacháin a bhunú) a chur faoi bhráid an Choimisiúin (93) agus an fhaisnéis ábhartha go léir ann, go háirithe aon leasú ar ghníomhaíochtaí na cuideachta maidir le táirgeadh, díolacháin intíre agus onnmhairí a bhaineann, mar shampla, leis an athrú ainm sin nó leis an athrú sin ar na heintitis táirgthe agus díolacháin. Más iomchuí, déanfar an Rialachán a leasú ansin dá réir sin tríd an liosta de chuideachtaí a bhaineann tairbhe as rátaí dleachta aonair a nuashonrú.

(258)

Tugadh fógra do gach páirtí leasmhar faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe a raibh sé beartaithe ar a mbonn sin a mholadh go gcoinneofaí na bearta atá ann cheana ar bun. Deonaíodh tréimhse dóibh freisin chun uiríll a dhéanamh tar éis dóibh an nochtadh sin a dhéanamh. Is é an t-iarratasóir amháin a chuir barúlacha isteach ag cur fáilte roimh thorthaí an Choimisiúin.

(259)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (94), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é ba cheart a bheith san ús atá le híoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(260)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam, a thagann faoi chód AC ex 2922 42 00 (cóid TARIC 2922420010) faoi láthair agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.

2.   Is mar a leanas a bheidh na rátaí cinntitheacha maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a bhí ag an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála (%)

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Hebei Meihua MSG Group Co. Ltd agus Tongliao Meihua Bio-Tech Co. Ltd

33,8

A883

Daon-Phoblacht na Síne

Fujian Province Jianyang Wuyi MSG Co. Ltd

36,5

A884

Daon-Phoblacht na Síne

Gach cuideachta eile

39,7

A999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) méid (méid) den (táirge lena mbaineann), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa tír seo: [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.” Mura gcuirtear an sonraisc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

1.   Déantar an dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile” mar a leagtar amach in Airteagal 1 mír 2 a shíneadh leis seo maidir le hallmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam i meascán nó i dtuaslagán, ina bhfuil 50 % nó níos mó de ghlútamáit mhonasóidiam de réir meáchan tirim, a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 2103 90 90, ex 2104 10 00, ex 2104 20 00, ex 3824 99 92, ex 3824 99 93 agus ex 3824 99 96 (cóid TARIC 2103909011, 2103909081, 2104100011, 2104100081, 2104200011, 3824999298, 3824999389 agus 3824999689) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.

2.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 3

1.   Déanfar iarrataí ar dhíolúine ón dleacht arna fadú le hAirteagal 2 i scríbhinn i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus ní mór do dhuine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar an eintiteas atá ag iarraidh na díolúine na hiarrataí a shíniú. Ní mór an iarraidh a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Stiúrthóireacht G

Oifig: CHAR 04/039

1049 An Bhruiséil

An Bheilg

2.   I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2016/1036, féadfaidh an Coimisiún díolúine d’allmhairí a údarú, trí chinneadh, ó chuideachtaí nach dtéann timpeall ar na bearta frithdhumpála arna bhforchur le hAirteagal 1 den Rialachán seo.

Airteagal 4

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam a thagann faoi chód AC ex 2922 42 00 (cód TARIC 2922420010) faoi láthair agus ar de thionscnamh na hIndinéise iad.

2.   Is mar a leanas a bheidh na rátaí cinntitheacha maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a bhí ag an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála (%)

Cód breise TARIC

An Indinéis

PT. Cheil Jedang Indonesia

7,2

B961

An Indinéis

PT. Miwon Indonesia

13,3

B962

An Indinéis

Gach cuideachta eile

28,4

B999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) méid (méid) den (táirge lena mbaineann), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa tír seo: [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.” Mura gcuirtear an sonraisc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1187/2008 ón gComhairle an 27 Samhain 2008 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 322, 2.12.2008, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/83 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (IO L 15, 22.1.2015, lch. 31).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/84 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh na hIndinéise iad (IO L 15, 22.1.2015, lch. 54).

(5)  Fógraí maidir le dul in éag beart frithdhumpála áirithe atá le tarlú (IO C 165, 14.5.2019, lch. 4 agus lch. 5).

(6)  Toisc nach ann ach d’aon táirgeoir amháin de MSG san Aontas, déantar cuid de na sonraí sa Rialachán seo a chur i láthair i raonta nó i bhfoirm innéacs chun rúndacht shonraí an táirgeora san Aontas a chosaint.

(7)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na dleachtanna frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad (IO C 20, 21.1.2020, lch. 18).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/230 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 lena dtionscnaítear imscrúdú i dtaca le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/83 maidir le hallmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, agus allmhairí den sórt sin a chur faoi réir a gcláraithe (IO L 47, 20.2.2020, lch. 9).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1427 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2020, lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/83 ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad chun allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam i meascán nó i dtuaslagán ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad a chumhdach (IO L. 336, 13.10.2020, lch. 1).

(10)  Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach an 31 Eanáir 2020. Tháinig an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú go comhpháirteach maidir le hidirthréimhse a raibh an Ríocht Aontaithe faoi réir dhlí an Aontais lena linn, agus ar tháinig deireadh leis an 31 Nollaig 2020. Ní Ballstát de chuid an Aontais í an Ríocht Aontaithe a thuilleadh agus dá bhrí sin caitear leis an Ríocht Aontaithe mar thríú tír sna figiúirí, san torthaí agus sna conclúidí sa Rialachán seo.

(11)  Fógra maidir le hiarmhairtí phaindéim COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frithchúitimh (2020/C 86/06) (IO C 86, 16.3.2020, lch. 6).

(12)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2.

(13)  Mar a luaitear in aithris (6), seasann an t-iarratasóir do 100 % de tháirgeadh foriomlán an Aontais de MSG. Dá bhrí sin, chun rúin ghnó a chosaint, is i bhfoirm raonta agus/nó innéacsanna a chuirtear i láthair sonraí áirithe sa Rialachán seo.

(14)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 6-7.

(15)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 10.

(16)  Ar fáil ar http://www.fdi.gov.cn/1800000121_39_4866_0_7.html (arna amharc go deireanach an 27 Deireadh Fómhair 2020).

(17)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 20-21.

(18)  Tuarascáil – Caibidil 3, lgh. 41, 73-74.

(19)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 120-121.

(20)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 122-135.

(21)  Tuarascáil – Caibidil 7, lgh. 167-168.

(22)  Tuarascáil – Caibidil 8, lgh. 169-170, 200-201.

(23)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 15-16, Tuarascáil – Caibidil 4, lch. 50, lch. 84, Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 108-109.

(24)  Féach an sliocht as an bhfoilseachán anailíseach le Guosheng Securities maidir le ceann de na cuideachtaí sin – Meihua Biological: “Trí pháirtí leasmhara atá ar thaobh an tsoláthair den ghlútamáit mhonasóidiam, agus is léir patrún na holagaplachta: Is saintréith de MSG é struchtúr olagaplachta a bhfuil ceannas ag Fufeng Group, Meihua Biological agus Ningxia Eppen air; is ionann a n-acmhainneacht agus a n-aschur siúd agus breis is 90 % d’fhigiúirí na tíre. Mar thoradh ar iomaíocht agus ar chomhtháthú sa tionscal, mar aon le hinfheistíochtaí ollmhóra caipitil, d’fhorbair na trí chuideachta slabhra cuimsitheach tionsclaíoch, chruthaigh siad bearna réasúnta ollmhór idir iad agus cuideachtaí eile, agus tá buntáiste tionsclaíochta mór anois acu. […] Faoi mar a bhaineann le MSG, tá leagan amach olagaplachta iomláine idirspleáiche bainte amach ag Meihua, Fufeng agus Eppen. Is annamh na táirgí dá bhfuil an comhchruinniú chomh hard sin san fho-earnáil de thionscal na gceimiceán.”1 Lúnasa 2019. http://pdf.dfcfw.com/pdf/H3_AP201908011342041272_1.PDF (arna amharc go deireanach an 19 Eanáir 2021).

(25)  Féach an t-alt ar shuíomh gréasáin na cuideachta a foilsíodh an 2 Eanáir 2018: Thug Liu Qifan, comhalta de Bhuanchoiste Choistí an Pháirtí agus Rúnaí leis an gCoiste Araíonachta de Réigiún Féinrialaitheach na hIon-Mhongóile, cuairt ar Northeast Fufeng Company chun imscrúdú a dhéanamh. http://www.fufeng-group.com/news/details-236_1.html (arna amharc go deireanach an 19 Eanáir 2021).

(26)  Féach an t-alt Preasagallamh chomóradh 20 bliain Fufeng a reáchtáladh i gcathair Qiqihar.29 Iúil 2019, http://www.qqhr.gov.cn/News_showNews.action?messagekey=175677 (arna amharc go deireanach an 19 Eanáir 2021).

(27)  Féach an t-alt Tugann Li Yugang, Méara Qiqihar, cuairt ar cheanncheathrú Fufeng Group lena imscrúdú.11 Nollaig 2019. http://en.fufeng-group.cn/news/details-260_1.html (arna amharc go deireanach an 19 Eanáir 2021).

(28)  Féach an t-alt in Dongfang Financial News: Neartaigh an cheannaireacht ar an tionsclaíocht, dírigh ar laghdú na bochtaineachta mar ghné lárnach, daingnigh suíomhanna chun tosaigh; Fufeng ar an bhfód le 20 bliain: fás ag teacht chun solais. 19 Lúnasa 2019. http://www.jinxingwenshi.com/caijing/shh/201908195018.html (arna amharc go deireanach an 21 Eanáir 2021).

(29)  Féach an t-alt maidir le Ningxia Eppen Biotech an 20 Lúnasa 2013: http://nxgsl.com/hyzl/hyfc/201308/t20130820_1163706.html (arna amharc go deireanach an 21 Eanáir 2021).

(30)  Féach suíomh gréasáin oifigiúil Roinn Tionsclaíochta agus Teicneolaíochta Faisnéise Ningxia Hui: Torthaí Lárionad Teicneolaíochta Ningxia Eppen Biotech. 23 Samhain 2020. https://gxt.nx.gov.cn/info/1004/8250.htm (arna amharc go deireanach an 26 Eanáir 2021).

(31)  “Is iad arbhar agus gual na príomhchostais a bhaineann le MSG. Dá bhrí sin, cuideachtaí a thapaigh an deis maidir le praghsanna ísle ar arbhar agus ar ghual, tá buntáiste comparáideach acu sin cheana féin ó thaobh costais de” – ón alt Réamhaisnéis agus Anailís ar ionchais forbartha i dtionscal MSG, 2018-2022. China Investment Consulting Network, 5 Bealtaine 2018.

http://www.ocn.com.cn/touzi/chanye/201806/ypxwt05100100-2.shtml (arna amharc go deireanach an 25 Eanáir 2021).

(32)  Féach suíomh gréasáin SASAC: http://www.sasac.gov.cn/n2588035/n2641579/n2641645/index.html (arna amharc go deireanach an 22 Eanáir 2021).

(33)  Féach na sonraí ó Chumann Thionscal Stáirse na Síne a chuirtear i láthair ar an suíomh gréasáin: https://www.ershicimi.com/p/a14ff87430b1ea50d458d1347123cba5 (arna amharc go deireanach an 22 Eanáir 2021)

(34)  Féach: https://www.qcc.com/firm/d8b3787389e66016cbede3e1dea817bf.html (arna amharc go deireanach an 22 Eanáir 2021).

(35)  Sonraí le haghaidh 2015 ar bhonn Leabhar Bliana Staidrimh na Síne 2016, Biúró Náisiúnta Staidrimh na Síne.

(36)  Tuarascáil – Caibidil 3, lgh. 22-24 agus Caibidil 5, lgh. 97-108.

(37)  Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 104-109.

(38)  Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 100-101.

(39)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 26.

(40)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 31-32.

(41)  Ar fáil ar https://www.reuters.com/article/us-china-congress-companies-idUSKCN1B40JU (arna amharc go deireanach an 27 Deireadh Fómhair 2020).

(42)  Féach suíomh gréasáin Chomhdháil Phobail Linyi: http://www.lyrenda.gov.cn/view-SpecialArticles.aspx?id=1285&spid=39 (arna amharc go deireanach an 22 Eanáir 2021)

(43)  Féach tuarascáil bhliantúil na cuideachta in 2019:

http://pdf.dfcfw.com/pdf/H2_AN202004151378041301_1.pdf, leathanach 54 (arna amharc go deireanach an 22 Eanáir 2021).

(44)  Féach suíomh gréasáin na cuideachta: http://www.meihuagrp.com/index.php/article/1237.html (arna amharc go deireanach an 22 Eanáir 2021).

(45)  Féach https://baike.baidu.com/item/%E9%97%AB%E6%99%93%E5%B9%B3 (arna amharc go deireanach an 22 Eanáir 2021).

(46)  Féach an fhaisnéis ar Ningxia Eppen Biotech ar shuíomh gréasáin Chónaidhm Thionscail agus Thráchtála Ningxia an 20 Lúnasa 2013: http://nxgsl.com/hyzl/hyfc/201308/t20130820_1163706.html (arna amharc go deireanach an 22 Eanáir 2021).

(47)  Tuarascáil – Caibidlí 14.1 go 14.3.

(48)  Tuarascáil – Caibidil 4, lgh. 41-42, 83.

(49)  Tuarascáil – Caibidil 16, lgh. 406-424.

(50)  Féach an 13ú Plean 5 Bliana maidir le Próiseáil Gráin agus Ola, lgh. 16 agus 22. http://www.gov.cn/xinwen/2017-01/03/5155835/files/5bd8566b8a254067a076ef41d38ce6b3.doc (arna amharc go deireanach an 25 Eanáir 2021)

(51)  Tuarascáil – Caibidil 12, leathanach 319.

(52)  Tá teacht ar fhaisnéis maidir le fóirdheontais atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Aireacht na Talmhaíochta: http://www.moa.gov.cn/gk/zcfg/qnhnzc/201904/t20190416_6179338.htm

(53)  Féach Fógra 2017/627 NDRC lena n-aisghairtear “Fógra NDRC maidir le Cúrsaí a Bhaineann le Bainistiú Tionscadal Próiseála Domhain arbhair”, atá ar fáil ag:

https://www.ndrc.gov.cn/fggz/cyfz/zcyfz/201704/t20170417_1149901.html (arna amharc go deireanach an 25 Eanáir 2021).

(54)  Féach an phreaseisiúint: D’fhoilsigh an Aireacht Talmhaíochta agus Gnóthaí Tuaithe agus an Aireacht Airgeadais na príomhbheartais chun an talmhaíocht a neartú agus chun tacú léi in 2019. 16 Aibreán 2019. http://www.moa.gov.cn/gk/zcfg/qnhnzc/201904/t20190416_6179338.htm (arna amharc go deireanach an 25 Eanáir 2021).

(55)  Féach Fógra 2017/627 ó NDRC.

(56)  Féach fógra ó Oifig Ghinearálta Rialtas Pobail Chúige Heilongjiang an 1 Lúnasa 2017. http://ydscyl.cn/goods.php?id=1271 (arna amharc go deireanach an 26 Eanáir 2021).

(57)  “Laistigh de 3 bliana, bunaíodh Páirc Náisiúnta Chúige Heilongjiang, Chathair Jixi agus Mishan um Fhorbairt agus Taispeáint an Chomhtháthaithe Thionsclaíoch Tuaithe mar Pháirc lena mbaineann saintréithe tionsclaíocha sainiúla, leibhéal ard comhchruinnithe, saoráidí agus trealamh ceannródaíoch, modhanna táirgthe glasa, leasanna eacnamaíocha soiléire agus tionchar láidir. […] Bearta eagrúcháin: Bhunaigh Cathair Mishan treoirghrúpa beag ar a bhfuil Rúnaí Choiste an Pháirtí Bhardasaigh agus an Méara ina gceannairí, Leas-Rúnaí Choiste an Pháirtí Bhardasaigh agus an Leas-Mhéara ina Leas-Cheannairí, agus príomhcheannairí Ranna éagsúla. Tá an grúpa i gceannas ar obair thógála na páirce taispeántais a chur chun cinn, ar na fadhbanna a thagann chun cinn le linn thógáil na Páirce a chomhordú agus a réiteach in am trátha, agus dul chun cinn rianúil thógáil na páirce taispeántais a áirithiú. An tráth céanna, déanfar breithmheas feidhmíochta ar thógáil na páirce taispeántais lena gcuimseofar príomhobair na roinne chun an pháirc a chur chun cinn, dreasachtaí agus dul ar aghaidh, mar aon leis an dianchóras luaíochta agus pionóis. A mhéid a bhaineann le ranna agus eintitis lena mbaineann cur chun feidhme íseal an tionscadail, drochsmaointeoireacht agus obair mhall chun an tionscadal a chur chun cinn, déanfar maoirseacht orthu sin. […] Tacaíocht bheartais a neartú: In 2017, d’fhoilsigh Cathair Mishan beartais tacaíochta chun infheistíocht a chur chun cinn, bhíothas i mbun tacaíocht beartais cánach le haghaidh fiontair ábhartha, amhail ‘trí dhíolúine, trí laghdú’ agus díolúine ó tharaifí, agus tugadh isteach agus cuireadh chun feidhme beartais tacaíochta náisiúnta ábhartha maidir le cánachas, úsáid talún, maoiniú na hidreachumhachta, etc., praghsanna hidreachumhachta le haghaidh úsáid sa talmhaíocht agus soláthar tosaíochta talún tógála nua. Cheannaigh Cathair Mishan agus chuir sé in áirithe 157 heicteár talún, agus tá 81 heicteár de thalamh ag an gcathair i gcónaí is féidir a úsáid chun páirceanna taispeántais a thógáil.” Sliocht as suíomh gréasáin NDRC: Taithí agus Cleachtas na Páirce Náisiúnta um Fhorbairt agus Taispeáint an Chomhtháthaithe Thionsclaíoch Tuaithe (Heilongjiang) — Páirc Thaispeántais Jixi Mishan (Cuid 1). 26 Iúil 2019. https://www.ndrc.gov.cn/fggz/nyncjj/njxx/201907/t20190726_1144182.html (arna amharc go deireanach an 25 Eanáir 2021).

(58)  Tuarascáil – Caibidil 16, lch. 411.

(59)  Tuarascáil – Caibidil 4, lch. 69.

(60)  Tuarascáil – Caibidil 10, lch. 223.

(61)  Tuarascáil – Caibidil 10.

(62)  “Brath ar ‘fhiontair cnáimhe droma’ chun patrún forbartha guail ‘1 + 5’ a chruthú: inarb é limistéar táirgthe guail in iarthar Luxi é ‘1’: I gcomhréir leis an bprionsabal de ‘tharraingt siar as limistéir an Oirthir, laghdú sna limistéir Láir, cobhsú i limistéir an Iarthair, agus cúltaiscí a choinneáil i limistéir an Tuaiscirt’, Longkou, Zibo, Linyi, Jinan agus limistéir mhianadóireachta atá as dáta ina bhfuil acmhainní ídithe a laghdú agus a dhúnadh, méideanna mianadóireachta a laghdú in Yanzhou, Jining, Zaoteng, Feicheng, Xinwen, Laiwu agus limistéir mhianadóireachta eile, táirgeadh guail Juye a choinneáil cobhsaí go bunúsach agus cúltaiscí straitéiseacha agus dianrialáil a chur chun feidhme maidir le forbairt agus tógáil i ngualcheantair agus i limistéir ina bhfuil dlúth-acmhainní guail neamhshaothraithe lonnaithe feadh na coda thuaidh den Abhainn Bhuí. Ciallaíonn ‘5’ tógáil bonn guail thar lear a chur chun cinn go seasta de bhreis ar na cúig phríomhlimistéar mar atá: Ning (an Ion-Mhongóil), Shanxi, Guizhou (Yunnan), Xinjiang agus an Astráil agus feabhas a chur ar a leibhéal forbartha.”

(63)  Féach http://www.energynews.com.cn/uploadfile/2016/1220/20161220020713472.pdf (arna amharc go deireanach an 27 Eanáir 2021).

(64)  Féach tuarascáil bhliantúil na cuideachta in 2019: http://pdf.dfcfw.com/pdf/H2_AN202004151378041301_1.pdf, lch. 167 (arna amharc go deireanach an 26 Eanáir 2021).

(65)  Féach http://pdf.dfcfw.com/pdf/H2_AN201905051326655801_1.pdf, lch. 70 (arna amharc go deireanach an 26 Eanáir 2021).

(66)  Ibid, lch. 68

(67)  Féach na suíomhanna gréasáin http://transcustoms.com/China_HS_Code/China_Tariff.asp?HS_Code=2922422000 agus http://www.hlbrdaily.com.cn/news/3/html/286480.html (arna amharc go deireanach an 26 Eanáir 2021).

(68)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 138-149.

(69)  Tuarascáil – Caibidil 9, lch. 216.

(70)  Tuarascáil – Caibidil 9, lgh. 213-215.

(71)  Tuarascáil – Caibidil 9, lgh. 209-211.

(72)  Tuarascáil – Caibidil 13, lgh. 332-337.

(73)  Tuarascáil – Caibidil 13, lch. 336.

(74)  Tuarascáil – Caibidil 13, lgh. 337-341.

(75)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 114-117.

(76)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 119.

(77)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 120.

(78)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 121-122, 126-128, 133-135.

(79)  Féach Páipéar Oibre an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta “Resolving China’s Corporate Debt Problem”, le Wojciech Maliszewski, Serkan Arslanalp, John Caparusso, José Garrido, Si Guo, Joong Shik Kang, W. Raphael Lam, T. Daniel Law, Wei Liao, Nadia Rendak, Philippe Wingender, Jiangyan, Deireadh Fómhair 2016, WP/16/203.

(80)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 121-122, 126-128, 133-135.

(81)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Meánioncam Uachtarach, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.

(82)  https://www.boi.go.th/index.php?page=utility_costs

(83)  https://ilostat.ilo.org/?_afrLoop=767707374397500&_afrWindowMode=0&_afrWindowId=null

(84)  http://www.gtis.com/gta/secure/default.cfm

(85)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33). Meastar in Airteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh agus, ar aon chuma, gur sonraí diomaibhseacha a bhí sna sonraí allmhairiúcháin sin.

(86)  https://ilostat.ilo.org/?_afrLoop=767707374397500&_afrWindowMode=0&_afrWindowId=null

(87)  https://www.boi.go.th/index.php?page=utility_costs

(88)  https://orbis4.bvdinfo.com/version-201866/orbis/Companies

(89)  https://ec.altares.eu/

(90)  https://www.prnewswire.com/news-releases/global-monosodium-glutamate-msg-market-2019-2024-key-players-growth-price-demands-and-forecasts---reportsnreports-300795733.html

https://ihsmarkit.com/products/monosodium-glutamate-chemical-economics-handbook.html#:~:text=Currently%2C%20China%20is%20the%20world's,world's%20largest%20exporter%20of%20MSG

https://ihsmarkit.com/products/monosodium-glutamate-chemical-economics-handbook.html#:~:text=Currently%2C%20China%20is%20the%20world's,world's%20largest%20exporter%20of%20MSG

(91)  http://en.fufeng-group.cn/investor/

(92)  Rialachán Cur Chun FeidhmeUimh. 904/2014 ón gCoimisiún an 20 Lúnasa 2014 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh na hIndinéise iad (IO L 246, 21.8.2014, lch. 1) aithris 151.

(93)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 An Bhruiséil, An Bheilg.

(94)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus CinneadhUimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).