22.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 99/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/478 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Márta 2021

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2020/1998.

(2)

An 8 Nollaig 2020, sa Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an AE i ndáil le Cearta an Duine, d'athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine cuirtear i bhfios go láidir a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach den Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluachanna den Aontas agus de Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais iad meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an meas ar chearta an duine.

(3)

An 2 Márta 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/372 (2) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/371 (3), inar ainmníodh ceithre dhuine aonair ón Rúis a raibh páirt acu i sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha, mar aon le cur faoi chois forleathan córasach na saoirse comhthionóil síochánta agus comhlachais agus na saoirse tuairimíochta agus chun tuairimí a nochtadh.

(4)

Tá imní mhór ar an Aontas fós maidir le sáruithe agus mí-úsáidí chearta an duine i bpáirteanna éagsúla den domhan, amhail céasadh, maruithe seachbhreithiúnacha, fuadaigh fhorfheidhmithe nó úsáid córasach saothair éignithe arna ndéanamh ag daoine aonair agus ag eintitis sa tSín, i nDaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, sa Libia, san Eiritré, sa tSúdáin Theas agus sa Rúis.

(5)

Sa chomhthéacs sin, ba cheart aon duine dhéag agus ceithre eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2020/1998 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1.

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/372 ón gComhairle an 2 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 71I, 2.3.2021, lch. 6).

(3)  Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) 2021/371 ón gComhairle an 2 Márta 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 71I, 2.3.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 mar a leanas:

(1)

leasaítear liosta na ndaoine nádúrtha a leagtar amach i roinn A (‘Daoine nádúrtha’) mar a leanas:

(a)

cuirtear (‘Ainmneacha (Traslitriú isteach i script na Laidine’) in ionad ‘Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)’ mar cheannteideal ar an dara colún;

(b)

cuirtear ‘Ainmneacha’ in ionad (‘Ainmneacha (litriú Rúisise)’);

(c)

cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

 

Ainmneacha (Traslitriú isteach i script na Laidine )

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘5.

ZHU Hailun

朱海仑 (Litriú Síneach)

Post/Poist: IarLeas-Cheann an 13th People’s Congress of the Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR)

Dáta breithe: Eanáir 1958

Áit bhreithe: Lianshui, Jiangsu (China)

Náisiúntacht: Síneach

Inscne: fireann

IarRúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR agus iarRúnaí an Party Committee of the XUAR (2016 go dtí 2019). IarLeas-Cheann ar 13th People’s Congress XUAR, comhlacht reachtach réigiúnach (2019 go dtí Feabhra 2021).

22.3.2021

 

 

 

 

Ina cháil mar Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR (2016 go 2019), is é Zhu Hailun a bhí freagrach as an tslándáil inmheánach agus forfheidhmiú an dlí a in XUAR. Mar sin, bhí príomhról polaitiúil aige agus maoirseacht ar chlár faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar mórscála, agus cur chun feidhme an chláir sin, faoina chúram aige ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Tá trácht déanta ar Zhu Hailun mar ‘ailtire’ an chláir sin. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneálacha treallacha ar mórscála a rinneadh ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile.

 

 

 

 

 

Mar Leas-Cheann an 13th People’s Congress of the XUAR (2019 go dtí Feabhra 2021), lean Zhu Hailun de thionchar cinntitheach a imirt in XUAR mar a bhfuil an clár faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar mórscála ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile ag dul ar aghaidh.

 

6.

WANG Junzheng

王君正 (Litriú Síneach)

Post/Poist: Rúnaí Páirtí an Xinjiang Production and Construction Corps (XPCC) agus Leas-Rúnaí an Party Committee of China’s Xinjiang Uyghur Autonomous Region; Coimeasár polaitiúil XPCC agus príomhfheidhmeannach an China Xinjian Group

Dáta breithe: Bealtaine 1963

Áit bhreithe: Linyi, Shandong (China)

Náisiúntacht: Síneach

Inscne: fireann

Rúnaí Páirtí ar Xinjiang Production and Construction Corps (XPCC) Leas-Rúnaí an Party Committee XUAR sa tSín ó mhí Aibreáin 2020 i leith, agus coimeasár polaitiúil XPCC ó mhí na Bealtaine 2020 i leith. IarRúnaí ar Political and Legal Affairs Committee XUAR (Feabhra 2019 go dtí Meán Fómhair 2020). Tá poist shinsireacha eile ag Wang Junzheng in XPCC.

Is eagraíocht eacnamaíoch pharamíleateach faoi úinéireacht an stáit in XUAR é XPCC, a bhfuil an t-údarás riaracháin á fheidhmiú aige agus na gníomhaíochtaí eacnamaíocha á rialú aige in Xinjiang.

22.3.2021

 

 

 

 

Ina cháil mar Rúnaí Páirtí agus coimeasár polaitiúil ar XPCC ó 2020, tá páirt ag Wang Junzheng sna beartais go léir a chuireann XPCC chun feidhme a mhaoirsiú. Sa phost sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach ar mórscála agus táiríde ar Uigiúraigh agus ar dhaoine de chuid mionlach eitneach Moslamach eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh, mar chuid, inter alia, den chur chun feidhme a rinne an XPCC ar chlár mórscála faireachais, coinneála agus síolteagaisc a bhí spriocdhírithe ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile.

 

 

 

 

 

Tá sé freagrach freisin as an úsáid chórasach a bhaineann XPCC as Uigiúraigh agus daoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile mar lucht saothair éignithe, go háirithe i ngoirt chadáis.

Ina cháil mar Leas-Rúnaí ar Party Committee XUAR ó 2020 i leith, tá páirt ag Wang Junzheng i maoirsiú na mbeartas slándála atá á gcur chun feidhme in Xinjiang, lena n-áirítear an clár réamhluaite lena spriocdhírítear ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Ina cháil mar Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR (Feabhra 2019 go dtí Meán Fómhair 2020), bhí Wang Junzheng freagrach as an tslándáil inmheánach a choimeád agus forfheidhmiú an dlí in XUAR. Mar sin, bhí príomhphost polaitiúil aige i gceannas ar mhaoirsiú agus ar chur chun feidhme an chláir réamhluaite.

 

7.

WANG Mingshan

王明山 (Litriú Síneach)

Post/Poist: Comhalta de Standing Committee of the Party Committee of the Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR) agus Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR

Dáta breithe: Eanáir 1964

Áit bhreithe: Wuwei, Gansu (China)

Náisiúntacht: Síneach

Inscne: fireann

Comhalta de Standing Committee of the Party Committee of the Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR) agus Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR ó Mheán Fómhair 2020. Iar-Stiúrthóir agus Leas-Rúnaí an Pháirtí ar Xinjiang Public Security Bureau (XPSB) idir 2017 agus Eanáir 2021.

22.3.2021

 

 

 

 

Ina cháil mar Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR ó Mheán Fómhair 2020, is é Wang Mingshan atá freagrach as an slándáil inmheánach agus forfheidhmiú an dlí a chothabháil in XUAR. Mar sin, tá príomhról polaitiúil aige agus maoirseacht ar chlár faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar an mórscála faoina chúram aige ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile.

 

 

 

 

 

Ina cháil mar Iar-Stiúrthóir agus Leas-Rúnaí an Pháirtí ar XPSB (2017 go Eanáir 2021), bhí príomhról aige i bhfearas slándála Xinjiang agus bhí sé freagrach go díreach as an gclár thuasluaite a chur chun feidhme. Go háirithe, rinne XPSB Integrated Joint Operations Platform (IJOP) [Ardán d’oibríochtaí comhpháirteacha comhtháite] a imscaradh, clár mórshonraí a úsáidtear chun na milliúin Uigiúrach a lorg agus aird a tharraingt orthu siúd a mheastar ‘baol bagartha’ a bheith ag baint leo lena gcur go campa coinneála.

Mar gheall ar an bpost atá aige faoi láthair agus na feidhmeanna a bhí aige roimhe sin, tá Wang Mingshan freagrach as mí-úsáidí tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach ar mhórscála agus íde tháireach ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh.

 

8.

CHEN Mingguo

陈明国

(Litriú Síneach)

Post/Poist: Stiúrthóir ar Xinjiang Public Security Bureau (XPSB) agus Leaschathaoirleach ar Xinjiang Uygur Autonomous Region (XUAR) People’s Government

Dáta breithe: Deireadh Fómhair 1966

Áit bhreithe: Yilong, Sichuan (China)

Náisiúntacht: Síneach

Inscne: fireann

Stiúrthóir ar Xinjiang Public Security Bureau (XPSB) ó mhí Eanáir 2021 agus Leaschathaoirleach ar Xinjiang Uygur Autonomous Region (XUAR) People’s Government.

22.3.2021

 

 

 

 

Ina cháil mar Stiúrthóir ar XPSB, tá príomhról ag Chen Mingguo i bhfearas slándála Xinjiang agus baint dhíreach aige le cur chun feidhme cláir faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar an mórscála ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Go háirithe, rinne XPSB Integrated Joint Operations Platform (IJOP) [Ardán d’oibríochtaí comhpháirteacha comhtháite]a imscaradh, clár mórshonraí a úsáidtear chun na milliúin Uigiúrach a lorg agus aird a tharraingt orthu siúd a mheastar ‘baol bagartha’ a bheith ag baint leo lena gcur go campa coinneála. Dá bhrí sin, tá Chen Mingguo freagrach as mí-úsáidí tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach agus íde tháireach ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh.

 

9.

JONG Kyong-thaek (a.k.a. CHO'NG Kyo'ng-t'aek)

정경택

(Litriú Cóiréach)

Post/Poist: Minister of State Security of the Democratic People’s Republic of Korea (DPRK)

Dáta breithe: idir 1.1.1961 agus 31.12. 1963

Náisiúntacht: Cóiréach Thuaidh

Inscne: fireann

Is é Jong Kyong-thaek Aire Slándála Stáit Democratic People’s Republic of Korea (DPRK) ó 2017.

Tá Aireacht Slándála Stáit DPRK ar cheann de na hinstitiúidí ceannródaíocha a bhfuil de chúram orthu beartais slándála choisctheacha DPRK a chur chun feidhme, lena ndírítear ar easaontas polaitiúil, teacht isteach faisnéise ‘treascraí’ ó thar lear agus aon iompar eile a mheastar a bheith ina bhagairt thromchúiseach ar an gcóras polaitiúil agus ar a cheannaireacht a shainaithint agus a chur faoi chois.

22.3.2021

 

 

 

 

Ina cháil mar Cheann ar an Aireacht Slándála Stáit, tá Jong Kyong-thaek freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, go háirithe céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha, fuadach, agus gabháil agus coinneáil threallach, mar aon le saothar éignithe forleathan agus foréigean gnéasach i gcoinne na mban.

 

10

RI Yong Gil

(a.k.a. RI Yong Gi, RI Yo’ng-kil, YI Yo’ng-kil)

리영길

(Litriú Cóiréach)

Post/Poist: Minister of State Security of the Democratic People’s Republic of Korea (DPRK)

Dáta breithe: 1955

Náisiúntacht: Cóiréach Thuaidh

Inscne: fireann

Is é Ri Yong Gil Aire Slándála Sóisialta of the Democratic People’s Republic of Korea (DPRK) ó Eanáir 2021, agus iar-Cheannaire ar Fhoireann Ghinearálta Korean People's Army (KPA) idir 2018 agus Eanáir 2021.

Tá Aireacht Slándála Stáit DPRK (ar a dtugtaí Aireacht Slándála na nDaoine nó Aireacht Slándála Poiblí tráth) ar cheann de na hinstitiúidí ceannródaíocha a bhfuil de chúram orthu beartais slándála choisctheacha DPRK a chur chun feidhme, lena n-áirítear ceastóireacht agus pionós a chur ar dhaoine a bhí ag teitheadh ‘go neamhdhleathach’ ó DPRK. Tá an Aireacht Slándála Sóisialta i bhfeighil na gcampaí príosúin agus na n-ionad coinneála oibre trína Biúró Príosúin, mar a mbíonn príosúnaigh agus cimí faoi réir ocras d’aon ghnó agus íde mídhaonna eile.

22.3.2021

 

 

 

 

Ina cháil mar Cheann ar an Aireacht Slándála Sóisialta, tá Ri Yong Gil freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine in DPRK, go háirithe céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha, fuadach, agus gabháil agus coinneáil threallach, mar aon le saothar éignithe forleathan agus foréigean gnéasach i gcoinne na mban.

Ina cháil mar iar-Cheannaire ar Fhoireann KPA, tá Ri Yong Gil freagrach chomh maith as sáruithe tromchúiseacha forleathana ar chearta an duine arna ndéanamh ag KPA.

 

11

Mohammed Khalifa AL-KANI (dá ngairtear Mohamed Khalifa Abderrahim Shaqaqi AL-KANI freisin, dá ngairtear Mohammed AL-KANI freisin, Muhammad Omar AL-KANI freisin)

الكاني خليفة محمد (Litriú Arabach)

Post/Poist: Ceann an Kaniyat Militia

Dáta breithe: 3.5.1979

Náisiúntacht: Libiach

Uimhir an phas: F86JKFJF

Inscne: fireann

Is é Mohammed Khalifa Al-Kani Ceann an Kaniyat Militia, a raibh smacht aige ar bhaile Tarhuna sa Libia idir 2015 agus Meitheamh 2020. Sa cháil sin, déanann sé maoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile an Kaniyat Militia. Ina cháil mar Cheann anKaiyat Militia, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Libia, go háirithe daoine a mharú go seachbhreithiúnach agus a fhuadach le forneart idir 2015 agus Meitheamh 2020 in Tarhuna.

Theith Mohammed Khalifa Al-Kani agus an Kaniyat Militia ó Tarhuna go luath i mí an Mheithimh 2020 chuig oirthear na Libia. Ina dhiaidh sin, aimsíodh roinnt olluaigheanna in Tarhuna agus meastar gurb é an Kaniyat Militia is cúis leo.

22.3.2021

12

Abderrahim AL-KANI (dá ngairtear Abdul-Rahim AL-KANI, Abd-al-Rahim AL-KANI freisin)

الرحيم الكاني عبد (Litriú Arabach)

Post/Poist: comhalta den Kaniyat Militia

Dáta breithe: 7.9.1997

Náisiúntacht: Libiach

Uimhir an phas: PH3854LY

Uimhir aitheantais: 119970331820

Inscne: fireann

Tá Abderrahim Al-Kani ina chomhalta lárnach den Kaniyat Militia agus is deartháir le Ceann an Kaniyat Militia, Mohammed Khalifa Al-Khani é. Bhí smacht ag an Kaniyat Militia ar bhaile Tarhuna sa Libia idir 2015 agus Meitheamh 2020.

Tá Abderrahim Al-Kani i gceannas ar an tslándáil inmheánach thar ceann an Kaniyat Militia. Sa cháil sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Libia, go háirithe daoine a mharú go seachbhreithiúnach agus a fhuadach le forneart idir 2015 agus Meitheamh 2020 in Tarhuna.

22.3.2021

 

 

 

 

Theith Abderrahim Al-Kani agus an Kaniyat Militia ó Tarhuna go luath i Meitheamh 2020 chuig Oirthear na Libia. Ina dhiaidh sin, aimsíodh roinnt olluaigheanna in Tarhuna agus meastar gurb é an Kaniyat Militia is cúis leo.

 

13

Aiub Vakhaevich KATAEV

(dá ngairtear Ayubkhan Vakhaevich KATAEV freisin)

Аюб Вахаевич КАТАЕВ

(dá ngairtear Аюбхан Вахаевич КАТАЕВ freisin) (litriú Rúisise)

Post/Poist: Ceann an Department of Ministry of Internal Affairs de chuid Chónaidhm na Rúise i gcathair Argun i bPoblacht na Seisnia

Dáta breithe: 1.12.1980 nó 1.12. 1984

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Ceann an Department of Ministry of Internal Affairs de chuid Chónaidhm na Rúise i gcathair Argun i bPoblacht na Seisnia.

22.3.2021

 

 

 

 

Ina cháil mar Cheann an Department of Ministry of Internal Affairs de chuid Chónaidhm na Rúise in Argun, déanann Aiub Kataev maoirseacht ar ghníomhaíochtaí a dhéanann gníomhaireachtaí áitiúla um shlándáil an stáit agus gníomhaireachtaí áitiúla póilíneachta. Ina cháil sin, déanann sé féin maoirseacht ar an ngéarleanúint fhorleathan chórasach sa tSeisnia a thosaigh in 2017. Dírítear an chos ar bolg ar dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LGBTI), ar dhaoine a mheastar gur de ghrúpaí LGBTI iad, agus ar dhaoine eile a bhfuil amhras ina dtaobh go gcuireann siad i gcoinne Ceann Phoblacht na Seisnia. Tá Aiub Kataev agus fórsaí faoina cheannas freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach chomh maith leis an ngabháil agus an choinneáil threallach agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha nó treallacha.

 

 

 

 

 

Dar le roinnt finnéithe, ghlac Aiub Kataev féin, páirt i gcéasadh coinnéalaithe agus rinne sé maoirseacht ar an gcéasadh sin.

 

14

Abuzaid (Abuzayed) Dzhandarovich VISMURADOV

Абузайд Джандарович ВИСМУРАДОВ (litriú Rúisise)

Post/Poist: Ceannasaí ar fhoireann "Terek" de chuid an Special Rapid-Response Unit (SOBR), Leas-Phríomh-Aire Phoblacht na Seisnia, garda cosanta neamhoifigiúil Cheann Phoblacht na Seisnia, Ramzan Kadyrov

Dáta breithe: 24.12.1975

Áit bhreithe: Akhmat-Yurt / Khosi-Yurt, Checheno-Ingush Autonomous Soviet Socialist Republic (ASSR) mar a thugtaí air, Chechen Republic mar a thugtar anois uirthi (Cónaidhm na Rúise)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Ceannasaí ar fhoireann "Terek" de chuid an Special Rapid-Response Unit (SOBR), Leas-Phríomh-Aire an Chechen Republic, garda cosanta neamhoifigiúil Cheann an Chechen Republic, Ramzan Kadyrov.

Tá Abuzaid Vismuradov ina cheannasaí ar fhoireann “Terek” de chuid an SOBR ó Bhealtaine 2012. Ina cháil sin, déanann sé féin maoirseacht ar an ngéarleanúint fhorleathan chórasach sa tSeisnia a thosaigh in 2017. Dírítear an chos ar bolg ar dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LGBTI), ar dhaoine a mheastar gur de ghrúpaí LGBTI iad agus ar dhaoine eile a bhfuil amhras ina dtaobh go gcuireann siad i gcoinne Ceann Phoblacht na Seisnia Ramzan Kadyrov.

22.3.2021

 

 

 

 

Tá Abuzaid Vismuradov agus an t-aonad “Terek” atá faoina cheannas freagrach as sárú tromchúiseach a dhéanamh ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach chomh maith leis an ngabháil agus an choinneáil threallach agus maruithe agus básuithe seachbhreithiúnacha agus treallacha.

Dar le roinnt finnéithe, ghlac Abuzaid Vismuradov féin, páirt i gcéasadh coinnéalaithe agus rinne sé maoirseacht ar an gcéasadh sin. Is dlúthchomhlach le Ramzan Kadyrov, Ceann Phoblacht na Seisnia, é, atá i mbun feachtas cos ar bolg i gcoinne a fhreasúra pholaitiúil le roinnt mhaith blianta.

 

15

Gabriel Moses LOKUJO

-

Post/Poist: Maorghinearál sa South Sudan People’s Defense Forces (SSPDF)

Náisiúntacht: ón tSúdáin Theas

Inscne: fireann

Maorghinearálsa South Sudan People’s Defense Forces (SSPDF).

Tá Gabriel Moses Lokujo freagrach as sárú tromchúiseach a dhéanamh ar chearta an duine sa tSúdáin Theas, go háirithe básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha.

I mí na Bealtaine 2020, fuadaíodh agus básaíodh triúr oifigeach den Sudan People's Liberation Army in Opposition (SPLA-IO) ar ordú ó Mhaorghinearál Lokujo.

22.3.2021’;

 

 

 

 

I mí Mheán Fómhair 2020, thug Maorghinearál Lokujo cúl leis an SPLA-IO agus chuaigh leis an SSPDF agus tá sé freagrach as na caismirtí a tharla ina dhiaidh sin sa Moroto Training Center agus an ceantar máguaird i ndeisceart Central Equatoria. De thoradh air sin, tuairiscíodh roinnt básanna agus gortuithe ar an dá thaobh i ráithe dheiridh 2020, agus rinneadh sibhialtaigh a easáitiú freisin, go háirithe i gceantar Kajo-Keji den Central Equatoria State. D'fhan fórsaí Mhaorghinearál Lokujo sa cheantar, mar ar tuairiscíodh roinnt caismirtí eile agus mar ar leanann sábháilteacht agus slándáil na gcomhphobal sibhialtach de bheith i mbaol.

 

(2)

i liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach i roinn B (‘Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’) cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

 

Ainm (Traslitriú isteach i script na Laidine)

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostiú

Dáta an liostaithe

‘1.

Xinjiang Production and Construction Corps Public Security Bureau

新疆生产建设兵团公安局

(Litriú Síneach)

Seoladh: 106 Guangming Road, Urumqi, Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR), an tSín

Teileafón: +86 991 598 8114

Tá an Xinjiang Production and Construction Corps (XPCC) Public Security Bureau i gceannas ar bheartais uile XPCC i ndáil le gnóthaí slándála a chur chun feidhme, lena n-áirítear bainistiú ionad coinneála. Is eagraíocht eacnamaíoch pharamíleateach faoi úinéireacht an stáit in Xinjiang Uyghur Autonomous Region na Síne é XPCC, a bhfuil an t-údarás riaracháin á fheidhmiú aige agus na gníomhaíochtaí eacnamaíocha á rialú aige in Xinjiang.

22.3.2021

 

 

 

 

Mar an eagraíocht atá i gceannas beartais slándála laistigh de XPCC, tá an XPCC Public Security Bureau freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach ar mórscála agus táiríde ar Uigiúraigh agus ar dhaoine de chuid mionlach eitneach Moslamach eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh, mar chuid, inter alia, den chur chun feidhme a rinne an XPCC ar chlár mórscála faireachais, coinneála agus síolteagaisc a bhí dírithe ar mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha.

Mar chuid den chlár sin, úsáideann XPCC Uigiúraigh agus daoine eile ar de chuid mionlach eitneach Moslamach iad mar lucht saothair éignithe, go háirithe i ngoirt chadáis. Mar an eagraíocht atá i gceannas ar bheartais slándála laistigh de XPCC, tá an XPCC Public Security Bureau freagrach as úsáid chórasach a bhaint as saothar éignithe.

 

2.

Central Public Prosecutor’s Office (dá ngairtear Office of the Prosecutor of the Democratic People’s Republic of Korea (DPRK) freisin)

조선민주주의인민공화국 중앙검찰소(Litriú Cóiréach)

 

Is institiúid í an Central Public Prosecutor’s Office a dhéanann maoirseacht ar na himeachtaí coiriúla uile sa Democratic People’s Republic of Korea (DPRK), lena n-áirítear imscrúdú, ceistiú, coinneáil réamhthrialach agus trialacha.

22.3.2021

 

 

 

 

Úsáidtear an Central Public Prosecutor’s Office chun daoine a ionchúiseamh agus a phionósú as mí-iompar polaitiúil i dtrialacha atá go héagórach ón mbonn aníos. Tá freagracht institiúideach uirthias sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine i ngnáthphríosúin agus i ngnáthionaid choinneála cheistiúcháin freisin ós rud é nach ndéanann sé cearta na gcimí réamhthrialacha nó na bpríosúnach ciontaithe a fhorfheidhmiú. I ndlúthchomhar leis na hAireachtaí Slándála Stáit agus Slándála Sóisialta, tá freagracht uirthi as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine, agus is í a thugann dlisteanacht dóibh, ar sáruithe iad a dhéanann fearas slándála DPRK, go háirithe céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, fuadach, agus gabháil agus coinneáil threallach.

 

3.

Kaniyat Militia (dá ngairtear "7th Brigade Tarhuna 7th Brigade, Tarhuna Brigade" freisin) (dá ngairtear "9th Brigade, Al-Kani Militia, Al-Kaniyat ; Kani Brigade, Kaniat Kaniyat, Kanyat" freisin)

مليشيا كانيات (Litriú Arabach)

 

Is mílíste arna armáil ag an Libia í an Kaniyat Militia a raibh smacht aige ar bhaile Tarhuna sa Libia idir 2015 agus Meitheamh 2020. Tar éis don mhílíste sin teitheadh chuig Oirthear Libia i mí an Mheithimh 2020, aimsíodh olluaigheanna in Tarhuna, arb é an Kaniyat Militia ba chúis leo, ceaptar. Tá an Kaniyat Militia freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine, go háirithe maruithe seachbhreithiúnacha agus fuadach.

22.3.2021

4.

National Security Office (dá ngairtear National Security Agency freisin) of the Government of Eritrea

-

Faoi cheannas Maorghinearál Abraha Kassa

Tá National Security Office (dá ngairtear National Security Agency freisin) of the Government of Eritrea faoi cheannas Maorghinearál Abraha Kassa agus faoi mhaoirseacht Oifig an Uachtaráin. Tá an National Security Office eagraithe ina sé cinn d'oifigí, agus gach ceann díobh siúd roinnte ina trí roinn a bhfuil freagracht orthu faoi seach as faisnéis, gabhálacha agus ceistiúchán. Tá an National Security Office freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Eiritré, go háirithe gabhálacha treallacha, maruithe seachbhreithiúnacha, fuadach agus céasadh arna dhéanamh ag a cuid gníomhaithe.

22.3.2021’.