25.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 104/39


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/520 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Márta 2021

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe ar coimeád

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 120(1) agus Airteagal 120(2)(c), (d) agus (f) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos ceanglais inrianaitheachta maidir le hainmhithe talún ar coimeád agus maidir le táirgí geirmeacha agus tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leith sin.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 trí rialacha mionsonraithe a chur ar fáil maidir le hinrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád agus uibheacha goir.

(3)

Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha inrianaitheachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a áirithiú san Aontas, ba cheart rialacha áirithe a ghlacadh trí bhíthin an Rialacháin seo.

(4)

Le hAirteagail 112, 113 agus 115 de Rialachán (AE) 2016/429, leagtar síos oibleagáidí ar oibreoirí a choimeádann ainmhithe den speiceas buaibheach, caorach, gabhair agus mucach faisnéis a bhaineann lena n-ainmhithe a tharchur chuig na bunachair sonraí ríomhaireachta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 109(1) den Rialachán sin. Chun a áirithiú go dtarchuirfear gach nuashonrú chuig na bunachair sonraí sin go rialta, is gá na spriocdhátaí chun an fhaisnéis sin a tharchur a shonrú sa Rialachán seo.

(5)

Thairis sin, an fhaisnéis a tharchuir oibreoirí bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád, ba cheart rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis sin i leith a n-ainmhithe agus a mbunaíochtaí tar éis an tarchurtha. Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha maidir le rochtain aonfhoirmeach ar shonraí sna bunachair sonraí ríomhaireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 109(1) de Rialachán (AE) 2016/429 a leagan síos sa Rialachán seo.

(6)

Chomh maith leis sin, ba cheart sonraí agus formáidí teicniúla agus oibríochtúla áirithe eile de bhunachair sonraí ríomhaireachta le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád a leagan síos sa Rialachán seo chun cáilíocht inchomparáide bunachar sonraí ar fud an Aontais a áirithiú.

(7)

Faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 110(1)(b) agus i bpointe (b) d’Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2016/429, féadfar an malartú sonraí leictreonacha idir na Ballstáit a chur in ionad eisiúint na ndoiciméad sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe nuair a aistrítear na hainmhithe sin idir na Ballstáit. Ceapadh an prótacal BOVEX, arna bhunú ag an gCoimisiún, chun sonraí leictreonacha a mhalartú idir bunachair sonraí ríomhaireachta na mBallstát maidir le bó-ainmhithe. Ba cheart don Choimisiún a aithint go bhfuil na malartuithe sonraí leictreonacha sin idir bunachair sonraí ríomhaireachta na mBallstát ag feidhmiú go hiomlán de réir an phrótacail seo.

(8)

Cé go gcinntear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 na modhanna sainaitheantais atá le húsáid le haghaidh speicis éagsúla ainmhithe talún, go háirithe bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia agus pearóidí ar coimeád, ba cheart na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh na modhanna sainaitheantais sin a leagan amach sa Rialachán seo.

(9)

I Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 leagtar amach ceanglais maidir le sainaithint leictreonach bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia agus pearóidí ar coimeád. Ba cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit ina gcoimeádtar na hainmhithe na haitheantóirí leictreonacha sin a fhormheas. Chun inléiteacht na n-aitheantóirí leictreonacha sin a áirithiú nuair a aistrítear ainmhithe idir na Ballstáit, ba cheart na rialacha agus na coinníollacha faoinar féidir leis an údarás inniúil na haitheantóirí leictreonacha sin a fhormheas a leagan síos sa Rialachán seo. Ba cheart caighdeáin ábhartha ISO/IEC a chur san áireamh sna ceaduithe sin freisin.

(10)

Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an tsainaitheantais agus na hinrianaitheachta a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart na tréimhsí ina gcuirtear na modhanna sainaitheantais i bhfeidhm maidir le bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia agus pearóidí ar coimeád a leagan amach sa Rialachán seo.

(11)

Go dtí dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429, áirítear i rialacha an Aontais maidir leis an inrianaitheacht díolúintí éagsúla ón gcóras sainaitheantais agus clárúcháin i ndáil le roinnt catagóirí ainmhithe, ainmhithe a choimeádtar faoi dhálaí fairsinge, cuir i gcás. Is iomchuí na rialacha sin a athbhreithniú agus cur chuige cothrom comhchuibhithe a chur i bhfeidhm maidir leis na díolúintí ón gcóras sainaitheanta agus clárúcháin, agus na rioscaí ábhartha ar thaobh amháin agus comhréireacht agus éifeachtúlacht na mbeart ar an taobh eile á gcur san áireamh. Ba cheart rialacha nua lena léirítear an cur chuige sin a leagan síos sa Rialachán seo.

(12)

Tá sé fíor-riachtanach inrianaitheacht iomlán bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia agus pearóidí ar coimeád a chaomhnú aon tráth agus aon oibríocht a d’fhéadfadh an inrianaitheacht sin a chur i mbaol a sheachaint. Is oibríochtaí a d’fhéadfadh an inrianaitheacht a chur i mbaol iad baint, modhnú agus athsholáthar na modhanna sainaitheantais. Dá bhrí sin, ní dhéanfar na hoibríochtaí sin go dtí go mbeidh cead tugtha ag an údarás inniúil d’oibreoirí é sin a dhéanamh. Leagtar síos rialacha áirithe maidir le haistrithe, modhnuithe agus athsholáthar i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035. Tá gá le forálacha breise le haghaidh na n-oibríochtaí sin chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sonracha, lena n-áirítear spriocdhátaí na n-oibríochtaí sin, agus ba cheart iad a leagan síos sa Rialachán seo.

(13)

Chun aistriú rianúil chuig an gcreat dlíthiúil nua a áirithiú, ba cheart oibreoirí sna Ballstáit a bheith in ann leanúint de na modhanna sainaitheantais a fhormheastar roimh an 21 Aibreán 2021 a úsáid i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle (4) agus Treoir 2008/71/CE ón gComhairle (5), chomh maith leis na gníomhartha a ghlactar ar bhonn na Rialachán agus na Treorach sin ar feadh idirthréimhse nach faide ná 2 bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(14)

Ós rud é go mbeidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/429 ón 21 Aibreán 2021, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin ón dáta sin.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(1)

na spriocdhátaí le haghaidh tarchur faisnéise ag oibreoirí chun bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád a chlárú i mbunachair sonraí ríomhaireachta;

(2)

rochtain aonfhoirmeach ar na sonraí atá i mbunachair sonraí ríomhaireachta de bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád agus sonraíochtaí teicniúla agus rialacha oibríochtúla na mbunachar sonraí sin;

(3)

na coinníollacha teicniúla agus na módúlachtaí maidir le sonraí leictreonacha a mhalartú i leith bó-ainmhithe ar coimeád idir bunachair sonraí ríomhaireachta na mBallstát agus inoibritheacht iomlán an chórais um malartú sonraí a aithint;

(4)

na sonraíochtaí teicniúla, formáidí agus dearadh modhanna chun bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád a shainaithint;

(5)

na ceanglais theicniúla maidir leis na modhanna chun pearóidí ar coimeád a shainaithint;

(6)

na tréimhsí ama maidir le cur i bhfeidhm modhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád a rugadh san Aontas nó tar éis do na hainmhithe sin teacht isteach san Aontas;

(7)

cumraíocht cóid sainaitheantais bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád;

(8)

baint, modhnú agus athsholáthar na modhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád agus na spriocdhátaí maidir leis na hoibríochtaí sin;

(9)

bearta idirthréimhseacha maidir le ceadú modhanna sainaitheantais.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035.

CAIBIDIL 2

BUNACHAIR SONRAÍ RÍOMHAIREACHTA

Airteagal 3

Spriocdhátaí agus nósanna imeachta le haghaidh tarchur faisnéise ag oibreoirí chun bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád a chlárú

1.   Oibreoirí a choimeádann bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe, tarchuirfidh siad an fhaisnéis maidir le gluaiseachtaí, breitheanna agus básanna dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2016/429 agus maidir le gluaiseachtaí dá dtagraítear in Airteagal 113(1)(c) den Rialachán sin agus i bpointe (b) d’Airteagal 56 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 atá le clárú sna bunachair sonraí ríomhaireachta arna mbunú le haghaidh na speiceas sin laistigh de thréimhse ama chun an fhaisnéis a tharchur atá le cinneadh ag na Ballstáit. Ní bheidh an uastréimhse ama chun an fhaisnéis a tharchur níos faide ná 7 lá tar éis ghluaiseacht, bhreith nó bhás na n-ainmhithe, de réir mar is infheidhme.

2.   I gcás breitheanna, agus an uastréimhse ama chun an fhaisnéis a tharchur á cinneadh, féadfaidh na Ballstáit an dáta ar a gcuirfear na modhanna sainaitheantais i bhfeidhm maidir leis an ainmhí a úsáid mar thúsphointe na tréimhse ama lena mbaineann, ar choinníoll nach mbeidh aon bhaol mearbhaill ann idir an dáta sin agus dáta breithe an ainmhí.

3.   De mhaolú ar mhír 1, an uastréimhse ama chun an fhaisnéis maidir leis na gluaiseachtaí dá dtagraítear i mír 1 a tharchur, féadfaidh an t-údarás inniúil í a shíneadh suas le 14 lá tar éis gluaiseachtaí bó-ainmhithe laistigh den Bhallstát céanna ó na bunaíochtaí tionscnaimh go dtí bunaíochtaí féaraigh cláraithe atá suite i limistéir sléibhe chun innilt a dhéanamh. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh glacadh le liostaí de na bó-ainmhithe atá faoi réir gluaiseachtaí go dtí bunaíochtaí féaraigh cláraithe, liostaí a chuirfidh oibreoirí na mbunaíochtaí sin ar fáil. Beidh an méid seo a leanas san áireamh leis na liostaí sin:

(a)

cláruimhir uathúil na bunaíochta féaraigh cláraithe;

(b)

cód sainaitheantais na n-ainmhithe;

(c)

cláruimhir uathúil na bunaíochta tionscnaimh;

(d)

an dáta a thabharfar na hainmhithe go dtí an bhunaíocht féaraigh chláraithe;

(e)

an dáta a mheastar a imeoidh na hainmhithe ón mbunaíocht féaraigh chláraithe.

Airteagal 4

Rochtain aonfhoirmeach ar shonraí atá i mbunachair sonraí ríomhaireachta de bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag oibreoirí a choimeádann bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe, arna iarraidh sin dóibh agus saor in aisce, rochtain inléite ar a laghad ar fhaisnéis a bhaineann lena mbunaíochtaí atá sna bunachair sonraí ríomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 109(1)(a) go (c) de Rialachán (AE) 2016/429.

Airteagal 5

Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh bunachair sonraí ríomhaireachta de bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bunachair sonraí ríomhaireachta de bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád dá dtagraítear in Airteagal 109(1)(a) go (c) de Rialachán (AE) 2016/429 a chur ar bun ar bhealach gur féidir an fhaisnéis arna taifeadadh sna bunachair sonraí sin a mhalartú idir bunachair sonraí ríomhaireachta na mBallstát san fhormáid a leagtar amach sa tríú colún den tábla in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 6

Rialacha oibríochtúla na mbunachar sonraí ríomhaireachta de bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád

Cuirfidh na Ballstáit bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun feidhme chun a áirithiú go leanfaidh na bunachair sonraí ríomhaireachta de bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád dá dtagraítear in Airteagal 109(1)(a) go (c) de Rialachán (AE) 2016/429 de bheith ag feidhmiú d’ainneoin suaití a d’fhéadfadh a bheith ann. Ráthófar leis na bearta sin slándáil, sláine agus barántúlacht na faisnéise arna taifeadadh sna bunachair sonraí sin freisin.

Airteagal 7

Coinníollacha teicniúla agus módúlachtaí maidir le malartú leictreonach sonraí doiciméid sainaitheantais i leith bó-ainmhithe ar coimeád idir bunachair sonraí ríomhaireachta na mBallstát

1.   Nuair a dhéanann na Ballstáit sonraí i leith bó-ainmhithe ar coimeád dá dtagraítear i bpointí (a) go pointe (c) d’Airteagal 44 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a mhalartú go leictreonach le Ballstáit eile, déanfar na sonraí sin a mhalartú i bhformáid Sainiú ar Scéimre XML arna chur ar fáil ag an gCoimisiún don údarás inniúil.

2.   An t-údarás inniúil i mBallstát tionscnaimh na mbó-ainmhithe ar coimeád a bhfuil sé beartaithe iad a aistriú, áiritheoidh sé go dtarchuirfear sonraí an doiciméid sainaitheantais go leictreonach chuig an mBallstát cinn scríbe sula n-imeoidh na hainmhithe, agus áiritheoidh sé go soláthrófar stampa ama le gach tarchur.

Airteagal 8

Aitheantas a thabhairt d’inoibritheacht iomlán an chórais chun sonraí doiciméid sainaitheantais i leith bó-ainmhithe ar coimeád a mhalartú go leictreonach idir bunachair sonraí ríomhaireachta na mBallstát

1.   Na Ballstáit a bhfuil sonraí doiciméid sainaitheantais á malartú acu go leictreonach trí chóras arna bhunú ag an gCoimisiún agus arna cheapadh chun sonraí i leith bó-ainmhithe ar coimeád a mhalartú idir bunachair sonraí ríomhaireachta na mBallstát, aithneofar go bhfuil córas ag na Ballstáit sin a fheidhmíonn go hiomlán.

2.   Bunóidh an Coimisiún liosta na mBallstát a mhalartaíonn sonraí doiciméid sainaitheantais tríd an gcóras sin agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí é ar a shuíomh gréasáin.

CAIBIDIL 3

MODHANNA SAINAITHEANTAIS

Airteagal 9

Sonraíochtaí teicniúla, formáidí agus dearadh modhanna chun bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád a shainaithint

1.   Ní fhormheasfaidh an t-údarás inniúil úsáid gnáthchlibeanna cluaise nó gnáthbhandaí cinn crúibe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 mar mhodhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád ach amháin má chomhlíonann na modhanna sainaitheantais sin an tsonraíocht theicniúil a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Ní fhormheasfaidh an t-údarás inniúil úsáid tatúnna dá dtagraítear i bpointe (g) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 mar mhodhanna sainaitheantais le haghaidh ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád, mar a fhoráiltear in Airteagal 46(2) agus (3) agus in Airteagail 52(1)(b), 73(2)(c) agus 76(1)(c) den Rialachán Tarmligthe sin, ach amháin má áirithíonn na tatúnna sin marcáil dhoscriosta agus léamh ceart.

3.   Ní fhormheasfaidh an t-údarás inniúil úsáid aitheantóirí leictreonacha dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 mar mhodhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád, ach amháin má chomhlíonann na modhanna sainaitheantais sin na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Chomh maith leis sin, na haitheantóirí leictreonacha dá dtagraítear i bpointí (c) agus (f) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035, comhlíonfaidh siad an tsonraíocht theicniúil a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

4.   De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an t-údarás inniúil úsáid clibeanna cluaise leictreonacha a fhormheas mar mhodhanna sainaitheantais le haghaidh muc-ainmhithe ar coimeád, má chomhlíonann na modhanna sainaitheantais sin na sonraíochtaí teicniúla arna leagan síos ag an mBallstát ina gcoimeádtar na muc-ainmhithe, agus má thaispeánann siad go feiceálach, go soléite agus go doscriosta uimhir chlárúcháin uathúil na nithe seo a leanas:

(a)

an bhunaíocht inar rugadh na hainmhithe; nó

(b)

bunaíocht dheireanach an tslabhra soláthair dá dtagraítear in Airteagal 53 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035, nuair a aistrítear na hainmhithe sin go bunaíocht lasmuigh den slabhra soláthair sin.

Airteagal 10

Sonraíochtaí teicniúla, formáidí agus dearadh modhanna chun pearóidí ar coimeád a shainaithint

1.   Áiritheoidh oibreoirí a choimeádann pearóidí an méid seo a leanas:

(a)

go gcomhlíonfaidh an fáinne coise dá dtagraítear in Airteagal 76(1)(a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b)

go n-áirithítear leis an tatú dá dtagraítear in Airteagal 76(1)(c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 marcáil dhoscriosta agus an léamh ceart.

2.   Ní fhormheasfaidh an t-údarás inniúil úsáid trasfhreagróirí in-insteallta dá dtagraítear in Airteagal 76 (1)(b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 mar mhodhanna sainaitheantais le haghaidh pearóidí ar coimeád, ach amháin má chomhlíonann na modhanna sainaitheantais sin na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i bpointe 2 de Chuid 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 11

Rialacha oibríochtúla maidir le formheas aitheantóirí leictreonacha maidir le bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia agus pearóidí ar coimeád

1.   Agus formheas á thabhairt aige ar na haitheantóirí leictreonacha dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia agus pearóidí ar coimeád, áiritheoidh an t-údarás inniúil go mbeidh fianaise curtha ar fáil ag monaróirí na n-aitheantóirí leictreonacha go ndearnadh na tástálacha comhréireachta agus feidhmíochta dá dtagraítear i bpointe 4 de Chuid 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo i lárionaid tástála atá creidiúnaithe i gcomhréir le caighdeán ISO/IEC 17025 “Ceanglais ghinearálta maidir le hinniúlacht saotharlann tástála agus calabrúcháin”.

2.   Agus formheas á dhéanamh aige ar na haitheantóirí leictreonacha dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal go ndéanfaidh monaróirí na n-aitheantóirí leictreonacha tástálacha breise chun críocha stóinseachta agus buanseasmhachta chun a bhfeidhmiúlacht a áirithiú i ndálaí sonracha geografacha nó aeráide an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhréir leis na caighdeáin arna leagan síos ag an mBallstát sin.

Airteagal 12

Cumraíocht cóid sainaitheantais bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád

Is mar seo a leanas a bheidh cód sainaitheantais bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád:

(a)

cód tíre an Bhallstáit inar cuireadh an modh sainaitheantais i bhfeidhm ar na hainmhithe den chéad uair a bheidh sa chéad eilimint den chód sainaitheantais, i bhformáid ceachtar díobh seo a leanas:

(i)

an cód dhá litir i gcomhréir le caighdeán ISO 3166-1 alfa-2, cé is moite den Ghréig a n-úsáidfear an cód dhá litir “EL” ina leith; nó

(ii)

an cód tíre trí dhigit i gcomhréir le caighdeán uimhriúil ISO 3166-1;

(b)

cód uathúil le haghaidh gach ainmhí nach mó ná 12 charachtar uimhriúla a bheidh sa dara heilimint den chód sainaitheantais.

Airteagal 13

Tréimhsí ama chun modhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe ar coimeád a chur i bhfeidhm

1.   Áiritheoidh na hoibreoirí go gcuirfear na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2016/429 i bhfeidhm maidir le bó-ainmhithe ar coimeád sula rachaidh uastréimhse ama i ndiaidh breithe in éag, uastréimhse a bheidh le cinneadh ag an mBallstát inar rugadh na hainmhithe. Déanfar an uastréimhse ama a ríomh ó dháta breithe na n-ainmhithe agus ní rachaidh an tréimhse sin thar 20 lá.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt d’oibreoirí síneadh suas le 60 lá a chur leis an uastréimhse ama chun an dara modh sainaitheantais a chur i bhfeidhm tar éis dháta breithe na n-ainmhithe, ar chúiseanna a bhaineann le forbairt shíceolaíoch na n-ainmhithe, más bólas cogansaí é an dara modh sainaitheantais.

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt d’oibreoirí síneadh suas le 9 mí a chur leis an uastréimhse ama dá dtagraítear i mír 1, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás na n-ainmhithe:

(i)

go ndéanfar iad a thógáil i ndálaí fairsinge, agus go bhfanfaidh laonna lena máithreacha;

(ii)

nach mbeidh taithí acu ar theagmháil rialta le daoine;

(b)

go n-áiritheofar, de thoradh an limistéir ina gcoimeádtar na hainmhithe, go mbeidh na hainmhithe leithlisithe go mór;

(c)

nach gcuirfidh an síneadh sin isteach ar hinrianaitheacht na n-ainmhithe.

Féadfaidh na Ballstáit an t-údarú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a theorannú do réigiúin gheografacha áirithe nó speicis shonracha nó pórtha sonracha de bhó-ainmhithe ar coimeád.

4.   Áiritheoidh oibreoirí nach bhfágfaidh aon bhó-ainmhí ar coimeád an bhunaíocht bhreithe ach amháin má tá na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2016/429 curtha i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sin.

Airteagal 14

Tréimhsí ama chun modhanna sainaitheantais le haghaidh ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair ar coimeád a chur i bhfeidhm

1.   Áiritheoidh na hoibreoirí go gcuirfear na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 113(1)(a) de Rialachán (AE) 2016/429 i bhfeidhm maidir le hainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair ar coimeád sula rachaidh an uastréimhse i ndiaidh breithe in éag, uastréimhse a bheidh le cinneadh ag an mBallstát inar rugadh na hainmhithe. Déanfar an uastréimhse a ríomh ó dháta breithe an ainmhí agus ní rachaidh an tréimhse sin thar 9 mí.

2.   Áiritheoidh na hoibreoirí nach bhfágfaidh aon ainmhí de chineál caorach nó ainmhí de chineál gabhair ar coimeád an bhunaíocht bhreithe ach amháin má tá na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 113(1)(a) de Rialachán (AE) 2016/429 curtha i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sin.

Airteagal 15

Tréimhsí ama chun modhanna sainaitheantais le haghaidh muc-ainmhithe ar coimeád a chur i bhfeidhm

1.   Áiritheoidh na hoibreoirí go gcuirfear na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 115 de Rialachán (AE) 2016/429 i bhfeidhm maidir le muc-ainmhithe ar coimeád sula rachaidh uastréimhse ama i ndiaidh breithe in éag, uastréimhse a bheidh le cinneadh ag an mBallstát inar rugadh na hainmhithe. Déanfar an uastréimhse a ríomh ó dháta breithe an ainmhí agus ní rachaidh an tréimhse sin thar 9 mí.

2.   Áiritheoidh na hoibreoirí nach bhfágfaidh aon mhuc-ainmhí ar coimeád an bhunaíocht bhreithe nó an slabhra soláthair ach amháin má tá na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 115 de Rialachán (AE) 2016/429 curtha i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sin.

Airteagal 16

Tréimhsí ama chun modhanna sainaitheantais le haghaidh hainmhithe de chineál camaill agus de chineál fia ar coimeád a chur i bhfeidhm

1.   Áiritheoidh na hoibreoirí go gcuirfear na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 73(1) agus (2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 i bhfeidhm maidir le hainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád sula rachaidh uastréimhse ama i ndiaidh breithe in éag, uastréimhse a bheidh le cinneadh ag an mBallstát inar rugadh na hainmhithe. Déanfar an uastréimhse a ríomh ó dháta breithe an ainmhí agus ní rachaidh an tréimhse sin thar 9 mí.

2.   Áiritheoidh na hoibreoirí nach bhfágfaidh aon ainmhí de chineál camaill nó ainmhí de chineál fia ar coimeád an bhunaíocht bhreithe nó bunaíocht an chéad teacht isteach más rud é gur aistríodh na hainmhithe sin go dtí an bhunaíocht sin ón ngnáthóg inar fhan siad mar ainmhithe fiáine, ach amháin má tá na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 73(1) agus (2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 curtha i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sin.

3.   Féadfaidh an t-údarás inniúil oibreoirí a choinníonn réinfhianna a dhíolmhú ó na ceanglais i míreanna 1 agus 2, ar choinníoll nach gcuireann an díolúine sin isteach ar inrianaitheacht na n-ainmhithe.

4.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit údarú oibreoirí a choinníonn ainmhithe de chineál fia a dhíolmhú ó na ceanglais i mír 1, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

i gcás na n-ainmhithe:

(i)

go ndéanfar iad a thógáil i ndálaí fairsinge;

(ii)

nach mbeidh taithí acu ar theagmháil rialta le daoine;

(b)

go n-áiritheofar, de thoradh an limistéir ina gcoimeádtar na hainmhithe. go mbeidh na hainmhithe leithlisithe go mór;

(c)

nach gcuirfidh an díolúine sin isteach ar inrianaitheacht na n-ainmhithe.

Airteagal 17

Tréimhsí ama chun modhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád a chur i bhfeidhm tar éis teacht isteach san Aontas dóibh

1.   Tar éis teacht isteach san Aontas do bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád, áiritheoidh na hoibreoirí go gcuirfear na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 81 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sin laistigh de 20 lá tar éis teacht isteach dóibh i mbunaíocht an chéad teachta.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Ballstáit an chéad teachta údarú a thabhairt d’oibreoirí síneadh suas le 60 lá a chur leis an uastréimhse ama chun an dara modh sainaitheantais a chur i bhfeidhm tar éis dháta breithe na n-ainmhithe, ar chúiseanna a bhaineann le forbairt shíceolaíoch na n-ainmhithe, más bólas cogansaí é an dara modh sainaitheantais.

3.   Áiritheoidh na hoibreoirí nach bhfágfaidh aon bhó-ainmhí, ainmhí de chineál caorach, ainmhí de chineál gabhair, ainmhí de chineál camaill nó ainmhí de chineál fia ar coimeád an bhunaíocht bhreithe ach amháin má tá na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 81 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 curtha i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sin.

Airteagal 18

Baint agus modhnú modhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád

Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil oibreoirí a údarú chun modhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád a bhaint nó a mhodhnú ach amháin mura gcuireann an baint nó an modhnú isteach ar inrianaitheacht na n-ainmhithe, lena n-áirítear inrianaitheacht na bunaíochta inar rugadh iad, agus más féidir i gcónaí na hainmhithe a shainaithint ar bhonn indibhidiúil, más infheidhme.

Airteagal 19

Athsholáthar modhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád agus spriocdhátaí na n-oibríochtaí sin

1.   Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil oibreoirí a údarú leis na modhanna sainaitheantais le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia ar coimeád a athsholáthar ach amháin mura gcuireann an t-athsholáthar isteach ar inrianaitheacht na n-ainmhithe, lena n-áirítear inrianaitheacht na bunaíochta inar rugadh iad, agus más féidir i gcónaí na hainmhithe a shainaithint ar bhonn indibhidiúil, más infheidhme.

2.   Féadfar an t-athsholáthar dá dtagraítear i mír 1 a údarú mar a leanas:

(a)

i gcás inar sainaithníodh ainmhithe trí dhá mhodh sainaitheantais agus go bhfuil ceann amháin de na modhanna sainaitheantais sin éirithe doléite nó go bhfuil sé caillte, ar choinníoll nach dtiocfaidh aon athrú ar chód sainaitheantais na n-ainmhithe agus go leanfaidh sé de bheith ag teacht leis an gcód atá ar an modh sainaitheantais eile;

(b)

i gcás inar sainaithníodh ainmhithe trí mhodh sainaitheantais amháin nó trí dhá mhodh sainaitheantais ina dtaispeántar cód sainaitheantais na n-ainmhithe agus go bhfuil na modhanna sainaitheantias sin éirithe doléite nó go bhfuil siad caillte, ar choinníoll gur féidir cód sainaitheantais na n-ainmhithe a chinneadh le cinnteacht réasúnach agus nach dtiocfaidh aon athrú ar chód sainaitheantais na n-ainmhithe;

(c)

i gcás inar sainaithníodh ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair nó muc-ainmhithe ar coimeád trí mhodh sainaitheantais ina dtaispeántar uimhir chlárúcháin uathúil bunaíochta agus go bhfuil an modh sainaitheantais sin éirithe doléite nó go bhfuil sé caillte, ar choinníoll gur féidir fós suíomh breithe na n-ainmhithe nó, más infheidhme, bunaíocht dheireanach an tslabhra soláthair a chinneadh le cinnteacht réasúnach, agus go dtaispeántar leis an modh sainaitheantais a athsholáthraítear uimhir chlárúcháin uathúil na bunaíochta sin nó, más infheidhme, an bhunaíocht dheireanach sin.

(d)

i gcás ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair ar coimeád, féadfar modh nua sainaitheantais ina dtaispeántar cód nua sainaitheantais a údarú in ionad an mhodha sainaitheantais dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), ar choinníoll nach ndéanfar dochar don inrianaitheacht.

3.   Déanfar an modh sainaitheantais dá dtagraítear i mír 1 a athsholáthar a luaithe is féidir agus roimh dhul in éag na huastréimhse ama, uastréimhse a bheidh le cinneadh ag an mBallstát arb é a údarás inniúil a d’údaraigh na hoibreoirí leis an modh sainaitheantais a athsholáthar, agus sula n-aistreofar na hainmhithe go bunaíocht eile.

4.   I gcás nach féidir cód sainaitheantais bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád a thaispeántar ar na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a atáirgeadh ar aitheantóir leictreonach de bharr teorainneacha teicniúla, ní cheadóidh an t-údarás inniúil aitheantóir leictreonach nua a chur i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sin ach amháin má thaifeadtar an dá chód sainaitheantais sna bunachair sonraí ríomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 109(1) de Rialachán (AE) 2016/429.

CAIBIDIL 4

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 20

Bearta idirthréimhseacha maidir le modhanna sainaitheantais a cheadú

De mhaolú ar Airteagail 9, 10 agus 11 den Rialachán seo, ar feadh idirthréimhse a chríochnóidh an 20 Aibreán 2023, féadfaidh na Ballstáit leanúint de na modhanna sainaitheantais a formheasadh roimh an 21 Aibreán 2021 a úsáid i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 1760/2000 agus (CE) Uimh. 21/2004 agus Treoir 2008/71/CE, chomh maith leis na gníomhartha a glacadh ar bhonn na Rialachán agus na Treorach sin.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 21 Aibreán 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe ar coimeád agus uibheacha goir (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córais chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle an 17 Nollaig 2003 lena mbunaítear córas chun ainmhithe caorach agus gabhair a shainaithint agus a chlárú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus Treoracha 92/102/CEE agus 64/432/CEE (IO L 5, 9.1.2004, lch. 8).

(5)  Treoir 2008/71/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le muca a shainaithint agus a chlárú (IO L 213, 8.8.2008, lch. 31).


IARSCRÍBHINN I

Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh formáidí faisnéise i mbunachair sonraí ríomhaireachta de bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe ar coimeád

An cineál faisnéise

Tuairisc

Formáid

Cód aitheantais an ainmhí

Cód tíre

Ceann de na roghanna seo a leanas:

Cód litreach: Cód ISO 3166-1 alpha-2 (1)

Cód uimhriúil: Cód uimhriúil ISO 3166-1

Cód uathúil le haghaidh gach ainmhí

12 charachtar uimhriúla

Aitheantóir leictreonach (roghnach)

 

Ceann de na roghanna seo a leanas:

Clib cluaise leictreonach

Bólas cogansaí

Trasfhreagróir in-insteallta

Banda cinn crúibe leictreonach

Uimhir uathúil chlárúcháin na bunaíochta

 

Cód tíre agus 12 charachtar alfa-uimhriúla ina dhiaidh

Ainm oibreoir na bunaíochta

 

140 carachtar alfa-uimhriúla

Seoladh oibreoir na bunaíochta

Ainm na sráide agus uimhir an tí

140 carachtar alfa-uimhriúla

Cód poist

10 gcarachtar alfa-uimhriúla

Cathair

35 charachtar alfa-uimhriúla

Dáta

 

Dáta (BBBB-MM-LL)

Líon iomlán na n-ainmhithe

 

15 charachtar uimhriúla


(1)  Cé is moite den Ghréig a n-úsáidfear an cód dhá litir “EL” ina leith.


IARSCRÍBHINN II

CUID 1

Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh modhanna chun bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia agus pearóidí a shainaithint

1.

Na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (f) agus (h) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia agus pearóidí, beidh siad:

(a)

neamh-inathúsáide;

(b)

d’ábhar neamh-indíghrádaithe;

(c)

crioscaíldíonach;

(d)

soléite ar feadh shaol na n-ainmhithe;

(e)

deartha sa chaoi is go bhféadfaidh siad fanacht ceangailte go daingean leis na hainmhithe gan dochar a dhéanamh dóibh;

(f)

éasca a bhaint ón mbiashlabhra.

2.

Beidh ceann amháin díobh seo a leanas le feiceáil go sofheicthe, go hinléite agus go doscriosta sna modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe 1:

(a)

an chéad agus an dara heilimint de chód aitheantais na n-ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 12;

(b)

cláruimhir uathúil bhunaíocht na n-ainmhithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035; nó

(c)

an cód sainaitheantais alfa-uimhriúil dá dtagraítear in Airteagal 76(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035.

3.

Féadfaidh faisnéis eile a bheith sna modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe 1, má tá sí údaraithe ag an údarás inniúil, agus ar choinníoll go gcomhlíonann na modhanna sainaitheantais ceanglais phointe 2.

CUID 2

Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh aitheantóirí leictreonacha bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia

1.

Na haitheantóirí leictreonacha dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035, taispeánfaidh siad an chéad eilimint de chód sainaitheantais na n-ainmhithe i bhfoirm an chóid tíre trí dhigit agus an dara heilimint de chód sainaitheantais na n-ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 12.

2.

Na haitheantóirí leictreonacha dá dtagraítear i bpointe 1, beidh siad:

(a)

ina dtrasfhreagróirí éighníomhacha inléite amháin a chuireann teicneolaíocht HDX nó FDX-B i bhfeidhm agus a chomhlíonann caighdeáin ISO 11784 agus 11785; agus

(b)

inléite ag feistí a chomhlíonann caighdeán ISO 11785 agus atá in ann trasfhreagróirí HDX agus FDX-B a léamh.

3.

Na haitheantóirí leictreonacha dá dtagraítear i bpointe 1, beidh siad inléite ag achar léitheoireachta íosta mar a leanas:

(a)

i gcás bó-ainmhithe ar coimeád:

(i)

12 cheintiméadar, i gcás clibeanna cluaise nuair a léitear le léitheoir iniompartha iad;

(ii)

15 cheintiméadar, i gcás trasfhreagróirí in-insteallta nuair a léitear le léitheoir iniompartha iad;

(iii)

25 cheintiméadar, i gcás bólais chogansaí nuair a léitear le léitheoir iniompartha iad;

(iv)

80 ceintiméadar, i gcás sainaitheantóirí leictreonacha nuair a léitear le léitheoir do-aistrithe iad;

(b)

i gcás ainmhithe ar coimeád de chineál caorach agus de chineál gabhair:

(i)

12 cheintiméadar, i gcás clibeanna cluaise agus bandaí cinn crúibe nuair a léitear le léitheoir iniompartha iad;

(ii)

20 ceintiméadar, i gcás bólais chogansaí agus trasfhreagróirí in-insteallta nuair a léitear le léitheoir iniompartha iad;

(iii)

50 ceintiméadar, i gcás sainaitheantóirí leictreonacha nuair a léitear le léitheoir do-aistrithe iad.

4.

Déanfar na haitheantóirí leictreonacha dá dtagraítear i bpointe 1 a thástáil agus bainfear torthaí dearfacha amach maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

comhréireacht le caighdeáin ISO 11784 agus 11785 i gcomhréir leis an modh dá dtagraítear i bpointe 7 de chaighdeán ISO 24631-1; agus

(b)

an fheidhmíocht íosta maidir leis na hachair léitheoireachta dá dtagraítear i bpointe 3 den Chuid seo i gcomhréir leis an modh dá dtagraítear i bpointe 7 de chaighdeán ISO 24631-3.