16.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 131/120


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/621 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Aibreán 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 chun an tsubstaint imíodaclóiprid a aicmiú a mhéid a bhaineann lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14, i gcomhar le hAirteagal 17 de,

Ag féachaint don tuairim ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach a chuir an Coiste um Tháirgí Íocshláinte le haghaidh Úsáide Tréidliachta le chéile an 9 Meán Fómhair 2020,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a bheartaítear a úsáid san Aontas i dtáirgí íocshláinte tréidliachta le haghaidh bia-ainmhithe, sin nó i dtáirgí bithicídeacha a úsáidtear i bhfeirmeoireacht ainmhithe, is éard a cheanglaítear in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 an uasteorainn iarmhar (“MRL”) sna substaintí sin a bhunú.

(2)

Is i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (2) a leagtar amach na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de mar aon le haicmiú na substaintí sin maidir le MRLanna i mbia-ábhair de bhunadh ainmhíoch.

(3)

Ní áirítear an tsubstaint imíodaclóiprid ar an liosta sin.

(4)

Tá iarratas curtha faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (an “Ghníomhaireacht”) chun MRL na himíodaclóipride i Salmonidae a bhunú.

(5)

Ar bhonn na tuairime ón gCoiste um Tháirgí Íocshláinte le haghaidh Úsáide Tréidliachta, tá sé molta ag an nGníomhaireacht MRL na himíodaclóipride i Salmonidae a bhunú a bheidh feidhm aige maidir le matáin agus craiceann i gcoibhneasa nádúrtha.

(6)

De réir Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tá an Ghníomhaireacht chun úsáid uasteorannacha na n-iarmhar a bunaíodh i gcás substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhar áirithe le haghaidh bia-ábhar eile a eascraíonn ón speiceas céanna a mheas, nó MRLanna a bunaíodh i gcás substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i speiceas amháin nó i níos mó ná speiceas amháin i speiceas eile.

(7)

Measann an Ghníomhaireacht gurb iomchuí na MRLanna imíodaclóipride le haghaidh Salmonidae a úsáid i gcás gach éisc eite.

(8)

I bhfianaise na tuairime ón nGníomhaireacht, an MRL a mholtar le haghaidh iasc eite, is iomchuí é a bhunú.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a leasú dá réir.

(10)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 152, 16.6.2009, lch. 11.

(2)   IO L 15, 20.1.2010, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010:

Substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de

Iarmhar marcála

Speiceas Ainmhíoch

MRL

Spriocfhíocháin

Forálacha Eile (de réir Airteagal 14(7) de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009)

Aicme Teiripeach

“Imíodaclóiprid

Imíodaclóiprid

Iasc Eite

600 μg/kg

Matáin agus craiceann i gcoibhneasa nádúrtha

GAN IONTRÁIL

Oibreáin fhrithsheadánacha /Oibreáin in aghaidh eictisheadán”