19.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 132/17


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/630 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Feabhra 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí earraí áirithe atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1) agus go háirithe Airteagal 48(h) agus Airteagal 77(1)(k) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 48(h) agus Airteagal 77(1)(k) de Rialachán (AE) 2017/625, tugtar cumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun cásanna a bhunú ina bhféadfaí earraí áirithe a mbaineann riosca íseal leo, lena n-áirítear táirgí cumaisc, a dhíolmhú ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, agus coinníollacha faoina bhféadfaí sin a dhéanamh, agus rialacha a leagan síos maidir le rialuithe sonracha oifigiúla a dhéanamh ar na hearraí sin.

(2)

Braitheann an riosca a bhaineann le táirgí cumaisc don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe ar chineálacha na gcomhábhar agus ar choinníollacha stórála agus ar phacáistiú na dtáirgí sin. Táirgí cumaisc fadré nach bhfuil feoil phróiseáilte mar chomhábhar iontu agus nach gá iad a iompar ná a stóráil faoi theocht rialaithe, is iad sin is lú riosca do shláinte ainmhithe agus do shábháilteacht mhicribhitheolaíoch bia. Is é sin an cás maidir le táirgí déiríochta agus uibhe atá i dtáirgí cumaisc fadré a ndearnadh cóireáil orthu le linn a monaraithe, amhail steiriliú nó cóireáil trí úsáid a bhaint as teochtaí ultra-arda chun an riosca a dhíchur. Maolaítear na rioscaí do shláinte ainmhithe agus do shábháilteacht mhicribhitheolaíoch bia i gcás ina ndéantar táirgí cumaisc a phacáistiú nó a shéalú ar bhealach slán.

(3)

Ní laghdaítear rioscaí sábháilteachta ceimicí bia trí chóireálacha a chuireann fadré le táirgí cumaisc. Ó thaobh sábháilteachta ceimicí bia de, féadfar táirgí cumaisc fadré áirithe nach bhfuil feoil phróiseáilte iontu a dhíolmhú ó rialuithe oifigiúla ag na poist rialaithe teorann, ar choinníoll, maidir leis na táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch ar comhábhair de na táirgí cumaisc iad, go ndéantar iad a tháirgeadh i mbunaíochtaí atá suite i dtríú tíortha atá údaraithe chun na táirgí próiseáilte sin de bhunadh ainmhíoch nó i mbunaíochtaí atá suite sna Ballstáit a allmhairiú isteach san Aontas.

(4)

Maidir le táirgí cumaisc fadré nach bhfuil feoil phróiseáilte iontu, ba cheart iad a tháirgeadh i dtríú tír a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún (2). Ba cheart don tríú tír a tháirgeann an táirge cumaisc plean rialaithe iarmhair formheasta a bheith aici le haghaidh gach ceann de na comhábhair de bhunadh ainmhíoch atá sa táirge cumaisc nó ba cheart di na comhábhair ainmhithe a fháil ó Bhallstát nó ó thríú tír eile a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE le haghaidh na dtráchtearraí sin.

(5)

I bhfianaise an riosca ísil a bhaineann leo don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe, is iomchuí táirgí cumaisc fadré áirithe nach bhfuil feoil phróiseáilte iontu a dhíolmhú ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus iad a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus a gcóid ón Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) á sonrú mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (3).

(6)

Maidir le táirgí cumaisc fadré áirithe nach bhfuil feoil phróiseáilte iontu, atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann i gcomhréir leis an Rialachán seo agus a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha, ba cheart fianú príobháideach a bheith leo arna chur ar fáil ag an oibreoir gnó a dhéanann iad a allmhairiú.

(7)

Chun a áirithiú, maidir le táirgí cumaisc fadré áirithe nach bhfuil feoil phróiseáilte iontu agus atá díolmhaithe ó sheiceálacha ag poist rialaithe teorann i gcomhréir leis an Rialachán seo, go gcomhlíonann siad ceanglais maidir leis an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe, ba cheart do na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla a dhéanamh go rialta, ar bhonn riosca agus a mhinice is iomchuí, ag an gceann scríbe, ag an bpointe scaoilte le haghaidh saorchúrsaíochta san Aontas, nó i dtrádstórais nó áitreabh an oibreora atá freagrach as an gcoinsíneacht.

(8)

Tá na rialacha maidir le táirgí cumaisc atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag na poist rialaithe teorann agus maidir le rialuithe oifigiúla atá le déanamh ar tháirgí cumaisc den sórt sin nasctha go substaintiúil agus tá sé beartaithe iad a chur i bhfeidhm i dteannta a chéile. Ar mhaithe le simplíocht agus trédhearcacht, agus chun a gcur i bhfeidhm a éascú agus chun iolrú rialacha a sheachaint, ba cheart iad a leagan síos, dá bhrí sin, in aon ghníomh amháin seachas i ngníomhartha ar leithligh lena mbaineann go leor crostagairtí agus an baol dúblála.

(9)

Tá díolúintí ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann le haghaidh táirgí cumaisc áirithe ann cheana de bhun Chinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún (4). Ós rud é go leagtar síos leis an Rialachán seo díolúintí le haghaidh táirgí a chumhdaítear le Cinneadh 2007/275/CE faoi láthair, ba cheart forálacha áirithe sa Chinneadh sin a scriosadh ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ba cheart an Cinneadh sin a leasú dá réir.

(10)

Na ceanglais maidir leis an tsláinte phoiblí le haghaidh táirgí cumaisc a thabhairt isteach san Aontas a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún (5), ní bheidh feidhm acu ach ón 21 Aibreán 2021. Ar an gcaoi chéanna, ní bheidh feidhm ag na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe le haghaidh táirgí cumaisc a thabhairt isteach san Aontas a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (6) ach ón 21 Aibreán 2021. Dá réir sin, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo ón dáta sin freisin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

1.

na cásanna ina ndíolmhaítear táirgí cumaisc ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, agus na coinníollacha faoina ndíolmhaítear na táirgí sin agus i gcás ina bhfuil údar maith le díolúine den chineál sin;

2.

rialuithe sonracha oifigiúla a dhéanamh maidir le táirgí cumaisc atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn “táirge cumaisc” táirge cumaisc mar a shainmhínítear é i bpointe (14) d’Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625;

2.

ciallaíonn “táirgí cumaisc fadré” táirgí nach gá a iompar ná a stóráil faoi theochtaí rialaithe.

Airteagal 3

Táirgí cumaisc atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann

1.   Maidir leis na táirgí cumaisc fadré nach bhfuil feoil phróiseáilte iontu agus a liostaítear san Iarscríbhinn, beidh siad díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann ar choinníoll go gcomhlíonann na táirgí sin na ceanglais seo a leanas:

(a)

na ceanglais maidir le teacht isteach san Aontas a leagtar síos in Airteagal 12(2)(c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625;

(b)

go ndearnadh cóireáil ar aon táirge déiríochta agus uibhe sna táirgí cumaisc fadré i gcomhréir le hAirteagal 163(a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692;

(c)

go sainaithnítear iad mar tháirgí a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine; agus

(d)

go bhfuil siad pacáistithe nó séalaithe ar bhealach slán.

2.   Nuair a chuirtear táirgí cumaisc fadré dá dtagraítear i mír 1 ar an margadh, beidh fianú príobháideach ag gabháil leo i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún (7).

Airteagal 4

Rialuithe oifigiúla maidir le táirgí cumaisc atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla go rialta ar na táirgí cumaisc fadré dá dtagraítear in Airteagal 3(1), ar bhonn riosca agus a mhinice is iomchuí, agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 44(2) de Rialachán (AE) 2017/625 a chur san áireamh.

2.   Déanfar na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 in aon cheann de na háiteanna seo a leanas laistigh de chríoch chustaim an Aontais:

(a)

an ceann scríbe;

(b)

an pointe scaoilte do shaorchúrsaíocht san Aontas;

(c)

trádstórais nó áitreabh an oibreora atá freagrach as an gcoinsíneacht.

3.   Déanfar na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hAirteagail 45 agus 46 de Rialachán (AE) 2017/625.

Airteagal 5

Leasuithe ar Chinneadh 2007/275/CE

Leasaítear Cinneadh 2007/275/CE mar a leanas:

(1)

Scriostar Airteagal 6;

(2)

Scriostar Iarscríbhinn II.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm agus dáta chur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 21 Aibreán 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Cinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún an 16 Márta 2011 maidir le formheas pleananna arna gcur isteach ag tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir 96/23/CE ón gComhairle (IO L 70, 17.3.2011, lch. 40).

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(4)  Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2007 lena mbaineann liosta táirgí cumaisc atá faoi réir rialuithe ag poist rialaithe teorann (IO L 116, 4.5.2007, lch. 9).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine a thabhairt isteach san Aontas (IO L 131, 17.5.2019, lch. 18).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneacht ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha i dtaca le coinsíneachtaí catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Liosta na dtáirgí cumaisc atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann (Airteagal 3)

Sa liosta sin, leagtar amach na táirgí cumaisc, i gcomhréir leis an Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) atá in úsáid san Aontas, nach gá iad a chur isteach le haghaidh rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.

Nótaí a bhaineann leis an tábla:

 

Colún (1) — Cód AN

Léirítear Cód AN sa cholún seo. Tá AN, arna bhunú le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, bunaithe ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (“Córas Comhchuibhithe (CC)”) arna dhréachtú ag an gComhairle um Chomhar Custaim, dá ngairtear an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim faoi láthair, agus formheasta le Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle (1). Atáirgeann AN ceannteidil agus fo-cheannteidil CC chuig sé dhigit. Sainaithníonn an seachtú agus an t-ochtú digit fo-cheannteidil bhreise AN.

I gcás ina n-úsáidtear cód ceithre dhigit, sé dhigit nó ocht ndigit nach bhfuil “ex” ag gabháil leo, agus mura sonraítear a mhalairt, ní gá na táirgí cumaisc uile a bhfuil na ceithre dhigit sin curtha leo nó a chumhdaítear leis na ceithre dhigit, sé dhigit nó ocht ndigit sin a chur isteach le haghaidh rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.

I gcás nach bhfuil táirgí ainmhithe i dtáirgí cumaisc sonraithe áirithe faoi aon chód ceithre dhigit, sé dhigit nó ocht ndigit agus nach bhfuil aon fhoroinn shonrach faoin gcód sin le fáil in AN, cuirtear “ex” leis an gcód. Mar shampla, maidir le “ex 2001 90 65”, ní cheanglaítear seiceálacha a dhéanamh ag poist rialaithe teorann i gcás na dtáirgí a leagtar amach i gcolún (2).

 

Colún (2) — Sainmhínithe

Sa cholún sin, tugtar mionsonraí ar na táirgí cumaisc a chumhdaítear leis an díolúine ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.

Cóid AN

Sainmhínithe

(1)

(2)

1704 , ex 1806 20 , ex 1806 31 00 , ex 1806 32 , ex 1806 90 11 , ex 1806 90 19 , ex 1806 90 31 , ex 1806 90 39 , ex 1806 90 50 , ex 1806 90 90

Milseogra (lena n-áirítear milseáin), seacláid agus ullmhóidí bia eile ina bhfuil cócó a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1)

ex 1902 19 , ex 1902 30 , ex 1902 40

Pasta, núdail agus cúscús a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1)

ex 1905 10 , ex 1905 20 , ex 1905 31 , ex 1905 32 , ex 1905 40 , ex 1905 90

Arán, cácaí, brioscaí, vaiféil agus abhlanna, roscaí, arán tóstáilte agus táirgí tóstáilte den chineál céanna a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1)

ex 2001 90 65 , ex 2005 70 00 , ex 1604

Ológa líonta le hiasc a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1)

(2101 )

Eastóscáin, úscraí agus tiúcháin, de chaife, de thae nó de mhaité agus ullmhóidí de bhunús na dtáirgí sin nó de bhunús caife, tae nó maité díobh sin a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1). Siocaire rósta agus ionadaigh rósta eile caife, agus úisc, úscraí agus tiúcháin díobh a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1).

ex 2104

Stoic anraith agus blastáin bia atá pacáistithe le haghaidh an tomhaltóir deiridh a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1)

ex 2106

Blastáin bia atá pacáistithe le haghaidh an tomhaltóir deiridh, ina bhfuil táirgí próiseáilte ainmhithe (lena n-áirítear glúcósaimín, condróitin nó ciotósán) a cheanglaíonn ceanglais Airteagal 3(1)

ex 2208 70

Licéir agus coirdéil a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1)


(1)  Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle an 7 Aibreán 1987 maidir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, agus an Prótacal lena ndéantar leasú air, a thabhairt i gcrích (IO L 198, 20.7.1987, lch. 1).