|
16.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 89/3 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/453 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Márta 2021
lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir leis na ceanglais shonracha tuairiscithe le haghaidh priacal margaidh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 430b(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
In 2019, d’fhoilsigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) an t-athbhreithniú ar na “ceanglais caipitil íosta le haghaidh priacal margaidh”, rud a thug aghaidh ar na laigí i láimhseáil stuamachta ghníomhaíochtaí leabhair trádála na mbanc agus lenar tugadh isteach, i measc ceanglais eile, an ceanglas maidir le cur chuige caighdeánaithe atá íogair ó thaobh riosca de maidir le priacal margaidh, atá ceaptha agus calabraithe chun go mbeidh sé ina chúltaca inchreidte le cur chuige na samhlacha inmheánacha. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun an ceanglas ar institiúidí faisnéis a thuairisciú maidir leis na ceanglais cistí dílse faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach sin atá íogair ó thaobh priacail de a thabhairt isteach i gcreat stuamachta an Aontais. |
|
(3) |
Ba cheart ceanglais tuairiscithe aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le cistí dílse faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach sin i ndáil le tuairisciú do na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 430b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461d den Rialachán sin. |
|
(4) |
De réir Airteagal 430b(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais shonracha tuairiscithe le haghaidh priacal margaidh a leagtar amach san Airteagal sin ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461d den Rialachán sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, go ndéanfar dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chuíchóiriú le dáta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe sin. |
|
(5) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE). |
|
(6) |
Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Dátaí tagartha agus dátaí tuairiscithe
1. Tuairisceoidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 430b, in Airteagal 94(1) agus in Airteagal 325ú(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chuig na húdaráis inniúla gach ráithe mar atá an fhaisnéis sin an 31 Márta, an 30 Meitheamh, an 30 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig.
2. Tuairisceoidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 faoi uair scoir gnó ar na laethanta seo a leanas: 12 Bealtaine, 11 Lúnasa, 11 Samhain agus 11 Feabhra.
3. I gcás nach lá oibre é an lá dá dtagraítear i mír 2 i mBallstát an údaráis inniúil a bhfuil an fhaisnéis le tuairisciú dó, nó gur Satharn nó Domhnach é, cuirfear an fhaisnéis isteach faoi uair scoir gnó an lae oibre dár gcionn.
4. Soláthróidh institiúidí aon cheartú ar an bhfaisnéis arna tuairisciú do na húdaráis inniúla gan moill mhíchuí.
Airteagal 2
Tuairisciú ar thairseacha a leagtar amach in Airteagal 94(1) agus in Airteagal 325a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí faisnéis faoi mhéid an ghnó atá acu laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi réir priacal margaidh, agus faoi mhéid a leabhair trádála, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, de réir mar is infheidhme, trí úsáid a bhaint as teimpléad 90 d’Iarscríbhinn I agus i gcomhréir le treoracha Roinn 1 de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tuairisciú ar an gcur chuige caighdeánaithe malartach
Tuairisceoidh institiúidí torthaí na ríomhanna bunaithe ar an gcur chuige caighdeánaithe malartach dá dtagraítear in Airteagal 430b (1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, de réir mar is infheidhme, trí úsáid a bhaint as teimpléad 91 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus i gcomhréir le treoracha Roinn 2 de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 4
Formáidí malartaithe sonraí agus faisnéis a bhaineann le sonraí a chur isteach
1. Tuairisceoidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den Rialachán seo sna formáidí malartaithe sonraí agus na léaráidí malartaithe sonraí a shonraíonn a n-údarás inniúil agus urramóidh siad an sainmhíniú pointe sonraí ar shamhail an phointe sonraí agus na foirmlí bailíochtaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn III.
2. Faisnéis nach bhfuil de dhíth nó nach bhfuil infheidhme ní chuirfear san áireamh i gcur isteach na sonraí í.
3. Déanfar luachanna uimhriúla a chur isteach mar a leanas:
|
(a) |
déanfar pointí sonraí a bhfuil an cineál sonraí “Airgeadaíocht” ag gabháil leo a thuairisciú ag baint úsáide as íosbheachtas atá coibhéiseach leis na mílte aonad; |
|
(b) |
déanfar pointí sonraí leis an gcineál sonraí “Céatadán” a shloinneadh in aghaidh an aonaid ag baint úsáid as íosbheachtas atá coibhéiseach le ceithre dheachúil; |
|
(c) |
déanfar pointí sonraí leis an gcineál sonraí “Slánuimhir” a thuairisciú gan aon deachúil a úsáid agus beachtas atá coibhéiseach le haonaid á chur i bhfeidhm. |
4. Aithneofar institiúidí lena nAitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) agus leis sin amháin. Déanfar na heintitis dhlítheanacha agus na contrapháirtithe nach institiúidí iad a shainaithint lena LEI i gcás ina mbeidh sé ar fáil.
5. Beidh baint ag an bhfaisnéis a thuairisceoidh institiúidí leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
dáta tagartha agus tréimhse thagartha tuairiscithe; |
|
(b) |
airgeadra tuairiscithe; |
|
(c) |
caighdeán cuntasaíochta; |
|
(d) |
Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) na hinstitiúide tuairiscithe; |
|
(e) |
raon feidhme comhdhlúthaithe. |
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 5 Deireadh Fómhair 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas giarála, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
IARSCRÍBHINN I
CEANGLAIS SHONRACHA TUAIRISCTHE LE hAGHAIDH PRIACAL MARGAIDH
|
TEIMPLÉID COREP |
|||
|
Uimhir theimpléid |
Cód teimpléid |
Ainm an teimpléid/ghrúpa na dteimpléad |
Ainm gairid |
|
|
|
Tairseacha |
|
|
90 |
C 90.00 |
TAIRSEACHA LE hAGHAIDH AN LEABHAIR TRÁDÁLA AGUS AN PHRIACAL MARGAIDH |
TBT |
|
|
|
Cur Chuige Caighdeánaithe Malartach le haghaidh priacal margaidh |
|
|
91 |
C 91.00 |
CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE |
MKR ASA SUM |
|
C 90.00 TAIRSEACHA LE hAGHAIDH AN LEABHAIR TRÁDÁLA AGUS AN PHRIACAL MARGAIDH (TBT) |
|
|
|||||||||
|
|
|
|
Gnó laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi réir priacal margaidh |
Iomlán na sócmhainní |
|||||
|
|
Miondealú de réir an leabhair rialála |
arna leagan amach in % d'iomlán na sócmhainní |
|||||||
|
|
|
Leabhar trádála |
Lasmuigh den leabhar neamhthrádála |
||||||
|
|
|
ina measc: Gnó leabhair trádála chun críocha Airteagal 94 de CRR |
Suíomhanna atá faoi réir priacal malairte eachtraí |
Suíomhanna atá faoi réir priacal tráchtearraí |
|||||
|
|
|
Iomlán |
arna leagan amach in % d'iomlán na sócmhainní |
||||||
|
0010 |
0020 |
0030 |
0040 |
0050 |
0060 |
0070 |
0080 |
||
|
0010 |
Mí 3 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0020 |
Mí 2 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0030 |
Mí 1 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
C 91.00 CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE (MKR ASA SUM) |
|
|
Suíomhanna atá faoi réir an mhodha íogaireacht-bhunaithe |
||||||||||||||||
|
Íogaireachtaí deilte neamhualaithe |
Ceanglais cistí dílse de réir na gcásanna éagsúla |
||||||||||||||||
|
Cás ísilchomhghaoil |
Cás meánchomhghaoil |
Cás ardchomhghaoil |
|||||||||||||||
|
Deimhneach |
Diúltach |
Glaníogaireachtaí de réir aicme phriacail |
Priacal deilte |
Priacal vega |
Priacal cuaire |
Iomlán |
Priacal deilte |
Priacal vega |
Priacal cuaire |
Iomlán |
Priacal deilte |
Priacal vega |
Priacal cuaire |
Iomlán |
|||
|
0010 |
0020 |
0030 |
0040 |
0050 |
0060 |
0070 |
0080 |
0090 |
0100 |
0110 |
0120 |
0130 |
0140 |
0150 |
|||
|
0010 |
Iomlán (An Cur Chuige Caighdeánaithe Malartach) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0020 |
An cur chuige íogaireacht-bhunaithe |
Priacal an ráta úis ghinearálta (GIRR) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0030 |
Priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh neamhurrúsúchán (CSR) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0040 |
Priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúcháin nach n-áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (CSR nach mbaineann le hurrúsúcháin ACTP) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0050 |
Priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúcháin a áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (ACTP CSR) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0060 |
Priacal cothromais (EQU) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0070 |
Priacal tráchtearraí (COM) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0080 |
Priacal malairte eachtraí (FX) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0090 |
Priacal mainneachtana |
Neamhurrúsúcháin |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0100 |
Urrúsúchán nach n-áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (nach mbaineann le hurrúsúcháin ACTP) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0110 |
Urrúsúchán a áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (ACTP) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0120 |
Priacal iarmharach |
Ionstraimí foluiteacha coimhthíocha |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0130 |
Priacail iarmharacha eile |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Suíomhanna atá faoi réir priacal mainneachtana |
Suíomhanna atá faoi réir priacal iarmharach |
Ceanglais cistí dílse |
Méid iomlán na risíochta ar phriacal |
|||
|
Ollmhéideanna mainneachtana gan choinne (JTD) |
Oll-luach barúlach |
||||||
|
Fada |
Gairid |
||||||
|
0160 |
0170 |
0180 |
0190 |
0200 |
|||
|
0010 |
Iomlán (An Cur Chuige Caighdeánaithe Malartach) |
|
|
|
|
|
|
|
0020 |
An cur chuige íogaireacht-bhunaithe |
Priacal an ráta úis ghinearálta (GIRR) |
|
|
|
|
|
|
0030 |
Priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh neamhurrúsúchán (CSR) |
|
|
|
|
|
|
|
0040 |
Priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúcháin nach n-áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (CSR nach mbaineann le hurrúsúcháin ACTP) |
|
|
|
|
|
|
|
0050 |
Priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúcháin a áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (ACTP CSR) |
|
|
|
|
|
|
|
0060 |
Priacal cothromais (EQU) |
|
|
|
|
|
|
|
0070 |
Priacal tráchtearraí (COM) |
|
|
|
|
|
|
|
0080 |
Priacal malairte eachtraí (FX) |
|
|
|
|
|
|
|
0090 |
Priacal mainneachtana |
Neamhurrúsúcháin |
|
|
|
|
|
|
0100 |
Urrúsúchán nach n-áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (nach mbaineann le hurrúsúcháin ACTP) |
|
|
|
|
|
|
|
0110 |
Urrúsúchán a áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (ACTP) |
|
|
|
|
|
|
|
0120 |
Priacal iarmharach |
Ionstraimí foluiteacha coimhthíocha |
|
|
|
|
|
|
0130 |
Priacail iarmharacha eile |
|
|
|
|
|
|
IARSCRÍBHINN II
TREORACHA CHUN NA TEIMPLÉID IN IARSCRÍBHINN I MAIDIR LE CEANGLAIS SHONRACHA TUAIRISCITHE LE hAGHAIDH PRIACAL MARGAIDH
CUID I: TREORACHA GINEARÁLTA
1. Struchtúr agus coinbhinsiúin
1.1. Struchtúr
|
1. |
Chun faisnéis a thuairisciú i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, tá ceangal ar institiúidí dhá theimpléad ar leith a líonadh isteach:
|
1.2. Coinbhinsiún uimhrithe
|
2. |
Úsáidtear na gnásanna seo a leanas chun tagairt a dhéanamh do cholúin, sraitheanna agus cealla na dteimpléad sna treoracha sin agus sna rialacha bailíochtúcháin a úsáidtear chun an fhaisnéis a tuairiscíodh a bhailíochtú:
|
1.3. Coinbhinsiún comhartha
|
3. |
Aon mhéid lena méadaítear na cistí dílse nó na ceanglais maidir le cistí dílse, is mar fhigiúr deimhneach a thuairisceofar é. Aon mhéid lena laghdaítear na cistí dílse nó na ceanglais maidir le cistí dílse, is mar fhigiúr dhiúltach a thuairisceofar é. I gcás ina bhfuil comhartha diúltach (-) roimh lipéad ítime, ní bheifear ag súil leis go dtuairisceofar figiúr deimhneach le haghaidh na hítime sin. |
1.4. Giorrúcháin
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tagraítear do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar ‘CRR’.
CUID II: TREORACHA A BHAINEANN LEIS NA TEIMPLÉID
1. C 90.00 – Leabhar Trádála agus tairseacha priacail margaidh
1.1. Barúlacha ginearálta
|
4. |
An fhaisnéis a chuirtear ar fáil sa teimpléad seo léireoidh sí toradh an ríomha dá dtagraítear in Airteagal 94 de CRR (maolú do ghnó beag a bhaineann leis an leabhar trádála), agus méid gnó institiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe, agus sin faoi réir priacal margaidh a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 325a de CRR. Is leis an bhfaisnéis sin a chinntear an bhfuil feidhm ag an oibleagáid maidir le faisnéis a thuairisciú i dtaca leis an ‘gcur chuige caighdeánaithe malartach’ nó ‘cur chuige na samhlacha inmheánacha malartacha’ dá dtagraítear in Airteagal 430 de CRR. |
1.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
5. |
I dtaca le toradh an ríomha dá dtagraítear in Airteagal 94 de CRR agus an fhaisnéis faoi méid ghnó institiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi réir priacal margaidh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325a de CRR, déanfar é a thuairisciú ar leithligh le haghaidh ceann gach míosa sa ráithe dá dtagraíonn an tuarascáil i rónna 0010 go 0030.
|
2. C 91.00 – Priacal Margaidh: Achoimre ar an gCur Chuige Caighdeánaithe Malartach (MKR ASA SUM)
2.1. Barúlacha Ginearálta
|
6. |
Tugtar faisnéis achomair sa teimpléad seo maidir le ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomh faoin gCur Chuige Caighdeánaithe Malartach (ASA), a leagtar amach i gCaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR. |
|
7. |
Faoin gCur Chuige Caighdeánaithe Malartach (ASA), ríomhfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh do phunann suíomhanna leabhair trádála nó suíomhanna leabhair neamhthrádála atá faoi réir priacal malairte eachtraí nó priacal tráchtearraí mar shuim na dtrí chomhpháirt seo a leanas:
|
2.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colún |
Tagairtí dlíthiúla agus treoracha |
||||||
|
0010 – 0150 |
Suíomhanna atá faoi réir an mhodha íogaireacht-bhunaithe Na ceanglais cistí dílse arna ríomh faoin modh íogaireacht-bhunaithe le haghaidh priacail deilte, vega agus chuaire d’ionstraimí ina bhfuil roghnaíocht agus gan roghnaíocht, de réir mar is infheidhme, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh agus mar shuim sa teimpléad. An próiseas chun na ceanglais cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme priacail ar leith a ríomh, déanfar é le haghaidh trí chás éagsúla de réir na haicme priacail, rud a léireofar i roinn ar leithligh den teimpléad:
|
||||||
|
0010 – 0030 |
Íogaireactaí deilte neamhualaithe |
||||||
|
0010 |
Íogaireachtaí deilte neamhualaithe – Deimhneach Airteagal 325f(3) agus Airteagal 325r de CRR. Déanfaidh institiúidí íogaireacht a bpunann a ríomh i ndáil le gach fachtóir priacail laistigh den aicme priacail i gcomhréir le hAirteagal 325f (3) de CRR. Tuairisceoidh siad suim na n-íogaireachtaí deimhneacha ar fhachtóirí priacail laistigh den aicme priacail. |
||||||
|
0020 |
Íogaireachtaí deilte neamhualaithe Airteagal 325f(3) agus Airteagal 325r de CRR. Déanfaidh institiúidí íogaireacht a bpunann a ríomh i ndáil le gach fachtóir priacail laistigh den aicme priacail i gcomhréir le hAirteagal 325f (3) de CRR. Tuairisceoidh siad suim na n-íogaireachtaí diúltacha ar fhachtóirí priacail laistigh den aicme priacail. |
||||||
|
0030 |
Íogaireachtaí deilte neamhualaithe – Glaníogaireachtaí de réir na haicme priacail Tuairisceoidh institiúidí glansuim na n-íogaireachtaí deimhneacha agus diúltacha uile ar na fachtóirí priacail deilte éagsúla laistigh d’aicme priacail. |
||||||
|
0040, 0080, 0120 |
Priacal Deilte Pointe (a) d’Airteagal 325e(1) agus d’Airteagal 325f de CRR. Tuairisceoidh institiúidí an ceanglas cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme priacail le haghaidh priacal deilte dá dtagraítear in Airteagal 325f(8) de CRR faoin gcás is infheidhme. |
||||||
|
0050, 0090, 0130 |
Priacal Vega Pointe (a) d’Airteagal 325e(1) agus d’Airteagal 325f de CRR Tuairisceoidh institiúidí an ceanglas cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme priacail le haghaidh priacal vega dá dtagraítear in Airteagal 325f(8) de CRR sa chás is infheidhme. |
||||||
|
0060, 0100, 0140 |
Priacal Cuaire Pointe (c) d’Airteagal 325e(1) agus d’Airteagal 325f de CRR |
||||||
|
0070, 0110, 0150 |
Iomlán Airteagal 325h(3) de CRR. Tuairisceoidh institiúidí suim na gceanglas cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme priacail deilte, vega agus cuaire maidir le gach cás. |
||||||
|
0160 – 0170 |
Suíomhanna atá faoi réir priacal mainneachtana – Ollmhéideanna na mainneachtana gan choinne (JTD) Tuairisceoidh institiúidí na hollmhéideanna mainneachtana gan choinne dá gcuid risíochtaí ar ionstraimí neamhurrúsúcháin arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325w de CRR, le haghaidh urrúsúcháin nach n-áirítear in ACTP arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 325z de CRR, agus le haghaidh risíochtaí urrúsúcháin agus risíochtaí neamhurrúsúcháin a áirítear in ACTP arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 325ac de CRR ina mbeidh miondealú idir risíochtaí fada agus risíochtaí gearra. |
||||||
|
0160 |
Fada |
||||||
|
0170 |
Gearr |
||||||
|
0180 |
Suíomhanna atá faoi réir priacal iarmharach – Oll-luach barúlach Airteagal 325u de CRR. Tuairisceoidh institiúidí ollmhéideanna barúlacha, dá dtagraítear in Airteagal 325u(3) de CRR, na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 325u(2) de CRR atá faoi réir an cheanglais cistí dílse le haghaidh priacail iarmharacha dá dtagraítear i míreanna (1) agus (4) d’Airteagal 325u de CRR. |
||||||
|
0190 |
Ceanglas Cistí Dílse Airteagal 325h(4), Airteagail 325w go 325ad agus Airteagal 325u de CRR An muirear caipitil a chinntear de bhun Chaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR do shuíomhanna laistigh de raon feidhme chur i bhfeidhm an chur chuige chaighdeánaithe mhalartaigh. |
||||||
|
0200 |
Méid iomlán na risíochta ar phriacal Pointe (b) d’Airteagal 92(3) de CRR agus Airteagal 92(4) de CRR |
|
Ró |
Tagairtí dlíthiúla agus treoracha |
|
0010 |
Iomlán (cur chuige caighdeánaithe malartach) |
|
0020 – 0080 |
Modh íogaireachtaí-bhunaithe Roinn 2 de Chaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR |
|
0020 |
Priacal ráta úis ghinearálta (GIRR) Pointe (i) d’Airteagal 325d(1) de CRR |
|
0030 |
Priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh neamhurrúsúchán (CSR) Pointe (ii) d’Airteagal 325d(1) de CRR |
|
0040 |
Priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúcháin nach n-áirítear sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach (CSR nach mbaineann le hurrúsúcháin ACTP) Pointe (iii) d’Airteagal 325d(1) de CRR |
|
0050 |
ACTP CSR – Priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúcháin a áirítear sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach (ACTP CSR) Pointe (iv) d’Airteagal 325d(1) de CRR |
|
0060 |
Priacal cothromais (EQU) Pointe (v) d’Airteagal 325d(1) de CRR |
|
0070 |
Priacal tráchtearraí (COM) Pointe (vi) d’Airteagal 325d(1) de CRR |
|
0080 |
Priacal malairte eachtraí (FX) Pointe (iii) d’Airteagal 325d(1) de CRR |
|
0090 – 0110 |
Priacal mainneachtana Roinn 5 de Chaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR |
|
0090 |
Neamhurrúsúcháin Foroinn 1 de Roinn 5 de Chaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR |
|
0100 |
Urrúsúcháin nach n-áirítear sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach (nach mbaineann le hurrúsúcháin ACTP) Foroinn 2 de Roinn 5 de Chaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR |
|
0110 |
Urrúsúcháin a áirítear sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach (ACTP) Foroinn 3 de Roinn 5 de Chaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR |
|
0120 – 0130 |
Priacal iarmharach Roinn 4 de Chaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR |
|
0120 |
Foluiteacha coimhthíocha Pointe (a) d’Airteagal 325u(2) de CRR. |
|
0130 |
Priacail iarmharacha eile Pointe (b) d’Airteagal 325u(2) de CRR |