|
6.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 115/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/559 ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Aibreán 2021
lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa tSomáil
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa tSomáil (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 26 Aibreán 2010 ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 356/2010. |
|
(2) |
An 26 Feabhra 2021 d’fhormheas Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSC) a bunaíodh de bhun Rún 751 (1992) ó UNSC triúr a chur le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Aibreán 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
IARSCRÍBHINN
Cuirfear na daoine a liostaítear thíos leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 356/2010:
I. Daoine
|
“18. |
Abukar Ali Adan (ailias: a) Abukar Ali Aden; b) Ibrahim Afghan; c) Sheikh Abukar)
Ainmniúchán: Leas-Cheannaire Al-Shabaab Dáta breithe: a) 1972; b) 1971; c) 1973 Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: an 26 Feabhra 2021 Faisnéis eile: Liostaithe de bhun mhír 8(a) de rún 1844 (2008) mar ‘Bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht na Somáile i mbaol, nó ag tacú leis na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a chuireann Comhaontú Djibouti an 18 Lúnasa 2008 nó an próiseas polaitiúil i mbaol, nó a chuireann TFInna nó AMISOM i mbaol le fórsa.’ Tá baint ag Abukar Ali Adan freisin le heintitis chleamhnaithe Al-Qaida, Al-Qaida i Leithinis na hAraibe (AQAP – QDe.129) agus le Al-Qaida sa Mhagraib Ioslamach (AQIM – Qde.014). |
|
19. |
Maalim Ayman (ailias: a) Ma'alim Ayman; b) Mo'alim Ayman; c) Nuh Ibrahim Abdi; d) Ayman Kabo; e) Abdiaziz Dubow Ali)
Ainmniúchán: Bunaitheoir agus ceannaire Jaysh Ayman, aonad al-Shabaab a dhéanann ionsaithe agus oibríochtaí sa Chéinia agus sa tSomáil Dáta breithe: a) 1973; b) 1983 Áit bhreithe: An Chéinia Seoladh: a) teorainn na Céinia/na Somáile; b) Badamadow, Lower Juba Region, an tSomáil Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: an 26 Feabhra 2021 Faisnéis eile: Liostaithe de bhun mhír 8(a) de rún 1844 (2008) mar ‘Bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht na Somáile i mbaol, nó ag tacú leis na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a chuireann Comhaontú Djibouti an 18 Lúnasa 2008 nó an próiseas polaitiúil i mbaol, nó a chuireann TFInna nó AMISOM i mbaol le fórsa.’ Chuidigh Maalim Ayman le hullmhúcháin don ionsaí an 5 Eanáir 2020 ar Champa Simba in Lamu County, an Chéinia. |
|
20. |
Mahad Karate (ailias: a) Mahad Mohamed Ali Karate; b) Mahad Warsame Qalley Karate; c) Abdirahim Mohamed Warsame)
Dáta breithe: Idir 1957 agus 1962 Áit bhreithe: Xararadheere, an tSomáil Seoladh: An tSomáil Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: an 26 Feabhra 2021 Faisnéis eile: Liostaithe de bhun mhír 8(a) de rún 1844 (2008) mar ‘Bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht na Somáile i mbaol, nó ag tacú leis na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a chuireann Comhaontú Djibouti an 18 Lúnasa 2008 nó an próiseas polaitiúil i mbaol, nó a chuireann TFInna nó AMISOM i mbaol le fórsa.’ Bhí ról lárnach ag Mahad Karate san Amniyat, sciathán al-Shabaab a bhí freagrach as an ionsaí a rinneadh le déanaí ar Choláiste Ollscoile Garissa sa Chéinia, a d'fhág go bhfuair beagnach 150 duine bás. Is é Amniyat sciathán faisnéise al-Shabaab, a bhfuil ról lárnach aige in ionsaithe féinmharaithe agus feallmharuithe sa tSomáil, sa Chéinia, agus i dtíortha eile sa réigiún, agus a sholáthraíonn lóistíocht agus tacaíocht do ghníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta al-Shabaab.” |