19.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 96/9


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/469 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Márta 2021

lena nglactar le hiarratas ar chóir nua le haghaidh táirgeoir onnmhairiúcháin i ndáil leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchuirtear ar allmhairí earraí boird ceirmeacha agus earraí cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (an “Bunrialachán”) (1),

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí boird ceirmeacha agus earraí cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (2), agus, go háirithe, Airteagal 2 de,

De bharr an mhéid seo a leanas,

A.   NA BEARTA ATÁ I bhFEIDHM

(1)

An 13 Bealtaine 2013, d’fhorchuir an Chomhairle dleacht chinntitheach frithdhumpála ar allmhairí earraí boird ceirmeacha agus earraí cistine (“an táirge lena mbaineann”) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 412/2013 ón gComhairle (3) (“an Bunrialachán”).

(2)

An 12 Iúil 2019, tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) den Bhunrialachán, chuir an Coimisiún síneadh cúig bliana eile le bearta an Bhunrialacháin trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198

(3)

An 28 Samhain 2019, tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2016/1036, rinne an Coimisiún leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 (4).

(4)

Cuireadh sampláil i bhfeidhm san imscrúdú bunaidh chun táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne a imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 17 den Bhunrialachán.

(5)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin ó Dhaon-Phoblacht na Síne a sampláladh, d’fhorchuir an Coimisiún rátaí aonair dleachta frithdhumpála idir 13,1 % agus 23,4 % ar allmhairí an táirge lena mbaineann. Forchuireadh ráta dleachta 17,9 % ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha nár áiríodh sa sampla. Na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha nár áiríodh sa sampla, liostaítear iad in Iarscríbhinn I de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 arna ionadú ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131. Thairis sin, forchuireadh ráta dleachta 36,1 % ar fud na tíre ar an táirge lena mbaineann ó chuideachtaí i nDaon-Phoblacht na Síne nár chuir iad féin in aithne ná nár chomhoibrigh leis an imscrúdú.

(6)

De bhun Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I den Rialachán sin a leasú, tríd an ráta dleachta is infheidhme a dheonú do na cuideachtaí comhoibritheacha nár áiríodh sa sampla, eadhon an meánráta dleachta ualaithe 17,9 %, i gcás ina soláthróidh aon táirgeoir onnmhairiúcháin nua i nDaon-Phoblacht na Síne dóthain fianaise do Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

nár onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe ar a mbunaítear na bearta, is é sin ón 1 Eanáir 2011 go dtí an 31 Nollaig 2011), (“an tréimhse imscrúdaithe bhunaidh”);

(b)

nach bhfuil gaol aige le haon cheann de na honnmhaireoirí ná na táirgeoirí i nDaon-Phoblacht na Síne atá faoi réir bearta frithdhumpála a fhorchuirtear leis an mBunrialachán; agus

(c)

go ndearna sé an táirge i gceist a onnmhairiú go hiarbhír chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdaithe bunaidh nó go ndeachaigh sé isteach in oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe chun méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas.

B.   IARRATAS AR CHÓIR NUA LE hAGHAIDH TÁIRGEOIR ONNMHAIRIÚCHÁIN

(7)

Chuir an chuideachta Hunan Legend Porcelain Industry Co., Ltd. (“Hunan Legend” nó “an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin go dtabharfaí cóir nua le haghaidh táirgeoirí onnmhairithe (“NEPT”) di agus, dá bhrí sin, go mbeadh sí faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibritheacha i nDaon-Phoblacht na Síne nár áiríodh sa sampla, is é sin 17,9 %. Mhaígh an t-iarratasóir gur chomhlíon sé na trí choinníoll a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198.

(8)

Chun a chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir na coinníollacha chun go ndeonófaí NEPT dó, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme 2019/1198 (“coinníollacha NEPT”), chuir an Coimisiún ceistneoir ar dtús chuig an iarratasóir ina n-iarradh fianaise a léiríonn gur chomhlíon sé coinníollacha NEPT.

(9)

Tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfreagra ar an gceistneoir, d’iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise agus fianaise tacaíochta, rud a chuir an t-iarratasóir faoina bhráid.

(10)

D’fhéach an Coimisiún le gach faisnéis a mheas sé a raibh gá léi a dheimhniú lena chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir coinníollacha NEPT. Chuige sin, rinne an Coimisiún anailís ar an bhfianaise a chuir an t-iarratasóir isteach ina fhreagra ar an gceistneoir, trí fhéachaint ar bhunachair sonraí éagsúla ar líne lena n-áirítear Orbis (5) agus Qichacha (6) agus trí fhaisnéis a bhaineann leis an gcuideachta a chros-seiceáil leis an bhfaisnéis arna gcur isteach i gcásanna roimhe sin agus leis an bhfaisnéis atá ar fáil don phobal ar an idirlíon. I gcomhthráth, chuir an Coimisiún tionscal an Aontais ar an eolas faoin iarratas ón iarratasóir agus d’iarr sé air aon tuairim a thabhairt, más gá sin a dhéanamh. Ní bhfuarthas aon bharúil ó earnáil tionsclaíochta an Aontais.

C.   ANAILÍS AR AN IARRATAS

(11)

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(a) de Rialachán (AE) 2019/1198, nár onnmhairigh an t-iarratasóir chuig an Aontas an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdaithe ar a mbunaítear na bearta, is é sin ón 1 Eanáir 2011 go dtí an 31 Nollaig 2011 (“an tréimhse imscrúdaithe bhunaidh”), shuigh an Coimisiún nárbh ann don iarratasóir mar chuideachta ag an am sin. I mí na Bealtaine 2014 a bunaíodh Airteagail Chomhlachais Hunan Legend agus a cheadúnas gnó. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe agus ar an gcaoi sin, comhlíonann sé an coinníoll sin.

(12)

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 nach bhfuil gaol ag an iarratasóir le haon cheann de na honnmhaireoirí ná táirgeoirí atá faoi réir bearta frithdhumpála a fhorchuirtear leis an mBunrialachán, shuigh an Coimisiún nach bhfuil gaol ag Hunan Legend le haon cheann de tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne atá faoi réir na mbeart frithdhumpála bunaidh. De réir Qichacha, níl scaireanna ag an Uasal Liang Feiqiao, an t-aon scairshealbhóir in Hunan Legend, ná ní scairshealbhóir é in aon chuideachta a bhfuil baint aici le táirgeadh, próiseáil, díol ná ceannach an táirge lena mbaineann seachas Hunan Legend féin. Ní hé sin an scairshealbhóireacht a bhí ar Hunan Legend nuair a bunaíodh é, áfach. Go dtí mí na Samhna 2016, bhí 49 % de na scaireanna ag Hunan Hualian China Industry Co. Ltd. (“Hunan Hualian”), táirgeoir onnmhairiúcháin a bhí ag monarú an táirge lena mbaineann agus a bhí faoi réir dleacht aonair 18,3 %, agus bhí 51 % de na scaireanna a bhí fágtha ag an Uasal Liang Feiqiao. I mí na Samhna 2016, d’aistrigh Hunan Hualian a scaireanna uile chuig an Uasal Liang Feiqiao trí bhíthin comhaontú aistrithe scaire a thug an dá pháirtí i gcrích eatarthu agus ina leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha faoina ndearnadh an scoilteadh. Tar éis an t-aistriú a dhéanamh, ba é an tUasal Liang Feiqiao an t-aon scairshealbhóir de Hunan Legend, agus chuir an t-iarratasóir agus Hunan Hualian deireadh lena gcaidreamh.

(13)

Thosaigh Hunan Legend ag onnmhairiú ag deireadh na bliana 2017 agus onnmhairíonn sé chuig an Aontas Eorpach ó 2019, is é sin tar éis do Hunan Hualian a tharraingt siar mar scairshealbhóir in 2016. Chomh maith leis sin, níor tugadh le fios sna príomhdhoiciméid chuideachta ina leagtar amach struchtúr Hunan Legend, a airteagail chomhlachais reatha agus a mórleabhar díolacháin go bhfuil aon chuideachta ghaolmhar ag an iarratasóir. Ar an iomlán, níor aithin an Coimisiún aon ghaol mar a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme 2015/2447 ón gCoimisiún (7). Dá bhrí sin, comhlíonann an t-iarratasóir an coinníoll seo.

(14)

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(c) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, gur onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge go hiarbhír chuig an Aontas tar éis na tréimhse imscrúdaithe bunaidh nó gur shínigh an t-iarratasóir oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe maidir le cainníocht shuntasach a onnmhairiú chuig an Aontas, shuigh an Coimisiún gur onnmhairigh an t-iarratasóir chuig an Aontas in 2019, tar éis na tréimhse imscrúdaithe bunaidh. Chuir an t-iarratasóir sonraisc isteach, mar aon le liosta pacála, bille luchta agus admháil íocaíochta ar ordú a rinne cuideachta sa Danmhairg in 2019. Dá bhrí sin, comhlíonann an t-iarratasóir an coinníoll seo.

(15)

Dá réir sin, comhlíonann an t-iarratasóir gach ceann de na trí choinníoll chun go ndeonófar NEPT air, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme 2019/1198 agus ba cheart, dá bhrí sin, glacadh leis an iarratas. Dá réir sin, ba cheart an t-iarratasóir a bheith faoi réir dleacht frithdhumpála 17,9 % le haghaidh cuideachtaí comhoibritheacha nár áiríodh sa sampla den imscrúdú bunaidh.

D.   NOCHTADH

(16)

Cuireadh an t-iarratasóir agus tionscal an Aontais ar an eolas faoi na fíricí agus na breithnithe riachtanacha ar measadh gurbh iomchuí an ráta dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibritheacha nár áiríodh sa sampla den imscrúdú bunaidh a dheonú ar Hunan Legend Porcelain Industry Co., Ltd. (“Hunan Legend”).

(17)

Tugadh an deis do na páirtithe barúlacha a chur isteach. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(18)

Tá an Rialachán i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den Bhunrialachán.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an chuideachta seo a leanas le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ina bhfuil liosta de na cuideachtaí comhoibritheacha nár áiríodh sa sampla:

Cuideachta

TARIC

cód breise

Hunan Legend Porcelain Industry Co., Ltd.

C608

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  IO L 189, 15.7.2019, lch. 8.

(3)  IO L 131, 15.5.2013, lch. 1.

(4)  IO L 321, 12.12.2019, lch. 139.

(5)  Is soláthraí domhanda sonraí faisnéise corparáidí é Orbis agus cumhdaíonn sé níos mó ná 220 milliún cuideachta ar fud an domhain. Soláthraíonn sé faisnéis caighdeánaithe faoi chuideachtaí príobháideacha agus faoi struchtúir chorparáideacha go príomha.

(6)  Is bunachar sonraí príobháideach brabúsach atá faoi úinéireacht na Síne é Qichacha a sholáthraíonn sonraí gnó, faisnéis chreidmheasa, agus anailísíocht maidir le cuideachtaí príobháideacha agus poiblí atá bunaithe sa tSín do thomhaltóirí/do ghairmithe.

(7)  IO L 343, 29.12.2015, lch. 558. Leagtar amach in Airteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme 2015/2447 ón gCoimisiún.) (Cód Custaim an Aontais Eorpaigh), go measfar gaol a bheith ag beirt sa chás go gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más ag tríú páirtí 5 % nó níos mó den stoc vótála gan íoc nó de scaireanna an dá cheann, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go neamhdhíreach; (e) má stiúrann duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go neamhdhíreach le chéile; (h) más daoine ón teaghlach céanna iad. Ní mheasfar gaol a bheith daoine atá i mbun gnó le chéile nuair is gníomhaire aonair, dáileoir aonair nó lamháltóir aonair duine acu, cibé tuairisc a dhéantar air, den duine eile ach amháin má thagann siad faoi na critéir dá dtagraítear san abairt roimhe seo.