|
16.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 131/55 |
RIALACHÁN (AE) 2021/618 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Aibreán 2021
lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le huasleibhéil iarmhar déchlófop, fluaipioram, fluaipicilíd, iopconasóil agus tríbhúitiolaisín i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1)(a) agus Airteagal 49(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagadh síos uasleibhéil iarmhar (MRLanna) déchlófop, fluaipioram, iopconasóil agus tríbhúitiolaisín in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(2) |
Chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach ar na MRLanna atá ann cheana i gcás déchlóibeinile i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (2). Mhol sé go n-athrófaí an sainmhíniú ar iarmhair. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh roinnt faisnéise ar fáil faoi MRLanna eorna agus cruithneachta agus gur ghá do bhainisteoirí riosca an cheist a scrúdú tuilleadh. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a shocrú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana agus ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. Déanfar athbhreithniú ar na MRLanna sin; leis an athbhreithniú sin cuirfear san áireamh an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de dhá bhliain ó fhoilsiú an Rialacháin seo. |
|
(3) |
For fluopyram the Authority submitted a reasoned opinion on the existing MRLs in accordance with Article 12(1) of Regulation (EC) No 396/2005 (Chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach ar na MRLanna atá ann cheana i gcás fluaipioram i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005) (3). Mhol sé go n-ísleofaí na MRLanna a bhaineann le maoildearga (iad dubh agus bán), caora troim, casabhaigh, ararút, tím, meacain bhiatais, gairleog, oinniúin, seallóidí, costóg, síobhas, duilleoga soilire, peirsil, sáiste, marós, tím, duilleog labhrais, dragan, lintilí, ruán agus bréag-ghránaigh eile. Mhol an tÚdarás MRLanna na dtáirgí eile atá ann cheana a ardú nó a choinneáil. Ar bhonn na staidéar ar bharra uainíochta agus é á chur san áireamh go mbeidh iarmhair á sú ag barra i ndiaidh a chéile agus nach bhfuil neart air sin, díorthaíodh MRLanna sonracha inar cuireadh san áireamh gur shúigh na glasraí iarmhair ón ithir i gcás casabhach, prátaí milse, ionam, ararúit, glasraí fréimhe agus tiúbair eile seachas biatas siúcra, fréamhacha siocaire, brocailí, cóilise, bachlóga Bruiséile, cabáistí cinn, cál, cálráibí, biolair uisce, insiltí luibhe ó fhréamhacha, spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm, fréamhacha biatas siúcra, arbhar milis, arbhar Indiach/arbhar, ruán agus bréag-ghránaigh eile agus muiléad coiteann. Ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a shocrú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. Maidir leis na MRLanna a bhaineann le líomóidí, mandairíní, bananaí, oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil, trátaí, mealbhacáin, cabáistí Síneacha/pe-tsai, searbháin muc, biolair thalún, mustard dhearg, spionáistí, seardas/duilleoga biatais, bliosáin cruinne agus cainneanna, chinn an tÚdarás nach raibh roinnt faisnéise ar fáil fúthu agus gur ghá do bhainisteoirí riosca an cheist a scrúdú tuilleadh. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a shocrú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana agus ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. Déanfar athbhreithniú ar na MRLanna sin; leis an athbhreithniú sin cuirfear san áireamh an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de dhá bhliain ó fhoilsiú an Rialacháin seo. |
|
(4) |
For ipconazole the Authority submitted a reasoned opinion on the existing MRLs in accordance with Article 12(1) of Regulation (EC) No 396/2005 (Chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach ar na MRLanna atá ann cheana i gcás iopconasóil, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005) (4). Mhol an tÚdarás na MRLanna atá ann cheana a ardú nó a choinneáil. Ba cheart MRLanna na dtáirgí lena mbaineann a shocrú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. |
|
(5) |
For terbuthylazine the Authority submitted a reasoned opinion on the existing MRLs in accordance with Article 12(1) of Regulation (EC) No 396/2005 (Chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach ar na MRLanna atá ann cheana i gcás tríbhúitiolaisín, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005) (5). Mhol an tÚdarás go n-athrófaí an sainmhíniú ar iarmhair le haghaidh an bhainne. Mhol sé go laghdófaí na MRLanna a bhaineann le harbhar Indiach/arbhair agus sorgam. Ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a shocrú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. Maidir leis na MRLanna a bhaineann le harbhar milis, lúipíní/pónairí lúipíní, síolta lus na gréine, síolta cadáis, searbháin muc, leannlusanna, bó-ainmhithe (matán, saill, ae, duán, bainne) agus each-ainmhithe (matán, saill, ae, duán, bainne), chinn an tÚdarás de bhreis air sin nach raibh faisnéis áirithe ar fáil agus gur ghá do bhainisteoirí an cheist a scrúdú tuilleadh. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a shocrú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. Déanfar athbhreithniú ar na MRLanna sin; leis an athbhreithniú sin cuirfear san áireamh an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de dhá bhliain ó fhoilsiú an Rialacháin seo. |
|
(6) |
Cuireadh uasteorainneacha iarmhar Codex (CXLanna) atá ann cheana san áireamh i dtuairimí réasúnaithe an Údaráis. CXLanna, atá sábháilte do thomhaltóirí san Aontas, rinneadh iad a mheas chun MRL a shocrú. |
|
(7) |
A mhéid a bhaineann le táirgí ar ina leith nach n-údaraítear úsáid an táirge cosanta plandaí san Aontas, agus nach bhfuil aon lamháltas i dtaca le hallmhairiú ná CXLanna ann ina leith, ba cheart MRLanna a shocrú ag an teorainn shonrach cinnidh (LOD) nó ag MRL réamhshocraithe, mar a fhoráiltear in Airteagal 18(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(8) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saotharlanna tagartha an Aontais maidir le hiarmhair lotnaidicídí a mhéid a bhaineann leis an ngá le LOD áirithe a oiriúnú. A mhéid a bhaineann leis na substaintí go léir lena mbaineann an Rialachán seo, tháinig na saotharlanna sin ar an gconclúid gur ghá LOD sonracha a shocrú le haghaidh forbairt theicniúil tráchtearraí áirithe. |
|
(9) |
Ar bhonn na dtuairimí réasúnaithe ón Údarás agus na tosca ábhartha a bhaineann leis an ábhar atá á meas á gcur san áireamh, leis na modhnuithe faoi seach ar na MRLanna comhlíontar na ceanglais atá in Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(10) |
Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir leis na MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh na tuairimí uathu san áireamh. |
|
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
|
(12) |
Chun go mbeifear in ann margú, próiseáil agus tomhaltas táirgí a dhéanamh ar an ngnáthshlí, ba chóir go bhforálfaí leis an Rialachán seo maidir le socrú idirthréimhseach i gcás táirgí atá táirgthe sula modhnaítear na MRLanna agus ar ina leith a léiríonn an fhaisnéis go gcoinnítear leibhéal ard cosanta don tomhaltóir. |
|
(13) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula mbeidh feidhm leis na MRLanna modhnaithe ionas go mbeidh na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí gnólachtaí bia in ann iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a thiocfaidh as an modhnú ar na MRLanna a chomhlíonadh. |
|
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a bhí sé sular leasaíodh é leis an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige maidir le táirgí a táirgeadh san Aontas nó a allmhairíodh isteach san Aontas roimh 6 Samhain 2021.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 6 Samhain 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 070, 16.3.2005, lch. 1.
(2) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for diclofop according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 (Tuairim réasúnaithe faoin athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás déchlófop de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005). EFSA Journal 2020 (Iris EFSA 2020; 18(1): 5981.
(3) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for fluopyram according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 (Tuairim réasúnaithe faoin athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás fluaipioram de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005). EFSA Journal 2020 (Iris EFSA 2020); 18(4): 6059.
(4) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for ipconazole according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 (Tuairim réasúnaithe faoin athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás iopconasóil de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005). EFSA Journal 2020 (Iris EFSA 2020); 18(1): 5961.
(5) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for terbuthylazine according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 (Tuairim réasúnaithe faoin athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás tríbhúitiolaisín de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005). EFSA Journal 2020 (Iris EFSA 2020); 18(1): 5980.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear isteach na colúin seo a leanas a bhaineann le déchlófop, fluaipioram, iopconasól agus tríbhúitiolaisín: Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
i gCuid A d’Iarscríbhinn III scriostar na colúin a bhaineann le déchlófop, fluaipioram, iopconasól agus tríbhúitiolaisín. |
(*1) Teorainn cinnidh anailísigh
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí ar de thionscnamh ainmhíoch iad agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I.