31.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 111/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/550 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Márta 2021

lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Radicchio Rosso di Treviso” (TGFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe mír 2 d’Airteagal 52 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun na chéad fhomhíre de mhír 1 d’Airteagal 53 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na hIodáile maidir le formheas ar leasú ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint “Radicchio Rosso di Treviso” atá cláraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1263/96 ón gCoimisiún (2), faoi mar a leasaíodh é le Rialachán (AE) Uimh 784/2008 ón gCoimisiún (3).

(2)

Ós rud é nach mionleasú atá i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin (4).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ós amhlaidh nár tugadh aon fhógra faoi ráiteas agóide don Choimisiún, is é is iomchuí formheas a dhéanamh ar an leasú ar an tsonraíocht,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Radicchio Rosso di Treviso” (TGFC), is leasú é atá formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1263/96 ón gCoimisiún an 1 Iúil 1996, lena bhforlíontar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh a chlárú faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle (IO L 163, 2.7.1996, lch. 19).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 784/2008 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2008 lena bhformheastar leasuithe nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Radicchio Rosso di Treviso (TGFC)] (IO L 209, 6.8.2008, lch. 7).

(4)  IO C 418, 3.12.2020, lch. 9.