12.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 124/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/580 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Feabhra 2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1366 a mhéid a bhaineann leis an mbonn leis an ranníocaíocht airgeadais a leithdháileadh in earnáil na beachaireachta
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 56(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1366 ón gCoimisiún (2), leagtar síos an bonn atá le ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis na Ballstáit le haghaidh a gclár beachaireachta. Tá sí le leithdháileadh i gcomhréir leis an líon iomlán coirceog ar an meán ar thug na Ballstáit sin fógra fúthu le linn an 2 bhliain féilire go díreach roimh fhógra a thabhairt don Choimisiún faoi na cláir bheachaireachta. |
(2) |
Le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3) socraítear an uasteorainn bhliantúil le haghaidh an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (“CERT”). Laistigh den uasteorainn sin, maoineoidh an ciste sin ranníocaíocht an Aontais i leith na gclár beachaireachta, a bheidh i bhfeidhm ón mbliain 2021. Sa mhéid iomlán dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil i leith CERT áirítear méadú go dtí EUR 60 milliún in aghaidh na bliana le haghaidh cláir bheachaireachta. |
(3) |
Tá beartaithe ag an gCoimisiún, le haghaidh na tréimhse 2021-2027, ranníocaíocht mhéadaithe an Aontais le haghaidh na gclár beachaireachta a leithdháileadh de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
(4) |
Leagtar amach le togra COM(2018) 392 final ón gCoimisiún gurbh é leithdháileadh chistí an Aontais le haghaidh chláir bheachaireachta na tréimhse 2017-2019 ba bhunús le leithdháileadh ranníocaíocht an Aontais leis na Ballstáit, leithdháileadh a rinneadh ar bhonn líon na gcoirceog a chuir na Ballstáit in iúl sa bhliain 2013 ina gcláir bheachaireachta féin le haghaidh na tréimhse 2014-2016, arna gcoigeartú leis na hiarratais a chuir na Ballstáit isteach lena leithdháileadh i gclárthréimhse 2017-2019. |
(5) |
Beidh éifeacht ag ranníocaíocht mhéadaithe an Aontais leis na cláir bheachaireachta ón mbliain 2021, ach meastar gur sa bhliain 2023 amháin a bheidh feidhm ag Pleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát faoi chreat reachtach CBT amach anseo. |
(6) |
Ar mhaithe leis an gcomhsheasmhacht le togra COM(2018) 392 final ón gCoimisiún, agus chun comhleanúnachas idir na leithdháiltí le haghaidh cláir bheachaireachta le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022 agus ón mbliain 2023 i leith, ba cheart na leithdháiltí ar chláir bheachaireachta le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022 a ríomh ar bhonn líon na gcoirceog a chuir na Ballstáit in iúl sa bhliain 2013 ina gcláir bheachaireachta féin le haghaidh na tréimhse 2014-2016, arna gcoigeartú leis na hiarratais a chuir na Ballstáit isteach lena leithdháileadh i gclárthréimhse 2017-2019. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1366 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1366, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
“De mhaolú ar an gcéad mhír, déanfar ranníocaíocht an Aontais le cláir bheachaireachta sna blianta 2021 agus 2022 a leithdháileadh ar Bhallstáit a bhfuil cláir bheachaireachta acu ar bhonn líon na gcoirceog a chuir na Ballstáit sin in iúl sa bhliain 2013 ina gcláir bheachaireachta faoi seach le haghaidh na tréimhse 2014-2016, arna gcoigeartú leis na hiarratais a chuir na Ballstáit isteach lena leithdháileadh i gclárthréimhse 2017-2019. EUR 25 000 an ranníocaíocht íosta a dhéanfaidh an tAontas in aghaidh an chláir beachaireachta.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1366 ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhair in earnáil na beachaireachta (IO L 211, 8.8.2015, lch. 3).
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).