12.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 124/40


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/582 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Aibreán 2021

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an Bunrialachán”), agus go háirithe Airteagal 7(4) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 14 Lúnasa 2020, thionscain an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí táirgí cothromrollta áirithe alúmanaim, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile (“AFRPanna” nó “an táirge lena mbaineann”) ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (“DPS” nó “an tír lena mbaineann”) ar bhonn Airteagal 5 den Bhunrialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (“an Fógra Tionscnaimh”).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a rinne European Aluminium (“an gearánach”) an 30 Meitheamh 2020 thar ceann táirgeoirí táirgí cothromrollta alúmanaim. Tá breis agus 25 % de tháirgeacht fhoriomlán an Aontais maidir le tairgí cothromrollta alúmanaim ag an ngearánach. Ina theannta sin, mar a sonraíodh sa nóta míniúcháin leanúnaigh maidir leis an gcás, táirgeoirí a bhfuil breis agus 80 % de tháirgeacht neamhchuingeach iomlán an Aontais acu sa tréimhse imscrúdaithe, thacaigh siad leis an ngearán. Sa ghearán bhí fianaise ar dhumpáil agus ar dhíobháil ábhartha dá dheasca sin, rud a bhí leordhóthanach chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe.

1.2.   Clárúchán

(3)

De bhun Airteagal 14(5ú) den Bhunrialachán, ba cheart don Choimisiún allmhairí atá faoi réir imscrúdú frithdhumpála a chlárú le linn na tréimhse réamhnochta ach amháin má tá dóthain fianaise aige nach gcomhlíontar ceanglais áirithe. Ceanglas amháin díobh sin, mar a sonraítear in Airteagal 10(4)(d) den Bhunrialachán, is ea ardú suntasach breise ar allmhairí a bheith ann i dteannta leibhéal na n-allmhairí a bhí ina gcúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdaithe. Mar atá le feiceáil i dTábla 1, léirigh allmhairithe táirgí cothromrollta alúmanaim ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad go raibh laghdú 26 % ann sna ceithre mhí tar éis an imeacht a thionscnamh i gcomparáid leis an tréimhse imscrúdaithe féin. Ós rud é nach raibh aon táscaire ar an gcomhad go bhfuil allmhairiú táirgí cothromrollta alúmanaim mar a shainítear in aithris (55) thíos faoi réir luaineachtaí séasúracha, níor mheas an Coimisiún gur gá leibhéal na n-allmhairí a chur i gcomparáid freisin le linn na tréimhse Meán Fómhair go Nollaig 2019 le leibhéal na n-allmhairí le linn na míonna céanna sa bhliain roimhe sin. Bhí na sonraí tar éis an tionscnaimh bunaithe ar na cóid TARIC a cruthaíodh don táirge lena mbaineann tráth an tionscanta. Cuireadh an méid sin i gcomparáid leis na meán-allmhairí míosúla ón Dhaon-Phoblacht na Síne ar feadh ceithre mhí in IP.

Tábla 1

Allmhairí ón tSín in IP agus tar éis a thionscanta (tonaí)

 

An tréimhse imscrúdaithe

An mheántréimhse imscrúdaithe mhíosúil

Meán Fómhair–Nollaig 2020

Meán Fómhair – Nollaig 2020

Allmhairí ón tSín isteach san Aontas Eorpach

265 727

22 144

88 576

16 382

Foinse: Eorostat agus bunachar sonraí Surveillance

(4)

Dá bhrí sin, níor chuir an Coimisiún aon allmhairiú den táirge lena mbaineann faoi réir a chláraithe faoi Airteagal 14(5ú) den Bhunrialachán, mar níor comhlíonadh an choinníoll in Airteagal 10(4)(d) den Bhunrialachán, ar ardú suntasach breise in allmhairí é.

1.3.   Páirtithe leasmhara

(5)

San Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir sé na gearánaigh ar an eolas go sonrach faoin imscrúdú mar aon le táirgeoirí aitheanta ón Aontas, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta agus na húdaráis i nDaon-Phoblacht na Síne, allmhaireoirí agus úsáideoirí aitheanta chomh maith le comhlachais arb eol iad a bheith bainteach le tionscnamh an imscrúdaithe, agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach ann.

(6)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála.

(7)

D’iarr roinnt páirtithe éisteacht le seirbhísí de chuid an Choimisiúin. Tugadh deis éisteachta do a páirtithe a d’iarr an éisteacht.

1.4.   Iarraidh ar anaithnideacht

(8)

D’iarr úsáideoir amháin, Cuideachta A, anaithnideacht d’fhonn cosc a chur le bearta díoltais a d’fhéadfadh roinnt de na gearánaigh a dhéanamh, na gearánaigh a bhí ina soláthraithe freisin.

(9)

Dúirt European Aluminium nach raibh aon seasamh ag Cuideachta A san imeacht seo mar, de réir European Aluminium, nach raibh sé curtha in iúl ná fianaise curtha ar fáil aici go raibh nasc oibiachtúil idir a ghníomhaíochtaí agus an táirge comhchosúil mar shainítear i Roinn 2.2 thíos. Mhaígh sí freisin nach raibh údar le rúndacht chéannacht Chuideachta A mar gheall ar an mbaol go ndéanfaí bearta díoltais ó laistigh den AE ar an bhforas go raibh Cuideachta A lonnaithe san Aontas Eorpach a bhfuil luachanna bunúsacha Eorpacha i bhfeidhm ann agus nach mbeadh táirgeoirí Eorpacha a tháirgeann an táirge chomhchosúil i mbun cleachtas den sórt sin.

(10)

Léirigh an fhaisnéis ar an gcomhad (3) agus an fhaisnéis rúnda arna roinnt ag Cuideachta A leis an gCoimisiún, gur chláraigh Cuideachta A mar pháirtí leasmhar in am trátha in am trátha agus gur léirigh sí nasc oibiachtúil idir a cuid gníomhaíochtaí agus an táirge atá faoi imscrúdú. A mhéid a bhaineann sé forais na hiarrata ar anaithnideacht, mheas an Coimisiún gur thug an chuideachta údar leordhóthanach lena hiarraidh. Go háirithe, chuir Cuideachta A faisnéis atá doiciméadaithe go cuí ar fáil maidir le heagla faoi fhrithbheart tráchtála mar gheall ar chineál a gníomhaíochtaí agus a caidreamh gnó le páirtithe eile atá gníomhach ar an margadh i dtrácht. Dá bhrí sin, dheonaigh an Coimisiún go mbeadh an chuideachta atá i gceist anaithnid chun críocha an imscrúdaithe seo.

1.5.   Barúlacha maidir le tionscnamh

1.5.1.   Barúlacha maidir le díobháil

(11)

Rinne Cuideachta A agus Shanghai Huafon Aluminium Corporation (“Huafon”), gearán faoin easnamh réasúnaíochta a bhaineann le heisiamh na dtáirgí dá dtagraítear in aithris (57) agus i sainmhíniú an táirge atá faoi imscrúdú san Fhógra Tionscnaimh.

(12)

Foráiltear sa Bhunrialachán gur cheart go n-áireofaí sa ghearán tuairisc iomlán ar an táirge a líomhnaítear a dumpáladh. Ní dhéantar foráil maidir le haon cheanglas ar an ngearánach réasúnaíocht a thabhairt maidir leis na táirgí nach mian leis a chlúdach ina ghearán. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don maíomh sin.

(13)

Mhaígh Cuideachta A freisin, ós rud é gur chuir táirgeoirí nach bhfuil ach 80 % de tháirgeacht an Aontais acu an gearán isteach, d’fhéadfaí glacadh leis nár bhain aon díobháil ábhartha do tháirgeoirí a bhfuil 20 % de tháirgeacht an Aontais acu.

(14)

Ní léiríonn an leibhéal tacaíochta maidir le himscrúdú a thionscnamh an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Leagtar amach na ceanglais dhlíthiúla a bhaineann le himscrúdú a thionscnamh in Airteagal 5 den Bhunrialachán. Bhí dóthain fianaise sa ghearán lena dtugtar údar le himscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 5(2). Ina theannta sin, mar a mheabhraigh Cuideachta A, rinne táirgeoirí de chuid an Aontais an gearán a thaisceadh agus thacaigh siad leis, táirgeoirí a bhfuil 80 % de tháirgeacht iomlán neamhchuingeach an Aontais acu, a léiríonn go soiléir cion mór de thionscal an Aontais mar a cheanglaítear faoi Airteagal 5(4). Ar na forais sin, dhiúltaigh an Coimisiún don maíomh.

(15)

D’áitigh an t-úsáideoir céanna go raibh táscairí áirithe den díobháil a thuairiscítear sa ghearán bunaithe ar tháirgí a eisiatar ó raon feidhme an imscrúdaithe. Mar sin féin, ós rud é nach raibh an maíomh seo sách sonrach agus nach raibh an fhianaise ag tacú leis i gcás ar bith, diúltaíodh dó.

(16)

Mhaígh úsáideoir, Valeo Systèmes Thermiques SAS (“Valeo”), go raibh anailís díobhála deighleánaithe ar bun ag an ngearánach agus nár léirigh an anailís seo díobháil do tháirgí cothromrollta alúmanaim a bhí ceaptha do mhalartóirí teasa gluaisteán (“AFRPanna HEX”) i bhfianaise na gcorrlach sladghearrtha agus tearcdhíola de minimis a tuairiscíodh sa ghearán. Rinne Valeo tagairt freisin do ráitis airgeadais phríomhtháirgeoir na catagóire táirge seo agus thug sé le fios gur thuairiscigh sé feidhmíocht mhaith airgeadais in 2019 agus sa chéad leath de 2020 agus nár liostaigh sí allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne mar riosca.

(17)

Thug an Coimisiún dá aire nár chuimsigh an gearán anailís iomlán ar dhíobháil in aghaidh na deighleoige ach gur cuimsíodh ríomhanna sladghearrtha agus ganndíola le haghaidh trí chineál táirgí ionadaíocha, lena n-áiríodh AFRPanna HEX mótarfheithiclí. A mhéid a bhaineann leis an gcineál táirge seo, ní raibh na táscairí díobhála sonracha uile ann. Ina ionad sin, bhí sraith amháin de na táscairí uile a bhaineann leis an táirge comhchosúil ina iomláine sa ghearán, ach ní raibh anailís ar dhíobhálacha ann in aghaidh na deighleoige.

(18)

A mhéid a bhaineann leis an bpríomhtháirgeoir in AFRPanna HEX, thug an Coimisiún faoi deara nach bhfuil a raon táirgí teoranta go heisiach do tháirgí AFRPanna HEX mótarfheithiclí ach áirítear leo freisin táirgí téimh, aerála, aerchóiriúcháin agus cuisniúcháin (“HVACR”). Thairis sin, ní bhaineann ráitis airgeadais an táirgeora sin go heisiach lena chuid díolachán san Aontas ach lena ghníomhaíochtaí ar fud an domhain, rud a mhíníonn an fáth nach í Daon-Phoblacht na Síne í an t-aon tír amháin a mheastar ina riosca. Dá bharr sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(19)

Mheabhraigh Valeo agus Cuideachta A nach raibh fianaise sa ghearán gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais ar an bhforas gur léirigh treocht dhearfach le feiceáil i roinnt táscairí amhail díolacháin onnmhairí, infheistíochtaí, acmhainneacht, stoc, praghas agus fostaíocht.

(20)

Mheabhraigh an Coimisiún go gceanglaítear le hAirteagal 5(2)(d) den Bhunrialachán scrúdú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar na fachtóirí díobhála ábhartha ag céim an tionscnaimh. Ní cheanglaítear go sonrach le hAirteagal 5 den Bhunrialachán go léiríonn na fachtóirí díobhála uile a liostaítear in Airteagal 3(5) meathlú le go ndéanfar díobháil ábhartha a bhunú. Leoga, sonraítear i bhfoclaíocht Airteagal 5(2) den Bhunrialachán go gcuimseoidh an gearán fianaise faoi na hathruithe ar mhéid na n-allmhairí a líomhnaítear a dumpáladh, éifeacht na n-allmhairí sin ar phraghasanna an táirge chomhchosúil ar mhargadh an Aontais agus tionchar iarmhartach na n-allmhairí ar an tionscal de chuid an Aontais, mar atá léirithe ag tosca agus innéacsanna ábhartha (ach gan acu uile go léir) a bhaineann le staid thionscal an Aontais, amhail iad siúd a liostaítear in Airteagal 3(3) agus (5). Go deimhin, léiríodh san anailís shonrach ar dhíobháil a rinneadh ar an ngearán go bhfuil dóthain fianaise ann a léiríonn go bhfuil allmhairí Síneacha ag dul i bhfód go suntasach ar mhargadh AE ar phraghsanna a dhéanann praghsanna thionscal an Aontais féin a shladghearradh agus a ghanndíol go substaintiúil. Bhí fianaise sa ghearán go raibh tionchar díobhálach ábhartha aige sin ar staid thionscal an Aontais thar an tréimhse 2016 go 2019, mar shampla ar an sciar den mhargadh agus ar an mbrabúsacht. Dá bharr sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(21)

D’áitigh páirtí leasmhar eile, Nilo Asia PTE Ltd/Lodec Metall-Handel Niederlassung Bremen der O. Wilms GMBH (“Nilo”), nach raibh na cóid AC a úsáidtear le haghaidh na ríomhanna sladghearrtha agus ganndíola in ann plátaí agus leatháin choiteanna a shainaithint agus go bhféadfadh míchruinneas teacht astu. Chuir sé i gcoinne an mhodha ríomha le haghaidh an ghanndíola freisin.

(22)

A mhéid a bhaineann leis an modh chun ríomhanna a ghanndíol, mheas an Coimisiún gur bhain an gearánach úsáid as sonraí oibiachtúla agus as modheolaíocht chun an praghas onnmhairí a bhunú ar bhonn teacht isteach san Aontas. Thairis sin, bhí na cóid AC, mar a d’fhíoraigh an Coimisiún iad, ceart ag an gcéim sin den imeacht. Bhí spriocphraghas an Aontais bunaithe ar chostas táirgthe an ghearánaigh móide spriocbhrabús 6 % i gcomhréir le hAirteagal 7 den Bhunrialachán. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún gur bhunaigh an gearánach ganndíol i gceart agus diúltaíodh don maíomh.

(23)

Mhaígh Nilo agus táirgeoir onnmhairiúcháin Xiamen Xiashun Aluminium Foil Co, Ltd. (“Xiamen Xiashun”) go raibh rómheastachán déanta ag an ngearánach ar thomhaltas iomlán an AE. Thagair siad do Thuarascáil European Aluminium 2019 (4) ina ndearnadh tagairt do thomhaltas 5,447 milliún tona.

(24)

Thug an Coimisiún faoi deara go bhfuil raon feidhme an imscrúdaithe seo difriúil leis an tuarascáil dá dtagraítear. Go deimhin, mar a luaitear san Fhógra Tionscanta, rinneadh roinnt táirgí a eisiamh ó raon feidhme an táirge. Chomh maith leis sin, tagraíonn an tuarascáil seo ní hamháin don Aontas Eorpach ach áirítear inti freisin tíortha eile de CSTE amhail an Iorua, an Eilvéis agus an Tuirc. Mar gheall ar na difríochtaí sin, diúltaíodh don maíomh sin.

(25)

Chuir táirgeoir onnmhairiúcháin, Xiamen Xiashun, i gcoinne ráiteas an ghearánaigh go bhfuil praghsanna allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne go leanúnach níos ísle ná an praghas allmhairí ó thíortha eile ar an bhforas nach raibh anailís a bhí bunaithe ar na cóid AC go léir atá clúdaithe cruinn go leor. Cuireadh anailís ar fáil i gcomhair chód AC 7607 11 90 a léiríonn gurbh iad praghsanna na Tuirce an praghas is ísle agus, dá réir sin, gurbh iad allmhairí ó thíortha eile seachas Daon-Phoblacht na Síne ba chúis leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

(26)

Thug an Coimisiún le fios go bhfuil a leithéid d’anailís teoranta do chód AC amháin agus nach ndícháilíonn sé ráiteas an ghearánaigh. A mhéid a bhaineann le hanailís foriomlán allmhairí le linn na tréimhse a scrúdaítear, déantar tagairt d’aithrisí (51) go (59). Ar an mbonn sin, diúltaíodh don maíomh sin.

(27)

Mhaígh Xiamen Xiashun freisin nach raibh fianaise chinnte sa ghearán maidir le díobháil ábhartha a bheith ann ó allmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus rinneadh tagairt do lochtanna sna líomhaintí ar mhacratháscairí agus ar mhicreatháscairí. Chuir an páirtí sin i gcoinne iontaofacht agus chruinneas na dtáscairí sa ghearán trí thagairt a dhéanamh d’eilimintí leithlisithe maidir le táirgeoirí éagsúla an Aontais a líomhnaítear a rinne dochar do na táscairí. Níor léirigh sé, áfach, conas a d’fhéadfadh na samplaí sin measúnú foriomlán an Choimisiúin a cheistiú go raibh dóthain fianaise sa ghearán lena dtabharfaí údar leis an imeacht seo a thionscnamh.

(28)

Mhaígh roinnt páirtithe leasmhara gur gá AFRPanna HEX mótarfheithiclí agus stoc scragaill a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe nó, ar a laghad, go raibh gá le hanailís ar leith atá sainiúil don deighleog.

(29)

Ag céim an tionscnaimh, níor léiríodh gur ghá anailís a dhéanamh ar leithligh ar dheighleoga den sórt sin. Le linn an imscrúdaithe, bhailigh an Coimisiún barúlacha ó pháirtithe leasmhara maidir leis an táirge lena mbaineann, iarrataí ar eisiamh agus an gá atá le hanailís de réir deighleog. Déantar anailís ar iarrataí ar eisiamh in aithrisí (61) go (105) agus scrúdaítear an gá a mheastar atá le hanailís de réir deighleog in aithrisí (38) go (45).

1.5.2.   Barúlacha faoi dhumpáil

(30)

Cheistigh allmhaireoir amháin, Nilo, an mhodheolaíocht agus cóid AC a d’úsáid an gearánach sna ríomhanna dumpála a bhaineann le plátaí agus leatháin choiteanna agus mheas sé go raibh locht mór sa ghearán dá dheasca sin.

(31)

Mheas an Coimisiún gur bhain an gearánach úsáid as sonraí oibiachtúla agus as modheolaíocht chun an praghas onnmhairí a bhunú. Thairis sin, bhí na cóid AC, mar a d’fhíoraigh an Coimisiún iad, ceart ag an gcéim sin den imeacht. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le ríomh na dumpála, i bhfianaise leibhéal an ghnáthluacha a leagtar síos sa ghearán le haghaidh plátaí agus leatháin choiteanna alúmanaim, bheadh an chonclúid maidir le cinneadh na dumpála comhionann, is é sin go sáródh an corrlach dumpála dá thoradh sin an tairseach de minimis. Dá réir sin, diúltaíodh don maíomh sin.

(32)

Mhaígh duine de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, Xiamen Xiashun, ina aighneacht nach raibh dóthain fianaise ar dhumpáil sa ghearán. De réir na cuideachta, bhí praghas alúmanam tinní borraithe agus an gnáthluach dá réir. Mheas sí go háirithe gurbh é an meánphraghas alúmanam tinní in 2019 a úsáideadh do na ríomhanna dumpála USD 1 792 agus nárbh é EUR 2 300 go EUR 2 700 é, mar a léirítear sa ghearán. Mheas an chuideachta freisin go raibh an tomhaltas 1-2 tinní alúmanaim ag teastáil chun tona amháin de leathán alúmanaim coiteann a luaitear sa ghearán a tháirgeadh ró-ard. D’áitigh Xiamen Xiashun a thuilleadh go raibh na costais lasta leathán coiteann EUR 107,77 in aghaidh an tona a úsáideadh i ríomh na dumpála sa ghearán ró-ard, i gcomparáid lena chostais iompair féin don táirge céanna (5).

(33)

Dhiúltaigh an Coimisiún na maímh sin dá bhrí sin. Ba é EUR 1 797 in aghaidh an tona an praghas tinní alúmanaim a d’úsáid an gearánach le haghaidh na ríomhanna, agus níorbh é EUR 2 300 go EUR 2 700 an praghas in aghaidh an tona é mar a d’áitigh Xiamen Xiashun (6). Ina theannta sin, mheas an Coimisiún go raibh dóthain fianaise ann chun tacú le tomhaltas tinní alúmanaim d’fhonn tona amháin de leathán coiteann a tháirgeadh agus na costais lasta a d’úsáid an gearánach. Fiú má rinne sé an gnáthluach a athríomh agus úsáid á baint as na costais lasta a mhol Xiamen Xiashun, sháraigh an corrlach dumpála mar gheall air sin an tairseach de minimis den chuid is mó. Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún go raibh dóthain fianaise sa ghearán maidir le dumpáil chun na himeachtaí a thionscnamh.

1.6.   Sampláil

(34)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go bhféadfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den Bhunrialachán.

1.6.1.   Sampláil tháirgeoirí an Aontais

(35)

Ina Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh sí an sampla bunaithe ar mhéid tháirgeadh agus dhíolacháin an táirge chomhchosúil san Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe. Trí tháirgeoir de chuid an Aontais a bhí sa sampla. Is é atá ag táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais 35 % den táirgeacht iomlán mheasta agus 35 % de mhéid díolacháin iomlán measta an Aontais den táirge comhchosúil acu. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach. Thug European Aluminium tuairimí thar ceann beirt dá chomhaltaí a roghnaíodh le bheith sa sampla. D’iarr cuideachta amháin atá ina cuideachta shampláilte go sealadach nach n-áireofaí ach ceann amháin dá muilte sa sampla toisc go ndéanann an muileann seo na táirgí ceannann céanna a allmhairítear ó Dhaon-Phoblacht na Síne. Mhaígh sé freisin go mbeadh an sampla níos ionadaíche mura gcuirfí ach muileann amháin san áireamh. Thug an Coimisiún faoi deara go gcuimsítear sna cuideachtaí sampláilte eintitis dhlíthiúla aonair agus nach féidir aon idirdhealú a dhéanamh ar bhonn an eagrúcháin inmheánaigh laistigh den eintiteas dlíthiúil más leis an aon eintiteas dlíthiúil amháin gach fo-eintiteas. Dá bhrí sin, diúltaíodh don maíomh sin.

(36)

Mhaígh cuideachta shampláilte eile gur dheacair fíorú a dhéanamh de bharr nach n-áireofaí sa sampla ach eintiteas dlíthiúil amháin laistigh dá ghrúpa féin ós rud é go gcoinnítear an córas TF agus cuntasaíochta ar bhonn an ghrúpa. Chinn an Coimisiún é féin a theorannú don eintiteas dlíthiúil i dtrácht i bhfianaise an ama theoranta atá ar fáil. Mar sin féin, i bhfianaise chainéil díolacháin na dtáirgí arna monarú ag an eintiteas dlíthiúil sin agus i bhfianaise go bhféadfadh baint a bheith ag na cuideachtaí gaolmhara leis an sreabhadh díolacháin, bhí ar eintitis eile laistigh den ghrúpa na codanna ábhartha den cheistneoir a líonadh isteach freisin.

(37)

Measadh go raibh an sampla ionadaíoch ar an tionscal de chuid an Aontais.

1.6.2.   Sampláil allmhaireoirí

(38)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar.

(39)

Sholáthair ceithre allmhaireoir neamhghaolmhara an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh sé a bheith san áireamh sa sampla. I gcomhréir le hAirteagal 17(1) den Bhunrialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla de thrí allmhaireoir ar bhonn an mhéid is mó allmhairí. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den Bhunrialachán, chuathas i gcomhairle le gach allmhaireoir aitheanta lena mbaineann maidir le roghnú an tsampla. Níor tugadh aon bharúil.

1.6.3.   Sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín

(40)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta i nDaon-Phoblacht na Síne faisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh.

(41)

Sholáthair ceithre tháirgeoir onnmhairiúcháin is fiche sa tír lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I gcomhréir le hAirteagal 17(1) den Bhunrialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla de thrí chuideachta/trí ghrúpa cuideachtaí ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí a imscrúdú laistigh den am a bhí ar fáil. Bhí 18,9 % de na honnmhairí iomlána measta ag na cuideachtaí/grúpaí cuideachtaí sin. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den Bhunrialachán, tugadh deis do tháirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann agus d’údaráis na tíre lena mbaineann, barúil a thabhairt ar roghnú an tsampla.

(42)

I litir dar dáta an 27 Lúnasa 2020, chuir an chuideachta Yantai Jintai International Trade Co., Ltd (cuid de “Nanshan Group”), a cuid tuairimí isteach agus d’iarr sí a bheith mar chuid den sampla. Trí ríomhphost an 2 Meán Fómhair 2020, chuir ceann de na cuideachtaí roghnaithe, an chuideachta Tianjin Zhongwang Aluminium Co, in iúl don Choimisiún gur stad sé de bheith ag comhoibriú. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún Grúpa Nanshan a chur in ionad na cuideachta Tianjin Zhongwang Aluminium Co. Is é atá sa sampla modhnaithe 18,9 % den mhéid onnmhairí iomlán measta chuig an Aontas ó Dhaon-Phoblacht na Síne sa tréimhse imscrúdaithe. Ní bhfuarthas aon bharúil i leith an tsampla.

1.7.   Scrúdú aonair

(43)

D’iarr seacht gcinn déag de tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín scrúdú aonair faoi Airteagal 17(3) den Bhunrialachán agus iarradh orthu san Fhógra Tionscnaimh freagra ar an gceistneoir a chur isteach. Mar sin féin, níor chuir aon táirgeoir onnmhairiúcháin ceistneoir comhlánaithe isteach laistigh den spriocdháta a leagadh síos. Dá bhrí sin, níor deonaíodh aon scrúdú aonair.

1.8.   Ceistneoirí agus cuairteanna fíorúcháin

(44)

Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (“Rialtas na Síne”) maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den Bhunrialachán. Cuireadh ceistneoir chuig Rialtas an Síne freisin maidir le saobhadh amhábhair de réir bhrí Airteagal 7(2a) agus 7(2b) den Bhunrialachán.

(45)

Chuir an Coimisiún ceistneoirí ar aghaidh freisin chuig na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, na hallmhaireoirí sampláilte, na húsáideoirí agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne (7) an lá a tionscnaíodh iad.

(46)

Fuair an Coimisiún freagraí ar na ceistneoirí ó na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais, comhlachas tháirgeoirí an Aontais, na trí allmhaireoir shampláilte neamhghaolmhara, cúig úsáideoir, agus trí chuideachta/trí ghrúpa de tháirgeoirí onnmhairiúcháin.

(47)

Thug úsáideoir breise amháin freagra neamhiomlán ar cheistneoir nach raibh leagan neamhrúnda éifeachtach ann ach oiread. In ainneoin roinnt iarratas agus meabhrúchán, níor chuir an t-úsáideoir sin an fhaisnéis a iarradh ar fáil. Dá bhrí sin, níor cuireadh a fhreagra ar cheistneoir san áireamh san anailís.

(48)

I bhfianaise na ráige COVID-19 agus na mbeart gaibhniúcháin a chuir Ballstáit éagsúla chomh maith le tríú tíortha éagsúla i bhfeidhm, níor fhéad an Coimisiún cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 16 den Bhunrialachán ag an gcéim shealadach. Ina ionad sin, rinne an Coimisiún cros-seiceáil go cianda ar an bhfaisnéis ar fad a mheastar a bheith riachtanach dá chinntí sealadacha i gcomhréir lena Fhógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (8). Rinne an Coimisiún cros-seiceáil chianda ar na cuideachtaí/páirtithe seo a leanas:

Comhlachas tháirgeoirí an Aontais

European Aluminium, an Bhruiséil, an Bheilg

Táirgeoirí an Aontais

Hydro Group (“Hydro”):

Hydro Aluminium Rolled Products GmbH, Grevenbroich agus Hamburg, an Ghearmáin;

Hydro Aluminium Dormagen GmbH, Dormagen, an Ghearmáin;

Aluminium Norf GmbH, Neuss, an Ghearmáin

Elval Halcor Group:

ELVALHALCOR S.A., Oinofyta, an Ghréig

Symetal Aluminium Foil Industry Single Member S.A., an Aithin, an Ghréig

International Trade S.A., an Bhruiséil, an Bheilg

UACJ ELVAL HEX Materials GmbH, Düsseldorf, an Ghearmáin,

Vepal, Thiva, an Ghréig

Aludium Group:

Aludium Transformacion dc Productos S.L, Amorebieta agus Alicante, an Spáinn

Aludium France SAS, Castelsarrasin, an Fhrainc

Úsáideoirí

Cuideachta A

Valeo Group:

Valeo Systèmes Thermiques, Le Mesnil Saint Denis, an Fhrainc

Valeo Autosystemy Sp Zo.o, Skawina, an Pholainn

Valeo Vymeniky Tepia s.r.o., Zebrak, Poblacht na Seice

Táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne:

Jiangsu Alcha Aluminum Group Co., Ltd. (“Jiangsu Alcha Group”)

Nanshan Group

Shandong Nanshan Aluminium Co., Ltd.,

Yantai Nanshan Aluminum New Material Co., Ltd.,

Longkou Nanshan Aluminum Rolling New Material Co., Ltd.,

Yantai Donghai Aluminum Foil Co., Ltd.

Xiamen Xiashun Aluminium Foil Co., Ltd.

1.9.   Tréimhse imscrúdaithe agus an tréimhse a measadh

(49)

Cumhdaítear leis an imscrúdú ar dhumpáil agus díobháil an tréimhse ón Dé Luain 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020 (“an tréimhse imscrúdaithe”). Sa scrúdú ar threochtaí ábhartha do mheasúnú díobhála, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdaithe (“an tréimhse atá á breithniú”).

1.10.   Tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

(50)

Tionscnaíodh an cás sin an 14 Lúnasa 2020, i.e. le linn na hidirthréimhse a comhaontaíodh idir an Ríocht Aontaithe (“RA”) agus an tAontas Eorpach ina raibh an Ríocht Aontaithe fós faoi réir dhlí an Aontais. Tháinig deireadh leis an idirthréimhse an 31 Nollaig 2020. Dá bhrí sin, amhail ón 1 Eanáir 2021, níor cháiligh cuideachtaí ná comhlachais ón Ríocht Aontaithe mar pháirtithe leasmhara san imeacht seo a thuilleadh.

(51)

Ina nóta a ghabh leis an gcáschomhad (9) an 18 Eanáir 2021, d’iarr an Coimisiún ar oibreoirí ón Ríocht Aontaithe a mheas gur cháiligh siad fós mar pháirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis. Níor tháinig aon pháirtí chun tosaigh.

(52)

Chun an tacar sonraí a bailíodh ó pháirtithe leasmhara a ailíniú leis go raibh deireadh leis an idirthréimhse agus nach raibh an Ríocht Aontaithe faoi réir dhlí an Aontais a thuilleadh, iarradh ar na páirtithe leasmhara lena mbaineann freagra athbhreithnithe ar an ceistneoir ar bhonn AE27 a chur ar fáil.

(53)

Mhaígh úsáideoir amháin, Valeo, go raibh an gearán curtha ó bhail ag móreasnaimh nós imeachta toisc go raibh sé bunaithe ar shonraí AE28, lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe, cé nach raibh an tír sin ina Ballstát a thuilleadh tráth a cuireadh an gearán isteach agus tráth a tionscnaíodh an t-imeacht.

(54)

Maidir leis sin, mar a luaitear in aithris (50), tháinig an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach ar chomhaontú maidir le hidirthréimhse ina bhfanfaidh an Ríocht Aontaithe faoi réir dhlí an Aontais. Tiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse sin an 31 Nollaig 2020 (10). Ó cuireadh tús leis an gcás le linn na hidirthréimhse, rinneadh an gearán a thaisceadh go bailí ar bhonn AE28. Dá réir sin, diúltaíodh don maíomh sin.

2.   AN TÁIRGE I gCEIST AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge i gceist

(55)

Is éard atá sa táirge lena mbaineann táirgí alúmanaim, cothromrollta, cóimhiotalaithe, bídís saoirsithe thairis sin nó ná bídís seachas a bheith cothromrollta, gan taca, gan sraitheanna inmheánacha d’ábhar eile,

i gcornaí nó i stiallacha corntha, i leatháin gearrtha go fad, nó i bhfoirm chiorcal; atá 0,2 mm nó níos mó ach nach mó ná 6 mm, ar tiús,

i bplátaí, ar tiús níos mó ná 6 mm;

i gcornaí nó i stiallacha corntha, nach lú ná 0,03 mm ach ar lú ná 0,2 mm ar tiús;

de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, a thiteann faoi chóid CN faoi láthair ex 7606 11 10 (cóid TARIC 7606111025, 7606111086), ex 7606 11 91 (cóid TARIC 7606119125, 7606119186), ex 7606 11 93 (cóid TARIC 7606119325, 7606119386), ex 7606 11 99 (cóid TARIC 7606119925, 7606119986), ex 7606 12 20 (cóid TARIC 7606122025, 7606122086), ex 7606 12 92 (cóid TARIC 7606129225, 7606129295), ex 7606 12 93 (cód TARIC 7606129386), ex 7606 12 99 (cóid TARIC 7606129925 agus 7606129986), ex 7606 91 00 (cóid TARIC 7606910025, 7606910086), ex 7606 92 00 (cóid TARIC 7606920025, 7606920086), ex 7607 11 90 (cóid TARIC 7607119044, 7607119048, 7607119051, 7607119053, 7607119065, 7607119071, 7607119073, 7607119075, 7607119077, 7607119091, 7607119093) agus ex 7607 19 90 (cóid TARIC 7607199075, 7607199086) (“an táirge lena mbaineann”). Is chun críoch faisnéise amháin a thugtar cód AC agus TARIC.

(56)

Tugtar “táirgí cothromrollta alúmanaim” nó “AFRPanna” ar an táirge lena mbaineann (11) de ghnáth. Déantar iad le 4 phróiseas táirgthe i ndhiaidh a chéile: leá, múnlú, rolladh agus bailchríochnú. Féadfaidh roinnt cuideachtaí tús a chur leis an bpróiseas táirgthe ag céim eile, ag brath ar a leibhéal comhtháthaithe.

(57)

Tá na táirgí seo a leanas eisiata ón imscrúdú seo:

Stoc coirp canna dí alúmanaim, stoc deiridh agus stoc cluaisín.

Táirgí alúmanaim, cothromrollta, cóimhiotalaithe, bídís saoirsithe thairis sin nó ná bídís seachas a bheith cothromrollta, nach lú ná 0,2 mm agus nach mó ná 6 mm ar tiús, lena n-úsáid mar phainéil chabhlacha i dtionscal na mótarfheithiclí.

Táirgí alúmanaim, cothromrollta, cóimhiotalaithe, bídís saoirsithe thairis sin seachas iad a bheith cothromrollta, le tiús nach lú ná 0,8 mm, lena n-úsáid chun páirteanna aerárthaí a mhonarú.

(58)

Úsáidtear táirgí cothromrollta alúmanaim i raon leathan feidhmeanna in earnálacha amhail tógáil agus foirgníocht, scragall, feidhmeanna teicniúla, iompar agus buanearraí tomhaltais.

2.2.   Táirge comhchosúil

(59)

Léiríodh san imscrúdú go bhfuil na buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann;

an táirge a táirgeadh agus a díoladh ar mhargadh intíre tíre Dhaon-Phoblacht na Síne; agus

an táirge arb é tionscal an Aontais a tháirg agus a dhíol san Aontas é.

(60)

Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin mar sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den Bhunrialachán.

2.3.   Maímh maidir leis an raon táirge

(61)

Thíolaic roinnt páirtithe iarrataí ar eisiamh táirgí a bhaineann leis na táirgí seo a leanas: stoc feadán cumhdaithe, pláta cumhdaithe, eití cumhdaithe agus stoc eití neamhchlúdaithe lena n-úsáid chun HEX alúmanaim phrásáilte mótarfheithiclí a mhonarú agus chun fuaraitheoirí ceallraí feithiclí leictreacha a mhonarú (“AFRPanna HEX”); cornaí alúmanaim chun cornaí brataithe agus painéil chomhchodacha alúmanaim (“ACP”) a tháirgeadh; leatháin liteagrafacha; leatháin ceallraí; scragall tiontaire alúmanaim de thomhas 30 go 60 miocrón (“ACF-30-60”) agus AFRPanna lena n-úsáid chun slinne le haghaidh dallóga veinéiseacha a mhonarú.

2.3.1.   AFRPanna HEX mótarfheithiclí

(62)

Mhaígh roinnt páirtithe leasmhara, Huafon, Valeo, Mahle GmbH, comhlachas Eorpach na soláthraithe mótarfheithiclí (“Clepa”) agus TITANX Holding AB (“TITANX”) nach raibh na buntréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha céanna ag baint le AFRPanna HEX mótarfheithiclí. Mar gheall ar an bpróiseas monaraíochta sainiúil (trealamh sonrach) agus ar an gceimic (trí úsáid a bhaint as cóimhiotail dhílsithe atá difriúil le cóimhiotail chaighdeánacha) tá cumas prásála difriúil, somhúnlaitheacht, neart, friotaíocht creimthe agus cóimheas cumhdaithe ann, agus fágann sé go bhfuil AFRPanna HEX mótarfheithiclí eile go hiomlán éagsúil le AFRPanna a chumhdaítear le sainiú an táirge. Mhaígh siad freisin nach raibh AFRPanna HEX mótarfheithiclí inmhalartaithe le AFRPanna tráchtearraí laistigh den raon feidhme a úsáideadh i bhfeidhmeanna eile mar gheall ar a ngnéithe uathúla fisiciúla, meicniúla agus ceimiceacha a forbraíodh i gcomhpháirt leis an tionscal réamhtheachtach agus iartheachtach. Maíodh freisin go ndearnadh iad de réir orduithe den chuid is mó, arna dtrádáil i méideanna beaga arb é atá iontu níos lú ná 5 % de mhargadh foriomlán AFRP an Aontais agus arna ndíol ar phraghas ard le soláthraithe mhótarfheithiclí Leibhéal 1 a cheannaíonn gach catagóir AFRP HEX mhótarfheithiclí ón soláthraí céanna in “ionad ilfhreastail” ar chúiseanna teicniúla, tráchtála agus íoslaghdaithe riosca.

(63)

Ina theannta sin, dhearbhaigh na páirtithe go bhféadfaí AFRPanna HEX mótarfheithiclí a shainaithint ag údaráis an chustaim ar aon dul leis na táirgí a eisiatar ó raon feidhme an táirge ag na gearánaigh agus atá ceaptha don tionscal mótarfheithiclí (12) nó don tionscal aerárthaí. Mar an gcéanna le painéil chabhlach le haghaidh thionscal na ngluaisteán, maíodh gur cheart, dá bhrí sin, AFRP HEX mótarfheithiclí a fhágáil as an áireamh freisin.

(64)

D’áitigh Huafon freisin go raibh difríocht idir a chuid AFRPanna HEX mhótarfheithiclí agus na cinn a monaraíodh san Aontas trí phróiseas táirgthe difriúil (teilgean leanúnach) a thugann sonraíochtaí uathúla i dtéarmaí gnéithe éagsúla amhail méid gráin, neart, feidhmíocht chreimthe, somhúnlaitheacht, cumas prásála, lamháltais agus creimeadh a chuid táirgí. D’áitigh sé freisin nach bhfuil an chuid is mó de tháirgeoirí an Aontais toilteanach AFRPanna HEX mótarfheithiclí sonracha a chur ar fáil do chustaiméirí.

(65)

Thug na páirtithe sin údar freisin lena n-iarrataí de bharr na ngnéithe seo a leanas:

easpa acmhainneachta táirgthe de thionscal an Aontais faoi láthair a líomhnaítear agus neamhthoilteanas chun infheistíocht a dhéanamh san acmhainneacht bhreise,

an cumasc idir an dá tháirgeoir de chuid an Aontais Gränges agus Impexmetal as a dtiocfadh méadú ar an bpraghas de réir mar a líomhnaítear,

méadú ar an éileamh a bhfuiltear ag súil leis,

méadú ionchasach ar chostais i ngeall ar dhleachtanna frithdhumpála agus costais nua bhailíochtaithe (13) nuair a bhíonn tionchar diúltach ag an bpaindéim ar a bhfeidhmíocht, agus tionchar diúltach ar a mbrabúsacht dá bhrí sin,

an tionchar diúltach ar an slabhra soláthair mar thoradh ar bhailíochtú táirgí agus cóimhiotal nua; agus

an gá atá le sprioc an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, rud a bheadh ina bhac murach sin.

(66)

Thug an Coimisiún faoi deara ar dtús go mbaineann AFRPanna HEX mótarfheithiclí le grúpa táirgí AFRPanna HEX lena n-áirítear ní hamháin HEX mótarfheithicle ach HEX atá ceaptha le haghaidh HVACR agus feidhmeanna eile ar nós muilte gaoithe. Áirítear táirgí ar féidir leo a bheith cumhdaithe (feadáin, plátaí, eití) nó gan chumhdach (eití) i gcás AFRPanna HEX motarfheithiclí, mar an gcéanna leo siúd atá beartaithe le haghaidh HVACR agus iarratais eile. Murab ionann agus an méid a mhaígh an t-úsáideoir Valeo, léiríonn an fhianaise atá ar comhad go bhfuil méid measartha suntasach ag margadh HVACR HEX agus gurb é atá ann 20 % de mhargadh HEX san Aontas. Léiríonn an fhianaise ar an gcomhad freisin go bhfuil HVACR HEX cosúil i dtéarmaí cóimhiotal, faghairt agus tiús a ghabhann le HEX mótarfheithicle.

(67)

Ar an dara dul síos, clúdaíodh AFRPanna HEX leis an ngearán a rinne European Aluminium beag beann ar a gcur i bhfeidhm agus tagann siad faoi raon feidhme an táirge mar a shainítear san Fhógra Tionscnaimh agus in aithrisí (55) go (58). Chomh maith leis sin, is féidir le AFRPanna HEX mótarfheithiclí a aicmiú ag baint úsáide as an códú táirge dá bhforáiltear leis an imscrúdú i dtéarmaí tiúis, foirme, ábhair a úsáidtear, bailchríche agus faghartha.

(68)

Ar an tríú dul síos, léirigh an t-imscrúdú go bhfuil na buntréithe ceimiceacha céanna ag AFRPanna HEX mótarfheithiclí agus atá ag AFRPanna eile. Fiú má tá siad cumhdaithe, tá siad comhdhéanta de níos mó ná 95 % d’alúmanam íon cosúil le AFRPanna eile. Ina theannta sin, fiú má úsáidtear cóimhiotail dhílsithe, mar a thugtar orthu, in AFRPanna HEX mótarfheithiclí, tá siad ag teacht go dlúth le cóimhiotail eile ós rud é go ndíorthaítear iad ó chóimhiotail shraith 3XXX den chuid is mó.

(69)

A mhéid a bhaineann le saintréithe fisiciúla agus teicniúla, tá a sonraíochtaí féin ag formhór na AFRPanna ag brath ar fheidhmchlár nó ar riachtanais an úsáideora deiridh lena mbaineann. Ós rud é gur gá do mhonaróirí AFRP cumas prásála, somhúnlaitheacht, neart, méid gráin nó creimeadh sainiúil a chomhlíonadh, ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil na buntréithe teicniúla agus fisiceacha céanna acu agus atá ag AFRPanna eile. Fiú mura roinnfidís na buntréithe sin le AFRPanna áirithe a thagann faoi raon feidhme an imscrúdaithe, bheadh na buntréithe céanna acu le AFRPanna a bhaineann leis an ngrúpa táirgí céanna, is é sin le rá AFRPanna HEX atá beartaithe le haghaidh HVACR agus iarratais eile.

(70)

A mhéid a bhaineann le hidirmhalartacht, d’fhéadfadh sé nach mbeadh AFRPanna a bhaineann le grúpaí táirgí éagsúla inmhalartaithe ar chúiseanna éagsúla amhail na cóireálacha sainiúla cóimhiotalacha a úsáidtear nó an cineál bailchríche. Mar sin féin, tagann na táirgí sin faoi raon feidhme táirge an imscrúdaithe toisc go bhfuil na buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna acu.

(71)

A mhéid a bhaineann leis an bpróiseas monaraíochta, dhearbhaigh an Coimisiún gur mar gheall ar an bpróiseas monaraíochta céanna a dhéantar AFRPanna HEX mótarfheithiclí a mhonarú, próiseas a thuairiscítear in aithris (56) agus a úsáideann an trealamh céanna den chuid is mó agus a úsáidtear le AFRPanna eile. Ós rud é gur gá cóimhiotail áirithe a fhorbairt nó nach gá na táirgí a bhailíochtú, ní bhaineann sé leis an bpróiseas monaraíochta, seachas leis an gcéim taighde agus forbartha, atá éagsúil leis an bpróiseas monaraíochta. Fiú dá mbainfeadh AFRPanna HEX mótarfheithiclí úsáid as trealamh sonrach (stáisiún cumhdaigh, trealamh slisnithe), d’fhéadfaí trealamh den sórt sin a úsáid chun AFRPanna HEX eile a tháirgeadh nó go díreach le haghaidh AFRPanna eile ar leithead áirithe. Chomh maith leis sin, ós rud é go dtáirgtear AFRPanna HEX mótarfheithiclí áirithe trí theilgean leanúnach, ní hé an táirge seo amháin a tháirgtear ós rud é gur féidir táirgí eile a thagann faoi raon feidhme an imscrúdaithe a tháirgeadh freisin tríd an gcineál céanna próisis.

(72)

Ar an tríú dul síos, maidir le tráchtálú AFRPanna HEX mótarfheithiclí, dhearbhaigh an Coimisiún go ndéantar formhór AFRPanna de réir orduithe agus gur beag an sciar de tháirgí tráchtearraí. Ina theannta sin, agus é á mheas go bhfuil thart ar 9 % de thomhaltas mhargadh an Aontais ag táirge den sórt sin, ní féidir a mheas go ndéantar é a thrádáil i gcainníochtaí beaga nó gur margadh nideoige atá i gceist leis.

(73)

Ar an gceathrú dul síos, leag an Coimisiún síos freisin nach iad HEXanna mótarfheithiclí an t-aon táirge a thagann faoi raon feidhme an imscrúdaithe a dhíoltar le soláthraithe mótarfheithiclí Leibhéal 1. Go deimhin, tá táirgí eile ar nós fonnaidh agus comhpháirteanna beartaithe le haghaidh thionscal na ngluaisteán sa deireadh thiar agus díoltar iad sa chainéal díolacháin céanna agus tá gá acu le próiseas bailíochtaithe freisin. Ina theannta sin, is féidir le monaróirí HEXanna catagóirí éagsúla AFRPanna HEX a cheannach ó sholáthraithe éagsúla agus, dá bhrí sin, ní fhéadfaidh siad iad a cheannach ar bhonn “ionad ilfhreastail”, de réir mar a mhaítear go hearráideach. Ar deireadh, leag an Coimisiún síos freisin gur dhíol táirgeoirí sampláilte an Aontais sciar suntasach de tháirgí eile a thagann faoi raon feidhme na dtáirgí ar phraghsanna níos airde ná AFRPanna HEX mótarfheithiclí. Tá breis agus 8 % den mhéid díolacháin ag na táirgí eile, arna ndíol ag táirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(74)

Ar an gcúigiú dul síos, níor chomhaontaigh an Coimisiún gur cheart AFRPanna HEX a eisiamh mar gheall ar a n-úsáid sa tionscal mótarfheithiclí. Mheabhraigh sé nach ndéantar na táirgí go léir atá beartaithe le haghaidh thionscal na ngluaisteán a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe. Go deimhin, cumhdaíonn an táirge atá faoi imscrúdú AFRPanna le haghaidh táirgí mótarfheithiclí amhail páirteanna struchtúracha le haghaidh feidhmeanna mótarfheithiclí (fonnadh, comhpháirteanna).

(75)

A mhéid a bhaineann le maímh faoi leas an Aontais, bhunaigh an Coimisiún go bhfuil acmhainneacht leordhóthanach ag tionscal an Aontais an t-éileamh reatha a shásamh agus nach bhfuil aon riosca ann go dtiocfadh méadú struchtúrach ar phraghsanna i bhfianaise na gcoinníollacha iomaíochta agus na n-acmhainneachtaí atá ar fáil san Aontas, mar a dearbhaíodh leis an gcinneadh ón gCoimisiún le déanaí maidir le cumasc Gränges agus Impexmetal (14). Chomh maith leis sin, de réir na faisnéise arna soláthar ag tionscal an Aontais agus arna fíorú ag an gCoimisiún, tá tionscal an Aontais tar éis infheistiú a dhéanamh le déanaí i dtionscadail eile atá ar siúl chun a n-acmhainneacht táirgthe a mhéadú. De réir na faisnéise atá ar fáil dó, mheas an Coimisiún gur dócha go n-iompródh an méadú sin an t-ardú réamh-mheasta ar an éileamh de réir na n-athruithe a bhfuiltear ag súil leo sna samhlacha táirgthe gluaisteán, eadhon laghdú ar innill dócháin inmheánaigh agus méadú ar fheithiclí hibrideacha/leictreacha inluchtaithe.

(76)

A mhéid a bhaineann le costais, mheas an Coimisiún go gcuirfeadh leibhéal na mbrabús a baineadh amach roimh an bpaindéim ar chumas do mhonaróirí HEXanna mótarfheithiclí costais bhreise a ionsú i bhfoirm dleachtanna frithdhumpála nó chostais bhailíochtaithe, dá mba mhian leo dul siar agus an soláthar a fháil ó tháirgeoirí an Aontais. Ina theannta sin, i ngeall ar staid fhoriomlán airgeadais na gcuideachtaí sin agus na ngrúpaí lena mbaineann siad agus, mar shampla, i gcás a dtuilleamh coimeádta, níor léir go raibh staid airgeadais thromchúiseach ann le nach mbeidís in ann leanúint dá gcuid gníomhaíochtaí sa chomhthéacs seo.

(77)

Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann leis an tionchar ar an slabhra soláthair, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbraitheann monaróirí HEXanna mótarfheithiclí ar dhéfhoinsiú le haghaidh táirgí sonracha agus go mbíonn roinnt soláthraithe bailíochtaithe acu de ghnáth le haghaidh gach catagóire táirgí (feadáin, plátaí, eití). Tá cuntas teiste maith ag táirgeoirí AFRPanna HEX mótarfheithiclí san Aontas maidir le táirgí sonracha den sórt sin a sholáthar do na monaróirí móra i gcainníochtaí móra, laistigh agus lasmuigh den Aontas, le blianta fada anuas. Dá bhrí sin, tá an trealamh agus an saineolas teicniúil ábhartha acu chun táirgí den sórt sin a fhorbairt agus a sholáthar agus is minic gur soláthraithe réamhcháilithe iad. Cé nach ionann sin agus a rá go bhféadfadh úsáideoirí aistriú ó sholáthraí AFRP amháin go soláthraí eile le haghaidh a gcuid táirgí uile ar an toirt dá mba mhian leo é, bheadh tionscal an Aontais in ann allmhairí Síneacha a ionadú go tapa agus foinse shlán mhalartach soláthair a thairiscint. Mhaígh ceann amháin de tháirgeoirí an Aontais go raibh próiseas comhchosúil déanta cheana féin ar mhargadh na Stát Aontaithe ina raibh táirgeoirí áirithe neamh-SAM in ann allmhairí Síneacha a ionadú tar éis dleachtanna frithdhumpála a fhorchur ar AFRPanna na Síne.

(78)

Cé nach bhfuil sé ina ábhar díospóide go laghdófaí astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas de dheasca ghiniúint nua feithiclí leictreacha, mheas an Coimisiún go sealadach nach mbeadh sé chomh truaillithe céanna an t-alúmanam a theastaíonn sna gluaisteáin sin san Aontas a tháirgeadh ná an t-alúmanam a allmhairiú ó Dhaon-Phoblacht na Síne. Go deimhin, beag beann ar na costais iompair ó Dhaon-Phoblacht na Síne go dtí an tAontas, gineann táirgeadh alúmanaim san Aontas thart ar thrí oiread níos lú CO2 ar an meán ná mar a ghintear i nDaon-Phoblacht na Síne (15). Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún nach bhfuil forchur dleachtanna ar AFRPanna HEX mótarfheithiclí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar neamhréir le beartais forleathana an Aontais. Maidir leis seo, mhaígh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin, Huafon, go raibh a toradh CO2 i bhfad níos ísle ná meán na Síne. Níor thacaigh an fhianaise le maíomh den sórt sin, áfach, agus ní fhéadfaí, i gcás ar bith, é a eachtarshuí go tionscal alúmanaim na Síne ar fad.

(79)

Ina theannta sin, thug dhá úsáideoir, Mahle agus TITANX le fios go bhfaigheadh táirgeoirí HEXanna mótarfheithiclí lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“LEE”) buntáiste iomaíochta agus AFRPanna á gceannach acu ón tSín gan dleachtanna frithdhumpála a íoc agus thagair siad do tháirgeoir Síneach HEXanna mótarfheithiclí atá bunaithe i Maracó. Chinn an Coimisiún go ndearna na monaróirí HEXanna mótarfheithiclí atá i gceist an infheistíocht sin arb é is aidhm di láthair úrnua monaraíochta gluaisteán atá lonnaithe lasmuigh den AE a sholáthar, a thugtar le fios de réir na fianaise atá ar fáil gurb é atá ann infheistíocht atá dírithe ar sholáthar don mhargadh áitiúil (16). Dá réir sin, diúltaíodh don maíomh sin.

(80)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, dhiúltaigh an Coimisiún go sealadach don iarraidh maidir le AFRPanna HEX mótarfheithiclí a eisiamh ó raon feidhme táirgí an táirge atá faoi imscrúdú.

2.3.2.   Cornaí alúmanaim chun cornaí brataithe agus ACP a tháirgeadh

(81)

D’iarr úsáideoir amháin, Cuideachta A, go n-eisiafaí cornaí alúmanaim chun cornaí brataithe agus ACP a tháirgeadh ar an bhforas go bhfuil saintréithe fisiciúla, teicniúla agus ceimiceacha ar leith ag cornaí den sórt sin i ndáil lena leibhéalú teannais agus lena gcuma, ag cur san áireamh nach bhfuil an táirge inúsáidte le haghaidh a gceannach mar gheall ar easnamh beag neamhfhoirfe.

(82)

I bhfianaise na srianta ardcháilíochta, mhaígh an chuideachta nach bhfuil an táirge sin inmhalartaithe le AFRPanna eile agus nach féidir é a chur in ionad táirgí eile. A mhéid a bhaineann leis an bpróiseas táirgthe, d’áitigh an páirtí sin go monaraíonn na táirgeoirí Síneacha an cineál táirge atá i gceist ar threalamh úrscothach (rolladh te, leibhéalú teannais agus línte seastán le haghaidh teorolladh comhuaineach) arb é an toradh atá orthu rátaí cáilíochta agus táirgiúlachta níos airde mar aon le costais níos ísle.

(83)

Dhearbhaigh an páirtí céanna freisin go raibh deacrachtaí móra aige ní hamháin cineál an táirge atá i gceist a cheannach, ag a raibh na caighdeáin a theastaíonn ó thionscal an Aontais ach freisin maidir le cuid dá fhoinsiú Síneach a athrú go dtí foinsiú an Aontais. Mhaígh sé freisin gur sciar suntasach dá chostas táirgthe a bhí i gceist leis an gcineál táirge agus, i gcás ina bhforchuirfí dleachtanna, go mbeadh air soláthraithe nua a bhailíochtú, rud a d’fhágfadh go dtiocfadh méadú ar a chostais.

(84)

Bhunaigh an Coimisiún go dtagann cornaí alúmanaim chun cornaí brataithe agus ACP a tháirgeadh faoin sainiú, mar a thugtar in aithrisí (55) go (58) thuas, agus is féidir iad a aicmiú trí úsáid a bhaint as códú an táirge dá bhforáiltear san imscrúdú maidir le tiús, foirm, ábhar a úsáidtear, bailchríoch agus faghairt. Tá na buntréithe ceimiceacha, teicniúla agus fisiceacha céanna acu agus atá ag AFRPanna eile mar go bhfuil siad comhdhéanta de níos mó ná 95 % d’fhíor-alúmanam. Thairis sin, tá siad déanta as cóimhiotail chomhchosúla agus tá bailchríoch, faghairt agus tiús comhchosúil acu le AFRPanna eile a thagann faoi raon feidhme an imscrúdaithe. Ní próiseas é leibhéalú teannais a chuirtear i bhfeidhm go heisiach ar an gcineál táirge atá i gceist mar go n-úsáidtear é le haghaidh catagóirí AFRP eile chomh maith, mar shampla AFRPanna HEX.

(85)

A mhéid a bhaineann le hidirmhalartacht, d’fhéadfadh sé nach mbeadh AFRPanna a bhaineann le grúpaí táirgí éagsúla inmhalartaithe ar chúiseanna éagsúla amhail na cóireálacha sonracha cóimhiotalacha a úsáidtear nó an cineál bailchríche. Mar sin féin, tagann na táirgí sin faoi raon feidhme táirge an imscrúdaithe toisc go bhfuil na buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna acu.

(86)

Maidir leis an bpróiseas monaraíochta, mheas an Coimisiún go sealadach gur toradh ar an bpróiseas monaraíochta céanna é agus an próiseas a thuairiscítear in aithris (56) le haghaidh cornaí alúmanaim chun cornaí brataithe agus ACP a tháirgeadh, agus úsáidtear an trealamh céanna i gcás AFRPanna eile den chuid is mó. Níl an táirge ar dhóigh ar bith difriúil de bharr go líomhnaítear go n-úsáideann táirgeoirí Síneacha trealamh úrscothach. Ar aon chuma, tá trealamh táirgthe comhchosúil ag roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais.

(87)

Mar sin féin, thug an Coimisiún aitheantas do shainiúlacht na dtáirgí a mhonaraíonn Cuideachta A agus na deacrachtaí a bhíonn aici maidir le cornaí alúmanaim a fhoinsiú chun cornaí brataithe agus ACP a tháirgeadh san Aontas. Go dtí seo, níor chuir tionscal an Aontais aon fhianaise dá mhalairt ar fáil. Ina theannta sin, mheas an Coimisiún go sealadach maidir le táirgeoirí sampláilte an Aontais nach raibh aon cheann acu ag táirgeadh cineálacha táirgí speisialta den sórt sin a raibh cainníochtaí leordhóthanacha beartaithe le haghaidh an tsaormhargaidh. Thairis sin, is féidir a mheas gur faoi bhun 2 % a bheidh sciar ACP i ngrúpa foriomlán AFRPanna san Aontas.

(88)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas agus bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil dó, chinn an Coimisiún go sealadach gur cheart allmhairiú cornaí alúmanaim a eisiamh ó íocaíocht na ndleachtanna nuair a úsáidtear iad chun cornaí brataithe agus ACP a tháirgeadh.

2.3.3.   Leatháin liteagrafacha agus scragall ceallraí

(89)

D’iarr táirgeoir onnmhairiúcháin amháin, Xiamen Xiashun, soiléiriú cé acu a bhí leatháin liteagrafacha agus scragaill ceallraí clúdaithe ag raon feidhme an táirge nó nach raibh. Maidir leis sin, mhaígh sí go raibh na táirgí sin éagsúil le stoc eití ó thaobh cur i bhfeidhm, margadh cinn scríbe, saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha agus próisis táirgthe.

(90)

Maidir leis sin, ba cheart a thabhairt dá aire i dtosach go dtagann na leatháin liteagrafacha agus na scragaill ceallraí faoin sainiú ar raon feidhme an táirge, mar a thugtar in aithrisí (55) go (58) thuas, agus is féidir iad a aicmiú trí úsáid a bhaint as códú an táirge dá bhforáiltear san imscrúdú maidir le tiús, foirm, ábhar a úsáidtear, bailchríche agus faghairt.

(91)

Ar an dara dul síos, murab ionann agus na hargóintí a chuir an páirtí sin chun cinn, tá raon feidhme táirge an imscrúdaithe sin i bhfad níos leithne agus níl sé teoranta do stoc eití amháin. Ina theannta sin, léiríodh san imscrúdú go bhfuil na buntréithe ceimiceacha céanna ag leatháin liteagrafacha agus scragaill ceallraí agus ag AFRPanna eile, ós rud é go bhfuil siad comhdhéanta de níos mó ná 95 % d’fhíor-alúmanam atá cosúil le AFRPanna eile. Chomh maith leis sin, tá siad déanta as cóimhiotail chomhchosúla agus tá bailchríche, faghairt agus tiús comhchosúil acu le AFRPanna eile a thagann faoi raon feidhme an imscrúdaithe. Ina theannta sin, níl sé neamhghnách go bhfuil na táirgí sin ceaptha d’iarratais shonracha in earnálacha sonracha toisc go bhfuil a sonraíochtaí féin ag formhór na AFRPanna ag brath ar an bhfeidhmchlár nó ar riachtanais an úsáideora deiridh lena mbaineann.

(92)

Maidir leis an bpróiseas monaraíochta, mheas an Coimisiún go bhfuil leatháin liteagrafacha agus scragall ceallraí ann mar thoradh ar an bpróiseas monaraíochta céanna a thuairiscítear in aithris (56) agus go n-úsáidtear, den chuid is mó, an trealamh céanna le AFRPanna eile. Ós rud é go bhfuil trealamh sonrach (laghdú, leibhéalú teannais) de dhíth ar na táirgí seo, níl sé neamhghnách mar gur féidir trealamh den sórt sin a úsáid chun AFRPanna eile a tháirgeadh. Ar an mbonn sin, dhearbhaigh an Coimisiún go sealadach go bhfuil leatháin liteagrafacha agus scragaill ceallraí mar chuid de raon feidhme an imscrúdaithe.

2.3.4.   ACF-30-60

(93)

D’iarr an grúpa táirgeora onnmhairithe Nanshan soiléiriú cé acu a bhí scragall tiontaire alúmanaim le tomhsairí idir 30 agus 60 miocrón clúdaithe ag an imscrúdú seo nó nach raibh agus d’iarr siad go n-eisiafaí iad ó raon feidhme an táirge. D’áitigh sé go raibh dhá thaobh éagsula ag ACF-30-60 (maite agus geal), go dtáirgtear le cóimhiotail áirithe (1xxx agus 8xxx) é agus gur gá dó Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006 (18), Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) agus Caighdeán Eorpach CEN EN 602. Thagair sé dó freisin gur mheas an Coimisiún gur táirgí éagsúla iad scragall tiontaire alúmanaim agus scragall alúmanaim tís in imscrúdú frith-imchéimniúcháin (21) a rinneadh roimhe seo bunaithe ar shonraíochtaí a bhaineann le cóimhiotail alúmanaim, le hinfhliuchtacht agus le pionnphoill.

(94)

Thagair an páirtí céanna freisin don úsáid deiridh agus do na feidhmeanna agus go háirithe ós rud é go n-úsáidtear ACF-30-60 den chuid is mó le haghaidh feidhmeanna bia agus go líomhnaítear gurb iad scragall claibíní agus scragall cógaisíochta príomhúsáidí deiridh an táirge. Ina theannta sin, d’áitigh sé nach raibh ACF-30-60 san iomaíocht agus nach raibh sé inmhalartaithe leis an táirge atá faoi imscrúdú mar, murab ionann agus ceannaitheoirí AFRPanna, tá ceannaitheoirí ACF-30-60 gníomhach sna tionscail bhia nó chógaisíochta agus díoltar ACF-30-60 ar phraghsanna níos airde. Mhaígh an páirtí céanna freisin go raibh an próiseas táirgthe difriúil i bhfianaise an phasrollta bailchríche as a dtagann taobh maite agus taobh geal agus nach ndearna na “gearánaigh” ACF-30-60 a mhonarú den chuid is mó acu.

(95)

Maidir leis sin, ba cheart a thabhairt dá aire i dtosach go dtagann stoc scragaill faoin sainmhíniú ar raon feidhme an táirge, mar a shainmhínítear sna haithrisí (55) go (58) thuas é, agus is féidir é a aicmiú trí úsáid a bhaint as códú an táirge dá bhforáiltear san imscrúdú maidir le tiús, foirm, ábhar a úsáidtear, bailchríche agus meon. Thairis sin, chinn an Coimisiún go bhfuil na buntréithe ceimiceacha céanna ag ACF-30-60 agus atá ag AFRPanna eile, ós rud é go bhfuil siad comhdhéanta de níos mó ná 95 % d’alúmanam íon ar an gcaoi chéanna le AFRPanna eile. Chomh maith leis sin, tá siad déanta as cóimhiotail chomhchosúla agus tá bailchríoch, faghairt agus tiús comhchosúil acu mar atá ag AFRPanna eile a thagann faoi raon feidhme an imscrúdaithe.

(96)

Ar an dara dul síos, ós rud é go bhfuil dhá úsáid éagsúla ag na táirgí sin agus gur gá dóibh reachtaíocht áirithe maidir le bia a chomhlíonadh, níl sé neamhghnách toisc go bhfuil sonraíochtaí dá gcuid féin ag formhór na AFRPanna ag brath ar fheidhmchlár nó ar riachtanais an úsáideora deiridh lena mbaineann agus toisc gur gá dóibh ceanglais dhlíthiúla áirithe a chomhlíonadh. Tá feidhm aige sin, mar shampla, maidir le táirgí eile stoic bia a chumhdaítear leis an imeacht seo.

(97)

A mhéid a bhaineann leis an imscrúdú frith-imchéimniúcháin a rinneadh roimhe seo, ní eisiatar in Airteagal 1(4) de Rialachán 2017/271 ach amháin na dleachtanna frithdhumpála atá ann cheana féin a leathnú, dleachtanna ar scragall alúmanaim arna allmhairiú le haghaidh úsáidí eile seachas úsáid scragall tís. Mar thoradh air sin, níor cumhdaíodh scragall alúmanaim a úsáidtear mar scragall tiontaire leis na bearta sin. Mar sin féin, aithníodh i Rialachán 2017/271 ar deireadh nach féidir idirdhealú a dhéanamh, bunaithe ar na saintréithe teicniúla, ar infhliuchtacht agus ar phionna, idir scragall tiontaire alúmanaim agus scragall a chumhdaítear leis an imscrúdú sin a úsáidtear i ndáiríre d’fheidhmeanna tís (féach aithris 72 de). In aon chás, ní dhearnadh an anailís ach amháin i ndáil le gnéithe a shainaithint lena bhféadfaí idirdhealú a dhéanamh idir scragall alúmanaim tís agus scragall tiontaire alúmanaim i gcomhthéacs na gcleachtas imchéimniúcháin a bunaíodh maidir le scragall tís alúmanaim atá beagán modhnaithe. Dá bhrí sin, níl aon tionchar ag na conclúidí ar thángthas orthu san imscrúdú sin ar an imscrúdú atá faoi chaibidil.

(98)

A mhéid a bhaineann le húsáid deiridh, mheas an Coimisiún nach bhfuil na paraiméadair sin ábhartha chun tacú le hiarraidh ar eisiamh táirge i gcás ina bhfuil na buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna ag an gcineál táirge atá i gceist agus atá ag AFRPanna eile. Ar aon nós, sa chás atá faoi chaibidil, léirigh an t-imscrúdú, i gcodarsnacht leis an méid atá á mhaoímh ag an bpáirtí seo, go bhfuil AFRPanna i gceist beartaithe ní hamháin le haghaidh scragall claibíní nó le haghaidh scragall cógaisíochta ach le haghaidh pacáistiú bia freisin mar a chuirtear i láthair sa ghearán é agus a dhearbhaítear san imscrúdú.

(99)

A mhéid a bhaineann le hidirmhalartacht, bhunaigh an Coimisiún nach argóint ábhartha é an paraiméadar sin chun tacú le hiarraidh ar eisiamh táirgí nuair atá na buntréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna ag an táirge atá i gceist agus atá ag AFRPanna eile. Sa chás i dtrácht, cé go roinneann siad na buntréithe céanna agus á n-úsáid chun an trealamh céanna a mhonarú, d’fhéadfadh sé nach mbeadh AFRPanna a bhaineann le grúpaí éagsúla táirgí inmhalartaithe ar chúiseanna éagsúla amhail na cóireálacha sonracha cóimhiotail a úsáideadh nó an cineál bailchríche. Mar sin féin, tagann na táirgí sin faoi raon feidhme táirge an imscrúdaithe toisc go bhfuil na buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna acu.

(100)

Maidir leis an bpróiseas táirgthe, is toradh é ACF-30-60 ar an bpróiseas monaraíochta céanna a thuairiscítear in aithris (56) agus úsáidtear an trealamh céanna a bheag nó a mhór agus a úsáidtear le AFRPanna eile. Ós rud é gur gá don táirge dul trí phróiseas bailchríche áirithe, is táirge comhchosúil fós é ar choinníoll go bhfuil na buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna aige agus atá ag AFRPanna eile.

(101)

Ar deireadh, níor thacaigh an fhianaise leis an líomhain nár mhonaraigh formhór na ngearánach ACF-30-60. Os a choinne sin, bhunaigh an Coimisiún gur mhonaraigh tionscal an Aontais na táirgí sin.

(102)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, dhiúltaigh an Coimisiún go sealadach don iarraidh ar ACF 30-60 a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe.

2.3.5.   AFRPanna lena n-úsáid chun lataí a mhonarú le haghaidh dallóga Veinéiseacha

(103)

D’iarr úsáideoir amháin, OPL System AB, go n-eisiafaí AFRPanna lena n-úsáid i monarú dallóga veinéiseacha ó raon feidhme an imscrúdaithe. D’áitigh sí nach bhfuil aon táirgeoir ábhair den sórt sin ar mhargadh an Aontais agus dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/2220 (22)agus lena ndéantar foráil do bhainistiú taraif-chuótaí uathrialacha an Aontais do tháirgí áirithe talmhaíochta agus tionsclaíocha, cuóta lena bhforáiltear do chuóta allmhairí saor ó dhleacht do stiallacha alúmanaim agus maignéisiam nó scragall le haghaidh dallóga agus slinnte a mhonarú. D’áitigh sí freisin go raibh ar an táirge i gceist cloí le sonraíochtaí a forbraíodh dá threalamh táirgthe

(104)

Thug an Coimisiún faoi deara nár chuir an páirtí leasmhar sin aon fhianaise thacaíochta ar fáil a léiríonn nach bhfuil na buntréithe ceimiceacha, fisiceacha agus teicniúla céanna ag an táirge i gceist agus atá ag AFRPanna eile a áirítear i raon feidhme an imscrúdaithe. Thairis sin, níor chuir an páirtí leasmhar sin fianaise ar fáil faoi thionscal an Aontais a líomhnaítear nach bhfuil in ann an táirge i gceist a mhonarú. Ina dhiaidh sin, rinne tionscal an Aontais trácht go raibh sé in ann an táirge atá i gceist a mhonarú.

(105)

In éagmais tuilleadh fianaise, dhiúltaigh an Coimisiún go sealadach don iarraidh sin ar eisiamh táirgí.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Nós imeachta um an ngnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán

(106)

De réir na fianaise a bhí ar fail tráth thionscnamh an imscrúdaithe, is cosúil go raibh saobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b) den Bhunrialachán. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí an t-imscrúdú a thionscnamh ag féachaint d’Airteagal 2(6ú) den Bhunrialachán.

(107)

D’fhonn na sonraí is gá a bhailiú ionas go bhféadfaí Airteagal 2(6ú) den Bhunrialachán a chur i bhfeidhm, d’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile sa tír lena mbaineann faisnéis a chur ar fáil maidir leis na hionchuir a úsáidtear chun táirgí cothromrollta alúmanaim a tháirgeadh. Sholáthair ceithre tháirgeoir onnmhairiúcháin an fhaisnéis ábhartha.

(108)

Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún, mar a luaitear thuas in aithris (44), ar Rialtas na Síne ceistneoir a fhreagairt maidir le haon saobhadh a líomhnaítear a bheith ann i nDaon-Phoblacht na Síne. Ní bhfuarthas aon fhreagra. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go raibh sé ar intinn aige Airteagal 18 den Bhunrialachán a chur i bhfeidhm agus úsáid a bhaint as fíorais atá ar fáil lena chinneadh arbh ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne. Ní bhfuarthas aon fhreagra.

(109)

Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán laistigh de 37 lá ó dháta fhoilsiú an Fhógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Fuarthas aighneacht ó Xiamen Xiashun.

(110)

I bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas go bhféadfaí, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil ag an tráth sin, tír ionadaíoch iomchuí a d’fhéadfadh a bheith ann de bhun Airteagal 2(6ú)(a) den Bhunrialachán a bhunú ar an mBrasaíl dá ndearbhófaí coinníollacha cur i bhfeidhm na forála seo. Luaigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

(111)

An 5 Deireadh Fómhair 2020, d’eisigh an Coimisiún an Chéad nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh (“Nóta an 5 Deireadh Fómhair” nó “An Chéad Nóta”) lenar chuir sé in iúl do pháirtithe leasmhara maidir leis na foinsí ábhartha a raibh sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, chuir an Coimisiún liosta ar fáil de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáideadh chun táirgí cothromrollta alúmanaim a tháirgeadh. Ina theannta sin, d’aithin an Coimisiún an Bhrasaíl, an Téalainn agus an Tuirc mar thíortha a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch iomchuí. Thug an Coimisiún deis do na páirtithe leasmhara uile a gcuid barúlacha a chur in iúl. Fuair an Coimisiún barúlacha ón ngearánach, ó na cuideachtaí Airoldi Metalli Spa (“Airoldi”), Company A, Jiangsu Alcha Group, Nilo, Nanshan Group agus Xiamen Xiashun.

(112)

An 25 Samhain 2020, agus tar éis dó anailís a dhéanamh ar na barúlacha a fuarthas, d’eisigh an Coimisiún an Dara nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh (“Nóta an 25 Samhain” nó “an Dara Nóta”). Bhunaigh an Coimisiún liosta sealadach de thosca táirgeachta freisin agus chuir sé in iúl do na páirtithe leasmhara go raibh sé ar intinn aige an Bhrasaíl a úsáid mar thír ionadaíoch faoi Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den Bhunrialachán. Chuir sé in iúl freisin do pháirtithe leasmhara go leagfadh sé síos costais díolacháin, costais ghinearálta agus costais riaracháin (SG&A)agus na brabúis bunaithe ar ráitis airgeadais de chuid na cuideachta Brasaílí Novelis do Brasil Ltda atá ar fáil go poiblí. D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt ina leith sin. Fuarthas tuairimí ón ngearánach, agus na cuideachtaí Airoldi, Cuideachta A, Jiangsu Alcha Group, Lodec Metal, Nanshan Group agus Xiamen Xiashun.

(113)

Tar éis dó anailís a dhéanamh ar na barúlacha agus ar an bhfaisnéis a fuarthas faoin Dara Nóta, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go sealadach gur rogha iomchuí í an Tuirc mar thír ionadaíoch óna bhféadfaí praghsanna agus costais neamhshaofa a fháil chun an gnáthluach a chinneadh. Tuairiscítear na bunchúiseanna ar bhonn níos mionsonraithe atá leis an rogha sin i Roinn 3.3, thíos.

3.2.   Airteagal 18 den Bhunrialachán a chur i bhfeidhm

(114)

Ar thionscnamh an imscrúdaithe ar bhonn Airteagal 2(6ú)(a) den Bhunrialachán, chuir an Coimisiún dhá cheistneoir amach maidir le saobhadh a bheith ann do chuig Rialtas na Síne (23). Níor sholáthair Rialtas na Síne aon bharúil. Chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne le Note Verbale an 28 Meán Fómhair 2020 go raibh sé i gceist aige leas a bhaint as foráil Airteagal 18 den Bhunrialachán maidir le faisnéis a chumhdaítear leis an dá cheistneoir agus d’iarr sé ar Rialtas na Síne a bharúil a chur isteach maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18. Ní bhfuarthas aon bharúil.

3.3.   Gnáthluach

(115)

De réir Airteagal 2(1) den Bhunrialachán, “beidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir”.

(116)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den Bhunrialachán, “i gcás ina gcinntear (…) nach bhfuil sé iomchuí praghsanna intíre agus costais a úsáid sa tír is onnmhaireoir i ngeall go bhfuil saobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí phointe (b), déanfar an gnáthluach a ríomh go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díolachán ina léirítear praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa”, agus “áireofar leis méid neamhshaofa agus réasúnach de chostais riaracháin, díolacháin agus costais ghinearálta agus i gcomhair brabús” (dá ndéantar tagairt feasta mar “SG&A”).

(117)

Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid san imscrúdú seo gur ar bhonn na fianaise atá ar fáil agus i bhfianaise na heaspa comhoibre a fuarthas ó Rialtas na Síne, b’iomchuí Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán a chur i bhfeidhm.

3.3.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

3.3.1.1.   Réamhrá

(118)

In Airteagal 2(6a)(b) den Bhunrialachán sainmhínítear gurb é atá i “saobhadh suntasach an saobhadh sin a tharlaíonn nuair nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna ná na costais a tuairiscíodh, lena n-áirítear costais amhábhar agus fuinnimh, toisc go bhfuil tionchar ag idirghabháil shubstainteach rialtais orthu. Agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, tabharfar aird, inter alia, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht, nó faoi mhaoirseacht beartais, nó faoi stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir;

Baint a bheith ag an stát le gnólachtaí, rud a cheadaíonn don stát cur isteach ar phraghsanna nó ar costais;

beartais phoiblí nó bearta a bheith i bhfeidhm a fhabhraíonn soláthraithe intíre nó a bhfuil tionchar de shórt eile acu ar fhórsaí saor an mhargaidh;

maidir leis na dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, easnamh a bheith ann ina leith, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor;

saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais pá;

rochtain ar mhaoiniú a dheonaíonn institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó ar dhóigh eile nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an stát”.

(119)

Os rud é nach carnach an liosta in Airteagal (2(6a)(b), ní gá aird a thabhairt ar na heilimintí uile chun a chinneadh gurb ann do shaobhadh suntasach. Thairis sin, is féidir féachaint ar na himthosca fíorasacha céanna chun a léiriú gurb ann do cheann amháin nó níos mó d’eilimintí an liosta. Mar sin féin, aon chonclúid maidir le saobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a), ní mór í a dhéanamh ar bhonn na fianaise uile atá ar fáil. Agus measúnú foriomlán á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, féadfar aird a thabhairt ar an gcomhthéacs ginearálta agus an staid sa tír is onnmhaireoir, go háirithe i gcás ina dtugtar cumhachtaí suntasacha don rialtas, trí eilimintí bunúsacha shocrúcháin eacnamaíocha agus riaracháin na tíre is onnmhaireoir, tionchar a imirt ar an ngeilleagar sa tslí nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna ná na costais sa tír sin.

(120)

De réir fhoráil Airteagal 2(6a)(c) den Bhunrialachán, “i gcás ina bhfuil údar maith ag an gCoimisiún le creidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach dá dtagraítear i bpointe (b) a bheith ann i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin, agus i gcás inarb iomchuí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil lena dtuairisceofar imthosca an mhargaidh dá dtagraítear i bpointe (b) sa tír sin nó san earnáil sin a ullmhú, a phoibliú agus a thabhairt cothrom le dáta”.

(121)

De bhun na forála sin, d’eisigh an Coimisiún tuarascáil de réir tíre maidir le Daon-Phoblacht na Síne (“an Tuarascáil” feasta) (24), ina dtaispeántar gurb ann d’idirghabháil shubstaintiúl rialtais ar go leor leibhéal den gheilleagar, lena n-áirítear saobhadh sonrach i gcuid mhaith príomhthosca táirgeachta (amhail talamh, fuinneamh, caipiteal, amhábhar agus saothar) chomh maith le hearnálacha sonracha (amhail cruach agus ceimiceáin). Cuireadh an Tuarascáil sa chomhad imscrúdaithe tráth an tionscnaimh. Bhí roinnt fianaise ábhartha sa ghearán freisin a chomhlánaíonn an Tuarascáil. Iarradh ar pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt ar an bhfianaise sa chomhad imscrúdaithe tráth an tionscnaimh, sin nó an fhianaise sin a bhréagnú nó í a fhorlíonadh.

(122)

Bhí faisnéis sa ghearán maidir le staidéir bhreise agus tuarascálacha lena ndearnadh anailís ar staid an tionscail alúmanaim i nDaon-Phoblacht na Síne. Ba í an chéad fhoinse an Tuarascáil maidir le ró-acmhainneachtaí sa tSín a d’eisigh Comhlachas Tráchtála an Aontais Eorpaigh sa tSín (“EU Chamber of Commerce Report” (Tuarascáil ar Chomhlachas Tráchtála an Aontais Eorpaigh)), tuarascáil a úsáideadh chun a léiriú gurb ann do chumas táirgthe iomarcach sa tSín. Ar an dara dul síos, liostaigh an gearánaí an páipéar ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta dar teideal Measuring distortions in international markets – The aluminium value chain (Tomhas saobhadh i margaí idirnáisiúnta – An slabhra luacha alúmanaim) (“Staidéar ECFE”) (25), ina ndéantar mionanailís ar shaincheist na bhfóirdheontas airgeadais a deonaíodh do chuideachtaí sa tionscal alúmanaim, chomh maith leis an bhfíric go ndíspreagtar onnmhairiú cánacha ar alúmanam príomhúil agus lacáistí CBL neamhiomlána ar onnmhairí táirgí áirithe alúmanaim agus táirgeadh agus onnmhairiú leathóg agus earraí déanta alúmanaim, lena n-áirítear easbhrúnna alúmanaim. Ar deireadh, thug an gearánach le fios in athbhreithniú éaga a rinneadh le déanaí maidir le dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí scragall alúmanaim áirithe i rollaí de thionscnamh na Síne (26), dhearbhaigh an Coimisiún go bhfuil saobhadh suntasach ann agus gur toradh córasach a bhí ann agus nach raibh sé teoranta don táirge lena mbaineann san imscrúdú áirithe sin, agus nach raibh aon chúis le himeacht ón modheolaíocht sin.

(123)

Mar a tugadh le fios in aithris (114), níor chuir Rialtas na Síne barúlacha in iúl ná níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an t-iarratasóir maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir le chomh hiomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán sa chás faoi chaibidil. Pléitear barúlacha a fuarthas ina leith sin ó roinnt páirtithe leasmhara i Roinn 3.3.1.11 thíos.

(124)

Scrúdaigh an Coimisiún cé acu a bhí nó nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne, i ngeall gurb ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán. Rinne an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na fianaise atá ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise atá sa Tuarascáil ar fianaise í atá ag brath ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substaintiúla rialtais i ngeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin an staid shonrach margaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge faoi athbhreithniú. Rinne an Coimisiún na heilimintí fianaise sin a fhorlíonadh a thuilleadh lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dhearbhú go bhfuil saobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne.

3.3.1.2.   Saobhadh suntasach a imríonn tionchar ar phraghsanna agus costais sa tSín

(125)

Is é “geilleagar margaidh sóisialach” an coincheap ar a bhfuil córas eacnamaíoch na Síne bunaithe. Cumhdaítear an coincheap sin i mBunreacht na Síne agus cinneann sé rialachas eacnamaíoch na Síne.“Socialist public ownership of the means of production, namely, ownership by the whole people and collective ownership by the working people” (Úinéireacht phoiblí shóisialach na modhanna táirgeachta, is é sin, úinéireacht an phobail uile agus úinéireacht chomhchoiteann an lucht saothair) is ea an croíphrionsabal. Tá an geilleagar faoi úinéireacht Stáit ina “leading force of the national economyh” (ceann feadhnachta ar an ngeilleagar náisiúnta) agus tá sainordú ag an Stát “to ensure its consolidation and growth” (comhdhlúthú agus fás a áirithiú). (27) Dá réir sin, ní hamháin go bhfuil geilleagar na Síne leagtha amach ar an iomlán sa chaoi gur féidir leis an Rialtas idirghabhálacha substaintiúla a dhéanamh sa gheilleagar ach tá idirghabhálacha den chineál sin sainordaithe go sainráite. Tá coincheap fhorlámhas na húinéireachta poiblí thar an úinéireacht phríobháideach lárnach ar fud an chórais dlí ina iomláine agus leagtar béim air mar phrionsabal ginearálta i ngach mír lárnach reachtaíochta. Is sampla cruthanta é dlí maoine na Síne: tagraíonn sé do phríomhchéim an tsóisialachais agus cuireann sé ar iontaoibh an Stáit seasamh leis an gcóras eacnamaíoch bunúsach faoina bhfuil ról ceannasach ag an úinéireacht phoiblí. Glactar le foirmeacha eile úinéireachta, agus tugtar cead de réir dlí iad a fhorbairt taobh le taobh leis an úinéireacht Stáit (28).

(126)

Thairis sin, faoi dhlí na Síne, is í ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne (“PCS”) a fhorbraíonn an geilleagar margaidh sóisialach. Tá struchtúir Stát na Síne agus PCS fite fuaite le chéile ar gach leibhéal (dlíthiúil, institiúideach, pearsanta), rud a chruthaíonn forstruchtúr ar dá réir nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir ról PCS agus ról an Stáit. Mar gheall ar leasú ar Bhunreacht na Síne i mí an Mhárta 2018, cuireadh níos mó béime ar ról PCS trí athdhearbhú a dhéanamh ar a ról i dtéacs Airteagal 1 den Bhunreacht. I ndiaidh na chéad abairte den fhoráil a bhí ann cheana: “(t)he socialist system is the basic system of the People’s Republic of China (is é an córas sóisialach córas bunúsach Dhaon-Phoblacht na Síne), cuireadh an dara habairt nua isteach mar a leanas: “(t)he defining feature of socialism with Chinese characteristics is the leadership of the Communist Party of China.” (29) (is í ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne an ghné is mó a shainíonn an sóisialachas a bhfuil saintréithe Síneacha aige.) Léiríonn sé an smacht an Pháirtí Chumannaigh gan cheist ar chóras eacnamaíoch Dhaon-Phoblacht na Síne, smacht atá ag fás de shíor. Gné dhílis de chóras na Síne is ea an cheannaireacht agus an smacht sin agus gabhann siad thar an ngnáth-chás i dtíortha eile ina mbíonn smacht maicreacnamaíoch ginearálta ag na rialtais laistigh de na teorainneacha ar dá réir a bhíonn fórsaí an mhargaidh shaoir ag feidhmiú.

(127)

Téann Stát na Síne i mbun beartas eacnamaíoch idirghabhálach chun spriocanna a shaothrú, spriocanna atá i gcomhréir leis an gclár polaitiúil a shocraíonn PCS seachas spriocanna a léiríonn dálaí eacnamaíocha reatha i margadh saor (30). Is iomaí uirlis eacnamaíoch idirghabhálach a mbaineann údaráis na Síne úsáid aisti, lena n-áirítear córas an phleanála tionscail, an córas airgeadais agus leibhéal na timpeallachta rialála chomh maith.

(128)

Sa chéad dul síos, ar leibhéal an smachta riaracháin ghinearálta, tá treo gheilleagar na Síne á rialú ag córas casta um pleanáil tionscail a bhfuil tionchar aige ar gach gníomhaíocht eacnamaíoch sa tír. Leis na pleananna sin ina n-iomláine, cumhdaítear maitrís chuimsitheach chasta earnálacha agus beartas trasearnála, agus tá baint acu le gach leibhéal rialtais. Tá pleananna mionsonraithe á gcur i bhfeidhm ar leibhéal na gcúigí agus leagtar amach spriocanna níos leithne sna pleananna náisiúnta. Sonraítear sna pleananna freisin na modhanna chun tacú leis na tionscail/earnálacha ábhartha chomh maith leis na tráthchláir faoinar gá na cuspóirí a ghnóthú. Bíonn spriocanna aschuir sainráite fós le fáil i bpleananna áirithe agus ba ghné choitianta é sin i dtimthriallacha pleanála roimhe sin. Faoi na pleananna, luaitear earnálacha agus/nó tionscadail tionsclaíocha ar leith mar thosaíochtaí (dearfacha nó diúltacha) i gcomhréir le tosaíochtaí an rialtais agus sanntar spriocanna forbartha ar leith dóibh (uasghrádú tionsclaíoch, leathnú idirnáisiúnta etc.). Is gá do na hoibreoirí eacnamaíocha, idir oibreoirí príobháideacha agus oibreoirí faoi úinéireacht Stáit, a gcuid gníomhaíochtaí gnó a choigeartú don mhéid a cheanglaítear leis an gcóras pleanála. Ní hé amháin mar gheall ar ghné cheangailteach na bpleananna ach toisc go gcloíonn údaráis ábhartha na Síne ar gach leibhéal rialtais le córas na bpleananna agus go n-úsáideann siad a gcumhachtaí dílsithe dá réir, rud a thugann ar na hoibreoirí eacnamaíocha cloí na tosaíochtaí a leagtar amach sna pleananna (féach freisin roinn 3.3.1.5 thíos) (31).

(129)

Ar an dara dul síos, ar an leibhéal a ndéantar acmhainní airgeadais a leithdháileadh, tá an lámh in uachtar ag na bainc thráchtála faoi úinéireacht an Stáit ar chóras airgeadais Dhaon-Phoblacht na Síne. Nuair atá a mbeartas iasachtaithe á shocrú agus á chur chun feidhme ag na bainc sin, is gá dóibh a bheith i gcomhréir le cuspóirí bheartas tionscail an rialtais seachas tús áite a thabhairt do na buanna eacnamaíocha atá ag tionscadal ar leith (féach freisin roinn 3.3.1.8 thíos) (32). Tá feidhm ag an méid céanna maidir le codanna eile de chóras airgeadais na Síne amhail na stocmhargaí, na margaí bannaí, margaí an chothromais phríobháidigh etc. Ina theannta sin, na codanna eile sin den earnáil airgeadais lasmuigh den earnáil baincéireachta, tá siad socraithe go hinstitiúideach agus go hoibríochtúil ar bhealach nach bhfuil dírithe ar an bhfeidhm is éifeachtúla is féidir a bhaint as na margaí airgeadais ach ar bhealach a áirithíonn rialú an Stáit agus PCS agus a thugann cead dóibh idirghabháil a dhéanamh (33).

(130)

Sa tríú dul síos, ar leibhéal na timpeallachta rialála, is iomaí bealach is féidir leis an Stát idirghabháil a dhéanamh sa gheilleagar. Mar shampla, is minic a úsáidtear na rialacha maidir le soláthar poiblí chun spriocanna beartais a shaothrú seachas éifeachtúlacht eacnamaíoch a shaothrú, rud a bhaineann an bonn de na prionsabail mhargadhbhunaithe sa réimse seo. Foráiltear go sonrach sa reachtaíocht is infheidhme go ndéanfar an soláthar poiblí d’fhonn baint amach na spriocanna arna gceapadh trí bheartais an Stáit a éascú. Mar sin féin, níl cineál na spriocanna sin sainithe go fóill, rud a fhágann dá bhrí sin corrlach breithmheasa ag na comhlachtaí cinnteoireachta (34). Ar an gcaoi chéanna, i réimse na hinfheistíochta, coinníonn Rialtas na Síne smacht suntasach agus imríonn sé tionchar ar cheann scríbe agus ar mhéid na hinfheistíochta Stáit agus na hinfheistíochta príobháidí araon. Scagadh infheistíochta mar aon le dreasachtaí, srianta agus toirmisc éagsúla a bhaineann leis an infheistíocht, tá siad ina n-uirlisí tábhachtacha ag na húdaráis chun tacú le cuspóirí an bheartais tionscail amhail smacht an Stáit a choinneáil ar phríomhearnálacha nó borradh a chur faoin tionsclaíocht intíre (35).

(131)

San iomlán, tá samhail eacnamaíoch na Síne bunaithe ar aicsímí bunúsacha áirithe, lena bhforáiltear don iliomad idirghabhálacha rialtais agus lena spreagtar iad chomh maith. Tá idirghabhálacha substaintiúla rialtais den chineál sin ar neamhréir le fórsaí margaidh gan srian, arb é an toradh atá air saobhadh de leithdháileadh éifeachtach acmhainní de réir phrionsabail an mhargaidh (36).

3.3.1.3.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den Bhunrialachán: an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht, faoi mhaoirseacht bheartais nó faoi stiúradh údaráis na tíre is onnmhaireoir

(132)

I nDaon-Phoblacht na Síne, léiríonn fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht agus/nó faoi mhaoirseacht beartais nó faoi threoraíocht an Stáit cuid ríthábhachtach den gheilleagar.

(133)

Áirithíonn na struchtúir atá ag Rialtas na Síne agus ag PCS go leanfar den tionchar atá acu ar fhiontair, go háirithe fiontair atá faoi úinéireacht Stáit. Ní hamháin go bhfuil ról gníomhach ag an Stát (agus ag PCS i mórán gnéithe) i bhfoirmliú agus maoirsiú chur chun feidhme na mbeartas eacnamaíoch ginearálta ag fiontair ar leith atá faoi úinéireacht Stáit, ach ina theannta sin, éilíonn sé a chearta chun bheith rannpháirteach i gcinnteoireacht oibríochtúil i bhfiontair faoi úinéireacht Stáit. De ghnáth, déantar é sin trí chaidrí a aistriú idir údaráis rialtais agus fiontair faoi úinéireacht Stáit, trí bhaint a bheith ag baill den pháirtí le comhlachtaí feidhmiúcháin na bhfiontar faoi úinéireacht Stáit agus trí bhaint a bheith ag cealla den pháirtí le cuideachtaí (féach freisin roinn 3.3.1.4.) mar aon le múnlú a dhéanamh ar struchtúr corparáideach earnáil na bhfiontar faoi úinéireacht Stáit (37). Mar gheall air sin, tá stádas ar leith ag fiontair faoi úinéireacht Stáit laistigh de gheilleagar na Síne, rud a thugann roinnt tairbhí eacnamaíocha dóibh, go háirithe cosaint ar iomaíochas agus rochtain fhabhrach ar ionchuir ábhartha, le n-áirítear maoiniú (38). Na gnéithe a thugann le fios gurb ann do smacht rialtais ar fhiontair in earnáil an alúmanaim, déantar tuilleadh tuairisce orthu i Roinn 3.3.1.5 thíos.

(134)

Tagraíonn Staidéar OECD, a chuir an gearánach isteach mar fhianaise, do SOEnna in earnáil an alúmanaim ina leagtar béim go sonrach ina gcomhduithe rialála ar an gcaoi a mbíonn tionchar ag úinéireacht Stáit ar bheartais thionsclaíocha ábhartha agus ar an gcaoi a n-aistríonn úinéireacht Stáit ina tacaíocht rialtais. Go sonrach, luann SOE amháin ina réamheolaire bannaí in 2016 go bhfuil sé ar cheann de na 52 bhfiontar cnámh droma faoi úinéireacht stáit, go bhfuil ról lárnach aige i gceapadh agus i gcur chun feidhme beartas in earnáil na cumhachta agus go bhfaigheann sé tacaíocht chuimsitheach agus leanúnach ó Rialtas na Síne. Déanann SOE eile ina réamheolaire bannaí 2017 an tagairt gur féidir leis an rialtas cúigeach atá i gceist tionchar suntasach a imirt ar an ngrúpa (39).

(135)

Is é Daon-Phoblacht na Síne an táirgeoir alúmanaim is mó ar domhan, agus tá roinnt mhaith SOEnna móra i measc na dtáirgeoirí is fearr ar fud an domhain. De réir na meastachán, tá ag SOEnna níos mó ná 50 % den aschur alúmanaim príomhúil iomlán i nDaon-Phoblacht na Síne (40). Léirítear i staidéar ar an tionscal miotail neamhfheiriúil i nDaon-Phoblacht na Síne freisin gur ag SOEnna atá cion ceannasach an mhargaidh intíre á léiriú (41). Cé gurb iad na cuideachtaí atá faoi úinéireacht phríobháideach ba chúis go páirteach le méadú na hacmhainneachta le blianta beaga anuas, chuimseodh méadú acmhainneachta den sórt sin cineálacha éagsúla de rannpháirtíocht rialtas áitiúl, amhail ligean do bhorradh acmhainneachta neamhdhleathaí (42). Thairis sin, tá méadú tagtha freisin ar an acmhainneacht táirgthe alúmanaim i measc na bpríomh-SOEnna, ach ní a oiread céanna (43).

(136)

Seachas SOEnna a rialú, tá tionchar ag Rialtas na Síne freisin ar na cuideachtaí faoi úinéireacht phríobháideach i nDaon-Phoblacht na Síne. Le linn an imscrúdaithe, dearbhaíodh go bhfuair na táirgeoirí táirgí cothromrollta alúmanaim fóirdheontais ón rialtas. Mar shampla, liostaíonn grúpa Jiangsu Alcha, ceann de na cuideachtaí sampláilte, roinnt fóirdheontas ón rialtas i dtuarascáil bhliantúil na cuideachta. Maireann roinnt SOEanna i measc onnmhaireoirí táirgí cothromrollta alúmanaim, lena n-áirítear Chalco Ruimin agus Southwest Aluminium Group, atá ina bhfochuideachtaí de Chalco, SOE faoi mhaoirseacht SASAC (44).

(137)

Leis an leibhéal ard idirghabhála rialtais sa tionscal alúmanaim agus le líon ard fiontar faoi úinéireacht stáit san earnáil sin, cuirtear cosc ar tháirgeoirí oibriú faoi dhálaí margaidh, fiú na táirgeoirí sin atá faoi úinéireacht phríobháideach. Go deimhin, fiontair faoi úinéireacht phoiblí agus fiontair faoi úinéireacht phríobháideach araon, tá siad faoi réir maoirseachta beartais agus treorach mar a shonraítear i roinn 3.3.1.5 thíos.

3.3.1.4.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den Bhunrialachán: Baint a bheith ag an Stát le cuideachtaí a cheadaíonn don stát cur isteach ar phraghsanna nó ar chostais

(138)

Seachas smacht a chur i bhfeidhm ar an ngeilleagar trí bhíthin úinéireachta ar fhiontair faoi úinéireacht an Stáit agus uirlisí eile, tá sé ar chumas Rialtas na Síne cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí bhaint a bheith ag an Stát le gnólachtaí. Cé gur féidir a mheas gur léiriú ar na cearta úinéireachta (45)comhfhreagracha é an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomhphearsanra bainistíochta i bhfiontair faoi úinéireacht stáit a cheapadh agus a bhaint mar a fhoráiltear i reachtaíocht na Síne, tá tábhacht le cealla PCS i bhfiontair, idir fhiontair faoi úinéireacht stáit agus fhiontair faoi úinéireacht phríobháideach, mar is féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó tríd na cealla sin. De réir dhlí cuideachtaí na Síne, tá eagraíocht PCS le bunú i ngach cuideachta (ina bhfuil ar a laghad triúr ball de PCS mar a shonraítear i mBunreacht PCS (46)) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá i bhfeidhm le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. San am a chuaigh thart, is cosúil nár leanadh an ceanglas sin i gcónaí nó gur forfheidhmíodh go docht é. Ó bhí 2016 ann ar a laghad, áfach, tá neartú déanta ag PCS ar a chuid éileamh chun cinntí gnó a rialú i bhfiontair faoi úinéireacht stáit mar phrionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don “tírghrá” agus gníomhú i gcomhréir le disciplín an pháirtí (47). In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí féin (48). Cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm go ginearálta ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear táirgeoirí táirgí alúmanaim agus soláthraithe a gcuid ionchur.

(139)

Ina theannta sin, an 15 Meán Fómhair 2020, scaoileadh doiciméad dar teideal General Office of CCP Central Committee on stepping up the United Front work in the private sector for the new era (49) (Treoirlínte ó Oifig Ghinearálta Choiste Lárnach PCS maidir le dlús a chur le hobair an Fhronta Aontaithe san earnáil phríobháideach san earnáil phríobháideach don ré nua), rud a chuir le ról na gcoistí páirtithe i bhfiontair phríobháideacha. De réir na dtreoirlínte, Roinn II.4: “We must raise the Party’s overall capacity to lead private-sector United Front work and effectively step up the work in this area”; Agus Roinn III.6. “We must further step up Party building in private enterprises and enable the Party cells to play their role effectively as a fortress and enable Party members to play their parts as vanguards and pioneers.” Leis an doiciméad sin, leag an páirtí béim ar ról na bhfiontar príobháideach in “obair an Fhronta Aontaithe” féachaint le méadú ar ról PCS in eagraíochtaí agus in eintitis nach eagraíochtaí ná eintitis pháirtí iad (50).

(140)

Léirítear sna samplaí seo a leanas an treocht thuas maidir le leibhéal méadaitheach idirghabhála ó Rialtas na Síne in earnáil an alúmanaim.

(141)

De réir mar a fuair an Coimisiún amach in imscrúdú eile ar scragall alúmanaim áirithe i rollaí ar de thionscnamh na Síne iad (51), in 2017, leasaigh táirgeoir alúmanaim Síneach atá faoi úinéireacht stáit, China Aluminium International Engineering Corporation Limited (“Chalieco”), a Airteagail Chomhlachais a thug níos mó tábhachta do ról na gceall páirtí laistigh den chuideachta. Áirítear leis caibidil iomlán ar Choiste an Pháirtí, agus sonraítear in Airteagal 113 de: “In deciding major corporate issues, the Board shall consult the Party Committee of the Company in advance.” (52) Ina theannta sin, ina dTuarascáil Bhliantúil 2017 (53), luaigh the Aluminum Corporation of China (“Chalco”) go raibh líon stiúrthóirí, maoirseoirí, agus bainistíocht shinsearach – lena n-áirítear an Cathaoirleach agus an Stiúrthóir Feidhmeannais, agus Cathaoirleach an Choiste Faireacháin – ina mbaill de PCS.

(142)

Maidir leis na fiontair atá gníomhach i mbun monarú táirgí cothromrollta alúmanaim, lena n-áirítear Southwest Aluminium, Jiangsu Alcha Group agus Chalco Ruimin, léiríodh san imscrúdú go n-áirítear baill de PCS i mbainistíocht na dtrí chuideachta sin. Eagraíonn roinnt monaróirí táirgí cothromrollta alúmanaim gníomhaíochtaí neartaithe páirtí dá bhfostaithe, mar shampla Alúmanam Thiar Theas: “in order to implement the requirements of General Secretary Xi Jinping, following the political building efforts, the Southwest Aluminum (Group) Co., Ltd’s Party Committee shall vigorously promote the building of study party branches, ensure effective full coverage of Party organizations and Party work, foster the ‘double promotion’ of Party members, and better involve Party members as pioneers and models” (54). Míníonn Xiamen Xiashun na cleachtaí neartaithe páirtí ar an mbealach seo a leanas: “Xiashun actively promotes party building and labour union work, and remains committed to the system of joint meetings between Party, government and workers over the years, providing an important platform for employees to participate in decision-making, protect their rights and interests, and build a harmonious atmosphere.” (55) Áirítear Tianjin Zhongwang Aluminium Industry, Jiangsu Alcha Group agus Chalco Ruimin ar chuideachtaí eile a dhéanann na cleachtaí neartaithe páirtí.

(143)

Mar gheall ar an mbaint atá ag an Stát le gnólachtaí agus an idirghabháil a dhéanann sé sna margaí airgeadais (féach roinn 3.3.1.8 thíos freisin) mar aon le soláthar amhábhar agus ionchur, tá éifeacht bhreise saofa ar an margadh freisin (56). Dá réir sin, agus baint a bheith ag an Stát le gnólachtaí, lena n-áirítear fiontair atá faoi úinéireacht an Stáit, san earnáil cruach agus in earnálacha eile (amhail na hearnálacha airgeadais agus ionchuir), faigheann Rialtas na Síne deis cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais.

3.3.1.5.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den Bhunrialachán: beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthraithe intíre nó a bhfuil tionchar acu ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir

(144)

Is é a threoraíonn geilleagar na Síne ná córas pleanála ilchasta lena leagtar amach tosaíochtaí agus lena bhforordaítear na cuspóirí nach mór do na rialtais lárnacha agus áitiúla díriú orthu. Tá pleananna ábhartha ann ar gach leibhéal rialtais agus cumhdaítear leo beagnach gach earnáil eacnamaíoch. Tá na cuspóirí a leagtar síos leis na hionstraimí pleanála ceangailteach agus déanann na húdaráis ag gach leibhéal riaracháin faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna sin a dhéanann an rialtas ar leibhéal comhfhreagrach níos ísle. Ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála i nDaon-Phoblacht na Síne fágann sé go mbíonn acmhainní á ndíriú chuig earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile ag an rialtas, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (57).

(145)

Mar shampla, tá ról lárnach ag an rialtas i bhforbairt earnáil alúmanaim na Síne. Dearbhaítear é sin sna pleananna, treoracha iomadúla agus doiciméid eile a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an earnáil, a eisítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus bardasach. Trí bhíthin na n-ionstraimí sin agus ionstraimí eile, stiúrann an rialtas agus rialaíonn sé beagnach gach gné d’fhorbairt agus d’fheidhmiú earnáil an alúmanaim. Tá tionchar tábhachtach díreach nó indíreach ag beartais den sórt sin ar na costais táirgthe a bhaineann le táirgí alúmanaim.

(146)

I gcomhréir le torthaí an Choimisiúin i gcás scragall alúmanaim áirithe i rollaí ar de thionscnamh na Síne iad (58) agus i gcás easbhrúnna alúmanaim (bearta sealadacha) (59), tá na fíricí seo a leanas infheidhme freisin maidir leis an táirge seo lena mbaineann, ar táirge iartheachtach alúmanaim é ar an gcaoi chéanna.

(147)

Cé nach bhfuil forálacha sonracha maidir le alúmanam sa 13ú Phlean Cúig Bliana maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta (60), tá sé beartaithe i gcoitinne sa tionscal miotal neamhfheiriúil go mbeidh straitéis ann chun comhar a chur chun cinn maidir le hacmhainneacht táirgthe idirnáisiúnta agus maidir le monarú trealaimh. D’fhonn na spriocanna sin a bhaint amach, dearbhaítear sa phlean go bhfeabhsóidh sé na córais tacaíochta a bhaineann le hardáin chánachais, airgeadais, árachais, infheistíochta agus maoiniúcháin, chomh maith le hardáin mheasúnaithe riosca (61).

(148)

Sa phlean earnála comhfhreagrach, the Non-Ferrous Metal Industry Development Plan (2016-2020) (“an Plean”), leagtar amach beartais agus spriocanna sonracha a bhfuil sé mar aidhm ag an rialtas iad a bhaint amach le haghaidh roinnt tionscal miotal neamhfheiriúil (62), lena n-áirítear alúmanam.

(149)

Is é is aidhm don Phlean uasghrádú a dhéanamh ar an réimse cineálacha táirgí a tháirgeann tionscal alúmanaim na Síne, inter alia, trí thacú leis an nuálaíocht. Iarrann sé go ndéanfaí an córas úinéireachta measctha a fhorbairt go pras agus go gcuirfí borradh faoi bheocht SOEnna. Ina theannta sin, déantar foráil ann maidir leis an deis miotail neamhfheiriúla a bheith ag stoc-charnadh, slándáil acmhainní a fheabhsú, lena n-áirítear alúmanam agus spriocanna cainníochtúla sonracha a leagan síos chun tomhaltas cumhachta a laghdú, cóimheas alúmanaim athchúrsáilte i dtáirgeadh a mhéadú agus úsáid na hacmhainneachta a mhéadú (63).

(150)

Déantar foráil sa Phlean freisin maidir le coigeartuithe struchtúracha lena ndéantar rialú níos déine ar shaoráidí bruithnithe nua agus deireadh a chur le hacmhainneacht atá as dáta. Déantar foráil ann maidir le dáileadh geografach gléasraí próiseála, díríonn sé ar thionscadail chun saothrú acmhainní báicsíte agus alúmana a mhéadú agus cumhdaítear ann soláthar leictreachais agus beartas praghsála (64).

(151)

Leis an réimse leathan seo de bhearta agus de bheartais, léiríonn an Plean go leanfar le “the 2009 Non-Ferrous Metals Industry Adjustment and Revitalization Plan” (Plean Coigeartaithe agus Athbheochan Thionscal na Miotal Neamhfheiriúil 2009) a glacadh chun na héifeachtaí diúltacha ar thionscal miotal neamhfheiriúil na géarchéime airgeadais a mhaolú. Áirítear ar na príomhchuspóirí, a leagtar amach sa phlean, inter alia, rialú ar thoirt an táirgthe, athstruchtúrú, foinsiú amhábhar, beartas cánach onnmhairiúcháin, slándáil acmhainní, stoc-charnadh, nuálaíocht theicneolaíoch, beartas airgeadais agus pleanáil agus cur chun feidhme (65).

(152)

Doiciméad beartais eile atá dírithe ar an earnáil alúmanaim is ea na Coinníollacha Caighdeánacha is infheidhme maidir leis an Tionscal Alúmanaim arna eisiúint ag MIIT an 18 Iúil 2013, chun dlús a chur leis an gcoigeartú struchtúrach agus le srian a chur le leathnú mí-ordúil na n-acmhainneachtaí bruithnithe alúmanaim. Tugtar isteach leis na Coinníollacha Caighdeánacha cainníochtaí íosta táirgthe le haghaidh gléasraí nua, caighdeáin cháilíochta agus slándáil an tsoláthair le haghaidh báicsíte agus alúmana arna n-allmhairiú agus arna bhfoinsiú laistigh den tír. Léiríonn na Coinníollacha Caighdeánacha gurb é MIIT an t-údarás atá i gceannas ar chaighdeánú agus ar bhainistiú an tionscail alúmanaim, chomh maith le foilsiú liosta na gcuideachtaí atá údaraithe oibriú sa tionscal alúmanaim (66).

(153)

Sa Tuairim Threorach maidir le timpeallacht mhargaidh den scoth a chruthú, coigeartú struchtúrach agus claochlú struchtúrach thionscal an mhiotail neamhfheiriúil a chothú agus na sochair arna n-eisiúint ag Oifig Ghinearálta na Comhairle Stáit in 2016 (2016/42) (67) a mhéadú, luaigh údaráis na Síne mar phríomhchuspóirí “struchtúr thionscal an mhiotail neamhfheiriúil a bharrfheabhsú; Soláthar agus éileamh na bpríomhchatagóirí táirgí a chothromú go bunúsach; An ráta úsáide maidir le hacmhainneacht táirgeachta alúmanaim leictrealaíoch a choinneáil os cionn 80 %; Acmhainneacht a mhéadú go suntasach i ndáil le seasmhacht sholáthar na n-acmhainní mianraí le haghaidh mianraí ar nós copair agus alúmanaim” (68). Forordaítear sa doiciméad freisin “rialú docht a dhéanamh ar acmhainneacht táirgeachta nua.” Chun é sin a bhaint amach, ceanglaíonn an Stát an méid seo a leanas: “Cur chun feidhme na dtionscadal tógála nua (athchóirithe, leathnaithe) alúmanaim leictrealaíoch, nach féidir déanamh dá n-uireasa, a áirithiú; (…) Maoirseacht shóisialta agus uirlisí eile a úsáid; Dlús a chur le hiarrachtaí maoirseachta agus cigireachta; Na tionscadail nua alúmanaim leictrealaíoch atá ag sárú na rialachán a imscrúdú go docht agus déileáil leo (69)”. Léiríonn na forálacha sin an méid suntasach idirghabhála a rinne an Rialtas na Síne in earnáil na miotal neamhfheiriúil, lena n-áirítear earnáil an alúmanaim.

(154)

Léirítear an cur isteach thuasluaite ón Stát, ar fheidhmiú earnáil an alúmanaim trí bhíthin doiciméid phleanála, ar leibhéal na gcúigí freisin. Mar shampla, le Fógra Rialtas Chúige Shandong maidir leis an bplean cur chun feidhme chun dlús a chur le forbairt ardcháilíochta na seacht dtionscal dianfhuinnimh (2018/248) an 6 Samhain 2018, ní mór “an síneadh arna chur le slabhra thionscal an alúmanaim leictrealaíoch a chothú” trí na gníomhaíochtaí seo a leanas: “Cion na próiseála míne agus doimhne de leacht alúmanaim leictrealaíoch agus cion na n-ábhar próiseála alúmanaim a mhéadú níos mó; Leathnú shlabhra thionscal an alúmanaim a chothú chun táirgí críochnaithe agus táirgí ardleibhéil a chumhdach agus dlús a chur leis an leathnú sin; An úsáid a bhaintear as ábhair alúmanaim ardleibhéil a leathnú; Féidearthachtaí forbartha an tionscail próiseála alúmanaim a mhéadú (70).”

(155)

Tá idirghabháil ar siúl ag an Stát i bhfeidhmiú na hearnála alúmanaim le blianta fada sular eisíodh na doiciméid bheartais thuasluaite, rud atá léirithe, mar shampla, sna Treoirlínte maidir le Dlús a chur le hAthstruchtúrú Thionscal an Alúmanaim (“Treoirlínte Athstruchtúrúcháin”) (71), arna n-eisiúint ag an gCoimisiún um Fhorbairt agus Athchóiriú Náisiúnta in Aibreán 2006. Mheas an Coimisiún sin gur buntáirge i bhforbairt an gheilleagair náisiúnta an t-alúmanam. Dúradh sna Treoirlínte Athstruchtúrúcháin sin go ndéanfar cuspóirí sonracha a bhaint amach i réimsí áirithe leis an mBeartas Forbartha Tionscail arna fhormheas ag an gComhairle Stáit a chur chun feidhme. Ba iad seo a leanas na réimsí sin: An comhchruinniú sa tionscal a fheabhsú; Rochtain ar chaipiteal airgeadais (féach roinn 3.3.1.8 thíos freisin); Eagrú an tionscail; Onnmhairithe alúmanaim leictrealaíoch a rialú go docht; agus acmhainneacht atá as dáta a Dhíothú.

(156)

Thairis sin, tá Stát na Síne ag cur isteach ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh in earnáil na dtáirgí alúmanaim réamhtheachtacha, agus dá bhrí sin i dtáirgeadh na n-ionchur agus i dtáirgeadh ionchur na n-ionchur, nithe a úsáideann táirgeoirí an táirge lena mbaineann. I ndáil leis sin, mar shampla, sonraítear san Fhógra maidir le forbairt ordúil Thionscal an Alúmana a chothú (2018/1655) a d’eisigh Oifig Ghinearálta na hAireachta Tionscail agus Teicneolaíochta Faisnéise (72) an 28 Nollaig 2018 – maidir le halúmana (ionchur lárnach i dtáirgeadh alúmanaim phríomhúil) – an méid seo a leanas: “treoraithe ag idé-eolaíocht shóisialach Xi Jinping a mbaineann tréithe Síneacha léi sa ré nua seo, (déanfaidh gach páirtí ábhartha) éirim an 19ú Comhdháil Náisiúnta den Pháirtí a chur chun feidhme go cuimsitheach agus go críochnúil; cloí le treoshuíomh ginearálta na cobhsaíochta san obair atá ar siúl; cloí le coincheap na forbartha nua; díriú ar athchóirithe struchtúracha ó thaobh an tsoláthair de; úsáid iomlán a bhaint as ról cinntitheach an mhargaidh maidir le hacmhainní a leithdháileadh, an rialtas a bheith níos rannpháirtí, (…) freastal ar riachtanais forbartha baile, agus forbairt ordúil shláintiúil thionscail an alúmana a chur chun cinn.” (73) Luaitear sa doiciméad céanna “go ndéanfaidh Coimisiúin Forbartha agus Athchóirithe na gcúigí agus lucht riaracháin na hAireachta Tionscail agus Teicneolaíochta Faisnéise na nithe seo a leanas: coinneáil ar an eolas faoi na forbairtí reatha i dtionscal an alúmana ina réigiún; comhcheangal a dhéanamh ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta, bonn tionscail, éileamh margaidh agus ídiú fuinnimh agus acmhainneacht chomhshaoil a réigiúin féin; an phleanáil eolaíoch a neartú chun tionscal an alúmana a fhorbairt; scála agus leagan amach na forbartha tionscail a chomhordú ina réigiúin; taispeántais tionscadal a áirithiú; na ceanglais tógála a chur i bhfeidhm go docht; tacú go hordúil le tógálacha tionscadal; maoirseacht ar an bpróiseas iomlán a neartú; a áirithiú go bhfuil an scála forbartha tionscail ag teacht le héileamh an mhargaidh intíre agus leis an acmhainn áitiúil freastal ar an éileamh sin; fuirseadh a chosc i réimse na tógála tionscadal (74).” Chun an pointe deiridh sin a bhaint amach, forordaítear sa doiciméad maoirseacht agus iniúchadh a neartú: “I gcomhréir le ceanglais an fhógra seo, rachaidh an Coimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus Athchóiriú, an Aireacht Tionscail agus Teicneolaíochta Faisnéise, in éineacht le Comhlachas Thionscal Mhiotail Neamhfheiriúil na Síne agus páirtithe ábhartha eile ar aghaidh le hiniúchtaí ar thionscadail tógála alúmana i bhfoirm litreacha fiosrúcháin, taighde agus imscrúduithe randamacha. Má thagann fadhbanna chun cinn, déileálfar go docht leo i gcomhréir leis na rialacháin ábhartha (75).” Taispeánann na forálacha a thuairiscítear thuas an méid idirghabhála agus rialaithe Stáit i margadh alúmana na Síne - ionchur lárnach i dtáirgeadh alúmanaim phríomhúil, arb é sin an t-amhábhar a úsáideann táirgeoirí táirgí cothrom-rollta alúmanaim.

(157)

Ionchur eile i dtáirgeadh an táirge lena mbaineann is ea leictreachas, arb ionann é agus suas le 4 % de chostas táirgthe táirgí cothrom-rollta alúmanaim de chuid na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. I ndáil leis sin, tháinig an Coimisiún ar fhianaise de shaobhadh a dhéanann difear do phraghas an leictreachais a chuirtear ar fáil do tháirgeoirí alúmanaim Síneacha, ar saobhadh é atá spreagtha ag an Stát. Go háirithe, bunaíodh go ndearna an Stát idirghabháil i bhfabhar táirgeoirí Síneacha trí bhíthin praghsáil fuinnimh dhifreáilte agus níos buntáistí. Sa Tuairim Threorach maidir le timpeallacht mhargaidh den scoth a chruthú, le coigeartú struchtúrach agus claochlú struchtúrach thionscal an mhiotail neamhfheiriúil a chothú agus leis na sochair a luaitear thuas a mhéadú, d’aithin údaráis na Síne mar sprioc beartais “leanúint leis an mbeartas difreáilte maidir le praghsanna leictreachais a chur chun feidhme; Úsáideoirí incháilithe leictreachais a spreagadh chun dul i mbun margaí go díreach le cuideachtaí giniúna cumhachta; Praghsanna a chinneadh trí bhíthin na caibidlíochta (76)”. Bhunaigh an Coimisiún freisin gur cuireadh beartais chomhchosúla chun feidhme ar leibhéal na gcúigí. Mar shampla, i gCúige Yunnan, de réir faisnéis arna tuairisciú ag Iris Tionscail na Síne i mí na Samhna 2019: ‘D’fhonn an plean a chur chun feidhme, d’eisigh Yunnan beartais shonracha i ndiaidh a chéile amhail an “Tuairim cur chun feidhme maidir le Forbairt Chomhtháite Hidreachumhachta agus Ábhar Alúmanaim a Chur Chun Cinn” agus an “Plean lena gcuirtear praghsanna fabhracha chun feidhme chun úsáid Hidreachumhachta a chur chun cinn”. Dealraíonn sé go soiléir go mbainfidh aon fhiontar a thabharfaidh a chuóta acmhainneachta chuig Yunnan tairbhe as an mbeartas “praghas tosaíochta, tarchur iomlán”, rud a chiallaíonn go mbainfidh alúmanam leictrealaíoch tairbhe as praghas tosaíochta speisialta leictreachais RMB 0,25 in aghaidh an kWh ar feadh na chéad 5 bliana. Maidir le domhainphróiseáil ábhar, deonófar praghas tosaíochta speisialta leictreachais RMB 0,20 in aghaidh an kWh. De réir na dtuairiscí, le tionscadail chomhtháite Henan Shenhuo agus Sichuan Qiya ag tabhairt cuótaí le tógáil in Yunnan tá tairbhe bainte cheana féin as an mbeartas le haghaidh tionscadail lánpháirtíochta agus tá comhaontuithe ábhartha sínithe acu le rialtais áitiúla, le cuideachtaí eangaí cumhachta, agus le cuideachtaí giniúna cumhachta.” (77)

(158)

Mar shampla eile de chur isteach ón Stát, ar leibhéal na gcúigí, san fhógra ó Rialtas Chúige Shandong a luadh cheana féin maidir leis an bplean cur chun feidhme chun dlús a chur le forbairt ardcháilíochta na seacht dtionscal dianfhuinnimh, d’eisigh na húdaráis spriocanna claochlaithe agus uasghrádaithe do thionscal an alúmanaim leictrealaíoch i ndáil le húsáid fuinnimh: “Faoi 2022, titfidh an t-ídiú leictreachais d’alúmanaim leictrealaíoch go tuairim is 12,800 kWh in aghaidh an tonna alúmanaim, sroichfidh an ráta próiseála doimhne leictrealaíoch d’alúmanaim leictrealaíoch thart ar 50 %, agus méadófar luach breise alúmanaim in aghaidh an tonna níos mó ná 30 % ar an meán (78)”.

(159)

Maidir le forfheidhmiú na bhforálacha atá sna doiciméid phleanála thuas, tá ról tábhachtach ag comhlachais tionscail na Síne. Tá ar na heintitis sin a ráthú go gcuireann an tionscal beartais Rialtas na Síne i bhfeidhm. Deimhnítear an fhreagracht sin toisc go mbíonn siad i ndlúth-thadhall le húdaráis an Stáit ina ngníomhaíocht, rud a léirítear ina reachtanna. I gcás earnáil an alúmanaim, dearbhaítear sna hAirteagail chomhlachais atá ag Comhlachas Thionscal Mhiotail Neamhfheiriúil na Síne go háirithe “go gcloíonn an Comhlachas le seasamh bunúsach an pháirtí agus le prionsabail agus beartais éagsúla, go gcloíonn sé leis an mBunreacht, le dlíthe, le rialacháin agus le beartais náisiúnta, agus go gcloíonn sé le luachanna sóisialta agus morálta. Cloífidh sé leis an gcuspóir freastal ar an rialtas, ar an tionscal, ar na gnóthais agus ar na bainisteoirí gnó; bunóidh sé agus feabhsóidh sé sásra féinsmachta an tionscail; déanfaidh sé foireann an rialtais a rannpháirtiú go hiomlán le cúnamh a fháil; beidh ról idirghabhála aige idir an rialtas agus na gnóthais” (Airteagal 3). Ar an gcaoi chéanna, luaitear in Airteagal 25 nach mór do chathaoirleach, leas-chathaoirleach agus ardrúnaí an Chomhlachais na nithe seo a leanas a chomhlíonadh mar chéad choinníoll: “Cloí le seasamh, le prionsabail agus le beartais an pháirtí, agus dea-thréithe polaitiúla a bheith acu (79)”.

(160)

Ar an gcaoi chéanna, sonraítear sna hAirteagail chomhlachais ata ag Comhlachas Thionscal Mhonarú Neamhfheiriúil na Síne go “(n)glacann an Comhlachas le treoir ghnó chomh maith le maoirseacht agus bainistíocht ó Choimisiún na Comhairle Stáit um Maoirseacht agus Riarachán ar Shócmhainní atá faoi úinéireacht an Stáit, ón Aireacht Gnóthaí Sibhialta agus ó Chomhlachas Thionscal Mhiotail Neamhfheiriúil na Síne” (Airteagal 4). Ceann de na heilimintí atá bunaithe i raon feidhme ghnó an Chumainn is ea “moltaí agus tuairimí maidir le forbairt tionscail, beartais tionscail, dlíthe agus rialacháin tionscail a chur ar aghaidh go gníomhach, i gcomhréir le prionsabail agus tascanna ginearálta an Pháirtí agus an Stáit maidir le córas geilleagair margaidh shóisialaigh a thógáil agus staid iarbhír an tionscail á chur san áireamh” (Airteagal 6). Ar deireadh, forordaítear in Airteagal 22 freisin nach mór do chathaoirleach, leas-chathaoirleach agus ardrúnaí an Chomhlachais, i measc nithe eile, an coinníoll seo a leanas a chomhlíonadh: “Cloí le seasamh, le prionsabail agus le beartais an pháirtí, agus dea-thréithe polaitiúla a bheith acu (80)”.

(161)

Dá bhrí sin, léirítear go soiléir leis an iliomad pleananna, treoracha agus doiciméad eile a bhaineann le alúmanam, arna n-eisiúint ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus bardasach, an leibhéal ard idirghabhála a rinne rialtas na Síne in earnáil an alúmanaim (81). Trí na hionstraimí seo agus ionstraimí eile, stiúrann an rialtas agus rialaíonn sé beagnach gach gné d‘fhorbairt agus d’fheidhmiú na hearnála.

(162)

De bhreis ar na pleananna, is i bhfoirm beart a bhaineann le honnmhairiú, inter alia, atá idirghabháil an rialtais san earnáil, lena n-áirítear dleachtanna ar onnmhairí, cuótaí onnmhairiúcháin, ceanglais feidhmíochta onnmhairiúcháin agus íoscheanglais maidir le praghsanna onnmhairiúcháin d’amhábhair éagsúla le haghaidh alúmanaim.

(163)

Ina theannta sin, cuireann Rialtas na Síne in aghaidh onnmhairithe alúmanaim phríomhúil agus a chuid ionchur, agus é mar aidhm aige táirgí alúmanaim ar mó a mbreisluach a chur chun cinn. Déantar an cuspóir sin a shaothrú trí lacáistí iomlána nó páirteacha CBL a dheonú ar tháirgí alúmanaim iartheachtacha in éineacht le lacáistí neamhiomlána CBL agus cánacha onnmhairiúcháin ar alúmanam príomhúil (82).

(164)

Bíonn tionchar ag cineálacha éagsúla idirghabhála rialtais ar na praghsanna a bhíonn ar ionchuir thábhachtacha amhail fuinneamh agus leictreachas (83). I measc na gcineálacha eile idirghabhála rialtais as a dtagann saobhadh ar an margadh tá an beartas stoc-charntha tríd an mBiúró Cúlchiste Stáit agus ról Shanghai Futures Exchange (SHFE) (84). Ina theannta sin, tá sé bunaithe ag roinnt imscrúduithe cosanta trádála gur dheonaigh rialtas na Síne go seasta cineálacha éagsúla beart tacaíochta Stáit do tháirgeoirí alúmanaim (85). Tá ró-acmhainn ann mar thoradh ar an idirghabháil fhorleathan a rinne Rialtas na Síne in earnáil an alúmanaim, (86) agus d’fhéadfaí a rá gurb é sin an léiriú is soiléire é ar na himpleachtaí a bhaineann le beartais Rialtas na Síne agus leis an saobhadh atá ann dá bharr.

(165)

Sainaithníodh freisin i Staidéar ECFE tacaíocht bhreise rialtais a bhfuil tionchar aici ar fhórsaí an mhargaidh in earnáil an alúmanaim. Is iondúil gur i bhfoirm ionchuir, go háirithe leictreachas agus alúmana príomha, a dhíoltar ag praghsanna faoi bhun an mhargaidh a bheadh an tacaíocht sin (87). Déantar cur síos breise i Staidéar ECFE ar an gcaoi a n-aistrítear cuspóirí Rialtas na Síne le haghaidh earnáil an alúmanaim ina mbeartais thionsclaíocha agus ina ngníomhaíochtaí sonracha ar leibhéal na gcúigí agus ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear, mar shampla, instealltaí caipitil, an tosaíocht a bhaineann le cearta seilbhe ar acmhainní mianraí, deontais agus fóirdheontais rialtais nó dreasachtaí cánach (88).

(166)

Ar an iomlán, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun comhlíonadh a dhéanamh ar chuspóirí beartais phoiblí, mar atá tacú le príomhthionscail lena n-áirítear earnáil an alúmanaim, lena gcuimsítear táirgeadh táirgí cothrom-rollta alúmanaim, chomh maith le halúmanaim príomhúil – an príomh-amhábhar a úsáidtear i monarú an táirge lena mbaineann (níos mó ná 50 % dá chostais táirgthe). Cuireann bearta den sórt sin bac ar fhórsaí an mhargaidh oibriú gan bhac.

3.3.1.6.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den Bhunrialachán: maidir leis na dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, easnamh a bheith ann ina leith, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor

(167)

De réir na faisnéise atá ar comhad, déanann córas féimheachta na Síne seachadadh neamhleor ar a phríomhchuspóirí féin amhail éilimh agus fiachais a shocrú go cóir agus cearta agus leasanna dleathacha creidiúnaithe agus féichiúnaithe a choimirciú. Dealraíonn sé gurb é fírinne an scéil go bhfuil go bhfuil dlí féimheachta na Síne bunaithe go foirmiúil ar phrionsabail atá cosúil leis na prionsabail a chuirtear i bhfeidhm i ndlíthe comhfhreagracha i dtíortha eile seachas an tSín, ach go bhfuil an fo-fhorfheidhmiú córasach ina shaintréith den chóras Síneach. Tá líon na bhféimheachtaí fós thar a bheith íseal i gcomparáid le méid gheilleagar na tíre, go háirithe toisc go mbíonn roinnt easnamh ag baint leis na himeachtaí dócmhainneachta, agus go bhfeidhmíonn na himeachtaí sin go héifeachtach mar dhídhreasú i gcomhair comhdú féimheachta. Thairis sin, tá ról an Stáit sna himeachtaí dócmhainneachta láidir agus gníomhach i gcónaí, agus bíonn tionchar díreach acu go minic ar thoradh na n-imeachtaí (89).

(168)

Ina theannta sin, is léir go háirithe easnaimh an chórais maidir le cearta maoine i ndáil le húinéireacht talún agus cearta úsáide talún i nDaon-Phoblacht na Síne (90). Is leis an Stát Síneach an talamh go léir (talamh tuaithe faoi úinéireacht an phobail agus talamh uirbeach faoi úinéireacht an Stáit). Is ar an Stát agus air sin amháin atá a leithdháileadh ag brath. Tá forálacha dlíthiúla ann a bhfuil sé d’aidhm acu cearta úsáide talún a leithdháileadh ar bhealach trédhearcach agus ar phraghsanna margaidh, mar shampla trí nósanna imeachta tairisceana a thabhairt isteach. Mar sin féin, is minic nach n-urramaítear na forálacha sin, agus faigheann ceannaitheoirí áirithe a dtalamh saor in aisce nó faoi bhun rátaí an mhargaidh (91). Thairis sin, saothraíonn na húdaráis spriocanna polaitiúla sonracha lena n-áirítear na pleananna eacnamaíocha a chur chun feidhme nuair a bhíonn talamh á leithdháileadh (92).

(169)

Amhail earnálacha eile i ngeilleagar na Síne, tá táirgeoirí táirgí cothrom-rollta alúmanaim faoi réir ghnáthrialacha dhlíthe féimheachta, corparáideacha, agus maoine na Síne. Tá sé d’éifeacht aige sin go mbíonn na cuideachtaí sin, freisin, faoi réir an tsaofa ón mbarr anuas ag eascairt as cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú neamhleor na ndlíthe féimheachta agus maoine. Níor léirigh an t-imscrúdú seo aon rud a chaithfeadh amhras ar na torthaí sin. Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart, rud a chruthaíonn saobhadh dá réir sin nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád sócmhainneach agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh i nDaon-Phoblacht na Síne. Dealraítear go bhfuil na breithnithe sin, ar bhonn na fianaise atá ar fáil, infheidhme go hiomlán freisin in earnáil na dtáirgí cothrom-rollta alúmanaim.

(170)

Tacaítear leis an gcinneadh seo le cinneadh sealadach dearfach Roinn Tráchtála na Stát Aontaithe, san Imscrúdú ar Dhleacht Frithchúitimh ar Scragall Alúmanaim áirithe ón tSín, ina bhfuarthas amach, ag baint úsáide as fíricí atá ar fáil, gurb ionann soláthar talún Rialtas na Síne ar Íocaíocht Nach Leordhóthanach agus ranníocaíocht airgeadais de réir bhrí Alt 771 (5)(D) den Acht Taraife 1930, arna leasú (93).

(171)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh dlíthe féimheachta agus maoine á gcur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó go rabhthas á bhforfheidhmiú go neamhleor in earnáil an alúmanaim, lena n-áirítear i dtaca leis an táirge lena mbaineann.

3.3.1.7.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den Bhunrialachán: saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais pá

(172)

Ní féidir córas pá margadhbhunaithe a fhorbairt go hiomlán i nDaon-Phoblacht na Síne toisc go gcuirtear bac ar oibrithe agus ar fhostóirí lena gcearta maidir le comheagrú. Níor dhaingnigh an tSín roinnt coinbhinsiún bunriachtanach de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (“EIS”), go háirithe na coinbhinsiúin sin maidir le saoirse comhlachais agus le cómhargáil (94). Faoin dlí náisiúnta, níl ach eagraíocht ceardchumainn amháin gníomhach. Mar sin féin, níl an eagraíocht sin neamhspleách ar na húdaráis Stáit agus tá an obair a dhéanann sí maidir le cómhargáil agus cosaint do chearta oibrithe fós bunúsach (95). Thairis sin, tá soghluaisteacht lucht saothair na Síne srianta ag córas clárúcháin na dteaghlach, rud a chuireann teorainn leis an rochtain ar an raon iomlán slándála sóisialta agus ar shochair eile d’áitritheoirí áitiúla i limistéar riaracháin ar leith. Is é an toradh air sin go hiondúil go bhfaightear oibrithe nach bhfuil an clárúchán cónaithe áitiúil ina seilbh acu i staid fostaíochta leochaileach agus iad ar ioncam níos ísle ná sealbhóirí cláraithe cónaithe (96). Fágann na torthaí sin go ndéantar costais pá a shaobhadh i nDaon-Phoblacht na Síne.

(173)

Níor cuireadh aon fhianaise isteach a thabharfadh le fios nach mbeadh earnáil an alúmanaim, lena n-áirítear táirgeoirí táirgí cothrom-rollta alúmanaim, faoi réir chóras dlí saothair na Síne ar ar tugadh tuairisc. Déanann an saobhadh ar chostais pá difear go díreach dá réir sin d’earnáil an alúmanaim (nuair a bhíonn an táirge lena mbaineann nó an príomh-amhábhar lena tháirgeadh á dhéanamh) agus go hindíreach (le linn rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna i nDaon-Phoblacht na Síne).

3.3.1.8.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den Bhunrialachán: rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an Stát ar shlí eile

(174)

Tá an rochtain a fhaigheann gníomhairí corparáideacha ar chaipiteal i nDaon-Phoblacht na Síne faoi réir saobhadh éagsúil.

(175)

Ar an gcéad dul síos, tá seasamh láidir ag na bainc atá faoi úinéireacht an Stáit (97) i gcóras airgeadais na Síne, agus cuireann siad critéir seachas inmharthanacht eacnamaíoch tionscadail san áireamh le linn dóibh rochtain a dheonú ar mhaoiniú. Ar an dóigh céanna le fiontair neamhairgeadais faoi úinéireacht stáit, tá nasc ann fós idir na bainc agus an Stát, ní hamháin trí úinéireacht ach freisin trí chaidrimh phearsanta (is é PCS a cheapann príomhfheidhmeannaigh na n-institiúidí airgeadais faoi úinéireacht Stáit ar deireadh) (98) agus, arís díreach cosúil le fiontair neamhairgeadais faoi úinéireacht stáit, cuireann na bainc beartais phoiblí chun feidhme go rialta arna gceapadh ag an rialtas. Agus an méid sin á dhéanamh acu, comhlíonann na bainc oibleagáid dhlíthiúil fhollasach chun a ngnó a dhéanamh i gcomhréir le riachtanais na forbartha náisiúnta eacnamaíche agus sóisialta agus faoi threoir bheartais thionsclaíocha an Stáit (99). Ag cur leis an méid sin, tá rialacha breise ann cheana a dhíríonn maoiniú ar earnálacha ainmníonn an rialtas mar earnálacha atá le spreagadh nó atá tábhachtach ar bhealach eile (100).

(176)

Cé go n-aithnítear go dtagraítear le forálacha dlíthiúla éagsúla don ghá atá ann gnáthiompar baincéireachta agus rialacha stuamachta a urramú amhail an gá atá le hacmhainneacht creidmheasa an iasachtaí a scrúdú, tá faisnéis dhobhréagnaithe ann, lena n-áirítear torthaí a rinneadh in imscrúduithe cosanta trádála, a thugann le fios nach bhfuil ach ról tánaisteach ag na forálacha sin i gcur i bhfeidhm na n-ionstraimí dlíthiúla éagsúla.

(177)

Thairis sin, is minic a dhéantar rátálacha bannaí agus creidmheasa a shaobhadh ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear go mbíonn tionchar ag tábhacht straitéiseach an ghnólachta do Rialtas na Síne ar an measúnú riosca agus ar neart aon ráthaíochta intuigthe ón rialtas. Tugann meastacháin le fios go bhfreagraíonn rátálacha creidmheasa Síneacha go córasach do rátálacha idirnáisiúnta níos ísle (101).

(178)

Ag cur leis an méid sin, tá rialacha breise ann cheana a dhíríonn maoiniú ar earnálacha a ainmníonn an rialtas mar earnálacha atá le spreagadh nó atá tábhachtach ar bhealach eile (102). Is é an toradh atá air sin, claonadh i bhfabhar iasachtú le fiontair faoi úinéireacht stáit, le gnólachtaí móra príobháideacha dea-nasctha agus le gnólachtaí i bpríomhearnálacha tionsclaíocha, rud a thugann le fios nach ionann infhaighteacht agus costas caipitil do na gníomhaithe go léir ar an margadh.

(179)

I ndáil leis sin, tagraítear i Staidéar ECFE d’fhianaise starógach go bhfuair táirgeoirí áirithe alúmanaim i nDaon-Phoblacht na Síne maoiniú ar théarmaí fabhracha, agus is cosúil go raibh an costas maoinithe díchúpláilte ón leibhéal comhfhreagrach giarála corparáidí. De réir an staidéir sin, luaigh táirgeoir alúmanaim amháin atá faoi úinéireacht stáit go sonrach ina réamheolaire bannaí 2016 go dtarraingíonn sé tacaíocht shuntasach airgeadais ó bhainc bheartais na Síne a bhfuil ráta úis faoi bhun an tagarmhairc á thairiscint acu. Ar an gcaoi chéanna, tagraíonn réamheolaire bannaí 2017 táirgeora eile atá faoi úinéireacht stáit do na naisc láidre atá ag an gcuideachta le bainc Shíneacha, lena n-áirítear bainc beartas a rinne foinsí maoinithe a sholáthar don chuideachta sin ar chostas íseal. Is é an tátal a bhaintear as Staidéar an ECFE i ndáil leis sin, cé gur féidir go leor cúiseanna a bheith ann a mhíneodh cén fáth a bhfuil rátaí úis íseal do na gnólachtaí sin, go bhféadfadh an chodarsnacht idir táscairí laga airgeadais agus rátaí úis ísle a bheith ann a thabhairt le fios go bhfuil tearcphraghsáil fhéideartha á déanamh ar an riosca a bhaineann leis na hiasachtaithe sin (103).

(180)

Ar an dara dul síos, coinníodh na costais iasachtaíochta íseal go saorga chun borradh a chur faoin infheistíocht. Dá thoradh sin tá an iomarca úsáide á baint as infheistíocht chaipitil agus tá an toradh ar infheistíocht níos ísle ná riamh. Léirítear é sin leis an bhfás a tháinig le déanaí ar ghiaráil chorparáideach in earnáil an stáit in ainneoin titim ghéar ar bhrabúsacht, rud a thugann le fios nach leanann na sásraí atá ag obair sa chóras baincéireachta gnáthfhreagairtí tráchtála.

(181)

Ar an tríú dul síos, cé gur baineadh amach léirscaoileadh sna rátaí ainmniúla úis i mí Dheireadh Fómhair 2015, níl na comharthaí praghais ann de bharr fhórsaí an mhargaidh shaoir fós, ach bíonn tionchar ag saobhadh a thagann chun cinn ón rialtas orthu. Go deimhin, is ionann sciar an iasachtaithe ar an ráta tagarmhairc nó faoina bhun agus 45 % de gach iasachtú, agus is cosúil go bhfuil géarú tagtha ar an muinín i sochar sprioctha, ós rud é go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an sciar sin ó 2015 in ainneoin go bhfuil na dálaí eacnamaíocha ag dul in olcas. Dá thoradh rátaí úis a bheith íseal go saorga, bíonn tearcphraghsáil ann, agus dá bhrí sin, bíonn ró-úsáid á baint as caipiteal.

(182)

Léirítear leis an bhfás foriomlán ar chreidmheas i nDaon-Phoblacht na Síne go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas ó thaobh a éifeachtaí a leithdháiltear caipiteal gan aon chomhartha ann go bhfuil creidmheas ag éirí níos doichte, rud lena mbeifí ag súil i dtimpeallacht mhargaidh neamhshaofa. Dá thoradh sin, tá méadú tapa tagtha ar iasachtaí neamhthuillmheacha le blianta beaga anuas. I bhfianaise staid ina bhfuil méadú ag teacht ar fhiachas atá i mbaol, roghnaigh Rialtas na Síne mainneachtainí a sheachaint. Dá bhrí sin, rinneadh saincheisteanna drochfhiachais a láimhseáil trí fhiachas a thar-rolladh, rud a chruthaigh cuideachtaí “zombaí” mar a thugtar orthu, nó trí úinéireacht an fhiachais a aistriú (e.g. trí chumaisc nó trí bhabhtálacha fiachais go cothromas), gan gá go mbeadh an fhadhb fhoriomlán fiachais bainte ná go dtabharfaí aghaidh ar bhunchúiseanna an fhiachais.

(183)

Go bunúsach, d’ainneoin na mbeart a rinneadh le déanaí chun an margadh a léirscaoileadh, déanann saobhadh suntasach, de thoradh ról forleatach leanúnach an stáit sna margaí caipitil, difear don chóras creidmheasa chorparáidigh i nDaon-Phoblacht na Síne.

(184)

Níor cuireadh aon fhianaise isteach á rá go ndéanfaí earnáil an alúmanaim, lena n-áirítear táirgeoirí táirgí cothrom-rollta alúmanaim, a dhíolmhú ón idirghabháil rialtais thuasluaite sa chóras airgeadais. Dá bhrí sin, de thoradh ar an idirghabháil shubstaintiúil rialtais sa chóras airgeadais, cuirtear isteach go mór ar dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal.

3.3.1.9.   Cineál sistéamach an tsaofa a bhfuil tuairisc tugtha air

(185)

Thug an Coimisiún dá aire gur saintréith de gheilleagar na Síne é an saobhadh a bhfuil tuairisc tugtha air sa Tuarascáil. Léiríonn an fhianaise atá ar fáil maidir le fíricí agus gnéithe an chórais Shínigh mar a dtugtar tuairisc orthu thuas i ranna 3.3.1.1 go 3.3.1.5, go bhfuil feidhm acu ar fud na tíre agus ar fud earnálacha an gheilleagair. Is amhlaidh atá maidir le tuairisc ar thosca táirgeachta mar a leagtar amach i ranna 3.3.1.6-3.3.1.8 thuas.

(186)

Meabhraíonn an Coimisiún gur gá raon leathan ionchur chun táirgí cothrom-rollta alúmanaim a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí táirgí cothrom-rollta alúmanaim na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthraithe na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, tá siad faoi réir an chórais phleanála atá i bhfeidhm ar gach leibhéal rialtais agus earnála.

(187)

Dá bharr sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre táirgí cothrom-rollta alúmanaim le húsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den Bhunrialachán, ach déantar difear do na costais ionchuir uile freisin (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstainteach an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna A agus B den Tuarascáil. Go deimhin, tá idirghabhálacha an rialtais a thuairiscítear i ndáil le leithdháileadh an chaipitil, na talún, an lucht saothair, an fhuinnimh agus na n-amhábhar le fáil ar fud Dhaon-Phoblacht na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go mbíonn ionchur, a táirgeadh i nDaon-Phoblacht na Síne trí raon tosca táirgeachta a chur le chéile, neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh an scéal maidir leis an ionchur don ionchur agus mar sin de. Tugtar aghaidh sa chéad roinn eile ar na hargóintí agus ar an bhfianaise a thugann na táirgeoirí onnmhairiúcháin ar aird ina leith sin.

3.3.1.10.   Conclúid

(188)

Leis an anailís a rinneadh go dtí seo, lena n-áirítear scrúdú ar an bhfianaise uile dá bhfuil ar fáil a bhaineann le hidirghabhálacha poiblí i ngeilleagar na Síne i gcoitinne agus in earnáil an alúmanaim chomh maith (lena n-áirítear an táirge lena mbaineann), léiríodh nach bhfuil praghsanna ná costais an táirge lena mbaineann, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an lucht saothair, mar thoradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir toisc go ndéanann idirghabháil shubstainteach an rialtais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den Bhunrialachán difear dóibh mar a léirítear leis an tionchar iarbhír nó leis an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha dá liostaítear ann. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhair ó Rialtas na Síne, chinn an Coimisiún nach bhfuil sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a bhunú sa chás seo.

3.3.1.11.   Barúlacha ó pháirtithe leasmhara

(189)

Sna barúlacha uaidh, léirigh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin, Xiamen Xiashun, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil Airteagal 2(6a) i gcomhréir le Comhaontú Frithdhumpála EDT (“ADA”). Is é is cúis leis sin, ar an gcéad dul síos, go n-aithnítear le hAirteagal 2.2 ADA trí chás lena gceadaítear an gnáthluach ríofa: (i) nach ndéantar díolacháin i ngnáthchúrsa trádála, (ii) go bhfuil staid margaidh ar leith ann nó (iii) mar gheall ar an méid íseal díolachán ar an margadh intíre, nach bhfuil na díolacháin sin ionadaitheach. Chuir Xiamen Xiashun in iúl nach gcomhlíonann saobhadh suntasach aon cheann de na trí chritéar. Ina theannta sin, fiú dá bhféadfaí a mheas go dtagann coincheap an tsaofa shuntasaigh faoin dara ceann de na critéir thuas, dhearbhaigh an Painéal san Eagraíocht Dhomhanda Trádála DS529 an Astráil — Bearta Frithdhumpála ar Pháipéar Cóipe A4 in ainneoin go raibh tionchar ag saobhadh rialtais ar phraghas intíre an táirge lena mbaineann, agus ar a ionchur, nár leor an méid sin chun a mheas go gcuirtear isteach ar an gcomparáid chuí idir díolacháin an mhargaidh intíre agus díolacháin onnmhairiúcháin “mar gheall ar staid ar leith an mhargaidh”. Ina theannta sin, dúirt Xiamen Xiashun gur chuir an Coimisiún ríomh an ghnáthluacha i bhfeidhm go córasach, agus gur cheart í a sheiceáil ar bhonn cás ar chás má chomhlíontar coinníollacha Airteagal 2.2 ADA. Thug Xiamen Xiashun le fios freisin go n-éilíonn Airteagal 2.2 ADA nach mór go léireoidh ríomh an ghnáthluacha “costas sa tír thionscnaimh”, mar atá deimhnithe i gcásanna an Eagraíocht Dhomhanda Trádála DS529 An Astráil — Bearta Frithdhumpála ar Pháipéar Cóipe A4 agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála DS473 AE — Bithdhíosal. Thairis sin, d’áitigh Xiamen Xiashun gur cheart an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le ceanglais Airteagal 2.2.1.1 ADA agus DS473, agus dúirt sé gur chuir na torthaí i gcás EDT DS427 an tSín — Bearta Frithdhumpála agus Dleachta Frithchúitimh ar Tháirgí Gríoscachán ó na Stáit Aontaithe — ceangal ar na húdaráis imscrúdúcháin costais thaifeadta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a chur san áireamh mura rud é nach bhfuil siad i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a nglactar leo go ginearálta nó nach léiríonn siad go réasúnta na costais a bhaineann le táirgeadh agus díol an táirge i gceist. Fiú má chomhlíonann na costais thaifeadta an dá choinníoll sin, tá Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán ar neamhréir le hAirteagal 2.2.1.1 EDT ADA de réir Xiamen Xiashun, de bharr go ndéantar neamhaird chórasach ar chostais an táirgeora onnmhairiúcháin.

(190)

Mheas an Coimisiún go bhfuil forálacha Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán comhsheasmhach le hoibleagáidí EDT an Aontais Eorpaigh. Mar a shoiléirigh Comhlacht Achomhairc na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) go sonrach in DS473 an tAontas Eorpach — Bearta Frithdhumpála maidir le Bithdhíosal ón Airgintín, ceadaítear le dlí na hEagraíochta Domhanda Trádála sonraí ó thríú tír a úsáid, agus iad coigeartaithe go cuí nuair is gá an coigeartú sin agus nuair a bhíonn bunús leis an gcoigeartú sin. Mheabhraigh an Coimisiún nár bhain na cásanna DS529 An Astráil – Bearta Frithdhumpála maidir le Páipéar Cóipe A4 agus DS427 An tSín – Táirgí Gríoscachán le léirmhíniú Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán ná leis na coinníollacha lena chur i bhfeidhm. Thairis sin, níorbh ionann na bunstaideanna fíorasacha sna cásanna sin agus an bunstaid agus na critéir is cúis le cur i bhfeidhm na modheolaíochta faoin bhforáil seo den Bhunrialachán, foráil a bhaineann le saobhadh suntasach a bheith sa tír is onnmhaireoir. Faoi Airteagal 2(6a), is i gcás ina meastar saobhadh suntasach a bheith ann a dhéanann difear do chostais agus do phraghsanna, agus sa chás sin amháin, a ríomhtar an gnáthluach trí thagairt a dhéanamh do chostais neamhshaofa agus do phraghsanna a fhaightear i dtír ionadaíoch nó trí thagairt do thagarmharc idirnáisiúnta. Ar aon chuma, foráiltear leis an 3ú dais den dara fomhír d’Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán go bhféadfar costais intíre a úsáid a mhéid a bhunaítear nach bhfuil siad saofa. Dhiúltaigh an Coimisiún na héilimh sin dá bhrí sin.

(191)

Ar an dara dul síos, thug Xiamen Xiashun ar aird go bhfuil Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán ar neamhréir le hAirteagal 2.2.2 ADA. Ina theannta sin, chuir sé in iúl gur dheimhnigh an Comhlacht Achomhairc in DS219 CE – Feadáin nó Feistis Phíobáin go bhfuil sé d’oibleagáid ar an údarás imscrúdúcháin leas a bhaint as SG&A agus brabús iarbhír na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, fad agus is ann do na sonraí sin. Dá bhrí sin, thug Xiamen Xiashun ar aird nach raibh Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán ag luí le hAirteagal 2.2.2 ADA.

(192)

Thug an Coimisiún dá aire gur ón uair a chinntear nach iomchuí praghsanna agus costais sa tír is onnmhaireoir a úsáid de bharr saobhadh suntasach a bheith ann sa tír is onnmhaireoir de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den Bhunrialachán, féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa i dtír ionadaíoch iomchuí chun an gnáthluach a ríomh le haghaidh gach táirgeora onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den Bhunrialachán. Mar a mhínítear thuas in aithris (190), ceadaítear freisin, leis an bhforáil chéanna den Bhunrialachán, costais intíre a úsáid más rud é go bunaithe go dearfach nach bhfuil siad saofa. Sa chomhthéacs sin, bhí an deis ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin fianaise a chur ar fáil go raibh a gcostais éagsúla SG&A agus/nó a gcostais ionchur eile neamhshaofa i ndáiríre. Mar a léirítear i ranna 3.3.1.2 go 3.3.1.9, áfach, bhunaigh an Coimisiún gur ann do shaobhadh i dtionscadal tháirgí cothrom-rollta alúmanaim Síneacha agus ní raibh aon fhianaise dheimhneach ann a léirigh nach ndearnadh saobhadh ar thosca táirgeachta de chuid táirgeoirí onnmhairiúcháin ar leith. Dá bhrí sin, diúltaíodh na héilimh sin.

(193)

Ar an tríú dul síos, thug Xiamen Xiashun ar aird go raibh sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún, i gcomhréir le forálacha Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán, anailís chuideachta-shonrach agus chostas-sonrach a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba chóir go mbeadh anailís shonrach ar Xiamen Xiashun bunaithe ar an gceistneoir a thíolaic sé.

(194)

Thug an Coimisiún dá aire gur ar leibhéal na tíre ar fad a bhunaítear gur ann do shaobhadh suntasach lena dtionscnaítear cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán. Má bhunaítear go bhfuil saobhadh suntasach ann, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 2(6a) a priori, maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile i nDaon-Phoblacht na Síne agus bainfidh siad leis na costais ar fad a ghabhann le tosca táirgeachta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sin. Ar aon chuma, foráiltear leis an bhforáil chéanna den Bhunrialachán, costais intíre a úsáid a bhfuil sé bunaithe go dearfach nach bhfuil tionchar ag saobhadh suntasach orthu. Níor bunaíodh, áfach, aon chostais intíre a bheith neamhshaofa ar bhonn fianaise chruinn agus iomchuí. Go háirithe, níor chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin fianaise chruinn agus iomchuí ar fáil maidir le praghsanna agus costais neamhshaofa.

(195)

Anuas air sin, léiríonn na ríomhanna a bhaineann le ráta frithdhumpála Xiamen Xiashun na sonraí a thíolaic an chuideachta féin, arna ríomh i gcomhréir le forálacha an Bhunrialachán, go háirithe Airteagal 2(6a). Ní raibh aon fhianaise ann nár chuir an saobhadh forleatach a bunaíodh ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil isteach ar phraghsanna ná ar chostais Xiamen Xiashun. Dá bhrí sin, léiríonn na corrlaigh shealadacha dumpála staid shonrach na cuideachta, lena n-áirítear na tosca táirgeachta agus na méideanna arna dtuairisciú ag an gcuideachta sa fhreagra ceistneora, ach á chur san áireamh go cuí go bhfuil saobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne agus tionchar an tsaofa sin a chur san áireamh. Dá bhrí sin, diúltaíodh na héilimh sin.

(196)

Maidir le staid ar leith na cuideachta, thug Xiamen Xiashun ar aird ar dtús go raibh an chuideachta ina fiontar coigríche ar lánúinéireacht agus í faoi réir dlíthe Síneacha. Ba é Daching Enterprises Limited a scairshealbhóir, cuideachta atá corpraithe i Hong Cong. Thug sé ar aird freisin go ndearnadh a ráitis airgeadais a iniúchadh faoi na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta toisc gur cuid de ghrúpa idirnáisiúnta é. Thug sé ar aird gur cuideachta faoi úinéireacht phríobháideach é agus nach raibh aon fhianaise ann go raibh sé faoi réir úinéireacht, smacht, maoirseacht bheartais nó stiúir ag údaráis na Síne ar an mbealach céanna agus a bhíonn cuideachta faoi úinéireacht stáit agus nach raibh sé faoi réir maoirseachta beartais agus treorach trí láithreacht an Stáit ag cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais. Mhaígh sé ar an gcaoi sin nach raibh sé “ag oibriú faoi úinéireacht, faoi smacht, faoi mhaoirseacht bheartais ná faoi stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir” dá dtagraítear sa chéad fhleasc d’Airteagal 2(6a)(b) den Bhunrialachán.

(197)

D’athdhearbhaigh an Coimisiún go bhfuil feidhm ag an modheolaíocht faoi Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán ar fud na tíre a luaithe a bhunaítear an saobhadh suntasach, ach amháin má bhunaítear go dearfach nach ndéanann saobhadh ar chostais áirithe difear. Níor thug Xiamen Xiashun aon fhianaise den sórt sin, ach níor chuir sé ach roinnt argóintí cineálacha ar fáil maidir le critéir áirithe atá liostaithe in Airteagal 2(6a)(b) maidir le saobhadh suntasach a bheith sa tír is onnmhaireoir ina hiomláine agus nach raibh baint acu lena míreanna sonracha costas a bheith neamhshaofa. Dá bhrí sin, níl an fhianaise maidir le staid shonrach Xiamen Xiashun mar a líomhnaítear go bhfuil sé neamhspleách ó smacht Stáit ábhartha sa chomhthéacs seo. Ar chaoi ar bith, thug an Coimisiún dá aire, fiú dá mba rud é go raibh na héilimh sin ábhartha sa chomhthéacs seo, quod non, ar bhonn substainte, nach bhfuil aon fhírinne ag baint leis an argóint a dhéanann Xiamen Xiashun go bhfuil sé saor ó aon tionchar rialtais, lena n-áirítear úinéireacht, smacht, maoirseacht bheartais nó stiúir ó údaráis na Síne. Léiríonn an corpas suntasach fianaise agus na conclúidí i Ranna 3.3.1.3 go 3.3.1.5 méid agus forleithne thionchar an rialtais agus PCS i ngeilleagar na Síne, lena n-áirítear in earnáil an alúmanaim. Níor chuir Xiashun Xiashun fianaise leordhóthanach i láthair a tharraingeodh aon amhras ar na torthaí sin. Ina theannta sin, mar a tugadh le fios i Roinn 3.3.1.8, tá líon mór ionstraimí agus dreasachtaí airgeadais ar fáil don rialtas chun na cuideachtaí, lena n-áirítear cuideachtaí atá faoi úinéireacht phríobháideach, a stiúradh chun treoir an rialtais a leanúint. Mar a thuairiscítear sa Roinn chéanna, tá dreasachtaí ag institiúidí airgeadais, lena n-áirítear institiúidí príobháideacha chun rochtain ar mhaoiniú a éascú le haghaidh tionscadail atá i gcomhréir leis na pleananna rialtais, rud a bhfuil tionchar suntasach aige ar na cuideachtaí atá faoi úinéireacht phríobháideach agus ar gá dóibh cloí leis na treoracha rialtais chun leachtacht airgeadais a áirithiú.

(198)

Maidir le Xiamen Xiashun go sonrach, thug an Coimisiún dá aire go n-aithnítear go foirmiúil é mar seo a leanas: mar Phríomhfhiontar Ardteicneolaíochta ar an Leibhéal Náisiúnta ag an gComhairle Stáit; mar Fhiontar Chnámh Droma Chúige Fujian le haghaidh Tionscail Straitéiseacha agus Tionscail atá ag Teacht Chun Cinn ag Coimisiún Eacnamaíochta agus TF Chúige Fujian; mar fhiontar Nuálach Chúige Fujian ag Biúró Eolaíochta agus Teicneolaíochta Chúige Fujian, ag Coimisiún Eacnamaíoch agus TF Chúige Fujian, ag Cónaidhm na Cheardchumainn Chúige Fujian agus ag Coimisiún Rialtas Mhuintir Chúige Fujian um Maoirseacht agus Riarachán ar Shócmhainní atá faoi úinéireacht an Stáit (104). D’fhonn na haitheantais fhoirmiúla sin a fháil, ní foláir nó gur chomhlíon an chuideachta na ceanglais incháilitheachta ábhartha, lena n-áirítear, i measc nithe eile, cloí le seasamh oifigiúil an Stáit agus na straitéisí agus na beartais oifigiúla rialtais a chomhlíonadh. Tá sé sin riachtanach freisin chun aitheantais den sórt sin a choinneáil agus chun tairbhe bhreise a bhaint as an tacaíocht rialtais a ghabhann go díreach nó go hindíreach leo. Mar shampla, i dtaca leis an aitheantas mar fhiontar chnámh droma na dTionscal Straitéiseach agus na dTionscal atá ag Teacht Chun Cinn i gCúige Fujian, teideal atá ag Xiamen Xiashun, áirítear ar na beartais, cuspóirí agus tairbhí sonracha a bhaineann leis an aitheantas sin: “Fiontair chnámh droma a rannpháirtiú mar cheannairí agus mar shamplaí, forbairt eolaíoch na dtionscal straitéiseach atá ag teacht chun cinn a chothú in Fujian, agus na spriocanna agus na tascanna a leagtar amach sa ‘Phlean Cur Chun Feidhme chun Dlús a chur le Forbairt na dTionscal Straitéiseach atá ag Teacht Chun Cinn i gCúige Fujian’ a bhaint amach”; “Tacaíocht do chineálacha éagsúla cistí caipitil fiontair de chuid Fujian le haghaidh tionscail straitéiseacha atá ag teacht chun cinn chun infheistíocht chothromais a dhéanamh chun príomhthionscadail d’fhiontair chnámh droma a fhorbairt”; “Spreagadh agus tacaíocht a thabhairt d’fhiontair chnámh droma na dtionscal straitéiseach atá ag teacht chun cinn chun maoiniú a fháil go poiblí agus bannaí corparáideacha, billí maoinithe ghearrthéarmaigh, etc. a eisiúint, agus tacaíocht agus seirbhísí ábhartha a chur ar fáil le haghaidh maoiniú corparáideach”; “In éineacht le ranna eacnamaíocha agus trádála de cheantair, de chathracha, de Chrios Cuimsitheach Turgnamhach Pingtan agus le cuideachtaí cúige (gabháltais), tá córas oibre agus teagmhála bunaithe ag an gCoiste Cúigeach Eacnamaíoch agus Trádála le fiontair cnámh droma tionscail atá ag teacht chun cinn chun cuidiú le comhordú agus réiteach a dhéanamh ar na deacrachtaí agus na fadhbanna a thagann chun cinn i bhforbairt fiontar, agus chun faireachán agus anailís a áirithiú ar fhorbairt fiontar cnámh droma (105). Dá bhrí sin, níor ghlac an Coimisiún leis an gcosaint chuideachta-shonrach go mbeadh Xiamen Xiashun saor ó smacht, ó mhaoirseacht bheartais nó ó stiúir údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne.

(199)

Ina theannta sin, chuir Xiamen Xiashun in iúl gur bunaíodh é bunaithe ar Dhlí Trádála Eachtraí Dhaon-Phoblacht na Síne, Dlí Infheistíochta Eachtraí Dhaon-Phoblacht na Síne, Dlí Cuideachtaí Dhaon-Phoblacht na Síne agus bhí sé faoi réir an Dlí Féimheachta Fiontar de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne. De bhun na ndlíthe sin, bhí sé cosanta ag an dlí féimheachta agus d’fhéadfaí a chaipiteal a loghadh gan bhac isteach nó amach i gcomhréir leis an dlí. D’áitigh sé freisin go ndearnadh iniúchadh ar a ráitis airgeadais faoi na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta, ag Ernst & Young agus dá mbeadh a fhóntacht airgeadais i mbaol, bheadh air caighdeáin idirnáisiúnta a leanúint agus b’fhéidir go mbreithneofaí é ina fhéimheach.

(200)

Mheabhraigh an Coimisiún, mar a thuairiscítear i Roinn 3.3.1.6, nach n-eascraíonn an saobhadh i nDaon-Phoblacht na Síne i réimse an dlí as neamhdhóthanacht na ndlíthe Síneacha dá bhfeidhm. A mhalairt ar fad, tá na dlíthe Síneacha múnlaithe ar dhlíthe den chineál céanna i dtíortha eile agus dá bhrí sin níl aon fhadhb cáilíochta leis na dlíthe iontu féin. Baineann an fhadhb le forfheidhmiú neamhleor na ndlíthe sin agus leis an ról atá ag an stát sna himeachtaí dócmhainneachta. Bunaithe ar na torthaí i Rannóg 3.3.1.6 agus in éagmais fianaise nach mbeadh Xiamen Xiashun faoi réir an tsaofa ar fud na tíre i leith imeachtaí féimheachta, diúltaíodh don éileamh sin.

(201)

Dúirt Xiamen Xiashun freisin go ndearna sé caibidlíocht neamhspleách maidir le praghsanna lena chustaiméirí san Aontas nó in áiteanna eile bunaithe ar chostas táirgthe agus ar na dálaí margaidh atá i réim. Dúirt sé freisin go raibh a phraghas bunaithe ar phréimh chomhshó móide an praghas alúmanaim a luadh, i ndáil le díolacháin leis an Aontas Eorpach, i Malartán Miotail Londan (LME) nuair a bhí sé ag díol lena chustaiméirí san Aontas.

(202)

De réir cheanglais Airteagal 2(6a)(a) den Bhunrialachán, ní mór an gnáthluach a ríomh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa má chinntear nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc go bhfuil saobhadh suntasach sa tír sin. Tá na héilimh a ndéantar achoimre orthu san aithris roimhe seo bunaithe ar chostas táirgthe agus ar na dálaí margaidh atá i réim i gcás díolachán le custaiméirí an Aontais (nó in áiteanna eile). Dá bhrí sin, baineann a gcomhthéacs agus a staid fhíorasach leis an bpraghas onnmhairiúcháin chuig an Aontas (agus chuig áiteanna eile) seachas an gnáthluach, arb é sin cuspóir na forála seo. Dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh seo dá réir sin.

(203)

Maidir le hamhábhair, chuir Xiamen Xiashun in iúl nach bhfuil aon bheartais phoiblí ná aon bhearta poiblí ann a dhéanann idirdhealú i bhfabhar soláthraithe intíre nó a bhfuil tionchar acu in aon bhealach eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir i nDaon-Phoblacht na Síne. Is é a thuairim go bhfuil saor-rogha aige a soláthraithe féin a roghnú, is cuma cé acu táirgeoirí nó dáileoirí iad, ar phraghsanna a ndéantar caibidlíocht orthu go saor. Dúirt sé freisin go ndearnadh praghas ceannaigh na n-amhábhar agus na n-ionchur eile a chinneadh trí chaibidlíocht agus trí thairiscint i measc roinnt soláthraithe. Dúirt Xiamen Xiashun chomh maith gur cheannaigh sé roinnt dá amhábhair thar lear. Go háirithe, is amhlaidh atá maidir le Slat Alúmanaim Bóróin Tíotáiniam, a cheannaíonn sé go hiomlán ón Ríocht Aontaithe.

(204)

I ndáil leis sin, mheabhraigh an Coimisiún nár thug Xiamen Xiashun fianaise lenar bunaíodh go dearfach nach raibh tionchar ag idirghabháil shubstaintiúil rialtais ar a chostais maidir le hionchuir a fuarthas ar bhonn intíre de réir na dtorthaí a rinneadh sna ranna 3.3.1.2 go 3.3.1.9. Bunaíodh san imscrúdú go raibh saobhadh i slabhra iomlán earnáil na dtáirgí cothrom-rollta alúmanaim. Baineann an saobhadh sin freisin le soláthraithe amhábhar, atá faoi réir gach cineál saofa a fhaightear i nDaon-Phoblacht na Síne, lena n-áirítear an costas leictreachais, saothar, rochtain ar mhaoiniú etc. I gcodarsnacht leis sin, i gcás cheannacháin Xiamen Xiashun thar lear, ar bhonn na fianaise a tíolacadh agus a cros-seiceáladh go cianda ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an freagra ceistneora, na conarthaí ábhartha, anailís ar phraghsanna na gceannachán sin (ina léirítear praghsanna atá cosúil leis na praghsanna a úsáidtear ón tír ionadaíoch), agus in éagmais aon fhianaise go raibh saobhadh i gceist leis an ionchur sin sa Ríocht Aontaithe, bunaíodh go dearfach go raibh praghas ceannaigh Slat Alúmanaim Bóróin Tíotáiniam ón Ríocht Aontaithe (ar cuid bheag é de chostais fhoriomlána amhábhar na cuideachta sin) neamh-shaofa agus nach gá sonraí ó thír ionadaíoch a chur ina áit.

(205)

Ina theannta sin, léirigh an t-imscrúdú go ndearna Xiamen Xiashun, i gcomhpháirt le Yunlu Aluminum Co, ar cuideachta faoi úinéireacht stáit í, fiontar corpraithe faoin ainm Yunnan Yongshun Aluminium Co., Ltd. a bhunú i gContae Jianshui, Cúige Yunnan. Is é príomhghnó na cuideachta sin leacacha móra cóimhiotal alúmanaim a tháirgeadh agus is soláthraí í de chuid Xiashun Xiashun. Léiríonn an sampla thuas, ar dtús, go bhfuil Xiamen Xiashun ag comhoibriú go dlúth le stát na Síne trí chomhfhiontar a chruthú le cuideachta faoi úinéireacht stáit, agus ar an dara dul síos, go mbaineann an saobhadh ar fud na tíre lena soláthraithe freisin.

(206)

Chuir Xiamen Xiashun in iúl freisin nach raibh aon tionchar ag an rialtas ar a chumas rochtain a fháil ar chreidmheas nó ar théarmaí an chreidmheasa a deonaíodh don chuideachta agus go gcinntear téarmaí an chreidmheasa, amhail an ráta úis, de réir an ráta margaidh ábhartha atá i réim. Chomh maith leis sin, thug Xiamen Xiashun le fios go raibh a speansais SG&A neamhshaofa agus réasúnta agus gur cheart iad a chur san áireamh.

(207)

Mheabhraigh an Coimisiún gur maidir le praghsanna agus costais sa tír onnmhairiúcháin a dhéantar anailís ar thionchar ionchasach ceann de na heilimintí saofa nó níos mó a liostaítear san fhoráil sin, d’fhonn a bhunú arbh ann do shaobhadh suntasach faoi Airteagal 2(6a)(b) den Bhunrialachán. Fiú murar bhain an táirgeoir onnmhairiúcháin tairbhe as aon mhaoiniú suntasach stáit go díreach, quod non, bhí Xiamen Xiashun incháilithe do thacaíocht airgeadais mar a thuairiscítear sna ranna 3.3.1.8 mar aon le 3.3.1.5 thíos. Is é is cúis leis sin, mar a mhínítear i roinn 3.3.1.5, go raibh an táirgeoir onnmhairiúcháin faoi réir phleanáil agus threoirdhoiciméid Stát na Síne, mar a bhí gach cuideachta in earnáil an alúmanaim, agus go raibh rochtain aige ar mhaoiniú, trí chóras airgeadais na Síne a bhfuil cur síos air i roinn 3.3.1.8. I ndáil leis sin, éascaíonn bainc agus institiúidí maoinithe eile rochtain ar airgeadas do ghníomhaithe margaidh de réir threoir Rialtas na Síne, lena n-áirítear táirgí alúmanaim, rud a chruthaíonn líontán sábhála airgeadais do na fiontair sin, agus rud a thugann buntáiste breise dóibh i gcomparáid lena gcontrapháirtithe atá lonnaithe lasmuigh de Dhaon-Phoblacht na Síne. Ina theannta sin, mar a mhínítear in aithris (198), agus stádas Tionscail Straitéisigh atá ag Teacht Chun Cinn (“SEI”) ag Xiamen Xiashun, tá sé faoi réir na tacaíochta airgeadais a chuirtear ar fáil do chuideachtaí a bhfuil stádas SEI acu, mar a thuairiscítear san aithris thuasluaite.

(208)

Maidir le saothar, chuir Xiamen Xiashun in iúl gur lean sé gnáthchóras fónta maidir le costais pá. Rinne sé idirbheartaíocht go neamhspleách lena chuid fostaithe le haghaidh phá an duine aonair bunaithe ar rátaí an mhargaidh agus ar a gcuid saineolais agus éachtaí pearsanta. Dúirt sé freisin nach bhfuil aon sainordú stáit ann maidir le rialuithe pá i nDaon-Phoblacht na Síne.

(209)

Mheabhraigh an Coimisiún gur bunaíodh i Roinn 3.3.1.7 go raibh saobhadh sa mhargadh saothair ar leibhéal na tíre ar fad. Tá tionchar saofa ar chruthú pá i nDaon-Phoblacht na Síne ag na saincheisteanna a bhaineann go dlúth le margadh saothair na Síne, lena n-áirítear easpa ceardchumann atá neamhspleách ar an rialtas agus na srianta soghluaisteachta atá ar an lucht saothair mar gheall ar an gcóras clárúcháin teaghlaigh mar a thuairiscítear in aithris (172). I ndáil leis sin, níl aon fhianaise ann lena mbunaítear nach bhfuil feidhm maidir le Xiamen Xiashun ag éifeachtaí saofa na heaspa ceardchumann neamhspleách ar fud na tíre ná ag an tsaincheist maidir le córas clárúcháin na dteaghlach. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don éileamh.

(210)

Ar deireadh, thug Xiamen Xiashun ar aird, ar na cúiseanna thuasluaite, go raibh a SG&A agus a bhrabúis neamhshaofa agus réasúnta freisin agus gur cheart iad a chur san áireamh sna ríomhanna.

(211)

Maidir leis an éileamh a bhaineann le SG&A agus le brabúis, thug an Coimisiún faoi deara ar dtús go raibh sé cineálach agus gan bhunús, mar gur thagair sé do na héilimh eile ón táirgeoir onnmhairiúcháin sin, éilimh ar diúltaíodh dóibh go léir. Thairis sin, ceanglaítear go sonrach le hAirteagal 2(6a)(a) den Bhunrialachán, i gcás ina bhfaightear saobhadh suntasach, nach mór méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais SG&A agus i gcomhair na mbrabús a bheith san áireamh sa ghnáthluach ríofa. Ós rud é gurb amhlaidh an cás san imscrúdú seo agus go ndéanann an saobhadh sin difear don táirgeoir onnmhairiúcháin agus dá sholáthraithe, diúltaíodh do na héilimh sin.

(212)

Mar fhreagairt ar bharúlacha Xiamen Xiashun, chuir Airoldi sraith barúlacha isteach i dtaca le saobhadh suntasach maidir le faisnéis a thíolaic páirtithe leasmhara eile faoi phointe 8(i) den Fhógra Tionscnaimh.

(213)

Ar an gcéad dul síos, léirigh Airoldi a thacaíocht do bharúlacha Xiamen Xiashun a tíolacadh maidir le tionscnamh a bhaineann le neamh-chomhoiriúnacht Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán le forálacha éagsúla de chomhaontú frithdhumpála na hEagraíochta Domhanda Trádála.

(214)

Pléadh cheana in aithrisí (189) go (195) an tsaincheist maidir le comhoiriúnacht Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán frithdhumpála le dlí na hEagraíochta Domhanda Trádála. Dá bhrí sin, diúltaíodh na héilimh sin.

(215)

Thairis sin, thug Airoldi ar aird, i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil saobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne, gur cheart dó fós anailís a dhéanamh ar na costais, anailís a bheadh sonrach maidir leis an táirgeoir-onnmhaireoir, gur cheart dó costais intíre an táirgeora féin a chur san áireamh, ar costais iad a bhfuarthas nach bhfuil siad saofa.

(216)

Mhínigh an Coimisiún in aithris (195) thuas go raibh na ríomhanna uile bunaithe ar shonraí sonracha na cuideachta, agus gur úsáideadh na cineálacha tosca táirgeachta chomh maith lena méideanna de réir mar a thuairiscigh an chuideachta, gan ach tagarmharc neamhshaofa in áit na luachanna. Dá bhrí sin, diúltaíodh na héilimh sin.

(217)

Ar an tríú dul síos, dúirt Airoldi gur gearán frith-fhóirdheontais i ndáiríre a bhí sa ghearán a chuir Cumann Alúmanaim na hEorpa isteach, ós rud é gur tagraíodh i roinnt cásanna i bhfriotal an ghearáin d’fhóirdheontais a cuireadh ar fáil do tháirgeoirí táirgí cothrom-rollta alúmanaim i nDaon-Phoblacht na Síne. D’áitigh Airoldi go ndearna an gearánach iarracht teacht timpeall ar bhunbhrí chuspóirí éagsúla na n-imscrúduithe frithchúitimh agus frithdhumpála tríd an ngearán frithdhumpála a dhéanamh agus trí bheith ag brath ar an toimhde go raibh an mhodheolaíocht ionadaíoch tíre infheidhme go huathoibríoch. Sa chéad chás díobh sin tugadh aghaidh ar na cleachtais éagóracha trádála, cleachtais a d’eascair ón sochar a bhronn an stát. Bhain an dara cás díobh le cleachtais éagóracha trádála na n-onnmhaireoirí aonair. Thug Airoldi faoi deara gurb ionann glacadh leis na héilimh sin agus sárú ar phríomhchuspóirí Bhunrialacháin frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais an Aontais (106).

(218)

Mheabhraigh an Coimisiún go n-éilíonn Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán go léireofaí saobhadh suntasach sa tír is onnmhaireoir lena mbaineann. Rinneadh tagairtí áirithe d’fhóirdheontais sa ghearán chun a léiriú gur ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne, i gcomhréir le ceanglas Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc go háirithe (beartais phoiblí nó bearta a dhéanann idirdhealú i bhfabhar soláthraithe intíre nó a bhfuil tionchar eile acu ar fhórsaí an mhargaidh shaoir). Ní féidir a shéanadh nach bhfuil i bhfóirdheontais ach ceann amháin de na modhanna a úsáideann rialtais chun cur isteach ar fhórsaí an mhargaidh shaoir, agus dá bhrí sin léiríonn siad idirghabháil shuntasach rialtais de réir na forála sin den Bhunrialachán frithdhumpála. Dá bhrí sin, bhí an gearán go hiomlán i gcomhréir le forálacha agus le cuspóirí an Bhunrialachán frithdhumpála. Dá bhrí sin, diúltaíodh don éileamh sin.

(219)

Ar an gceathrú dul síos, dúirt Airoldi gur mhol an gearánach go raibh prionsabal stare decisis ina cheangal ar an gCoimisiún maidir leis na himscrúduithe a rinne sé roimhe sin, de réir mhíreanna 85-87 den ghearán. Mhínigh Airoldi gurbh fhollas go raibh réasúnaíocht den sórt sin do-ghlactha i dtaca leis na bunchaighdeáin a bhaineann leis an dualgas cruthúnais faoi na Bunrialacháin frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais. I dtuairim Airoldi, ní raibh ach dhá dhoiciméad fhianaiseacha mar bhonn iomlán le cur i bhfeidhm mhodheolaíocht na tíre ionadaíche: (i) tuarascáil an Choimisiúin ó 2017; agus (ii) tuarascáil ECFE. Níor chomhlíon an gearánach dícheall cuí chun a bhunú gur ann do scéimeanna ar leith, ag tagairt do bhearta sonracha de réir mar is infheidhme i nDaon-Phoblacht na Síne, a rachadh chun tairbhe d’earnáil an alúmanaim amháin i nDaon-Phoblacht na Síne. Ní raibh bunús leis na héilimh agus ní raibh aon tacaíocht fhianaiseach ann. Dá bhrí sin, d’iarr Airoldi go ndéanfaí an gearán a dhíbhe mar thoradh ar neamhaird an ghearánaigh ar an riachtanas dualgas cruthúnais a chomhlíonadh.

(220)

Mheabhraigh an Coimisiún nach ndéantar an cinneadh maidir le saobhadh suntasach a bheith ann iarbhír agus maidir le húsáid na modheolaíochta a fhorordaítear le hAirteagal 2(6a)(a) den Bhunrialachán ina dhiaidh sin ach amháin tráth an nochta shealadaigh agus/nó chinntithigh agus ní tráth an tionscnaimh. Bunaithe ar an bhfianaise a cuireadh i láthair sa ghearán, lena n-áirítear an dá thuarascáil, mar atá an Tuarascáil tíre agus Tuarascáil an ECFE, agus an tsraith foinsí oibiachtúla foluiteacha dá dtagraítear iontu, mheas an Coimisiún gur leor an fhianaise a chuir an gearánach isteach maidir leis an saobhadh suntasach prima facie chun an t-imscrúdú a thionscnamh ar an mbonn sin agus i gcomhréir go hiomlán le hAirteagal 2(6a)(d) den Bhunrialachán, lena dtugtar an deis go sonrach do na gearánaigh an Tuarascáil tíre a úsáid mar fhianaise agus gearán á dhéanamh. Maidir leis an Tuarascáil tíre, mheabhraigh an Coimisiún gur doiciméad cuimsitheach é atá bunaithe ar fhianaise oibiachtúil fhorleathan, lena n-áirítear reachtaíocht, rialacháin agus doiciméid bheartais oifigiúla eile arna bhfoilsiú ag Rialtas na Síne, tuarascálacha tríú páirtí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, staidéir acadúla agus ailt le scoláirí, agus foinsí iontaofa neamhspleácha eile. Foilsíodh an tuarascáil i mí na Nollag 2017 agus bhí neart deiseanna ag na páirtithe uile an Tuarascáil a bhréagnú, a fhorlíonadh nó barúlacha a thíolacadh ina taobh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(c) den Bhunrialachán, ach ní bhfuair an Coimisiún aon bharúlacha ná fianaise den sórt sin a d’fhágfadh an Tuarascáil neamhbhailí. Maidir leis na torthaí in imscrúduithe roimhe seo ar nós na n-imscrúduithe i míreanna. 85-87 den ghearán, is fianaise ábhartha iad go háirithe toisc gur bhain siad ní hamháin leis an saobhadh ar fud na tíre sa tír chéanna, ach go sonrach leis an saobhadh agus leis na cásanna in earnáil an alúmanaim ar dócha go mbeidh tionchar acu freisin ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú seo. Dá bhrí sin, diúltaíodh na héilimh sin.

(221)

Ar deireadh, léirigh Airoldi a thacaíocht d’éileamh Xiamen Xiashun gur le fórsaí an mhargaidh a dhéantar praghsanna tinní alúmanaim a chinneadh sa tSín, bíodh sin le Malartán Miotail Londan nó le Shanghai Futures Exchange, móide préimh chomhshó. Fuarthas trácht den chineál céanna ó Jiangsu Alcha Group a chuir isteach sa fhreagra ar an gceistneoir go ndearnadh a cheannacháin go léir bunaithe ar idirbheartaíocht ar neamhthuilleamaí lena sholáthraithe, agus nach ndéanann aon saobhadh suntasach difear dóibh. Mar shampla, chuir Jiangsu Alcha Group fianaise i láthair go raibh a phraghas ceannaigh le haghaidh tinní alúmanaim níos airde ná praghas Mhalartán Miotail Londan le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(222)

Thug an Coimisiún dá aire go bhfuil tinní alúmanaim faoi réir cáin onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne. Déanann oibriú na cánach onnmhairiúcháin áirithe sin gnáthoibriú fhórsaí an mhargaidh a shaobhadh trí shrian a chur ar onnmhairí agus ar an gcaoi sin soláthar intíre tinní alúmanaim a mhéadú do tháirgeoirí alúmanaim sa tSín. Dhiúltaigh an Coimisiún dá bhrí sin don éileamh go raibh praghsanna na dtinní alúmanaim sa tSín saor ó chur isteach ón Stát agus arna gcinneadh ag fórsaí an mhargaidh. I ndáil leis sin, níl an praghas iarbhír arna íoc cinntitheach. Níor bunaíodh go dearfach nach raibh tionchar ag idirghabhálacha an rialtais ar na tinní alúmanaim de réir na dtorthaí a rinneadh i ranna 3.3.1.2 go 3.3.1.9. Baineann an saobhadh sin freisin le soláthraithe intíre tinní alúmanaim, soláthraithe atá faoi réir gach cineál saobhadh a fhaightear i nDaon-Phoblacht na Síne, lena n-áirítear an costas leictreachais, saothar, rochtain ar mhaoiniú etc.

3.3.1.12.   Conclúid fhoriomlán maidir le saobhadh suntasach

(223)

Ós rud é gur dhiúltaigh an Coimisiún na héilimh go léir thuasluaite, d’athdhearbhaigh sé a chonclúid de réir aithris (188) nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne, i ngeall gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán.

(224)

Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den Bhunrialachán. Ag an am céanna, ghlac sé leis na praghsanna le haghaidh Rod Lotáiniam Boron Aluminium ó tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin a d’aimsigh an t-amhábhar áirithe sin go hiomlán ón Ríocht Aontaithe mar a mhínítear in aithris (204).

3.4.   Tír ionadaíoch

3.4.1.   Barúlacha Ginearálta

(225)

Is bunaithe ar na critéir seo a leanas a roghnaíodh an tír ionadaíoch de bhun Airteagal 2(6a) den Bhunrialachán:

(1)

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil leis an tSín ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (107);

(2)

Táirgeadh an táirge lena mbaineann sa tír sin;

(3)

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch.

(4)

I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha fhéideartha amháin i ndáil le tír ionadaíoch, thabharfaí tús áite, i gcás inarb iomchuí, don tír ina bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(226)

Mar a luaitear in aithrisí (111) go dtí (113), chuir an Coimisiún ar fáil ar an gcomhad dhá nóta don chomhad ar na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh ar iarradh ar pháirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt ina leith: Nóta an 5 Deireadh Fómhair (“an Chéad Nóta”) agus Nóta an 25 Samhain (“an Dara Nóta”), faoi seach. Sna nótaí sin, tugadh tuairisc ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha agus tugadh aghaidh iontu ar na barúlacha a fuarthas ó na páirtithe maidir leis na gnéithe sin agus maidir leis na foinsí ábhartha. Is féidir achoimre a dhéanamh ar mheasúnú an Choimisiúin ar na fíorais agus ar an bhfianaise agus ar na conclúidí mar seo a leanas:

3.4.2.   Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín

(227)

Sa Chéad Nóta, d’aithin an Coimisiún 55 thír ag a bhfuil an leibhéal céanna forbartha eacnamaíche agus an tSín. Sa tréimhse imscrúdaithe, rinne an Banc Domhanda na tíortha sin a rangú mar thíortha “ard-mheánioncaim” ar bhonn ollioncam náisiúnta. Mar sin féin, mar atá luaite sa ghearán, bhíothas ar an eolas nach raibh táirgeadh suntasach den táirge atá faoi imscrúdú ar siúl ach i sé cinn de na tíortha sin, eadhon sa Bhrasaíl, san Indinéis, sa Rúis, san Afraic Theas, sa Téalainn agus sa Tuirc.

(228)

An Indinéis, an Afraic Theas agus an Rúis, le linn na tréimhse imscrúdaithe, bhí srianta ar onnmhairiú alúmanaim, ceann de na príomh-amhábhair chun an táirge atá faoi imscrúdú a tháirgeadh (108). Dá bhrí sin, ós rud é go bhféadfadh tionchar a bheith ag na srianta sin freisin, agus go bhféadfadh siad saobhadh a dhéanamh, ar phraghas allmhairiúcháin an amhábhair sin, chinn an Coimisiún nach mbreithneodh sé na tíortha sin mar thíortha ionadaíocha iomchuí agus, dá bhrí sin, rinne sé measúnú breise ar infhaighteacht na sonraí poiblí ábhartha don Bhrasaíl, don Téalainn agus don Tuirc amháin.

3.4.3.   Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch

(229)

Sa Chéad Nóta, chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil faoi shonraí ábhartha poiblí, go háirithe faisnéis airgeadais a bheith ar fáil de chuideachtaí a tháirgeann an táirge atá faoi imscrúdú sa Bhrasaíl, sa Téalainn agus sa Tuirc, agus faoi allmhairiú an amhábhair go dtí na tíortha sin chun an táirge atá faoi imscrúdú, agus a shainaithin na páirtithe leasmhara, a tháirgeadh.

(230)

De réir bhunachar sonraí an Global Trade Atlas (GTA), d’allmhairigh an Bhrasaíl, an Téalainn agus an Tuirc formhór na n-amhábhar ábhartha i gcainníochtaí ionadaíocha agus dá bhrí sin d’fhéadfaí na hallmhairí sin a úsáid mar thagarmharcanna chun an gnáthluach a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den Bhunrialachán. Ina theannta sin, d’aithin an Coimisiún táirgeoirí sna tíortha sin le faisnéis atá ar fáil go poiblí (109).

(231)

Tar éis dó barúlacha a fháil sa Chéad Nóta, rinne an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil dó agus mheas sé go raibh na sonraí poiblí is oiriúnaí ar fáil don chuideachta Bhrasaíleach Novelis do Brasil Ltda (“Novelis do Brasil”). Murab ionann agus na táirgeoirí a sainaithníodh sa Téalainn agus sa Tuirc, bhí ráitis airgeadais iniúchta iomlána ar fáil ar a láithreán gréasáin (110) ag an gcuideachta sin, agus bhí forluí naoi mí idir an fhaisnéis airgeadais agus an tréimhse imscrúdaithe.

(232)

Dá bhrí sin, mhol an Coimisiún sa Dara Nóta an Bhrasaíl a roghnú mar an tír ionadaíoch iomchuí chun praghsanna agus tagarmharcanna neamhshaofa a bhunú agus sonraí na cuideachta Brasaílí Novelis do Brasil a úsáid chun SG&A agus brabús nach bhfuil saofa a bhunú chun gnáthluach a ríomh.

(233)

Rinne roinnt páirtithe leasmhara (111) agóidí in aghaidh na Brasaíle mar an tír ionadaíoch iomchuí. D’áitigh siad go príomha go raibh praghsanna thar a bheith ard ar an táirge atá faoi imscrúdú ar mhargadh na Brasaíle, agus go raibh brabús míréasúnta ag an gcuideachta Bhrasaíleach, mar thoradh ar bheartais an Rialtais, cánacha éagsúla (112) ar tháirgí allmhairithe agus neamhéifeachtúlachtaí a bhaineann le táirgeadh an táirge atá faoi imscrúdú sa Bhrasaíl. Dá bhrí sin, líomhnaítear nár thagarmharc iomchuí é brabús Novelis do Brasil de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a), an mhír dheireanach, den Bhunrialachán (113).

(234)

Ina theannta sin, chuir roinnt de na páirtithe leasmhara (Airoldi Metalli Spa agus Xiamen Xiashun) in iúl freisin gur oscail údaráis na Brasaíle, an 29 Iúil 2020, imscrúdú frithdhumpála ar allmhairí Síneacha de tháirgí alúmanaim isteach sa Bhrasaíl (Ciorclán Uimh. 46 an 28 Iúil 2020 - “Ciorclán 46” - de chuid Rúnaíocht Trádála Eachtraí na Brasaíle – “SECEX”) (114).

(235)

Bhí forluí den chuid is mó idir raon feidhme táirge an imscrúdaithe a luaitear in gCiorclán 46 agus raon feidhme an táirge atá faoi imscrúdú san imscrúdú reatha, atá sainithe i Roinn 2 thuas. Foilsíodh le Ciorclán 46 freisin, i bhformáid innéacs, torthaí oibriúcháin na ngearánach (trí chuideachta lena n-áirítear Novelis do Brasil) a léirigh gur chláraigh na gearánaigh caillteanais i rith na tréimhse 2015-2019 (115).

(236)

Bunaithe ar an bhfianaise nua sin, agus in ainneoin go bhfuil figiúirí innéacsaithe comhdhlúite i gCiorclán 46 do na trí tháirgeoir ar gearánaigh iad, mheas an Coimisiún nach dócha gur ar an táirge atá faoi imscrúdú a bhain Novelis do Brasil amach a bhrabús tuairiscithe (19,4 % sa tréimhse airgeadais is déanaí (116)). Maidir leis sin, ós rud é go dtáirgeann an chuideachta raon feidhme mór táirgí (117), mheas an Coimisiún gur ar tháirgí eile a mhonaraigh Novelis do Brasil, agus orthu sin go príomha, is dóichí a baineadh amach an brabús, amhail táirgí don aeraspás, don tionscal gluaisteán agus do channaí dí.

(237)

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go sealadach nach tagarmharc cuí iad sonraí Novelis do Brasil chun SG&A agus brabús réasúnta a bhunú don táirge atá faoi imscrúdú.

(238)

Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún athmheasúnú ar fhiúntas na Téalainne agus na Tuirce faoi seach mar thíortha a d’fhéadfadh a bheith mar thíortha ionadaíocha iomchuí. Mar sin féin, ní raibh ach páirtfhorluí idir an t-aon sciar sonraí airgeadais atá ar fáil go poiblí de chuideachtaí sa Téalainn agus sa Tuirc agus an tréimhse imscrúdaithe. Ina theannta sin, sa tréimhse airgeadais is déanaí a bhí ar fáil, bhí torthaí oibríochtúla na gcuideachtaí sin gar don phointe meá ar mheá (118). Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nárbh ionann sonraí na gcuideachtaí sin agus tagarmharc iomchuí chun brabús agus SG&A neamhshaofa agus réasúnach a bhunú.

(239)

Agus na cúrsaí amhlaidh, mheas an Coimisiún go bhféadfadh sonraí faoi chuideachtaí in earnáil a tháirgeann táirge comhchosúil a bheith iomchuí sa chás sin. Thángthas ar an gconclúid sin thart ar an tráth a glacadh na bearta sealadacha. I bhfianaise na srianta a fhorchuirtear leis na teorainneacha ama éigeantacha a leagtar amach sa Bhunrialachán, chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, a anailís a bhunú go sealadach ar an eolas agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil cheana féin in imscrúdú frithdhumpála eile atá ar siúl san earnáil (alúmanam) chéanna agus a chumhdaíonn táirge comhchosúil agus tréimhse chomhchosúil - easbhrúnna alúmanaim (119). Is éard is easbhrúnna alúmanaim ann táirgí a bhfuil saintréithe teicniúla agus fisiceacha comhchosúla acu le táirgí cothrom-rollta alúmanaim. Maidir leis an bpróiseas táirgthe, is féidir alúmanam a mhúnlú chun táirgí éagsúla a dhéanamh de trí easbhrú, rolladh nó teilgean. Déantar alúmanam easbhrúite a mhúnlú ina phróifílí alúmanaim de chruthanna éagsúla. I measc na dtáirgí cothrom-rollta alúmanaim tá leathán cothrom, leathán corntha, pláta, agus scragall. Ina theannta sin, is minic gurb iad na cuideachtaí céanna a tháirgeann na táirgí sin agus iad siúd a tháirgeann táirgí cothrom-rollta alúmanaim nó go dtáirgtear laistigh den ghrúpa céanna iad.

(240)

Leanfaidh an Coimisiún dá imscrúdú agus má fhaigheann sé sonraí nua iomchuí ó na tíortha a d‘fhéadfadh a bheith ina dtíortha ionadaíocha, d’fhéadfaí an staid a athmheasúnú.

(241)

Dá bhrí sin, i bhfianaise na gcosúlachtaí idir táirgí cothrom-rollta alúmanaim agus na táirgí easbhrúite alúmanaim, agus i bhfianaise na sonraí ábhartha a bheith ar fáil go poiblí (120), chinn an Coimisiún go sealadach sonraí ó na cuideachtaí a tháirgeann easbhrúnna alúmanaim a úsáid ós rud é go raibh na sonraí sin ionadaíoch ar staid na gcuideachtaí a tháirgeann táirgí cothrom-rollta alúmanaim dar leis an gCoimisiún.

3.4.4.   Leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil

(242)

Tar éis a dheimhniú gurb í an Tuirc an tír ionadaíoch iomchuí ag an gcéim seo den imscrúdú, bunaithe ar gach ceann de na gnéithe thuasluaite ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus an chomhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a) an chéad fhleasc den Bhunrialachán.

3.4.5.   Conclúid

(243)

I bhfianaise na hanailíse thuas, chinn an Coimisiún an Tuirc a mheas go sealadach mar an tír ionadaíoch iomchuí chun críche Airteagal 2(6a)(a) den Bhunrialachán.

3.5.   Foinsí a úsáidtear chun costais neamhshaofa le haghaidh tosca táirgeachta a bhunú

(244)

Ar bhonn na faisnéise a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus ar bhonn aon fhaisnéise ábhartha eile ar fáil sa chomhad, bhunaigh an Coimisiún, sa Chéad Nóta, liosta tosaigh de thosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáidtear chun an táirge atá faoi imscrúdú a tháirgeadh.

(245)

I gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den Bhunrialachán, shainaithin an Coimisiún foinsí a bheadh le húsáid chun praghsanna agus tagarmharcanna neamhshaofa a bhunú. I measc na bpríomhfhoinse a bheartaigh an Coimisiún a úsáid bhí an Global Trade Atlas (an “GTA”). Ar deireadh, sa nóta céanna, shainaithin an Coimisiún cóid an Chórais Chomhchuibhithe (HS) le haghaidh tosca táirgeachta ar measadh i dtús báire, ar bhonn faisnéise a chuir na páirtithe leasmhara ar fáil, go n-úsáidfí iad le haghaidh anailís GTA.

(246)

D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh faoi luachanna neamhshaofa do gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa Nóta sin.

(247)

Ina dhiaidh sin, sa Dara Nóta, nuashonraigh an Coimisiún liosta na dtosca táirgeachta bunaithe ar bharúlacha na bpáirtithe agus ar fhaisnéis arna cur isteach ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin a samplaíodh sa fhreagra ar an gceistneoir.

(248)

I bhfianaise na faisnéise uile a thíolaic na páirtithe leasmhara, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí maidir leis an Tuirc chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den Bhunrialachán:

Tábla 2

Tosca táirgtheachta agus foinsí faisnéise

Amhábhair

Cóid tráchtearraí sa Tuirc

Luach

Aonaid tomhais

Cóimhiotail alúmanaim

760120800000

14,01

kg

Púdar alúmana

281820

6,94

kg

Tinne alúmanaim

760110

12,73

kg

Alúmanam leachtach

760110000000 – costais phróiseála

12,20

kg

Fluairíd alúmanaim

282612

10,37

kg

Fuíoll alúmanaim

760200190000

11,01

kg

Leac alúmanaim

760120200000

13,91

kg

Copar catóide

740329

39,47

kg

Corna fuar-rollta

760612920000

26,06

kg

Corna teorollta

760612930000

760612990000

31,86

kg

Pláta teorollta

760612990000

36,02

kg

Tinne maignéisiam

810411

19,50

kg

Oibreán leá copair

740329

39,47

kg

Oibreán leá Ferro

720299300000

720299800000

10,88

kg

Oibreán leá mangainéise

811100

15,59

kg

Cóc peitriliam

271311

0,42

kg

Pic

270810

3,82

kg

Ola rollta

271012110000

3,17

kg

Gual gaile

270119000000

0,59

kg

Sreang carbóin tíotáiniam

760521

21,77

kg

Tinne since

790111

15,93

kg

Oibreán sileacain um leá tapa

280469

18,38

kg

Oibreán iarainn

732690

37,13

kg

Oibreán cróimiam

811221

54,20

kg

Slaigí alúmanaim

262040

7,59

kg

Dramh-ola

340399

33,3

kg

Saothar

Saothar

Neamhbhainteach

42,21

uair an chloig

Fuinneamh

Leictreachas

Neamhbhainteach

0,62

KWh

Gás

Neamhbhainteach

1,95

m3

Uisce

Neamhbhainteach

5,21

m3

Seachtháirge/dramhaíl

Fuíoll alúmanaim

760200190000

11,01

kg

3.5.1.   Amhábhair arna n-úsáid sa phróiseas táirgthe

(249)

Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar a bhunú, d’úsáid an Coimisiún mar bhonn an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe (CIF) chuig an tír ionadaíoch, mar a thuairiscítear sa GTA, ó gach tríú tír seachas Daon-Phoblacht na Síne agus tíortha nach baill de EDT iad agus a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (121). Chinn an Coimisiún gan na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur san áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid ós rud é gur ann do shaobhadh suntasach ansin, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den Bhunrialachán (aithrisí (188) go dtí(224) thuas). In éagmais aon fhianaise a léiríonn nach ndéanann an saobhadh céanna an difear céanna do tháirgí atá le honnmhairiú, mheas an Coimisiún go ndearna an saobhadh céanna difear d’onnmhairiúcháin. Rinneadh an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe a choigeartú i gcás dleachtanna ar allmhairí, i gcás inarb iomchuí.

(250)

I gcás líon beag tosca táirgeachta, b’ionann na costais iarbhír arna dtabhú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus sciar diomaibhseach de na costais amhábhar iomlána i dtréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe. Ós rud é nach raibh aon tionchar suntasach ag an luach a úsáidtear dóibh siúd ar na ríomhanna corrlaigh dumpála, gan beann ar an bhfoinse a úsáideadh, chaith an Coimisiún leis na tosca táirgeachta sin mar thomhaltáin mar a mhínítear in aithris (13).

(251)

Shloinn an Coimisiún an costas iompair arna thabhú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chun amhábhair den sórt sin a sholáthar mar chéatadán de chostas iarbhír na n-amhábhar sin agus chuir sé an céatadán céanna i bhfeidhm ar chostas neamhshaofa na n-amhábhar céanna chun an costas iompair neamhshaofa a fháil. Mheas an Coimisiún go bhféadfaí, i gcomhthéacs an imscrúdaithe sin, an cóimheas idir amhábhar an táirgeora onnmhairiúcháin agus na costais iompair thuairiscithe a úsáid go réasúnta mar tháscaire chun meastachán a dhéanamh ar chostais neamhshaofa na n-amhábhar nuair a sheachadtar chuig monarcha na cuideachta iad.

(252)

Thug an Coimisiún dá aire nach bhféadfaí leacht alúmanaim, a d’úsáid ceann de na cuideachtaí laistigh de Nanshan Group mar ionchur, a iompar ar feadh achair fhada agus nach raibh aon tagarmharc idirnáisiúnta ann don ionchur sin. Dá bhrí sin, mar mhalairt air sin, chinn an Coimisiún praghas neamhshaofa tinní alúmanaim a úsáid mar thagarmharc, praghas a thagann faoi chód HS 7601 10 agus as ar baineadh na costais phróiseála, arna sloinneadh mar chéatadán, a thabhaigh an chuideachta lena mbaineann chun an leacht alúmanaim a chlaochlú go tinní (122).

(253)

Tar éis fhoilsiú an Dara Nóta, d’athdhearbhaigh Nanshan Group a argóint a cuireadh isteach tar éis fhoilsiú an Chéad Nóta, eadhon go raibh an íonacht alúmanaim ag an bhfuíoll alúmanaim a d’úsáid sé chun an táirge a bhí faoi imscrúdú a tháirgeadh comhionann le hearraí críochnaithe agus, ó thaobh úsáide de, go ndearnadh an táirge sin a athchúrsáil sa chéim réitigh ar an dóigh chéanna le tinní alúmanaim. Dá bhrí sin, de réir Nanshan Group, thagair an cód HS a thuairiscigh an Coimisiún sa Chéad nóta agus sa Dara nóta do tháirge difriúil, mar atá fuíoll alúmanam ó fhoinsí éagsúla, ag a bhfuil níos lú íonachta agus comhdhéanamh cóimhiotal difriúil.

(254)

Rinne an Coimisiún an t-éileamh a athbhreithniú. Bhreathnaigh sé bunaithe ar an bhfianaise a thug Nanshan Group le linn an phróisis RCC nach raibh an fuíoll alúmanam a d’úsáid (agus a dhíol) na cuideachtaí éagsúla laistigh den Nanshan Group praghsáilte ar an leibhéal céanna le tinní alúmanaim, ach rinneadh asbhaint idir 2 %-9 % ag brath ar a ghrád chun léiriú a dhéanamh ar íonacht an fhuíll. Dá bhrí sin, deimhníodh go raibh praghas an tinne alúmanaim níos airde ná praghas an fhuíll.

(255)

Thug an Coimisiún faoi deara freisin gur aithníodh, le cód an tráchtearra ábhartha faoin ainmníocht Thurcach, fuíoll déantúsaíochta (faoi chód tráchtearra níos beaichte 760200190000), mar a thugtar air, ar cosúil gur fearr a léirigh sé an cineál fuíll arna dtomhailt agus arna dtáirgeadh ag Nanshan Group, i gcomparáid le fuíoll faoi chód an tráchtearra 760200 900000. Ar deireadh, d’athdhearbhaigh an Coimisiún freisin nach bhfuair sé aon fhianaise faoi chomhdhéanamh sonrach an fhuíll alúmanaim a allmhairíodh faoin gcód HS thuasluaite chun tacú leis an éileamh gur fuíoll é a bhfuil níos lú íonachta agus comhdhéanamh cóimhiotail éagsúil ann. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún an praghas allmhairiúcháin faoi chód an tráchtearra 760200190000 a úsáid mar thagarmharc agus ní praghas allmhairiúcháin ar thinne mar a mhol an chuideachta.

(256)

D’áitigh Nanshan Group freisin nach ndearna an praghas GTA atá bunaithe ar chóid HS idirdhealú ar na húsáidí deiridh agus ar chóimhiotail de chorna alúmanaim, agus de réir cainníochta, d’fhéadfaí cuid an-mhór den chorna alúmanaim allmhairithe a úsáid le haghaidh táirgí nach gcumhdaítear le raon feidhme an táirge, eadhon le haghaidh tionscal na ngluaisteán nó an aeraspáis, nó, mar stoc cannaí. D’áitigh sé go raibh éagsúlacht shubstaintiúil idir praghsanna na gcóimhiotal agus na gcríoch difriúil, agus dá bhrí sin, dar leis, gur theip ar mheánphraghas GTA luach ionadach na gcornaí alúmanaim a sholáthar a bhaineann go sonrach leis an luach arna dtomhailt ag Nanshan Group chun an táirge atá faoi imscrúdú a tháirgeadh. Mhol Nanshan Group, seachas na praghsanna GTA a úsáid mar thagarmharcanna, brath ar phraghsanna dá bhforáiltear i dtuarascálacha CRU le haghaidh praghas stoic scragaill chóimhiotal 1050 a bhí an-chosúil le cóimhiotal stoic scragaill 8079, dar leis, i dtéarmaí a chomhdhéanamh ceimiceach.

(257)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an éileamh. Ar an gcéad dul síos, thug sé faoi deara gurb amhlaidh, faoin ainmníocht Thurcach, go ndearna an cód HS a úsáideadh mar thagarmharc chun an corrlach sealadach a ríomh, murab ionann agus éileamh Nanshan, eisiamh ar an ngrúpa táirgí is mó a bhí lasmuigh de raon feidhme an táirge, eadhon táirgí atá le húsáid ag tionscal na gcannaí. Ar an dara dul síos, san ainmníocht Thurcach, rinne na cóid tráchtearraí ar leith idirdhealú ar na tiúsanna éagsúla, agus dá bhrí sin ceadaíodh do dheighilt níos beaichte idir na cineálacha éagsúla táirgí, i gcomparáid le praghsanna i dtuarascáil CRU nach thagair ach do thiús ar leith. Ar an tríú dul síos, bhain na praghsanna i dtuarascálacha CRU le margaí san Aontas agus níor léirigh siad, dá bhrí sin, praghsanna i dtír ina bhfuil leibhéal comhchosúil forbartha eacnamaíche. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gurbh ionann praghsanna na gcornaí allmhairithe in GTA agus tagarmharc níos iomchuí chun an gnáthluach a bhunú i gcomparáid leis na praghsanna a luaitear i dtuarascáil CRU. Mar sin dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh agus chinn sé an praghas allmhairiúcháin a úsáid mar thagarmharc faoi chód tráchtearra 760612920000 le haghaidh cornaí fuar-rollta, meán chód tráchtearra 760612930000 agus chód tráchtearra 760612990000 le haghaidh cornaí teorollta, agus cód tráchtearra 760612990000 le haghaidh plátaí.

(258)

D’áitigh Nanshan Group freisin nár cheart don Choimisiún brath ar phraghsanna allmhairithe guail i mbunachar sonraí GTA i gcomhair gual gaile, ós rud é go raibh na cainníochtaí a allmhairíodh isteach sa Tuirc diomaibhseach in 2019. Ina ionad sin, d’fhéadfadh an Coimisiún praghsanna cóc teirmigh agus praghsanna cóc peitriliam i dtuarascáil IHS a bhreithniú (123).

(259)

Thug an Coimisiún faoi deara ar dtús nach raibh aon fhianaise ann lena cheapadh nach raibh an praghas i mbunachar sonraí GTA don chainníocht allmhairithe (níos mó ná 500 tonna) ionadaíoch ar phraghas an mhargaidh nó go mbeadh an praghas i mbunachar sonraí GTA difriúil go mór dá mbeadh méid na n-allmhairí níos airde. Ar an dara dul síos, sa tuarascáil a tíolacadh níor bhain na praghsanna le ach cúig thír eile, seachas an tSín, is iad sin an Astráil, an India, an Rúis, an Afraic Theas agus an Indinéis. Bhí éagsúlacht sna praghsanna sin idir na réigiúin agus na tíortha éagsúla. Ní bhfuair an Coimisiún aon fhianaise láidir go mbeadh na praghsanna sna tíortha sin níos ionadaíche do phraghas neamhshaofa idirnáisiúnta ná na praghsanna sa tír ionadaíoch. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don éileamh agus chinn sé praghas allmhairiúcháin an ghuail isteach sa Tuirc a úsáid mar thagarmharc.

3.5.2.   Saothar

(260)

Chun an tagarmharc maidir le costais saothair a bhunú d’úsáid an Coimisiún na staitisticí is déanaí a d’fhoilsigh Institiúid Staidrimh na Tuirce (124). Foilsíonn an institiúid sin faisnéis mhionsonraithe faoi phá in earnálacha eacnamaíocha éagsúla sa Tuirc. Bhunaigh an Coimisiún an tagarmharc bunaithe ar chostais saothair in aghaidh na huaire i gcás ghníomhaíocht eacnamaíoch C.24 (monarú miotal bunúsach) (125). Rinneadh na luachanna a choigeartú tríd an innéacs praghsanna táirgeoirí intíre, arna fhoilsiú ag institiúid staidrimh na Tuirce, a úsáid mar dhíbhoilsceoir (126).

3.5.3.   Leictreachas

(261)

Chun an praghas tagarmhairc le haghaidh leictreachais a bhunú, d’úsáid an Coimisiún praghsanna leictreachais do chuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíocha) sa Tuirc a d’fhoilsigh institiúid staidrimh na Tuirce (127). Bunaíodh an tagarmharc ar bhonn phraghas an leictreachais a foilsíodh an 25 Márta 2020. Is don dara seimeastar de 2019 a thagair an praghas. D’úsáid an Coimisiún na sonraí maidir le praghsanna leictreachais tionsclaíocha sa bhanda tomhaltais atá comhfhreagrach do 2 000 ≤ T < 20 000 MWh i gcás tomhaltóirí meánmhéide agus > 150 000 MWh i gcás tomhaltóirí an-mhór.

3.5.4.   Gás

(262)

Chun an tagarmharc le haghaidh gáis a bhunú, d’úsáid an Coimisiún praghsanna gáis do chuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíocha) sa Tuirc a d’fhoilsigh institiúid staidrimh na Tuirce. Bhí difríocht sna praghsanna de réir mhéid an tomhaltais (128). D’úsáid an Coimisiún na praghsanna comhfhreagracha do thomhaltóirí meánmhéide nó móra. Bhain an Coimisiún úsáid as na sonraí is déanaí a bhaineann leis an dara seimeastar de 2019 mar thagarmharc.

(263)

I gcás an leictreachais agus an gháis araon, bhain an Coimisiún úsáid as praghsanna ar an nglanleibhéal (gan CBL).

3.5.5.   Uisce

(264)

Is iad Riarachán Uisce agus Séarachais Iostanbúl (ISKI), Riarachán Uisce agus Séarachais Eskişehir agus Riarachán Uisce agus Séarachais Antalya a fhoilsíonn praghas an uisce sa Tuirc (129). Chun an praghas tagarmhairc a bhunú le haghaidh uisce, d’úsáid an Coimisiún meánphraghas tionscail i réigiún Iostanbúl, i Limistéar Tionsclaíoch Eagraithe Eskişehir (OIZ) agus praghsanna i Limistéar Tionsclaíoch Eagraithe Antalya a raibh an fhaisnéis ábhartha ar fáil go poiblí ina leith.

3.5.6.   SG&A agus brabúis

(265)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den Bhunrialachán, “ní mór méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costas riaracháin, díola agus ginearálta agus i gcomhair brabús a bheith san áireamh sa ghnáthluach comhdhéanta”.

(266)

Chun méid neamhshaofa agus réasúnta a bhunú le haghaidh SG&A agus brabúis, d’úsáid an Coimisiún SG&A agus brabús na gcúig chuideachta sa Tuirc, a sainaithníodh san imscrúdú frithdhumpála lena gcumhdaítear an táirge comhchosúil i.e. táirgí easbhrúite alúmanaim mar a mhínítear in aithrisí (239)-(241). Dá bhrí sin, bhain an Coimisiún úsáid as na figiúirí céanna a bhain le sonraí airgeadais 2018 agus a úsáideadh sa rialachán le déanaí lena bhforchuirtear bearta sealadacha ar an táirge sin san imeacht frithdhumpála atá ar siúl faoi láthair maidir le heasbhrúnna alúmanaim (130). Ba iad seo a leanas na cúig chuideachta a úsáideadh:

(1)

Alugen Aluminyum Sanayi Ve Ticaret Anonim Sirketi,

(2)

Eksal Aluminyum Kalip Sanayi Ve Ticaret Limited Sirketi,

(3)

Gensa Aluminyum Sanayi Ve Ticaret Anonim Sirketi,

(4)

Onat Aluminyum Sanayi Ticaret Anonim Sirketi, agus,

(5)

Okyanus Aluminyum Sanayi Ticaret Anonim Sirketi.

(267)

Baineadh úsáid as an leibhéal céanna den mheánbhrabús ualaithe de 7,2 % agus den mheánchoibhneas ualaithe de chostais SG&A de 12,2 % san imscrúdú seo.

3.5.7.   An gnáthluach a ríomh

(268)

Bunaithe ar na praghsanna agus na tagarmharcanna neamhshaofa a thuairiscítear thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a chomhdhéanamh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais dhírigh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den Bhunrialachán.

(269)

Chun costais neamhshaofa na monaraíochta a bhunú do gach eintiteas dlíthiúil a mhonaraíonn agus a onnmhairíonn an táirge atá faoi imscrúdú, rinne an Coimisiún, le haghaidh gach táirgeora onnmhairiúcháin, na tosca táirgeachta a shainaithnítear i dTábla 2 a chur in áit na dtosca a ceannaíodh ó pháirtithe gaolmhara agus ó pháirtithe neamhghaolmhara araon.

(270)

D’áitigh Nanshan Group gur cheart gnáthluach an Ghrúpa a ríomh ar bhealach comhdhlúite i.e. níor cheart don Choimisiún ach breithniú a dhéanamh ar phraghsanna tagarmhairc a bhí le cur in ionad phraghsanna na dtosca táirgeachta, tosca a bhí á gceannach ag an nGrúpa ag tús an phróisis táirgthe ó pháirtí neamhghaolmhar. Dá bhrí sin, mheas sé gur cheart don Choimisiún neamhaird a thabhairt ar dhíolacháin inghrúpa na dtáirgí idirmheánacha. Rinne Nanshan Group tagairt go háirithe do chleachtas an Choimisiúin maidir leis an gcoincheap “eintiteas eacnamaíoch aonair” chun críche an praghas onnmhairiúcháin a bhunú. D’áitigh an Grúpa go háirithe go raibh na cuideachtaí go léir laistigh den Ghrúpa faoi rialú ag eintiteas dlíthiúil amháin, nach raibh aon chonradh scríofa le haghaidh díolacháin idir na cuideachtaí, go raibh na cuideachtaí lonnaithe sa tsaoráid chéanna nó in aice láimhe, nach raibh aon fhorluí idir na cineálacha táirgeachta, go bhfuil an táirgeadh iartheachtach ag brath ar an táirgeadh réamhtheachtach, agus ar deireadh, nach bhfuil díolacháin onnmhairiúcháin neamhspleácha ag na cuideachtaí.

(271)

Thug an Coimisiún faoi deara go raibh táirgeadh na gcineálacha éagsúla táirgí agus/nó céimeanna éagsúla sna próisis táirgthe laistigh den Ghrúpa deighilte idir na cuideachtaí laistigh den Ghrúpa, agus gur úsáid na cuideachtaí aonair na hionchuir táirgthe arna dtáirgeadh ag cuideachta ghaolmhar laistigh den ghrúpa. I measc na ndíolachán inghrúpa bhí díolacháin amhábhar (amhail leacht alúmanaim mar shampla), díolacháin fuinnimh (amhail leictreachas mar shampla) agus díolacháin an táirge faoi imscrúdú freisin a úsáideadh tuilleadh mar ionchur táirgthe ag cuideachta iartheachtach (amhail cornaí fuar-rollta arna n-úsáid ag ceann de na cuideachtaí chun scragall alúmanaim a tháirgeadh mar shampla).

(272)

Mar fhreagra, thug an Coimisiún dá aire go mbaineann éileamh Nanshan Group le ríomh gnáthluacha do na táirgeoirí onnmhairiúcháin éagsúla laistigh den ghrúpa. Nuair is eintitis éagsúla laistigh de ghrúpa a tháirgeann agus a onnmhairíonn an táirge lena mbaineann, is é cleachtas an Choimisiúin gnáthluach a bhunú do gach cineál táirge ar leith arna imscrúdú a onnmhairítear chuig an Aontas laistigh de ghrúpa cuideachtaí do gach táirgeoir onnmhairiúcháin aonair ar leithligh bunaithe ar shonraí sonracha (anseo, na tosca táirgeachta) an táirgeora onnmhairiúcháin lena mbaineann. Leis an iarraidh ar ghnáthluach a bhunú ar bhonn comhdhlúite glactar leis, go saorga, gur táirgeoir comhtháite amháin atá sa ghrúpa. Mar a míníodh thuas, ní hé seo an cás. Déanann na cuideachtaí táirgthe éagsúla sa ghrúpa an táirge atá i gceist a tháirgeadh ar leithligh. Dá bhrí sin, diúltaítear don iarratas.

(273)

Ar an gcéad dul síos, bhunaigh an Coimisiún na costais neamhshaofa bunaithe ar na tosca táirgeachta arna gceannach ag gach ceann de na cuideachtaí. Chuir sé na costais aonaid neamhshaofa i bhfeidhm ansin maidir le tomhaltas iarbhír thosca táirgeachta aonair gach ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. Laghdaigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta le costais neamhshaofa na bhfotháirgí a athúsáidtear sa phróiseas táirgthe.

(274)

Ar an dara dul síos, chun teacht ar iomlán na gcostas monaraíochta neamhshaofa, chuir an Coimisiún forchostais mhonaraíochta leis an méid sin. Na forchostais mhonaraíochta a thabhaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, tháinig méadú orthu de bharr chostais na n-amhábhar agus na dtomhaltán dá dtagraítear in aithris (250) agus dá éis sin a shloinntear mar sciar de na costais mhonaraíochta a thabhaigh gach aon táirgeoir onnmhairiúcháin. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ar na costais mhonaraíochta neamhshaofa.

(275)

Ar deireadh, leis na ríomhanna thuas chuir an Coimisiún SG&A agus brabús i bhfeidhm, arna gcinneadh ar bhonn na gcúig chuideachta Thurcacha (féach Roinn 3.5.6). Ba é 15,16 % SG&A arna shloinneadh mar chéatadán de chostas monaraíochta agus arna chur i bhfeidhm ar chostas iomlán neamhshaofa na monaraíochta. Ba é 9,07 % an brabús arna shloinneadh mar chéatadán de COGS agus arna chur i bhfeidhm ar chostas iomlán neamhshaofa na monaraíochta.

(276)

Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún an gnáthluach in aghaidh an chineáil táirge ar bhonn díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den Bhunrialachán.

3.5.8.   Praghas onnmhairiúcháin

(277)

Nuair a d’onnmhairigh táirgeoirí onnmhairiúcháin samplála Nanshan Group an táirge lena mbaineann chuig an Aontas go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha nó trí chuideachtaí gaolmhara atá lonnaithe sa tSín nó i dtríú tíortha, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas iarbhír a íocadh nó a bhí iníoctha ar an táirge lena mbaineann nuair a díoladh é lena onnmhairiú chuig an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den Bhunrialachán.

(278)

Dhíol dhá chuideachta laistigh de Nanshan Group an táirge lena mbaineann leis an Aontas trí chuideachta ghaolmhar bhreise san Aontas a bhí ag gníomhú mar allmhaireoir. I gcás na ndíolachán sin, ríomhadh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais ar ar athdhíoladh an táirge allmhairithe den chéad uair le custaiméirí neamhspleácha san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den Bhunrialachán. Rinneadh na coigeartuithe a bhaineann leis na costais go léir a tabhaíodh idir allmhairiú agus athdhíol, lena n-áirítear speansais SG&A agus brabúis, chun praghas onnmhairiúcháin iontaofa a bhunú ar leibhéal teorann an Aontais.

(279)

Rinne cuideachta eile a samplaíodh, Xiamen Xianshun, na táirgí go léir lena mbaineann a onnmhairiú go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha san Aontas. Dá réir sin, le haghaidh na ndíolachán sin, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas a íocadh iarbhír nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas é, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den Bhunrialachán.

3.5.9.   Comparáid

(280)

Rinne an Coimisiún comparáid idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a samplaíodh ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha.

(281)

Chun comparáid chothrom a áirithiú, rinne an Coimisiún an gnáthluach agus/nó an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú le haghaidh difríochtaí lenar ndearnadh difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den Bhunrialachán. Rinneadh coigeartuithe ar an bpraghas onnmhairiúcháin maidir le hiompar, árachas, láimhseáil agus luchtú, pacáistiú, lascainí, costais chreidmheasa, muirir bhainc agus muirir eile ar allmhairí.

(282)

Gach díolachán onnmhairiúcháin den táirge lena mbaineann a rinne Nanshan Group, onnmhairíodh iad sin trí chuideachta trádála intíre ar lánúinéireacht sa tSín, a dhíol go díreach le custaiméirí neamhspleácha nó trí chuideachta trádála ghaolmhar i Singeapór. Mhaígh an Nanshan Group gur ghníomhaigh an chuideachta trádála intíre mar an roinn díolacháin inmheánach de na cuideachtaí táirgthe. Bunaithe ar mheasúnú ar an bhfianaise atá ar fáil faoi láthair, ghlac an Coimisiún leis an éileamh ar bhonn sealadach agus ní dhearnadh aon choigeartú faoi Airteagal 2(10)(i).

(283)

D’onnmhairigh Jiangsu Alcha Group táirgeadh uile an táirge lena mbaineann trí thrádálaithe gaolmhara sa tSín agus i Hong Cong. Dhíol ceann de na cuideachtaí laistigh de Nanshan Group an táirge lena mbaineann go páirteach leis an Aontas trí thrádálaí gaolmhara i Singeapór, mar a luaitear san aithris roimhe seo. Dá bhrí sin, i gcás na ndíolachán sin, rinne an Coimisiún coigeartú ar phraghsanna onnmhairiúcháin na gcuideachtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 2(10)(i) den Bhunrialachán toisc go raibh na trádálaithe sin ag gníomhú mar ghníomhairí a bhí ag obair ar bhonn coimisiúin. B’ionann an coigeartú agus SG&A agus brabús an trádálaí.

3.5.10.   Corrlach dumpála

(284)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin a samplaíodh, rinne an Coimisiún comparáid idir gnáth-mheánluach ualaithe gach cineáil de chuid an táirge chomhchosúil agus meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe chineál chomhfhreagrach an táirge lena mbaineann chun an corrlach dumpála a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den Bhunrialachán.

(285)

I gcás na gcuideachtaí laistigh de Nanshan Group, ríomh sé corrlaigh dumpála aonair le haghaidh gach cuideachta laistigh den Ghrúpa agus ansin, ríomh sé corrlach dumpála ualaithe le haghaidh an Ghrúpa féin.

(286)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla, ríomh an Coimisiún an meánchorrlach dumpála ualaithe i gcomhréir le hAirteagal 9(6) den Bhunrialachán. Dá bhrí sin, bunaíodh an corrlach ar bhonn chorrlaigh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a samplaíodh.

(287)

Ar an mbonn sin, is é 67,1 % corrlach dumpála sealadach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla.

(288)

Maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin eile sa tSín, bhunaigh an Coimisiún an corrlach dumpála ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Bhunrialachán. Chuige sin, chinn an Coimisiún leibhéal comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. Is ionann an leibhéal comhair agus méid onnmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chuig an Aontas arna shloinneadh mar chion den mhéid onnmhairí iomlán — mar a tuairiscíodh i staidreamh allmhairiúcháin Eurostat — ón tír lena mbaineann chuig an Aontas.

(289)

Tá an leibhéal comhair sa chás seo íseal toisc nach raibh in onnmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha ach thart ar 40 % d’onnmhairí iomlána chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún gurb iomchuí an corrlach dumpála ar fud na tíre is infheidhme maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríoch eile a bhunú ar leibhéal an chorrlaigh is airde a leagtar síos do chineálacha táirgí a dhíoltar i gcainníochtaí ionadaíocha ar bhonn shonraí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. Ba é 183,3 % an corrlach dumpála a bunaíodh dá réir sin.

(290)

Is mar seo a leanas atá na corrlaigh shealadacha dumpála, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CIF ag teorainn an Aontais, agus an dleacht neamhíoctha:

Cuideachta

Corrlach dumpála sealadach

Jiangsu Alcha Aluminum Group Co., Ltd.

88,3 %

Nanshan Group

122,1 %

Xiamen Xiashun Aluminium Foil Co., Ltd.

30,0 %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

68,5 %

Gach cuideachta eile

183,7 %

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Réamhbharúil

(291)

Mar a léirítear in aithrisí (50) go (52), tháinig deireadh leis an idirthréimhse do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe an 31 Nollaig 2020 agus scoir an Ríocht Aontaithe de bheith faoi réir dhlí an Aontais amhail ón 1 Eanáir 2021. Dá bhrí sin, d’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara faisnéis nuashonraithe a chur ar fáil ar bhonn AE27. I bhfianaise gach a raibh déanta sa chéim shealadach tráth a iarradh na sonraí nuashonraithe sin, cé is moite den sladghearradh, bunaíodh torthaí sealadacha an Choimisiúin ar shonraí AE28, ar na cúiseanna a mhínítear sa chéad aithris eile.

(292)

Chinn an Coimisiún go sealadach go raibh sonraí AE28 iomchuí ag an gcéim seo tar éis dó anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis ar comhad. Is amhlaidh atá toisc nach raibh ach tionchar teoranta ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar an anailís díobhála. Maidir leis na táirgeoirí a samplaíodh, ba lú ná 5 % dá ndíolacháin iomlána le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas iad díolacháin na dtáirgeoirí sin leis an Ríocht Aontaithe. Níl ach táirgeoir amháin táirgí cothrom-rollta alúmanaim lonnaithe sa Ríocht Aontaithe. D’fhan na honnmhairí ón tSín chuig an Ríocht Aontaithe cobhsaí agus tháinig forbairt orthu i gcomhréir le honnmhairí chuig an Aontas Eorpach, agus d’fhan onnmhairí na Ríochta Aontaithe go dtí an tAontas cobhsaí freisin.

(293)

I gcás ar bith, déanfar na torthaí maidir le díobháil, cúisíocht agus leas an Aontais a athmheasúnú ag céim chinntitheach ar bhonn shonraí AE27 agus leasófar iad, más gá. Nochtfar na torthaí sin agus beidh deis ag na páirtithe a dtuairimí a thabhairt.

4.2.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeadh an Aontais

(294)

Rinne níos mó ná fiche táirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse imscrúdaithe. Is iad “tionscal an Aontais” iad de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(295)

Maidir le táirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe, bunaíodh é ag thart ar 1 907 127 tonna. Bhunaigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn shonraí táirgthe an Aontais maidir le hAlúmanam Eorpach, a ndearnadh cros-seiceáil air maidir le hiontaofacht agus iomláine le faisnéis arna soláthar ag táirgeoirí an Aontais lena n-áirítear sonraí faoi tháirgeoirí an Aontais a samplaíodh. Mar a léirítear in aithris (35), roghnaíodh trí tháirgeoir ón Aontas sa sampla is ionann agus thart ar 35 % de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil.

4.3.   Margadh ábhartha an Aontais a Chinneadh

(296)

Chun a shuíomh cé acu ar bhain nó nár bhain díobháil do thionscal an Aontais agus chun an tomhaltas agus na táscairí eacnamaíocha éagsúla i ndáil le staid an tionscail de chuid an Aontais a chinneadh, scrúdaigh an Coimisiún ar ghá, agus a mhéid ar ghá, an úsáid a bhainfí as táirgeacht thionscal an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil a chur san áireamh san anailís.

(297)

Chun léargas a bhí chomh hiomlán agus is féidir a sholáthar ar thionscal an Aontais, fuair an Coimisiún sonraí le haghaidh na gníomhaíochta iomláine maidir le AFRPanna agus chinn sé an raibh an táirgeacht dírithe ar úsáid faoi chuing nó ar an saormhargadh.

(298)

Chinn an Coimisiún go raibh cuid an-bheag de tháirgeacht iomlán tháirgeoirí an Aontais ceaptha don mhargadh faoi chuing mar a léirítear i dTábla 3 thíos. Tháinig méadú ar an margadh faoi chuing le linn na tréimhse a breithníodh ach d’fhan sé ag leibhéil an-íseal, faoi 1,5 % de thomhaltas. I gcás inarb iomchuí, cuirtear na figiúirí don mhargadh faoi chuing ar fáil agus déantar measúnú ar leithligh orthu. Le haghaidh na táscairí eile, amhail táirgeadh, acmhainneacht, táirgeacht, fostaíocht agus pá, baineann na figiúirí a breithníodh thíos leis an ngníomhaíocht iomlán agus dá bhrí sin níor ghá aon scaradh.

(299)

Faoi mar a luadh i Roinn 2.3.1, d’iarr an táirgeoir onnmhairiúcháin Huafon nár sampláladh go ndéanfaí AFRPanna HEX mótarfheithiclí a eisiamh ó raon feidhme táirge an imscrúdaithe seo. In éagmais eisiamh den sórt sin, d’iarr sé anailís rannach shonrach maidir le dumpáil, díobháil, nasc cúisíoch agus leas an Aontais i gcás na AFRPanna HEX mótarfheithiclí. Mar thaca leis an iarratas sin, mhaígh sé gur léirigh AFRPanna HEX mótarfheithiclí cosúlachtaí le cásanna na rothaí alúmanaim (131), i gcás ina sainaithníodh bealaí dáileacháin éagsúla (Déantóir Trealaimh Bunaidh vs. margadh iardhíola), agus dá bhrí sin, bhí gá le hanailís in aghaidh na deighleoige a dhéanamh. Tagraítear dó sna tuarascálacha ón gComhlacht Achomhairc an tSín – HP-SSST (an tSeapáin)/an tSín – HP-SSST (AE) (132) gan míniú cruinn, dá bhrí sin, a thabhairt ar conas a bheadh feidhm ag an gcásdlí seo maidir le fíricí an cháis seo.

(300)

Mar a mhínítear in aithrisí (62) go (80), fuarthas amach go raibh na buntréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha céanna ag baint le AFRPanna HEX mótarfheithiclí le AFRPanna eile agus, dá bhrí sin, tháinig siad faoi raon feidhme táirge an imscrúdaithe. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin nach raibh aon fhorais leas an Aontais ann chun an táirge a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe.

(301)

A mhéid a bhaineann leis an tagairt do na rothaí alúmanaim, níl aon línte deighilte soiléire idir AFRPanna HEX mótarfheithiclí agus AFRPanna eile i dtéarmaí bealaí dáileacháin. Go deimhin, mar a mhínítear in aithris (74), ní hiad AFRPanna HEX mótarfheithiclí na táirgí aonair atá ceaptha don tionscal mótarfheithiclí. Cumhdaíonn an táirge atá faoi imscrúdú táirgí mótarfheithicleacha eile, amhail páirteanna struchtúracha le haghaidh feidhmeanna mótarfheithiclí (ceannas, comhpháirteanna), a dhíoltar freisin le soláthraithe Leibhéal 1.

(302)

Chomh maith leis sin, cé nach ndearna an táirgeoir onnmhairiúcháin sin tagairt d’eilimintí sonracha den tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc in HP-SSST dá dtagraítear in aithris (299), tá na fíricí san imscrúdú reatha éagsúil. Sa chás dá dtagraítear, bhí na difríochtaí praghais idir na gráid éagsúla atá i gceist an-suntasach (+ 100 nó + 200 %). Os a choinne sin, sa chás reatha, níl aon difríocht shuntasach idir praghsanna AFRPanna HEX mótarfheithiclí agus AFRPanna eile a léireodh líne shoiléir roinnte idir an táirge seo agus AFRPanna eile. Dá bhrí sin, tá feidhm ag an anailís in HP-SSST maidir le cás sonrach fíorasach sa chás sin, agus ní féidir í a eachtarshuí sa chás seo, i gcás ina ndearnadh an anailís ar bhonn PCNanna. Meabhraítear nach gcuireann údarás imscrúdúcháin na Síne modh comparáide PCN i bhfeidhm. Ar chaoi ar bith, níl aon oibleagáid dhlíthiúil ar an gCoimisiún anailís deighleoige a dhéanamh i ngach cás ar leith, beag beann ar na himthosca fíorasacha – ní sa Bhunrialachán ná i gComhaontú Frithdhumpála na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT), agus níl aon ní sna tuarascálacha HP-SSST a thabharfadh le fios go raibh an Comhlacht Achomhairc i seasamh amhlaidh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don iarratas sin ar anailís deighleoige ar leith a dhéanamh.

(303)

Mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin samplála Xiamen Xiashun nach raibh sé i gceist leis an ngearán stoc scragaill a chumhdach. D’iarr an táirgeoir onnmhairiúcháin anailís deighleoige ar leith a dhéanamh ar an bhforas go raibh an stoc scragaill éagsúil ó na táirgí eile a ndéantar cur síos orthu mar leatháin choiteanna agus gur díoladh é trí bhealach dáileacháin difriúil. Mhaígh sé freisin gur dhíol an-bheag cuideachtaí stoc scragaill agus gur táirgeadh sa mhargadh faoi chuing den chuid is mó é agus gur ídíodh den chuid is mó ann é. Mar thaca leis an iarratas sin, mhaígh sé gur léirigh an stoc scragaill mótarfheithiclí cosúlachtaí le cásanna na rothaí alúmanaim (133), inar aithníodh bealaí dáileacháin éagsúla (Monaróir Trealaimh Bunaidh vs. margadh iardhíola), rud a fhágann gur ghá anailís in aghaidh na deighleoga a dhéanamh. Thagair sé freisin do thuarascálacha an Chomhlachta Achomhairc an tSín – HP-SSST (an tSeapáin)/an tSín – HP-SSST (AE) (134) gan a bheith níos sonraí. Ar deireadh, d’áitigh sí nach raibh sé liostaithe mar tháirgeoir sa ghearán agus nár luadh a chuid táirgí go soiléir.

(304)

Ní chiallaíonn sé toisc nach raibh táirgeoir liostaithe mar tháirgeoir onnmhairiúcháin ag an ngearánach ní hionann sin agus a rá nach mbaineann imeacht leis nó nach gcumhdaítear a chuid táirgí leis an imeacht. Go deimhin, tá sé nádúrtha nach bhfuil gearánaigh ar an eolas faoi na táirgeoirí go léir atá ann cheana i dtír áirithe agus, dá bhrí sin, ní féidir a bheith ag súil leis go mbeidh an liosta a chuirtear ar fáil ar an gcaoi sin uileghabhálach.

(305)

Tagann stoc scragaill faoin sainmhíniú ar raon feidhme an táirge, mar a shainmhínítear sna haithrisí (55) go (61) thuas é, agus is féidir é a aicmiú trí úsáid a bhaint as códú an táirge dá bhforáiltear san imscrúdú maidir le tiús, foirm, ábhar a úsáidtear, bailchríochnú agus meon. Tá na buntréithe ceimiceacha, teicniúla agus fisiceacha céanna aige agus atá ag AFRPanna eile mar go bhfuil siad comhdhéanta de níos mó ná 95 % d’fhíor-alúmanam. Ina theannta sin, tá siad déanta as na cóimhiotail chéanna nó as cóimhiotail chomhchosúla agus tá an bailchríochnú, an meon agus an tiús céanna nó comhchosúil acu le AFRPanna eile.

(306)

A mhéid a bhaineann leis na bealaí dáileacháin, níl aon línte deighilte soiléire idir stoc scragaill agus AFRPanna eile. Ina maíomh, rinne Xiamen Xiashun tagairt do chás na rothaí alúmanaim (135) i gcás ina ndearnadh idirdhealú idir OEM agus deighleoga margaidh iardhíola sa mhargadh. Mar sin féin, tá an cás i gceist difriúil ó tharla nach ndíoltar stoc scragaill le deighleog eile den mhargadh ó AFRPanna eile. Cé go bhfuil a sonraíochtaí féin ag stoc scragall, cosúil le AFRPanna eile, díoltar an táirge sin le húsáideoirí tionsclaíocha a dhéanfaidh é a phróiseáil ina tháirge difriúil. Is fíor sin i gcás uasteorainneacha PP, mar shampla, a dhéanfar as AFRPanna. Ina theannta sin, léiríodh san imscrúdú gur dhíol táirgeoirí an Aontais méid suntasach den táirge sin. Ar an gcaoi chéanna, dhíol táirgeoirí samplála de chuid an Aontais na táirgí arna n-onnmhairiú ag táirgeoirí samplála eile, beag beann ar a ndeighleog líomhnaithe. Ina theannta sin, murab ionann agus an tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc maidir le HP-SSST, sa chás reatha, níl aon difríocht shuntasach praghais ann idir stoc scragaill agus AFRPanna eile a ndéanfadh idirdhealú soiléir idir an táirge seo agus AFRPanna eile. Meabhraítear freisin nach gcuireann údarás imscrúdúcháin na Síne modh comparáide PCN i bhfeidhm. Ina theannta sin, mar a luaitear in aithris (302), níl aon oibleagáid dhlíthiúil ar an gCoimisiún anailís in aghaidh na deighleoige a dhéanamh i ngach cás, beag beann ar na himthosca fíorasacha – ní sa Bhunrialachán ná i gComhaontú Frithdhumpála na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) agus níl aon ní in HP-SSST a thabharfadh le fios gur ghlac an Comhlacht Achomhairc an seasamh sin. Ar an mbonn sin, dhiúltaigh an Coimisiún don iarratas sin ar anailís ar chuid ar leith.

(307)

D’iarr an t-allmhaireoir Airoldi anailís ar leith deighleán idir cóimhiotail bhoga agus chrua á rá go raibh go leor táirgeoirí cóimhiotal bog AFRPanna agus nach raibh ach líon beag táirgeoirí ann do chóimhiotail chrua. Mhaígh sé freisin nach raibh acmhainneacht táirgeachta leordhóthanach ann do chóimhiotail chrua.

(308)

Níor thug Airoldi aon fhianaise go raibh ganntanas soláthair ann do chóimhiotail chrua AFRPanna. Chomh maith leis sin, léirigh an t-imscrúdú go bhfuil na buntréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha céanna ag AFRPanna a dhéantar as cóimhiotail chrua nó bhoga le AFRPanna eile atá cumhdaithe ag an sainmhíniú. I gcás ar bith, monaraíonn na trí tháirgeoir samplála de chuid an Aontais cóimhiotail bhoga agus chrua araon a mhonarú i gcainníochtaí suntasacha. Chomh maith leis sin, is tréith amháin é meon dá bhforáiltear sa sainmhíniú ar na cineálacha éagsúla táirgí a bhaineann leis an imscrúdú seo. Dá bhrí sin, gabhadh, in aon chás, na difríochtaí líomhnaithe i dtáirgí den sórt sin sa chomparáid idir na praghsanna. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don iarratas sin ar anailís in aghaidh na deighleoige.

4.4.   Tomhaltas an Aontais

(309)

Bhunaigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn na sonraí Eorpacha Alúmanaim le haghaidh díolacháin ar mhargadh an Aontais móide sonraí allmhairithe ó Eurostat mar a shainmhínítear in aithris (312).

(310)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais:

Tábla 3

Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Tomhaltas iomlán an Aontais

2 623 119

2 772 585

2 659 616

2 403 637

Innéacs

100

106

101

92

Margadh faoi chuing

19 347

29 987

34 953

33 204

Innéacs

100

155

181

172

An saormhargadh

2 603 772

2 742 598

2 624 664

2 370 433

Innéacs

100

105

101

91

Foinse: European Aluminium agus Eurostat

(311)

Tháinig laghdú 9 % ar thomhaltas saormhargaidh san Aontas le linn na tréimhse a breithníodh. Ó 2017 go 2018 tháinig méadú 6 % ar mhargadh an Aontais ó thart ar 2,6 milliún tona go 2,7 milliún tona sular tháinig laghdú 4 phointe céatadáin air in 2019 agus gur laghdaíodh é tuilleadh go 2,4 milliún tona le linn na tréimhse imscrúdaithe. Tháinig treocht chomhchosúil ar thomhaltas iomlán an Aontais agus tháinig méadú air in 2018 agus tháinig laghdú air ina dhiaidh sin in 2019, laghdú a lean ar aghaidh sa tréimhse imscrúdaithe de dheasca phaindéim COVID-19.

4.5.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

4.5.1.   Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(312)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí bunaithe ar shonraí coigeartaithe Eurostat maidir leis na cóid AC de réir na modheolaíochta neamhchonspóidithe a mhol an gearánach. Rinne an Coimisiún seiceáil agus deimhnigh sé meastacháin an ghearánaigh maidir le cion an táirge i gceist i méideanna a allmhairíodh faoi na cóid AC a luaitear san Fhógra Tionscnaimh (136).

(313)

Chomh maith leis sin, tar éis fhoilsiú an fhógra leasaithigh dá dtagraítear i bhfonóta 11, cuireadh allmhairí faoi chód AC 7607 19 90 san áireamh freisin chun méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann a shuíomh. Suíodh sciar an mhargaidh d’allmhairí ar bhonn mhéid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann i gcomparáid le méid iomlán tomhaltais an Aontais mar a léirítear i dTábla 3.

(314)

Sa bhreis ar an anailís ar allmhairí foriomlána, rinne an Coimisiún anailís ar leithligh ar allmhairí atá faoi phróiseáil isteach, i bhfianaise sciar suntasach na n-allmhairí sin sa chás i dtrácht.

(315)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar allmhairí ón tír lena mbaineann:

Tábla 4

Méid na n-allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann (tonaí)

160 869

321 851

345 720

265 727

Innéacs

100

200

215

165

Méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann faoi chóras próiseála isteach (tonaí)

15 588

108 188

104 054

60 824

Innéacs

100

694

668

390

Méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann gan próiseáil isteach a áireamh

145 281

213 662

241 666

204 904

Innéacs

100

147

166

141

Sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann (%)

6,2

11,7

13,2

11,2

Innéacs

100

190

213

181

Sciar den mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann faoi chóras próiseála isteach (%)

0,6

3,9

3,9

2,5

Innéacs

100

657

658

426

Sciar den mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann gan próiseáil isteach a áireamh (%)

5,5

7,7

9,1

8,5

Innéacs

100

139

164

154

Foinse: Eurostat

(316)

Tháinig méadú níos mó na dhá oiread ar allmhairí ón tír lena mbaineann idir 2017 agus 2019 agus shroich siad 345 720 tona sular tháinig laghdú 23 % orthu idir 2019 agus an tréimhse imscrúdaithe. Tháinig méadú 65 % ar allmhairí AFRPanna foriomlána ón tSín le linn na tréimhse a breithníodh.

(317)

Tháinig méadú suntasach ar allmhairí ón tír lena mbaineann atá faoi phróiseáil isteach in 2018 agus shroich siad 108 188 tona sular tháinig laghdú beag orthu in 2019 agus i gcion i bhfad níos mó (laghdú 278 phointe céatadáin) sa tréimhse imscrúdaithe. Ar an iomlán, tháinig méadú 290 % ar allmhairí AFRPanna ón tSín faoi chóras próiseála isteach le linn na tréimhse a breithníodh.

(318)

Tháinig méadú ollmhór ar allmhairí ón tír lena mbaineann, gan próiseáil isteach a áireamh, idir 2017 agus 2018 ó 145 281 tona go dtí 213 662. In 2019, murab ionann agus allmhairí faoi phróiseáil isteach agus allmhairí iomlána ón tír lena mbaineann, tháinig méadú 19 phointe céatadáin arís i gcomparáid le 2018. Le linn na tréimhse imscrúdaithe, tháinig laghdú 36 762 tona uirthi. Tháinig méadú 41 % ar allmhairí foriomlána den sórt sin le linn na tréimhse a breithníodh.

(319)

Rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin Xiamen Xiashun trácht ar éabhlóid na n-allmhairí faoi chód AC 7606 11 99 isteach sa Ghréig idir 2019 agus 2020 agus cheistigh sé ar tháinig na táirgí a tuairiscíodh faoin gcód sin, a mhéid a bhain le hallmhairí isteach sa Ghréig, faoi raon feidhme an táirge.

(320)

Rinne an Coimisiún imscrúdú ar an ábhar ach ní raibh sé in ann teacht ar chonclúidí fóinteacha ag an gcéim shealadach. I gcás ar bith, dealraíonn sé go ndearnadh sciar suntasach d’allmhairí Síneacha isteach sa Ghréig faoi chód AC 7606 11 99 agus ar bhonn níos ginearálta, isteach san Aontas, agus gur faoi chóras próiseála isteach a tháinig siad isteach sa tréimhse 2018-2019 agus tháinig laghdú suntasach orthu sa tréimhse imscrúdaithe. Leanfaidh an Coimisiún lena imscrúdú ar an ábhar seo ag céim chinntitheach.

(321)

D’ardaigh sciar an mhargaidh d’allmhairí ón tír lena mbaineann den chéad uair ó 6,1 % in 2017 go dtí 11,6 % in 2018 agus dá bhrí sin níor méadaíodh an méadú ar thomhaltas. In 2019, cé gur laghdaíodh an tomhaltas, tháinig méadú breise ar allmhairí ón tír lena mbaineann, rud a d’fhág go raibh sciar de 13,2 % den mhargadh ann. Laghdaíodh sciar den mhargadh go 11,2 % le linn na tréimhse imscrúdaithe. Ar an iomlán, tháinig méadú 5 phointe céatadáin, áfach, ar sciar den mhargadh maidir le hallmhairí ón tír lena mbaineann le linn na tréimhse a breithníodh, rud arb ionann é agus méadú 81 %.

(322)

Tháinig méadú ar an sciar den mhargadh na n-allmhairí faoi chóras próiseála isteach ón tír lena mbaineann ó 0,6 % in 2017 go 3,9 % in 2018 agus 2019 sular laghdaigh sé go 2,5 % sa tréimhse imscrúdaithe.

(323)

Tháinig méadú ar an sciar den mhargadh na n-allmhairí gan próiseáil isteach a áireamh ón tír lena mbaineann ó 5,5 % in 2017 go 9,1 % in 2019. Sa thréimhse imscrúdaithe, anuas ar laghdú ar allmhairí den sórt sin agus ar thomhaltas, tháinig laghdú go pointe níos mó go 8,5 % ar sciar an mhargaidh d’allmhairí gan próiseáil isteach a chur san áireamh. Ar an iomlán, tháinig méadú 54 % ar sciar den mhargadh den sórt sin le linn na tréimhse a breithníodh.

4.5.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(324)

Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat, agus cóid AC agus an modheolaíocht a luaitear in aithrisí (312) agus (313) á n-úsáid.

(325)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mheánphraghas ualaithe allmhairí ón tír lena mbaineann:

Tábla 5

Praghsanna allmhairí ón tír lena mbaineann (EUR/tonaí)

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Allmhairí uile

2 437

2 296

2 177

2 205

Innéacs

100

94

89

91

Próiseáil isteach

2 856

2 139

1 968

2 098

Innéacs

100

75

69

73

Allmhairí gan próiseáil isteach a áireamh

2 391

2 376

2 266

2 237

Innéacs

100

99

95

94

LME Alúmanam 3 Mhí – Ask (EUR/tona)

1 752

1 791

1 617

1 535

Innéacs

100

102

92

88

Foinse: Eurostat, LME

(326)

Tháinig laghdú 9 % ar mheánphraghsanna allmhairí ón tSín le linn na tréimhse a breithníodh ó EUR 2 437 go EUR 2 205 in aghaidh an tona. D’fhan na praghsanna sin go mór faoi bhun phraghsanna díolacháin an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh, mar a léirítear i dTábla 9.

(327)

Tháinig laghdú suntasach ar phraghas na n-allmhairí faoi phróiseáil isteach in 2018 nuair a tháinig méadú suntasach ar mhéid na n-allmhairí sin. Ar an iomlán, tháinig laghdú 27 % air agus d’fhan sé go mór faoi bhun an mheánphraghais allmhairiúcháin gan próiseáil isteach a chur san áireamh ó 2018 amach.

(328)

Tháinig laghdú ar phraghas na n-allmhairí, gan próiseáil isteach a chur san áireamh, ag tosú ar EUR 2 391 in aghaidh an tona ar bhonn leanúnach in 2017 agus ag sroicheadh EUR 2 237 sa thréimhse imscrúdaithe (-6 %).

(329)

Ba cheart na forbairtí sin a mheas i bhfianaise éabhlóid na n-innéacsanna domhanda alúmanaim amhail praghas reatha 3 mhí LME (“LME”) (EUR/tona) a léiríonn praghas an alúmanaim mar amhábhar agus is minic a úsáidtear é mar phointe tagartha chun praghas deiridh ARFPanna a chaibidliú. Maidir leis sin, dealraíonn sé gurbh é an comhghaol ba mhó an comhghaol idir an LME agus na praghsanna allmhairí Síneacha faoi chórais eile (0,97). Ba é an comhghaol idir an LME agus praghas na n-allmhairí faoi phróiseáil isteach an comhghaol ba ísle (0,5). Le linn na tréimhse imscrúdaithe, ar bhonn mheánphraghsanna an Aontais i dTábla 9 thíos, bhí difríocht praghais thart ar 18 % idir allmhairí ón tSín agus praghsanna an Aontais i gcomparáid leis an meánphraghas allmhairiúcháin ón tSín agus tuairim is 17 % i gcomparáid leis an meánphraghas allmhairiúcháin ón tSín, gan próiseáil isteach a chur san áireamh.

(330)

Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdaithe (137) tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid:

(a)

na meánphraghsanna díola ualaithe in aghaidh chineál táirge na dtáirgeoirí samplála de chuid an Aontais, rud a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú de réir leibhéal díreach ón monarcha; agus

(b)

meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha in aghaidh an chineáil táirge a allmhairítear ón tSín chuig an gcéad chustaiméir neamhspleách ar mhargadh an Aontais, arna mbunú ar bhonn costais, árachais agus last-táille (CAL), mar aon le coigeartuithe iomchuí ar dhleachtanna custaim agus ar chostais iar-allmhairiúcháin (138).

(331)

Rinneadh an chomparáid praghsanna ar bhonn cineál ar chineál idirbhearta ar an leibhéal trádála céanna, arna gcoigeartú go cuí i gcás inar gá, agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint. Sloinneadh toradh na comparáide ina chéatadán de láimhdeachas na dtáirgeoirí samplála de chuid an Aontais le linn na thréimhse imscrúdaithe. Léirigh sé meánchorrlach sladghearrtha ualaithe idir 4,6 % agus 11,2 % de réir na n-allmhairí ón tír lena mbaineann ar mhargadh an Aontais. Ba é 7,5 % an meán ualaithe sladghearrtha a aimsíodh.

(332)

Mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin Xiamen Xiashun, ar bhonn shaintréithe PCN, go mbeadh stoc scragaill cosúil le stoc eití, uasteorainn PP agus leatháin liteagrafacha. Mhaígh sé freisin i bhfianaise a úsáide mar amhábhar do mhuilte scragall rollta, d’ordaigh an táirge seo praghas difriúil ó na cineálacha táirgí thuasluaite. D’iarr Xiamen Xiashun ar an gCoimisiún a gconarthaí agus a bpraghsanna ar dhíol stoic scragaill go sonrach a fháil ó tháirgeoirí an Aontais agus na praghsanna sin a chur i gcomparáid leis na praghsanna a ghearr Xiamen Xiashun ar an stoc scragaill a dhíol sé leis an Aontas.

(333)

Mar sin féin, níor chuir Xiamen Xiashun fianaise ar fáil maidir leis an difríocht sa phraghas a líomhnaítear a bheith idir na feidhmeanna éagsúla (stoc eití, uasteorainn PP agus leathán liteagrafaíoch) agus na samhlacha a d’onnmhairigh sé chuig an Aontas. Ina theannta sin, ní dhearna sé cainníochtú ar na difríochtaí sin. I gcás ar bith, níor cuireadh táirgí Xiamen Xiashun i gcomparáid le stoc eití ná le leatháin liteagrafacha toisc nár díoladh táirgí den sórt sin ag táirgeoirí samplála an Aontais faoin táirge céanna lena gcódaítear an stoc scragaill. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

4.6.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.6.1.   Barúlacha Ginearálta

(334)

I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den Bhunrialachán, sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar thionscal de chuid an Aontais, áiríodh meastóireacht ar na táscairí eacnamaíocha uile a raibh baint acu le staid an tionscail de chuid an Aontais le linn na tréimhse a measadh.

(335)

Mar a luaitear in aithrisí (35) go (37), má bhain aon díobháil do thionscal an Aontais, úsáideadh sampláil chun an díobháil fhéideartha sin a chinneadh.

(336)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí a bhí sa fhreagairt ó Chomhlachas Alúmanaim na hEorpa inar cuireadh sonraí a bhaineann le táirgeoirí uile an Aontais san áireamh. Rinne an Coimisiún measúnú ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ceistneora ó na táirgeoirí samplála de chuid an Aontais. Maidir leis an dá thacar sonraí, fuarthas amach go raibh siad ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(337)

Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: an táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta, an úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, an sciar den mhargadh, an fás, an fhostaíocht, an táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin.

(338)

Is iad seo na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a thógáil.

4.6.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.6.2.1.   Táirgeadh, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainne

(339)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh:

Tábla 6

An táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

An méid táirgeachta (tonaí)

2 130 916

2 164 561

2 104 231

1 907 127

Innéacs

100

102

99

89

An acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

2 471 262

2 528 879

2 522 331

2 509 831

Innéacs

100

102

102

102

Úsáid acmhainneachta (%)

86,2

85,6

83,4

76,0

Innéacs

100

99

97

88

Foinse: European Aluminium, táirgeoirí samplála de chuid an Aontais

(340)

Tháinig méadú ar an méid táirgeachta den chéad uair in 2018 de thoradh méadú ar dhíolacháin onnmhairiúcháin agus ar mhargadh faoi chuing. Tháinig laghdú air in 2019 agus arís le linn na tréimhse imscrúdaithe. Tháinig laghdú 11 % ar an méid táirgeachta le linn na tréimhse a breithníodh.

(341)

Tháinig méadú beag ar acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse a breithníodh. De réir mar a laghdaigh an méid táirgeachta ar an iomlán agus de réir mar a tháinig méadú beag ar an acmhainn, léiríonn úsáid na hacmhainne treocht anuas (-12 %) thar an tréimhse a breithníodh.

4.6.2.2.   An méid díolacháin agus an sciar den mhargadh

(342)

Thar an tréimhse a breithníodh tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas:

Tábla 7

An méid díolacháin agus an sciar den mhargadh

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Méid iomlán na ndíolachán ar mhargadh an Aontais – úsáid shaor agus faoi chuing araon (tonaí)

1 742 739

1 726 391

1 650 249

1 518 343

Innéacs

100

99

95

87

Díolacháin agus úsáid an mhargaidh faoi chuing

19 347

29 987

34 953

33 204

Innéacs

100

155

181

172

Díolacháin agus úsáid an mhargaidh faoi chuing mar % de dhíolacháin iomlána an mhargaidh

0,7

1,1

1,3

1,4

Innéacs

100

147

178

187

Díolacháin an tsaormhargaidh

1 723 392

1 696 403

1 615 297

1 485 139

Innéacs

100

98

94

86

Sciar den mhargadh (ag díolacháin an tsaormhargaidh (%)

66,2

61,9

61,5

62,7

Innéacs

100

93

93

95

Foinse: European Aluminium, Eurostat agus táirgeoirí samplála de chuid an Aontais

(343)

Tháinig laghdú anuas ar dhíolacháin iomlána san Aontas le linn na tréimhse a breithníodh (-13 %) agus bhí laghdú 5 % tagtha orthu cheana féin in 2019.

(344)

Mar a luaitear in aithris (298), bhí cuid an-bheag de tháirgeacht iomlán tháirgeoirí an Aontais ceaptha don mhargadh faoi chuing. B’ionann an chuid sin agus níos lú ná 1,5 % de thomhaltas an Aontais.

(345)

Tháinig laghdú beagnach 240 000 tona ar dhíolacháin iomlána ar an saormhargadh ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh. Cé go bhfuil méadú tagtha ar thomhaltas go dtí an leibhéal is airde in 2018 (+ 5 %), léirigh na díolacháin sin treocht anuas (-2 %) cheana féin, treocht a lean ar aghaidh in 2019 agus sa tréimhse imscrúdaithe. Tháinig laghdú 14 % ar dhíolacháin fhoriomlána ar shaormhargadh an Aontais.

(346)

Tháinig laghdú ar sciar an mhargaidh de dhíolacháin shaormhargaidh thionscal an Aontais ó 66,2 % in 2017 go 62,7 % le linn na tréimhse imscrúdaithe. Tar éis titim 7 % in 2018-2019, tháinig méadú 1.2 phointe céatadáin air.

4.6.2.3.   An fás

(347)

I gcomhthéacs tomhaltas laghdaitheach, ní hamháin go gcailleann tionscal an Aontais méideanna díolacháin san Aontas ach cailleann sé sciar den mhargadh ar an saormhargadh freisin.

4.6.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(348)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht thar an tréimhse a breithníodh:

Tábla 8

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Líon na bhfostaithe (Coibhéis Lánaimseartha)

9 025

8 518

8 644

8 240

Innéacs

100

94

96

91

Táirgiúlacht (tona/coibhéis lánaimseartha)

236

254

243

231

Innéacs

100

108

103

98

Foinse: European Aluminium agus táirgeoirí samplála de chuid an Aontais

(349)

Tháinig laghdú 9 % ar fhostaíocht le linn na tréimhse a breithníodh mar rinne tionscal an Aontais iarracht a hinbhuanaitheacht a áirithiú agus í a ailíniú leis an éileamh sa mhargadh intíre.

(350)

Dá bhrí sin, tháinig feabhas ar tháirgiúlacht na hearnála sin den chéad uair in 2018 ó 236 go 254 tona/FTE sular tháinig laghdú air de dheasca laghdú ar an méid an táirgeachta. Tháinig meath 2 % ar an táirgiúlacht fhoriomlán.

4.6.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin

(351)

Tá gach corrlach dumpála cuid mhór níos airde ná an leibhéal de minimis. Ba mhór an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála ar thionscal an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann.

(352)

Is é seo an chéad imscrúdú frithdhumpála maidir leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní raibh aon sonraí ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar thionchair na dumpála a d’fhéadfadh a bheith ann san am a chuaigh thart.

4.6.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.6.3.1.   Praghsanna agus fachtóirí a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna

(353)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí samplála de chuid an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse a breithníodh:

Tábla 9

Praghsanna díolacháin san Aontas

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

An meánphraghas díola aonaid ar an saormhargadh (EUR/tona)

2 792

2 888

2 752

2 680

Innéacs

100

103

99

96

Costas aonaid an táirgthe (EUR/tona)

2 712

2 854

2 762

2 739

Innéacs

100

105

102

101

LME Alúmanam 3 Mhí – Ask (EUR/tona)

1 752

1 791

1 617

1 535

Innéacs

100

102

92

88

Foinse: Táirgeoirí samplála de chuid an Aontais agus LME

(354)

D’ardaigh praghsanna díolacháin ar mhargadh an Aontais le páirtithe neamhghaolmhara (an saormhargadh) den chéad uair ó 2 792 go EUR 2 888 in aghaidh an tona in 2018. Ansin, tháinig laghdú 4 phointe céatadáin air in 2019 sular thit sé go EUR 2 680 in aghaidh an tona le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(355)

Ba cheart an treocht sin a fheiceáil i bhfianaise forbairtí sa tionscal. Ar an gcéad dul síos, rinne táirgeoirí samplála de chuid an Aontais iarracht, thar an tréimhse a breithníodh, an méid céanna táirgeachta a choinneáil chun a gcostas a chaolú agus a meascán táirgí a oiriúnú chun a ndíolacháin de tháirgí ardluacha a mhéadú. Lean a bpraghsanna ansin treocht anuas i gcomhréir leis an éabhlóid ar phraghas an LME ar alúmanam mar amhábhar mar a thuairiscítear i dtábla 9.

(356)

Bhí tionchar mór ag forbairt praghsanna LME ar chostas aonaid táirgthe na dtáirgeoirí samplála agus bhí na costais bhreise a thabhaigh na táirgeoirí samplála ó thaobh táirgí breisluacha níos airde a chur ar aghaidh ann. Chomh maith leis sin, bhí tionchar diúltach ag an laghdú ar an méid táirgeachta a chonacthas ó 2019 ar aghaidh ar gcostas aonaid táirgthe. Ar an iomlán, tháinig méadú 1 % ar chostas na táirgeachta agus tháinig laghdú 4 % ar an meánphraghas díolacháin aonaid ar an saormhargadh le linn na tréimhse a breithníodh. Ag an am céanna, tháinig laghdú 12 % ar phraghas an LME ar alúmanam.

(357)

Mhaígh allmhaireoir amháin, Nilo, gur bhain táirgeoirí na Gearmáine tairbhe as laghduithe ar chostais a mhéid a bhain lena gcostais leictreachais. Shuigh an Coimisiún go raibh ar tháirgeoirí an Aontais costais níos airde, idir dhíreach agus indíreach, a iompar maidir le leictreachas a eascraíonn as Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (“ETS”) (139), faoina bhfaighidh cuideachtaí de chuid an Aontais níos lú lamháltais CO2 saor in aisce agus, dá bhrí sin, is gá dóibh lamháltais CO2 an Aontais a cheannach chun an méid céanna AFPRanna a sholáthar. Sa chás atá i gceist, ba ghlanchaillteanas é an toradh glan idir an méadú ar chostas leictreachais i gcás tháirgeoirí na Gearmáine agus an cúiteamh a fuarthas agus dá bhrí sin tá maíomh an allmhaireora mícheart ó thaobh fíricí de. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

4.6.3.2.   Costais saothair

(358)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí samplála de chuid an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh:

Tábla 10

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

70 255

72 448

72 523

73 430

Innéacs

100

103

103

105

Foinse: Táirgeoirí samplála de chuid an Aontais

(359)

Tháinig méadú 5 % ar mheánchostais saothair in aghaidh an fhostaí thar an tréimhse a breithníodh. Thabhaigh cuideachta samplála amháin costais athstruchtúraithe a léirítear sa chostas saothair.

4.6.3.3.   Fardail

(360)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí samplála de chuid an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh:

Tábla 11

Fardail

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Stoic dheiridh (tonaí)

63 273

66 879

65 204

65 455

Innéacs

100

106

103

103

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht (%)

7,8

8,3

8,4

9,2

Innéacs

100

106

108

118

Foinse: Táirgeoirí samplála de chuid an Aontais

(361)

D’fhan stoic deiridh ag leibhéal réasúnta le linn na tréimhse a breithníodh. Ós rud é go n-oibríonn tionscal na AFRPanna ar bhonn táirgeacht ar ordú de ghnáth, tá tábhacht níos lú ag baint leis an táscaire sin san anailís fhoriomlán ar dhíobháil.

(362)

Léiríonn céatadán na stoc deiridh arna sloinneadh ar tháirgeadh méadú foriomlán arb é an laghdú ar an méid táirgeachta is cúis leis sin den chuid is mó.

4.6.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a ardú

(363)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí tháirgeoirí samplála de chuid an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh:

Tábla 12

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

2,8

1,2

-0,4

-2,2

Innéacs

100

42

-13

-78

An sreabhadh airgid (EUR)

97 502 816

82 877 851

92 397 462

43 585 647

Innéacs

100

85

95

45

Infheistíochtaí (EUR)

64 646 226

73 447 421

160 412 341

141 607 601

Innéacs

100

114

248

219

Toradh ar infheistíochtaí (%)

12,0

7,3

3,6

-2,8

Innéacs

100

60

30

-23

Foinse: Táirgeoirí samplála de chuid an Aontais

(364)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí samplála de chuid an Aontais trí ghlanbhrabús roimh cháin dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(365)

Athraíodh díolacháin thionscal an Aontais a bhí ag déanamh brabúis in 2017 go fulaingt caillteanais in 2019 agus sa tréimhse imscrúdaithe. Dá bhrí sin, lean brabúsacht treocht anuas le linn na tréimhse a breithníodh ó 2.8 % in 2017 go -2.2 % sa tréimhse imscrúdaithe.

(366)

Rud atá tábhachtach, mar a mhínítear in aithris (356), tháinig méadú níos mó ar chostais tháirgeoirí an Aontais ná an méadú ar a bpraghsanna, rud ba chúis leis an laghdú ar bhrabúsacht thionscal an Aontais. Ní raibh tionscal an Aontais in ann praghsanna a ardú chomh ard céanna agus a bhí na costais ag méadú i ngeall ar an mbrú anuas a bhí ann mar gheall ar allmhairí ón tSín (i dtéarmaí méideanna agus praghsanna ísle araon). Go deimhin, le linn na tréimhse a breithníodh, bhí praghsanna Síneacha íseal go comhsheasmhach agus go mór faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais (féach táblaí 5 agus 9), rud a chuirfeadh teorainn le méaduithe ar phraghsanna a mbeifí ag súil leo i gcomhthéacs éilimh atá ag dul i méid (suas go dtí 2019) agus i gcomhthéacs athruithe ar mheascán táirgí (táirgí ar luach níos mó). Mar thoradh air sin bhí cúngach praghsanna agus brabúsacht laghdaitheach. Sa tréimhse imscrúdaithe, lean cúngach praghsanna ar aghaidh. Go deimhin, cé gur tháinig méadú beag ar phraghsanna na Síne, d’fhan siad i bhfad faoi bhun leibhéal na bpraghsanna a bhain tionscal an Aontais amach. Léirítear seo go maith le corrlaigh sladghearrtha shuntasacha a luaitear in aithris (331).

(367)

Is ionann an sreabhadh airgid glan agus cumas na dtáirgeoirí ón Aontas a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. D’fhorbair an treocht i sreabhadh airgid glan go diúltach thar an tréimhse a breithníodh i gcomhréir le héabhlóid na brabúsachta. Le linn na tréimhse a breithníodh, tháinig laghdú 55 % ar shreabhadh airgid.

(368)

Tháinig méadú 119 % ar infheistíochtaí le linn na tréimhse a breithníodh. Spreagadh iad mar thoradh ar na pleananna infheistíochta a nochtaigh dhá tháirgeoir samplála de chuid an Aontais. Rinneadh na hinfheistíochtaí chun gnóthachain éifeachtúlachta a dhéanamh agus chun na gnólachtaí a bhogadh i dtreo táirgí ard-bhreisluacha agus fócas custaiméirí. Measadh go raibh sé sin ríthábhachtach do na táirgeoirí samplála chun iomaíochas a choinneáil sa mhargadh agus a bheith in ann na forbairtí is déanaí maidir le táirgí a leanúint agus táirgí d’ardchaighdeán a thairiscint.

(369)

Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús ina chéatadán de ghlanluach infheistíochtaí de réir na leabhar. D’fhorbair sé go diúltach thar an tréimhse a breithníodh ó 12 % in 2017 go -2,8 % sa thréimhse imscrúdaithe. Leanann an fhorbairt sin brabúsacht laghdaitheach thionscal an Aontais.

(370)

Is cuid de ghrúpaí níos mó cuideachtaí iad na trí tháirgeoir samplála agus lean siad orthu ag cruinniú caipitil le haghaidh infheistíochtaí le linn na tréimhse a breithníodh. Mar sin féin, agus torthaí ar infheistíochtaí ag titim chomh tapa sin, is léir go bhfuil na heintitis táirgthe samplála in ann caipiteal a chruinniú amach anseo i mbaol.

4.6.4.   Conclúid faoi dhíobháil

(371)

Le linn na tréimhse a breithníodh, tháinig méadú suntasach ar allmhairí AFRPanna ón tSín i dtéarmaí iomlána (+ 65 %) agus i dtéarmaí coibhneasta (+ 5 phointe céatadáin sa sciar den mhargadh) agus tháinig laghdú 8 % ar thomhaltas san Aontas. Baineann an méadú ar allmhairí i gceist le hallmhairí atá faoi phróiseáil isteach agus iomlán na n-allmhairí gan próiseáil isteach san áireamh. Bhí praghsanna allmhairiúcháin na Síne íseal ar bhonn comhsheasmhach agus bhí siad go mór faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh. Le linn na tréimhse imscrúdaithe, shladghearr praghsanna allmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin samplála praghsanna an Aontais de 7,5 % ar an meán. Beag beann ar an sladghearradh sonrach a fuarthas maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin samplála, thug an Coimisiún faoi deara freisin go raibh praghsanna na Síne íseal go comhsheasmhach agus go raibh siad go mór faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh ar fad (féach táblaí 5 agus 9). Ní raibh tionscal an Aontais in ann praghsanna a ardú chomh ard céanna agus a bhí na costais ag méadú i ngeall ar an mbrú anuas a bhí ann mar gheall ar allmhairí ón tSín (i dtéarmaí méideanna agus praghsanna ísle araon).

(372)

Léirigh formhór na dtáscairí maicreacnamaíocha treocht dhiúltach le linn na tréimhse a breithníodh, amhail táirgeadh, úsáid acmhainne, méid díolacháin i margadh an Aontais, sciar den mhargadh, fostaíocht agus táirgiúlacht. Níor léirigh ach acmhainneacht treocht beagán dearfach. Ar an gcaoi chéanna, léirigh formhór na dtáscairí micreacnamaíocha treocht dhiúltach le linn na tréimhse a breithníodh, amhail praghsanna díolacháin i saormhargadh an Aontais, costas táirgeachta, costais saothair, brabúsacht, stoic deiridh, sreabhadh airgid agus toradh ar infheistíochtaí. Níor léirigh ach infheistíochtaí treocht dhearfach tar éis do na táirgeoirí samplála infheistíochtaí a dhéanamh chun iomaíochas a chothabháil agus na forbairtí is déanaí maidir le táirgí a leanúint. Tháinig forbairt dhiúltach freisin ar na táscairí díobhála céanna agus iad ag féachaint ar an tréimhse 2017-2019, is é sin, roimh thús phaindéim COVID-19.

(373)

Chuir tionscal an Aontais a mheascán táirgí in oiriúint chun corrlaigh níos fearr ar tháirgí breisluacha níos airde a bhaint amach thar an tréimhse a breithníodh agus méid leordhóthanach a choinneáil chun a chostais shocraithe a chaolú. Sa chomhthéacs sin, tháinig méadú nádúrtha ar chostais thionscal an Aontais. Ina theannta sin, níorbh fhéidir le tionscal an Aontais tairbhe a bhaint as an méadú ar thomhaltas in 2018-2019 agus b’éigean dó costais shocraithe a chaolú ar mhéid táirgeachta níos ísle (-11 %) as a dtiocfadh méadú foriomlán ar chostais táirgeachta (+ 1 %) agus bhí laghdú tagtha ar phraghas alúmanaim 3 mhí LME (-12 %). A mhéid a bhaineann le praghsanna díolacháin, bhí ar thionscal an Aontais dul i ngleic freisin le hiomaíocht ghéar ar na margaí breisluacha níos airde agus ní fhéadfadh sé a phraghsanna a mhéadú go dtí an leibhéal a rabhthas ag súil leis (-4 %). I bhfianaise na bhforbairtí ó thaobh costais agus praghsanna de, tháinig meath ar an mbrabúsacht de réir a chéile agus d’iompaigh sé chuig staid na gcaillteanas cheana féin in 2019 sula ndeachaigh an cás chun donais sa tréimhse imscrúdaithe.

(374)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den Bhunrialachán.

5.   CÚISÍOCHT

(375)

I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den Bhunrialachán, scrúdaigh an Coimisiún ar bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den Bhunrialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an bhféadfadh sé gur bhain díobháil do thionscal an Aontais de dheasca fachtóirí aitheanta eile san am céanna. D’áirithigh an Coimisiún nár cuireadh aon díobháil fhéideartha arna cruthú ag fachtóirí seachas na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann i leith na n-allmhairí dumpáilte. Aithníodh na fachtóirí féideartha seo a leanas: Paindéim COVID-19, crapadh ar éileamh, allmhairí ó thríú tíortha, straitéis tráchtála thionscal an Aontais, feidhmíocht onnmhairithe thionscal an Aontais, éifeachtúlacht thionscal an Aontais, allmhairí ón tír lena mbaineann ag tionscal an Aontais agus oibleagáidí conarthacha atá nasctha le praghas alúmanaim LME.

5.1.1.   Tionchair na n-allmhairí dumpáilte

(376)

Tharla an meathlú i staid thionscal an Aontais i gcomhthráth le dul i bhfód suntasach na n-allmhairí ón tSín, rud a shladghearr go comhsheasmhach praghsanna thionscal an Aontais agus a chuir praghas margaidh an Aontais faoi chois. Faoi mar a luaitear in aithris (371), shladghearr praghsanna allmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin samplála praghsanna an Aontais de 7,5 % ar an meán.

(377)

Tháinig méadú 65 % ar mhéid na n-allmhairí ón tSín (mar a léirítear i dTábla 4) ó thuairim is 161 000 tona in 2017 go tuairim is 266 000 sa tréimhse imscrúdaithe. Ó thaobh sciar an mhargaidh de, ba é 81 % an méadú, ó 6,2 % go 11,2 %. Le linn na tréimhse céanna (mar a léirítear i dTábla 7), tháinig laghdú 14 % ar dhíolacháin thionscal an Aontais ar an saormhargadh agus thit a sciar den mhargadh ar an saormhargadh ó 66,2 % go 62,7 %, titim 5 %. Go dtí go ndearnadh anailís ar allmhairí isteach go dtí an Ghréig faoi phróiseáil isteach, bhreathnaigh an Coimisiún ar allmhairí gan na hallmhairí sin a áireamh. I gcás den sórt sin, bheadh an treocht sin cosúil lena chéile agus bheadh méadú 41 % ar allmhairí Síneacha agus méadú 54 % ar sciar den mhargadh ó 5,5 % go 8,5 % léirithe aige.

(378)

Is mó fós a léiríonn an staid sa tréimhse 2017-2019 mar mhéadaigh allmhairí Síneacha dhá oiread (ó 161 000 tona go 354 000 tona) go sciar 13,2 % den mhargadh, agus thit sciar an tsaormhargaidh thionscal an Aontais go 61,5 % (-4,7 phointe céatadáin). Go deimhin, in ainneoin laghdú ar thomhaltas idir 2018 agus 2019, lean allmhairí Síneacha ag méadú agus ag gnóthú sciar den mhargadh ó thionscal an Aontais.

(379)

Tháinig méadú leanúnach ar na hallmhairí dumpáilte ar bhonn bliain ar bhliain i dtéarmaí ndearbh-théarmaí coibhneasta go dtí tús phaindéim COVID-19 sa chéad leath de 2020 (déantar anailís air sin sa chéad chuid eile). Mar is léir ó Thábla 3 agus ó Thábla 4, ba iad na hallmhairí Síneacha a bhain tairbhe as an méadú ar thomhaltas in 2018 agus in 2019 den chuid is mó. Tá an “bogadh” dealraitheach maidir le dul i bhfód allmhairí ón tSín a tugadh faoi deara le linn na tréimhse imscrúdaithe míthreorach. Le súil ghéar ar na treochtaí sa tréimhse a breithníodh, is ríléir an gaol idir allmhairí agus an díobháil a bhain don tionscal. Go deimhin, níl sa phictiúr a chonacthas le linn na tréimhse imscrúdaithe ach síneadh ar an treocht atá tugtha faoi deara, rud atá laghdaithe beagán ag tionchar ginearálta an phaindéim ar tháirgeadh na Síne, ar onnmhairí chuig an Aontas agus ar thomhaltas san Aontas.

(380)

Tháinig laghdú 9 % ar phraghsanna na n-allmhairí dumpáilte le linn na tréimhse a breithníodh (faoi mar a léirítear i dTábla 5) ó 2 437 go EUR 2 205 in aghaidh an tona. I gcomparáid leis sin, níor laghdaigh praghsanna thionscal an Aontais ach 4 % le linn na tréimhse céanna; i.e. ó EUR 2 792 in aghaidh an tona in 2017 go EUR 2 680 in aghaidh an tona sa tréimhse imscrúdaithe. Dá bhrí sin, cé gur tosaíodh ar leibhéal praghsanna níos ísle in 2017, laghdaigh praghsanna na Síne níos mó (-EUR 232/tonna) ná praghsanna thionscal an Aontais (-EUR 112/tonna) thar an tréimhse a breithníodh. Chomh maith leis sin, sa tréimhse 2017-2019, b’ionann an laghdú ar phraghsanna Síneacha agus 11 %, agus tháinig laghdú 1 % ar phraghsanna thionscal an Aontais.

(381)

Rinneadh na hallmhairí faoi phróiseáil isteach ar phraghsanna níos ísle ná allmhairí gan próiseáil isteach san áireamh. Bhí praghsanna na n-allmhairí ón tSín faoi phróiseáil isteach i bhfad níos ísle freisin ná na praghsanna díolacháin thionscal an Aontais. Forbraíodh praghsanna den sórt sin go neamhrialta agus is cosúil go bhfuil siad dí-nasctha go hiomlán le héabhlóid phraghsanna alúmanaim an domhain amhail an LME. Tháinig laghdú 27 % orthu le linn na tréimhse a breithníodh.

(382)

Tháinig laghdú leanúnach de réir a chéile ar phraghsanna na n-allmhairí dumpáilte, gan próiseáil isteach san áireamh, arb ionann iad agus níos mó ná 70 % d’allmhairí ón tSín ar an meán, le linn na tréimhse a breithníodh ó EUR 2 391 in aghaidh tona in 2017 go EUR 2 237 in aghaidh an tona sa tréimhse imscrúdaithe nó laghdú 6 % ar an iomlán.

(383)

Léiríonn forbairt praghsanna na n-allmhairí dumpáilte cúngach praghsanna suntasach. Ní raibh tionscal an Aontais in ann praghsanna a ardú chomh ard céanna agus a bhí na costais ag méadú i ngeall ar an mbrú anuas a bhí ann mar gheall ar allmhairí ón tSín (i dtéarmaí méideanna agus praghsanna ísle araon). Go deimhin, le linn na tréimhse a breithníodh, bhí praghsanna Síneacha íseal go comhsheasmhach agus go mór faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais, rud a chuirfeadh teorainn le méaduithe ar phraghsanna a mbeifí ag súil leo i gcomhthéacs éilimh atá ag dul i méid (suas go dtí 2019) agus i gcomhthéacs athruithe ar mheascán táirgí (táirgí ar luach níos mó). Ba é an toradh a bhí air sin ná laghdú ar na praghsanna agus ar bhrabúsacht thionscal an Aontais.

(384)

Ina theannta sin, léirigh an t-imscrúdú gur baineadh dul i bhfód allmhairí Síneacha thar an tréimhse a breithníodh amach, ní hamháin sna codanna tráchtearraí den mhargadh ina mbíonn feidhm ag conarthaí gearrthéarmacha ach freisin i gcodanna eile den mhargadh ina ndíoltar táirgí breisluacha níos airde faoi chuimsiú conarthaí meántéarmacha/fadtéarmacha. Ní hé an praghas an t-aon ghné thábhachtach de chonarthaí den sórt sin ach is léir go bhfuil ról lárnach ag na praghsanna ísle (a léiríonn corrlaigh sladghearrtha atá os cionn 7,5 % ar an meán) i gcinnteoireacht na gcustaiméirí.

(385)

Ar bhonn an méid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach go ndearna na hallmhairí ón tSín díobháil ábhartha do thionscal an Aontais. Bhí tionchar ar méid agus ar phraghsanna araon ag an díobháil sin.

5.1.2.   Tionchair fachtóirí eile

5.1.2.1.   Laghdú ar éileamh

(386)

Mhaígh allmhaireoir amháin, Airoldi, go raibh baint ag an laghdú ar thomhaltas le laghdú ar an éileamh in earnáil an aeraspáis. Dá bhrí sin, d’iarr an t-allmhaireoir sin go gcuirfí an earnáil sin san anailís ar dhíobháil.

(387)

Mar a shonraítear in aithris (57), ní áirítear san imscrúdú seo táirgí atá le húsáid i monarú codanna d’aerárthaí. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(388)

Mhaígh allmhaireoir eile, Nova Trading S.A. (Nova Trading), go raibh méadú tagtha ar a acmhainneacht táirgeachta ag tionscal an Aontais chun freastal ar fhás a rabhthas ag súil leis sa mhargadh feithiclí leictreacha nár tháinig rud a d’fhág go raibh praghsanna níos ísle agus brabúsacht níos ísle as. Mar sin féin, eisiatar AFPRanna lena n-úsáid mar phainéil chomhlacht i dtionscal na ngluaisteán ó raon feidhme an táirge agus dá bhrí sin ní chumhdaíonn an t-imscrúdú seo aon díobháil a bhain dó nó ní ghabhann sé aon díobháil. Diúltaíodh don mhaíomh sin.

(389)

Mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin Xiamen Xiashun go raibh an méadú ar allmhairí in 2019 níos measartha ná an laghdú ar thomhaltas in 2019 agus go raibh tionchar níos mó ag an laghdú ar thomhaltas ná an méadú ar allmhairí Síneacha ar thionscal an Aontais. Mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin céanna go raibh na táscairí maicreacnamaíocha cobhsaí go dtí leath/deireadh 2019 agus go raibh an laghdú ar an éileamh ina chúis díobhála.

(390)

Ba cheart an méadú breise ar allmhairí ón tSín in 2019, a tharla i dtréimhse nuair a laghdaíodh an tomhaltas, a mheas mar fhianaise eile ar dhíobháil. Go deimhin, nuair a bhíonn an t-éileamh ag laghdú, is gnách go mbeifí ag súil go mbeadh tionchar ar an mbealach céanna ar na táirgeoirí go léir nó fiú go laghdóidh onnmhairí níos mó i gcomparáid le díolacháin intíre (díolacháin de chuid an Aontais) i ngeall ar an ngaireacht idir táirgeoirí intíre agus custaiméirí. Mar sin féin, in 2019, lean na hallmhairí ón tSín de bheith ag méadú i ndearbh-théarmaí as a dtiocfadh méadú 1,5 pointe céatadáin ar sciar den mhargadh i gcomparáid le 2018 chun dochair thionscal an Aontais. Go deimhin, nuair a tháinig laghdú thart ar 113 000 tona ar thomhaltas, tháinig laghdú thart ar 76 000 tona ar dhíolacháin thionscal an Aontais. Ciallaíonn sé sin gur ionsúigh tionscal an Aontais 67 % den laghdú agus tháinig méadú thart ar 24 000 tona ar allmhairí ón tSín. Ag an am céanna, tháinig laghdú 5 % ar phraghsanna allmhairí na Síne, praghsanna a bhí íseal cheana féin.

(391)

Maidir le héabhlóid na dtáscairí maicreacnamaíocha, léiríodh sna blianta 2018 agus 2019 go raibh comharthaí díobhála ann cheana féin de réir mar a chuaigh díolacháin, sciar den mhargadh agus fostaíocht go suntasach in olcas cheana féin. I gcás ar bith, níor cheart an anailís ar dhíobháil a bheith bunaithe ar éabhlóid na dtáscairí maicreacnamaíocha amháin, ach ar mheasúnú foriomlán ar tháscairí micreacnamaíocha agus maicreacnamaíocha. Ag féachaint ar an mbliain 2018 agus ar an mbliain 2019 ina n-iomláine, léirigh an dá chineál táscaire staid dhíobhálach cheana féin.

5.1.2.2.   Paindéim COVID-19

(392)

Rinne paindéim COVID-19 a thosaigh sa chéad leath de 2020 difear do staid mhargadh an Aontais ar bhealaí éagsúla. Tháinig laghdú ar thomhaltas i margadh an Aontais agus tháinig laghdú ar allmhairí ón tSín.

(393)

Mar a míníodh in aithris (379), bhí méadú seasta tagtha cheana féin ar na hallmhairí dumpáilte ón tSín ar bhonn bliain ar bhliain sa tréimhse 2017-2019 agus mar thoradh air sin tháinig méadú de níos mó ná 100 % orthu go dtí gur thosaigh phaindéim COVID-19 sa chéad leath de 2020. I bhfocail eile, bhí an díobháil ábhartha arna déanamh do thionscal an Aontais mar thoradh ar allmhairí dumpáilte tar éis teacht chun cinn cheana féin mar thoradh ar fhorbairt dhiúltach fhormhór na dtáscairí maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha sa tréimhse 2017-2019 nuair a tháinig COVID-19 isteach sa chothromóid.

(394)

Sa chomhthéacs sin, ní féidir a shéanadh gur chuir paindéim COVID-19 agus an laghdú ar thomhaltas ina dhiaidh sin, le staid thionscal an Aontais a bhí meathlaithe cheana féin.

(395)

Mar sin féin, ní dhéanann an fhorbairt sin an nasc cúisíoch idir an díobháil ábhartha a fuarthas agus na hallmhairí dumpáilte ón tSín a mhaolú. Mar a tugadh faoi deara thuas, rinneadh díobháil do thionscal an Aontais go hábhartha trí allmhairí dumpáilte ón PRC go ndearnadh dhá oiread as i dtréimhse trí bliana roimh ráig na paindéime agus mar sin is léir gur tharla díobháil ábhartha cheana féin roimh an bpaindéim agus beag beann ar an bpaindéim.

5.1.2.3.   Allmhairí ó thríú tíortha

(396)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mhéid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse a breithníodh:

Tábla 13

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Iomlán na dtríú tíortha seachas an tír lena mbaineann

Méid (tonaí)

719 511

724 344

663 648

619 566

 

Innéacs

100

101

92

86

 

An sciar den mhargadh ar an saormhargadh (%)

27,6

26,4

25,3

26,1

 

Innéacs

100

96

92

95

 

Meánphraghas

3 091

3 075

2 924

2 887

 

Innéacs

100

99

95

93

Ón Tuirc

Méid (tonaí)

165 649

173 429

189 574

184 824

 

Innéacs

100

105

114

112

 

An sciar den mhargadh ar an saormhargadh (%)

6,4

6,3

7,2

7,8

 

Innéacs

100

98

113

122

 

Meánphraghas

2 622

2 714

2 517

2 443

 

Innéacs

100

103

96

93

Foinse: Eurostat

(397)

Thug an táirgeoir onnmhairiúcháin samplála Xiamen Xiashun le fios go raibh laghdú tagtha ar allmhairí ón tSín sa tréimhse imscrúdaithe chun leasa thionscal an Aontais agus tíortha eile. Chuir sé in iúl freisin go raibh méadú tagtha ar phraghsanna allmhairiúcháin ón tSín sa tréimhse sin. Thairis sin, thug sé le fios gur admhaigh tionscal an Aontais féin iomaíocht éagórach ó allmhairí ó thíortha ar nós na hIndia, na hÉigipte agus na Tuirce.

(398)

Mhaígh an Chuideachta Úsáideora A go raibh sciar den mhargadh atá ag an tSín íseal i gcomparáid leis an sciar atá ag tionscal an Aontais agus d’iarr sí anailís ar allmhairí ó thíortha eile.

(399)

D’ainneoin an laghdaithe ar an méid, b’ionann allmhairí Síneacha agus 11,1 % de sciar den mhargadh sa tréimhse imscrúdaithe, arb ionann é agus méadú 80 % le linn na tréimhse a breithníodh. Chomh maith leis sin, cé gur tháinig ardú ar phraghsanna onnmhairithe na Síne le linn na tréimhse imscrúdaithe, shladghearr praghsanna onnmhairí na Síne praghsanna thionscal an Aontais fós le 7,5 % ar an meán le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(400)

Ina theannta sin, tháinig laghdú 14 % ar allmhairí ó thíortha eile thar an tréimhse a breithníodh. I bhfianaise laghdú an tomhaltais (-8 %), tháinig laghdú freisin ar a sciar comhfhreagrach den mhargadh ó 27,6 % go 26,1 %. Ciallaíonn sé sin gur chaill allmhairí ó thíortha eile sciar den mhargadh d’allmhairí ón tSín freisin.

(401)

Go háirithe, tháinig méadú 12 % ar allmhairí ón Tuirc a bhí ar an dara méid is mó tar éis allmhairí ón tSín chuig an Aontas le linn na tréimhse a breithníodh agus fuair na hallmhairí sin 1,2 pointe céatadáin sa mhargadh. Mar sin féin, d’fhan a bpraghsanna i bhfad níos airde ná praghsanna allmhairiúcháin na Síne agus lean siad an éabhlóid ar an LME.

(402)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár rannchuidigh éabhlóid na n-allmhairí ó thíortha eile agus an laghdú beag ar allmhairí ón tSín sa tréimhse imscrúdaithe leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais.

5.1.2.4.   Straitéis tráchtála thionscal an Aontais

(403)

Mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin Xiamen Xiashun go raibh tionscal an Aontais ag díriú ar dheighleoga áirithe le táirgí a raibh praghas níos airde orthu, i gcás inar tháinig laghdú ar an éileamh thar an tréimhse a breithníodh, rud a bhí ina fhachtóir a raibh sé d’acmhainn aige an nasc cúisíoch a bhriseadh. D’áitigh sé freisin, trí dhíriú ar tháirgí a raibh praghas níos airde orthu, gur laghdaigh tionscal an Aontais a acmhainneacht a bhí ar fáil do chustaiméirí stoic scragaill, custaiméirí a raibh orthu dul chuig foinsí eile soláthair. Thairis sin, mhaígh sí, cé is moite de thionscal an Aontais, gurbh é gan amhras an príomhsholáthróir do mhargadh an Aontais é, agus go raibh praghsanna na Síne agus an Aontais inchomparáide le haghaidh AFRPanna a bhí ceaptha le haghaidh stoc scragaill.

(404)

A mhéid a bhaineann le straitéis tráchtála thionscal an Aontais, mar a léirítear in aithris (355), rinne tionscal an Aontais iarracht an méid céanna táirgeachta a choimeád, méid táirgeachta ar tháinig laghdú 1 % air idir 2017 agus 2019, agus ag an am céanna, rinne sé a mheascán táirgí a oiriúnú chun a dhíolacháin táirgí ar mó a bhreisluach a mhéadú.

(405)

Faoi mar a léiríodh i dTábla 3, d’fhan an t-éileamh ar AFPRanna atá clúdaithe ag an imscrúdú seo cobhsaí nó méadaithe fiú sa tréimhse 2017-2019. Chomh maith leis sin, níor léirigh an t-imscrúdú go raibh titim san éileamh ar tháirgí a iarrann praghsanna níos airde. Mar a léirítear in aithris (384), is amhlaidh a léiríodh san imscrúdú go raibh iomaíocht ghéar ag tionscal an Aontais freisin ó allmhairí Síneacha sa chuid deiridh ard den mhargadh. Mar thoradh ar na hallmhairí dumpáilte, laghdaíodh díolacháin gan an deis a bheith ann na praghsanna níos airde a raibh súil leo a bhaint amach. Dá bhrí sin, tháinig meath suntasach ar staid an tionscail.

(406)

A mhéid a bhaineann leis an earnáil scragaill, faoi mar a léiríodh in aithrisí (303) go (306), fuarthas nach raibh údar le hanailís in aghaidh deighleog a dhéanamh agus go raibh feidhm ag na cúiseanna céanna a luadh in aithris (405). Ina theannta sin, tháinig an díobháil a bhain do thionscal an Aontais as na praghsanna díobhálacha arna ngearradh ag Xiamen Xiashun, praghsanna a dhíoltar leis an earnáil scragaill amháin agus a shladghearrann praghsanna an Aontais ar leibhéal atá cosúil leis an meánchorrlach sladghearrtha de 7,5 % a aimsíodh le linn na tréimhse imscrúdaithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(407)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh an straitéis tráchtála a lean tionscal an Aontais ina rannchuidiú leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais.

5.1.2.5.   Feidhmíocht onnmhairithe thionscal an Aontais

(408)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mhéid na n-onnmhairí ó tháirgeoirí samplála de chuid an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh:

Tábla 14

Feidhmíocht onnmhairithe tháirgeoirí samplála de chuid an Aontais

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

An méid onnmhairí (tonaí)

315 664

370 316

387 640

328 898

Innéacs

100

117

123

104

Meánphraghas (EUR/tona)

2 855

2 996

2 902

2 794

Innéacs

100

105

102

98

Foinse: European Aluminium agus táirgeoirí samplála de chuid an Aontais

(409)

Tháinig méadú 4 % ar onnmhairí thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh ó 315 664 tona in 2017 go dtí thart ar 328 898 tona sa tréimhse imscrúdaithe.

(410)

Tháinig méadú 5 % in 2018 ar mheánphraghas na n-onnmhairí sin den chéad uair, sular laghdaíodh é de réir a chéile go leibhéal níos ísle ná mar a bhí in 2017 (-2 %). Bhí meánphraghas na n-onnmhairí sin comhsheasmhach i gcónaí os cionn an phraghais a d’fhéadfadh tionscal an Aontais a bhaint amach ar mhargadh an Aontais.

(411)

Mhaígh allmhaireoir amháin, Nova Trading, go raibh tionchar diúltach ag an gcogadh trádála idir na Stáit Aontaithe agus an tSín ar fheidhmíocht onnmhairithe thionscal an Aontais.

(412)

Mar a léirítear i dtábla 14, ní raibh tionchar diúltach ag meath an chaidrimh trádála idir na Stáit Aontaithe agus an tSín ar onnmhairí thionscal an Aontais. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don mhaíomh sin.

(413)

I bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn siad le táirgeadh iomlán agus le díolacháin iomlána thionscal an Aontais, agus aird á tabhairt ar an bpraghas ard a onnmhairíonn tionscal an Aontais chuig tríú tíortha agus ar a méid cobhsaí, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach nach raibh an fheidhmíocht onnmhairiúcháin ina rannchuidiú leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais.

5.1.2.6.   Éifeachtúlacht thionscal an Aontais

(414)

Rinne roinnt páirtithe leasmhara, Xiamen Xiashun, Airoldi, Nilo agus Company A maíomh éagsúla maidir le héifeachtúlacht thionscal an Aontais. Is féidir achoimre a dhéanamh ar na maíomh sin mar seo a leanas:

Tá trealamh táirgeachta thionscal an Aontais sean agus is saintréith dó úsáid ar leibhéal íseal. Murab ionann agus tionscal na Síne, ní féidir le tionscal an Aontais ach méid teoranta táirgí mórleithid a sholáthar. Níl acmhainneacht leordhóthanach ag tionscal an Aontais. Ina theannta sin, níl acmhainneacht leordhóthanach ag tionscal an Aontais maidir le cóimhiotail chrua.

Bhí tionchar ag athstruchtúrú ar mhéideanna táirgeachta agus díolacháin sa deighleog scragaill

Bhí tionchar ag méaduithe ar chostais phárolla agus ar chostais seirbhíse ar laghdú brabúsachta

(415)

Cé go bhféadfadh táirgeoirí áirithe de chuid an Aontais a bheith chun deiridh fós ó thaobh trealaimh de, léiríodh san imscrúdú go bhfuil tionscal an Aontais dinimiciúil agus gur tháinig méadú suntasach ar a chuid infheistíochtaí le linn tréimhse achrannacha chun cur lena acmhainneacht, chun a threalamh táirgeachta a oiriúnú chun a phróiseas táirgeachta a chuíchóiriú agus chun an teicneolaíocht is déanaí a fháil chun leanúint de bheith ag freastal ar riachtanais na gcustaiméirí. Léirítear san anailís ar acmhainneacht agus ar úsáid acmhainneachta i dTábla 6 gur mhéadaigh tionscal an Aontais a acmhainneacht agus go bhféadfadh sé rátaí úsáide acmhainneachta níos airde a bhaint amach. Maidir le cóimhiotail chrua, níor cuireadh aon fhianaise ar fáil a léiríonn easpa acmhainneachta leordhóthanaí. In aon chás, b’ionann cóimhiotail chrua agus 20-30 % de dhíolacháin iomlána na dtáirgeoirí samplála ar mhargadh an Aontais. I bhfianaise mhéid an tsampla, a dhíolacháin cóimhiotal crua agus in éagmais fianaise arna soláthar ag Airoldi, thángthas ar an gconclúid shealadach go raibh acmhainneacht leordhóthanach ann do na táirgí sin. Dá thoradh, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(416)

A mhéid a bhaineann leis an staid sa deighleog scragaill go háirithe, fuarthas nach raibh údar le hanailís ar leith ar an ndeighleog sin a dhéanamh. Go deimhin, mar a léirítear sna haithrisí (303) go (306) a ghabhann le stoc scragaill, tagann an táirge faoi shainmhíniú raon feidhme an táirge agus níl aon líne soiléir roinnte ann a bhaineann le slabhra dáilte nó praghas an táirge sin. Dá bhrí sin, fuarthas amach go raibh an maíomh seo gan agóid.

(417)

Cé nach féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh sé go mbeadh gá le hinfheistíochtaí breise sa teicneolaíocht is déanaí chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach thionscal an Aontais a áirithiú, bhain an Coimisiún de thátal as nach maolaítear an nasc cúisíoch a bunaíodh idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais mar gheall ar staid threalamh táirgeachta thionscal an Aontais agus forbairt a chostas oibriúcháin.

(418)

Chinn an Coimisiún go raibh an méadú líomhnaithe ar chostais seirbhíse neamhshuntasach agus d’fhéadfadh tionscal an Aontais a chostais saothair a choimeád faoi smacht d’ainneoin thionchar na gcaiteachas athstruchtúraithe. Dá réir sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(419)

Mhaígh allmhaireoir amháin, Nova Trading, freisin go raibh tionchar ag cibear-ionsaí ar Hydro agus díospóid chomhshaoil sa Bhrasaíl maidir leis an táirgeoir céanna ar fheidhmíocht thionscal an Aontais.

(420)

Ar an gcéad dul síos, ní bhaineann na heilimintí sin le gníomhaíochtaí thionscal an Aontais toisc go mbaineann siad le máthairchuideachta tháirgeoir an Aontais atá bunaithe san Iorua agus le cuideachta chleamhnaithe atá bunaithe i Meiriceá Theas. In aon chás, i bhfianaise a gcineáil, baineann na heilimintí sin le speansais urghnácha nach gcuirtear san áireamh agus brabúsacht thionscal an Aontais á measúnú. Dá réir sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(421)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon cheann de na tosca thuas ina gcúis leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais.

5.1.2.7.   Allmhairí ag tionscal an Aontais

(422)

Mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin Xiamen Xiashun gurb é ceannacháin an táirge lena mbaineann a cheannaigh tionscal an Aontais féin ba chúis leis an díobháil líomhnaithe.

(423)

Is cuideachta a raibh gaol aici le táirgeoir de chuid an Aontais a rinne na hallmhairí a bhaineann le tionscal an Aontais agus bhí sí ag obair ar bhonn leath-neamhspleách faoinar aimsigh sí mionchuid dá riachtanais ón tSín. Bhí na hallmhairí sin imeallach agus tháinig laghdú orthu thar an tréimhse a breithníodh, arb ionann iad agus 1 % go 4 % d’iomlán na n-allmhairí ón tSín le linn na tréimhse imscrúdaithe. Ós rud é gur beag an méid atá i gceist, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhféadfadh na ceannacháin sin díobháil a dhéanamh do thionscal an Aontais.

5.1.2.8.   Praghas alúmanaim LME

(424)

Mhaígh an t-allmhaireoir Nova Trading go raibh tionchar díreach ar bhrabúsacht tháirgeoirí an Aontais ag an laghdú sa phraghas LME ó mhí Iúil 2018 go dtí an tréimhse roimh an bpaindéim COVID-19.

(425)

Is iondúil go ndíolann tionscal an Aontais AFRPanna trí chonarthaí a úsáid trína ndéantar an praghas is déanaí LME nó an praghas LME 3 mhí a lua mar thagairt. Úsáideann táirgeoirí an Aontais ansin saoráidí fálaithe chun iad a chumhdach i gcoinne na difríochta idir praghas alúmanaim a luaitear sa chonradh agus praghas ceannaigh iarbhír an alúmanaim.

(426)

Agus aird á tabhairt ar an gcaoi a socraítear praghsanna alúmanaim ag úsáid conarthaí, agus ar an gcaoi a gcosnaítear tionscal an Aontais é féin i gcoinne luaineachtaí amhábhar, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach nach ndéanfaí díobháil do thionscal an Aontais de dheasca laghduithe ar phraghsanna amhábhar.

5.1.3.   An chonclúid ar chúisíocht

(427)

Dhealaigh an Coimisiún éifeachtaí na bhfachtóirí aitheanta uile ar staid thionscal an Aontais ó éifeachtaí díobhála na n-allmhairí dumpáilte agus rinne sé iad a scaradh. Cé is moite de phaindéim COVID-19 a chuir le staid thionscal an Aontais atá díobháilte go hábhartha cheana, níor chuir aon cheann de na fachtóirí, leo féin nó i gcomhcheangal, le forbairtí diúltacha na dtáscairí díobhála a breathnaíodh sa tréimhse a breithníodh.

(428)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim sin, go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann agus nár maolaíodh an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha de thoradh phaindéim COVID-19.

6.   LEAS AN AONTAIS

6.1.   Leas thionscal agus sholáthraithe an Aontais

(429)

Tá thart ar 20 grúpa cuideachtaí a tháirgeann AFRPanna san Aontas. Dá bhforchuirfí bearta, chuirfí ar chumas thionscal an Aontais sciar caillte den mhargadh a aisghabháil, agus ag an am céanna chuirfí feabhas ar a mbrabúsacht i dtreo leibhéil a mheastar a bheith inbhuanaithe.

(430)

Tá os cionn 8 000 oibrí fostaithe go díreach i dtionscal an Aontais agus bíonn go leor eile ag brath air go hindíreach. Tá na táirgeoirí scaipthe go forleathan ar fud an Aontais.

(431)

Is dócha go mbeidh tionchar diúltach suntasach ag an easpa beart ar thionscal an Aontais i dtéarmaí cúngach breise praghsanna, díolacháin níos ísle agus tuilleadh meatha ar an mbrabúsacht tráth a bhfuil méideanna suntasacha infheistithe ag an tionscal chun a inbhuanaitheacht a áirithiú. Cuirfidh na bearta ar chumas thionscal an Aontais leas a bhaint as a acmhainneacht i margadh an Aontais, sciar caillte den mhargadh a aisghabháil, agus brabúsacht a fheabhsú go dtí leibhéil a mbeifí ag súil leo faoi ghnáthdhálaí iomaíochta.

(432)

Sa bhreis ar ionadaíocht a dhéanamh thar ceann thionscal an Aontais, is cuid mhór den phríomhearnáil alúmanaim san Aontas é European Aluminium a sholáthraíonn tinní/leadhbanna do thionscal an Aontais. Is fostóir mór san Aontas í an phríomhearnáil alúmanaim freisin agus braitheann sí ar shláinte a custaiméirí iartheachtacha. Cuirfear inmharthanacht na soláthróirí réamhtheachtacha sin, ina bhfuil thart ar 2 800 oibrí fostaithe, i mbaol freisin má chaolaítear tionscal an Aontais tuilleadh.

(433)

Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go rachadh forchur na mbeart chun leasa thionscal an Aontais agus a sholáthróirí réamhtheachtacha.

6.2.   Leas allmhaireoirí

(434)

Maidir leis na hallmhaireoirí, níor thíolaic ach 4 cuideachta neamhghaolmhara foirm samplála ar lú ná 2 % d’allmhairí Síneacha iad. Cheannaigh na hallmhaireoirí AFRPanna ó fhoinsí eile freisin.

(435)

Bhí na hallmhaireoirí samplála ag feidhmiú i roinnt earnálacha gníomhaíochta laistigh agus lasmuigh den Aontas. Ar an iomlán, b’ionann AFRPanna agus níos lú ná 30 % dá láimhdeachas agus 10-15 % dá láimhdeachas ar an meán. Bhí na hallmhaireoirí sin ag foinsiú AFRPanna ón tír lena mbaineann, ó thríú tíortha agus ó thionscal an Aontais. Chuir na hallmhaireoirí in iúl go bhfuil siad i gcoinne dleachtanna frithdhumpála a fhorchur ar an bhforas go mbeadh tionchar diúltach ag méadú ar an bpraghas saorga le haghaidh AFRPanna ar úsáideoirí agus ar allmhaireoirí.

(436)

Rinne allmhaireoir amháin, Nilo, tagairt don staid i margadh na Stát Aontaithe agus chuir sé in iúl gur tháinig ardú ar an bpraghas de bharr dleachtanna frithdhumpála a thabhairt isteach ar AFRPanna na Síne agus gur cuireadh allmhairí ó thíortha eile amhail an tAontas Eorpach in ionad allmhairí Síneacha. Mhaígh sí gur dhócha go dtarlódh a leithéid de chás ar mhargadh an Aontais. Mhaígh an t-allmhaireoir céanna freisin go dtiocfadh méadú ar phraghsanna ar mhargadh an Aontais i bhfianaise easpa acmhainneachta spártha thionscal an Aontais.

(437)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim seo níor ghá go rachadh forchur na mbeart chun leasa allmhaireoirí. Mar sin féin, rinne sí measúnú breise ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu agus na leasanna éagsúla i gceist á gcur san áireamh (féach Roinn 6.5).

6.3.   Leas úsáideoirí

(438)

Tá an táirge lena mbaineann á fhoinsiú ag roinnt tionscal úsáideoirí, foirgníocht agus tógáil, mótarfheithicle agus iompar, buanearraí tomhaltais, fuinneamh, stoc teicniúil agus stoc scragaill den chuid is mó. Is féidir AFRPanna a úsáid go díreach i dtáirge críochnaithe nó a phróiseáil agus a dhíol le húsáideoir tionsclaíoch eile.

(439)

Mar a léirítear in aithris (46), chuir cúigear úsáideoir freagraí ceistneora ar fáil. Níorbh ionann na húsáideoirí sin ach 12 % d’allmhairí na Síne agus bhí siad gníomhach sna hearnálacha seo a leanas: foirgníocht agus tógáil agus go sonrach táirgí brataithe agus ACCanna, scragall alúmanaim agus go sonrach pacáistiú níos solúbtha, teicniúil agus go sonrach HEX mótarfheithiclí. Ag an gcéim shealadach, níor fíoraíodh ach dhá chuideachta trí chros-seiceálacha iargúlta. Déanfaidh an Coimisiún measúnú breise ar iomláine fhreagraí na n-úsáideoirí agus ar ghá do níos mó cuideachtaí a bheith faoi réir RCCanna. D’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar na torthaí críochnaitheacha maidir le húsáideoirí.

6.3.1.   Foirgníocht agus tógáil

(440)

Thug dhá chuideachta atá gníomhach in earnáil na tógála freagra ceistneora d’úsáideoirí. Maidir le húsáideoir amháin, Multilaque SAS, cheannaigh sé AFRPanna ó thionscal an Aontais amháin agus léiríodh gur cheart forlámhas a bheith ag praghsanna cothroma margaidh.

(441)

Cheannaigh an t-úsáideoir eile, Cuideachta A, AFRPanna ón tír lena mbaineann, ó thionscal an Aontais agus ó thíortha eile. Chuir Cuideachta A in iúl go bhfuil sí i gcoinne bearta frithdhumpála a fhorchur ar an táirge lena mbaineann. Ina theannta sin, mar a forbraíodh i roinn 2.3.2, d’iarr Cuideachta A go n-eisiafaí cornaí alúmanaim chun cornaí brataithe agus ACC a tháirgeadh. Glacadh leis an iarratas sin. Díríodh faoin roinn sin ar na tuairimí a d’ardaigh Cuideachta A agus a bhaineann le leas an Aontais. Tugadh aghaidh ar thuairimí eile a d’ardaigh an páirtí sin i gcás inarb ábhartha.

6.3.2.   Stoc scragaill

(442)

Thug úsáideoir amháin, Amcor Flexibles Singen GmbH (“Amcor”), atá gníomhach in earnáil na pacáistíochta solúbtha freagra ar cheistneoir úsáideora. Mar sin féin, níor thug sé aon seasamh inti maidir le bearta a fhorchur agus níor tugadh aon bharúlacha tábhachtacha neamhrúnda.

(443)

Bunaithe ar a fhreagra ceistneoir, más rud é nach mbeadh an t-úsáideoir in ann méadú costais a aistriú, bheadh sé in ann é a ionsú i bhfianaise na brabúsachta a thuairiscigh sé.

6.3.3.   Teicniúil

(444)

Thug dhá chuideachta, Valeo agus TitanX, atá gníomhach in earnáil na HEX mótarfheithiclí freagraí ceistneora d’úsáideoirí. Is ón tír lena mbaineann agus ón Aontas a d’fhoinsigh an dá chuideachta AFRPanna. Chomh maith leis sin, is ó thíortha eile a d’fhoinsigh Valeo AFRPanna. Cé go raibh Valeo i gcoinne bearta frithdhumpála a d’fhéadfadh a bheith ann, níor léirigh TITANX seasamh. Chomhdaigh na cuideachtaí araon iarrataí eisiata mar a mhionsonraítear i roinn 2.3.1. Diúltaíodh do na hiarratais sin. Tugadh aghaidh faoin roinn sin ar na tuairimí a d’ardaigh na húsáideoirí sin agus páirtithe leasmhara eile a d’iarr go n-eisiafaí na AFRPanna HEX mótarfheithiclí agus a bhaineann le leas an Aontais.

(445)

Mar a shonraítear i Roinn 2.3.1 thuas, tá acmhainneacht leordhóthanach ag tionscal an Aontais chun freastal ar an éileamh atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus nach bhfuil aon riosca ann go dtiocfaidh méadú struchtúrach ar phraghsanna i bhfianaise na gcoinníollacha iomaíochta agus na n-acmhainneachtaí atá ar fáil san Aontas. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin go gcuirfeadh leibhéal na mbrabús a baineadh amach roimh an bpaindéim ar chumas mhonaróirí na HEX mótarfheithiclí costais bhreise a ionsú i bhfoirm dleachtanna frithdhumpála nó costais bhailíochtaithe, más mian leo aistriú ar ais chuig táirgeoirí an Aontais. A mhéid a bhaineann le tionchar na mbeart ar an slabhra soláthair, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhféadfadh an t-aistriú ó sholáthróir AFRP amháin go soláthróir eile a bheith ródhian ach go mbeadh tionscal an Aontais in ann allmhairí Síneacha a ionadú go tapa agus foinse shlán mhalartach soláthair a thairiscint.

(446)

Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nár tháinig roinnt cuideachtaí eile, ar leith ó Mahle, úsáideoir eile san earnáil seo, arb ionann iad agus breis agus 50 % den tomhaltas measta ar AFRPanna HEX mótarfheithiclí chun tosaigh chun a chur in iúl go raibh siad i gcoinne an imscrúdaithe ná i gcoinne bearta frithdhumpála a d’fhéadfadh a bheith ann.

(447)

Dá réir sin, ar bhonn na faisnéise a chuir na húsáideoirí lena mbaineann ar fáil, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach nach rachadh forchur na mbeart i gcoinne leasa na n-úsáideoirí atá gníomhach in earnáil HEX mótarfheithiclí.

6.3.4.   Tionscail eile

(448)

Ní bhfuarthas aon sonraí infhíoraithe do na hearnálacha úsáideoirí eile, amhail buanearraí tomhaltais agus fuinneamh. Ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh roinnt úsáideoirí, nár chomhoibrigh leis an imscrúdú, éifeachtaí díobhálacha áirithe a bheith acu mar thoradh ar na bearta. Níl aon eolas, áfach, faoin gcáschomhad chun bunús a thabhairt leis na héifeachtaí sin ná chun iad a chainníochtú.

6.3.5.   Conclúid maidir le leas na n-úsáideoirí

(449)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil aon leas aonfhoirmeach ag úsáideoirí i bhfabhar nó i gcoinne bearta a fhorchur. D’fhéadfadh iarmhairtí teoranta diúltacha áirithe a bheith ag na húsáideoirí sin a labhair amach i gcoinne na mbeart forchurtha, áfach.

6.4.   Leasanna eile

(450)

Tá alúmanam i bhfad níos éadroime ná cruach agus meastar san Aontas gur amhábhar tábhachtach é chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na spriocanna astaíochtaí a leagtar síos i gComhaontú Pháras (2015) agus spriocanna féin an Aontais Eorpaigh i leith astaíochtaí a bhaint amach, mar a leagtar síos sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 10/11 Nollaig 2020. Mar shampla, tá méadú ag teacht ar úsáid AFRPanna a thagann laistigh agus lasmuigh de raon feidhme na dtáirgí i dtionscal na mótarfheithiclí agus tá siad ríthábhachtach i mbunú thionscal na bhfeithiclí leictreacha san Aontas. Is é tionscal an Aontais a tháirgeann AFRPanna atá laistigh agus lasmuigh de raon feidhme an táirge agus a úsáidtear i dtionscal na ngluaisteán. Bheadh tionchar diúltach ag an easpa beart maidir le AFRPanna atá faoi raon feidhme ar tháirgeadh AFRPanna atá lasmuigh de raon feidhme toisc gur ghá na costais socraithe a chaolú ar mhéid táirgeachta níos ísle as a dtiocfadh méaduithe costais agus praghsanna do tháirgí den sórt sin chomh maith.

(451)

Ina theannta sin, i gcomhthéacs geilleagair ghlain chiorclaigh, tá tionscal an Aontais ag cur leis an úsáid a bhaintear as ábhair athchúrsáilte ina phróiseas táirgeachta chun a lorg carbóin a laghdú. Cuidíonn sé sin le spriocanna astaíochtaí an Aontais a bhaint amach. Chomh maith leis sin, mar a léirítear in aithris (78), gineann táirgeacht alúmanaim san Aontas beagnach 3 oiread níos lú CO2 ar an meán ná mar atá sa PRC.

(452)

Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go gcuidíonn forchur na mbeart le beartas an Aontais a bhaint amach maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú.

6.5.   Na leasanna iomaíocha a mheá

(453)

I gcomhréir le hAirteagal 21 (1) den Bhunrialachán, rinne an Coimisiún measúnú ar na leasanna iomaíocha agus thug sé aird ar leith ar an ngá atá ann deireadh a chur le héifeachtaí saofa na dumpála díobhálaí agus an gá le hiomaíocht éifeachtach a athbhunú. Rinne sé measúnú, go háirithe, ar mhaíomh an allmhaireora Nilo go gcuirfí isteach go díréireach air le forchur na mbeart, mar a léiríodh le forbairt chomhchosúil i margadh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis do rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá bearta a fhorchur.

(454)

Thug an Coimisiún dá aire nach ionann na hoibreoirí eacnamaíocha (táirgeoirí, úsáideoirí agus allmhaireoirí). Ar an dara dul síos, ní raibh imscrúdú Stáit Aontaithe Mheiriceá go díreach ar an raon feidhme táirge céanna agus bhí an leibhéal dleachtanna a fhorchuirtear i Stáit Aontaithe Mheiriceá i bhfad níos airde.

(455)

Maidir le méadú ar phraghsanna, léirigh an t-imscrúdú gur shladghearr praghsanna na Síne praghsanna an Aontais 7,5 % ar an meán agus gur eascair meath ar staid thionscal an Aontais as cúngach praghsanna. Más rud é go n-ardódh praghsanna arís go leibhéil inbhuanaithe agus an sciar suntasach den mhargadh atá ag tíortha eile á mheas, mar a léirítear i Roinn 5.1.2.3, mheas an Coimisiún go mbeadh an méadú sin teoranta i bhfianaise leibhéal na hiomaíochta ar mhargadh an Aontais. Mar a luadh cheana i Roinn 4.6.2.1, tá acmhainneacht bhreise leordhóthanach ag tionscal an Aontais. Dá réir sin, bheadh an tionchar diúltach ar úsáideoirí teoranta i gcónaí.

(456)

Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an tábhacht a bhaineann le héifeachtaí diúltacha den sórt sin ar na hallmhaireoirí, thug sé dá aire ar dtús go raibh an leibhéal comhair an-íseal. Bunaithe ar an bhfaisnéis theoranta sin ar comhad, mheas sé go sealadach i gcás ar bith go mbeidh na hallmhaireoirí in ann an dualgas a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí i bhfianaise a n-corrlaigh bhrabúis de thart ar 5 % go 8 % ar an táirge lena mbaineann. Ina theannta sin, is féidir leo foinsí eile soláthair a aimsiú, lena n-áirítear soláthróirí ó thríú tíortha eile agus tionscal an Aontais, tionscal lena bhfuil siad ag oibriú cheana féin. Go deimhin, tá struchtúr soláthair cothrom ag na hallmhaireoirí samplála agus níl siad ag brath go heisiach ar allmhairí Síneacha. Chomh maith leis sin, tá gníomhaíochtaí suntasacha ag na hallmhaireoirí samplála nach bhfuil baint acu leis an táirge lena mbaineann, agus nach ndéanann forchur na ndleachtanna difear dóibh.

(457)

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nach mbeadh tionchar díréireach ag forchur na mbeart ar allmhaireoirí neamhghaolmhara a bhuí lena ngníomhaíochtaí eile, le foinsí eile soláthair don táirge atá faoi imscrúdú agus leis an gcumas tionchar na ndleachtanna a chur i bpáirt dá gcustaiméirí. Ar aon chuma, déanfar measúnú breise ar staid na n-allmhaireoirí ag céim chinntitheach.

(458)

Ar deireadh, mhaígh allmhaireoir amháin, Airoldi, go raibh tionscal an Aontais ag úsáid na hionstraime frithdhumpála chun ceannasacht a fháil, ar mí-úsáid ceart í faoi chásdlí Cúirteanna an Aontais. Níl aon chosúlacht ann, áfach, ar an gcomhad maidir le hiompraíocht fhrithiomaíoch atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo ná maidir le holagaplacht mhaslach ó thionscal an Aontais. Dá réir sin, níor shainaithin an Coimisiún aon leas sáraitheach chun iomaíocht éifeachtach a chaomhnú san Aontas mar chúis gan bearta a fhorchur.

6.6.   Conclúid maidir le leas an Aontais

(459)

Ar bhonn an méid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach nárbh ann d"aon chúis láidir chun teacht ar an gconclúid nach bhfuil sé le leas an Aontais bearta sealadacha a fhorchur ar allmhairí AFRPanna de thionscnamh na Síne.

7.   LEIBHÉAL NA mBEART

(460)

Chun leibhéal na mbeart a chinneadh, scrúdaigh an Coimisiún ar leor dleacht is lú ná an corrlach dumpála chun an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte a bhaint.

(461)

Sa chás reatha, mhaígh na gearánaigh go bhfuil saobhadh amhábhair ann de réir bhrí Airteagal 7(2a) den Bhunrialachán. Dá bhrí sin, chun an measúnú a dhéanamh ar an leibhéal iomchuí beart, shuigh an Coimisiún ar dtús an méid dleachta ba ghá chun go ndíothófar an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Ansin scrúdaigh sé an mbeadh an méid sin dleachta leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil a cuireadh san áireamh, an líomhain go raibh saobhadh amhábhair ann i gcomhréir le hAirteagal 7(2a) den Bhunrialachán.

7.1.   Corrlach ganndhíola

(462)

Shuigh an Coimisiún ar dtús an méid dleachta ba ghá chun go ndíothófar an díobháil a bhain do thionscal an Aontais in éagmais saobhadh faoi Airteagal 7(2a) den Bhunrialachán. Sa chás sin, chuirfí deireadh leis an díobháil dá mbeadh tionscal an Aontais in ann a chostais táirgthe a chumhdach, lena n-áirítear na costais sin “a eascraíonn as Comhaontuithe Iltaobhacha Comhshaoil, agus as prótacail a ghabhann leo, a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu, agus chomh maith le costais Choinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a chumhdach”, agus brabús réasúnach a fháil (“spriocbhrabús”).

(463)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den Bhunrialachán, chun an spriocbhrabús a shuíomh, chuir an Coimisiún na fachtóirí a leanas san áireamh:

leibhéal na brabúsachta roimh mhéadú na n-allmhairí ón tír lena mbaineann,

leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána, taighde agus forbairt (T &D) agus nuálaíocht a chlúdach, agus

an leibhéal brabúsachta a bheith ag súil leis faoi ghnáthchoinníollacha iomaíochta.

(464)

Níor cheart go mbeadh corrlach brabúis den sórt sin níos lú ná 6 %.

(465)

Mhaígh European Aluminium gur cheart an spriocbhrabús a shocrú ag 12 % ar a laghad mar gheall ar nádúr dian ar chaipiteal agus nádúr dírithe ar an nuálaíocht na hearnála. Rinne táirgeoir amháin, Hydro, tagairt do chorrlach brabúis “idir 5 agus 10 %” agus rinne sé tagairt freisin don bhrabús a baineadh amach in earnáil eile (0 - 15 %) i gcás nach raibh aon allmhairí dumpáilte ann.

(466)

Ag an gcéim seo den imscrúdú, níor chuir aon cheann de na táirgeoirí samplála fianaise ar fáil gur bhain siad amach an spriocbhrabús mar a mhaígh European Aluminium le linn na tréimhse a breithníodh nó sna deich mbliana roimh dheireadh na tréimhse imscrúdaithe. Thairis sin, mar a léirítear i dTábla 10, bhí an meánbhrabús a bhain táirgeoirí samplála de chuid an Aontais amach fós níos ísle ná an spriocbhrabús dá bhforáiltear in Airteagal 7(2c) le linn na tréimhse imscrúdaithe. Ina theannta sin, mheas an Coimisiún nach raibh gá leis an mbrabús a baineadh amach in earnáil eile agus a eisiatar ó raon feidhme an imscrúdaithe sin a úsáid.

(467)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, bunaíodh an corrlach brabúis ag 6 % i gcomhréir le foráil Airteagal 7(2c).

(468)

I gcomhréir le hairteagal 7(2d) den Bhunrialachán, mar chéim chríochnaitheach, rinne an Coimisiún measúnú ar na costais amach anseo a eascraíonn as Comhaontuithe Iltaobhacha Comhshaoil, agus prótacail fúthu, ar páirtí iontu an tAontas, agus na Coinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, go dtabhóidh tionscal an Aontais le linn thréimhse chur i bhfeidhm an bhirt de bhun Airteagal 11(2). Shuigh an Coimisiún costas breise idir 0,5 go 8 € in aghaidh an tona, costas a cuireadh leis an bpraghas neamhdhíobhálach do na táirgeoirí samplála lena mbaineann de chuid an Aontais. Tá nóta a ghabhann leis an gcomhad faoin gcaoi ar bhunaigh an Coimisiún an costas breise sin ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara.

(469)

Is éard a bhí sna costais sin na costais bhreise a bheidh ann amach anseo chun comhlíonadh Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a áirithiú. Tá Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais ar cheann de bhunchloch bheartas an Aontais cloí le Comhaontuithe Iltaobhacha Comhshaoil. Ríomhadh na costais bhreise sin ar bhonn meán-lamháltais mheasta breise an Aontais a chaithfear a cheannach le linn thréimhse chur i bhfeidhm na mbeart (2021 go 2025). Úsáideadh lamháltais an Aontais sa ríomh glan ar liúntais infhála saor in aisce agus rinneadh iad a choigeartú chun a áirithiú gur leis an táirge comhchosúil amháin a bhain siad. Cuireadh san áireamh freisin sna costais bhreise costais indíreacha CO2 a eascraíonn as méadú ar phraghsanna leictreachais le linn na tréimhse 2021 go 2025 a bhaineann le EU ETS. Bhí costais indíreacha CO2 den sórt sin bunaithe freisin ar lamháltas an Aontais agus glan ar aon chúiteamh a fuarthas ó údaráis náisiúnta.

(470)

Rinneadh costais lamháltais an Aontais a eachtarshuí chun an éagsúlacht praghsanna a rabhthas ag súil léi le linn shaolré na mbeart a chur san áireamh. Is é an fhoinse do na praghsanna réamh-mheasta ná eastóscadh Bloomberg New Energy Finance dar dáta 8 Feabhra 2021. Is é an meánphraghas réamh-mheasta le haghaidh lamháltas an Aontais don tréimhse seo ná EUR 35,51 in aghaidh an tona CO2 a astaítear.

(471)

Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún praghas neamhdhíobhálach an táirge chomhchosúil do thionscal an Aontais.

(472)

Chinn an Coimisiún ansin an leibhéal díchuir díobhála agus comparáid á déanamh idir meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe atá ag na táirgeoirí comhoibríocha onnmhairiúcháin, mar atá leagtha síos do na praghsanna a dhéanann na ríomhanna a shladghearradh, agus meánphraghas ualaithe neamhdhíobhalach an táirge chomhchosúil arna dhíol ag táirgeoirí samplála de chuid an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe. Ansin sloinneadh aon difríocht a tháinig chun cinn ón gcomparáid sin mar chéatadán de mheánluach ualaithe allmhairí CAL.

(473)

Maidir leis an gcorrlach iarmharach, agus é á chur san áireamh nach raibh comhar ard ann idir onnmhaireoirí na Síne, agus breithnithe eile a míníodh in aithris (289) thuas, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí corrlach iarmharach a shocrú ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil. Socraíodh an corrlach sin ar leibhéal an chorrlaigh ganndhíola is airde a leagadh síos do chineálacha táirge a díoladh i gcainníochtaí ionadaíocha, ar bhonn sonraí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha. Socraíodh an corrlach ganndhíola iarmharach arna ríomh ar leibhéal 46,7 %.

(474)

Taispeántar toradh na ríomhanna sin sa tábla thíos.

Cuideachta

Corrlach dumpála

Corrlach ganndhíola

Jiangsu Alcha Aluminum Group Co., Ltd.

88,3 %

28,3 %

Nanshan Group

122,1 %

19,3 %

Xiamen Xiashun Aluminium Foil Co., Ltd.

30,0 %

21,4 %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

68,5 %

22,6 %

Gach cuideachta eile

183,7 %

46,7 %

(475)

Ar bhonn an mhéid sin thuas, bhain an Coimisiún de thátal gur ghá a mheas an bhfuil saobhadh amhábhar ann maidir leis an táirge lena mbaineann de réir bhrí Airteagal 7(2a) den Bhunrialachán, rud a d’fhágfadh go mbeadh dleacht níos ísle ná an corrlach dumpála nach leor chun deireadh a chur leis an díobháil de dheasca allmhairí dumpáilte den táirge lena mbaineann.

7.2.   Saobhadh amhábhar

(476)

Líomhnaigh an gearánach go raibh ceann de na hamhábhair a úsáideadh chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh faoi réir cáin onnmhairithe sa PRC agus dá bhrí sin go raibh sé saofa. Ba é an t-amhábhar saofa tinní alúmanaim arbh ionann iad de réir an ghearánaí agus níos mó ná 17 % de chostas táirgeachta an táirge lena mbaineann.

(477)

Dá bhrí sin, mar a fógraíodh san Fhógra Tionscnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 7(2a) den Bhunrialachán, scrúdaigh an Coimisiún an saobhadh líomhnaithe de réir bhrí Airteagal 7(2a) den Bhunrialachán.

(478)

Dheimhnigh an t-imscrúdú go raibh cáin onnmhairiúcháin ar thinní alúmanaim ag an PRC sa tréimhse imscrúdaithe. Is ionann an cháin sin agus 15 % de phraghas onnmhairiúcháin na dtinní. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go dtagann an beart seo faoi liosta na mbeart arb ionann iad agus saobhadh amhábhar de réir bhrí Airteagal 7(2a) den Bhunrialachán.

(479)

Scrúdaigh an Coimisiún tuilleadh an raibh praghas an amhábhair sin i bhfad níos ísle i gcomparáid le praghsanna sna margaí ionadaíocha idirnáisiúnta, i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 7(2a). Chun críche na comparáide seo, d’úsáid an Coimisiún go sealadach an praghas tagarmhairc a bunaíodh chun an gnáthluach a ríomh, eadhon praghas allmhairiúcháin na dtinní alúmanaim isteach sa Tuirc mar a léirítear i dTábla 2 in aithris (248), mar sa chás seo, breithníodh gurbh é a bhí sa phraghas seo praghas ó na margaí ionadaíocha idirnáisiúnta. Rinne an Coimisiún comparáid idir praghas an tagarmhairc agus praghas na dtinní alúmanaim a d’íoc na táirgeoirí onnmhairiúcháin samplála go hiarbhír, agus shuigh sé ar an mbonn sin nach raibh praghas ceannaigh an amhábhair sin sa PRC ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin samplála go mór faoi bhun an phraghais tagarmhairc ionadaíoch idirnáisiúnta, eadhon níos lú ná (6 %) ar an meán. Léirigh fianaise ar comhad freisin go bhfuil praghsanna intíre do thinní alúmanaim ag luainiú os cionn agus faoi bhun na bpraghsanna idirnáisiúnta.

(480)

Mar sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach nach raibh praghas na dtinní alúmanaim i bhfad níos ísle ná na praghsanna sna margaí ionadaíocha idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún ag an gcéim seo nár comhlíonadh coinníollacha Airteagal 7(2a) den Bhunrialachán agus mar thoradh air sin go raibh forálacha Airteagal 7(2) infheidhme chun leibhéal na dleachta sealadaí a shocrú.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA SEALADACHA

(481)

Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dumpáil, leis an díobháil, leis an gcúisíocht agus le leas an Aontais, ba cheart bearta sealadacha a fhorchur ionas nach ndéanfar tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais leis na hallmhairí dumpáilte.

(482)

Ba cheart bearta sealadacha frithdhumpála a fhorchur ar allmhairiú táirgí cothrom-rollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, i gcomhréir le riail na dleachta níos lú in Airteagal 7(2) den Bhunrialachán tar éis na conclúide sealadaí ag aithris (480) maidir le cur i bhfeidhm féideartha Airteagal 7(2a) den Bhunrialachán.

(483)

Chuir an Coimisiún na corrlaigh ghanndhíola agus na corrlaigh dhumpála (aithris (474) thuas) i gcomparáid le chéile. Socraíodh méid na ndleachtanna ar leibhéal íseal na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach ganndíola.

(484)

Ar bhonn a bhfuil thuas, ba cheart na rátaí sealadacha maidir le dleacht frithdhumpála, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, agus an dleacht chustaim neamhíoctha, a bheith mar a leanas:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála shealadach

Jiangsu Alcha Aluminum Group Co., Ltd.

28,3 %

Nanshan Group

19,3 %

Xiamen Xiashun Aluminium Foil Co., Ltd.

21,4 %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

22,6 %

Gach cuideachta eile

46,7 %

(485)

Bunaíodh na rátaí dleachta frithdhumpála do chuideachtaí aonair a sonraíodh sa Rialachán seo ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, ba léiriú iad ar an staid mar a bhí le linn an imscrúdaithe maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

(486)

Dá dtarlódh sé go dtiocfadh méadú suntasach ar mhéid na n-allmhairí de chuid ceann de na cuideachtaí a bhaineann tairbhe as na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí méadú i méid mar sin a mheas ann féin mar athrú i bpatrún na trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den Bhunrialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

(487)

Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith le dleacht frithdhumpála gach cuideachta eile ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach freisin maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe.

9.   FÁISNÉIS AG AN gCÉIM SHEALADACH

(488)

I gcomhréir le Airteagal 19a den Bhunrialachán, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas faoi fhorchur beartaithe dleachtanna sealadacha. Cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil don phobal i gcoitinne freisin trí shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála. Tugadh trí lá oibre do na páirtithe leasmhara chun barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna a nochtadh go sonrach dóibh.

(489)

Rinne Jiangsu Alcha, Nanshan Group agus Xiamen Xiashun trácht ar chruinneas na ríomhanna. Níor thug tionscal an Aontais barúlacha maidir le cruinneas na ríomhanna. Mheas an Coimisiún na barúlacha agus ceartaigh sé earráidí ríomha cléireachais i gcás inarb iomchuí.

10.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

(490)

Ar mhaithe leis an dea-riarachán, iarrfaidh an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach i scríbhinn agus/nó éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála laistigh de sprioc-am seasta.

(491)

Is torthaí sealadacha iad na torthaí maidir le forchur dleachtanna sealadacha, agus féadfar iad a leasú ag céim chinntitheach an imscrúdaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Gan dochar d’Airteagal 2, forchuirtear leis seo dleacht shealadach frithdhumpála ar allmhairí táirgí alúmanaim, cothrom-rollta, cóimhiotalaithe nó gan a bheith cóimhiotalaithe, obair bhreise déanta orthu seachas cothrom-rollta nó gan é a bheith déanta, bídís, gan taca, gan sraitheanna inmheánacha d’ábhar eile,

i gcornaí nó i stiallacha corntha, i leatháin ghearrtha san fhad, nó i bhfoirm ciorcail; atá 0,2 mm nó níos mó ach nach mó ná 6 mm, ar tiús;

i bplátaí, ar mó ná 6 mm ar tiús;

i gcornaí nó i stiallacha corntha, nach lú ná 0,03 mm ach ar lú ná 0,2 mm ar tiús;

a thagann faoi chuimsiú cóid AC ex 7606 11 10 (cóid TARIC 7606111025, 7606111086), ex 7606 11 91 (cóid TARIC 7606119125, 7606119186), ex 7606 11 93 (cóid TARIC 7606119325, 7606119386), ex 7606 11 99 (cóid TARIC 7606119925, 7606119986), ex 7606 12 20 (cóid TARIC 7606122025, 7606122088), ex 7606 12 92 (cóid TARIC 7606129225, 7606129293), ex 7606 12 93 (cód TARIC 7606129386), ex 7606 12 99 (cóid TARIC 7606129925 agus 7606129986), ex 7606 91 00 (cóid TARIC 7606910025, 7606910086), ex 7606 92 00 (cóid TARIC 7606920025, 7606920092), ex 7607 11 90 (cóid TARIC 7607119044, 7607119048, 7607119051, 7607119053, 7607119065, 7607119071, 7607119073, 7607119075, 7607119077, 7607119091, 7607119093) agus ex 7607 19 90 (cóid TARIC 7607199075, 7607199094) agus is de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad

2.   Seo mar a leanas a bheidh rátaí na dleachta frithdhumpála sealadaí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, don táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1, táirge a dhéanann na cuideachtaí a liostaítear thíos a tháirgeadh:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála shealadach (%)

Cód breise TARIC

Jiangsu Alcha Aluminum Group Co., Ltd.

28,3

C610

Nanshan Group

Shandong Nanshan Aluminium Co., Ltd.,

Yantai Nanshan Aluminum New Material Co., Ltd.,

Longkou Nanshan Aluminum Rolling New Material Co., Ltd.,

Yantai Donghai Aluminum Foil Co., Ltd.

19,3

C611

Xiamen Xiashun Aluminium Foil Co., Ltd.

21,4

C612

Cuideachtaí comhoibríocha eile (Iarscríbhinn)

22,6

 

Gach cuideachta eile

46,7

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm/hainm agus lena fheidhm/feidhm, arna dhréachtú mar a leanas: “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) (méid) den (táirge lena mbaineann), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa tír seo: (an tír lena mbaineann). Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.” Mura gcuirtear an sonraisc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Beidh scaoileadh an táirge, dá dtagraítear i mír 1, i saorchúrsaíocht san Aontas faoi réir taisce ráthaíochta atá coibhéiseach le méid na dleachta sealadaí a sholáthar.

5.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

1.   Eisiafar na táirgí seo a leanas ón táirge a bhfuil tuairisc air in Airteagal 1(1):

Stoc coirp canna dí alúmanaim, stoc deiridh agus stoc cluaisín.

Táirgí alúmanaim, cóimhiotalaithe, nach lú ná 0,2 mm agus nach mó ná 6 mm ar tiús, lena n-úsáid mar phainéil choirp i dtionscal na mótarfheithiclí.

Táirgí alúmanaim, cóimhiotalaithe, nach lú ná 0,8 mm ar tiús, lena n-úsáid chun páirteanna aerárthaí a mhonarú.

2.   Beidh an táirge a thuairiscítear in Airteagal 1(1) díolmhaithe ó dhleacht shealadach frithdhumpála má allmhairítear é lena úsáid i dtáirgeadh cornaí brataithe agus painéal comhchodach alúmanaim agus má chomhlíonann sé na saintréithe teicniúla seo a leanas

Cornaí alúmanaim leibhéalta teannais

Corna teo-rollta

Leithead: Ó 800 mm suas go 2 050 mm

Tiús: 0.20 mm suas go 1.5 mm

Lamháltas ar thiús:

± 0.01 mm ó thiús 0.20 go dtí 0.50 mm

± ½ norm ó thiús 0.51 mm go dtí 1.50 mm

Lamháltas ar leithead: + 1.50/-0.00 mm

Cóimhiotail: 5005, 3005, 3105

Meon: h14, h16, h24, h26

Uastonnairde: uasmhéid 3 in 1 000 mm

3.   Beidh na heisiaimh faoi mhír 1 fleasc 2 agus fleasc 3 agus an díolúine faoi mhír 2 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i bhforálacha custaim an Aontais maidir leis an nós imeachta úsáide deiridh, go háirithe Airteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (140) (Cód Custaim an Aontais).

Airteagal 3

1.   Cuirfidh páirtithe leasmhara a mbarúlacha i scríbhinn faoin Rialachán seo faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 15 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh Airteagal 1 i bhfeidhm ar feadh tréimhse 6 mhí.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Fógra tionscnaimh maidir le himeacht frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí táirgí de tháirgí cothromrollta alúmanaim ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO C268, 14.8.2020, lch. 5).

(3)  Doiciméad Tron T20.006896

(4)  https://www.european-aluminium.eu/activity-report-2019-2020/market-overview/ a ndearnadh rochtain air an Eanáir 2021.

(5)  Mheas an chuideachta go raibh a costais iompair faoi rún.

(6)  Féach mír 105 den Ghearán.

(7)  https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2475

(8)  Fógra maidir le hiarmhairtí na ráige COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (IO C 86, 16.3.2020, lch. 6).

(9)  Doiciméad Tron t21.000574

(10)  Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Téacs atá ábhartha do LEE) (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).

(11)  Mar a shainítear san Fhógra lena leasaítear an Fógra tionscnaimh IO C36 02.02.2021 lch. 18

(12)  De réir mar a shainigh an páirtí agus é ag tagairt do shainmhíniú an táirge mar a foilsíodh san Fhógra Tionscnaimh dá dtagraítear i bhfonóta 2 thuas.

(13)  Áirithíonn bailíochtú go gcomhlíonann an táirge forbartha riachtanais an chustaiméara. Baineann an bailíochtú leis an HEX mhótarfheithicle féin agus le AFRPanna HEX mótarfheithiclí. Is féidir leis an bpróiseas seo suas maireachtáil suas le dhá bhliain agus áirítear leis tástáil saotharlainne, bailíochtú ábhair agus próisis.

(14)  Cás M.9560 – Cinneadh ón gCoimisiún maidir le Gränges/Impexmetal de bhun Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1) agus Airteagal 57 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (23.9.2020 C(2020) 6652 final); https://ec.europa.eu/competition/mergers/cases1/202050/m9560_488_3.pdf

(15)  https://www.world-aluminium.org/media/filer_public/2018/02/19/lca_report_2015_final_26_june_2017.pdf Table 10, lch. 34 agus https://www.european-aluminium.eu/media/2052/european-aluminium-environmental-profile-report-2018-executive-summary.pdf lch. 6 a ndearnadh rochtain air an 18 Feabhra 2020.

(16)  https://www.ecofinagency.com/finance/2007-34929-morocco-car-manufacturer-nanjing-xiezhong-to-build-at-kenitra; https://autotechinsight.ihsmarkit.com/news/36512/nanjing-xiezhong-auto-airconditioner-to-set-up-a-new-plant-in-morocco-report; https://www.usinenouvelle.com/article/automobile-au-maroc-une-usine-en-vue-pour-le-chinois-xiezhong-specialiste-de-la-clim-a-proximite-du-futur-site-psa.N402812 a ndearnadh rochtain air an 15 Feabhra 2020.

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2006 maidir le dea-chleachtas monaraíochta d’ábhair agus d’earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia( IO L 384, 29.12.2006, lch. 75).

(19)  Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistiú agus dramhaíl ó phacáistiú (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10);

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(21)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/271 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2017 lena leathnaítear an dleacht fhrithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 925/2009 ón gComhairle maidir le hallmhairí scragall alúmanaim áirithe ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad agus allmhairí scragaill alúmanaim áirithe atá modhnaithe beagán (IO L 40, 17.2.2017, lch. 51), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2213 (IO L 316, 1.12.2017, lch. 17).

(22)  Rialachán (AE) 2019/2220 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 lena n-osclaítear taraif-chuótaí uathrialacha an Aontais do tháirgí áirithe talmhaíochta agus tionsclaíocha (IOL333, 27.12.2019, lch. 33).

(23)  “Ceistneoir i gcás saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí Airteagal 2(6a) de Rialachán (AE) 2016/1036 do Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne” agus “Ceistneoir i gcás amhábhair a bheith ann de réir bhrí Airteagal 7(2a) de réir bhrí 7(2a) de Rialachán (AE) 2016/1036 do Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne”.

(24)  Commission Staff Working Document on Significant Distortions in the Economy of the People’s Republic of China for the purposes of Trade Defence Investigations, 20 December 2017, SWD(2017) 483 final/2 (Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críoch Imscrúduithe maidir le Cosaint Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2) (“Tuarascáil” anseo feasta).

(25)  OECD (2019), Measuring distortions in international markets: the aluminium value chain, OECD Trade Policy Papers, No. 218, OECD Publishing, Páras, https://doi.org/10.1787/c82911ab-en (arna rochtain go deireanach 03/09/2020).

(26)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/915 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2019 ina bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de scragall alúmanaim áirithe i rollaí ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 146, 5.6.2019, lch. 63.

(27)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 6-7.

(28)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 10.

(29)  Ar fáil ag http://www.fdi.gov.cn/1800000121_39_4866_0_7.html (arna bhreathnú go deireanach an 8 Meán Fómhair 2020).

(30)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 20-21.

(31)  Tuarascáil – Caibidil 3, lgh. 41, 73-74.

(32)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 120-121.

(33)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 122-135.

(34)  Tuarascáil – Caibidil 7, lgh. 167-168.

(35)  Tuarascáil – Caibidil 8, lgh. 169-170, 200-201.

(36)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 15-16, Tuarascáil – Caibidil 4, lch. 50, lch. 84, Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 108-9.

(37)  Tuarascáil – Caibidil 3, lgh. 22-24, agus Caibidil 5 lgh. 97-108.

(38)  Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 104-9.

(39)  Staidéar ECFE, lch. 29.

(40)  Australian Anti-Dumping Commission, Aluminium Extrusions from China, REP 248, lch. 79 (13 Iúil 2015).

(41)  Taube, M. (2017). Analysis of Market Distortions in the Chinese Non-Ferrous Metals Industry, Think!Desk, 24 Aibreán 2017, lch. 51.

(42)  Féach mar shampla tuarascáil faoi mhainneachtain rialtas cúige Shandong srian a chur le borradh faoi acmhainneacht alúmanam: https://mp.weixin.qq.com/s?__biz=MzI2OTUyMzA0Nw==&mid=2247494318&idx=1&sn=9690ca50845c19f38eafff659516817a&chksm=eaddaba6ddaa22b071a5e2588aa787ed6f6a1a964ccae55c4d85c6f7ccbfcb5cedd3cdceac9d&scene=0&pass_ticket=JFplYZoDqNTFmOPYUGJbMwF0XlC1N3hAJ3EYPpsKx6rkt4fSeZ4TwIvB5BffX4du#rd (a ndearnadh rochtain air an 7 Meán Fómhair 2020).

(43)  An Tuarascáil – Caibidil 15, lgh. 387-388.

(44)  Féach seasamh 35 ar liosta SASAC: http://www.sasac.gov.cn/n2588035/n2641579/n2641645/index.html

(45)  Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 100-1.

(46)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 26

(47)  An Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 31-2.

(48)  Ar fáil ag https://www.reuters.com/article/us-china-congress-companies-idUSKCN1B40JU (arna bhreathnú go deireanach an 9 Meán Fómhair 2020).

(49)  Ar fáil ag www.gov.cn/zhengce/2020-09/15/content_5543685.htm (arna bhreathnú go deireanach an 10 Márta 2021)

(50)  Financial Times (2020) “Chinese Communist Party asserts greater control over private enterprise”, ar fáil ag: https://on.ft.com/3mYxP4j

(51)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/915.

(52)  An Tuarascáil – Caibidil 15, lgh. 388.

(53)  http://www.chalco.com.cn/chalcoen/rootfiles/2018/04/19/1524095189602052-1524095189604257.pdf, (arna rochtain an 8 Márta 2019).

(54)  Féach The China Non Ferrous Metal Journal,20 Deireadh Fómhair 2020: https://www.cnmn.com.cn/ShowNews1.aspx?id=423470

(55)  http://act.chinatt315.org.cn/hy/tthy/2014/0906/13763.html

(56)  Tuarascáil – Caibidlí 14.1 go 14.3.

(57)  Tuarascáil – Caibidil 4, lgh. 41-42, 83.

(58)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/915.

(59)  (IO L 336, 13.10.2020, lch. 8).

(60)  The 13th Five-Year Plan for Economic and Social Development of the People’s Republic of China (2016-2020), http://en.ndrc.gov.cn/newsrelease/201612/P020161207645765233498.pdf.

(61)  An Tuarascáil – Caibidil 15, lch. 377.

(62)  Tuarascáil – Caibidil 12, lgh. 275-282, agus Caibidil 15 lgh. 378-382.

(63)  Tuarascáil – Caibidil 12, lgh. 275-282.

(64)  Tuarascáil – Caibidil 15, lgh. 378–382, 390.

(65)  An Tuarascáil – Caibidil 15, lgh. 384–385.

(66)  An Tuarascáil – Caibidil 15, lgh. 382–383.

(67)  Féach http://www.gov.cn/zhengce/content/2016-06/16/content_5082726.htm (arna rochtain an 20 Iúil 2020)

(68)  Ibid, Roinn 3

(69)  Ibid, Roinn 4

(70)  Féach: http://gxt.shandong.gov.cn/art/2018/11/6/art_15681_3450015.html (arna rochtain an 20 Iúil 2020), Roinn 13

(71)  An Tuarascáil – Caibidil 15, lch. 386.

(72)  Féach http://miit.gov.cn/n1146285/n1146352/n3054355/n3057569/n3057572/c6566256/content.html (arna rochtain an 20 Iúil 2020)

(73)  Ibid, Roinn I

(74)  Ibid, Roinn II

(75)  Ibid, Roinn VII

(76)  Féach: http://www.gov.cn/zhengce/content/2016-06/16/content_5082726.htm, Roinn 10

(77)  Féach: https://finance.sina.com.cn/money/future/indu/2019-11-26/doc-iihnzahi3508583.shtml (arna rochtain an 20 Iúil 2020)

(78)  Féach: http://gxt.shandong.gov.cn/art/2018/11/6/art_15681_3450015.html, roinn 6

(79)  Féach http://www.chinania.org.cn/html/introduce/xiehuizhangcheng/ (arna rochtain an 21 Iúil 2020)

(80)  Féach: http://www.cnfa.net.cn/about/1546.aspx (arna rochtain an 21 Iúil 2020)

(81)  An Tuarascáil – Caibidil 15, lgh. 377 - 387.

(82)  An Tuarascáil – Caibidil 15, lch. 378 agus 389; Staidéar ECFE, lch. 25-26.

(83)  An Tuarascáil – Caibidil 15, lgh. 390 – 391. Déanann foinsí eile freisin soláthar leictreachais lascainithe a thuairisciú. Féach mar shampla: Faisnéis Eacnamaíoch Laethúil: Agus buairt ann faoi chora fáis, tá beartais fhabhracha á nochtadh ag réigiún an iarthair chun tacú le tionscail ina mbíonn ídiú ard fuinnimh http://jjckb.xinhuanet.com/2012-07/24/content_389459.htm (arna rochtain ar 4 Meán Fómhair 2020), tuairisciú ar an mbealach atá cúigí in Iarthar na Síne mar Shaanxi, Ningxia, Qinghai agus Gansu tar éis leanúint de leictreachas saor a chur ar fáil chun infheistíochtaí níos mó a mhealladh.

(84)  An Tuarascáil – Caibidil 15, lgh. 392 – 393.

(85)  An Tuarascáil – Caibidil 15, lgh. 393 – 394.

(86)  An Tuarascáil – Caibidil 15, lgh. 395 – 396.

(87)  Ibid, lch. 16, lch. 30. Mar sin féin, cuireann údaráis na Síne isteach ar ionchuir eile freisin. Sampla tipiciúil is ea gual, ar cás é ina gcoinníonn an rialtas an chumhacht aon ardú ar phraghas an ghuail a laghdú. Féach: https://policycn.com/policy_ticker/coal-price-unlikely-to-jump-during-heating-season/?iframe=1&secret=c8uthafuthefra4e (arna rochtain an 4 Meán Fómhair 2020).

(88)  Ibid. lch. 16-18.

(89)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 138-149.

(90)  Tuarascáil – Caibidil 9, lch. 216.

(91)  Tuarascáil – Caibidil 9, lch. 213-215.

(92)  Tuarascáil – Caibidil 9, lch. 209-211.

(93)  Meabhrán Cinnidh don Réamhchinneadh Dearfach: Imscrúdú ar Dhleacht Frithchúitimh ar Scragall Alúmanaim áirithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne, arna fhoilsiú ag an Roinn Riaracháin Trádála Idirnáisiúnta, an Roinn Tráchtála, an 7 Lúnasa 2017, IX.E. lch. 30, ar fáil ag https://enforcement.trade.gov/frn/summary/prc/2017-17113-1.pdf (arna rochtain go deireanach ar 11 Márta 2019).

(94)  Tuarascáil – Caibidil 13, lch. 332-337.

(95)  Tuarascáil – Caibidil 13, lch. 336

(96)  Tuarascáil – Caibidil 13, lch. 337-341.

(97)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 114-117.

(98)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 119

(99)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 120

(100)  Tuarascáil – Caibidlí 6, lch. 121-122, 126-128, 133-135.

(101)  Féach Páipéar Oibre an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta Resolving China’s Corporate Debt Problem, le Wojciech Maliszewski, Serkan Arslanalp, John Caparusso, José Garrido, Si Guo, Joong Shik Kang, W. Raphael Lam, T. Daniel Law, Wei Liao, Nadia Rendak, Philippe Wingender, Jiangyan, Deireadh Fómhair 2016, WP/16/203

(102)  Tuarascáil – Caibidlí 6, lch. 121-122, 126-128, 133-135.

(103)  Staidéar ECFE, lch. 21.

(104)  Féach suíomh gréasáin Xiamen Xiashun: http://www.xiashun.com/about/awards.htm

(105)  Féach Fógra 2012 Chúige Fujian maidir le haitheantas a fhorbairt d’fhiontair chnámh droma na dtionscal straitéiseach agus na dtionscal atá ag teacht chun cinn, Ranna II agus VI: http://www.fjmtxh.com/NewsInfo.aspx?Id=11101

(106)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21 agus IO 176, IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(107)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Meánioncam Uachtarach, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.

(108)  I ndáil le halúmanam, i.e. alúmanam nach bhfuil cóimhiotalach, neamhshaoirsithe (cód HS 7601 10) agus/nó cóimhiotail alúmanaim, neamhshaoirsithe (cód HS 7601 20) agus/nó fuíoll alúmanaim (cód HS 7602 00), is féidir leis a bheith ionann le 80 % de chostas iomlán mhonarú an táirge lena mbaineann, ag brath ar an gcineál táirge, de réir na sonraí arna soláthar sa ghearán agus ag páirtithe leasmhara éagsúla. Is fotháirge suntasach é fuíoll alúmanaim ar féidir é a athúsáid go pointe áirithe sa phróiseas táirgthe. De réir an ghearáin, is féidir cainníocht iomlán an fhuíll arna ghiniúint le linn an táirgthe a bheith ionann le 50 % de chainníocht iomlán an táirgthe.

(109)  Sa Bhrasaíl, ní raibh ráitis airgeadais a bhí ar fáil go poiblí le déanaí (2019) ar fáil ach amháin do cheann amháin den dá chuideachta a bhfuil a gcuid sonraí airgeadais ar fáil. Sa Tuirc, ní raibh ráitis airgeadais a bhí ar fáil go poiblí le déanaí (2019) ar fáil ach amháin do cheann amháin de na ceithre chuideachta a bhfuil a gcuid sonraí airgeadais ar fáil. Sa Téalainn, ní raibh ráitis airgeadais a bhí ar fáil go poiblí le déanaí (2019) ar fáil ach amháin do thrí cinn de na cúig chuideachta a bhfuil a gcuid sonraí airgeadais ar fáil.

(110)  http://www.hindalco.com/investor-cetre/reports-and-presentations

(111)  Na cuideachtaí Airoldi, Company A, Jiangsu Alcha Group, Lodec Metal, Nanshan Group agus Xiamen Xiashun.

(112)  Cáin ar allmhairí, cáin ar tháirgí tionsclaithe (“IPI”), “allmhairiú PIS” mar a thugtar air (tagraíonn PIS don Chlár um Lánpháirtiú Sóisialta) agus “cáin ar allmhairí COFINS” (tagraíonn COFINS do Ranníocaíochtaí le haghaidh Maoiniú Slándála Sóisialta), Lasta breise d’Athchóiriú na Mara Ceannaí agus cáin ar chúrsaíocht earraí.

(113)  Ceanglaítear leis an mBunrialachán nach mór “méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus i gcomhair na mbrabús a bheith san áireamh sa luach ríofa”.

(114)  Ciorclán Uimh. 46 an 28 Iúil 2020, de chuid Rúnaíocht Trádála Eachtraí na Brasaíle, http://www.in.gov.br/en/web/dou/-/circular-n-46-de-28-de-julho-de-2020-269159613.

(115)  Roinn 6.1.6.3 de Chiorclán 46.

(116)  Aibreán 2019 go Márta 2020

(117)  Luann ráitis airgeadais Novelis do Brasil agus suíomh gréasáin Novelis do Brasil táirgeadh alúmanaim d’earnálacha an aeraspáis, na ngluaisteán agus na gcannaí dí, https://pt-br.novelis.com

(118)  Is é sin ioncaim cothrom le hiomlán na gcostas seasta agus athraitheach.

(119)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1428.

(120)  Tá na sonraí sin ar fáil i gcomhthéacs an imscrúdaithe ar tháirgí easbhrúite alúmanaim, féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1428.

(121)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33).

(122)  Tá céatadán beacht na gcostas próiseála faoi rún.

(123)  IHS Markit, https://ihsmarkit.com/index.html, sa chomhad oscailte.

(124)  Tá na costais saothair ar fáil ag http://www.turkstat.gov.tr/PreIstatistikTablo.do?istab_id=2088

(125)  Áirítear sa chatagóir “miotail bhunúsacha” alúmanam faoi chód C24.4.2.

(126)  https://data.tuik.gov.tr/Bulten/DownloadIstatistikselTablo?p=RQJc6lWaNMpivNV6h1MxkWk9ycHqk1cNqZM2UJkJfMUYAmenKIIz/lKzy74RY7Y2

(127)  https://data.tuik.gov.tr/Bulten/DownloadFile?p=RitGfpW8hZZnYLLz6NVmT9EdA97OcZ4kN3AGp97wTnz8hDUuqKcBcTsov5HkqdePBK2GLKg1cJVUEzIPmlerlcsrW7chIl366PgstWPx188=

(128)  http://www.turkstat.gov.tr/HbGetir.do?id=33646&tb_id=1

(129)  https://www.invest.gov.tr/en/investmentguide/pages/cost-of-doing-business.aspx

(130)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1428 aithrisí (185) agus (186).

(131)  IO L 282, 28.10.2010, lch. 1, aithris 83 agus IO L 18, 24.1.2017, lch. 1, sithris 28.

(132)  An tSín – Bearta lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála ar fheadáin chruach dhosmálta gan uaim ardfheidhmíochta (“HP-SSST”) ón tSeapáin agus ón tSín – Bearta lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála ar fheadáin chruach dhosmálta gan uaim ardfheidhmíochta (“HP-SSST”) ón Aontas Eorpach, WT/DS454/AB/R; WT/DS460/AB/R.

(133)  IO L 282, 28.10.2010, lch. 1, aithris 83 agus IO L 18, 24.1.2017, lch. 1, aithris 28.

(134)  An tSín – Bearta lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála ar fheadáin chruach dhosmálta gan uaim ardfheidhmíochta (“HP-SSST”) ón tSeapáin agus ón tSín – Bearta lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála ar fheadáin chruach dhosmálta gan uaim ardfheidhmíochta (“HP-SSST”) ón Aontas Eorpach, WT/DS454/AB/R; WT/DS460/AB/R.

(135)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/353 ón gCoimisiún an 3 Márta 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de rothaí bóthair cruaiche ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 65, 4.3.2020, lch. 9).

(136)  Cóid AC 7606 11 10, 7606 11 91, 7606 11 93, 7606 11 99, 7606 12 20, 7606 12 92, 7606 12 93, 7606 12 99, 7606 91 00, 7606 92 00 agus 7606 11 90.

(137)  Mar a mhínítear in aithris (291), ríomhadh corrlaigh sladghearrtha ar bhonn AE27.

(138)  I gcás ina ndearnadh an díol ón táirgeoir Síneach leis an gcéad chustaiméir neamhspleách ar mhargadh an Aontais trí chuideachta ghaolmhar díolacháin bunaithe san Aontas, bunaíodh praghas an allmhairithe ar bhonn CAL, tríd an bpraghas díolacháin a choigeartú don chéad chustaiméir neamhspleách, ag cur san áireamh na costais ar fad a tabhaíodh idir an t-allmhairiú agus an t-athdhíol, lena n-áirítear an SG&A de chuid an allmhaireora ghaolmhair agus do bhrabúis a fhabhraíonn bunaithe ar an meánchorrlach brabúis ualaithe le linn na tréimhse imscrúdaithe arna dtuairisciú ag na hallmhaireoirí neamhghaolmhara samplála, i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den Bhunrialachán.

(139)  Tá Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais ar cheann de bhunchloch bheartas an Aontais cloí le Comhaontuithe Iltaobhacha maidir leis an gComhshaol.

(140)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha nach ndearnadh a shampláil

Ainm

Cód breise TARIC

Southwest Aluminium (Group) Co., Ltd

C613

Jiangsu Dingsheng New Materials Joint-Stock Co., Ltd

C614

Shanghai Huafon Aluminium Corporation

C615

Alnan Aluminium Inc.

C616

Yinbang Clad Material Co., Ltd.

C617

Jiangsu Metcoplus Industry Intl. Co., Ltd.

C618

Dalishen Aluminum CO., Ltd

C619

Binzhou Hongbo Aluminium Foil Technology Co., Ltd.

C620

Yong Jie New Material Co., Ltd.

C621

Chalco Ruimin Co., Ltd.

C622

Luoyang Wanji Aluminium Processing Co., Ltd.

C623

Jiangyin Dolphin Pack Limited Company

C624

Henan Xindatong Aluminum Industry Co., Ltd.

C625

Zhejiang Yongjie Aluminum Co., Ltd.

C626

Jiangsu Zhongji Lamination Materials Co., Ltd.

C627

Zhengzhou Guandong Aluminum Industry Co., Ltd.

C628