22.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 99/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/473 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Nollaig 2020

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na ceanglais maidir le doiciméid faisnéise, na costais agus na táillí a áirítear faoin teorainn costais agus teicnící maolaithe riosca i gcomhair an Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (1), agus go háirithe Airteagal 28(5), an ceathrú fomhír, Airteagal 30(2), an tríú fomhír, Airteagal 33(3), an tríú fomhír, Airteagal 36(2), an dara fomhír, Airteagal 37(2), an tríú fomhír, Airteagal 45(3), an tríú fomhír, agus Airteagal 46(3), an tríú fomhír, de sin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos rialacha comhionanna le Rialachán (AE) 2019/1238 maidir le clárú, monaraíocht, dáileadh agus maoirsiú táirgí pinsin phearsanta a dháiltear san Aontas faoin ainmníocht Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach (TPPU).

(2)

Comhábhair ríthábhachtacha de chreat TPPU is ea na doiciméid faisnéise TPPU. Leis na doiciméid sin, is féidir faisnéis ábhartha a sholáthar do thomhaltóirí ar bhealach lena n-éascaítear tuiscint ar na TPPUnna agus ar roghanna infheistíochta difriúla agus an inchomparáideacht eatarthu.

(3)

Chun an inchomparáideacht a bhaint amach maidir leis na TPPU agus táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna), ba cheart na ceanglais maidir le faisnéis, i gcás inarb iomchuí agus inarb ábhartha, a ailíniú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún (2) a bhaineann leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí le haghaidh PRIIPanna. I roinnt réimsí, caithfear na ceanglais a chur in oiriúint do tháirge coigilteas pinsin fadtéarmach, a fhéadfar a choimeád i gcaitheamh ghairm bheatha agus saoil duine, le fócas ar leith ar rioscaí a bhaineann le pinsin go sonrach, amhail boilsciú agus rioscaí maidir le ranníocaíochtaí a choinneáil ar bun.

(4)

De bhrí gur gné thábhachtach de TPPUnna an dáileadh ar líne, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh rochtain éasca ag tomhaltóirí ar an bhfaisnéis a chuirtear i láthair i dtimpeallacht dhigiteach agus go mbeidh siad in ann í a thuiscint agus a úsáid go héasca. Maidir le dearadh na ndoiciméad faisnéise, ba cheart dá bhrí sin tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu chun an fhaisnéis a chur i láthair ar bhealach éifeachtach trédhearcach nuair a sholáthrófar í agus modhanna digiteacha á n-úsáid amhail suíomh gréasáin, feidhmchlár soghluaiste, agus meán fuaime nó físeáin. Leis an dearadh sin, ba cheart éascú le faisnéis a sholáthar ar mhodhanna digiteacha ar bhealach tarraingteach agus intuigthe. Le srathú na faisnéise, ba cheart solúbthacht leordhóthanach a áirithiú maidir le cur i láthair na faisnéise a oiriúnú de réir cineálacha difriúla modhanna digiteacha agus na bhforbairtí a bhíonn á ndéanamh ar an timpeallacht dhigiteach.

(5)

Chun faisnéis bhunriachtanach faoin TPPU a bheidh éasca le léamh agus le tuiscint a sholáthar do thomhaltóirí, agus chun go gcumasófar an inchomparáideacht idir TPPUnna, caithfidh ardleibhéal caighdeánaithe a bheith i gceist. Dá bhrí sin, caithfear teimpléid shainordaitheacha a bhunú i gcomhair na ndoiciméad faisnéise. D’fhonn tuiscint tomhaltóirí ar an TPPU mar tháirge coigilteas scoir fadtéarmach a éascú, ba cheart na ceanglais maidir le faisnéis a shaincheapadh de réir chuspóir pinsin an TPPU, chun faisnéis, a bheidh úsáideach maidir le cinntí, a thabhairt ar bhealach a bheidh tarraingteach agus soiléir don choigilteoir féideartha TPPU agus ag an am céanna, a chuirfidh ar chumas an tsoláthraí TPPUnna modhanna digiteacha a úsáid chun an fhaisnéis a dháileadh.

(6)

Ba cheart d’aicmiú na bpróifílí riosca-luaíochtaí agus don “táscaire achomair riosca” a bhaineann leis an TPPU na rioscaí sainaitheanta, a bhaineann le pinsin go sonrach, a leanúint chomh maith leis an gcuspóir go mbainfear ioncam scoir iomchuí cobhsaí amach. Le dearadh an táscaire achomair riosca, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le catagóiriú comhsheasmhach agus inchomparáide maidir le rioscaí agus ba cheart an dearadh a chomhlánú le faisnéis fhorlíontach arna díorthú go comhsheasmhach chun idirdhealú a dhéanamh idir straitéisí infheistíochta “barrmheasa” agus teicnící maolaithe riosca “barrmheasa” agus cinn “lagmheasa” chun faisnéis ábhartha a sholáthar do thomhaltóirí maidir le cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann poitéinseal le rogha infheistíochta níos rioscúla chun luaíochtaí níos airde a thabhairt i ndáiríre.

(7)

Bíonn réamh-mheastacháin maidir le hioncam scoir don todhchaí tábhachtach do thuiscint an tomhaltóra ar an TPPU agus ar a oiriúnaí a bheidh sé i gcomhair na roghanna scoir aonair. Ba cheart na torthaí, arna gcoigeartú ó thaobh boilscithe, a gheobhaidh coigilteoirí cineálacha TPPU ar dhul ar scor dóibh a thaispeáint leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU mar sin, chomh maith le tréimhsí carntha sainithe agus ranníocaíochtaí caighdeánaithe.

(8)

Ba cheart príomhtháscairí le haghaidh rioscaí agus costas a dhearadh chun iad a chur i bhfeidhm ar bhealach comhleanúnach agus comhsheasmhach maidir le roghanna infheistíochta difriúla féideartha TPPU. Maidir le costais a nochtadh, ba cheart díriú ar mhéideanna airgeadaíochta inláimhsithe agus ba cheart inchomparáideacht a áirithiú maidir le huasleibhéal an TPPU Bhunúsaigh ó thaobh costas agus táillí de.

(9)

Bíonn gá le teimpléad i gcomhair an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU. Ba cheart don teimpléad sin a bheith éasca le tuiscint agus díriú ar fhaisnéis a bheidh úsáideach do thomhaltóirí agus cinntí á ndéanamh acu maidir le hairgead a chur i dtaisce in TPPU agus aon chlaontacht iompraíochta fhéideartha a mhaolú.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2019/1238 ní mór do sholáthraithe TPPUnna a áirithiú go mbeidh doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPUnna cruinn, cothrom, soiléir agus nach mbeidh siad míthreorach, i gcónaí, chun go mbeidh an coigilteoir ionchasach TPPU in ann brath ar an bhfaisnéis chaighdeánaithe sa doiciméad nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir leis an gcoigilteas fadtéarmach i gcomhair scoir. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a leagan síos chun athbhreithniú tráthrialta agus iomchuí ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a áirithiú agus, i gcás inar gá, chun athcheartú tráthúil ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a áirithiú.

(11)

Baineann dúshláin le cinneadh a dhéanamh maidir le coigilteas fadtéarmach i gcomhair scoir, toisc go mb’fhéidir nach eol iomlán na riachtanas scoir a bheidh ann amach anseo agus toisc go bhféadfadh athrú teacht ar chúinsí pearsanta agus ar ghairmeacha beatha. Dá bhrí sin, fiú má dhéantar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a dhearadh chun faisnéis a sholáthar a bheidh usáideach chun cinneadh a dhéanamh maidir le hairgead a chur i dtaisce in TPPU ar bhealach intuigthe agus iontaofa, ba cheart am leordhóthanach a bheith ag coigilteoirí féideartha TPPU – agus a gcuid riachtanais, taithí agus eolais á gcur san áireamh – chun an fhaisnéis ábhartha a thuiscint agus a mheas sula nglacfar cinneadh maidir le hairgead a chur i dtaisce in TPPU áirithe.

(12)

Ba cheart an Ráiteas Sochair TPPU a chur i láthair ar bhealach lena gcuirfear ar chumas na gcoigilteoirí TPPU súil a choinneáil ar fhorbairt a gcoigilteas TPPU féin go héasca agus faireachán a dhéanamh orthu go héasca. Cé gur dual don Ráiteas Sochair TPPU a bheith pearsantaithe, ba cheart dó a bheith comhsheasmhach le faisnéis réamhchonarthach agus ba cheart dó cur ar chumas daoine comparáid a dhéanamh idir TPPUnna i gcónaí chun a chur ar a gcumas do na coigilteoirí TPPU cinntí eolasacha a dhéanamh maidir leis an rogha infheistíochta a athrú, maidir le soláthraí TPPUnna a mhalartú nó maidir leis na leibhéil ranníocaíochta a oiriúnú chun cuspóir scoir an choigilteora TPPU a bhaint amach.

(13)

Chun cost-éifeachtúlacht an TPPU Bhunúsaigh a áirithiú, is gá a áirithiú go n-áireofar gach costas agus táille faoin teorainn costais, ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis chun a áirithiú nach mbeidh TPPUnna Bunúsacha, lena soláthraítear gné bhreise tháirge na rathaíochta caipitil, faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le TPPUnna Bunúsacha nach gcuirtear an ghné tháirge sin ar fáil leo chun cothroime iomaíochta a áirithiú.

(14)

Tá teicnící maolaithe riosca na TPPUnna fíor-riachtanach chun straitéisí infheistíochta iomchuí a chothú lena mbeifear in ann torthaí sochair pinsin níos fearr a bhaint amach. Chun na críche seo, tá gá le critéir shoiléire agus in-fhorfheidhmithe chun measúnú comhsheasmhach a chumasú ar éifeachtacht na teicníce maolaithe riosca arna roghnú. Ba cheart feidhm a bheith ag na critéir sin mar sin maidir leis na trí phríomhchineál teicnící maolaithe riosca, mar atá, saolré a shocrú, cúlchistí agus ráthaíochtaí a shocrú, agus ba cheart dóibh sonraíochtaí na gcineálacha sin a chur san áireamh. Ba cheart feidhm a bheith ag na critéir sin freisin maidir le haon teicníc nua, nuálach maolaithe riosca freisin chun torthaí scoir níos fearr a chothú tríd an nuálaíocht.

(15)

Bíonn gá leis an samhaltú stocastach mar gheall ar nádúr fadtéarmach na TPPUnna agus a gcuspóir maidir le hioncam scoir, agus uirlis is ea é chun dóchúlacht torthaí éagsúla faoi choinníollacha difriúla a réamhaisnéisiú, sa chaoi go ndéanfar réamh-mheastacháin faoi shochair TPPU amach anseo ar bhealach réasúnach. Is gá a áirithiú mar sin go n-úsáidfear an samhaltú stocastach agus an phróifíl riosca á measúnú chomh maith le feidhmíocht fhéideartha na straitéisí infheistíochta arna gcur ar fáil ag soláthraithe TPPUnna, lena n-atáirgfear raon na dtorthaí sochair TPPU féideartha a bhféadfaí iad a bhreathnú san fhíorshaol mar gheall ar neamhchinnteacht maidir le torthaí sócmhainne agus leibhéil ranníocaíochta. Ba cheart samhaltú stocastach a úsáid freisin nuair a bheidh leibhéil iomchuí na huaillmhéine á gcinneadh i dtéarmaí rioscaí, nuair a bheidh na cásanna feidhmíochta á bhfothú maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU agus na réamh-mheastacháin sochair phinsin i gcomhair an Ráitis Sochair TPPU agus nuair a bheidh an mhodheolaíocht i gcomhair an táscaire achomair riosca á cur chun feidhme go héifeachtach chomh maith. Chun na críche seo, is iomchuí tagairtí áirithe a bhunú don samhaltú stocastach a bheidh le húsáid ag an soláthraí TPPUnna. Ba cheart an tsaoirse a bheith ag an soláthraí TPPUnna i gcónaí chun an samhaltú stocastach a oiriúnú chun an cuspóir is gá a bhaint amach agus chun na samhlacha arna saothrú ag na soláthraithe TPPUnna a chomhtháthú ar mhaithe le táirgí eile atá cosúil leis.

(16)

Tá forálacha an Rialacháin seo nasctha go dlúth le chéile. Pléann siad le ceanglais a bhaineann leis na doiciméid faisnéise, na costais agus na táillí don TPPU Bunúsach, chomh maith leis na teicnící maolaithe riosca. Mar gheall ar idirnaisc shubstainteacha idir forálacha sa Rialachán seo agus chun an chomhsheasmhacht a fheabhsú idir réimsí rialála difriúla a chumhdaítear leis an Rialachán seo, is iomchuí sonrú breise a dhéanamh ar na rialacha sna réimsí sin ar bhealach cuimsitheach agus iomlánaíoch. Is gá sin a dhéanamh chun ardleibhéal comhsheasmhachta a áirithiú idir na rialacha maidir le gnéithe táirgí d’ardcháilíocht agus rialacha maidir leis na gnéithe sin a chur in iúl go héifeachtach do thomhaltóirí. Tá gá leis na rialacha le haghaidh gnéithe sonracha táirge an TPPU chun measúnú iomlánaíoch a bhaint amach ar an gcothromaíocht idir rioscaí agus luaíochtaí i gcomhair an choigilteora TPPU, agus torthaí pinsin níos fearr á n-áirithiú trí bhíthin na nuálaíochta agus cost-éifeachtúlachtaí á n-áirithiú trí bhíthin an digitithe. Is tábhachtach na cineálacha cur chuige nuálacha sin a chur in iúl do thomhaltóirí ar bhealach comhsheasmhach agus inchomparáide. Chun comhleanúnachas idir na forálacha a áirithiú, ba cheart iad a bheith in aon Rialachán amháin.

(17)

Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) atá an Rialachán seo bunaithe.

(18)

Rinne ÚEÁPC comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais ghaolmhara agus ar na sochair ghaolmhara a d'fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d'iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus ón nGrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

DOICIMÉID FAISNÉISE I bhFORMÁID LEICTRONACH

Airteagal 1

Doiciméid faisnéise a chur i láthair i dtimpeallacht ar líne

I gcás ina gcuirtear inneachar dhoiciméad faisnéise bunriachtanaí an Phinsin Phearsanta uile-Eorpaigh (TPPU) nó ábhar Ráitis Sochair TPPU i láthair agus meán marthanach seachas páipéar á úsáid, comhlíonfaidh an cur i láthair na ceanglais seo a leanas:

(a)

cuirfear an fhaisnéis i láthair ar bhealach a bheidh oiriúnaithe do ghaireas an choigilteora TPPU a úsáidtear chun an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU nó an Ráiteas Sochair TPPU a rochtain;

(b)

i gcás ina n-athrófar méid na gcomhpháirteanna sa leagan amach, déanfar an leagan amach, na ceannteidil agus seicheamh fhormáid chaighdeánaithe an chur i láthair a choinneáil, chomh maith le feiceálacht choibhneasta agus méid choibhneasta na n-eilimintí difriúla;

(c)

beidh an chlófhoireann agus méid na clófhoirne de chineál go mbeidh an fhaisnéis suntasach, intuigthe agus á cur i láthair i bhformáid a bheidh inléite go soiléir;

(d)

má úsáidtear meán fuaime nó físeáin, úsáidfear luas labhartha agus airde fuaime de chineál lena bhfágfar, agus gnáthaird á tabhairt air, go mbeidh an fhaisnéis suntasach, intuigthe agus á cur i láthair i bhformáid is inchloiste go soiléir;

(e)

beidh an fhaisnéis a chuirfear i láthair comhionann leis an bhfaisnéis arna soláthar sa leagan páipéir den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU nó den Ráiteas Sochair TPPU faoi seach.

Airteagal 2

Srathú faisnéise

Maidir le srathú na faisnéise sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU nó sa Ráiteas Sochair TPPU faoi seach i gcomhréir le hAirteagail 28(3), 35(1) agus (2), 36(1) agus 37(1) de Rialachán (AE) 2019/1238, beidh dearadh i gceist leis nach mbainfidh aire an chustaiméara d’inneachar an doiciméid ná ní dhéanfaidh sé aon fhaisnéis bhunriachtanach a cheilt. I gcás ina ndéanfar an fhaisnéis a shrathú, beifear in ann an Ráiteas Sochair TPPU a phriontáil mar aon doiciméad amháin.

CAIBIDIL II

INNEACHAR AGUS CUR I LÁTHAIR AN DOICIMÉID FAISNÉISE BUNRIACHTANAÍ TPPU

Airteagal 3

Roinn dar teideal “Cad é an táirge seo?”

1.   Maidir le faisnéis ina luaitear cuspóirí scoir fadtéarmacha an TPPU agus na modhanna chun na cuspóirí sin a bhaint amach sa roinn dar teideal “Cad é an táirge seo?” den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, déanfar an fhaisnéis sin a achoimriú ar bhealach achomair agus soiléir a bheidh éasca le tuiscint. Leis an bhfaisnéis sin, sainaithneofar na príomhthosca ar a mbeidh an toradh ar infheistíocht agus na torthaí pinsin ag brath, na bunsócmhainní infheistíochta nó na luachanna tagartha agus an bealach a chinnfear an toradh, chomh maith le tionchar na leibhéal ranníocaíochta agus an tréimhse choigiltis ionchasach go dtí go dtéann an duine ar scor. Míneofar prionsabail na dteicnící maolaithe riosca a chuirtear i bhfeidhm, go háirithe leithdháileadh na dtorthaí laistigh de phunann a ghabhann leis an gconradh aonair TPPU. Déanfar tagairt san fhaisnéis freisin don chineál soláthraí TPPUnna agus do na gnéithe sonracha a bhaineann leis an gconradh TPPU dá bharr.

2.   Sa tuairisc ar an gcineál coigilteoirí TPPU dá bhfuil sé beartaithe an TPPU a mhargú sa roinn dar teideal “Cad é an táirge seo?” den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, beidh faisnéis maidir leis na coigilteoirí TPPU a bhfuiltear ag díriú orthu agus atá sainaitheanta ag an soláthraí TPPUnna. Maidir leis an gcineál coigilteoirí TPPU, dá bhfuil an TPPU beartaithe, a chinneadh, bunófar sin ar chumas na gcoigilteoirí TPPU caillteanas infheistíochta a sheasamh agus ar shainroghanna a dtréimhse infheistíochta ionchasaí, ar a n-eolas teoiriciúil ar TPPUnna, agus ar a dtaithí orthu roimhe agus ar na margaí airgeadais i gcoitinne, chomh maith le riachtanais, saintréithe agus cuspóirí na gcoigilteoirí féideartha TPPU.

3.   Maidir leis na mionsonraí ar shochair scoir TPPU sa roinn dar teideal “Cad é an táirge seo?” den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, áireofar iontu achoimre ghinearálta ar phríomhthréithe an chonartha TPPU. Áireofar an méid seo a leanas go háirithe sna mionsonraí sin:

(a)

na cineálacha eisíocaíochtaí féideartha dá dtagraítear in Airteagal 58(1) de Rialachán (AE) 2019/1238, agus an ceart modhnú a dhéanamh ar chineál na n-eisíocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 59(1) den Rialachán sin;

(b)

sonraíocht gach sochair scoir TPPU dá bhfuil san áireamh, le ráiteas míniúcháin lena léireofar go dtaispeántar luach na sochar sin sa roinn dar teideal “Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?”.

4.   I gcás ina gcumhdófar riosca bithmhéadrach leis an gconradh TPPU, áireofar faisnéis sa roinn dar teideal “Cad é an táirge seo?” den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU maidir le mionsonraí an chumhdaigh sin, lena n-áirítear liosta rioscaí arna gcumhdach agus na cúinsí a spreagfadh an cumhdach agus na sochair árachais. Maidir le préimh an riosca bithmhéadraigh, mar a thuairiscítear i bpointe 54 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/653, cuirfear an phréimh i láthair i dtéarmaí chéatadán na ranníocaíochta bliantúla nó i bhfoirm thionchar na préimhe riosca bithmheádraí ar an toradh infheistíochta ag deireadh thréimhse an charntha, bunaithe ar na tréimhsí sealbhaíochta cineálacha arna n-úsáid i gcomhair na sochar réamh-mheasta TPPU. I gcás ina n-íocfar an phréimh i bhfoirm chnapshuim aonair, áireofar an tsuim arna hinfheistiú sna mionsonraí. I gcás ina n-íocfar an phréimh go tréimhsiúil, áireofar líon na n-íocaíochtaí tréimhsiúla agus meastachán faoin meánphréimh riosca bithmhéadraigh mar chéatadán den ranníocaíocht bhliantúil san fhaisnéis.

5.   Sa roinn dar teideal “Cad é an táirge seo?” den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, áireofar an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an tseirbhís iniomparthachta:

(a)

faisnéis go mbeidh sé de cheart ag coigilteoirí TPPU, arna iarraidh sin, seirbhís iniomparthachta a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2019/1238;

(b)

faisnéis maidir leis na fochuntais a bheidh ar fáil láithreach;

(c)

tagairt do chlár lárnach poiblí ÚEÁPC dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1238, ina bhfuil faisnéis maidir leis na coinníollacha le haghaidh chéim an charntha agus chéim an dícharntha de na fochuntais náisiúnta arna gcinneadh ag na Ballstáit;

(d)

faisnéis maidir leis an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 20(5) de Rialachán (AE) 2019/1238 i gcás nach mbeidh an soláthraí TPPUnna in ann a áirithiú go n-osclófar fochuntas nua a chomhfhreagróidh do Bhallstát cónaithe nua an choigilteora TPPU.

6.   Sa roinn dar teideal “Cad é an táirge seo?” den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, áireofar faisnéis maidir le soláthar na seirbhíse um malartú, agus go háirithe, faisnéis maidir le féidearthachtaí um malartú dá bhforáiltear in Airteagal 52(3) de Rialachán (AE) 2019/1238. Más rud é, i gcomhréir leis an Airteagal sin, go gceadóidh an soláthraí TPPUnna don choigilteoir TPPU soláthraí TPPUnna a mhalartú níos minice, tabharfar an mhinicíocht le fios sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU. Sonrófar sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU cibé acu a bheidh an malartú saor in aisce nó nach mbeidh. I gcás nach mbeidh an tseirbhís saor in aisce, nochtfar na costais lena mbaineann sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU.

San fhaisnéis maidir le soláthar na seirbhíse um malartú, áireofar faisnéis freisin maidir leis an gceart faisnéis bhreise a fháil faoin tseirbhís um malartú dá dtagraítear in Airteagal 56(2) de Rialachán (AE) 2019/1238. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí TPPUnna agus arna hiarraidh sin ag coigilteoirí TPPU i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2019/1238.

7.   Sa roinn dar teideal “Cad é an táirge seo?” den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, áireofar faisnéis maidir leis na coinníollacha ar mhodhnú na rogha infheistíochta a roghnaíodh. Go háirithe, i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le haon rogha infheistíochta mhalartach a chuirtear ar fáil is féidir leis an gcoigilteoir TPPU malartú chucu i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) 2019/1238. Má cheadaíonn an soláthraí TPPUnna don choigilteoir TPPU an rogha infheistíochta roghnaithe a mhodhnú níos minice ná an ceanglas íosta, tabharfar an mhinicíocht maidir le modhnú féideartha a dhéanamh le fios agus sonrófar sa nochtadh go mbeidh an modhnú sin saor in aisce nó nochtfar na costais lena mbaineann.

8.   Maidir leis an bhfaisnéis a bhaineann le feidhmíocht infheistíochtaí an tsoláthraí TPPUnna ó thaobh tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais (“tosca ESG”) de sa roinn dar teideal “Cad é an táirge seo?” den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, áireofar mínithe insinte agus faisnéis chainníochtúil, i gcás ina bhfuil sin ar fáil, ar an mbealach a dhéanann comhtháthú na dtosca ESG difear do fheidhmíocht iarbhír agus do fheidhmíocht ionchasach infheistíochtaí an tsoláthraí TPPUnna.

9.   Sa roinn dar teideal “Cad é an táirge seo?” den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, áireofar faisnéis, i gcás inarb infheidhme, maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil tréimhse mharana nó tréimhse chealúcháin ann i gcomhair an choigilteora TPPU, agus na hiarmhairtí a bhaineann leis sin, lena n-áirítear gach táille agus pionós is infheidhme maidir leis an tréimhse mharana a úsáid nó leis an gconradh a chealú.

10.   San fhaisnéis sa roinn dar teideal “Cad é an táirge seo?” den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, áireofar tagairt don fhaisnéis maidir le feidhmíocht roimhe seo a bhain le roghanna infheistíochta an TPPU, mar a leithdháileadh ar na coigilteoirí TPPU. Cuirfear an fhaisnéis maidir le feidhmíocht roimhe seo ar fáil ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí TPPUnna.

11.   I gcás ina gcuirfear faisnéis i láthair i bhformáid leictreonach trí shrathú faisnéise, áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa chéad sraith:

(a)

faisnéis dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3:

(b)

faisnéis ar cibé acu a chumhdaítear rioscaí bithmhéadracha leis an gconradh TPPU nó nach gcumhdaítear;

(c)

faisnéis ar cheachtar díobh seo a leanas:

(i)

cibé acu a sholáthraítear nó nach soláthraítear ráthaíocht ar an gcaipiteal leis an TPPU Bunúsach nó an teicníc maolaithe riosca atá ann atá comhsheasmhach leis an gcuspóir atá ann maidir le ceadú don choigilteoir TPPU an caipiteal a chúiteamh;

(ii)

cibé acu a sholáthraítear agus a mhéid a sholáthraítear le haon rogha infheistíochta mhalartach, más infheidhme, ráthaíocht nó teicníc maolaithe riosca, nó nach soláthraítear.

Féadfar faisnéis eile a sholáthar i sraitheanna breise an mhionsonraithe.

Airteagal 4

Roinn dar teideal “Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?”

1.   Maidir leis an bhfaisnéis faoin bpróifíl riosca-luaíochta a bhaineann le TPPU, lena n-áirítear na mínithe insinte faoin táscaire achomair riosca sa roinn dar teideal “Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?” den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, soláthrófar an fhaisnéis sin ar bhealach achomair agus soiléir a bheidh éasca le tuiscint. Míneofar leis an bhfaisnéis cuspóir agus torthaí an táscaire achomair riosca chun próifílí riosca agus luaíochta difriúla a shainaithint, ar bhealach caighdeánaithe agus inchomparáide, agus míneofar go measfar an táscaire achomair riosca mar phointe tagartha nuair a bheidh comparáid á déanamh idir próifílí riosca-luaíochta TPPUnna difriúla. Luafaidh an soláthraí TPPUnna go soiléir go bhfuil táscaire achomair riosca an TPPU difriúil le táscaire achomair riosca táirgí a thagann faoi Rialachán (AE) 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus nach ionchomparáide leis an táscaire úd é (4).

Míneofar leis an bhfaisnéis an bealach lena dtugann próifíl riosca-luaíochta íseal le fios gur dóchúla go bhfaighidh an coigilteoir TPPU ioncam scoir measartha, agus go dtugann próifíl riosca-luaíochta ard le fios gur dóchúla go bhfaighidh an coigilteoir TPPU ioncam scoir a bheidh níos airde nó níos ísle den chuid is mó ná próifíleanna riosca-luaíochta níos ísle. Déanfaidh mínithe insinte teorainneacha an táscaire achomair riosca a shainaithint, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha, spleáchas na próifíle riosca-luaíochta ar fhorbairt iarbhír na n-infheistíochtaí, an tréimhse choigiltis agus éifeachtacht na teicníce maolaithe riosca atá i bhfeidhm.

2.   Maidir leis an bhfaisnéis a éileofar, de réir phointe (ii) d’Airteagal 28(3)(d) de Rialachán (AE) 2019/1238 faoi chaillteanas uasta féideartha an chaipitil arna infheistiú sa roinn dar teideal “Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?”, den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, déanfar an fhaisnéis sin a chomhlánú le faisnéis faoin gcaipiteal carntha, caighdeánaithe arna chinneadh go stocastach tráth a dhícharntha faoi chás struis, is ionann agus an cúigiú peirceintíl den dáileadh.

3.   Sa roinn dar teideal “Cad iad na rioscaí agus cad a d’fhéadfainn a fháil i gcomaoin orthu?” den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, cuirfear faisnéis i láthair ar na cásanna feidhmíochta caighdeánaithe i gcás fabhrach, i gcás de réir na meastachán is fearr agus i gcás mífhabhrach, i ndáil leis na sochair scoir réamh-mheasta TPPU bunaithe ar na heilimintí seo a leanas:

(a)

áireofar sna réamh-mheastacháin ceathrar coigilteoirí cineálacha TPPU a bhfuil 40, 30, 20 bliain agus 10 mbliana acu go dtí deireadh chéim an charntha agus beidh na réamh-mheastacháin bunaithe ar leibhéal ranníocaíochta caighdeánaithe;

(b)

beidh an cás fabhrach ag tagairt don 85ú peircintíl den dáileadh, beidh an cás is fearr de réir na meastachán ag tagairt don pheircintíl mheánach agus an cás mífhabhrach don 15ú peircintíl den dáileadh;

(c)

déanfar an caipiteal carntha réamh-mheasta ag deireadh thréimhse an charntha agus na sochair scoir mhíosúla réamh-mheasta a choigeartú i leith éifeachtaí boilscithe;

(d)

beidh míniú insinte san fhaisnéis, lena n-áirítear méideanna ainmniúla, faoin aistriú i luachanna an lae inniu mar gheall ar na hathruithe ar chumhachtaí ceannaigh le himeacht ama.

4.   I gcás inarb infheidhme, san fhaisnéis maidir leis na coinníollacha i leith torthaí i gcomhair coigilteoirí TPPU nó ar uasteorainneacha feidhmíochta ionsuite sa roinn dar teideal “Cad é an táirge seo?” den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, déanfar tagairt do na sásraí maidir le dearadh agus leithdháileadh a bhaineann leis na teicnící maolaithe riosca atá i bhfeidhm.

5.   Beidh na hionchuir, na toimhdí agus na modheolaíochtaí i gcomhair na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

6.   I gcás ina gcuirfear faisnéis i láthair i bhformáid leictreonach trí shrathú faisnéise, beidh an táscaire achomair riosca agus na sochair scoir réamh-mheasta TPPU ag ceathrar coigilteoirí TPPU cineálacha sa chéad sraith ar a laghad, agus féadfar na sochair ainmniúla réamh-mheasta a sholáthar i sraitheanna breise an mhionsonraithe. Féadfar faisnéis eile a sholáthar i sraitheanna breise an mhionsonraithe.

Airteagal 5

Roinn dar teideal “Cad iad na costais?”

1.   Maidir leis an bhfaisnéis sa roinn dar teideal “Cad iad na costais?” den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, soláthrófar an fhaisnéis sin ar bhealach achomair agus soiléir a bheidh éasca le tuiscint. Maidir le haon chostas agus táillí arna sainaithint sa roinn “Cad iad na costais?” déanfar tagairt leo do na costais a tabhaíodh go hiarbhír, a thabhaítear go díreach ar leibhéal an tsoláthraí nó ar leibhéal gníomhaíochta seachfhoinsithe nó ar leibhéal ciste infheistíochta, lena n-áirítear gach forchostas lena mbaineann. Más infheidhme, déanfar costais agus táillí a mhuirearaítear chuig an gcoigilteoir ionchasach TPPU, roimh dóibh airgead a chur i dtaisce sa TPPU, a nochtadh ar leithligh mar “chostais tosaigh”. Cuirfear costais agus táillí, idir chostais aonuaire agus chostais athfhillteacha, i láthair mar “chostais iomlána in aghaidh na bliana” i dtéarmaí airgeadaíochta agus mar chéatadán den chaipiteal carntha, mar a shainmhínítear le hAirteagal 2(24) de Rialachán (AE) 2019/1238. Cuirfear éifeacht iolraithe na gcostas i láthair bunaithe ar ranníocaíocht mhíosúil chaighdeánaithe ón gcoigilteoir TPPU i dtéarmaí airgeadaíochta, mar a shonraítear i gCuid III d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

2.   Sa roinn dar teideal “Cad iad na costais?” den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, beidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

faisnéis maidir leis na costais riaracháin a eascraíonn as gníomhaíochtaí an tsoláthraí TPPUnna agus cuntais TPPU á riar, ranníocaíochtaí á mbailiú, faisnéis á soláthar do bhaill agus íocaíochtaí á ndéanamh aige;

(b)

faisnéis maidir leis na costais infheistíochta seo a leanas:

(i)

costais a bhaineann le sócmhainní a choimeád slán, lena n-áirítear táillí arna n-íoc leis an gcoimeádaí as sócmhainní a choinneáil sábháilte agus as díbhinní agus ioncam úis a bhailiú;

(ii)

costais a bhaineann le hidirbhearta punainne, lena n-áirítear íocaíochtaí iarbhír arna ndéanamh ag an soláthraí TPPUnna le tríú páirtithe chun na costais a thabhaítear i dtaca le héadáil nó diúscairt aon sócmhainne sa chuntas TPPU a ghlanadh;

(iii)

costais eile a bhaineann le bainistíocht na n-infheistíochtaí;

(c)

faisnéis maidir leis na costais dáileacháin a eascraíonn as an táirge TPPU a mhargú agus a dhíol, lena n-áirítear na costais agus na táillí a bhaineann le comhairle a sholáthar;

(d)

faisnéis maidir leis na costais ráthaíochtaí a mhuirearaítear ar an gcoigilteoir TPPU as an ráthaíocht airgeadais chun an caipiteal carntha tráth a dhícharntha ar a laghad a íoc ar ais agus faisnéis maidir le costais aon ráthaíocht airgeadais eile arna soláthar faoin gconradh TPPU.

3.   I gcás ina ngearrann soláthraí TPPUnna táillí chun na costais a tabhaíodh, a bhain le comhairle thosaigh i rith théarma tosaigh an chonartha TPPU, a chúiteamh, sula mbeidh sé de cheart ag an gcoigilteoir TPPU an soláthraí TPPUnna a mhalartú de réir Airteagal 52(3) de Rialachán(AE) 2019/1238, cuirfidh an soláthraí TPPUnna coigilteoirí ionchasacha TPPU ar an eolas faoi mhéid iomlán na dtáillí sin, faoin tréimhse ama a mbeidh na táillí sin i bhfeidhm lena linn agus a mhinice agus a bheidh feidhm leis na táillí sin.

4.   I gcás ina gcuirfear faisnéis i láthair i bhformáid leictreonach trí shrathú faisnéise, áireofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa chéad sraith:

(a)

an fhaisnéis maidir le costais iomlána in aghaidh na bliana i dtéarmaí airgeadaíochta agus mar chéatadán den chaipiteal carntha ag deireadh na bliana, mar a shonraítear i mír 1;

(b)

más infheidhme, faisnéis maidir le haon chostas tosaigh.

Féadfar faisnéis eile a sholáthar i sraitheanna breise an mhionsonraithe.

Airteagal 6

Leagan amach caighdeánach an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU

Cuirfidh Soláthraithe TPPUnna an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU i láthair i gcomhréir le hIarscríbhinn I. I gcás ina gcuirfear faisnéis i láthair i bhformáid leictreonach, ní fhéadfar an cur i láthair trí bhíthin an teimpléid a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a oiriúnú ach amháin chun faisnéis a shrathú.

CAIBIDIL III

AN DOICIMÉAD FAISNÉISE BUNRIACHTANAÍ TPPU A ATHBHREITHNIÚ, A ATHCHEARTÚ AGUS A SHOLÁTHAR

Airteagal 7

An doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU a athbhreithniú

1.   Déanfaidh Soláthraithe TPPUnna athbhreithniú ar an bhfaisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU i gcomhréir le hAirteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2019/1238, gach uair a tharlaíonn athrú lena ndéantar difear suntasach nó is dócha lena ndéanfar difear suntasach don fhaisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU agus, ar a laghad, gach 12 mhí tar éis dháta foilsithe tosaigh an doiciméid faisnéise bunriachtanaí TPPU.

2.   Nuair a bheidh an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh, fíoróidh soláthraithe TPPUnna cibé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU cruinn, cothrom, soiléir agus cibé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis míthreorach. Go háirithe, fíorófar leis an athbhreithniú go gcomhlíontar na critéir seo a leanas:

(a)

cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an fhaisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU na ceanglais ghinearálta maidir le foirm agus inneachar faoi Airteagail 26, 27 agus 28 de Rialachán (AE) 2019/1238, agus na ceanglais shonracha maidir le foirm agus inneachar a leagtar síos in Airteagal 6 den Rialachán seo;

(b)

cibé acu atá nó nach bhfuil athrú tagtha ar rioscaí agus luaíochtaí an TPPU, i gcás ina mbaineann an éifeacht leis an athrú sin gur gá an TPPU a aistriú chuig aicme dhifriúil den táscaire achomair riosca ón aicme arna sannadh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU faoi réir a athbhreithnithe.

3.   Chun críocha mhír 1, bunóidh agus coinneoidh soláthraithe TPPUnna próisis iomchuí ar bun ar feadh shaol an TPPU chun go gcuirfear ar a gcumas do na coigilteoirí TPPU aon chúinse a shainaithint i gcónaí agus gan moill mhíchuí, a bhféadfadh athrú a bheith mar thoradh air lena ndéantar nó is dócha lena ndéanfar difear do chruinneas, do chothroime nó do shoiléireacht na faisnéise atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU.

Airteagal 8

An doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a athcheartú

1.   Déanfaidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a athcheartú go pras i gcás inarb é conclúid athbhreithnithe de bhun Airteagal 7 gur gá athruithe a dhéanamh ar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU. Áiritheoidh soláthraithe TPPUnna go ndéanfar gach roinn den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU, dá ndéantar difear de bharr na n-athruithe sin, a thabhairt cothrom le dáta.

2.   Déanfaidh an soláthraí TPPUnna an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU athbhreithnithe a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé na coigilteoirí TPPU ar an eolas go pras faoi i gcomhréir le hAirteagal 7(3).

Airteagal 9

An doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a sholáthar

1.   Soláthróidh an duine a bheidh ag tabhairt comhairle faoi TPPU nó a bheidh ag díol TPPU an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU luath go leor chun go mbeidh go leor ama ag coigilteoir TPPU ionchasach nó reatha an doiciméad a mheas sula mbeidh sé faoi cheangal conradh nó tairiscint a bhaineann leis an TPPU sin, beag beann ar cibé acu a sholáthrófar nó nach soláthrófar tréimhse mharana don choigilteoir TPPU ionchasach nó reatha.

2.   Chun críocha mhír 1, measúnóidh an duine a bheidh ag tabhairt comhairle faoi TPPU nó a bheidh ag díol TPPU an t-am a bheidh ag teastáil ó gach coigilteoir TPPU ionchasach nó reatha chun an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU a mheas, agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh:

(a)

eolas agus taithí an choigilteora TPPU ionchasaigh nó reatha ar an TPPU nó ar TPPUnna de chineál comhchosúil nó ar rioscaí cosúil leo siúd a eascraíonn as an TPPU;

(b)

castacht, cineál fadtéarmach agus infhuascailteacht theoranta an TPPU;

(c)

i gcás ina mbeidh an chomhairle nó an díolachán ar thionscnamh an choigilteora TPPU ionchasaigh nó reatha, an phráinn arna cur in iúl go sainráite ag an gcoigilteoir TPPU ionchasach nó reatha maidir leis an gconradh nó an tairiscint a mholtar a thabhairt i gcrích.

3.   Chun críocha mhír 1, má sholáthraítear an doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU ar líne, comhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas:

(a)

beidh sé suite i réimse den suíomh gréasáin nó de fheidhmchlár soghluaiste inar féidir é a aimsiú agus a rochtain go héasca;

(b)

soláthrófar é ag céim den phróiseas ceannaigh lena dtabharfar go leor ama don choigilteoir TPPU ionchasach nó reatha an doiciméad a mheas sula mbeidh sé faoi cheangal conradh TPPU nó tairiscint a bhaineann leis an TPPU sin.

CAIBIDIL IV

AN RÁITEAS SOCHAIR TPPU A CHUR I LÁTHAIR AGUS A LEAGAN AMACH

Airteagal 10

An Ráiteas Sochair TPPU a chur i láthair

1.   Soláthrófar an fhaisnéis sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU ar bhealach achomair agus soiléir a bheidh éasca le tuiscint. Cuirfear an fhaisnéis i láthair de réir an tseichimh seo a leanas, i gcomhair gach fochuntas dá bhfuil ann:

(a)

faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 35(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/1238;

(b)

sa roinn dar teideal “Ainm an táirge”, faisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2019/1238;

(c)

sa roinn dar teideal “Cá mhéad atá curtha i dtaisce agam i mo TPPU?”, an fhaisnéis seo a leanas:

(i)

faisnéis dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2019/1238;

(ii)

faisnéis maidir le méid iomlán an chuntais TPPU, arna mhiondealú de réir ranníocaíochtaí atá íoctha agus na dtorthaí infheistíochta glan ó chostais agus ó mhuirir, ó thosaigh an coigilteoir TPPU ag cur airgead i dtaisce sa TPPU, a áireamh;

(iii)

faisnéis maidir le préimheanna riosca bithmhéadraigh;

(d)

sa roinn dar teideal “Cad a gheobhaidh mé nuair a rachaidh mé ar scor?”, an fhaisnéis seo a leanas:

(i)

faisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 36(1) agus i bpointe (d) d’Airteagal 37(1) de Rialachán (AE) 2019/1238 agus d’Airteagal 4(3) den Rialachán sin, i gcás ina bhfeidhmítear na ranníocaíochtaí iarbhír, na leibhéil ranníocaíochta ionchasacha agus na téarmaí agus coinníollacha aonair;

(ii)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le réamh-mheastacháin sochair pinsin bhreise bunaithe ar rialacha náisiúnta i gcomhréir le Airteagal 37(3) de Rialachán(AE) 2019/1238;

(e)

faisnéis maidir leis an gcaipiteal carntha réamh-mheasta ag deireadh thréimhse an charntha agus na sochair scoir mhíosúla réamh-mheasta;

(f)

sa roinn dar teideal “Conas atá mo TPPU tar éis athrú le 12 mhí anuas?”, faisnéis dá dtagraítear i bpointí (e), (f) agus (h) d’Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2019/1238 faoi fhorbairt an chuntais TPPU sa 12 mhí roimhe, agus an iarmhéid tosaigh á réiteach leis an iarmhéid deiridh trí ranníocaíochtaí arna n-íoc a chur i láthair, chomh maith le torthaí infheistíochta arna leithdháileadh ar an gcuntas TPPU agus costais agus táillí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den Rialachán sin;

(g)

sa roinn dar teideal “Príomhthosca a dhéanann difear do fheidhmíocht mo TPPU”, faisnéis, i gcás inarb ábhartha, dá dtagraítear i bpointí (g), (j) agus (l) d'Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2019/1238 agus d’Airteagal 3(10) den Rialachán sin;

(h)

sa roinn dar teideal “Faisnéis thábhachtach”, an fhaisnéis seo a leanas:

(i)

faisnéis maidir le haon athrú ábhartha ar théarmaí agus ar choinníollacha an TPPU dá dtagraítear in Airteagal 35(5) agus (6) de Rialachán (AE) 2019/1238;

(ii)

léiriú i dtaobh cén áit a bhfaighfear faisnéis fhorlíontach dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (e) d’Airteagal 37(1) de Rialachán (AE) 2019/1238 agus an bealach chun an fhaisnéis sin a fháil;

(iii)

más infheidhme, tagairt don ráiteas um bheartais infheistíochta lena meastar tosca ESG de réir phointe (c) d’Airteagal 37(1) de Rialachán (AE) 2019/1238.

Cuirfear faisnéis dá dtagraítear i bpointe (c)(iii) den chéad fhomhír i láthair ar leithligh i gcomhréir le hAirteagal 3(4).

Cuirfear faisnéis dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír i láthair arna coigeartú i leith éifeachtaí boilscithe. Déanfar an fhaisnéis a chomhlánú le míniú insinte faoin aistriú ó thaobh luachanna reatha de mar gheall ar na hathruithe ar chumhachtaí ceannaigh le himeacht ama.

Chun críocha phointe (f) den chéad fhomhír, cuirfear éifeacht iolraithe na gcostas ar an gcaipiteal carntha réamh-mheasta tráth a dhícharntha de réir phointe (f) d’Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2019/1238 i láthair mar “Laghdú ar an Rachmas” mar a shonraítear i gCuid III d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (g) den chéad fhomhír, tagróidh sí do fheidhmíocht rogha infheistíochta an choigilteora TPPU roimhe, mar a leithdháileadh ar na coigilteoirí TPPU, agus soláthrófar an fhaisnéis sin maidir leis na 10 mbliana roimhe, más féidir. Mura féidir an fhaisnéis i gcomhair na 10 mbliana roimhe a sholáthar, soláthrófar an fhaisnéis i gcomhair na tréimhse is faide dá raibh an coigilteoir TPPU ag cur airgead i dtaisce sa TPPU. Cuirfear an fhaisnéis sin i láthair mar na meántorthaí ar infheistíocht, glan ó chostais infheistíochta, i gcomhair thréimhsí na bliana roimhe, na 3 bliana roimhe, na 5 bliana roimhe agus na 10 mbliana roimhe, mar chéatadán den chaipiteal carntha.

2.   Beidh na toimhdí i gcomhair na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

3.   I gcás ina gcuirfear faisnéis i láthair i bhformáid leictreonach trí shrathú faisnéise, áireofar an fhaisnéis a chumhdaítear i bpointí (a), (b), (d) agus (e) de mhír 1 ar a laghad sa chéad sraith. Féadfar faisnéis eile a sholáthar i sraitheanna breise an mhionsonraithe.

Airteagal 11

Leagan amach caighdeánach an Ráitis Sochair TPPU

Cuirfidh soláthraithe TPPUnna an Ráiteas Sochair TPPU i láthair i gcomhréir le hIarscríbhinn II. I gcás ina gcuirfear faisnéis i láthair i bhformáid leictreonach, ní fhéadfar an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a oiriúnú ach amháin chun faisnéis a shrathú.

CAIBIDIL V

NA COSTAIS AGUS NA TÁILLÍ I gCOMHAIR AN TPPU BHUNÚSAIGH

Airteagal 12

Cineálacha costas agus táillí i gcomhair an TPPU Bhunúsaigh

1.   Is éard a bheidh sna costais agus táillí dá dtagraítear in Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2019/1238, i ndáil le caipiteal carntha an choigilteora TPPU Bhunúsaigh ag deireadh na bliana faoi seach, gach costas agus táille iarbhír arna dtabhú, arna dtabhú ar leibhéal an tsoláthraí go díreach nó ar leibhéal gníomhaíocht seachfhoinsithe, lena n-áirítear forchostais agus táillí iomchuí i ndáil leis an gcoigilt sa TPPU Bunúsach agus i ndáil le dáileadh an TPPU Bhunúsaigh. Áireofar sna costais agus sna táillí sin na costais seo a leanas go háirithe:

(a)

costais riaracháin

(b)

costais infheistíochta;

(c)

costais dáileacháin.

2.   Maidir le haon chostas agus táille atá nasctha le heilimintí nó gnéithe breise den TPPU Bunúsach, nach gceanglaítear le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) 2019/1238, agus aon chostas agus táille atá nasctha leis na seirbhísí um malartú mar a leagtar amach in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2019/1238, ní áireofar iad sna costais dá dtagraítear in Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2019/1238.

Airteagal 13

Costais agus táillí i gcomhair ráthaíochtaí an TPPU Bhunúsaigh

1.   Má dhéantar foráil sa TPPU Bunúsach maidir le ráthaíocht ar an gcaipiteal, atá le bheith dlite le híoc ag tús chéim an charntha agus le linn chéim an dícharntha dá bhforáiltear in Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2019/1238, ní áireofar na costais a bheidh nasctha go díreach leis an ráthaíocht chaipitil sin sna costais dá dtagraítear in Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2019/1238.

2.   Nochtfaidh an soláthraí TPPUnna na costais a ghearrfar ar an ráthaíocht chaipitil go sainráite agus ar leithligh faoin roinn dar teideal “Cad iad na costais?” sa doiciméad faisnéis bunriachtanaí TPPU faoin roinn dar teideal “Conas atá mo TPPU tar éis athrú le bliain anuas?” sa Ráiteas Sochair TPPU.

3.   I gcás inarb ábhartha, beidh an soláthraí TPPUnna in ann fianaise a sholáthar go mbeidh na costais faoi seach nasctha go díreach leis an ráthaíocht chaipitil arna iarraidh sin ag an údarás náisiúnta inniúil nó ag ÚEÁPC.

CAIBIDIL VI

TEICNÍCÍ MAOLAITHE RIOSCA

Airteagal 14

Cuspóir na dteicnící maolaithe riosca

1.   Nuair a bheidh na teicnící maolaithe riosca á n-úsáid i gcomhair straitéis infheistíochta TPPU, socróidh soláthraithe TPPUnna cuspóir i gcomhréir le cuspóir scoir sonrach an choigilteora TPPU nó de chuid grúpa coigilteoirí TPPU, i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) 2019/1238.

2.   Déanfaidh an soláthraí TPPUnna an teicníc maolaithe riosca a dhearadh ar bhealach chun go mbainfear amach an cuspóir ó thaobh socrú a dhéanamh d’ioncam scoir aonair amach anseo ó TPPU a bheidh cobhsaí agus leordhóthanach, agus an fad ionchasach, atá fágtha i gcéim charntha aonair an choigilteora TPPU nó ghrúpa coigilteoirí TPPU, á chur san áireamh chomh maith leis an rogha maidir le dícharnadh a bheidh roghnaithe ag an gcoigilteoir TPPU. Chun an cuspóir sin a chur chun feidhme, déanfar an teicníc maolaithe riosca a dhearadh ar an mbealach seo a leanas:

(a)

áiritheofar maidir leis an gcaillteanas ionchasach, a shainmhínítear mar an t-easnamh idir suim réamh-mheasta na ranníocaíochtaí agus an caipiteal carntha réamh-mheasta ag deireadh chéim an charntha, nach airde an caillteanas ionchasach sin ná 20 % faoin gcás struis, arb ionann é agus an cúigiú peircintíl den dáileadh;

(b)

beidh sé d’aidhm feidhmíocht an ráta boilscithe bliantúil a shárú le dóchúlacht 80 % ar a laghad ar feadh céim charntha a mhairfidh 40 bliain;

(c)

torthaí an tsamhaltaithe stocastaigh a chur san áireamh.

3.   I gcomhair an TPPU Bhunúsaigh, nuair nach ndéanfaidh an soláthraí TPPUnna ráthaíocht chaipitil a chur ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 13, úsáidfidh an soláthraí TPPUnna straitéis infheistíochta lena n-áiritheofar, agus torthaí an tsamhaltaithe stocastaigh á gcur san áireamh, go gcúiteofar an caipiteal ag tús chéim an dícharntha agus i rith chéim an dícharntha le dóchúlacht 92,5 % ar a laghad. I gcás inarb ionann a bhfuil fágtha de chéim an charntha áfach agus 10 mbliana nó tréimhse níos giorra ná sin agus an TPPU Bunúsach á ghlacadh, féadfar dóchúlacht 80 % ar a laghad a úsáid agus an straitéis infheistíochta á húsáid.

4.   Nuair a bheidh teicníc maolaithe riosca á dearadh do ghrúpa coigilteoirí TPPU, déanfaidh an soláthraí TPPUnna an teicníc maolaithe riosca a dhearadh ar bhealach lena n-áiritheofar go gcosnófar gach coigilteoir TPPU aonair laistigh den ghrúpa go cothrom agus go comhionann agus déanfaidh sé iompraíocht faille coigilteoirí aonair TPPU laistigh den ghrúpa a dhídhreasú.

5.   Áiritheoidh soláthraithe TPPUnna go mbeidh aon luach saothair, a bheidh nasctha le feidhmíocht i gcás daoine a bheidh ag gníomhú thar ceann an tsoláthraí TPPUnna agus ag cur na dteicnící maolaithe riosca chun feidhme, fabhrach do chuspóir na dteicnící maolaithe riosca.

6.   Déanfaidh soláthraithe TPPUnna oiriúnacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht na teicníce maolaithe riosca a choimeád slán trí phróiseas tiomnaithe agus trí fhorálacha laistigh de chreat formhaoirseachta agus rialachais an táirge, mar a cheanglaítear le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1238. Beidh an creat sin faoi réir athbhreithniúchán maoirseachta agus tuairisiciú maoirseachta.

7.   I gcás ina roghnóidh coigilteoir TPPU rogha infheistíochta dhifriúil de réir Airteagal 44 de Rialachán (AE) 2019/1238 nó ina malartóidh sé an soláthraí TPPUnna de réir Airteagal 20(5) nó Airteagal 52 den Rialachán sin, déanfaidh an soláthraí TPPUnna na cúlchistí leithdháilte a ranníoc go cothrom, más ann dóibh, agus na torthaí infheistíochta leis an gcoigilteoir TPPU a bheidh ag imeacht. Áiritheoidh an soláthraí TPPUnna go mbeidh an leithdháileadh chomh cothrom céanna don choigilteoir TPPU a bheidh ag imeacht agus a bheidh sé do na coigilteoirí TPPU atá fágtha.

8.   I gcás forbairtí eacnamaíocha díobhálacha laistigh de 3 bliana i dtreo dheireadh ionchasach an fhaid atá fágtha de chéim charntha TPPU an choigilteora, cuirfidh an soláthraí TPPUnna síneadh am breise iomchuí chomh fada le 3 bliana tar éis dheireadh chéim an charntha lena raibh súil i dtosach báire, le céim dheiridh an tsaolré nó leis an teicníc maolaithe riosca atá i bhfeidhm. Beidh síneadh den sórt sin faoi réir thoiliú sainráite an choigilteora TPPU agus déanfar é i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 47 de Rialachán (AE) 2019/1238.

Airteagal 15

Socrú saolré

1.   Nuair a bheidh teicníc maolaithe riosca á húsáid lena n-oiriúnaítear an leithdháileadh infheistíochta chun maolú a dhéanamh ar rioscaí airgeadais infheistíochtaí a chomhfhreagraíonn don fhad atá fágtha, sonróidh an soláthraí TPPUnna meánrisíochtaí ar ionstraimí cothromais agus fiachais agus é ag áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2019/1238 i gcás gach fo-phunann fhéideartha a chomhfhreagraíonn do na céimeanna um shocrú saolré.

2.   Déanfaidh an soláthraí TPPUnna socrú na saolré a dhearadh sa chaoi is go n-áiritheofar go n-infheisteoidh na coigilteoirí TPPU a bhfuil an tréimhse is faide fágtha acu roimh dheireadh ionchasach chéim an charntha, a mhéid a shonrófar i gconradh, in infheistíochtaí fadtéarmacha lena mbainfear sochar as fáltais infheistíochta níos airde mar gheall ar na tréithe sonracha a bhaineann leo ó thaobh rioscaí agus luaíochtaí níos airde de, lena n-áirítear tréithe neamhleachtacha nó tréithe de chineál cothromais. I gcomhair na gcoigilteoirí TPPU is cóngaraí do dheireadh ionchasach chéim an charntha, áiritheoidh an soláthraí TPPUnna gurb infheistíochtaí leachtacha is mó a bheidh i gceist leis na hinfheistíochtaí, agus gurb infheistíochtaí d’ardchaighdeán a bheidh iontu lena léireofar torthaí infheistíochta seasta.

Airteagal 16

Cúlchistí a bhunú

1.   Nuair a bheidh teicníc maolaithe riosca á húsáid lena mbunaítear cúlchistí ó ranníocaíochtaí coigilteoirí TPPU nó ó thorthaí infheistíochta na gcoigilteoirí sin, leagfaidh na soláthraithe TPPUnna amach sa chonradh TPPU, ar bhealach trédhearcach agus intuigthe, rialacha leithdháilte an chaipitil charntha agus na dtorthaí infheistíochta chuig cuntas an choigilteora aonair TPPU, chuig na cúlchistí agus ó na cúlchistí, agus, más infheidhme, chuig grúpa comhfhreagrach na gcoigilteoirí TPPU.

2.   Leithdháilfidh an soláthraí TPPUnna ranníocaíochtaí agus torthaí infheistíochta na sócmhainní atá curtha in áirithe do na cúlchistí ar bhealach trédhearcach agus intuigthe, agus é de chuspóir aige cúlchistí leordhóthanacha a fhothú i dtréimhsí a bhfaightear torthaí infheistíochta dearfacha lena linn. Ar an gcaoi chéanna, leithdháilfidh an soláthraí TPPUnna suimeanna ó na cúlchistí chuig cuntas an choigilteora aonair TPPU, agus, más infheidhme, chuig an ngrúpa comhfhreagrach de choigilteoirí TPPU, ar bhealach cothrom agus trédhearcach, i dtréimhsí a bhfaightear torthaí infheistíochta diúltacha lena linn.

3.   Sainaithneoidh an soláthraí TPPUnna na sócmhainní arna n-infheistiú i gcomhair na gcoigilteoirí TPPU go soiléir agus cuirfidh sé na sócmhainní sin in áirithe chun na críche sin. Ní bheidh an soláthraí TPPUnna in ann sócmhainní a thrádáil ar a chuntas féin leis na sócmhainní a bheidh curtha in áirithe i gcomhair na gcoigilteoirí TPPU.

4.   Le linn na chéad 10 mbliana ó thráth bunaithe TPPU nua, féadfaidh an soláthraí TPPUnna rannchuidiú le bunú na gcúlchistí trí iasacht nó infheistíocht chothromais a sholáthar do shócmhainní na gcoigilteoirí TPPU. Sa chás sin, sonróidh an soláthraí TPPUnna téarmaí agus coinníollacha a ranníocaíochta agus a chomhroinnte brabúis agus cuirfidh sé i láthair go trédhearcach intuigthe iad sa chonradh TPPU, chomh maith le patrún na dí-infheistíochta de réir a chéile i gcaitheamh na tréimhse uasta 10 mbliana.

Airteagal 17

Ráthaíochtí íostoraidh

1.   Nuair a dhéanann an soláthraí TPPUnna ráthaíochtaí maidir le torthaí íosta a chur ar fáil, déanfaidh an soláthraí TPPUnna tuairisc shoiléir ar na gnéithe, lena n-áirítear teorainneacha agus tairseacha, a bhaineann leis an ráthaíocht agus sonróidh an soláthraí cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag an ráthaíocht maidir le torthaí arna gcoigeartú i leith an bhoilscithe nó le torthaí ainmniúla.

2.   Nochtfaidh an soláthraí go sainráite sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU agus dá éis sin sa Ráiteas Sochair TPPU cibé acu atá nó nach bhfuil leibhéal na ráthaíochta coigeartaithe i leith an ráta boilscithe bliantúil.

Airteagal 18

Measúnú iomlánaíoch ar rioscaí agus ar luaíochtaí an TPPU

Chun críocha Airteagal 3, 4, 5, 10 agus 14, cuirfidh soláthraithe TPPUnna na modheolaíochtaí a leagtar síos in Iarscríbhinn III i bhfeidhm.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Nollaig 2020.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 198, 25.7.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún an 8 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí i gcomhair táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, inneachar, athbhreithniú agus leasú doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus maidir leis na coinníollacha chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir le doiciméid den sórt sin a sholáthar (IO L 100, 12.4.2017, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

TEIMPLÉAD I gCOMHAIR AN DOICIMÉID FAISNÉISE BUNRIACHTANAÍ TPPU

Cuid I. Treoracha maidir leis an teimpléad i gcomhair an Doiciméid Faisnéise Bunriachtanaí TPPU a líonadh isteach

1.

Comhlíonfaidh soláthraithe TPPU ord na roinne, na teidil, na huirlisí cur i láthair agus na deilbhíní a leagtar amach sa teimpléad i gcomhair an Doiciméid Faisnéise Bunriachtanaí TPPU faoi Chuid II den Iarscríbhinn sin, rud nach socraítear paraiméadair leis áfach maidir le fad na ranna aonair ná socrú na mbristeacha idir leathanaigh, agus beidh an doiciméad faoi réir uasmhéid fhoriomlán cúig thaobh de pháipéar ar mhéid A4 agus é clóite.

2.

Faoin teideal feiceálach “Doiciméad Faisnéise Bunriachtanaí TPPU”, cuirfear an ráiteas seo a leanas isteach: “Sa doiciméad seo, tugtar duit faisnéis bhunriachtanach faoin Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) seo”. Ní ábhar margaíochta é. Ceanglaítear leis an dlí an fhaisnéis a thabhairt chun cuidiú leat an cineál táirge atá ann, agus na rioscaí, na costais, na gnóthachain agus na caillteanais fhéideartha a bhaineann leis an táirge pinsin phearsanta seo a thuiscint agus chun cuidiú leat comparáid a dhéanamh idir é agus TPPUnna eile.”.

3.

Sa teimpléad, féadfaidh soláthraithe TPPUnna cód QR a thabhairt lena nascfar leis an leagan leictreonach den doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU.

4.

Ar bharr an teimpléid, faoin roinn dar teideal “Sracfhéachaint ar TPPU”, leagfaidh soláthraithe TPPUnna an fhaisnéis seo a leanas amach:

(a)

an caipiteal carntha réamh-mheasta i gcomhair ranníocaíocht mhíosúil EUR 100 ar feadh tréimhse 40 bliain, sa chás fabhrach agus mífhabhrach;

(b)

na costais iomlána in aghaidh na bliana mar chéatadán den chaipiteal carntha ar bhonn ranníocaíochtaí míosúla EUR 100;

(c)

aicmiú an táscaire achomair riosca; agus

(d)

ráiteas maidir le cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar foráil leis an táirge maidir le ráthaíocht.

5.

Cuirfidh an soláthraí TPPUnna an ráiteas seo a leanas isteach: “Táirge fadtéarmach ag a bhfuil infhuascailteacht theoranta nach féidir a fhoirceannadh tráth ar bith is ea an táirge scoir ar a dtugtar tuairisc sa doiciméad seo.”.

6.

Sa roinn seo a leanas, féadfaidh an soláthraí TPPUnna a bhrandáil chorparáideach nó a lógó a chur isteach agus soláthróidh sé an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

céannacht agus sonraí teagmhála an tsoláthraí TPPUnna;

(b)

údaráis inniúla an tsoláthraí TPPUnna;

(c)

ainm an TPPU agus uimhir chlárúcháin an TPPU sa chlár lárnach poiblí;

(d)

faoi “cineál táirge”, cibé acu is TPPU Bunúsach é nó nach ea; más rud é nach TPPU Bunúsach é, cibé acu a thagraíonn an Doiciméad Faisnéise Bunriachtanaí TPPU do rogha infheistíochta mhalartach shonrach nó nach dtagraíonn nó cibé acu a sholáthraítear faisnéis chineálach maidir le raon roghanna infheistíochta malartacha leis an Doiciméad nó nach soláthraítear; agus

(e)

dáta an doiciméid.

7.

Faoin teideal “Conas a dhéantar mo chuid airgid a infheistiú?”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis i láthair de réir Airteagal 3(1). Féadfaidh soláthraithe TPPUnna an colún ar thaobh na láimhe deise nó an príomhréimse a úsáid chun faisnéis a sholáthar de réir Airteagal 3(10) den Rialachán seo.

8.

Faoin teideal “Cé dó é seo?”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis i láthair de réir Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

9.

Faoin teideal “An ráthaítear mo chuid coigilteas?”, tabharfaidh an soláthraí TPPUnna an méid seo a leanas le fios:

(a)

cibé acu a sholáthraítear nó nach soláthraítear ráthaíocht ar an gcaipiteal leis an TPPU Bunúsach nó an teicníc maolaithe riosca atá ann atá comhsheasmhach leis an gcuspóir atá ann maidir le ceadú don choigilteoir TPPU an caipiteal a chúiteamh; nó

(b)

cibé acu a sholáthraítear agus a mhéid a sholáthraítear le haon rogha infheistíochta mhalartach, más infheidhme, ráthaíocht nó teicníc maolaithe riosca, nó nach soláthraítear.

10.

Faoin teideal “Cad a tharlaíonn nuair a rachaidh mé ar scor?”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis i láthair de réir Airteagal 3(3) den Rialachán seo.

11.

Faoin teideal, “Cad a tharlaíonn do mo chuid coigilteas TPPU má fhaighim bás/má éirím díchumasaithe/má mhairim níos faide ná mar a ghlactar leis i mo chonradh TPPU?”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis i láthair de réir Airteagal 3(4) den Rialachán seo.

12.

Faoin teideal “Cad a tharlaíonn má théim chun cónaí i dtír eile?”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis i láthair de réir Airteagal 3(5) den Rialachán seo. Féadfaidh soláthraithe TPPUnna an colún ar thaobh na láimhe deise nó an príomhréimse a úsáid chun an áit mar a n-aisghabhfar tuilleadh faisnéise a thabhairt le fios.

13.

Faoin teideal “An féidir liom aistarraingt ón táirge go luath?”, áireoidh an soláthraí TPPUnna ráiteas maidir leis na hiarmhairtí a bheadh ann don choigilteoir TPPU:

(a)

i gcás aistarraingt luath ón TPPU, lena n-áirítear na táillí uile is infheidhme, na pionóis, agus an fhéidearthacht go gcaillfí cosaint chaipitil agus buntáistí agus dreasachtaí féideartha eile; agus

(b)

má stadann an coigilteoir TPPU de bheith ag ranníoc leis an TPPU, lena n-áirítear na táillí uile is infheidhme, na pionóis, agus an fhéidearthacht go gcaillfí cosaint chaipitil agus buntáistí agus dreasachtaí féideartha eile;

14.

Faoin teideal, “An féidir liom mo sholáthraí a mhalartú?”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis i láthair de réir Airteagal 3(6) den Rialachán seo agus féadfaidh soláthraithe TPPUnna an colún ar thaobh na láimhe deise nó an príomhréimse a úsáid chun an áit mar a n-aisghabhfar tuilleadh faisnéise a thabhairt le fios.

15.

Faoin teideal “An féidir liom mo rogha infheistíochta a athrú?”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis i láthair de réir Airteagal 3(7) den Rialachán seo.

16.

Faoin teideal “An ndéanfar mo chuid airgid a infheistiú ar bhealach inbhuanaithe?”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis i láthair de réir Airteagal 3(8) den Rialachán seo. Féadfaidh soláthraithe TPPUnna an colún ar thaobh na láimhe deise nó an príomhréimse a úsáid chun an áit mar a n-aisghabhfar tuilleadh faisnéise a thabhairt le fios.

17.

Faoin teideal “An bhfuil sé seo faoi rialú dhlí (na mBallstát)”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis i láthair faoin dlí is infheidhme maidir leis an gconradh TPPU i gcás nach mbíonn saor-rogha dlí ag na páirtithe nó, i gcás ina bhfuil sé de shaoirse ag na páirtithe an dlí is infheidhme a roghnú, an dlí a bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí TPPUnna a roghnú;

18.

Faoin teideal “An féidir liom mo rogha a chealú nó m’intinn a athrú?”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis i láthair de réir Airteagal 3(9) den Rialachán seo.

19.

Faoin teideal “Cad é próifíl riosca an táirge seo?”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis i láthair de réir Airteagal 4(1) den Rialachán seo. Féadfaidh soláthraithe TPPUnna an colún ar thaobh na láimhe deise nó an príomhréimse a úsáid chun an áit mar a n-aisghabhfar tuilleadh faisnéise a thabhairt le fios, go háirithe faoi na modheolaíochtaí atá i bhfeidhm don táscaire achomair riosca.

20.

Faoin teideal “An bhfuil riosca ann go gcaillfidh mé an caipiteal uile atá infheistithe agam?”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis i láthair de réir Airteagal 4(2) den Rialachán seo.

21.

Faoin teideal “Cad ar féidir liom a bheith ag súil leis nuair a rachaidh mé ar scor?”, leagfaidh an soláthraí TPPUnna, agus an fhaisnéis á cur i láthair in Airteagal 4(3) agus 4(4), an fhaisnéis amach de réir Airteagal 4(3) (a) go (c) mar a leanas:

(a)

an cás mífhabhrach faoin gcatagóir “mura n-éiríonn go maith le do chuid infheistíochtaí”;

(b)

an cás is fearr de réir na meastachán faoin gcatagóir “má thagann meánleibhéal ratha ar do chuid infheistíochtaí”;

(c)

an cás fabhrach faoin gcatagóir “má éiríonn go han-mhaith le do chuid infheistíochtaí”;

(d)

réamh-mheastacháin thréimhse 40 bliain an charntha go dtí “is é 25 d’aois reatha”, réamh-mheastacháin thréimhse 30 bliain an charntha go dtí “35”, réamh-mheastacháin thréimhse 20 bliain an charntha go dtí “45” agus réamh-mheastacháin thréimhse 10 mbliana an charntha go dtí “55” faoi seach.

22.

Faoin teideal “Cad ar féidir liom a bheith ag súil leis nuair a rachaidh mé ar scor”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna ráiteas i láthair go bhféadfadh tionchar a bheith ag dlí cánach Bhallstát baile an choigilteora TPPU ar an eisíocaíocht iarbhír.

23.

Faoi roinn dar teideal “Cad a tharlaíonn mura mbeidh (ainm an tsoláthraí TPPUnna) in ann an íocaíocht a thabhairt?”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna tuairisc ghearr isteach ar cibé acu atá nó nach bhfuil an caillteanas gaolmhar cumhdaithe le scéim maidir le cúiteamh infheisteora nó le scéim ráthaíochta agus, más rud é go bhfuil, cén scéim atá i gceist, cad is ainm don ráthóir agus cad iad na rioscaí a chumhdaítear leis an scéim agus na cinn nach gcumhdaítear.

24.

Faoin teideal “Costais aonuaire”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna na costais i láthair a bheidh i gceist leis an gconradh a shíniú agus na táillí aonuaire a bheidh i gceist má dhéantar an conradh a fhoirceannadh laistigh de 5 bliana.

25.

Faoin teideal “Costais bhliantúla”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an fhaisnéis i láthair de réir Airteagal 5(1) agus (3). Féadfaidh soláthraithe TPPUnna an colún ar thaobh na láimhe deise nó an príomhréimse a úsáid chun aon chostas breise a ghearrann an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna a mhíniú agus chun faisnéis a sholáthar ina sonrófar aon chostas dáileacháin nach bhfuil san áireamh cheana sna costais a shonraítear faoi na teidil roimhe, chun go mbeidh an coigilteoir TPPU in ann an éifeacht charnach a d’fhéadfadh a bheith ag na costais chomhiomlána sin ar thoradh na hinfheistíochta a thuiscint.

26.

Faoi roinn dar teideal “Cad iad na ceanglais shonracha don fhochuntas a chomhfhreagraíonn do (mo Bhallstát cónaithe)?” agus faoi fhoroinn dar teideal “Ceanglais do chéim na híocaíochta isteach”, tabharfaidh an soláthraí TPPUnna tuairisc ar na coinníollacha do chéim an charntha, arna gcinneadh ag Ballstát cónaithe an choigilteora TPPU. Faoi fhoroinn dar teideal: “Ceanglais do chéim na híocaíochta amach”, tabharfaidh an soláthraí TPPUnna tuairisc ar na coinníollacha i gcomhair chéim an dícharntha, arna gcinneadh ag Ballstát cónaithe an choigilteora TPPU.

27.

Faoi roinn dar teideal “Conas is féidir liom gearán a dhéanamh?”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna faisnéis i láthair faoin mbealach inar féidir le coigilteoir TPPU gearán a dhéanamh agus cé leis a fhéadfaidh sé gearán a dhéanamh maidir leis an TPPU nó le hiompraíocht an tsoláthraí TPPUnna nó an dáileora TPPUnna.

Cuid II. Teimpléad

Image 1

Image 2

Image 3

Image 4

Image 5


IARSCRÍBHINN II

TEIMPLÉAD I gCOMHAIR AN RÁITIS SOCHAIR TPPU

Cuid I. Treoracha maidir leis an teimpléad i gcomhair an Ráitis Sochair TPPU a líonadh isteach

1.

Comhlíonfaidh soláthraithe TPPUnna ord na roinne, na teidil, na huirlisí nó cairteacha cur i láthair agus na deilbhíní a leagtar amach sa teimpléad, rud nach socraítear paraiméadair leis áfach maidir le fad na ranna aonair ná socrú na mbristeacha idir leathanaigh.

2.

Sa teimpléad, féadfaidh soláthraithe TPPUnna cód QR a thabhairt lena nascfar leis an leagan leictreonach den Ráitis Sochair TPPU agus féadfaidh siad brandáil chorparáideach nó lógó an tsoláthraí TPPUnna a chur isteach.

3.

Faoin teideal “Cad a gheobhaidh mé nuair a rachaidh mé ar scor?”, cuirfidh an soláthraí TPPUnna torthaí na gcásanna seo a leanas i láthair:

(a)

an cás mífhabhrach faoin gcatagóir “mura n-éiríonn go maith leis na hinfheistíochtaí”;

(b)

an cás is fearr de réir na meastachán faoin gcatagóir “má thagann meánleibhéal ratha ar na hinfheistíochtaí”;

(c)

an cás fabhrach faoin gcatagóir “má éiríonn go han-mhaith leis na hinfheistíochtaí”;

Cuid II. Teimpléad

Image 6

Image 7

Image 8


IARSCRÍBHINN III

IONCHUIR, TOIMHDÍ AGUS MODHEOLAÍOCHTAÍ

Cuid I. An mhodheolaíocht atá mar bhonn le cur i láthair an riosca agus na luaíochta

Táscaire achomair riosca

1.

Déanfaidh soláthraithe TPPUnna an TPPU Bunúsach agus na roghanna infheistíochta malartacha aonair a leithdháileadh ar ceithre chatagóir dhifriúla: “1”, “2”, “3” agus “4”. Bunófar an leithdháileadh:

(a)

ar an riosca nach ndéanfar na ranníocaíochtaí arna gcoigeartú ó thaobh boilscithe a aisíoc;

(b)

ar an easnamh ionchasach; agus

(c)

cuirfear sin i gcomparáid leis na luaíochtaí ionchasacha i dtéarmaí leibhéal áirithe sochar TPPU a shroicheadh, de réir mar is iomchuí, ag tús chéim an dícharntha, nó lena linn.

2.

Maidir leis an riosca nach ndéanfar na ranníocaíochtaí arna gcoigeartú ó thaobh boilscithe a aisíoc, agus chun an riosca sin a ríomh, déanfaidh soláthraithe TPPUnna raon an chaipitil charntha ionchasaigh ag deireadh thréimhse an charntha i gcomhair coigilteoirí TPPU cineálacha a chinneadh go stocastach, chomh maith le faid chineálacha thréimhsí an charntha agus leibhéil ranníocaíochta caighdeánaithe. Tar éis ionsamhlú stocastach, cuirfear an riosca in iúl mar an dóchúlacht i bpointí céatadáin, a dhéantar a aistriú ó líon na mbarúlacha inarb airde suim na ranníocaíochtaí arna gcoigeartú ó thaobh boilscithe ná luach ionchasach an chaipitil charntha ag deireadh thréimhse an charntha, i gcomparáid le líon na mbarúlacha uile.

3.

Maidir leis an riosca a ghabhann leis an rogha infheistíochta aonair nach ndéanfar na ranníocaíochtaí arna gcoigeartú ó thaobh boilscithe a aisíoc, déanfar an riosca sin a leithdháileadh ar na catagóirí difriúla mar a leanas:

Catagóirí

Tréimhsí an charntha

40 bliain

30 bliain

20 bliain

10 mbliana

1

suas le 13,75 %

suas le 17 %

suas le 27 %

suas le 36 %

2

13,8 go 16,55 %

17 go 19,75 %

27 go 29,25 %

36 go 43,25 %

3

16,6 go 19,35 %

19,8 go 22,55 %

29,3 go 31,55 %

43,3 go 50,55 %

4

os cionn 19.4 %

os cionn 22.6 %

os cionn 31.6 %

os cionn 50,6 %

I gcás ina mbeidh catagóir riosca na rogha infheistíochta difriúil idir tréimhsí difriúla an charntha, úsáidfear an catagóir riosca is airde.

4.

Chun an t-easnamh ionchasach a ríomh, déanfaidh soláthraithe TPPUnna raon an chaipitil charntha ionchasaigh ag deireadh thréimhse an charntha i gcomhair coigilteoirí TPPU cineálacha a chinneadh go stocastach, chomh maith le faid chineálacha thréimhsí an charntha agus leibhéil ranníocaíochta caighdeánaithe. Tar éis ionsamhlú stocastach, sloinnfear an riosca mar chéatadán den easnamh ionchasach i ndáil le suim na ranníocaíochtaí arna gcoigeartú ó thaobh boilscithe. Déantar an t-easnamh ionchasach a chinneadh de réir na mbarúlacha i gcás inarb airde na ranníocaíochtaí arna gcoigeartú ó thaobh boilscithe ná luach ionchasach an chaipitil charntha ag deireadh thréimhse an charntha agus meánchaillteanais na mbarúlacha sin.

5.

Maidir leis an riosca a ghabhann leis an rogha infheistíochta aonair i dtéarmaí an easnaimh ionchasaigh, déanfar an riosca sin a leithdháileadh ar na catagóirí difriúla mar a leanas:

Catagóirí

Tréimhsí an charntha

40 bliain

30 bliain

20 bliain

10 mbliana

1

suas le -20 %

suas le -17 %

suas le -13 %

suas le -8 %

2

-20 go -23 %

-17 go -20,25 %

-13 go -16,5 %

-8 go -11,25 %

3

-23,5 go -26,5 %

-20,3 go -23,55 %

-1,.6 go -20,1 %

-11,3 go -14,55 %

4

os cionn -26,5 %

os cionn -23,6 %

os cionn -20,1 %

os cionn -14,6 %

I gcás ina mbeidh catagóir riosca na rogha infheistíochta difriúil idir tréimhsí difriúla an charntha, úsáidfear an catagóir riosca is airde.

6.

Maidir leis na luaíochtaí ionchasacha chun leibhéal áirithe sochar TPPU a shroicheadh, chun na luaíochtaí sin a ríomh, déanfaidh soláthraithe TPPUnna raon an chaipitil charntha ionchasaigh ag deireadh thréimhse an charntha i gcomhair coigilteoirí TPPU cineálacha a chinneadh go stocastach, chomh maith le faid chineálacha thréimhsí an charntha agus leibhéil ranníocaíochta caighdeánaithe. Sloinnfidh soláthraithe TPPUnna na luaíochtaí i dtéarmaí an chaipitil charntha airmheánaigh ag deireadh thréimhse an charntha mar shuim arb iolra í de shuim na ranníocaíochtaí arna gcoigeartú ó thaobh boilscithe.

7.

Maidir le luaíochtaí na rogha infheistíochta aonair chun leibhéal áirithe sochar TPPU a shroicheadh, déanfar na luaíochtaí sin a leithdháileadh ar na catagóirí difriúla mar a leanas:

Catagóirí

Tréimhsí an charntha

40 bliain

30 bliain

20 bliain

10 mbliana

1

suas le 1,7 %

suas le 1,3 %

suas le 1,08 %

suas le 0,93 %

2

1,7 go 2,03

1,3 go 1,45

1,08 go 1,165

0,93 go 0,985

3

2,035 go 2,36

1,455 go 1,61

1,17 go 1,255

0,99 go 1,045

4

os cionn 2,365

os cionn 1,615

os cionn 1,26

os cionn 1,05

I gcás ina mbeidh catagóir luaíochtaí na rogha infheistíochta difriúil idir tréimhsí difriúla an charntha, úsáidfear an chatagóir luaíochtaí is ísle.

8.

Chun torthaí chatagóiriú na roghanna infheistíochta aonair a chomhiomlánú de réir an táscaire achomair riosca, déanfaidh soláthraithe TPPUnna an méid seo a leanas:

(a)

an dá chatagóir riosca a chur i gcomparáid le chéile agus i gcás ina mbeidh luach na catagóire difriúil, an ceann is airde a roghnú;

(b)

an chatagóir riosca a bheidh ann dá thoradh sin a chur i gcomparáid le luach na catagóire luaíochtaí i gcomhair an tsoláthraí TPPU chun an fhaisnéis de réir Airteagal 4(1) den Rialachán seo a chomhlánú, agus luaíochtaí na rogha infheistíochta á gcur i gcomparáid le fiontraíocht na rogha sin.

Cásanna feidhmíochta

9.

Déanfaidh soláthraithe TPPUnna sochair ionchasacha an TPPU a chinneadh go stocastach, de réir mar is iomchuí, ag tús chéim an dícharntha, nó lena linn, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

na leibhéil ranníocaíochta caighdeánaithe nó pearsantaithe;

(b)

fad chéim an charntha;

(c)

ionchas saoil an mheánchoigilteora TPPU, i gcás inarb ábhartha;

(d)

na treochtaí maidir le fás pá, i gcás inarb infheidhme;

(e)

na fáltais infheistíochta ainmniúla ionchasacha, agus an straitéis infheistíochta á leanúint, an leithdháileadh infheistíochta straitéiseach;

(f)

an ráta boilscithe bliantúil; agus

(g)

leibhéil na gcostas.

10.

Déanfar luachanna na gcásanna a bhaineann leis na sochair TPPU ionchasacha faoi na cásanna feidhmíochta difriúla a chinneadh i gcomhréir le hinathraitheacht stocastach na sochar TPPU ionchasach:

(a)

is é luach na sochar TPPU ag an 85ú peircintíl den dáileadh a bheidh i gceist leis an gcás fabhrach;

(b)

is é luach na sochar TPPU ag an 50ú peircintíl den dáileadh a bheidh i gceist leis an gcás is fearr de réir na meastachán;

(c)

is é luach na sochar TPPU ag an 15ú peircintíl den dáileadh a bheidh i gceist leis an gcás mífhabhrach;

(d)

is é luach na sochar TPPU ag an 5ú peircintíl den dáileadh a bheidh i gceist leis an gcás faoi strus.

Cuid II. Rialacha chun na toimhdí maidir le réamh-mheastacháin sochair pinsin a chinneadh

Ráta bliantúil na dtorthaí infheistíochta ainmniúla

11.

Déanfaidh soláthraithe TPPUnna torthaí infheistíochta ainmniúla ionchasacha an TPPU Bhunúsaigh agus torthaí infheistíochta ainmniúla ionchasacha na roghanna infheistíochta malartacha a chinneadh i gcur chuige stocastach iomchuí, agus aithris á déanamh ar an straitéis infheistíochta chomhfhreagrach, ar an leithdháileadh infheistíochta straitéiseach agus ar an teicníc maolaithe riosca a chuirfear i bhfeidhm don rogha infheistíochta aonair.

12.

Nuair a bheidh eilimintí difriúla na samhla stocastaí á gcinneadh, úsáidfidh soláthraithe TPPUnna an ráta boilscithe bliantúil agus féadfaidh siad cur chuige modúlach a mheas chun é a ghlacadh chun an méid seo a leanas, ar a laghad, a ríomh go stocastach:

(a)

na rátaí úis ainmniúla;

(b)

na raonta difríochta creidmheasa, lena n-áirítear imirce agus mainneachtain; agus

(c)

an toradh ar chothromas.

13.

Chun na rátaí úis ainmniúla a chinneadh, féadfaidh an soláthraí TPPUnna samhail gearr-ráta G2++ a úsáid, mar a thuairiscigh Brigo et al. (2006) (1), atá comhionann le samhail Hull-White lena mbaineann dhá thoisc agus lena gceadaítear rátaí úis diúltacha. Bíonn a iompraíocht á spreagadh ag cúig pharaiméadar, dhá cheann in aghaidh na toisce agus ceann amháin i gcomhair an chomhghaoil. Tá comhpháirteanna phróiseas déthoiseach Wiener comhghaolaithe agus fágann toisc aistrithe chinnteachaíoch go mbeifear in ann an struchtúr téarma tosaigh a chur in oiriúint do rátaí an mhargaidh go foirfe.

Is iad na cothromóidí difreálacha stocastacha i gcomhair an dá thoisc x(t) agus y(t)

Image 9

agus

Image 10
,

i gcás ina bhfuila, b, σ agus η ina bparaiméadair dhearfacha agus gur

Image 11
agus
Image 12
próisis chomhghaolaithe Wiener faoin mbeart riosca-neodrach
Image 13
. Déantar an paraiméadar comhghaoil ρ a chinneadh trí

Image 14
.

14.

Leis an luacháil riosca-neodrach lena n-úsáidtear an beart riosca-neodrach
Image 15
is gá í a oiriúnú don fhíorbheart
Image 16
, a fhéadfar a roghnú mar phraghas margaidh ar riosca, a bheidh tairiseach agus neamhspleách ar am.

15.

Trí theoirim Girsanov a úsáid, is mar a leanas é an ríomh

Image 17

agus is é λi praghas an mhargaidh ar riosca. Is féidir an dinimic faoin mbeart

Image 18
a thuairisciú mar sin mar

Image 19

agus

Image 20
.

Is é próiseas an ghearr-ráta, r(t) suim an dá thoisc agus an aistrithe cinnteachaíoch, i.e.

r(t) = x(t) + y(t) + φ(t),

i gcás inarb amhlaidh φ(t) i gcomhair na toisce aistrithe cinnteachaíoch

Image 21

fós. Sa chothromóid sin, sainíonn fM (0, T) réamhráta láithreach an mhargaidh ag am tosaigh 0 leis an ionchas T.

16.

Agus samhail G2++ á leanúint, is ann do réitigh anailíseacha maidir le praghas banna géarlascaine trí shainmhíniú a dhéanamh ar

Image 22
,

Image 23
,

agus

Image 24

Dá bhfuil an praghas ar bhanna géarlascaine sa tsamhail G2++ comhionann le

P(t,T) = A(t,T) e –B ( a,t,T ) x ( t ) –B ( b,t,T ) y ( t ).

PM (t,T) lena sainítear praghas margaidh banna géarlascaine anseo ag am t maidir le haibíocht T.

17.

Féadfaidh an soláthraí TPPUnna praghsanna na samhla a úsáid chun torthaí infheistíochtaí saor ó riosca i mbannaí a chinneadh. Thairis sin, féadfar an gearr-ráta a úsáid mar ionchur maidir le samhaltú an toraidh ar chothromas agus mar ionchur féideartha maidir le toradh ar réadmhaoin.

18.

Chun raonta difríochta creidmheasa a chinneadh, féadfaidh an soláthraí TPPUnna ionsamhlú raonta difríochta creidmheasa a úsáid chun struchtúr théarma an bhanna géarlascaine saor ó riosca a chomhcheangal chun go mbeidh struchtúr théarma banna géarlascaine ann a bheidh rioscúil ó thaobh creidmheasa de. Féadfar rátaí guaise a bhaineann le bannaí in aicmí rátála difriúla a shamhaltú trí phróisis Cox-Ingersoll-Ross (CIR) a úsáid. Forbraítear an ráta guaise πi sa bheart riosca-neodrach de réir na cothromóide difreálaí stocastaí:

Image 25

in éineacht leis an gcoinníoll 2 > σ 2 chun π(t) a choimeád dearfach ar mhaithe le gach t. Ag glacadh le praghas margaidh ar riosca a bhaineann leis an bhfoirm

Image 26
,

tugtar an fhíordhinimic trí

Image 27
.

19.

Féadfaidh soláthraithe TPPUnna rátaí guaise a shamhaltú i gcomhair na n-aicmí rátála AAA (i = 1), AA, A, BBB agus BB (i = 5), a d’fhéadfadh a bheith difreáilte i gcomhair bannaí corparáideacha, bannaí cumhdaithe agus bannaí eile. Déantar na dóchúlachtaí réamhshocraithepi (t,T) a ríomh ansin mar an toradh ar na praghsanna CIR Pi (t,T) ag am t maidir le haibíochtT, i.e.

Image 28
,

i gcás inarb amhlaidh

Image 29
,

Image 30
agus

Image 31
.

Déantar na raonta difríochta si (t,T)a chinneadh ansin trí

Image 32
,

agus δ i gceist leis an ráta aisghabhála.

20.

Chun an toradh ar chothromas a chinneadh, féadfaidh an soláthraí TPPUnna samhail a úsáid chun innéacs stocmhargaidh amháin a fhorbairt trí ghluaisne gheoiméadrach de Brún a úsáid. Tá dhá pharaiméadar ag an tsamhail seo: an luaineacht agus an phréimh riosca cothromais. Le samhail an ráta úis ainmniúil, soláthraítear an ráta saor ó riosca is infheidhme agus is iad torthaí bliantúlaithe bliantúla i gcomhair infheistíochtaí san innéacs margaidh aschur na samhla.

dSt = (r(t) + λ) Stdt + σStdWt

21.

Chun an luaineacht sa bhliain a chinneadh, féadfaidh soláthraithe TPPUnna diallas caighdeánach na dtorthaí míosúla a bhaineann le hinnéacs cothromais iomchuí a úsáid ar feadh tréimhse ama ionadaíoch, iomchuí chun an toradh a bhliantúlú.

22.

Féadfaidh soláthraithe TPPUnna préimh an riosca cothromais a chur i bhfeidhm λeq mar bheart intuigthe agus Damodaran (2020) á leanúint (2), ach í a ríomh ar an innéacs cothromais iomchuí go díreach gan tuilleadh préimheanna maidir le riosca tíre. Déantar é a shainmhíniú mar

λeq := E[Rm ] – Rf ,

i gcás inarb é E[Rm ] toradh ionchasach an mhargaidh agus ina bhféadfar an ráta saor ó riosca Rf a roghnú mar spotráta 10Y de chuid BCE nó de chuar an Bhainc Cheannais Náisiúnta.

23.

I gcomhair ráta fáis g, féadfaidh an soláthraí TPPUnna réamhaisnéis EPS maidir le fás fadtéarmach a úsáid, de bhrí gurb é γ suim thoradh na díbhinne agus thoradh an aischeannaigh scaireanna. Féadfar sreafaí airgid a chinneadh tríd an ráta fáis tairiseach a úsáid go ceann 5 bliana, agus is suthaine é an sreabhadh airgid críochnaitheach dá éis sin agus an ráta saor ó riosca i gceist leis an ráta fáis.

Image 33
,

inarb é PVindex luach láithreach an innéacs sa tsamhail díbhinne lascaine sin agus inarb é P 0 praghas an innéacs ag am t = 0.

Trí éileamh

P 0 = PVIndex,

gur féidir an fáltas margaidh ionchasach a réiteach agus gur féidir préimh an riosca cothromais a ríomh.

Ráta boilscithe bliantúil

24.

Chun an ráta boilscithe bliantúil a ríomh, úsáidfidh an soláthraí TPPUnna próiseas Vasicek ina mbeidh aon toisc amháin. Trí pharaiméadar a stiúrann dinimic aisiompaithe meáin na samhla. Is é cothromóid difreálach stocastach na samhla

di(t) = k(θ – i(t))dt + σdW(t), i(0)=i 0,

inarb éi(t) an ráta boilscithe ag am t, k a thagraíonn do luas aisiompú an mheáin, θ do leibhéal aisiompú an mheáin agusσ don luaineacht.

25.

Díreofar leis an samhaltú ar spriocleibhéal ráta boilscithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh don limistéar Euro nó, i gcás inarb infheidhme, ar spriocleibhéal ráta boilscithe na mbanc ceannais comhfhreagrach i gcomhair tíortha lasmuigh den limistéar Euro sa mheántéarma, in éineacht le diallas caighdeánach braite na rátaí boilscithe. Úsáidfear luas aisiompú an mheáin, in éineacht leis an ráta boilscithe reatha, chun an tsamhail a chur in oiriúint don timpeallacht reatha agus do réamhaisnéisí gearrthéarmacha maidir leis an ráta boilscithe.

26.

Chun an ráta boilscithe a chalabrú don limistéar Euro, úsáidfear sprioc an Bhainc Cheannais Eorpaigh maidir le boilsciú i gcomhair an θ-pharaiméadair nó, i gcomhair na mBallstát lasmuigh den limistéar Euro, sprioc an bhainc cheannais maidir le boilsciú. Maidir le hamshraith mhíosúil an ráta boilscithe Bliain ar Bhliain a bhaineann le hInnéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (HICP) an Bhallstáit, úsáidfear í chun teacht ar dhiallas caighdeánach an ráta boilscithe san fhadtéarma, a nglacfar leis gur 100 bliain a bheidh i gceist. Ón amshraith chéanna, úsáidfear luach tosaigh an ráta boilscithe ar an dáta tagartha. Úsáidfidh an soláthraí TPPUnna na réamh-mheastacháin maidir le boilsciú i gcomhair HICP an Bhallstáit, arna bhfoilsiú mar réamh-mheastacháin dhébhliantúla mhaicreacnamaíocha fhoireann an Eurochórais i gcomhair tíortha an limistéir Euro, nó réamh-mheastacháin maidir le boilsciú a bhaineann le réamhaisnéis eacnamaíoch an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhair na dtíortha lasmuigh den limistéar Euro, ach amháin sa chás go ndéanfaidh an banc ceannais comhfhreagrach foráil maidir le réamh-mheastacháin. Úsáidfear na réamh-mheastacháin sin maidir le boilsciú chun luas aisiompú an mheáin a chur in oiriúint.

An treocht maidir le pá amach anseo

27.

Chun treochtaí a bhaineann le pá amach anseo a chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme, measfaidh soláthraithe TPPUnna an fíorfhás ar phá sna Ballstáit dhifriúla, agus sonraí Eurostat á meas agus é á chur san áireamh go dtéann an fíorphá i méid go suntasach le linn na chéad choda de ghairm bheatha choigilteora TPPU agus go mbaineann fás cuid mhaith níos ísle nó caillteanais dóibh sna codanna níos déanaí den ghairm bheatha. Féadfaidh an soláthraí TPPUnna patrún a mheas i gconairí fíorphá na gcoigilteoirí TPPU i bpáirt chun teacht ar léibheann níos cóngaraí do dheireadh thréimhse an charntha agus i bpáirt chun teacht ar an léibheann níos luaithe, rud a chiallaíonn 20 bliain ón am chun dul ar scor agus titim dá éis sin.

28.

Chun raon mór conairí féideartha a léiriú, féadfaidh an soláthraí TPPUnna innéacs fíorphá a úsáid agus cothromóid chearnach le haois á leanúint: pá = a(uasmhéid - aois)2 + b. Tógtar comhéifeacht “a” ó dháileachán aonfhoirmeach idir -0.15 agus 0.011; tógtar an t-uasmhéid as dáileachán aonfhoirmeach idir 47 agus 64 agus comhfhreagraíonn sé don aois nuair a bhaineann a luach uasta leis an bhfíorphá; agus réitítear comhéifeacht b chun go dtosóidh an t-innéacs pá ag 100 ag aois 25.

Cuid III. An mhodheolaíocht chun na costais a ríomh, lena n-áirítear chun na táscairí achoimre a shonrú

29.

Sa Doiciméad Faisnéise Bunriachtanaí TPPU, cuirfidh an soláthraí TPPUnna na costais bhliantúla iomlána i láthair, lena gcuimseofar na costais uile arna dtabhú agus atá inmhuirearaithe laistigh de 12 mhí i dtéarmaí airgeadaíochta agus mar chéatadán den chaipiteal carntha réamh-mheasta tar éis 12 mhí. I gcás inar gá, féadfar na méideanna sin a ríomh mar na meánchostais bhliantúla iomlána i gcaitheamh théarma chonradh an TPPU. Bunófar ríomh éifeacht iolraithe na gcostas ar thréimhse 40 bliain an charntha, bunaithe ar ranníocaíochtaí míosúla de EUR 100 agus ar an gcaipiteal carntha réamh-mheasta sa chás is fearr de réir na meastachán.

30.

Sa Ráiteas Sochair TPPU, cuirfidh an soláthraí TPPUnna an tionchar a mheastar a bheidh ag costais ar na sochair deiridh TPPU tríd an gcur chuige “Laghdú ar an Rachmas” a úsáid. Ríomhfar an “Laghdú ar an Rachmas” mar an difríocht idir an coigilteas carntha réamh-mheasta ag deireadh an charntha agus an coigilteas carntha réamh-mheasta ag deireadh thréimhse an charntha i gcás saor ó chostas. Déanfar an difríocht a nochtadh i dtéarmaí airgeadaíochta agus céatadáin i gcoibhneas leis an gcoigilteas carntha réamh-mheasta. Bunófar an ríomh ar leibhéal ranníocaíochta pearsantaithe an choigilteora aonair TPPU agus sin bunaithe ar an gcás is fearr de réir na meastachán de phointe 10.

(1)  (Brigo, D., Mercurio, F.: Samhlacha Rátaí Úis – Teoiric agus Cleachtas, an dara heagrán, Springer-Verlag Berlin Heidelberg, 2001, 2006.)

(2)  Damodaran, Aswath, Bisigh Riosca Gnáthscaireanna: Cinntithigh, Meastachán agus Impleachtaí – Eagrán 2020 (5 Márta 2020). Scoil Ghnó Stern NYU.