17.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 91/7 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/460 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Márta 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 maidir le hiontráil na hÚcráine ar an liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar tráchtearraí áirithe éanlaithe clóis a allmhairiú isteach san Aontas agus na hearraí sin a bheith faoi bhealach tríd i ndáil le fliú ardphataigineach na n-éan
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2002/99/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena leagtar síos na rialacha maidir le sláinte ainmhithe lena rialaítear táirgeadh, próiseáil, dáileadh agus tabhairt isteach táirgí de bhunadh ainmhíoch lena gcaitheamh ag an duine (1), agus go háirithe an frása réamhráiteach d’Airteagal 8, an chéad fhomhír de mhír 1 d’Airteagal 8, mír 4 d’Airteagal 8 agus Airteagal 9(4) de,
Ag féachaint do Threoir 2009/158/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinníollacha i dtaca le sláinte ainmhithe lena rialaítear trádáil in éanlaith chlóis agus uibheacha goir laistigh den Chomhphobal agus allmhairí díobh as tríú tíortha (2), agus go háirithe Airteagail 23(1), 24(2) agus 25(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 ón gCoimisiún (3) leagtar síos ceanglais deimhniúcháin tréidliachta maidir le héanlaith chlóis agus táirgí éineola (“na tráchtearraí”) a allmhairiú isteach san Aontas agus a bheith faoi bhealach tríd, lena n-áirítear a stóráil le linn an idirthurais. Is éard a fhoráiltear leis nach ndéanfar na tráchtearraí a allmhairiú isteach san Aontas agus iad a bheith faoi bhealach tríd ach amháin ó na tríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga a liostaítear i gcolúin 1 agus 3 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis. |
(2) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008, leagtar síos na coinníollacha freisin maidir le tríú tír, críoch, crios nó deighleog a mheastar a bheith saor ó fhliú ardphataigineach na n-éan (HPAI). |
(3) |
Liostaítear an Úcráin sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 mar thríú tír óna n-údaraítear tráchtearraí áirithe éanlaithe clóis a allmhairiú isteach san Aontas agus na hearraí sin a bheith faoi bhealach tríd ó chodanna áirithe dá críoch, de réir mar atá HPAI ann nó mura bhfuil. Is i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 a leagadh an réigiúnú sin amach, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/352 (4), ó deimhníodh ráig HPAI den fhochineál H5N8 an 19 Eanáir 2020. |
(4) |
Ó tharla ráig HPAI, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme ag an Úcráin chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú. Chomh maith leis sin, thug an Úcráin chun críche na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe ar an ngabháltas éanlaithe clóis inar deimhníodh ráig HPAI i mí Eanáir 2020. Tá faisnéis nuashonraithe curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Úcráin maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch féin agus na bearta atá glactha aici chun leathadh HPAI a chosc, bearta a ndearna an Coimisiún meastóireacht orthu,. |
(5) |
Ar bhonn na meastóireachta sin, is é conclúid ar thángthas air go bhfuil an ráig sin faoi smacht agus nach bhfuil aon riosca ann go dtabharfaí tráchtearraí éanlaithe clóis isteach san Aontas ó na limistéir sin san Úcráin a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 ónar cuireadh allmhairí ar fionraí leis an Rialachán sin, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/352. |
(6) |
An 4 Nollaig 2020, áfach, dheimhnigh an Úcráin go raibh HPAI d’fhochineál H5 i ngabháltas éanlaithe clóis ar a críoch féin. Mar gheall ar ráig HPAI atá deimhnithe, ní féidir a mheas go bhfuil críoch na hÚcráine ina hiomláine saor a thuilleadh ón ngalar sin agus dá bhrí sin, ní féidir le húdaráis tréidliachta na hÚcráine coinsíneachtaí tráchtearraí éanlaithe a dheimhniú a thuilleadh le hallmhairiú isteach san Aontas, nó a bheith faoi bhealach tríd, ó na limistéir atá buailte leis an ráig sin. Ó tharla an ráig sin, dheimhnigh an Úcráin tuilleadh ráigeanna HPAI d’fhochineál H5 i ngabháltas éanlaithe clóis ar a críoch féin. |
(7) |
Ó tharla an ráig i mí na Nollag 2020, is éard atá dearbhaithe ag údaráis tréidliachta na hÚcráine, na deimhnithe le haghaidh coinsíneachtaí tráchtearraí ar beartaíodh a n-allmhairiú isteach san Aontas, sin nó iad a bheith faoi bhealach tríd, is deimhnithe iad a chuir na húdaráis sin ar fionraí, agus chuir siad beartas díbeartha chun feidhme chun HPAI a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú. |
(8) |
Ina theannta sin, chuir an Úcráin faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch féin, agus léirigh sí na limistéir a cuireadh faoi shrianta, chomh maith leis na bearta atá déanta aici chun cosc a chur ar leathadh HPAI lasmuigh de na limistéir sin atá faoi shrianta. Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis sin anois, agus ar bhonn na meastóireachta sin, agus ar bhonn na ráthaíochtaí a thug an Úcráin, is é an chonclúid ba cheart a bheith ann gur leor srianta ar choinsíneachtaí tráchtearraí éanlaithe clóis a thabhairt isteach san Aontas a chur i bhfeidhm sna limistéir atá buailte le HPAI amháin, limistéir atá curtha faoi shrianta ag údaráis tréidliachta na hÚcráine mar gheall ar na ráigeanna atá ann faoi láthair, chun na rioscaí a bhaineann le tabhairt isteach na dtráchtearraí sin san Aontas a chumhdach. |
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart iontráil na hÚcráine sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá sa tríú tír sin faoi láthair a chur san áireamh. |
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 a leasú dá réir sin. |
(11) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 18, 23.1.2003, lch. 11.
(2) IO L 343, 22.12.2009, lch. 74.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2008 lena leagtar síos liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar éanlaith chlóis agus táirgí éineola a allmhairiú isteach sa Chomhphobal agus na táirgí sin a bheith faoi bhealach tríd mar aon leis na ceanglais deimhniúcháin tréidliachta (IO L 226, 23.8.2008, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/352 ón gCoimisiún an 3 Márta 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 maidir le hiontráil na hÚcráine ar na liostaí de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar tráchtearraí áirithe éanlaithe clóis a allmhairiú isteach san Aontas agus na hearraí sin a bheith faoi bhealach tríd i ndáil le fliú ardphataigineach na n-éan (IO L 65, 4.3.2020, lch. 4).
IARSCRÍBHINN
I gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 798/2008, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil na hÚcráine:
Cód ISO agus ainm an tríú tír nó na críche |
Cód an tríú tír, na críche, an chreasa nó na deighleoige |
Tuairisc ar an tríú tír, ar an gcríoch, an crios nó an deighleog |
Deimhniú tréidliachta |
Coinníollacha sonracha |
Coinníollacha sonracha |
Stádas faireachais ar fhliú na n-éan |
Stádas vacsaínithe fliú na n-éan |
Stádas rialaithe Salmonella |
|||||
Samhail/Samhlacha |
Ráthaíochtaí breise |
Dáta deiridh |
Dáta oscailte |
||||||||||
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
6A |
6B |
7 |
8 |
9 |
|||
“UA– an Úcráin |
UA-0 |
An tír ina hiomláine |
EP, E |
|
|
|
|
|
|
|
|||
UA-1 |
Tír iomlán na hÚcráine, cé is moite de limistéar UA-2 |
WGM |
|
|
|
|
|
|
|
||||
POU, RAT |
|
|
|
|
|
|
|
||||||
UA-2 |
Limistéar na hÚcráine a chomhfhreagraíonn don mhéid seo a leanas: |
|
|
|
|
|
|
|
|
||||
UA-2.1 |
Kherson Oblast (réigiún) |
WGM |
|
P2 |
30.11.2016 |
7.3.2020 |
|
|
|
||||
POU, RAT |
|
P2 |
30.11.2016 |
7.3.2020 |
|
|
|
||||||
UA-2.2 |
Odessa Oblast (réigiún) |
WGM |
|
P2 |
4.1.2017 |
7.3.2020 |
|
|
|
||||
POU, RAT |
|
P2 |
4.1.2017 |
7.3.2020 |
|
|
|
||||||
UA-2.3 |
Chernivtsi Oblast (réigiún) |
WGM |
|
P2 |
4.1.2017 |
7.3.2020 |
|
|
|
||||
POU, RAT |
|
P2 |
4.1.2017 |
7.3.2020 |
|
|
|
||||||
UA-2.4 |
Vinnytsia Oblast (réigiún), Nemyriv Raion (ceantar), bardais: Sráidbhaile Berezivka Sráidbhaile Bratslav Sráidbhaile Budky Sráidbhaile Bugakiv Sráidbhaile Chervone Sráidbhaile Chukiv Sráidbhaile Danylky Sráidbhaile Dovzhok Sráidbhaile Horodnytsia Sráidbhaile Hrabovets Sráidbhaile Hranitne Sráidbhaile Karolina Sráidbhaile Korovayna Sráidbhaile Korzhiv Sráidbhaile Korzhivka Sráidbhaile Kryklivtsi Sráidbhaile Maryanivka Sráidbhaile Melnykivtsi Sráidbhaile Monastyrok Sráidbhaile Monastyrske Cathair Nemyriv Sráidbhaile Novi Obyhody Sráidbhaile Ostapkivtsi Sráidbhaile Ozero Sráidbhaile Perepelychcha Sráidbhaile Rachky Sráidbhaile Salyntsi Sráidbhaile Samchyntsi Sráidbhaile Sazhky Sráidbhaile Selevintsi Sráidbhaile Sholudky Sráidbhaile Slobidka Sráidbhaile Sorokoduby Sráidbhaile Sorokotiazhyntsi Sráidbhaile Velyka Bushynka Sráidbhaile Vovchok Sráidbhaile Vyhnanka Sráidbhaile Yosypenky Sráidbhaile Zarudyntsi Sráidbhaile Zelenianka |
WGM |
|
P2 |
19.1.2020 |
20.3.2021 |
|
|
|
||||
POU, RAT |
|
P2 |
19.1.2020 |
20.3.2021” |
|
|
|
||||||
UA-2.5 |
Mykolaiv Oblast (réigiún) Kherson Oblast (réigiún), Khersonskyi (Bilozerskyi) Raion (ceantar), bardais: Sráidbhaile Tavriyske Sráidbhaile Nova zoria |
WGM |
|
P2 |
4.12.2020 |
|
|
|
|
||||
POU, RAT |
|
P2 |
4.12.2020 |
|
|
|
|
||||||
UA-2.6 |
Kyiv Oblast (réigiún): Ivankiv Raion (ceantar), bardais: Sráidbhaile Leonivka Sráidbhaile Blidcha Sráidbhaile Kolentsi Sráidbhaile Zymovyshche Sráidbhaile Rudnia-Talska Sráidbhaile Sosnivka Borodianka Raion (ceantar), bardais: Sráidbhaile Koblytsia Sráidbhaile Talske Sráidbhaile Myrcha Sráidbhaile Stara Buda, Sráidbhaile Velykyi Lis Sráidbhaile Krasnyi Rih Sráidbhaile beag Mykhailivskyi |
WGM |
|
P2 |
24.12.2020 |
|
|
|
|
||||
POU, RAT |
|
P2 |
24.12.2020 |
|
|
|
|
||||||
UA-2.7 |
Kyiv Oblast (réigiún): Borodianka Raion (ceantar), bardais: Baile Borodianka Sráidbhaile Kachaly Sráidbhaile Shybene Sráidbhaile Nebrat Sráidbhaile Nove Zalissia Sráidbhaile Berestianka Sráidbhaile Zdvyzhivka Sráidbhaile Babyntsi Sráidbhaile Buda-Babynetska Baile Klavdiyevo-Tarasove Sráidbhaile Poroskoten Sráidbhaile Pylypovychi Sráidbhaile Nova Hreblia Sráidbhaile Vablia Sráidbhaile Druzhnia Sráidbhaile Halynka Sráidbhaile Zahaltsi Sráidbhaile Mykhailivskyi (Mykhailenkiv) eastát tuaithe ‘Blyzhni sady’ Buchanskyi Raion (ceantar), bardais: Baile Nemishayeve Sráidbhaile Mykulychi Sráidbhaile Dibrova Sráidbhaile Kozyntsi Sráidbhaile Chervona hilka Sráidbhaile Plakhtianka Sráidbhaile Myrotske cuid de bhaile Vorzel atá srianta ag sráideanna Bilostotskykh agus Pushkina |
WGM |
|
P2 |
27.12.2020 |
|
|
|
|
||||
POU, RAT |
|
P2 |
27.12.2020 |
|
|
|
|
||||||
UA-2.8 |
Kherson Oblast (réigiún): Kakhovskyi Raion (ceantar), bardais: Sráidbhaile Zaozerne Sráidbhaile Skvortsivka Sráidbhaile Maryanivka Sráidbhaile Slynenko Sráidbhaile Olhivka Novotroyitskyi Raion (ceantar), bardais: Sráidbhaile Volodymyro-Ilyinka Sráidbhaile Sofiivka Sráidbhaile Katerynivka |
WGM |
|
P2 |
29.12.2020 |
|
|
|
|
||||
POU, RAT |
|
P2 |
29.12.2020 |
|
|
|
|
||||||
UA-2.9 |
Kyiv Oblast (réigiún), cathair Chív: An limistéar atá laistigh de chiorcal dar ga 10 km agus a bhfuil a lárphointe suite i sráidbhaile Hostomel in Buchanskyi Raion, agus a shíneann roimhe deiseal:
|
WGM |
|
P2 |
18.1.2021 |
|
|
|
|
||||
POU, RAT |
|
P2 |
18.1.2021 |
|
|
|
|
||||||
UA-2.10 |
Donetsk Oblast (réigiún): Ceantar Volnovaskyi (ex Velykonovosilkivskyi), bardais: Sráidbhaile Vesele Sráidbhaile Fedorivka Sráidbhaile Skudne Sráidbhaile Dniproenerhiia Baile Velyka Novosilka Sráidbhaile Rozdolne Sráidbhaile Novyi Komar Sráidbhaile Perebudova Sráidbhaile Novoocheretuvate Sráidbhaile Myrne Sráidbhaile Ordadne Sráidbhaile Komar Sráidbhaile Vremivka Sráidbhaile Voskresenka Sráidbhaile Vilne Pole Sráidbhaile Shevchenko Sráidbhaile Burlatske Sráidbhaile Pryvilne Dnipropetrovsk Oblast (réigiún): Ceantar Prokrovskyi, bardais: Sráidbhaile Maliivka |
WGM |
|
P2 |
3.2.2021 |
|
|
|
|
||||
POU, RAT |
|
P2 |
3.2.2021 |
|
|
|
|