26.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/49


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/530 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Márta 2021

maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(2)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

(3)

De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

(4)

Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir, ar feadh tréimhse áirithe, leanúint air ag agairt na faisnéise sin i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

(5)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Choiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad a aicmeofar faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

Airteagal 2

Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is faisnéis í is féidir a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Gerassimos THOMAS

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim


(1)  IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Tuairisc ar na hearraí

Aicmiú

(Cód AC)

Cúiseanna

(1)

(2)

(3)

Fearas láimhe leictrimeicniúil iniompartha le haghaidh cúram cnis pearsanta. Déanamh ubhchruthach atá ar an bhfearas agus tá sé faoi thuairim 75 × 80 × 30 mm ar a thoisí. Tá sé faoi fheireadh uiscedhíonach agus tá mótar ionsuite ann a ghineann tonnchreathanna (dá ngairtear bíoga sonacha).

As sileacan atá dromchla amuigh an fhearais déanta, agus scuaba sileacain hiopailléirginigh ar a dhá thaobh. Tá dromchla an fhearais ina thrí roinn, agus gach roinn acu faoi scuaba nach ionann tiús dóibh. Ar thosach an fhearais, tá cnaipe ann-as agus cnaipe lena méadaítear nó lena laghdaítear déine an bhíogtha.

Dearadh an fearas lena úsáid chun craiceann an éadain a ghlanadh le glantóir agus scuaba creathacha. Agus an craiceann á ghlanadh leis an bhfearas, déanann sé suathaireacht ar an éadan, suathaireacht arb é atá inti éifeacht bhreise a imríonn bíogadh an fhearais.

Is fearas é de chineál a úsáideann daoine go coitianta ina n-áitreabh féin, a bhíonn le daoine agus iad ag taisteal etc.

8509 80 00

Déantar an t-aicmiú a chinneadh de réir rialacha 1 agus 6 le haghaidh léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, de réir Nóta 3 a ghabhann le Roinn XVI i dteannta Nóta 3 a ghabhann le Caibidil 90, de réir Nóta 4 (b) a ghabhann le Caibidil 85 agus de réir fhoclaíocht chóid AC 8509 agus 8509 80 00 .

Is ionann feidhm don fhearas agus do ghlantóirí éadain den chineál a úsáidtear san áitreabh baile (féach freisin Nóta Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe (NMCC) a ghabhann le ceannteideal 8509 , an chéad mhír) chomh maith le feidhm suathaireachta, ach níl sa dara feidhm acu sin ach feidhm choimhdeach. De bhua Nóta 3 a ghabhann le Roinn XVI, is ar bhonn a bpríomhfheidhme a aicmítear meaisíní a dearadh chun dhá fheidhm chomhlántacha, nó breis agus dhá fheidhm chomhlántacha, a oibriú. Dá bhrí sin, eisiatar an fearas óna aicmiú mar ghaireas suathaireachta faoi cheannteideal 9019 .

Dá thoradh sin, is faoi chód AC 8509 80 00 mar fhearas tís leictrimeicniúil, ina bhfuil mótar leictreach ionsuite, atá an fearas le haicmiú.