19.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 96/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/466 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Samhain 2020

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí líon agus teideal na n-athróg a shonrú do réimse an ioncaim agus na ndálaí maireachtála ar an tsláinte agus ar an gcaighdeán maireachtála atá ag na daoine

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar leibhéal an duine aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun na riachtanais a shainaithnítear sna topaicí mionsonraithe ábhartha a chumhdach, ba cheart don Choimisiún uimhir agus teideal na n-athróg a shonrú le haghaidh an tacair sonraí sa réimse dálaí maireachtála (EU-SILC).

(2)

Is ionstraim ríthábhachtach í an suirbhé ar staidreamh an Aontais ar ioncam agus dálaí maireachtála (“suirbhé EU-SILC”) chun faisnéis a chur ar fáil a cheanglaítear leis an Seimeastar Eorpach agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, go háirithe maidir le dáileadh ioncaim, bochtaineacht agus eisiamh sóisialta. Cuireann sé faisnéis ar fáil freisin faoi chúram sláinte, faoi thosca sláinte, stádas sláinte agus míchumas ón modúl a bhíonn ann trí huaire in aghaidh na bliana ar an tSláinte, agus sonraí faoi fholláine agus rannpháirtíocht shóisialta agus chultúrtha ón modúl a bhíonn ann sé huaire in aghaidh na bliana ar an gCaighdeán Maireachtála atá ag na daoine.

(3)

Ní rachaidh líon na n-athróg a bheidh le bailiú thar 5 % de líon na n-athróg a bailíodh le haghaidh réimse na ndálaí maireachtála tráth theacht i bhfeidhm do Rialachán (AE) 2019/1700 an 3 Samhain 2019.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn uimhir agus teideal na n-athróg don mhodúl a bhíonn ann trí huaire in aghaidh na bliana ar an tSláinte agus don mhodúl a bhíonn ann sé huaire in aghaidh na bliana ar an gCaighdeán Maireachtála atá ag na daoine.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Samhain 2020.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 261 I, 14.10.2019, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Líon agus teidil na n-athróg don mhodúl a bhíonn ann trí huaire in aghaidh na bliana ar an tSláinte agus don mhodúl a bhíonn ann sé huaire in aghaidh na bliana ar an gCaighdeán Maireachtála atá ag na daoine sa réimse a bhaineann le hioncam agus le dálaí maireachtála.

Modúl

Topaic mhionsonraithe

Aitheantóir na hathróige

Ainm na hathróige

Sláinte

Cúram sláinte

(6 athróg a bailíodh)

HS200

Ualach airgeadais an chúraim leighis (seachas cógais leighis)

HS210

Ualach airgeadais chúram na bhfiacla

HS220

Ualach airgeadais na gcógas leighis

PH090

Líon na gcomhairliúchán le dochtúir ginearálta nó le dochtúir teaghlaigh le 12 mhí anuas

PH080

Líon na gcomhairliúchán le fiaclóir, ortódóntóir, nó speisialtóir cúraim fiacla eile le 12 mhí anuas

PH100

Líon na gcomhairliúchán le speisialtóir leighis nó máinliachta (seachas fiaclóir, ortódóntóir, nó speisialtóir eile i gcúram na bhfiacla) le 12 mhí anuas

Tosca sláinte

(8 n-athróg a bailíodh)

PH110A

ICM 1 Meáchan

PH110B

ICM 2 Airde

PH122

Cineál gníomhaíochta coirp le linn do dhuine a bheith ag obair

PH132

Minicíocht na ngníomhaíochtaí coirp (seachas an obair)

PH142

Minicíocht ite torthaí (seachas sú torthaí)

PH152

Minicíocht ite glasraí nó sailéid (seachas sú glasraí)

PH171

Minicíocht caite tobac (lena n-áirítear toitíní leictreonacha nó gairis leictreonacha chomhchosúla)

PH180

Minicíocht ólta alcóil d’aon chineál

Sonraí maidir le stádas sláinte agus míchumas

(6 athróg a bailíodh)

PH101

Radharc lag, fiú agus spéaclaí nó lionsaí tadhaill á gcaitheamh

PH111

Éisteacht lag, fiú agus áis éisteachta á caitheamh

PH121

Deacrachtaí siúil nó deacrachtaí dul suas céimeanna

PH131

Deacrachtaí le rudaí a thabhairt chun cuimhne nó deacrachtaí aird a dhíriú ar rudaí

PH141

Deacrachtaí (le féinchúram, ar nós deacrachtaí) ag an duine é féin a ní nó a chóiriú

PH151

Deacrachtaí cumarsáide (an ghnáthchaint a úsáid, mar shampla, daoine eile a thuiscint nó a bheith intuigthe ag daoine eile)

Caighdeán maireachtála

Folláine

(7 n-athróg a bailíodh)

PW241

Ag brath go bhfuil tú fágtha ar leataobh

PW030

Sástacht le do staid airgeadais

PW160

Sástacht le do chuid caidreamh pearsanta

PW120

Sástacht le bainistiú do chuid ama féin (méid ama fóillíochta)

PW230

Uaigneas

PW090

Sonas

PW180

Cuidiú a fháil ó dhaoine eile

Rannpháirtíocht shóisialta agus chultúrtha

(13 athróg a bailíodh)

PS010

A mhinice a théann tú chun na pictiúrlainne

PS020

A mhinice a fhreastalaíonn tú ar léirithe beo (drámaí, ceolchoirmeacha, ceoldrámaí, léirithe bailé agus damhsa)

PS030

A mhinice a thugann tú cuairt ar shuíomhanna cultúrtha

PS040

A mhinice a fhreastalaíonn tú ar imeachtaí beo spóirt

PS041

Cleachtadh na n-ealaíon

PS042

An léitheoireacht (lena n-áirítear ríomhleabhair nó closleabhair, le linn na bliana)

PS050

A mhinice a bhuaileann tú le baill teaghlaigh (daoine muinteartha)

PS060

A mhinice a bhuaileann tú le cairde

PS070

Minicíocht do chuid teagmhála le baill teaghlaigh (daoine muinteartha)

PS080

Minicíocht na teagmhála le do chuid cairde

PS110

Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí deonacha foirmeálta

PS111

Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí deonacha neamhfhoirmeálta

PS102

Saoránacht ghníomhach