6.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 116/25


RIALACHÁN (AE) 2021/558 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 31 Márta 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le coigeartuithe ar an gcreat urrúsaithe chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá géarchéim COVID-19 ag déanamh difear ollmhór do dhaoine, do chuideachtaí, do chórais sláinte agus do gheilleagair na mBallstát. Ina theachtaireacht an 27 Bealtaine 2020 dar teideal “Deis na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don chéad ghlúin eile”, chuir an Coimisiún i bhfáth gur dúshlán leanúnach a bheadh sa leachtacht agus sa rochtain ar mhaoiniú sna míonna amach romhainn. Dá bhrí sin, tá sé thar a bheith tábhachtach tacaíocht a thabhairt don téarnamh ón suaitheadh tromchúiseach eacnamaíoch arbh í paindéim COVID-19 ba chúis léi trí leasuithe spriocdhírithe a thabhairt isteach ar an reachtaíocht airgeadais atá ann cheana.

(2)

Beidh ról lárnach ag institiúidí creidmheasa agus ag gnólachtaí infheistíochta (institiúidí) ó thaobh cur leis an téarnamh de. Ag an am céanna, is dócha go ndéanfaidh an staid eacnamaíoch a bheith ag dul in olcas difear dóibh. Tá tacaíocht shealadach, i bhfoirm caipitil, leachtachta agus faoiseamh oibríochtúil, curtha ar fáil ag údaráis inniúla chun a áirithiú gur féidir leo leanúint dá ról a chomhlíonadh i dtaca leis an bhfíorgheilleagar a chistiú i dtimpeallacht atá níos dúshlánaí. Chun na críche céanna, tá glactha cheana ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle coigeartuithe spriocdhírithe áirithe ar Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013 (4) agus (AE) 2019/876 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19.

(3)

Is gné thábhachtach de mhargaí airgeadais dea-fheidhmiúla é urrúsú sa mhéid go gcuireann sé le héagsúlú na bhfoinsí cistiúcháin a bhíonn ag institiúidí agus go gcuireann sé le scaoileadh caipitil rialála ar féidir é a ath-leithdháileadh ina dhiaidh sin chun tacú le tuilleadh iasachtaithe. Lena chois sin, le hurrúsú, cuirtear tuilleadh deiseanna infheistíochta ar fáil d’institiúidí agus do rannpháirtithe margaidh eile, ionas gur féidir na punanna a éagsúlú agus ionas go n-éascaítear sreabhadh cistithe chuig gnólachtaí agus chuig daoine aonair laistigh de na Ballstáit agus ar bhonn trasteorann ar fud an Aontais araon.

(4)

Maidir le hacmhainneacht institiúidí sreabhadh an chistithe is gá a sholáthar don fhíorgheilleagar i ndiaidh phaindéim COVID-19, tá sé tábhachtach an acmhainneacht sin a athneartú agus a áirithiú ag an am céanna go bhfuil coimircí leordhóthanacha stuamachta i bhfeidhm chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú. Leis na hathruithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcreat urrúsaithe, rannchuideofaí leis na cuspóirí sin a ghnóthú agus chuirfí feabhas ar chomhleanúnachas agus ar chomhlántacht an chreata sin leis na bearta éagsúla a rinneadh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim COVID-19.

(5)

Leis na heilimintí críochnaitheacha de chuid chreat Basel III a foilsíodh an 7 Nollaig 2017, ní chuirtear, i gcás risíochtaí urrúsuithe, ceanglas íosrátála creidmheasa ach amháin ar thacar teoranta soláthraithe cosanta, eadhon ar eintitis nach eintitis cheannasacha, eintitis earnála poiblí, institiúidí ná institiúidí airgeadais eile atá rialáilte ar bhonn stuamachta iad. Dá bhrí sin, is gá Airteagal 249(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú chun é a ailíniú le creat Basel III chun feabhas a chur ar éifeachtacht scéimeanna náisiúnta ráthaíochta poiblí lena dtugtar tacaíocht do straitéisí institiúidí chun risíochtaí neamhthuillmheacha (NPEnna) a urrúsú i ndiaidh phaindéim COVID-19.

(6)

Tá creat stuamachta reatha an Aontais um urrúsú ceaptha ar bhonn na ngnéithe is comónta de ghnáth-idirbhearta urrúsaithe eadhon iasachtaí tuillmheacha. In “Tuairim ar Láimhseáil Rialála Urrúsuithe Risíochtaí Neamhthuillmheacha” (6) uaidh (“Tuairim ó ÚBE”), chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) in iúl go mbíonn ceanglais chaipitil dhíréireacha mar thoradh ar an gcreat stuamachta reatha um urrúsú, mar a leagadh amach é i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nuair a chuirtear i bhfeidhm é i leith urrúsuithe NPEnna, toisc nach bhfuil Cur Chuige na Rátálacha Inmheánacha i leith an Urrsúsaithe (SEC-IRBA) agus an Cur Chuige Caighdeánaithe Urrúsaithe (SEC-SA) comhsheasmhach le spreagaithe priacal sonracha NPEnna. Dá bhrí sin, ba cheart láimhseáil shonrach a thabhairt isteach i dtaca le hurrúsú NPEnna, lena bhforbrófaí an Tuairim ó ÚBE agus freisin na caighdeáin arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta.

(7)

Ós rud é gur dócha go dtiocfaidh fás ar an margadh le haghaidh NPEnna agus go n-athróidh sé go mór mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19, ba cheart dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar mhargadh urrúsaithe NPE agus an creat stuamachta le haghaidh urrúsú NPE a athmheasúnú amach anseo i bhfianaise comhthiomsú sonraí níos mó a d’fhéadfadh a bheith ann.

(8)

In “Tuarascáil maidir le creat STS um urrúsú sintéiseach” uaidh an 6 Bealtaine 2020, mhol ÚBE creat sonrach um urrúsuithe simplí trédhearcacha caighdeánaithe (STS) laistigh den chlár comhardaithe a thabhairt isteach. I bhfianaise an phriacail níos ísle gníomhaireachta agus an phriacail samhaltaithe a bhaineann le hurrúsú STS laistigh den chlár comhardaithe i gcomparáid le hurrúsú sintéiseach neamh-STS laistigh den chlár comhardaithe, ba cheart, agus aird á tabhairt ar an láimhseáil rialála fhabhrach a dhéantar faoi láthair ar thráinsí sinsearacha de phunanna FBManna, calabrú iomchuí maidir le ceanglais chistí dílse atá íogair ó thaobh priacal de a thabhairt isteach le haghaidh urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe, mar a mheastar sa tuarascáil sin. Ba cheart sainordú a thabhairt do ÚBE chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú mhargadh urrúsúcháin STS laistigh den chlár comhardaithe. Trí níos mó úsáide a bhaint as urrúsú STS laistigh den chlár comhardaithe, arna chur chun cinn ag láimhseáil níos priacal-íogaire an tráinse is sinsearaí d’urrúsuithe den chineál sin, saorfar caipiteal rialála agus, ar deireadh, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí an acmhainneacht iasachtaithe atá ag institiúidí a mhéadú a thuilleadh ar bhealach a bheidh fónta ó thaobh na stuamachta de.

(9)

Ba cheart marthanú a thabhairt isteach i gcás suíomhanna sinsearacha gan íoc in urrúsuithe sintéiseacha a chomhlíon na coinníollacha don láimhseáil fhabhrach stuamachta a raibh feidhm aici roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo.

(10)

I gcomhthéacs an téarnaimh eacnamaíoch ó ghéarchéim COVID-19, is den ríthábhacht é go bhféadfaidh na húsáideoirí deiridh a gcuid priacal a fhálú go héifeachtach chun stóinseacht a gcuid clár comhardaithe a chosaint. Tugadh ar aird i dtuarascáil deiridh an Fhóraim Ardleibhéil um Aontas na Margaí Caipitil go bhféadfadh sé go mbeadh drochthionchar ag Cur Chuige Caighdeánaithe róchoimeádach le haghaidh Priacal Creidmheasa Contrapháirtí (SA-CCR) ar a infhaighte agus a chostasaí atá fáluithe airgeadais d’úsáideoirí deiridh. Ba cheart don Choimisiún, maidir leis an méid sin, athbhreithniú a dhéanamh ón 30 Meitheamh 2021, ar chalabrú SA-CCR faoin 30 Meitheamh 2021 agus aird chuí á tabhairt ar shainiúlachtaí earnáil bhaincéireachta na hEorpa agus gheilleagar na hEorpa, ar chothrom na Féinne idirnáisiúnta agus ar aon fhorbairtí ar chaighdeáin agus fóraim idirnáisiúnta.

(11)

Is é atá i raon difríochta sintéiseach (SES) sásra a úsáidtear go coitianta in urrúsú aicmí áirithe sócmhainní do thionscnóirí agus d’infheisteoirí chun laghdú a dhéanamh ar chostas na cosanta agus na risíochta atá i bpriacal, faoi seach. Ba cheart láimhseáil thiomnaithe ar SES a leagan amach chun cosc a chur ar úsáid a bheith á baint as SES chun críoch arbatráiste rialála. Sa chomhthéacs sin, tarlaíonn arbatráiste rialála nuair a sholáthraíonn an institiúid tionscnóra feabhsú creidmheasa do na suíomhanna urrúsúcháin atá ina seilbh ag na soláthraithe cosanta trí mhéideanna áirithe a ainmniú go conarthach chun caillteanais na risíochtaí urrúsaithe a chumhdach i rith shaolré an idirbhirt, agus nuair nach n-ualaítear na méideanna sin ó thaobh priacal de, ar méideanna iad lena gcuirtear eire ar ráiteas ioncaim na hinstitiúide tionscnóra ar bhealach atá comhchosúil le ráthaíocht neamhchistithe.

(12)

Ba cheart sainordú a thabhairt do ÚBE chun dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun a áirithiú go gcinnfear luach risíochta SES ar bhealach comhchuibhithe. Ba cheart na caighdeáin theicniúla rialála sin a bheith i bhfeidhm sula mbeidh feidhm ag an láimhseáil stuamachta nua. Chun suaití ar mhargadh na n-urrúsuithe sintéiseacha a sheachaint, ba cheart a ndóthain ama a thabhairt d’institiúidí láimhseáil stuamachta nua SES a chur i bhfeidhm.

(13)

Mar chuid dá thuarascáil ar fheidhmiú an chreata stuamachta um urrúsú ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh freisin ar láimhseáil stuamachta nua SES i bhfianaise forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta.

(14)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon acmhainneacht institiúidí a uasmhéadú maidir le hiasachtaí a thabhairt agus caillteanais a bhaineann le géarchéim COVID-19 a ionsú, agus athléimneacht leanúnach na n-institiúidí sin á háirithiú san am céanna a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir sin.

(16)

I bhfianaise an ghá atá le bearta spriocdhírithe a thabhairt isteach chun tacú le téarnamh eacnamaíoch ó ghéarchéim COVID-19 a luaithe is féidir, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 242, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(20)

ciallaíonn ‘barrachas raoin difríochta shintéisigh’ barrachas raoin difríochta shintéisigh mar a shainmhínítear i bpointe (29) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402.”;

(2)

leasaítear Airteagal 248 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(e)

áireofar an méid seo a leanas, de réir mar is infheidhme, sa luach risíochta ar bharrachas raoin difríochta shintéisigh:

(i)

aon ioncam ó na risíochtaí urrúsaithe a d’aithin an institiúid tionscnóra cheana ina ráiteas ar ioncam faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme, ar ioncam é a rinne an institiúid tionscnóra a ainmniú go conarthach i leith an idirbhirt mar bharrachas raoin difríochta shintéisigh agus atá fós ar fáil chun caillteanais a ionsú;

(ii)

aon bharrachas raoin difríochta shintéisigh arna ainmniú go conarthach ag an institiúid tionscnóra in aon tréimhsí san am atá thart agus atá fós ar fáil chun caillteanais a ionsú;

(iii)

aon bharrachas raoin difríochta shintéisigh arna ainmniú go conarthach ag an institiúid tionscnóra don tréimhse reatha agus atá fós ar fáil chun caillteanais a ionsú;

(iv)

aon bharrachas raoin difríochta shintéisigh arna ainmniú go conarthach ag an institiúid tionscnóra do thréimhsí a bheidh ann amach anseo.

Chun críocha an phointe seo, ní áireofar sa luach risíochta aon mhéid a sholáthraítear mar fheabhsú comhthaobhachta nó creidmheasa maidir leis an urrúsú sintéiseach agus atá faoi réir ceanglas cistí dílse cheana i gcomhréir leis an gCaibidil seo.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú a dhéanamh ar an gcaoi a gcinnfidh na hinstitiúidí tionscnóra an luach risíochta dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, agus aird á tabhairt ar na caillteanais ábhartha a bhfuiltear ag súil leis go gcumhdófar le barrachas an raoin difríochta shintéisigh iad.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Deireadh Fómhair 2021.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.”;

(3)

in Airteagal 249(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, beidh measúnú creidmheasa sannta ag institiúid sheachtrach um measúnú creidmheasa (IMCS) aitheanta do sholáthraithe incháilithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa a liostaítear i bpointe (g) d’Airteagal 201(1), arbh é a bhí ann céim cháilíochta 2 nó os a cionn tráth a aithníodh an chosaint chreidmheasa den chéad uair agus arb é atá ann faoi láthair céim cháilíochta 3 nó os a cionn.”;

(4)

In Airteagal 256, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“6.   Chun pointí astaithe (A) agus pointí dí-astaithe (D) urrúsaithe shintéisigh a ríomh, déanfaidh institiúid tionscnóra an urrúsaithe luach risíochta an tseasaimh urrúsaithe a chomhfhreagraíonn don bharrachas raoin difríochta shintéisigh dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 248(1) a láimhseáil mar thráinse, agus déanfaidh sí pointí astaithe (A) agus pointí dí-astaithe (D) na dtráinsí eile arna gcoinneáil aici a choigeartú tríd an luach risíochta sin a chur le suim gan íoc chomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha san urrúsú. Ní dhéanfaidh institiúidí nach iad an institiúid tionscnóra iad an coigeartú sin.”;

(5)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 269a

Láimhseáil urrúsuithe risíochtaí neamhthuillmheacha (NPE)

1.   Chun críocha an Airteagail seo:

(a)

ciallaíonn ‘urrúsú NPE’ urrúsú risíochta neamhthuillmhí (NPE) mar a shainmhínítear é i bpointe (25) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/2402;

(b)

ciallaíonn ‘urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE’ urrúsú traidisiúnta NPE i gcás inarb ionann an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha agus 50 % ar a laghad de mhéid gan íoc na risíochtaí foluiteacha tráth a aistríodh iad chuig SSPE.

2.   Déanfar an t-ualach priacail maidir le suíomh in urrúsú NPE a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 254 nó 267. Beidh an t-ualach priacail faoi réir íosteorainn 100 %, seachas nuair a chuirtear Airteagal 263 i bhfeidhm.

3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, sannfaidh institiúidí ualach priacail 100 % don suíomh urrúsúcháin sinsearach in urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE, seachas nuair a chuirtear Airteagal 263 i bhfeidhm.

4.   Institiúidí a chuireann Cur Chuige IRB i bhfeidhm maidir le haon risíochtaí i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le Caibidil 3 agus nach gceadaítear dóibh a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid le haghaidh na risíochtaí sin, ní dhéanfaidh siad SEC-IRBA a úsáid chun méideanna risíochta a ualaítear ó thaobh priacal de a ríomh le haghaidh suíomh in urrúsú NPE agus ní chuirfidh siad mír 5 ná mír 6 i bhfeidhm.

5.   Chun críocha Airteagal 268(1), cuirfear caillteanais ionchasacha a bhaineann le risíochtaí a fholuíonn urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE san áireamh i ndiaidh an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a asbhaint agus, i gcás inarb infheidhme, aon choigeartú sonrach breise i leith priacal creidmheasa a asbhaint.

Déanfaidh institiúidí an ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

Image 1

i gcás:

CRmax

=

an ceanglas caipitil uasta i gcás urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE;

RWEAIRB

=

suim na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB;

ELIRB

=

suim mhéideanna an chaillteanais ionchasaigh de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB;

NRPPD

=

an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha;

EVIRB

=

suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB;

EVPool

=

suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha uile sa chomhthiomsú;

SCRAIRB

=

i gcás institiúidí tionscnóra, na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa arna ndéanamh ag an institiúid i ndáil leis na risíochtaí foluiteacha sin atá faoi réir Chur Chuige IRB ach amháin má sháraíonn na coigeartuithe sin NRPPD agus a mhéid a sháraíonn siad é sa chás sin; i gcás institiúidí infheisteora, is é nialas an méid;

RWEASA

=

suim na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir an Chur Chuige Chaighdeánaithe.

6.   De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil an meánualú priacail a ualaítear ó thaobh risíochta de arna ríomh i gcomhréir le cur chuige na trédhearcachta a leagtar amach in Airteagal 267 níos ísle ná 100 %, féadfaidh institiúidí an t-ualach priacail níos ísle a chur i bhfeidhm, faoi réir íosteorainn ualaigh priacail 50 %.

Chun críocha na chéad fhomhíre, institiúidí tionscnóra a chuireann SEC-IRBA i bhfeidhm maidir le suíomh agus a gceadaítear dóibh a meastacháin féin ar LGDanna agus fachtóirí coinbhéartachta a úsáid le haghaidh na risíochtaí foluiteacha ar fad atá faoi réir Chur Chuige IRB i gcomhréir le Caibidil 3, déanfaidh siad an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha agus, i gcás inarb infheidhme, aon choigeartú sonrach breise i leith priacal creidmheasa a bhaint as na caillteanais ionchasacha agus luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha a bhaineann le suíomh sinsearach in urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE de réir na foirmle seo a leanas:

Image 2

i gcás:

RWmax

=

an t-ualach priacail, sula gcuirfear an íosteorainn i bhfeidhm, is infheidhme maidir le suíomh sinsearach in urrúsú traidisiúnta cáilitheach NPE nuair a úsáidtear cur chuige na trédhearcachta;

RWEAIRB

=

suim na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB;

RWEASA

=

suim na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir an Chur Chuige Chaighdeánaithe;

ELIRB

=

suim mhéideanna an chaillteanais ionchasaigh de na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB;

NRPPD

=

an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha;

EVIRB

=

suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB;

EVpool

=

suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha uile sa chomhthiomsú;

EVSA

=

suim luachanna risíochta na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir an Chur Chuige Chaighdeánaithe;

SCRAIRB

=

na coigeartuithe sonracha i leith priacal creidmheasa arna ndéanamh ag an institiúid tionscnóra i ndáil leis na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir Chur Chuige IRB ach amháin má sháraíonn na coigeartuithe sin NRPPD agus a mhéid a sháraíonn siad é sa chás sin

7.   Chun críocha an Airteagail seo, déanfar an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a ríomh tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (b) a bhaint ón méid dá dtagraítear i bpointe (a):

(a)

an méid gan íoc de risíochtaí foluiteacha maidir le hurrúsú NPE ag an uair a aistríodh na risíochtaí sin chuig an eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin (SSPE);

(b)

suim na nithe seo a leanas:

(i)

praghas díola tosaigh na dtráinsí nó, i gcás inarb infheidhme, codanna de thráinsí maidir le hurrúsú NPE a dhíoltar le hinfheisteoirí tríú páirtí; agus

(ii)

méid gan íoc na dtráinsí, ag an uair a aistríodh na risíochtaí foluiteacha chuig SSPE, nó, i gcás inarb infheidhme, méid gan íoc codanna de thráinsí an urrúsaithe sin atá ina sheilbh ag an tionscnóir.

Chun críocha mhíreanna 5 agus 6, i rith shaolré an idirbhirt, déanfar ríomh na lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a choigeartú anuas, agus na caillteanais réadaithe á gcur san áireamh. Déanfaidh aon laghdú ar mhéid gan íoc na risíochtaí foluiteacha a thagann as caillteanais réadaithe an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a laghdú, faoi réir íosteorainn nialais.

I gcás ina ndéanfar lascaine a struchtúrú sa chaoi gur féidir í a aisíoc go hiomlán nó go páirteach leis an tionscnóir, ní áireofar an lascaine sin mar lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha chun críocha an Airteagail seo.”

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 270:

“Airteagal 270

Suíomhanna sinsearacha in urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe

1.   Na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de shuíomh urrúsúcháin in urrúsú STS laistigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Airteagal 26a(1) de Rialachán (AE) 2017/2402, féadfaidh institiúid tionscnóra na méideanna sin a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 260, 262 nó 264 den Rialachán seo, de réir mar is infheidhme, i gcás ina gcomhlíonann an suíomh sin an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

go gcomhlíontar leis an urrúsú na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 243(2);

(b)

go gcáilíonn an suíomh mar an suíomh urrúsúcháin sinsearach.

2.   Déanfaidh ÚBE faireachán ar chur i bhfeidhm mhír 1, go háirithe i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

méid margaidh agus sciar margaidh urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe a gcuireann an institiúid tionscnóra mír 1 i bhfeidhm ina leith ar fud aicmí éagsúla sócmhainní;

(b)

leithdháileadh breathnaithe na gcaillteanas ar an tráinse sinsearach agus ar thráinsí eile d’urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe, i gcás ina gcuireann an institiúid tionscnóra mír 1 i bhfeidhm i leith an tsuímh shinsearaigh atá ann in urrúsuithe den sórt sin;

(c)

tionchar chur i bhfeidhm mhír 1 ar luamhánú na n-institiúidí;

(d)

tionchar na húsáide a bhaintear as urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe, ar urrúsuithe iad a gcuireann an institiúid tionscnóra mír 1 i bhfeidhm ina leith maidir le hionstraimí caipitil a bheith á n-eisiúint ag na hinstitiúidí tionscnóra faoi seach.

3.   Cuirfidh ÚBE tuarascáil ar na torthaí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Aibreán 2023.

4.   Faoin 10 Deireadh Fómhair 2023, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 3, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo, ina dtabharfar aird ar leith ar an bpriacal luamhánaithe iomarcaigh a thagann as úsáid a bhaint as urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe atá incháilithe le haghaidh na láimhseála i gcomhréir le mír 1 agus ionstraimí caipitil a bheith á n-eisiúint ag na hinstitiúidí tionscnóra tríd an úsáid sin, agus ar an ionadú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an eisiúint sin. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.”;

(7)

in Airteagal 430, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Is amhlaidh, chun críocha phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, nuair a thuairiscíonn institiúidí ar cheanglais cistí dílse maidir le hurrúsuithe, go n-áireofar ar an bhfaisnéis a thuairiscíonn siad faisnéis faoi urrúsuithe NPE a thairbhíonn den láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 269a, faoi urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe a thionscnaíonn siad, agus faoi mhiondealú na sócmhainní a fholuíonn urrúsuithe STS sin laistigh den chlár comhardaithe de réir aicme sócmhainne.”;

(8)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 494c

Marthanacht na suíomhanna urrúsúcháin sinsearacha

De mhaolú ar Airteagal 270, féadfaidh institiúid tionscnóra na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de shuíomh urrúsúcháin sinsearach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 260, 262 nó 264 i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

eisíodh an t-urrúsú roimh an 9 Aibreán 2021;

(b)

an 8 Aibreán 2021, chomhlíon an t-urrúsú na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 270 de réir mar is infheidhme ar an dáta sin.”;

(9)

in Airteagal 501c, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“Déanfaidh ÚBE, i ndiaidh dó dul i gcomhairle le BERS, ar bhonn na sonraí atá ar fáil agus na dtorthaí ón nGrúpa Saineolaithe Ardleibhéil um Maoiniú Inbhuanaithe sa Choimisiún, measúnú ar cibé acu a bheadh nó nach mbeadh údar maith le láimhseáil tiomnaithe stuamachta risíochtaí a bhaineann le sócmhainní, lena n-áirítear urrúsuithe, nó gníomhaíochtaí a bhaineann go mór le cuspóirí comhshaoil agus/nó sóisialta. Go háirithe, déanfaidh ÚBE athbhreithniú ar an méid seo a leanas:”;

(10)

cuirtear nahairteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 506a

GCanna ag a bhfuil punann fholuiteach de bhannaí ceannasacha de chuid an limistéir euro

Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le BERS agus ÚBE, tuarascáil a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2021 ina ndéanfaidh sé measúnú ar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil gá le hathruithe ar an gcreat rialála chun an margadh le haghaidh risíochtaí i bhfoirm aonaid nó scaireanna i GCanna ag a bhfuil punann fholuiteach nach bhfuil inti ach bannaí ceannasacha de chuid Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu, a chur chun cinn mar aon le ceannach na risíochtaí sin ag bainc, i gcás ina bhfuil ualú coibhneasta bhannaí ceannasacha gach Ballstáit i bpunann iomlán an GC comhionann le hualú coibhneasta ranníocaíocht chaipitil gach Ballstáit le BCE.”;

“Airteagal 506b

Urrúsuithe NPE

1.   Déanfaidh ÚBE faireachán ar chur i bhfeidhm Airteagal 269a agus déanfaidh sé meastóireacht ar láimhseáil caipitil rialaithí maidir le hurrúsuithe NPE ag féachaint don staid i ndáil leis an margadh le haghaidh NPEnna i gcoitinne agus don staid i ndáil le margadh urrúsúcháin NPE go háirithe, agus cuirfidh sé tuarascáil ar a thorthaí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Deireadh Fómhair 2022.

2.   Faoin 10 Aibreán 2023, cuirfidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chur i bhfeidhm Airteagal 269a. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún, i gcás inarb iomchuí.”;

(11)

in Airteagal 519a, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(e)

an chaoi a bhféadfaí critéir maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil a chomhtháthú sa chreat urrrúsaithe, lena n-áirítear i gcás risíochtaí ar urrúsuithe NPE.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

De mhaolú ar an gcéad mhír den Airteagal seo, beidh feidhm ag pointí (2) agus (4) d’Airteagal 1 ón 10 Aibreán 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Márta 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.P. ZACARIAS


(1)  IO C 377, 9.11.2020, lch. 1.

(2)  IO C 10, 11.1.2021, lch. 30.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Márta 2021.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).

(6)  Tuairim an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh go dtí an Coimisiún Eorpach maidir le Láimhseáil Rialála na nUrrúsuithe Neamhchosaintí Neamhthuillmheacha, EBA-OP-2019-13, arna foilsiú an 23 Deireadh Fómhair 2019.