12.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 85/149 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/439 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Márta 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 215/2014 a mhéid a bhaineann le cuspóir téamach nua a chur le hainmníocht na gcatagóirí idirghabhála le haghaidh Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Chiste Sóisialta na hEorpa agus an Chiste Comhtháthaithe faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (1), agus go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 96(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 215/2014 ón gCoimisiún (2) leagtar amach ainmníocht na gcatagóirí idirghabhála le haghaidh Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Chiste Sóisialta na hEorpa agus an Chiste Comhtháthaithe faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post. |
(2) |
Le hAirteagal 92b(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaítear an cuspóir téamach nua “Leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar”, faoina bhfuil an tacaíocht ó acmhainní breise ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh le soláthar. Toisc gur cuireadh an cuspóir téamach sin leis, ba cheart Tábla 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 215/2014 a leasú dá réir. |
(3) |
Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste Comhordúcháin na gCistí Eorpacha Struchtúracha agus Infheistíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In dTábla 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 215/2014, cuirtear an ró seo a leanas leis:
“13 |
- Leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 320.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 215/2014 ón gCoimisiún an 7 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh maidir le modheolaíochtaí i gcomhair tacaíocht i leith an athraithe aeráide, cinneadh garspriocanna agus spriocanna sa chreat feidhmíochta agus ainmníocht na gcatagóirí idirghabhála le haghaidh Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (IO L 69, 8.3.2014, lch. 65).
(3) Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar (REACT-EU) (IO L 437, 28.12.2020, lch. 30).