12.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 124/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/581 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Aibreán 2021

maidir le léirithe staide sa Chóras Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (1), agus go háirithe Airteagal 24(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I Rialachán (AE) 2019/1896 sainmhínítear léirithe staide mar chomhbhailiú sonraí geo-thagartha neas-fhíor-ama agus faisnéis a fhaightear ó údaráis éagsúla, braiteoirí, ardáin agus ó fhoinsí eile a tharchuirtear ar bhealaí slána cumarsáide agus faisnéise, sonraí agus faisnéis is féidir a phróiseáil agus a thaispeáint go roghnaíoch d’údaráis ábhartha eile, agus a roinnt leo, chun feasacht staide a bhaint amach agus chun tacú leis an acmhainn freagartha ag na teorainneacha seachtracha, feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh agus ag an limistéar réamhtheorann, feadh an limistéir sin nó gar dó. Is éard atá sa sainmhíniú sin, forbairt ar choincheap a leagadh síos i dtús báire i Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), a léiríonn cur chuige “níos dírithe ar shonraí” lena gceadaítear d’úsáideoirí an taispeáint ghrafach agus an comhéadan úsáideora is iomchuí a roghnú ag brath ar an staid oibríochtúil agus ar a riachtanais cheannais agus rialaithe.

(2)

I Rialachán (AE) 2019/1896, déantar foráil maidir le léirithe staide náisiúnta, léiriú staide Eorpach agus léirithe staide sonracha a bhunú, léirithe a chruthófar trí fhaisnéis a chnuasach, a mheas, a thiomsú, a anailísiú, a léirmhíniú, a ghineadh, a léirshamhlú agus a scaipeadh. Beidh trí shraith faisnéise ar leith ag baint leis na léirithe staide, eadhon, sraith tarluithe, sraith oibríochtaí agus sraith anailíse.

(3)

Is gá na sonraí a bhaineann le gach ceann de shraitheanna faisnéise na léirithe staide a leagan síos mar aon leis na rialacha maidir léirithe staide sonracha a bhunú. Is gá thairis sin an cineál faisnéise atá le soláthar a shonrú mar aon leis na próisis a rialaíonn soláthar na faisnéise sin agus na sásraí lena n-áirítear rialú cáilíochta chomh maith. Chun cur chuige comhordaithe a áirithiú lena gcuirfear feabhas ar mhalartú faisnéise, ba cheart tuairisciú sa Chóras Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (“EUROSUR”) a shonrú agus a chaighdeánú.

(4)

Chun a áirithiú go bhfuil sraith tarluithe na léirithe staide cuimsitheach agus mionsonraithe a dhóthain, ba cheart do na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin agus, i gcás inarb ábhartha, an Garda Teorann agus Cósta Eorpach (“an Ghníomhaireacht”) agus na lárionaid idirnáisiúnta chomhordúcháin, tuarascálacha tráthúla a sholáthar ar tharluithe ar dócha go mbeadh tionchar acu ar an teorainn sheachtrach.

(5)

Is comhlántach atá tuairisciú ar tharluithe trí tháscairí agus mar thuarascálacha ar tharlú aonair. Cuidíonn na táscairí le measúnú a dhéanamh ar an bhforbairt fhoriomlán ag cuid áirithe den teorainn agus le feasacht staide fheabhsaithe, agus tá na tuarascálacha ar tharlú aonair nasctha le freagairt thráthúil ar tharlú ar leith.

(6)

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le bearta práinneacha a ghlacadh ar bhonn tuarascálacha ar tharlú aonair. Dá bhrí sin, ní mór a bheith in ann tarluithe aonair a thuairisciú go tapa chun gur féidir freagairt thapa a thabhairt ar tharluithe den sórt sin. Ba cheart tuarascáil tosaigh a sheoladh a luaithe a bhraithfear an tarlú agus ba cheart í a thaispeáint sna léirithe staide comhfhreagracha. Chun moill a sheachaint a d’fhéadfadh cur isteach ar fhreagairt thapa a dhéanamh, ba cheart cead a thabhairt leis an bpróiseas bailíochtaithe tuairisc a sheoladh atá bailíochtaithe go páirteach.

(7)

San am céanna, d’fhéadfadh sé mbeadh bréagrabhadh mar thoradh ar thuarascálacha a eisiúint sna himthosca sin. Ba cheart do thionscnóir agus d’úinéir an léirithe staide an leibhéal muiníne i leith na dtuarascálacha agus na dtarluithe arna dtaispeáint sa léiriú staide a mheas agus a thabhairt le fios. Ba cheart an chéad tuarascáil a chomhlánú le tuarascálacha leantacha eile, a luaithe a bheidh faisnéis fhorlíontach ar fáil.

(8)

Comhlánóidh an tuairisciú ar tharluithe maidir le calaois doiciméad agus coiriúlacht in EUROSUR na hoibleagáidí tuairiscithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2020/493 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) mar chuid den chóras um Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (FADO).

(9)

I gcás tuairisciú faoin Rialachán seo ar tharluithe aonair maidir le gluaisteacht trasteorann earraí agus an gháinneáil aindleathach a ghabhann leis, ní cheart don tuairisciú sin difear a dhéanamh d’oibleagáidí, srianta nó inniúlachtaí tuairiscithe maidir leis an limistéar custam mar aon le tuairisciú rialaithe chórasaigh, go háirithe faoin gCóras Rialaithe Allmhairí 2 (“ISC2”) de bhun Airteagal 186 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 (4) ón gCoimisiún nó comhroinnt faisnéise faoi rioscaí faoin gCóras Bainistíochta Riosca Custaim (“CRMS”) de bhun Airteagal 86 den Rialachán céanna agus faoin gCóras Faisnéise Custaim (“CIS”) arna bhunú faoin Rialachán (CE) Uimh. 515/97 (5) ón gComhairle. Níor cheart dó ach oiread dúbláil a dhéanamh ar shásraí tuairiscithe seanbhunaithe a dhéanann na Ballstáit i dtaca le custaim agus ábhair feidhmithe custam. Má tá sí ar fáil, d’fhéadfaí an fhaisnéis ábhartha a fháil ó fhoinsí an Choimisiúin atá ann cheana féin.

(10)

Maidir le sraith oibríochtaí na léirithe staide, chun forléargas atá cuimsitheach a dhóthain a áirithiú, ba cheart d’úinéir na léirithe staide tuairisciú a fháil ar acmhainní dílse na mBallstát, tuarascálacha ar phleananna oibríochtúla, mar aon le tuarascálacha ar fhaisnéis chomhshaoil lena n-áirítear, go háirithe, faisnéis mheitéareolaíoch agus aigéaneolaíochta. I gcás ina bhfuil an leibhéal tionchair ag codanna den teorainn ag leibhéal ard nó criticiúil, i ngeall ar an ngá le comhordú, tá gá le tuairisciú mionsonraithe ar na pleananna oibríochtúla chun gur fearr is féidir freagairt na n-údarás éagsúil atá bainteach a réamh-mheas.

(11)

Sa tuairisciú oibríochtúil atá le déanamh faoi chuimsiú oibríochta teorann comhpháirtí nó mear-idirghabhála teorann, ba cheart tuairisc a thabhairt ar phleananna oibríochtúla gach oibríochta teorann comhpháirtí nó gach mear-idirghabhála teorann.

(12)

Maidir le sraith anailíse na léirithe staide, ba cheart d’úinéir na léirithe staide an tsraith anailíse a bhunú ar bhonn na dtuarascálacha ar anailís riosca. Is é is aidhm do na tuarascálacha sin feabhas a chur ar an tuiscint atá ann ar tharluithe ag an teorainn sheachtrach lena bhféadfar treochtaí a thuar, oibríochtaí rialaithe teorann a phleanáil agus a chur i gcrích mar aon le hanailís riosca straitéiseach. Ba cheart na modheolaíochtaí a bhaineann le tuairisciú ar anailís riosca, agus sannadh na leibhéal muiníne a bheith bunaithe ar an gcomhshamhail le haghaidh anailís chomhtháite riosca (CIRAM).

(13)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú agus malartú faisnéise a éascú agus slándáil á caomhnú san am céanna, ba cheart don Ghníomhaireacht a líonraí agus a huirlisí anailíse riosca éagsúla a chomhtháthú agus a fhorbairt faoi chuimsiú EUROSUR, amhail Líonra Frontex le haghaidh Anailís Riosca (FRAN), Líonra an Aontais Eorpaigh le haghaidh Anailís Riosca maidir le Calaois Doiciméad (EDF-RAN) nó Líonra an Chomhphobail Faisnéise Muirí le haghaidh Anailís Riosca (MIC-RAN).

(14)

Agus tuairisciú á dhéanamh in EUROSUR, ba cheart aird a thabhairt ar shainiúlacht gníomhaíochtaí rialaithe teorann áirithe amhail faireachas aeir nó muirí agus ar shainiúlacht tarluithe gaolmhara áirithe freisin amhail gluaiseachtaí tánaisteacha nó teagmhais Cuardaigh agus Tarrthála. Cuidíonn tuairisciú na faisnéise sin leis an léiriú staide Eorpach a bhunú, lena n-áirítear anailís riosca agus sannadh na leibhéal tionchair. Ina theannta sin, trí thuairisciú ar oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála imirceach, ar tír agus ar muir araon, ba cheart go gcabhrófaí lena áirithiú go ndéanfar beatha imirceach a chosaint agus a shábháil.

(15)

Ba cheart d’úinéir an léirithe staide an léiriú staide a bhainistiú d’fhonn tuiscint shoiléir a thabhairt ar an staid ag gach cuid den teorainn sheachtrach agus maidir le gach réimse freagrachta, agus chun anailís riosca agus acmhainní freagartha a éascú ar an leibhéal cuí.

(16)

Agus léiriú staide sonrach á bhunú le tríú páirtithe in EUROSUR, ba cheart do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht na caighdeáin theicniúla agus oibríochtúla maidir le malartú faisnéise arna bhforbairt ag an nGníomhaireacht a chomhlíonadh agus a chur chun cinn.

(17)

Is gá na freagrachtaí oibríochtúla a leagan síos maidir le tuairisciú agus le léirithe staide a choinneáil ar bhun i ndáil leis na freagrachtaí teicniúla maidir leis na córais agus líonraí teicniúla éagsúla a thacaíonn le próiseáil faisnéise in EUROSUR a oibriú agus a choinneáil ar bhun.

(18)

Chun a áirithiú gur mionsonraithe a dhóthain sainiú na bhfreagrachtaí oibríochtúla maidir le cur chun feidhme teicniúil EUROSUR, is gá comhchodanna teicniúla EUROSUR a shainaithint. Chun an méid mór faisnéise a phróiseáiltear a bhainistiú agus chun ualach oibre na n-oibreoirí a laghdú, ba cheart malartú faisnéise in EUROSUR a bheith uathoibrithe. Ba cheart do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht comhéadain theicniúla a fhorbairt chun idirnaisc idir meaisíní a chothú agus ba cheart uirlisí tacaíochta cinnteoireachta a úsáid chun cabhrú le hoibreoirí EUROSUR agus iad i mbun a gcúraimí.

(19)

Agus formáid na dtuarascálacha a bhaineann leis na soithí ar díol spéise iad á sainiú ag an nGníomhaireacht mar chuid de na caighdeáin theicniúla le haghaidh malartú faisnéise, ba cheart di, i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, úsáid a bhaint as formáidí a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta agus a eascraíonn as an reachtaíocht ábhartha idirnáisiúnta agus, ar an gcéad dul síos, ba cheart di Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, Dlí Farraige an Ghnáis agus na hionstraimí atá díorthaithe go háirithe ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) a úsáid mar aon leis na héagsúlachtaí a bhaineann leo i ndlíchóras intíre na Stát brataí.

(20)

Agus formáid na dtuarascálacha a bhaineann le haerárthaí ar díol spéise iad á sainiú ag an Gníomhaireacht mar chuid de na caighdeáin theicniúla le haghaidh malartú faisnéise, ba cheart di, i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, féachaint le formáidí a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a úsáid amhail na formáidí sin a shainigh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).

(21)

Is é is aidhm don tslándáil sonraí in EUROSUR barántúlacht, infhaighteacht, sláine, rúndacht agus neamhshéanadh na dtuarascálacha agus aon sonraí agus aon fhaisnéis eile arna bpróiseáil in EUROSUR a áirithiú.

(22)

Comhfhreagraíonn slándáil sonraí chomhchodanna teicniúla EUROSUR don acmhainn atá ag na comhchodanna teicniúla aon ghníomhaíocht a bhrath agus a sheasamh, ar leibhéal áirithe muiníne, ar gníomhaíocht é a chuireann isteach ar shlándáil na sonraí agus na faisnéise arna bpróiseáil, nó ar na seirbhísí gaolmhara arna dtairiscint ag na líonraí agus na córais faisnéise sin, nó atá inrochtana tríothu.

(23)

Is ar na Ballstáit agus ar an nGníomhaireacht atá an fhreagracht chomhchoiteann as slándáil sonraí EUROSUR.

(24)

Bíonn na bagairtí cibearshlándála ag síorathrú agus is féidir le líonraí coiriúla agus sceimhlitheoireachta rochtain níos saoire a fháil orthu anois dá bharr sin. Ba cheart do EUROSUR cosaint leordhóthanach agus aonchineálach a áirithiú in aghaidh cibearbhagairtí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Is creat é EUROSUR chun faisnéis a mhalartú a chumhdaíonn leibhéil éagsúla aicmithe. Agus comhpháirteanna teicniúla EUROSUR á gcur chun feidhme, ba cheart do na húdaráis náisiúnta ábhartha agus don Ghníomhaireacht a áirithiú go mbeidh rochtain chuí ag aon úsáideoir ar an bhfaisnéis ábhartha a bhaineann lena leibhéal creidiúnaithe agus ar an ngá atá aige leis an faisnéis.

(25)

Nuair a bheidh an Líonra Cumarsáide á úsáid suas go dtí leibhéal aicmithe ‘AE faoi rún’, ba cheart don Ghníomhaireacht réiteach idirthréimhse a chur ar fáil do na comhchodanna náisiúnta sin nach mbeadh creidiúnaithe fós ach suas go dtí “RESTREINT UE/EU RESTRICTED” nó leibhéil choibhéiseacha aicmithe náisiúnta.

(26)

Mar chuid de rialacha slándála sonraí EUROSUR agus chun próiseas cuí creidiúnaithe a áirithiú, bunaítear leis an Rialachán seo Bord comhpháirteach um Chreidiúnú Slándála (“an Bord um Chreidiúnú”), laistigh den Ghníomhaireacht. I gcomhréir le forálacha Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444 (6) ón gCoimisiún, tá gá le Bord den sórt sin i gcás EUROSUR toisc gurb é atá in EUROSUR roinnt córais idirnasctha a bhfuil roinnt páirtithe páirteach iontu.

(27)

Is comhlacht teicniúil neamhspleách é an Bord um Chreidiúnú nach ndéanann difear d’fheidhmeanna bhord bainistíochta na Gníomhaireachta.

(28)

Agus prionsabal na coimhdeachta á chur i bhfeidhm agus de réir an phróisis a shainítear sa straitéis um chreidiúnú slándála, ba cheart cinntí um chreidiúnú slándála a bhunú ar chinntí áitiúla um chreidiúnú slándála arna ndéanamh ag údaráis náisiúnta um chreidiúnú slándála i ngach Ballstát.

(29)

Ionas go bhféadfaidh an Bord um Chreidiúnú Slándála a chuid gníomhaíochtaí uile a chur i gcrích go tapa agus go héifeachtach, ba cheart é a bheith ar a chumas fochomhlachtaí iomchuí a chur ar bun a ghníomhódh de réir a dtreoracha. Dá réir sin, ba cheart dó Bord a bhunú chun cabhrú leis a chinntí a ullmhú.

(30)

Ba cheart a gníomhaíochtaí um chreidiúnú slándála a chomhordú le hobair na n-údarás a bhfuil bainistiú na gclár faoina gcúram agus le hobair eintiteas eile atá freagrach as cur chun feidhme forálacha maidir le slándáil.

(31)

I bhfianaise ghné sonrach agus chastacht EUROSUR, tá sé fíor-riachtanach na gníomhaíochtaí um chreidiúnú slándála a chur i gcrích i gcomhthéacs na freagrachta comhchoitinne as slándáil an Aontais agus na mBallstát, trí iarrachtaí a dhéanamh teacht ar chomhthoil agus trí ról a thabhairt do na páirtithe uile a bhfuil leas acu sa tslándáil, agus tá sé fíor-riachtanach go ndéanfar buanfhaireachán ar rioscaí. Ní mór freisin cúram na ngníomhaíochtaí teicniúla um chreidiúnú slándála a chur ar dhaoine gairmiúla atá cuí-cáilithe i dtaca le córais chasta a chreidiúnú agus ag a bhfuil leibhéal leordhóthanach imréitigh slándála acu.

(32)

Chun a áirithiú go mbeidh an Bord um Chreidiúnú in ann a chúraimí a chur i gcrích, ba cheart foráil a dhéanamh freisin go gcuirfidh na Ballstáit aon doiciméadacht is gá ar fáil don Bhord, go dtabharfaidh siad rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe faoi chuimsiú EUROSUR agus ar chórais tacaíochta (lena n-áirítear an Líonra Cumarsáide) agus ar aon réimse a thagann faoina ndlínse do dhaoine cuí-údaraithe, agus gur cheart dóibh a bheith freagrach ar an leibhéal áitiúil as creidiúnú slándála na limistéar atá laistigh dá gcríoch.

(33)

Cé go bhfuil rochtain dhíreach ar chóras náisiúnta ina shaincheart ag an mBallstát lena mbaineann, d’fhéadfaí rochtain dhíreach ar chórais náisiúnta a thabhairt do bhaill foirne na Gníomhaireachta faoi chuimsiú EUROSUR chun cuidiú leis na húdaráis náisiúnta agus iad i mbun a gcúraimí.

(34)

Na forálacha maidir le slándáil sonraí chomhchodanna seachtracha EUROSUR, ba cheart iad a bheith mar chuid de na forálacha maidir le EUROSRU sna socruithe oibre agus sna comhaontuithe stádais samhlacha comhfhreagracha. I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní raibh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é, áfach, go gcuireann Rialachán (AE) 2019/817 le acquis Schengen, thug an Danmhairg fógra an 31 Deireadh Fómhair 2019, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, maidir lena cinneadh Rialachán (AE) 2019/817 a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta.

(35)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE (8) ón gComhairle; Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(36)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE (9) ón gComhairle.

(37)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (10).

(38)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (11).

(39)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón nGarda Teorann agus Cósta Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo leagtar síos na nithe seo a leanas:

(a)

na rialacha maidir le tuairisciú in EUROSUR, lena n-áirítear an cineál faisnéise atá le soláthar agus na teorainneacha ama le haghaidh tuairiscithe;

(b)

sonraí shraitheanna faisnéise na léirithe staide;

(c)

na modhanna lena mbunaítear léirithe staide sonracha;

(d)

na freagrachtaí a bhaineann le tuairisciú, le bainistiú na léirithe staide agus le hoibriú agus cothabháil na gcóras teicniúil agus na líonraí éagsúla a thacaíonn le EUROSUR;

(e)

rialacha slándála sonraí agus rialacha cosanta sonraí EUROSUR;

(f)

sásraí lena n-áirítear rialú cáilíochta.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le malartú faisnéise agus comhar chun críocha EUROSUR, lena n-áirítear feasacht staide, anailís riosca, agus chun tacú le pleanáil agus le cur i gcrích oibríochtaí rialaithe teorann.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn “tarlú” staid ar dócha go mbeidh tionchar aici ar na teorainneacha seachtracha a mhéid a bhaineann le himirce, coireacht trasteorann nó cosaint agus sábháil beatha imirceach, lena n-áirítear teagmhais teorann, nó staid a bhféadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú EUROSUR, lena n-áirítear aon cheann dá chomhchodanna teicniúla;

2.

ciallaíonn “bainistiú léirithe staide” an léiriú staide a bhunú agus a choinneáil ar bun agus an fhaisnéis uile atá ann a phróiseáil;

3.

ciallaíonn “úinéir” an t-eintiteas, an ghníomhaireacht nó an comhlacht a bhainistíonn an léiriú staide agus na tuarascálacha a ghabhann leis;

4.

ciallaíonn “próiseáil” aon ghníomhaíocht a dhéantar ar na sonraí agus ar na meiteashonraí agus ar an bhfaisnéis atá le fáil i dtuarascáil, bíodh na gníomhaíochtaí sin uathoibrithe nó ná bíodh, lena n-áirítear na sonraí agus na meiteashonraí sin a bhailiú, a thaifeadadh, a eagrú, a struchtúrú, a stóráil, a mhodhnú, a cheadú, a úsáid, a tharchur, a fhoilsiú, a chomhcheangal, a ghlanadh, a íosghrádú agus a scriosadh;

5.

ciallaíonn “táscaire” tomhas nó luach a thagraíonn do tharluithe nó do chúraimí lena ndéantar tuairisc ar an staid ag na teorainneacha seachtracha, rud a chuireann le feasacht staide agus le hanailís riosca nó a thacaíonn le hacmhainní freagartha;

6.

ciallaíonn “táscaire teicniúil” tomhas nó luach a thagraíonn do tharluithe nó do chúraimí a chuireann le feasacht staide agus le hanailís riosca a bhaineann le feidhmiú EUROSUR nó a thacaíonn leis na hacmhainní freagartha comhfhreagracha;

7.

ciallaíonn “Ionad Comhordúcháin Tarrthála Muirí” aonad atá freagrach as eagrú éifeachtúil a chur chun cinn i dtaobh seirbhísí cuardaigh agus tarrthála agus as comhordú oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála laistigh de réigiún cuardaigh agus tarrthála dá dtagraítear sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chuardach agus Tarrtháil ar Muir;

8.

ciallaíonn “eitilt sheachtrach” aon eitilt de chuid aerárthaigh le foireann nó gan fhoireann, lena phaisinéirí agus/nó lastas chuig críocha na mBallstát nó as críocha na mBallstát, nach eitilt inmheánach í mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 3 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12);

9.

ciallaíonn “Lárionad Idirnáisiúnta Comhordúcháin” an struchtúr comhordúcháin a bunaíodh le haghaidh comhordú ar oibríocht chomhpháirteach nó ar mhear-idirghabháil teorann ag na teorainneacha seachtracha;

10.

ciallaíonn “liosta faire” liosta eintiteas, iompar nó próifílí amhrasacha a bhunaítear ar bonn riosca anailíse d’fhonn acmhainní braite agus anailíse riosca an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a threorú agus acmhainní freagartha iomchuí a spreagadh;

11.

ciallaíonn “na comhchodanna teicniúla” na córais agus na líonraí a úsáidtear chun críoch EUROSUR, lena n-áirítear an bonneagar, an t-eagrúchán, an pearsanra agus na hacmhainní faisnéise is gá chun tacú leis;

12.

ciallaíonn “éascú” teacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe a éascú mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/90/CE ón gComhairle (13);

13.

ciallaíonn “diúltú cead isteach” diúltú cead isteach a eisítear do náisiúnach tríú tír ag teorainneacha seachtracha i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/399 i gcás nach gcomhlíonann sé na coinníollacha uile maidir le teacht isteach arna leagan síos in Airteagal 6(1) agus i gcás nach mbaineann sé freisin leis na catagóirí daoine dá dtagraítear in Airteagal 6(5) den Rialachán sin, na daoine ar eisíodh foirm chaighdeánach diúltaithe dóibh i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann le Cód Teorainneacha Schengen;

14.

ciallaíonn “gáinneáil ar dhaoine” cion dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14);

15.

ciallaíonn “creidiúnú slándála” an t-údarú foirmiúil agus an formheas a thugann an tÚdarás um Chreidiúnú Slándála ábhartha i leith córas nó líonra EUROSUR chun sonraí EUROSUR a phróiseáil ina thimpeallacht oibríochtúil tar éis do Phlean Slándála a bheith bailíochtaithe go foirmiúil agus é a bheith curtha chun feidhme mar is ceart;

16.

“ciallaíonn ‘stádas oibríochtúil” an cumas atá ag acmhainn, aonad, córas nó lárionad a chuid feidhmeanna oibríochtúla a dhéanamh a shainmhínítear mar “oibríochtúil go hiomlán”, “feidhmeanna oibríochtúla teoranta” nó “gan a bheith ar fáil”;

17.

ciallaíonn “foshraith” sraith faisnéise faoin tsraith tarluithe, faoin tsraith oibríochtaí nó faoin tsraith anailíse riosca a bhaineann le léiriú staide.

CAIBIDIL I

NA PRIONSABAIL MAIDIR LE TUAIRISCIÚ IN EUROSUR

ROINN 1

Na Prionsabail Ghinearálta

Airteagal 4

Tuarascálacha in EUROSUR

1.   Déanfar tuarascála a tharchur idir dhá eintiteas, aonad, chomhlacht nó ghníomhaireacht nó níos mó chun cur le bunú na léirithe staide éagsúla, chun cur le hanailís riosca nó chun tacú le hacmhainní freagartha.

2.   Is éard a bheidh sna tuarascálacha:

(a)

sonraí a léiríonn an fhaisnéis bhunúsach;

(b)

meiteashonraí a léiríonn faisnéis bhreise a chuireann le tuiscint an tacair sonraí i gcomhthéacs níos leithne agus a thacaíonn lena phróiseáil in EUROSUR.

3.   D’fhéadfadh na tuarascálacha a bheith sna foirmeacha seo a leanas:

(a)

táscairí dá dtagraítear in Airteagal 8;

(b)

tuarascálacha ar tharlú aonair mar a thagraítear dóibh in Airteagal 9;

(c)

tuarascálacha ar na hacmhainní dílse mar a thagraítear dóibh in Airteagal 10;

(d)

tuarascálacha ar phleananna oibríochtúla mar a thagraítear dóibh in Airteagal 11;

(e)

tuarascálacha ar fhaisnéis chomhshaoil mar a thagraítear dóibh in Airteagal 12;

(f)

tuarascálacha ar anailís riosca mar a thagraítear dóibh in Airteagal 13;

(g)

iarrataí ar fhaisnéis mar a thagraítear dóibh in Airteagal 14;

(h)

liostaí faire mar a thagraítear dóibh in Airteagal 15.

Airteagal 5

Róil i dtuairisciú

1.   Na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“an Ghníomhaireacht”) nó na heintitis a bhainistíonn na léirithe staide sonracha, dá ngairtear ‘tionscnóirí na dtuarascálacha’, déanfaidh siad na tuarascálacha a tharchur in EUROSUR.

2.   Is é úinéir na léirithe staide, dá ngairtear “an t-úinéir”, a gheobhaidh an tuarascáil agus a bheidh freagrach as í a phróiseáil i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

3.   Féadfaidh tuarascála in EUROSUR teacht ó na foinsí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 25(2) agus Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2019/1896 nó ó fhoinsí na Gníomhaireachta féin.

Airteagal 6

Naisc

1.   I gcás ina suíonn tionscnóir tuarascála go bhfuil gaol idir tuarascálacha nó le heilimintí eile den léiriú staide a d’fhéadfadh cur le tuiscint ar an staid agus ar an gcomhthéacs ina n-iomláine, nascfaidh sé an tuarascáil sin leis na heilimintí ábhartha.

2.   Féadfaidh úinéir léirithe staide cur leis na naisc a bhaineann leis an léiriú staide atá á bhainistiú aige nó modhnú a dhéanamh orthu.

ROINN 2

Tuairisciú ar Tharlú

Airteagal 7

Tarluithe a thuairisciú in EUROSUR

1.   Údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid go ndéanann siad cúraimí rialaithe teorann, déanfaidh gach lárionad náisiúnta comhordúcháin a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta sin a thuairisciú i sraith tarluithe na léirithe staide ábhartha gach tarlú a bhraitear nuair atá cúraimí rialaithe teorann, feasacht staide agus anailís riosca á ndéanamh acu, mar aon le tarluithe a bhaineann le gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe, i gcás ina mbeidh siad ar fáil.

2.   Agus cúraimí rialaithe teorann á ndéanamh acu, beidh an Ghníomhaireacht, agus, i gcás inarb ábhartha, na lárionaid idirnáisiúnta chomhordúcháin, faoi réir na hoibleagáide dá dtagraítear i mír 1.

3.   Is mar tháscairí nó mar thuarascálacha ar tharlú aonair nó mar an dá ní sin a dhéanfar tarluithe a thuairisciú in EUROSUR.

Airteagal 8

Táscaire maidir le tarluithe ag teorainneacha seachtracha

1.   Na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin agus, i gcás inarb ábhartha agus mar a fhoráiltear sna pleananna oibríochtúla, na lárionaid idirnáisiúnta chomhordúcháin, déanfaidh siad na táscairí maidir le tarluithe ag teorainneacha seachtracha a thuairisciú don Ghníomhaireacht, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 agus ag na hamanna a shonraítear san iarscríbhinn sin.

2.   Na sonraí a chomhfhreagraíonn do na táscairí, féadfar iad a fháil ó fhaisnéis agus ó staidreamh atá ar fáil do na húdaráis náisiúnta, lena n-áirítear trí chuardaigh a dhéanamh i mbunachair sonraí ábhartha de chuid an Aontais agus i gcórais faisnéise ar mhórscála, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme maidir leis na bunachair sonraí agus na córais sin.

3.   Na táscairí a bhaineann le gluaiseacht aindleathach earraí thar theorainneacha agus leis an ngáinneáil aindleathach a ghabhann leis sin, gheofar iad i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla agus aird chuí á tabhairt d’oibleagáidí nó do shrianta tuairiscithe eile agus do ról an Choimisiúin.

4.   Sa bhreis ar an oibleagáid tuairiscithe dá dtagraítear faoi mhír 1, féadfaidh tionscnóir tuarascála tuarascáil shonrach a sheoladh sna cásanna seo a leanas:

(a)

chun foláireamh a thabhairt maidir le hathrú neamhghnách ar na luachanna a breathnaíodh;

(b)

chun eolas a thabhairt faoi modus operandi nó patrún ar leith a braitheadh;

(c)

sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (b), féadfar an tuarascáil a nascadh le hanailís riosca shonrach.

5.   I gcás ina bhfaighidh an Ghníomhaireacht aon cheann de na táscairí dá dtagraítear i mír 1 trína hacmhainní faireachais féin nó trí chomhar na Gníomhaireachta le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí, agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, nó trí chomhar na Gníomhaireachta le tríú tíortha, déanfaidh sí na táscairí sa Léiriú Staide Eorpach a thuairisciú agus cuirfidh sí na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin ar an eolas ina leith. Sa chás seo, agus le haghaidh na dtáscairí sin, ní bheidh feidhm ag oibleagáid tuairiscithe in Airteagal 7(1).

Airteagal 9

Tuarascálacha ar tharluithe aonair

1.   Na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin; agus, i gcás inarb ábhartha agus mar a fhoráiltear sna pleananna oibríochtúla, na lárionaid idirnáisiúnta chomhordúcháin, déanfaidh siad na tarluithe aonair a thuairisciú don Ghníomhaireacht.

2.   Déanfar tarluithe aonair a thuairisciú in EUROSUR sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá gá le freagairt thapa ar an tarlú aonair;

(b)

tá tionchar mór nó an-mhór ag an tarlú sonrach ar theorainneacha seachtracha; nó

(c)

liostaítear an tarlú in Iarscríbhinn 2.

3.   Mura sonraítear a mhalairt in Iarscríbhinn 2, seolfaidh tionscnóir na tuarascála an chéad tuarascáil ar an tarlú tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis don údarás inniúil ábhartha a fháil amach gur tharla tarlú nó gur dócha go dtarlóidh tarlú.

4.   Déanfaidh tionscnóir na tuarascála tuarascálacha breise a chur isteach de réir mar is iomchuí chun tuarascáil ar tharlú aonair a chomhlánú nó a nuashonrú. Déanfar na tuarascálacha sin a nascadh leis an gcéadtuarascáil ar tharlú aonair agus leis an tarlú arna tuairisciú sa léiriú staide.

5.   Sna tuarascála a ullmhófar faoin Airteagal seo, beidh tuairisc iontu faoi fhreagairt na n-údarás ar na tarluithe lena mbaineann, lena n-áirítear aon ghníomhaíocht a glacadh nó atá beartaithe.

6.   Gan dochar don chéad fhreagairt oibríochtúil, féadfaidh úinéir na tuarascála agus tionscnóir na tuarascálacha faisnéis bhreise nó anailís riosca a iarraidh mar a fhoráiltear in Airteagal 14 chun críocha an mhéid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis a bhaineann leis an tarlú a chomhlánú;

(b)

an leibhéal muiníne dá dtagraítear in Airteagal 16 a mhéadú;

(c)

an leibhéal tionchair arna shannadh a nuashonrú;

(d)

an staid a bhaineann leis an tarlú a nuashonrú.

7.   Ar bhonn na dtuarascálacha a fuarthas, féadfaidh úinéir an léirithe staide an tarlú a dhúnadh i gcás ina measfar an méid seo a leanas:

(a)

níor tharla an tarlú amhrasta;

(b)

ní thugann tionchar measta an tarlaithe údar maith leis an tuairisciú;

(c)

tá deireadh leis an staid ar tugadh tuairisc uirthi sa tarlú.

I gcás ina ndúnfar tarlú, déanfar an tarlú agus na tuarascálacha éagsúla a bhaineann leis a stóráil agus beidh rochtain orthu sa léiriú staide chun críoch anailíse riosca.

8.   I gcás ina bhfaighidh an Ghníomhaireacht faisnéis leordhóthanach maidir le tarluithe aonair trína hacmhainní faireachais féin nó trí chomhar na Gníomhaireachta le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí, agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, nó trí chomhar na Gníomhaireachta le tríú tíortha, déanfaidh sí an fhaisnéis sin a thuairisciú sa Léiriú Staide Eorpach agus cuirfidh sí na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin ar an eolas ina leith. Sa chás seo, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid tuairiscithe i mír 1.

9.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht na tarluithe sin a chur san áireamh nó a nuashonrú de réir mar is iomchuí sa léiriú staide Eorpach.

ROINN 3

Tuairisciú Oibríochtúil

Airteagal 10

Tuarascálacha ar acmhainní dílse

1.   Déanfaidh gach lárionad náisiúnta comhordúcháin agus, i gcás inarb infheidhme, an lárionad idirnáisiúnta comhordúcháin ábhartha agus an Ghníomhaireacht a áirithiú go dtabharfaidh a n-aonaid atá rannpháirteach in oibríochtaí rialaithe teorann tuairisc ar a n-acmhainní féin sa léiriú staide Eorpach.

2.   Cuimseofar na nithe seo a leanas sna tuarascálacha ar acmhainní dílse in EUROSUR:

(a)

stádas oibríochtúil na lárionad náisiúnta comhordúcháin, lena n-áirítear a gcumas na cúraimí a liostaítear in Airteagal 21(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 a chomhlíonadh agus, i gcás inarb ábhartha, stádas oibríochtúil na lárionad idirnáisiúnta comhordúcháin. Déanfar aon athrú suntasach ar stádas oibríochtúil an lárionaid comhordúcháin náisiúnta a thuairisciú i bhfíor-am don Ghníomhaireacht;

(b)

áit agus stádas oibríochtúil na lárionad ceannais agus rialaithe a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí rialaithe teorann;

(c)

raon na bhfreagrachtaí maidir le faireachas ar theorainneacha agus maidir leis na seiceálacha ag pointí trasnaithe teorann;

(d)

cineál agus dáileadh na n-aonad rialaithe teorann agus a stádas.

Airteagal 11

Tuarascálacha ar phleananna oibríochtúla

1.   Déanfaidh gach lárionad náisiúnta comhordúcháin a áirithiú go ndéanfaidh na haonaid atá rannpháirteach in oibríochtaí rialaithe teorann a gcuid pleananna oibríochtúla a thuairisciú sna léirithe staide náisiúnta.

2.   Lárionaid náisiúnta chomhordúcháin agus i gcás inarb ábhartha, na lárionaid idirnáisiúnta chomhordúcháin, déanfaidh siad na pleananna oibríochtúla a thuairisciú sa léiriú staide Eorpach i gcás ina mbeidh na leibhéil tionchair ag na codanna teorann ag leibhéal ard nó criticiúil nó i gcás oibríochtaí teorann comhpháirteacha nó mear-idirghabhálacha teorann.

3.   Cuimseofar na nithe seo a leanas sna tuarascálacha ar phleananna oibríochtúla:

(a)

tuairisc ar an staid;

(b)

an aidhm oibríochtúil agus fad réamh-mheasta na hoibríochta;

(c)

an limistéar geografach ina dtarlóidh an oibríocht;

(d)

tuairisc ar na cúraimí, na freagrachtaí agus na treoracha speisialta le haghaidh na bhfoirne agus na n-aonad atá rannpháirteach mar aon le modus operandi agus cuspóirí an imscartha;

(e)

comhdhéanamh na mball foirne a imscartar, lena n-áirítear líon na mball foirne a imscartar agus a bpróifílí;

(f)

pleananna ceannais agus rialaithe, lena n-áirítear stádas oibríochtúil na lárionad ceannais agus rialaithe, an fheidhm a chomhlíontar agus na córais agus na huirlisí cumarsáide comhfhreagracha;

(g)

an trealamh teicniúil atá le húsáid, lena n-áirítear ceanglais shonracha amhail coinníollacha úsáide, an criú a theastaíonn, iompar agus lóistíocht eile;

(h)

sceideal na bpatról faireachais ar theorainneacha, lena n-áirítear limistéar an phatróil agus líon na n-acmhainní atá á n-úsáid;

(i)

nósanna imeachta mionsonraithe um thuairisciú ar tharlú.

Airteagal 12

Tuarascálacha ar fhaisnéis chomhshaoil

1.   Féadfaidh na húdaráis ábhartha, na seirbhísí, na gníomhaireachtaí agus na cláir ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais faisnéis chomhshaoil a thuairisciú i sraith oibríochtaí na léirithe staide ábhartha.

2.   D’fhéadfaí na nithe seo a leanas a bheith sa tuairisciú ar fhaisnéis chomhshaoil in EUROSUR:

(a)

íomhánna fíor-ama ó fhíscheamaraí, córais radair agus gairis bhraite eile;

(b)

breathnóireacht mheitéareolaíochta agus réamhaisnéisí aimsire;

(c)

faisnéis aigéaneolaíochta agus seirbhísí a bhaineann le samhlacha síobtha;

(d)

táirgí geospásúla;

(e)

léirithe oibríochtúla eile a d’fhéadfadh cur le tuiscint ar an staid ag teorainneacha seachtracha nó le faireachán ar oibríocht teorann shonrach.

ROINN 4

Tuairisciú ar anailís riosca

Airteagal 13

Tuarascálacha maidir le hanailís riosca

1.   Na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin, an Ghníomhaireacht agus, i gcás inarb ábhartha, na lárionaid idirnáisiúnta chomhordúcháin, déanfaidh siad soláthar na dtuarascálacha ar anailís riosca a áirithiú d’fhonn sraitheanna anailíse na léirithe staide a nuashonrú.

2.   Áireofar sna tuarascálacha ar anailís riosca ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas: táirgí anailíseacha amhail nótaí faisnéise, tuarascálacha anailíseacha, anailís ar thríú tíortha agus próifílí riosca, agus tuarascálacha sonracha ar fhaire na cruinne ina n-úsáidtear córais faisnéise gheospásúla.

3.   Úsáidfear na tuarascálacha anailíse riosca le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a)

tuiscint a éascú ar tharluithe agus teagmhais ag teorainneacha seachtracha agus, i gcás inarb ábhartha, an bhaint atá acu le gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe agus le hanailís agus réamhaisnéis ar threochtaí gaolmhara;

(b)

pleanáil spriocdhírithe agus stiúradh oibríochtaí rialaithe teorann a éascú;

(c)

anailís riosca straitéiseach.

Airteagal 14

Iarraidh ar fhaisnéis

1.   I gcás inar gá tuarascálacha breise a fháil maidir le tarlú sonrach, nó nuair is gá an léiriú staide nuashonrú, féadfaidh na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin, an Ghníomhaireacht nó na heintitis a bhainistíonn na léirithe staide sonracha iarraidh ar fhaisnéis a sheoladh chuig ceann amháin nó níos mó de na foinsí dá dtagraítear in Airteagail 25(2) agus 26(2) de Rialachán (AE) 2019/1896.

2.   Féadfaidh iarraidh ar fhaisnéis arna déanamh de bhun mhír 1 a bheith faoi réir leibhéal aicmiúcháin nó srianta sonracha eile maidir le beartas sonraí.

3.   Nascfar na tuarascálacha ar anailís riosca a dhéantar mar fhreagairt ar iarraidh ar fhaisnéis leis an iarraidh bhunaidh ar fhaisnéis.

4.   Beidh feidhm ag prionsabal thoiliú an tionscnóra maidir leis na hiarrataí ar fhaisnéis agus maidir leis na tuarascálacha a dhéantar mar fhreagairt orthu.

Airteagal 15

Liostaí faire

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht liostaí faire a bhunú agus a choinneáil ar bun chun acmhainní braite agus anailís riosca an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a fheabhsú agus chun acmhainní freagartha iomchuí a spreagadh.

2.   Beidh na nithe seo a leanas sna liostaí faire:

(a)

eintitis, acmhainní, iompair nó próifílí a bhfuil amhras ann, ar bhonn anailíse riosca, go bhfuil baint acu leis an inimirce neamhdhleathach agus leis an gcoireacht trasteorann, nó go bhféadfaidís sábháilteacht bheatha na n-imirceach a chur i mbaol;

(b)

freagairt mholta i gcás braite, lena n-áirítear srianta beartais sonraí atá infheidhme maidir leis na tuarascálacha.

3.   D’fhéadfaí na nithe seo a leanas a bheith sna liostaí faire:

(a)

soithí amhrasta;

(b)

aerárthaí amhrasta;

(c)

aerfoirt tionscnaimh amhrasta nó áiteanna eile arb eol nó a bhfuil amhras ann gur áiteanna tionscnaimh iad le haghaidh eitiltí seachtracha;

(d)

calafoirt tionscnaimh, ancaireachtaí, beartanna feithimh amhrasta agus áiteanna eile arb eol nó a bhfuil amhras ann gur áiteanna tionscnaimh iad le haghaidh trácht muirí;

(e)

oibreoirí amhrasta.

ROINN 5

Na forálacha is coiteann don tsraith tarluithe agus don tsraith anailíse riosca

Airteagal 16

Leibhéil mhuiníne

1.   Déanfaidh tionscnóir na tuarascála ar tharlú nó tionscnóir na tuarascála ar anailís riosca measúnú ar leibhéal muiníne na faisnéise a tuairiscíodh nuair a bheidh meiteashonraí na tuarascála á gcruthú aige.

2.   Is ar bhonn na gcritéar seo a leanas a dhéanfar measúnú ar an leibhéal muiníne:

(a)

creidiúnacht na faisnéise a tuairiscíodh;

(b)

iontaofacht an fhoinse;

(c)

stádas bailíochtaithe na tuarascála.

3.   Tabharfaidh an t-úinéir aird ar an leibhéal muiníne a bhaineann leis an tuarascáil chun an léiriú staide a nuashonrú dá réir.

Airteagal 17

Sannadh na leibhéal tionchair

1.   Déanfaidh tionscnóir na tuarascála ar tharlú nó tionscnóir na tuarascála ar anailís riosca measúnú ar leibhéal tionchair na faisnéise a tuairiscíodh nuair a bheidh meiteashonraí na tuarascála á gcruthú aige.

2.   Léireoidh an leibhéal tionchair an tionchar foriomlán atá ag an bhfaisnéis a tuairiscíodh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

inimirce neamhdhleathach a bhrath, a chosc agus a chomhrac;

(b)

an choireacht trasteorann a bhrath, a chosc agus a chomhrac;

(c)

beatha imirceach a chosaint agus a shábháil.

3.   Déanfaidh tionscnóirí na tuarascála dá dtagraítear i mír 1 leibhéal tionchair a shannadh do gach tuarascáil ar tharlú agus ar anailís riosca.

4.   I gcás ina mbainfidh tuarascáil le tarlú a ndearnadh tuairisciú air cheana féin sa léiriú staide, nascfaidh an tionscnóir an tuarascáil leis an tarlú sin.

5.   Sannfaidh na húinéirí leibhéal tionchair do na tarluithe nó déanfaidh siad modhnú orthu ar bhonn na dtuarascálacha a fuarthas agus a gcuid anailíse riosca féin.

ROINN 6

Tuairisciú i gcomhthéacs gníomhaíochtaí sonracha Rialaithe Teorann

Airteagal 18

Tuairisciú maidir le gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe

I gcás ina mbeidh an fhaisnéis seo ar fáil, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

an anailís maidir le gluaisteacht thánaisteach neamhúdaraithe ar a gcríoch féin a léiriú i bhfoshraith shonrach de chuid an léirithe staide náisiúnta. Déanfar an fhoshraith shonrach sin a chomhroinnt leis an nGníomhaireacht;

(b)

tarluithe aonair maidir le gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe dá bhforáiltear in Airteagal 9 a thuairisciú, i gcomhréir lena nósanna imeachta náisiúnta;

(c)

táscairí sonracha maidir le gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe a thuairisciú.

Airteagal 19

Tuairisciú maidir le faireachas teorainneacha muirí

1.   Déanfaidh gach lárionad náisiúnta comhordúcháin a áirithiú go dtabharfaidh na haonaid atá rannpháirteach i bhfaireachas teorainneacha muirí tuairisc ar shoithí sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá amhras ann go bhfuil siad ag iompar daoine atá ag dul timpeall nó a bhfuil sé i gceist acu dul timpeall ar sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann, i gcás ina mbaineann an dul timpeall sin le himirce neamhdhleathach;

(b)

tá amhras ann go bhfuil siad páirteach i ngníomhaíocht smuigleála ar muir nó i ngníomhaíochtaí eile a bhaineann leis an gcoireacht trasteorann;

(c)

i gcásanna ina bhféadfadh beatha imirceach a bheith i mbaol;

(d)

tá siad ar na liostaí faire nó tá siad faoi réir iarrataí ar fhaisnéis. I gcás tuarascálacha a bhaineann le pointe (d), cuirfear san áireamh sa tuairisciú na srianta beartais sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(2)(b).

2.   Déanfaidh an t-aonad rannpháirteach an fhaisnéis a tharchur chuig a lárionad náisiúnta comhordúcháin féin agus, i gcás oibríochta comhpháirtí nó mear-idirghabhála teorann, déanfaidh sé í a tharchur chuig an lárionad idirnáisiúnta comhordúcháin comhfhreagrach, i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil.

3.   Na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin agus, i gcás inarb iomchuí, na lárionaid idirnáisiúnta chomhordúcháin, déanfaidh siad a léirithe staide féin a nuashonrú agus an fhaisnéis sin a thuairisciú don Ghníomhaireacht d’fhonn an léiriú staide Eorpach a nuashonrú.

Airteagal 20

Tarluithe maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar muir

1.   Agus faireachas ar theorainneacha muirí á dhéanamh acu, údaráis na mBallstát a bhfuil cúnamh á thabhairt acu d’aon soitheach nó d’aon duine atá i nguais ar muir, i gcomhréir lena n-oibleagáid faoin dlí muirí idirnáisiúnta, tabharfaidh siad aird ar an bhfaisnéis agus ar na breathnóireachtaí ábhartha uile a bhaineann le teagmhas a d’fhéadfadh a bheith ina theagmhas Cuardaigh agus Tarrthála, agus déanfaidh siad an fhaisnéis sin a tharchur chuig an Lárionad Comhordúcháin Tarrthála Muirí atá freagrach, agus cuirfidh siad a lárionad náisiúnta comhordúcháin ar an eolas d’fhonn an tarlú sin a nuashonrú sna léirithe staide ábhartha.

2.   Má shuíonn údaráis na mBallstát go soiléir nach mbaineann an teagmhas Cuardaigh agus Tarrthála le beatha imirceach a chosaint agus a shábháil ná leis an gcoireacht trasteorann, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh gan an lárionad náisiúnta comhordúcháin a chur ar an eolas.

3.   Agus oibríochtaí faireachais ar theorainneacha muirí á ndéanamh ag an nGníomhaireacht, agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), beidh an Ghníomhaireacht faoi réir na hoibleagáide céanna agus an ceann dá dtagraítear i mír 1.

4.   Le linn oibríocht Cuardaigh agus Tarrthála, déanfaidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin inniúil an léiriú staide náisiúnta a nuashonrú agus an fhaisnéis sin a thuairisciú don Ghníomhaireacht d’fhonn an léiriú staide Eorpach a nuashonrú.

5.   Déanfar na léirithe staide a nuashonrú go rialta chun críocha na nithe seo a leanas:

(a)

chun tacú le pleanáil agus stiúradh na chéad chéime oibríochtúla eile a luaithe a thabharfar an oibríocht Cuardaigh agus Tarrthála i gcrích;

(b)

chun measúnú a dhéanamh ar na leibhéil tionchair a shanntar don teagmhas comhfhreagrach agus don chuid den teorainn mhuirí fhoriomlán;

(c)

chun na táscairí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 8 a nuashonrú.

6.   Tabharfaidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin tuairisc don Ghníomhaireacht faoi fhoirceannadh oibríochta Cuardaigh agus Tarrthála laistigh de 24 uair an chloig tar éis an oibríocht a bheith foirceannta.

Airteagal 21

Tuairisciú maidir le faireachas teorainneacha aeir

1.   Déanfaidh gach lárionad náisiúnta comhordúcháin a áirithiú go dtabharfaidh na haonaid atá rannpháirteach i bhfaireachas teorainneacha aeir tuairisc ar eitiltí seachtracha sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá amhras ann go bhfuil siad ag iompar daoine atá ag dul timpeall nó a bhfuil sé i gceist acu dul timpeall ar sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann, i gcás ina mbainfidh an teagmhas le himirce neamhdhleathach;

(b)

tá amhras ann go bhfuil siad páirteach i ngníomhaíocht smuigleála aeir nó i gcineál eile coireachta trasteorann;

(c)

i gcásanna ina bhféadfadh beatha imirceach a bheith i mbaol;

(d)

tá siad ar na liostaí faire nó tá siad faoi réir iarrataí ar fhaisnéis. I gcás tuarascálacha a bhaineann le pointe (d), cuirfear san áireamh sa tuairisciú na srianta beartais sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(2)(b).

2.   Déanfaidh na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí náisiúnta atá páirteach i bhfaireachas teorainneacha aeir an fhaisnéis sin a tharchur chuig a lárionad náisiúnta comhordúcháin féin nó, i gcás oibríochta comhpháirtí nó mear-idirghabhála teorann, déanfaidh siad í a tharchur chuig an lárionad idirnáisiúnta comhordúcháin comhfhreagrach, i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil.

3.   An lárionad náisiúnta comhordúcháin agus, i gcás inarb iomchuí, an lárionad idirnáisiúnta comhordúcháin, déanfaidh siad a léirithe staide féin a nuashonrú agus an fhaisnéis sin a thuairisciú don Ghníomhaireacht d’fhonn an léiriú staide Eorpach a nuashonrú.

ROINN 7

Rialú cáilíochta a thuairisciú in EUROSUR

Airteagal 22

Cáilíocht sonraí a thuairisciú in EUROSUR

Chun faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí in EUROSUR, déanfaidh an Ghníomhaireacht na táscairí seo a leanas a bhunú agus a choinneáil ar bun:

(a)

líon agus minicíocht na dtuarascálacha a fuarthas de réir na coda den teorann agus de réir an phointe trasnaithe teorann;

(b)

tapúlacht an tuairiscithe;

(c)

iomláine agus comhsheasmhacht na dtuarascálacha.

Airteagal 23

Cáilíocht seirbhíse a thuairisciú in EUROSUR

1.   Agus faireachán á dhéanamh aici ar fheidhmiú teicniúil agus oibríochtúil EUROSUR i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/1896, féadfaidh an Ghníomhaireacht, i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla, táscairí teicniúla agus ceanglais maidir le tuairisciú ar tharlú aonair a bhunú, chun faireachán a dhéanamh ar an stádas oibríochtúil agus ar cháilíocht na seirbhíse a chuireann córais agus líonraí éagsúla na mBallstát agus na Gníomhaireachta ar fáil, rud atá nasctha le comhchuid theicniúil EUROSUR agus atá mar chuid de, mar a shainmhínítear in Airteagal 27.

2.   Úsáidfear na táscairí le haghaidh an mhéid seo a leanas:

(a)

faireachán a dhéanamh ar stádas chomhchodanna teicniúla éagsúla EUROSUR i bhfíor-am;

(b)

tacú le sainaithint teagmhas agus teipeanna arna sainaithint le linn fheidhmiú EUROSUR agus chun tacú leis an bhfreagairt orthu;

(c)

slándáil sonraí EUROSUR a áirithiú.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht tuairisc ar aon teagmhas aonair a dhéanann difear do chomhchodanna teicniúla EUROSUR nó do shlándáil sonraí EUROSUR.

CAIBIDIL II

LÉIRITHE STAIDE

Airteagal 24

Struchtúr na léirithe staide

1.   I sraitheanna tarluithe agus anailíse an léirithe staide Eorpaigh, beidh foshraith ann maidir le gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe. I gcás ina mbeidh fáil orthu, beidh foshraitheanna maidir le gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe le fáil i sraitheanna tarluithe agus sraitheanna anailíse an léirithe staide náisiúnta freisin, chun treochtaí, líon agus bealaí na n-imirceach a thuiscint.

2.   Beidh foshraitheanna ar fheidhmiú teicniúil EUROSUR le fáil i sraith oibríochtaí an léirithe staide Eorpaigh. Sna foshraitheanna sin beidh tuairisc le fáil ar na nithe seo a leanas:

(a)

stádas oibríochtúil na lárionad náisiúnta comhordúcháin agus na lárionad idirnáisiúnta comhordúcháin;

(b)

na príomheilimintí teicniúla a thacaíonn le feidhmiú EUROSUR agus a stádas;

(c)

cáilíocht na sonraí agus cáilíocht na seirbhíse in EUROSUR;

(d)

na teagmhais agus na tarluithe a dhéanann difear d’fheidhmiú teicniúil EUROSUR;

(e)

na teagmhais slándála sonraí.

3.   Beidh foshraitheanna faisnéise sonracha eile sa léiriú staide chun taispeáint na faisnéise do na húsáideoirí a éascú.

4.   Déanfar gach léiriú staide a bhunú i ndoiciméad ina sonrófar an tsraith agus na foshraitheanna agus an beartas sonraí is infheidhme.

Airteagal 25

Bainistiú na léirithe staide

Déanfaidh úinéir an léirithe staide na nithe seo a leanas:

(a)

na tuarascálacha a fuarthas a phróiseáil;

(b)

sraith tarluithe an léirithe staide a bhunú agus a choinneáil ar bun, na tarluithe i sraith tarluithe an léirithe staide a ghiniúint agus a nuashonrú agus na leibhéil tionchair agus na leibhéil mhuiníne chomhfhreagracha a shannadh;

(c)

sraith oibríochtaí an léirithe staide a bhunú agus a choinneáil ar bun ar bhonn an dtuarascálacha ar acmhainní dílse agus na dtuarascálacha ar phleananna oibríochtúla;

(d)

sraith anailíse an léirithe staide a bhunú agus a choinneáil ar bun ar bhonn na dtuarascálacha ar anailís riosca agus na leibhéil tionchair agus na leibhéil mhuiníne chomhfhreagracha a shannadh;

(e)

na naisc idir na heilimintí éagsúla den léiriú staide a bhunú agus a choinneáil ar bhun agus aird á tabhairt ar na naisc sna tuarascálacha;

(f)

rochtain úsáideora ar an léiriú staide a bhainistiú agus cur le slándáil sonraí EUROSUR;

(g)

na tuarascálacha ábhartha agus an fhaisnéis is gá a tharchur chuig úinéirí léirithe staide eile, i gcomhréir le Caibidil I;

(h)

an fhaisnéis ábhartha a chartlannú agus a scriosadh i gcomhréir leis an mbeartas sonraí is infheidhme.

Airteagal 26

Rialacha maidir le léiriú staide sonrach a bhunú agus a chomhroinnt

1.   Agus léiriú staide á bhunú acu i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2019/1896, áiritheoidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go ndéanfar ailíniú leis na nithe seo a leanas:

(a)

na prionsabail maidir le tuairisciú a leagtar amach i gCaibidil I;

(b)

na ceanglais maidir le struchtúr agus bainistiú na léirithe staide a leagtar amach in Airteagail 24 agus 25;

(c)

na forálacha ginearálta a leagtar amach i gCaibidil III.

2.   Cuimseofar na nithe seo a leanas sna rialacha maidir le léiriú staide sonrach a bhunú agus a chomhroinnt:

(a)

ábhar agus raon feidhme an léirithe staide shonraigh, lena n-áirítear:

(i)

cuspóir an léirithe staide shonraigh,

(ii)

na sraitheanna agus na foshraitheanna faisnéise,

(iii)

an cineál faisnéise atá le tuairisciú sa léiriú staide sonrach lena n-áirítear tuarascálacha ar tharlú, tuarascálacha ar oibríochtaí agus tuarascálacha ar anailís riosca;

(b)

rialachas an léirithe shonraigh, lena n-áirítear:

(i)

an t-úinéir,

(ii)

na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí ar féidir leo a bheith ina dtionscnóirí tuarascálacha,

(iii)

na rialacha maidir le tuairisciú,

(iv)

na forálacha maidir le slándáil sonraí, lena n-áirítear rochtain úsáideora;

(c)

na rialacha maidir le faisnéis a mhalartú le húsáideoirí eile EUROSUR, lena n-áirítear:

(i)

na sásraí lena malartaítear faisnéis le léirithe staide náisiúnta agus Eorpacha agus na sáraí lena n-áirítear toiliú an tionscnóra,

(ii)

na rialacha maidir le soláthar Sheirbhísí Cumaisc EUROSUR dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2019/1896 agus na nósanna imeachta comhfhreagracha,

(iii)

gnéithe eile a bhaineann le feidhmiú teicniúil EUROSUR, lena n-airítear idirnascadh na comhchoda seachtraí a thacaíonn le bunú an léirithe staide shonraigh le comhchodanna ábhartha náisiúnta nó Eorpacha EUROSUR.

Caibidil III

FORÁLACHA GINEARÁLTA

ROINN 1

Na heintitis atá freagrach as na gnéithe teicniúla

Airteagal 27

Comhchodanna teicniúla EUROSUR

1.   Áireofar i gcomhchodanna EUROSUR comhchodanna náisiúnta agus comhchuid Eorpach.

2.   Is éard a bheidh i ngach comhchuid náisiúnta na córais agus na líonraí náisiúnta a úsáideann na Ballstáit i dtaca leis na léirithe staide a bhunú, tuairisciú, feasacht staide agus anailís riosca, agus i dtaca le tacú le pleanáil agus stiúradh oibríochtaí rialaithe teorann, lena n-áirítear an bonneagar, an t-eagrúchán, an pearsanra agus na hacmhainní faisnéise is gá chun tacú leis. Na hidirnaisc idir na comhchodanna laistigh de Bhallstát agus idir na Ballstáit, beidh siad mar chuid de na comhchodanna náisiúnta.

3.   Déanfaidh an chomhchuid Eorpach na comhchodanna náisiúnta a chomhlánú. Beidh an t-idirnasc leis na comhchodanna náisiúnta mar chuid di. Is éard a bheidh inti an Líonra Cumarsáide agus na córais agus na líonraí a úsáideann an Ghníomhaireacht i dtaca leis na léirithe staide a bhunú, tuairisciú, feasacht staide agus anailís riosca, agus i dtaca le tacú le pleanáil agus stiúradh oibríochtaí rialaithe teorann.

Airteagal 28

Freagrachtaí teicniúla na Gníomhaireachta

Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as bainistiú na comhchoda Eorpaí a mbeidh na nithe seo a leanas san áireamh inti:

(a)

sainiú na gcaighdeán teicniúil chun líonraí, córais, feidhmeanna agus trealamh na gcomhchodanna náisiúnta agus seachtracha a idirnascadh leis na cinn atá sa chomhchuid Eorpach;

(b)

próiseas deimhniúcháin na líonraí, córas, feidhmeanna agus trealaimh d’fhonn iad a nascadh le EUROSUR, i ndlúthchomhar leis na húdaráis fhreagracha;

(c)

bainistiú seirbhíse na gcóras agus na líonraí a úsáideann an Ghníomhaireacht i dtaca leis na léirithe staide a bhunú, tuairisciú, feasacht staide agus anailís riosca, agus i dtaca le tacú le pleanáil agus stiúradh oibríochtaí rialaithe teorann;

(d)

tuairisciú ar na oibríochtaí, ar an tseirbhís cáilíochta agus ar ghnéithe bainistithe seirbhíse na gcóras agus na líonraí dá dtagraítear i bpointe (c) agus dá bhforáiltear in Airteagal 23;

(e)

slándáil sonraí na comhchoda Eorpaí.

Airteagal 29

Freagrachtaí teicniúla na mBallstát

1.   Beidh gach Ballstát freagrach as na nithe seo a leanas:

(a)

a chomhchuid náisiúnta a bhainistiú, lena n-áirítear comhordú nascadh na gcóras agus na líonraí náisiúnta a áirithiú, na córais agus na líonraí a úsáidtear i dtaca leis na léirithe staide a bhunú, tuairisciú, feasacht staide agus anailís riosca, agus i dtaca le tacú le pleanáil agus stiúradh oibríochtaí rialaithe teorann;

(b)

tuairisc a dhéanamh ar na gnéithe oibríochtúla agus ar na gnéithe a bhaineann le cáilíocht na seirbhíse agus bainistiú seirbhíse na gcóras agus na líonraí dá dtagraítear i bpointe (a) agus dá bhforáiltear in Airteagal 23;

(c)

comhlíonadh na gcaighdeán teicniúil arna mbunú ag an nGníomhaireacht;

(d)

slándáil sonraí na comhchoda náisiúnta.

2.   Déanfaidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin na nithe seo a leanas:

(a)

tacú le comhordú, pleanáil agus cur chun feidhme na comhchoda náisiúnta;

(b)

cur le faireachán rialta ar cháilíocht na seirbhíse agus ar cháilíocht na sonraí agus í a thuairisciú don Ghníomhaireacht;

(c)

tuairisciú oibríochtúil ar chórais agus líonraí na comhchoda Eorpaí a áirithiú.

Airteagal 30

Comhchodanna seachtracha

1.   Is éard a bheidh i gcomhchuid sheachtrach EUROSUR na córais agus na líonraí, lena n-áirítear an bonneagar, an t-eagrúchán, an pearsanra agus na hacmhainní faisnéise is gá chun tacú leis, ar córais agus líonraí nach cuid de EUROSUR iad agus a ndéantar an méid seo a leanas leo:

(a)

sonraí agus faisnéis a mhalartú le EUROSUR;

(b)

tacú le léiriú staide a bhunú.

2.   Is leis an gcomhchuid sheachtrach an t-idirnasc idir an chomhchuid sheachtrach agus EUROSUR. Déanfar é a shonrú sna rialacha lena mbunaítear an léiriú staide sonrach ábhartha.

ROINN 2

Rialacha slándála sonraí agus rialacha cosanta sonraí le haghaidh EUROSUR

Airteagal 31

Prionsabail ghinearálta maidir le slándáil sonraí EUROSUR

1.   Cuimseofar i slándáil sonraí EUROSUR an bainistiú agus na gníomhaíochtaí teicniúla is gá chun leibhéal cosanta iomchuí a ghnóthú chun sonraí agus faisnéis EUROSUR a láimhseáil, chun déileáil le timpeallacht bhagartha atá ag athrú, agus chun gur féidir leis na comhlachtaí agus na gníomhaireachtaí náisiúnta éagsúla atá páirteach in EUROSUR agus sa Ghníomhaireacht a gcuid misin a chomhlíonadh. Áireofar i slándáil sonraí EUROSUR dearbhú faisnéise, slándáil fhisiceach, slándáil phearsanta agus slándáil tionscail.

2.   Cuimseofar na nithe seo a leanas i slándáil sonraí EUROSUR:

(a)

bainistiú rioscaí slándála lena n-áirítear rialuithe agus pleananna slándála, agus an faireachán, cothabháil, feabhsú, tuairisciú, feasacht agus oiliúint a ghabhann leis;

(b)

leanúnachas gnó agus athshlánú ó thubaiste, lena n-áirítear measúnú tionchair agus rialuithe agus pleananna athshlánaithe, agus an faireachán, cothabháil, feabhsú, tuairisciú, feasacht agus oiliúint a ghabhann leo;

(c)

an fhreagairt ar theagmhas slándála agus an fhreagairt chomhoibríoch idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit maidir le teagmhais slándála;

(d)

creidiúnú slándála;

(e)

rialú rochtana úsáideora;

(f)

gnéithe slándála sonraí i ndáil le hoibríochtaí teorann a phleanáil agus i ndáil le córais faisnéise a phleanáil;

(g)

gnéithe slándála i ndáil le hidirnaisc idir na comhchodanna;

(h)

faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil chun críoch EUROSUR.

Airteagal 32

Rialachas shlándáil sonraí EUROSUR

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht slándáil iomlán EUROSUR a áirithiú, agus aird chuí á tabhairt aici ar an ngá atá le formhaoirseacht agus lánpháirtiú ceanglas slándála i ngach comhchuid EUROSUR.

2.   Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as slándáil sonraí na comhchoda Eorpaí.

3.   Beidh gach Ballstát freagrach as slándáil sonraí a chomhchoda náisiúnta.

4.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit go ndéanfar na rialuithe, na próisis agus na pleananna a ailíniú chun go mbeidh slándáil sonraí EUROSUR dearbhaithe go cothrománach agus go héifeachtach, ar bhonn próiseas foriomlán um bainistiú rioscaí slándála.

5.   Leagfar amach i gcomhaontuithe, socruithe agus pleananna oibríochtúla lena mbunaítear an léiriú staide sonrach na freagrachtaí maidir le slándáil sonraí na comhchoda seachtraí dá bhforáiltear in Airteagal 26.

6.   Glacfaidh an Ghníomhaireacht caighdeáin lena leagfar síos na ceanglais fheidhmiúla slándála agus na ceanglais dearbhaithe slándála maidir le rochtain ar theicneolaíochtaí a chuireann slándáil ar fáil do EUROSUR agus láimhseáil na dteicneolaíochtaí sin a rialú.

7.   Déanfaidh gach Ballstát agus an Ghníomhaireachta a áirithiú go nglacfar na céimeanna is gá chun na caighdeáin dá dtagraítear i mír 6 a chomhlíonadh, go ndéanfar réasúnú leordhóthanach le comhlíonadh na gceanglas agus le rialú na rioscaí a dhoiciméadú, agus go gcomhlíonfar aon cheanglas breise maidir le slándáil na gcóras, agus aird iomlán á tabhairt ar chomhairle ó shaineolaithe.

8.   Mar chuid den tuairisciú ar cháilíocht na sonraí agus ar cháilíocht na seirbhíse, tabharfaidh gach Ballstát agus an Ghníomhaireacht tuairisc do EUROSUR maidir le haon teagmhas slándála a dhéanann difear do shlándáil sonraí EUROSUR.

9.   I gcás ina bhféadfadh oibríocht EUROSUR difear a dhéanamh do shlándáil an Aontais nó a Bhallstát:

(a)

cuirfidh an Ghníomhaireacht na lárionaid náisiúnta chomhordúcháin ábhartha ar an eolas láithreach;

(b)

féadfaidh stiúrthóir feidhmiúcháin na Ghníomhaireachta cinneadh a dhéanamh aon bheart iomchuí a ghlacadh chun an staid a réiteach i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, lena n-áirítear córais agus líonraí áirithe a dhícheangal ó chomhchuid Eorpach EUROSUR.

Airteagal 33

Rialacha slándála a chur i bhfeidhm in EUROSUR

1.   Agus sonraí agus faisnéise EUROSUR á láimhseáil acu, déanfaidh gach Ballstát agus an Ghníomhaireacht a áirithiú go bhfuil rialuithe slándála, próisis agus pleananna i bhfeidhm lena n-áireofar méid áirithe cosanta a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis an méid cosanta a rathaítear le rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 agus i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún (16).

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas láithreach faoi ghlacadh rialacha náisiúnta slándála atá ábhartha maidir le EUROSUR, de réir mar a thagraítear dóibh i mír 1.

3.   Daoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i dtríú tíortha agus eintitis dhlíthiúla arna mbunú i dtríú tíortha, ní fhéadfaidh siad déileáil le sonraí EUROSUR ach amháin i gcás ina mbeidh siad faoi réir rialacha slándála sna tíortha sin faoina n-áireofar méid áirithe cosanta atá coibhéiseach ar a laghad leis an méid cosanta a rathaítear le rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil.

4.   Féadfar aitheantas a thabhairt do choibhéis na rialacha slándála atá i bhfeidhm i dtríú tír trí chomhaontú a dhéanamh leis an tír sin.

5.   Mar chuid de chur chun feidhme chomhchuid Eorpach EUROSUR, tacóidh an Ghníomhaireacht le malartú comhfhreagrach tuarascálacha EUROSUR agus le hidirnascadh na gcomhchodanna náisiúnta ar leibhéal neamhaicmithe agus ar leibhéal rúnaicmithe araon.

Airteagal 34

Prionsabail maidir le creidiúnú slándála in EUROSUR

Déanfar na gníomhaíochtaí um chreidiúnú slándála i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)

déanfar gníomhaíochtaí agus cinntí um chreidiúnú slándála i gcomhthéacs na freagrachta comhchoitinne as slándáil an Aontais agus slándáil na mBallstát;

(b)

déanfar iarrachtaí chun cinntí a dhéanamh trí theacht ar chomhthoil agus chun ról a thabhairt do na páirtithe ábhartha uile a bhfuil leas acu i saincheisteanna slándála;

(c)

déanfar na cúraimí de réir na rialacha slándála agus na gcaighdeán creidiúnaithe ábhartha is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht, le húdaráis na mBallstát agus leis an gCoimisiún;

(d)

le próiseas buanfhaireacháin, áiritheofar go mbeifear ar an eolas faoi rioscaí slándála, go saineofar bearta slándála chun rioscaí den sórt sin a laghdú go dtí leibhéal inghlactha i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus na híoschaighdeáin a leagtar amach sna rialacha slándála is infheidhme agus go gcuirfear na bearta sin i bhfeidhm i gcomhréir le coincheap na domhainchosanta. Déanfar meastóireacht leanúnach ar éifeachtacht na mbeart sin;

(e)

i gcomhréir leis an bpróiseas arna shainmhíniú sa straitéis um chreidiúnú slándála, déanfar cinntí um chreidiúnú slándála a bhunú ar chinntí áitiúla um chreidiúnú slándála arna ndéanamh ag na hÚdaráis Náisiúnta um Chreidiúnú Slándála sna mBallstát;

(f)

cuirfear cúram na gníomhaíochtaí teicniúla um chreidiúnú slándála ar dhaoine gairmiúla atá cáilithe go cuí i dtaca le córais chasta a chreidiúnú, daoine a bhfuil leibhéal leordhóthanach imréitigh slándála acu agus a ghníomhóidh go hoibiachtúil;

(g)

déanfar cinntí um chreidiúnú slándála go neamhspleách ar an nGníomhaireacht agus ar na heintitis a bhfuil cur chun feidhme chomhchodanna náisiúnta EUROSUR faoina gcúram. comhlacht neamhspleách laistigh den Ghníomhaireacht a dhéanann cinntí as a chonlán féin a bheidh san údarás um chreidiúnú slándála sonraí le haghaidh EUROSUR;

(h)

déanfar na gníomhaíochtaí um chreidiúnú slándála a chur i gcrích agus cothromaíocht á baint amach idir an gá le neamhspleáchas agus an gá le comhordú leordhóthanach idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis a bhfuil cur chun feidhme forálacha slándála sna Ballstáit faoina gcúram.

Airteagal 35

An Bord um Chreidiúnú Slándála EUROSUR

1.   Bunaítear Bord um Chreidiúnú Slándála EUROSUR (“an Bord um Chreidiúnú”) laistigh den Ghníomhaireacht.

2.   Mar údarás um chreidiúnú slándála, beidh an Bord um Chreidiúnú freagrach as na nithe seo a leanas i ndáil le creidiúnú slándála le haghaidh EUROSUR:

(a)

straitéis um chreidiúnú slándála le haghaidh EUROSUR, lena n-áirítear an chomhchuid Eorpach, a shainiú agus a fhormheas;

(b)

tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Bhord um Chreidiúnú maidir le creidiúnú a gcomhchodanna náisiúnta ionas go n-áireofar gur féidir leis an mBord um Chreidiúnú cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le hidirnascadh;

(c)

cinntí um chreidiúnú slándála a dhéanamh maidir leis an gcomhchuid Eorpach agus aird á tabhairt ar an gcomhairle arna cur ar fáil ag na heintitis náisiúnta atá inniúil ar ábhair slándála agus ar na rioscaí slándála foriomlána;

(d)

doiciméadacht ábhartha a bhaineann le creidiúnú slándála a fhormheas;

(e)

comhairle a thabhairt, laistigh dá réimse inniúlachta, don Ghníomhaireacht agus do na Ballstáit maidir le nósanna imeachta oibríochtaí slándála (“SecOps”) a bhunú agus ráiteas a chur ar fáil ina leagtar amach a seasamh críochnaitheach;

(f)

measúnú ar rioscaí slándála a scrúdú agus a fhormheas agus bearta um maolú riosca a shainiú i gcomhar leis an nGníomhaireacht, na Ballstáit agus an Coimisiún;

(g)

seiceáil a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart slándála i ndáil le creidiúnú slándála na comhchoda Eorpaí trí mheasúnaithe, iniúchtaí nó athbhreithnithe slándála a dhéanamh nó a urrú;

(h)

roghnú táirgí agus bearta formheasta a fhormhuiniú mar aon le táirgí cripteagrafacha a úsáidtear chun slándáil a chur ar fáil do chomhchuid Eorpach EUROSUR agus don idirnascadh;

(i)

na nithe seo a leanas a fhormheas nó, i gcás inarb ábhartha, i gcomhar leis an eintiteas ábhartha atá inniúil ar chúrsaí slándála, na nithe seo a leanas a fhormheas go comhpháirteach:

(i)

idirnascadh na comhchoda Eorpaí leis na comhchodanna náisiúnta,

(ii)

idirnascadh na gcomhchodanna seachtracha le EUROSUR;

(j)

comhaontú leis na Ballstáit na nósanna imeachta a bhaineann le rialú rochtana;

(k)

ar bhonn na dtuarascálacha ar rioscaí slándála, an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas faoin measúnú riosca agus comhairle a thabhairt don Ghníomhaireacht maidir le roghanna chun déileáil leis an riosca slándála iarmharach i gcás cinneadh áirithe maidir le creidiúnú slándála;

(l)

na comhairliúcháin is gá a dhéanamh chun na cúraimí a bheidh air a chomhlíonadh.

3.   Sa straitéis um chreidiúnú slándála dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), déanfaidh an Bord um Chreidiúnú na nithe seo a leanas a leagan amach:

(a)

raon feidhme na ngníomhaíochtaí is gá chun creidiúnú chomhchuid Eorpach EUROSUR a fheidhmiú agus a choinneáil ar bun agus an t-idirnasc a d’fhéadfadh a bheith acu le comhchodanna eile;

(b)

próiseas um chreidiúnú slándála le haghaidh na comhchoda Eorpaí agus é mionsonraithe i gcomhréir leis an leibhéal dearbhaithe is gá agus ina léireofar go soiléir na coinníollacha formheasta;

(c)

ról na bpáirtithe leasmhara ábhartha a bheidh páirteach sa phróiseas um chreidiúnú;

(d)

sceideal um chreidiúnú atá i gcomhréir le húsáid chaighdeáin EUROSUR, go háirithe i dtaca le leas a bhaint as bonneagar, le soláthar seirbhísí agus le dul chun cinn;

(e)

na prionsabail maidir le creidiúnú slándála na gcomhchodanna náisiúnta atá le déanamh ag eintitis náisiúnta na mBallstát atá inniúil ar ábhair slándála;

(f)

na prionsabail maidir le slándáil sonraí chomhchodanna seachtracha EUROSUR.

4.   Déanfaidh an Bord um Chreidiúnú a chúraimí go neamhspleách agus comhaid á láimhseáil, iniúchtaí ar chóras slándála á ndéanamh, cinntí á n-ullmhú agus a chuid cruinnithe á n-eagrú aige.

Airteagal 36

Feidhmiú an Bhoird um Chreidiúnú Slándála

1.   Is éard a bheidh sa Bhord um Chreidiúnú aon ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit agus beirt ionadaithe ón gCoimisiún.

2.   Rúnaí ainmnithe de chuid an Bhoird um Chreidiúnú a bheidh in oifigeach slándála na Gníomhaireachta.

3.   Déanfaidh an Bord um Chreidiúnú a rialacha nós imeachta a leagan síos agus ainmneoidh sé a chathaoirleach.

4.   Murab ann do chomhthoil, rachaidh an Bord um Chreidiúnú i muinín na vótála tromlaigh.

5.   Féadfaidh an Bord um Chreidiúna foghrúpaí a bhunú chun imscrúdú a dhéanamh ar ábhair theicniúla.

6.   Coinneoidh an Bord um Chreidiúna bord bainistíochta na Gníomhaireachta agus stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon chinneadh a dhéanfaidh sé.

Airteagal 37

Ról na mBallstát agus na Gníomhaireachta maidir leis an mBord um Chreidiúnú

Déanfaidh na Ballstáit agus stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta na nithe seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis go léir a mheasann siad a bheith ábhartha chun críocha an chreidiúnaithe slándála a tharchur chuig an mBord um Chreidiúnú;

(b)

cead a thabhairt do dhaoine cuí-údaraithe arna gceapadh ag an mBord um Chreidiúnú rochtain a fháil ar aon fhaisnéis rúnaicmithe agus ar aon limistéar/suíomh a bhaineann le slándáil na gcóras a thagann faoina ndlínse, i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin náisiúnta, agus gan aon idirdhealú a dhéanamh ar fhoras náisiúntachta, lena n-áirítear rochtain chun críocha iniúchtaí agus tástálacha slándála arna gcinneadh ag an mBord um Chreidiúnú;

(c)

a bheith freagrach as creidiúnú a chomhchodanna EUROSUR agus tuairisc a thabhairt i leith sin don Bhord um Chreidiúnú.

Airteagal 38

Rochtain úsáideora

1.   Gan dochar d’Airteagal 35, déanfaidh an t-eintiteas atá freagrach as comhpháirt EUROSUR rochtain úsáideora ar a líonraí, a chórais agus a fheidhm a bhainistiú.

2.   I gcás ina dtabharfaí rochtain dhíreach do bhall foirne ar chóras nó ar fheidhm na Gníomhaireachta a úsáidtear chun críoch EUROSUR, déanfaidh an Ghníomhaireacht cearta rochtana a chomhordú leis an lárionad náisiúnta comhordúcháin ábhartha.

3.   I gcás ina dtabharfaí rochtain dhíreach do bhall foirne na Gníomhaireachta ar chóras nó ar fheidhm náisiúnta a úsáidtear chun críoch EUROSUR, déanfaidh an Ballstát freagrach cearta rochtana a chomhordú le stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta.

Airteagal 39

Slándáil sonraí chomhchodanna seachtracha EUROSUR

1.   Ní fhéadfaí na comhchodanna náisiúnta a nascadh le EUROSUR ach amháin i gcás ina mbeidh a slándáil sonraí coibhéiseach le slándáil sonraí EUROSUR.

2.   Na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 26 maidir le bunú agus comhroinnt léirithe staide sonracha, áireofar sna rialacha sin forálacha maidir le slándáil sonraí ina sonraítear an cineál faisnéise a d’fhéadfaí a mhalartú agus an leibhéal aicmithe.

3.   Is faoi réir formheas roimh ré ón mBord um Chreidiúnú a bheidh aon idirnascadh comhchoda seachtraí le EUROSUR.

Airteagal 40

Rialacha cosanta sonraí le haghaidh EUROSUR

1.   Cé go bhféadfadh faisnéis a bhaineann go hindíreach le daoine nádúrtha atá in-sainaitheanta a bheith sna sonraí arna bpróiseáil ag EUROSUR go heisceachtúil, ní dhéanfar sonraí den sórt sin a phróiseáil faoi chuimsiú EUROSUR chun na daoine nádúrtha sin a shainaithint.

2.   I gcás inar gá, i ngeall ar shonraí a phróiseáil in EUROSUR agus ar bhonn eisceachtúil, sonraí pearsanta seachas uimhreacha aitheantais long agus aerárthaí a phróiseáil, scriosfar na sonraí pearsanta sin a luaithe a ghnóthófar an cuspóir a bhaineann lena bpróiseáil.

Airteagal 41

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 295, 14.11.2019, lgh. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) (IO L 295, 6.11.2013, lch. 11).

(3)  Rialachán (AE) 2020/493 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 maidir leis an gcóras um Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (FADO) agus lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB ón gComhairle (IO L 107, 6.4.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).

(6)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(7)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE (teorainneacha agus víosaí) agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726, agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle. (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

(8)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(9)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(10)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(11)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(12)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(13)  Treoir 2002/90/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2002 lena sainmhínítear éascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthurais neamhúdaraithe agus cónaí neamhúdaraithe (IO L 328, 5.12.2002, lch. 17).

(14)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le fáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Cinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear rialacha i gcomhair faireachais ar na teorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhair oibríochtúil a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 189, 27.6.2014, lch. 93).

(16)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).


IARSCRÍBHINN 1

Liosta na dtáscairí

1.   TÁSCAIRE MAIDIR LE DIÚLTUITHE CEAD ISTEACH

An cúigiú lá déag de gach mí, tuairisceoidh gach lárionad náisiúnta comhordúcháin an líon diúltuithe cead isteach a bhí ann i rith na míosa roimhe sin de réir pointe trasnaithe teorann.

Déanfar an táscaire sin a mhiondealú de réir na bhfotháscairí seo a leanas:

(a)

náisiúntacht na náisiúnach tríú tír lena mbaineann;

(b)

an tír thionscnaimh;

(c)

an tír bhordála deiridh (i gcás calafort agus aerfort, gan an t-idirthuras san áireamh);

(d)

aoisghrúpa;

(e)

inscne;

(f)

miondealú ar na cúiseanna leis an diúltú i gcomhréir le hIarscríbhinn V, cuid B de Rialachán (AE) 2016/399;

(g)

na forais le húdarú taistil ó ETIAS a dhiúltú, a chúlghairm nó a neamhniú;

(h)

líon na gcinntí maidir le cead isteach a dhiúltú a eisíodh i gcás duine a bhfuil a chéannacht féin in úsáid aige;

(i)

líon na gcinntí maidir le cead isteach a dhiúltú i gcás duine a bhfuil ilchéannachtaí in úsáid aige.

2.   TÁSCAIRE MAIDIR LE FANACHTAÍ NEAMHDHLEATHACHA

An cúigiú lá déag de gach mí, tuairisceoidh gach lárionad náisiúnta comhordúcháin an líon náisiúnach tríú tír a bhraith na húdaráis náisiúnta sa chuid istigh den chríoch nó ag an teorainn le linn dóibh a bheith ag dul amach as an gcríoch i gcás nach raibh na coinníollacha maidir le fanacht nó cónaí sa Bhallstát á gcomhlíonadh acu nó nach raibh na coinníollacha sin á gcomhlíonadh acu a thuilleadh i rith na míosa roimhe sin.

Déanfar an táscaire sin a mhiondealú de réir na bhfotháscairí seo a leanas:

(a)

náisiúntacht na náisiúnach tríú tír lena mbaineann;

(b)

aoisghrúpa;

(c)

inscne;

(d)

an líon mionaoiseach neamhthionlactha;

(e)

an chúis atá leis an bhfanacht neamhdhleathach (e.g. rófhantóirí víosa, cead cónaithe atá imithe in éag etc.);

(f)

an cineál rialaithe a bhí i gceist tráth an bhraite (rialú teorann, seiceáil póilíní intíre, oibríochtaí coiscthe coireachta, rialú tráchta);

(g)

na príomhlimistéir bhraite.

Nuair a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil, tuairisceoidh gach lárionad náisiúnta comhordúcháin na táscairí comhfhreagracha a bhaineann le gluaiseacht thánaisteach neamhúdaraithe.

3.   TÁSCAIRE MAIDIR LE SREAFAÍ

1.

An cúigiú lá déag de gach mí, tuairisceoidh gach lárionad náisiúnta comhordúcháin an líon paisinéirí a bhí ann i rith na míosa roimhe sin de réir pointe trasnaithe teorann.

Nuair a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil, déanfar an táscaire sin a mhiondealú de réir na bhfotháscairí seo a leanas:

(a)

náisiúntacht;

(b)

ceann scríbe: dul isteach i limistéar Schengen nó imeacht amach as.

2.

An cúigiú lá déag de gach mí, tuairisceoidh gach lárionad náisiúnta comhordúcháin na nithe seo a leanas:

(a)

an líon feithiclí de réir pointe trasnaithe teorann talún;

(b)

an líon soithí de réir pointe trasnaithe teorann muirí (calafoirt);

(c)

an líon eitiltí seachtracha de réir pointe trasnaithe teorann aeir (aerfoirt).

Nuair a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil, déanfar na táscairí sin a mhiondealú de réir ceann scríbe: dul isteach i limistéar Schengen nó imeacht amach as.

4.   TÁSCAIRÍ MAIDIR LE SMUIGLEÁIL EARRAÍ

4.1.   Drugaí

Roinnfear urghabhálacha drugaí sna catagóirí seo a leanas:

(1)

Cannabas

(2)

Hearóin

(3)

Ópóidigh eile

(4)

Cócaon

(5)

Spreagthaigh de chineál amfataimín (lena n-áirítear amfataimín agus meitiolamfataimín)

(6)

MDMA (eacstais)

(7)

Substaintí sícighníomhacha nua

(8)

Drugaí aindleathacha eile.

An cúigiú lá déag de gach mí, tuairisceoidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin na nithe seo a leanas a bhí ann i rith na míosa roimhe sin, de réir gach coda den teorainn:

(a)

an méid foriomlán a urghabhadh de réir catagóire;

(b)

an líon urghabhálacha de réir catagóire;

(c)

an miondealú de réir áit tionscnaimh i gcás ina bhfuil sin suite;

(d)

an miondealú de réir bunáitíochta i gcás ina bhfuil sin suite;

(e)

an miondealú de réir ceann scríbe (dul isteach i limistéar Schengen nó imeacht amach as) agus de réir catagóire;

(f)

an miondealú de réir cineál gníomhaíochta rialaithe teorann (faireachas ar theorainneacha nó seiceáil ag pointe trasnaithe teorann) agus de réir catagóire;

(g)

an t-údarás náisiúnta a bhraith na drugaí;

(h)

an líon foriomlán déantóirí coire a gabhadh;

(i)

luach na substaintí urghafa.

4.2.   Gáinneáil ar fheithiclí

Roinnfear gáinneáil ar fheithiclí sna catagóirí seo a leanas:

(1)

Gluaisteáin paisinéirí ghoidte

(2)

Veaineanna goidte

(3)

Leoraithe goidte

(4)

Innealra tógála agus talmhaíochta goidte

(5)

Feithiclí goidte eile

(6)

Páirteanna feithicle goidte

(7)

Doiciméid chlárúcháin feithiclí fhalsaithe.

An cúigiú lá déag de gach mí, tuairisceoidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin na nithe seo a leanas de réir gach coda den teorainn:

(a)

an líon urghabhálacha de réir catagóire;

(b)

an méid foriomlán a urghabhadh de réir catagóire;

(c)

an miondealú de réir áit tionscnaimh i gcás ina bhfuil sin suite;

(d)

an miondealú de réir ceann scríbe (dul isteach i limistéar Schengen nó imeacht amach as) agus de réir catagóire;

(e)

an miondealú de réir cineál gníomhaíochta rialaithe teorann (faireachas ar theorainneacha nó seiceáil ag pointe trasnaithe teorann) agus de réir catagóire;

(f)

an líon foriomlán déantóirí coire a gabhadh.

4.3.   Airm agus pléascáin

Roinnfear táscairí maidir le hairm agus pléascáin sna catagóirí seo a leanas:

(1)

Airm thine (1)

Is féidir airm thine a roinnt sna fochatagóirí seo a leanas a mhéid a bheidh fáil orthu:

(a)

Gunna láimhe: gunnán

(b)

Gunna láimhe: piostal

(c)

Arm tine fada: raidhfil

(d)

Arm tine fada: gránghunna

(e)

Arm tine fada: meaisínghunna/100 % uathoibríoch

(f)

Arm tine fada: eile

(g)

Arm tine trom (arm fritancanna, teilgeoir roicéad, moirtéar, etc.).

(2)

Comhpháirteanna bunriachtanacha arm tine

(3)

Airm neamh-mharfacha: airm rabhaidh agus chomhartha (nach féidir a thiontú ina n-airm thine)

(4)

Airm neamh-mharfacha: airm bhog-aeir

(5)

Airm neamh-mharfacha: airm thine dhíghníomhachtaithe

(6)

Pléascáin

(7)

Armlón

(8)

Airm eile.

An cúigiú lá déag de gach mí, tuairisceoidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin na nithe seo a leanas de réir gach coda den teorainn:

(a)

an líon urghabhálacha de réir catagóire;

(b)

an méid foriomlán a urghabhadh de réir catagóire;

(c)

an miondealú de réir áit tionscnaimh i gcás ina bhfuil sin suite;

(d)

an miondealú de réir ceann scríbe (dul isteach i limistéar Schengen nó imeacht amach as) agus de réir catagóire;

(e)

an miondealú de réir cineál gníomhaíochta rialaithe teorann (faireachas ar theorainneacha nó seiceáil ag pointe trasnaithe teorann) agus de réir catagóire;

(f)

an miondealú de réir modh iompair:

(1)

Coimeádán

(2)

Leoraí nó feithicil tráchtála

(3)

Gluaisteán paisinéirí

(4)

Bus nó cóiste

(5)

Traein

(6)

Eitlíocht tráchtála

(7)

Eitlíocht ghinearálta

(8)

Beartáin lastais agus beartáin phoist

(9)

Coisí;

(g)

na húdaráis náisiúnta a bhraith na hairm agus/nó na pléascáin;

(h)

an líon foriomlán déantóirí coire a gabhadh.

4.4.   Earraí eile

Is féidir táscairí maidir le hearraí eile a roinnt sna catagóirí seo a leanas:

(1)

Tobac

(2)

Toitíní

(3)

Alcól

(4)

Táirgí fuinnimh (breoslaí)

(5)

Gáinneáil aindleathach ar earraí cultúir

(6)

Earraí eile.

An cúigiú lá déag de gach mí, tuairisceoidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin na nithe seo a leanas de réir gach coda den teorainn:

(a)

an líon urghabhálacha de réir catagóire;

(b)

an méid foriomlán a urghabhadh de réir catagóire;

(c)

an miondealú de réir áit tionscnaimh agus de réir catagóire i gcás ina bhfuil sin suite;

(d)

an miondealú de réir bunáitíochta i gcás ina bhfuil sin suite;

(e)

an miondealú de réir ceann scríbe (dul isteach i limistéar Schengen nó imeacht amach as) agus de réir catagóire;

(f)

an miondealú de réir cineál gníomhaíochta rialaithe teorann agus de réir catagóire (seiceáil ag pointe trasnaithe teorann, faireachas ar theorainneacha);

(g)

an t-údarás náisiúnta a bhraith na hearraí;

(h)

an líon foriomlán déantóirí coire a gabhadh;

(i)

luach na n-earraí urghafa.

5.   TÁSCAIRE MAIDIR LE COIREANNA TRASTEORANN EILE

Roinnfear coireanna trasteorann sna catagóirí seo a leanas:

(1)

Mionaoiseach a fhuadach

(2)

Ionsaithe, bagairtí ar fhoireann an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh (údaráis náisiúnta nó foireann na Gníomhaireachta)

(3)

Modhanna iompair a fhuadach

(4)

Eile.

An cúigiú lá déag de gach mí, tuairisceoidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin na nithe seo a leanas de réir gach coda den teorainn:

(a)

an líon cásanna de réir catagóire;

(b)

an miondealú de réir cineál gníomhaíochta rialaithe teorann (seiceáil ag pointe trasnaithe teorann, faireachas ar theorainneacha) agus de réir catagóire;

(c)

an t-údarás náisiúnta a bhraith na drugaí;

(d)

an líon foriomlán déantóirí coire a gabhadh.

6.   TÁSCAIRÍ EILE A FHAIGHTEAR Ó THUAIRISCIÚ AR THARLÚ AONAIR

An cúigiú lá déag de gach mí, déanfaidh an Ghníomhaireacht táscairí míosúla a shuí de réir gach coda den teorainn.

Cumhdóidh na táscairí sin na nithe seo a leanas:

(1)

trasnuithe teorann neamhúdaraithe bunaithe ar na tuarascálacha ar tharlú aonair dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2, mír 1;

(2)

tarluithe a bhaineann le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, bunaithe ar thuarascálacha ar tharlú aonair dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2, mír 8;

(3)

gáinneáil ar dhaoine agus éascú, bunaithe ar thuarascálacha ar tharlú aonair dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2, mír 2;

(4)

calaois doiciméad bunaithe ar thuarascálacha ar tharlú aonair dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2, mír 4.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht táscairí eile a shuí bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil agus a mheastar a bheith ábhartha maidir le hanailís riosca nó feasacht staide.


(1)  Áirítear leis sin airm chúirtéise agus acústacha, maille le hairm rabhaidh agus chomhartha intiontaithe.


IARSCRÍBHINN 2

Cásanna tuairiscithe ar tharlú aonair agus faisnéis chomhfhreagrach

Is éard atá sa tuairisciú ar tharlú aonair in EUROSUR míreanna faisnéise éagsúla a liostaítear thíos a nascadh le chéile, rud a chabhraíonn le tuairisc a thabhairt ar an staid ag teorainneacha seachtracha an Aontais.

Sa chéad tuarascáil beidh an tacar faisnéise a bailíodh chun an chéad fhreagairt a spreagadh. Bunaithe ar an gcéad tuarascáil sin, féachfaidh na páirtithe éagsúla in EUROSUR leis an bhfaisnéis sin a chomhlánú mar a fhoráiltear dó sin san Iarscríbhinn seo.

1.   TUAIRISCIÚ AR THARLÚ AONAIR A BHAINEANN LE TRASNÚ TEORANN NEAMHÚDARAITHE NÓ LE hAMHRAS FAOI IARRACHT AR THRASNÚ TEORANN NEAMHÚDARAITHE

Tuairisceoidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin aon tarlú a bhaineann le trasnú teorann neamhúdaraithe. Is féidir an tuarascáil ar thrasnú teorann neamhúdaraithe a nascadh le gáinneáil ar dhaoine nó le héascú dá bhforáiltear i mír 2 agus le tarlú a bhaineann le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála i gcomhréir le mír 8.

Seolfar an chéad tuarascáil ar an tarlú tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis an tarlú a bhrath.

Féachfaidh na tionscnóirí agus na húinéirí leis an bhfaisnéis seo a leanas a thuairisciú a mhéid is go mbeidh fáil uirthi.

1.1.   An cineál tarlaithe

(a)

trasnú teorann neamhdhleathach nó iarracht ar thrasnú teorann neamhdhleathach;

(b)

trasnú oscailte nó folaitheach.

1.2.   Imthosca an tarlaithe

(a)

am agus suíomh;

(b)

ceann scríbe (dul isteach i limistéar Schengen, imeacht amach as nó ní heol);

(c)

an tír bhordála deiridh (infheidhme i gcás iontrála trí chalafoirt agus aerfoirt ag na codanna muirí agus aeir den teorann, agus sa chás sin amháin);

(d)

tír chinn scríbe;

(e)

an cuspóir leis an trasnú teorann neamhdhleathach;

(f)

imthosca braite:

(1)

le linn seiceáil ag pointe trasnaithe teorann,

(2)

le linn oibríochta faireachais ar theorainneacha,

(3)

eile (gluaiseacht thánaisteach, limistéar réamhtheorann);

(g)

iarrachtaí dul i bhfolach ar an rialú teorann;

(h)

an modh iompair:

(1)

Eitilt (beidh tuarascáil ar an eitilt nasctha leis an tuarascáil dá bhforáiltear i mír 7)

(2)

Soitheach (beidh tuarascáil ar an soitheach nasctha leis an tuarascáil dá bhforáiltear i mír 1, nó leis an gcás cuardaigh agus tarrthála dá bhforáiltear i mír 6)

(3)

Coimeádán

(4)

Leoraí nó feithicil tráchtála

(5)

Gluaisteán paisinéirí

(6)

Bus nó cóiste

(7)

Traein

(8)

Coisí.

1.3.   Na daoine lena mbaineann

(a)

an líon iomlán daoine lena mbaineann;

(b)

an líon mionaoiseach;

(c)

an líon daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu;

(d)

an miondealú de réir náisiúntachtaí (atá measta/deimhnithe), saoránachtaí;

(e)

aoisghrúpa.

2.   TUAIRISCIÚ AR THARLÚ AONAIR A BHAINEANN LE GÁINNEÁIL AR DHAOINE NÓ LE hÉASCÚ NÓ LE hAMHRAS FAOI IARRACHT AR GHÁINNEÁIL AR DHAOINE NÓ AR ÉASCÚ

Tuairisceoidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin aon tarlú ina mbeidh éascú, amhras faoi iarracht ar éascú, gáinneáil ar dhaoine nó amhras faoi iarracht ar gháinneáil ar dhaoine.

Seolfar an chéad tuarascáil ar an tarlú tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis an tarlú a bhrath.

Is féidir an tarlú a nascadh le tarlú a bhaineann le trasnú teorann neamhúdaraithe.

Féachfaidh na tionscnóirí agus na húinéirí leis an bhfaisnéis seo a leanas a thuairisciú a mhéid is go mbeidh fáil uirthi:

2.1.   An cineál tarlaithe

(a)

éascú, gáinneáil ar dhaoine;

(b)

céim an tarlaithe (amhras faoi, iarracht ar a dhéanamh, cion déanta).

2.2.   Imthosca an tarlaithe

(a)

am agus suíomh;

(b)

ceann scríbe (dul isteach i limistéar Schengen, imeacht amach as nó ní heol);

(c)

imthosca braite:

(1)

le linn seiceála ag pointe trasnaithe teorann,

(2)

le linn oibríochta faireachais ar theorainneacha,

(3)

eile (gluaiseacht thánaisteach, limistéar réamhtheorann);

(d)

an modh iompair:

(1)

Eitilt (beidh tuarascáil ar an eitilt nasctha leis an tuarascáil dá bhforáiltear i mír 7)

(2)

Soitheach (beidh tuarascáil ar an soitheach nasctha leis an tuarascáil dá bhforáiltear i mír 1, nó leis an gcás cuardaigh agus tarrthála dá bhforáiltear i mír 6)

(3)

Coimeádán

(4)

Leoraí nó feithicil tráchtála

(5)

Gluaisteán paisinéirí

(6)

Bus nó cóiste

(7)

Traein

(8)

Coisí.

2.3.   Déantóirí coire

(a)

an líon iomlán daoine lena mbaineann;

(b)

aoisghrúpanna;

(c)

an miondealú de réir náisiúntachtaí (atá measta/deimhnithe) agus tíortha tionscnaimh;

(d)

cineál an dúshaothraithe (dúshaothrú gnéis, dúshaothrú lucht oibre, eile).

2.4.   Íospartaigh (mura bhfuil baint ag an tarlú le trasnú teorann neamhúdaraithe)

(a)

an líon foriomlán íospartach;

(b)

an líon mionaoiseach;

(c)

an líon mionaoiseach neamhthionlactha agus an líon daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu;

(d)

an miondealú ar íospartaigh de réir tíortha idirthurais;

(e)

an miondealú de réir náisiúntachtaí (atá measta/deimhnithe) agus tíortha tionscnaimh.

2.5.   Cúis agus modus operandi

(a)

modus operandi;

(b)

an cuspóir atá le héascú nó le dúshaothrú spriocdhírithe i gcás gáinneáil ar dhaoine.

3.   TUAIRISCIÚ AR THARLÚ AONAIR A BHAINEANN LE GÁINNEÁIL AR EARRAÍ NÓ LE hAMHRAS FAOI IARRACHT AR GHÁINNEÁIL AR EARRAÍ

De bhreis ar na táscairí dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1, mír 4, tuairisceoidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin tarluithe aonair gáinneála, nó amhras faoi iarracht ar gháinneáil ar earraí sna cásanna seo a leanas:

(1)

Tá an méid a urghabhadh os cionn na dtairseach a shainítear in Iarscríbhinn 3;

(2)

Tá an gháinneáil nó an t-amhras faoi iarracht ar gháinneáil nasctha le gníomhaíocht sceimhlitheoireachta fhéideartha nó d’fhéadfadh an gháinneáil a bheith ina bagairt do shlándáil an Aontais nó a Bhallstát;

(3)

Spreagann an gháinneáil nó an t-amhras faoi iarracht ar gháinneáil freagairt ó Bhallstáit eile agus ón nGníomhaireacht nó tá tionchar ag an ngáinneáil nó ag an amhras faoi iarracht ar gháinneáil ar bhearta rialaithe teorann;

(4)

Tá an gháinneáil nó an t-amhras faoi iarracht ar gháinneáil ar earraí nasctha le modus operandi sonrach. Sa chás sin, beidh na tuarascálacha nasctha leis an tuarascáil ar anailís riosca ina dtugtar tuairisc air;

(5)

Is rud neamhghnách é earraí a urghabháil, agus d’fhéadfadh sé patrún coiriúil nua a léiriú.

Féachfaidh na tionscnóirí agus na húinéirí leis an bhfaisnéis seo a leanas a thuairisciú a mhéid is go mbeidh fáil uirthi.

3.1.   An cineál tarlaithe

Agus tuairisc á tabhairt ar an gcineál tarlaithe, úsáidfidh an tionscnóir na catagóirí agus na fochatagóirí atá in Iarscríbhinn 1, mír 4 agus na haonaid dá dtagraítear in Iarscríbhinn 3, de réir mar is iomchuí.

3.2.   Imthosca an tarlaithe

(a)

am agus suíomh;

(b)

ceann scríbe (dul isteach i limistéar Schengen, imeacht amach as nó ní heol);

(c)

imthosca braite:

(1)

le linn seiceála ag pointe trasnaithe teorann,

(2)

le linn oibríochta faireachais ar theorainneacha,

(3)

eile (gluaiseacht thánaisteach, limistéar réamhtheorann);

(d)

an modh iompair:

(1)

Eitilt (beidh tuarascáil ar an eitilt nasctha leis an tuarascáil dá bhforáiltear i mír 7)

(2)

Soitheach (beidh tuarascáil ar an soitheach nasctha leis an tuarascáil dá bhforáiltear i mír 1, nó leis an gcás cuardaigh agus tarrthála dá bhforáiltear i mír 6)

(3)

Coimeádán

(4)

Leoraí nó feithicil tráchtála

(5)

Gluaisteán paisinéirí

(6)

Bus nó cóiste

(7)

Traein

(8)

Coisí

(9)

Beartáin lastais nó beartáin phoist;

(e)

modus operandimodus operandi amhrasta lena n-áirítear:

(1)

an cineál ceilte;

(2)

sonraí na ceilte.

3.3.   An cineál earraí

(a)

catagóir agus fochatagóir i gcomhréir le hIarscríbhinn 1, mír 4;

(b)

an méid (measta/urghafa);

(c)

an luach measta.

3.4.   Na daoine lena mbaineann

(a)

an líon iomlán daoine lena mbaineann;

(b)

ról an duine;

(c)

an líon mionaoiseach;

(d)

an miondealú de réir náisiúntachtaí (atá measta/deimhnithe).

4.   TUAIRISCIÚ AR THARLÚ AONAIR A BHAINEANN LE CALAOIS DOICIMÉAD

Tuairisceoidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin aon tarlú aonair a bhaineann le calaois doiciméad nó le coiriúlacht doiciméad a thugtar faoi deara le linn oibríochta rialaithe teorann.

Seolfar an chéad tuarascáil ar an tarlú tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis an tarlú a bhrath.

Is féidir an tarlú a nascadh le tarlú a bhaineann le trasnú teorann neamhúdaraithe, éascú, gáinneáil ar dhaoine, gáinneáil ar earraí nó cineálacha eile coireachta trasteorann.

Déanfaidh na tionscnóirí agus na húinéirí an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú a mhéid is go mbeidh fáil uirthi.

4.1.   An cineál calaoise doiciméad

4.2.   Imthosca an tarlaithe

(a)

am agus suíomh;

(b)

ceann scríbe (dul isteach i limistéar Schengen, imeacht amach as nó ní heol);

(c)

imthosca braite:

(1)

le linn seiceála ag pointe trasnaithe teorann,

(2)

le linn oibríochta faireachais ar theorainneacha,

(3)

eile (gluaiseacht thánaisteach, limistéar réamhtheorann);

4.3.   Faisnéis maidir leis an duine

(a)

náisiúntacht mhaíte an duine;

(b)

inscne;

(c)

aoisghrúpa.

4.4.   Faisnéis maidir leis an doiciméad

(a)

cineál agus fochineál an doiciméid (pas, cárta aitheantais, cead cónaithe, víosa, stampa teorann, eile);

(b)

náisiúntacht an doiciméid;

(c)

úsáid an doiciméid (curtha i láthair, ceilte, neamhbhainteach);

(d)

pointe trasnaithe teorann na díbhordála;

(e)

pointe trasnaithe teorann an idirthurais;

(f)

pointe trasnaithe teorann an chinn scríbe;

(g)

slis;

(h)

stampa teorann.

5.   TUAIRISCIÚ AR THARLÚ AONAIR A BHAINEANN LE CINEÁLACHA EILE COIREACHTA TRASTEORANN

De bhreis ar na táscairí dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1, mír 7, tuairisceoidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin tarluithe aonair a bhaineann le cineálacha eile coireachta sna cásanna seo a leanas:

(1)

tá an choir thrasteorann, an t-amhras faoi iarracht ar choir thrasteorann nó an t-amas i mbunachar sonraí nó i gcóras mórscála TF nasctha le gníomhaíocht sceimhlitheoireachta fhéideartha, nó d’fhéadfadh an ní sin a bheith ina bhagairt do shlándáil an Aontais nó a Bhallstát;

(2)

an choir thrasteorann, an t-amhras faoin gcoir thrasteorann nó an t-amas sa bhunachar sonraí nó sa chóras mórscála TF, spreagann siad freagairt ó Bhallstáit eile agus ón nGníomhaireacht, nó tá tionchar acu ar bhearta rialaithe teorann;

(3)

tá an choir thrasteorann nó an t-amhras faoi iarracht ar choir thrasteorann nasctha le modus operandi sonrach. Sa chás sin, beidh na tuarascálacha nasctha leis an tuarascáil ar anailís riosca ina dtugtar tuairisc air.

Féachfaidh na tionscnóirí agus na húinéirí leis an bhfaisnéis seo a leanas a thuairisciú a mhéid is go mbeidh fáil uirthi.

5.1.   An cineál tarlaithe

Agus tuairisc á tabhairt ar an gcineál tarlaithe, úsáidfidh an tionscnóir na catagóirí agus na fochatagóirí atá in Iarscríbhinn 1, mír 7.

5.2.   Imthosca an tarlaithe

(a)

am agus suíomh;

(b)

ceann scríbe (dul isteach i limistéar Schengen, imeacht amach as nó ní heol);

(c)

imthosca braite:

(1)

le linn seiceála ag pointe trasnaithe teorann,

(2)

le linn oibríochta faireachais ar theorainneacha,

(3)

eile (gluaiseacht thánaisteach, limistéar réamhtheorann);

(d)

an modh iompair:

(1)

Eitilt (beidh tuarascáil ar an eitilt nasctha leis an tuarascáil dá bhforáiltear i mír 7)

(2)

Soitheach (beidh tuarascáil ar an soitheach nasctha leis an tuarascáil dá bhforáiltear i mír 1, nó leis an gcás cuardaigh agus tarrthála dá bhforáiltear i mír 6)

(3)

Coimeádán

(4)

Leoraí nó feithicil tráchtála

(5)

Gluaisteán paisinéirí

(6)

Bus nó cóiste

(7)

Traein

(8)

Coisí

(9)

Beartáin lastais nó beartáin phoist.

5.3.   Na daoine lena mbaineann

(a)

an líon iomlán daoine lena mbaineann;

(b)

ról an duine;

(c)

an líon mionaoiseach;

(d)

an miondealú de réir náisiúntachtaí (atá measta/deimhnithe).

6.   TUAIRISCIÚ AR THARLÚ AONAIR A BHAINEANN LE SOITHÍ AR DÍOL SPÉISE IAD

Tuairisceofar faisnéis a bhaineann le soithí ar díol spéise iad sna cásanna seo a leanas:

(1)

má tá an soitheach ar liosta faire na soithí amhrasta; sa chás sin, déanfar an tuairisciú a nascadh leis an liosta faire comhfhreagrach;

(2)

má tá baint ag an soitheach le tarlú a liostaítear san Iarscríbhinn seo; sa chás sin, déanfar an tuarascáil a nascadh leis an tarlú comhfhreagrach;

(3)

má mheasann an tionscnóir go bhfuil amhras ann faoin soitheach; sa chás sin, déanfar an tuairisciú a nascadh le tuarascáil ar anailís riosca.

Seolfar an chéad tuarascáil ar an soitheach tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis é a bhrath den chéad uair.

Féachfaidh na tionscnóirí agus na húinéirí leis an bhfaisnéis seo a leanas a thuairisciú a mhéid is go mbeidh fáil uirthi.

6.1.   Suíomh agus stádas an tsoithigh

Cuimseofar san fhaisnéis maidir le suíomh an tsoithigh ar díol spéise é na nithe seo a leanas:

(a)

am an tomhais, suíomh agus raon na héiginnteachta, an treo-cheann agus an luas má tá an tsócmhainn ag gluaiseacht;

(b)

stádas an tsoithigh (innill casta as, deatach braite, ar ancaire, etc.);

(c)

foinse an tomhais nó an bhraite (radar, córas suite, etc.);

(d)

suíomhanna an tsoithigh arbh eol roimh an tarlú.

Na tionscnóirí ar féidir leo faisnéis a fháil maidir leis an soitheach, féachfaidh siad lena shuíomh a nuashonrú a luaithe is féidir trí úsáid a bhaint as na foinsí faisnéise atá ar fáil dóibh.

A luaithe a bhraithfear soitheach ar muir ar díol spéise é, déanfar an fhaisnéis maidir lena shuíomh a nuashonrú gach uair an chloig ar a laghad.

6.2.   An cineál soithigh

An fhaisnéis maidir leis an gcineál soithigh atá i gceist, cuideoidh sí leis na nithe seo a leanas a chinneadh:

(a)

an é atá i gceist long paisinéirí, bád seoil, luamh innill, soitheach iascaireachta, long coimeádán, bulciompróir, tancaer ola, lastlong ghinearálta, árthach ardluais, aonad druileála easchósta soghluaiste, nó long sainfheidhme;

(b)

idir úsáid na loinge: obair thráchtála nó fóillíocht.

6.3.   Aitheantóirí loinge

Cuimseofar san fhaisnéis faoi na haitheantóirí loinge na nithe seo a leanas:

(a)

an bhratach;

(b)

ainm na loinge;

(c)

uimhir na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), Uimhir Aitheantais na Seirbhíse Muirí Soghluaiste (MMSI) agus aitheantóirí amhairc agus raidió eile a úsáidtear chun teagmháil a dhéanamh leis an soitheach agus chun é a shaintréithriú.

6.4.   Paisinéirí agus lastas

Áireofar san fhaisnéis maidir leis na paisinéirí agus leis an lastas na nithe seo a leanas:

(a)

an líon ball foirne;

(b)

an miondealú de réir náisiúntacht na mball foirne;

(c)

an líon paisinéirí;

(d)

an miondealú de réir náisiúntacht na bpaisinéirí;

(e)

cineál agus méid/meáchan an lastais.

7.   TUAIRISCIÚ AR THARLÚ AONAIR A BHAINEANN LE hEITILTÍ SEACHTRACHA AR DÍOL SPÉISE IAD

Tuairisceofar faisnéis a bhaineann le heitiltí seachtracha ar díol spéise iad sna cásanna seo a leanas:

(1)

má tá an eitilt ar liosta faire na n-eitiltí amhrasta; sa chás sin, déanfar an tuairisciú a nascadh leis an liosta faire comhfhreagrach;

(2)

má tá baint ag an eitilt le tarlú a liostaítear san Iarscríbhinn seo; sa chás sin, déanfar an tuarascáil a nascadh leis an tarlú comhfhreagrach;

(3)

má mheasann an tionscnóir go bhfuil amhras ann faoin eitilt; sa chás sin, déanfar an tuairisciú a nascadh le tuarascáil ar anailís riosca.

Seolfar an chéad tuarascáil ar an eitilt tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis é a bhrath den chéad uair.

Féachfaidh na tionscnóirí agus na húinéirí leis an bhfaisnéis seo a leanas a thuairisciú a mhéid is go mbeidh fáil uirthi.

7.1.   Suíomh an aerárthaigh ar díol spéise é

Cuimseofar san fhaisnéis maidir le suíomh an aerárthaigh ar díol spéise é na nithe seo a leanas:

(a)

am an tomhais;

(b)

suíomh, lena n-áirítear airde agus toirt na héiginnteachta;

(c)

treo-cheann agus luas;

(d)

foinse an tomhais nó an bhraite (radar, córas suite, etc.).

Na tionscnóirí ar féidir leo faisnéis a fháil maidir leis an aerárthach, féachfaidh siad lena shuíomh a nuashonrú trí úsáid a bhaint as na foinsí faisnéise atá ar fáil dóibh.

Déanfar an fhaisnéis maidir le suíomh an aerárthaigh san aer ar díol spéise é a nuashonrú i neas-fhíor-am.

7.2.   Cineál an aerárthaigh ar díol spéise é

Cuideoidh faisnéis faoi chineál an aerárthaigh a chinneadh an é atá i gceist aerárthach a bhfuil sciatháin dhobhogtha nó rothlacha aige, scairdeitleáin nó eitleán liántiomáinte, nó aerárthach a dhéantar a phíolótú ar bord nó go cianda. Dá mbeadh an fhaisnéis sin ar fáil, d’fhéadfaí múnla beacht an aerárthaigh a chinneadh freisin.

7.3.   Aitheantóirí aerárthaigh

Cuimseofar san fhaisnéis maidir le haitheantóirí aerárthaigh aitheantóirí éagsúla amhairc agus raidió a úsáidtear chun teagmháil a dhéanamh leis an aerárthach agus chun é a shaintréithriú.

7.4.   Faisnéis maidir leis an eitilt

Cuimseofar san fhaisnéis maidir leis an eitilt na nithe seo a leanas:

(a)

an cineál eitilte (eitilt tráchtála, phríobháideach, rialtais etc.);

(b)

an t-aitheantóir eitilte, lena n-áirítear na haitheantóirí eitilte tráchtála;

(c)

an áit imeachta;

(d)

an ceann scríbe;

(e)

tagairt an phlean eitilte.

7.5.   Paisinéirí agus lastas

Áireofar san fhaisnéis maidir leis na paisinéirí agus leis an lastas na nithe seo a leanas:

(a)

an líon ball foirne;

(b)

an miondealú de réir náisiúntacht na mball foirne;

(c)

an líon paisinéirí;

(d)

an miondealú de réir náisiúntacht na bpaisinéirí;

(e)

an cineál lastais.

8.   TUAIRISCIÚ AR THARLÚ AONAIR A BHAINEANN LE TARLUITHE CUARDAIGH AGUS TARRTHÁLA

Tuairisceoidh an lárionad náisiúnta comhordúcháin aon tarlú a bhaineann le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála i gcomhréir le hAirteagal 21.

Cumhdófar sa tuairisciú a bhaineann le tarlú cuardaigh agus tarrthála féideartha fad an tarluithe, ó braitheadh an soitheach ar díol spéise é den chéad uair nó ó fuarthas an foláireamh maidir le daoine a bheith i nguais ar muir, go dtí deireadh an tarluithe trasnaithe teorann agus go dtí go mbeidh deireadh leis an gcás cuardaigh agus tarrthála gaolmhar a bhaineann leis.

Féachfaidh na tionscnóirí agus na húinéirí leis an bhfaisnéis seo a leanas a thuairisciú a mhéid is go mbeidh fáil uirthi.

8.1.   Naisc chuig an tuairisciú ar an soitheach atá i nguais i gcomhréir le mír 6

Féadfar an tuarascáil a nascadh freisin le soithí eile ar díol spéise iad agus a bhfuil baint acu leis an gcás cuardaigh agus tarrthála, amhail máthairlonga.

8.2.   Tuairisciú ar stádas an cháis cuardaigh agus tarrthála lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a)

céim an chuardaigh agus na tarrthála (éiginnteacht, foláireamh faighte, soitheach i nguais, oibríocht cuardaigh agus tarrthála ar siúl, oibríocht cuardaigh agus tarrthála tugtha i gcrích);

(b)

an Lárionad Comhordúcháin Tarrthála Muirí inniúil;

(c)

an áit sábháilteachta nó an áit sábháilteachta atá beartaithe, nuair a bheidh an oibríocht chuardaigh agus tarrthála curtha i gcrích.

8.3.   Naisc chuig an tuairisciú dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 de réir mar is iomchuí


IARSCRÍBHINN 3

Tairsí maidir le tuairisciú ar tharlú aonair a bhaineann le hearraí

1.   DRUGAÍ AINDLEATHACHA

(1)

Cannabas: 10 kg

(2)

Hearóin: 500 gram

(3)

Ópóidigh eile (e.g. moirfín, óipiam, etc.): 500 gram

(4)

Cócaon: 10 kg

(5)

Spreagthaigh de chineál amfataimín (lena n-áirítear amfataimín agus meitiolamfataimín): 100 gram

(6)

MDMA (eacstais): 5000 táibléad

(7)

Substaintí sícighníomhacha nua: 500 táibléad nó 100 gram

(8)

Drugaí aindleathacha eile.

2.   AIRM AGUS PLÉASCÁIN

(1)

Airm thine nó páirteanna arm: 15 aonad

(2)

Pléascáin: 3 kg

(3)

Armlón: 10 000 píosa.

3.   EARRAÍ EILE

(1)

Tobac amh: 500 kg

(2)

Toitíní: 1 mhilliún aonad

(3)

Alcól: 5 000 lítear fíoralcól

(4)

Táirgí fuinnimh (breoslaí): 10 000 lítear

(5)

Gáinneáil aindleathach ar earraí cultúir: luach measta os cionn EUR 1 mhilliún.