|
25.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 104/30 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/517 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Feabhra 2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361 a mhéid a bhaineann leis na socruithe maidir le ranníocaíochtaí a íoc le caiteachais riaracháin an Bhoird Réitigh Aonair
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (1), go háirithe Airteagal 65(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Agus na ranníocaíochtaí bliantúla aonair dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361 ón gCoimisiún (2) á ríomh, bíonn an Bord Réitigh Aonair (“an Bord”) ag brath go háirithe ar na sonraí maidir le sócmhainní iomlána agus neamhchosaintí iomlána riosca a bhailíonn an Banc Ceannais Eorpach (BCE) ó na heintitis atá faoi réir an tSásra Réitigh Aonair chun na táillí maoirseachta dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach a ríomh (3). Chun na críche sin, agus de bhun Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361, déanann BCE na sonraí maidir le gach féichiúnaí ranníocaíochta a bhailíonn BCE sa bhliain sin a tharchur chuig an mBord ar bhonn bliantúil. Tá na sonraí sin le tarchur laistigh de chúig lá oibre ón tráth a eiseofar fógraí táillí BCE agus, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig den bhliain a n-eisítear na fógraí táille ina leith. |
|
(2) |
Leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 le Rialachán (AE) 2019/2155 ón mBanc Ceannais Eorpach (4), chun, inter alia, athrú a dhéanamh ar an gcóras trína mbailíonn BCE na sonraí chun na táillí maoirseachta a chinneadh. Roimh an leasú sin, rinneadh foráil le Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 maidir le réamhíocaíocht na dtáillí maoirseachta bliantúla le BCE. Tar éis an leasaithe, ní dhéantar foráil le Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 maidir le táillí maoirseachta a thobhach go dtí tar éis dheireadh na tréimhse táille ábhartha, a luaithe a chinnfear an caiteachas bliantúil iarbhír, agus ceanglaítear ar BCE fógra táille a eisiúint do gach féichiúnaí táille gach bliain, laistigh de shé mhí ó thús na tréimhse táille ina dhiaidh sin. |
|
(3) |
Ós rud é anois nach gcruinníonn BCE na táillí maoirseachta go dtí go mbíonn tús le bliain airgeadais an Bhoird, ní féidir leis na sonraí is déanaí a tharchur chuig an mBord ach ina dhiaidh sin. Mar thoradh air sin, leis na spriocdhátaí a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361 maidir le tarchur sonraí ó BCE chuig an mBord, ní chuirtear ar a chumas don Bhord a thuilleadh na ranníocaíochtaí bliantúla aonair atá dlite i mbliain airgeadais ar leith a ríomh agus a chruinniú roimh ré. Chun comhleanúnachas a choinneáil idir córas an Bhoird maidir le ranníocaíochtaí a thobhach roimh ré agus córas nua BCE, agus chun é a chur ar a chumas don Bhord leanúint de na ranníocaíochtaí bliantúla a ríomh agus a chruinniú roimh ré, ní mór leasú a dhéanamh ar na spriocdhátaí maidir le tarchur na sonraí agus eisiúint na bhfógraí ranníocaíochta faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361. De bharr gurb é deireadh mhí an Mheitheamh gach bliain an spriocdháta atá ag BCE chun na táillí maoirseachta a shonrasc, ba cheart an Bord a bheith i dteideal réamh-tráthchodanna ar ranníocaíochtaí a chruinniú chun caiteachais a chumhdach i leith na coda sin dá bhliain airgeadais atá roimh an dáta sin. Chun an t-ualach riaracháin ar na heintitis agus na grúpaí lena mbaineann agus ar an mBord a íoslaghdú, níor cheart tráthchodanna a chruinniú ach ó eintitis agus ó ghrúpaí a thagann faoi fhreagracht dhíreach an Bhoird. |
|
(4) |
Is léir ón taithí a fuarthas agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361 á chur i bhfeidhm go bhfuil sé tábhachtach a léiriú i ríomh bliantúil na ranníocaíochtaí riaracháin ar bhealach tráthúil go ndéanfar athruithe ar chomhdhéanamh an ghrúpa eintiteas a thagann faoi raon feidhme Airteagal 2 de Rialachán (AE) 806/2014, agus a bhfuil sé de cheangal orthu dá bhrí sin ranníocaíocht a dhéanamh le caiteachais riaracháin an Bhoird. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhord an fhaisnéis is déanaí maidir le comhdhéanamh ghrúpa na n-eintiteas sin a úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart do BCE, do na húdaráis réitigh náisiúnta agus do na húdaráis inniúla náisiúnta cúnamh a thabhairt don Bhord maidir leis an bhfaisnéis ábhartha ar fad chun a mheas an bhfuil oibleagáid ar eintiteas ranníocaíocht a dhéanamh le caiteachais riaracháin an Bhoird. Thairis sin, is gá soiléiriú a thabhairt ar an gcaoi a gcaithfidh an Bord le cásanna ina dtarlaíonn iontrálacha sa ghrúpa eintiteas atá faoi cheangal ranníocaíocht a dhéanamh le caiteachais riaracháin an Bhoird ag tráth den bhliain nach gcinneann BCE na sonraí comhfhreagracha a thuilleadh. |
|
(5) |
Ar chúiseanna oibríochtúla, is gá don Bhord scoithdháta soiléir a bheith aige chun comhdhéanamh an ghrúpa eintiteas a chuirfidh isteach ríomh na ranníocaíochtaí bliantúla i mbliain ar leith a chinneadh. Ba cheart don Bhord an ríomh sin a athbhreithniú an bhliain dár gcionn chun aon athrú a d’fhéadfadh tarlú tar éis an scoithdháta sin a ionchorprú. |
|
(6) |
Mar thoradh ar aistriú BCE ó chóras eisiúna táillí ex ante go córas eisiúna táillí ex post, tá bearna idir tarchur sonraí ó BCE chuig an mBord le haghaidh na tréimhse ó mhí na Nollag 2019 go mí an Mheithimh 2021. Chun a áirithiú go mbeidh an Bord in ann na hacmhainní a bhailiú chun a chaiteachas riaracháin le haghaidh 2021 a chumhdach leis na sonraí atá ar fáil dó ag tús na bliana sin, tá gá le socruithe idirthréimhseacha le haghaidh bhliain airgeadais 2021. Chun staid na n-eintiteas a rinne ranníocaíocht a léiriú níos gaire don bhliain airgeadais 2021, áfach, ba cheart don Bhord na ranníocaíochtaí sin a athríomh in 2022 ar bhonn sonraí níos déanaí a bheidh ar fáil dó idir an dá linn. Ba cheart an difríocht idir méid na ranníocaíochta bliantúla aonair atá dlite le haghaidh bhliain airgeadais 2021 a dhéanfar a athríomh sa bhliain 2022 agus méid na ranníocaíochta sin a dhéanfar a ríomh sa bhliain 2021 a shuimiú le méid na ranníocaíochta bliantúla aonair atá dlite le haghaidh bhliain airgeadais 2022 nó a dhealú ón méid sin. |
|
(7) |
Ós rud é gur gá don Bhord na socruithe idirthréimhseacha a chur i bhfeidhm chun na ranníocaíochtaí a chruinniú maidir lena chaiteachas riaracháin le haghaidh bhliain airgeadais 2021 a luaithe is féidir tar éis thús na bliana, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe. Ní bheidh aon tionchar ag an teacht i bhfeidhm luath sin ar na heintitis atá faoi réir na ranníocaíochtaí, mar go bhfuil an riail ghinearálta go bhféadfaidh an Bord na sonraí is déanaí atá ar fáil a úsáid chun na ranníocaíochtaí a ríomh, i gcás nach mbeidh na sonraí is déanaí curtha ar fáil ag BCE don Bhord in am, bunaithe cheana le hAirteagal 6(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361. Dá bhrí sin, ní gá do na heintitis lena mbaineann aon ullmhúchán a dhéanamh. |
|
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an tAirteagal 4a seo a leanas leis: “Airteagal 4a Réamh-thráthchodanna maidir leis na ranníocaíochtaí bliantúla aonair 1. Gach bliain airgeadais, sula bhfaighidh sé na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 6(1), féadfaidh an Bord réamh-thráthchodanna a chruinniú maidir leis na ranníocaíochtaí bliantúla aonair le haghaidh méid suas le 75 % de mhéid na ranníocaíochtaí bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 3(1) ó na heintitis agus ó na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a) le haghaidh na bliana airgeadais sin. Déanfar réamh-thráthchuid gach eintitis agus grúpa a ríomh i gcomhréir leis na ranníocaíochtaí bliantúla aonair a ríomhadh le haghaidh an eintitis nó an ghrúpa sin sa bhliain airgeadais díreach roimhe sin. 2. Déanfaidh an Bord íocaíocht na réamh-thráthchoda a asbhaint as ranníocaíocht bhliantúil aonair an eintitis nó an ghrúpa don bhliain airgeadais sin.”; |
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
|
(4) |
in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 go 8: “3. Sonrófar san fhógra ranníocaíochta méid na ranníocaíochta bliantúla aonair, nó na réamh-tráthchoda dá dtagraítear in Airteagal 4a, agus an chaoi a n-íocfar an ranníocaíocht bhliantúil nó an réamh-tráthchuid. Beidh an fógra ranníocaíochta réasúnaithe go cuí maidir le gnéithe fíorasacha agus dlíthiúla an chinnidh i ndáil leis an ranníocaíocht aonair nó an chinnidh maidir le réamh-thráthchuid. 4. Díreoidh an Bord aon chumarsáid eile maidir leis an ranníocaíocht bhliantúil aonair, lena n-áirítear aon chinneadh réitigh a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 10(8), agus, i gcás inarb infheidhme, maidir leis an réamh-thráthchuid, chuig an bhféichiúnaí ranníocaíochta. 5. Beidh an ranníocaíocht bhliantúil aonair nó an réamh-thráthchuid bhliantúil aonair iníoctha in euro. 6. Íocfaidh an féichiúnaí ranníocaíochta méid na ranníocaíochta bliantúla aonair nó na réamh-thráthchoda laistigh de 35 lá féilire ó eisiúint an fhógra ranníocaíochta. Comhlíonfaidh an féichiúnaí ranníocaíochta na ceanglais a leagtar amach san fhógra ranníocaíochta i ndáil le híocaíocht na ranníocaíochta bliantúla aonair nó na réamh-thráthchoda. Is é dáta na híocaíochta an dáta a chreidiúnófar cuntas an Bhoird. 7. An ranníocaíocht bhliantúil aonair agus, i gcás inarb infheidhme, an réamh-thráthchuid atá dlite ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 atá ina gcomhaltaí den ghrúpa céanna, baileofar iad ó fhéichiúnaí ranníocaíochta an ghrúpa sin. 8. Gan dochar d’aon leigheas eile atá ar fáil don Bhord, i gcás íocaíocht pháirteach, neamhíocaíochta nó neamhchomhlíontacht na gcoinníollacha íocaíochta a shonraítear san fhógra ranníocaíochta, fabhróidh ús ar bhonn laethúil ar mhéid na ranníocaíochta bliantúla atá gan íoc agus, i gcás inarb infheidhme, ar mhéid na réamh-thráthchoda de réir ráta úis phríomhráta athmhaoiniúcháin BCE móide ocht bpointe céatadáin ón dáta a raibh an íocaíocht dlite.”; |
|
(5) |
Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
|
(6) |
Cuirtear an tAirteagal 14a seo a leanas leis: “Airteagal 14a Socruithe idirthréimhseacha le haghaidh bhliain airgeadais 2021 In 2021, ríomhfaidh an Bord na ranníocaíochtaí bliantúla aonair atá dlite la haghaidh bhliain airgeadais 2021 ar bhonn na sonraí a chuir BCE ar fáil don Bhord in 2019 agus ar bhonn aon nuashonrú ar na ranníocaíochtaí sin ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 6. In 2022, déanfaidh an Bord na ranníocaíochtaí bliantúla aonair atá dlite le haghaidh bhliain airgeadais 2021 a athríomh ar bhonn na sonraí a chuirfidh BCE ar fáil don Bhord in 2021 i gcomhréir le hAirteagal 6. Socrófar aon difríocht idir an méid a ríomhadh i dtosach le haghaidh bhliain airgeadais 2021 agus an méid athríofa nuair a bheidh na ranníocaíochtaí bliantúla aonair atá dlite le haghaidh bhliain airgeadais 2022 á ríomh.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 225, 30.7.2014, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2361 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2017 maidir leis an gcóras deiridh ranníocaíochtaí le caiteachais riaracháin an Bhoird Réitigh Aonair (IO L 337, 19.12.2017, lch. 6).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le táillí maoirseachta (BCE/2014/41) (IO L 311, 31.10.2014, lch. 23).
(4) Rialachán (AE) 2019/2155 ón mBanc Ceannais Eorpach an 5 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 maidir le táillí maoirseachta (BCE/2019/37) (IO L 327, 17.12.2019, lch. 70).