6.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 115/26


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/556 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Márta 2021

lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1529 agus (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha formheasa le haghaidh na substainte bunúsaí clóiríd sóidiam

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) i gcomhar le hAirteagal 23(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1529 ón gCoimisiún (2) formheasadh an tsubstaint ghníomhach clóiríd sóidiam mar shubstaint bhunúsach agus áiríodh í i gCuid C den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3). Bhunaigh an Coimisiún a chinneadh féin ar Thuarascáil Theicniúil a sholáthair an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) agus ar Thuarascáil Athbhreithnithe (4)ar chuir an Coimisiún ar bun.

(2)

Maidir le formheas na substainte bunúsaí clóiríd sóidiam, mar a leagtar amach i gCuid C den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, cuireadh srian leis ionas nárbh fhéidir í a úsáid ach mar fhungaicíd agus feithidicíd.

(3)

I mí na Samhna 2017, agus ina dhiaidh sin nuair a tugadh cothrom le dáta é i mí Lúnasa 2018 agus i mí Iúil 2020, chuir an eagraíocht Collectif Anti-baccharis iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 23(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 inar iarradh go ndéanfaí úsáid clóiríde sóidiam mar luibhicíd a leathnú.

(4)

D’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) cúnamh eolaíoch a chur ar fáil dó. Ba é toradh an chomhairliúcháin sin, i bhfianaise chineál na substainte agus mhéid na hiarrata, nár ghá don Údarás measúnú eolaíoch nua a dhéanamh. D’ullmhaigh an Coimisiún tuarascáil athbhreithnithe nuashonraithe, lenar cuireadh san áireamh an tuarascáil theicniúil ón Údarás a bhí ann roimhe sin (5) agus an fhaisnéis a chuir an t-iarratasóir ar fáil.

(5)

Chuir an Coimisiún an tuarascáil athbhreithnithe nuashonraithe agus an dréacht-Rialachán faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 25 Eanáir 2021.

(6)

Tugadh deis don iarratasóir barúlacha a chur isteach maidir leis an tuarascáil athbhreithnithe nuashonraithe.

(7)

Dealraíonn sé go bhféadfaí a bheith ag súil leis go gcomhlíonfaidh clóiríd sóidiam na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 maidir lena húsáid mar luibhicíd mar a shonraítear sa tuarascáil athbhreithnithe nuashonraithe. Dá bhrí sin, ba cheart úsáid clóiríde sóidiam mar luibhicíd a cheadú. Thairis sin, ós rud é go bhfuil úsáid nua de chlóiríd sóidiam á ceadú, agus go bhfuil sé inghlactha leanúint de chead a thabhairt d'úsáidí a d’fhéadfaí a bhaint as clóiríd sóidiam dá dtagraítear sa tuarascáil athbhreithnithe nuashonraithe maidir le clóiríd sóidiam, is iomchuí an srian atá ann faoi láthair gan an tsubstaint a úsáid ach mar fhuingicíd agus feithidicíd a tharraingt siar.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha, is gá, mar sin féin, coinníollacha áirithe maidir le húsáid na substainte gníomhaí a choinneáil ar bun.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1529 agus (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1529

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1529 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1529 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2017 lena bhformheastar an tsubstaint bhunúsach clóiríd sóidiam i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 232, 8.9.2017, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(4)  Tuarascáil Athbhreithnithe chríochnaitheach maidir leis an tsubstaint bhunúsach clóiríd sóidiam arna tabhairt chun críche ag an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha ag an gcruinniú a bhí aige an 20 Iúil 2017 agus arna leasú an 25 Eanáir 2021 i bhfianaise clóiríd sóidiam a fhormheas mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009; SANTE/10383/2017– rev.2.

(5)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2017. Tuarascáil theicniúil maidir le toradh an chomhairliúcháin leis na Ballstáit agus le EFSA i ndáil leis an iarratas substainte bunúsaí le haghaidh salann (muir) (clóiríd sóidiam) a bhfuiltear lena úsáid mar fhuingicíd agus feithidicíd i gcosaint plandaí. Foilseachán tacaíochta EFSA 2017:EN-1172. 56pp.doi:10.2903/sp.efsa.2017.EN-1172.


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1529, in ionad na hiontrála sa chúigiú colún “Forálacha sonracha” cuirtear an méid seo a leanas:

“Úsáidfear clóiríd sóidiam i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a áirítear i gconclúidí na tuarascála athbhreithnithe maidir le clóiríd sóidiam (SANTE/10383/2017) agus go háirithe Foscríbhinní I agus II di.”


IARSCRÍBHINN II

I gCuid C den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, in ionad na hiontrála sa séú colún “Forálacha sonracha” de shraith uimhir 16, clóiríd sóidiam, cuirtear an méid seo a leanas:

“Úsáidfear clóiríd sóidiam i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a áirítear i gconclúidí na tuarascála athbhreithnithe maidir le clóiríd sóidiam (SANTE/10383/2017) agus go háirithe Foscríbhinní I agus II di.”