15.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 129/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/612 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Aibreán 2021

lena gcuirtear Rialachán (AE) 2016/1686 chun feidhme lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise in aghaidh ISIL (Da’esh) agus Al- Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise in aghaidh ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/1686.

(2)

I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus ó Al-Qaeda agus ó dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo, ba cheart duine amháin a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/1686 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)   IO L 255, 21.9.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an iontráil seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686:

“7.

Mesut SEKERCI; dáta breithe: 22 Iúil 1995; áit bhreithe: Evreux (an Fhrainc); náisiúntacht: Francach, Turcach.”.