9.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 81/15


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/407 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Samhain 2020

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aigéad citreach a áireamh mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicíde a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 28(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh measúnú gur substaint ghníomhach atá ann cheana é an t-aigéad citreach laistigh den chlár athbhreithnithe a leagtar amach in Airteagal 89(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 arna bhunú le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2).

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicíde (3) an tuairim ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) an 16 Feabhra 2016 , ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta. Baineadh de thátal as an tuairim sin go bhféadfaí a bheith ag súil go gcomhlíonfaidh táirgí bithicíde de chineál táirge 2 a bhfuil aigéad citreach iontu ceanglais Airteagal 5 de Threoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) arbh iad na ceanglais a bhí infheidhme maidir le scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar aigéad citreach a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(3)

D’fhormheas Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1938 ón gCoimisiún, dá bhrí sin, aigéad citreach mar shubstaint ghníomhach lena úsáid i dtáirgí bithicíde de chineál táirge 2 (5).

(4)

Ba é conclúid na Gníomhaireachta freisin nach ábhar imní é aigéad citreach agus go bhfuil sé incháilithe lena áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(5)

Agus tuairim na Gníomhaireachta á cur san áireamh, is iomchuí, dá bhrí sin, aigéad citreach a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Ós rud é go ndearnadh measúnú ar aigéad citreach bunaithe ar shainchomhad substainte gníomhaí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11(1) de Threoir 98/8/CE, ba cheart aigéad citreach a áireamh i gcatagóir 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Samhain 2020.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicíde dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).

(3)  Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicíde maidir leis an iarratas ar shubstaint ghníomhach a fhormheas: Aigéad citreach, Cineál táirge: 2, ECHA/BPC/088/2016, a glacadh an 16 Feabhra 2016.

(4)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicíde a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1938 ón gCoimisiún an 4 Samhain 2016 lena bhformheastar aigéad citreach mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena úsáid i dtáirgí bithicíde de chineál táirge 2 (IO L 299, 5.11.2016, lch. 54).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, i gCatagóir 6 de Liosta na substaintí gníomhacha dá dtagraítear in Airteagal 25(a), cuirtear an iontráil seo a leanas leis:

Uimhir CE

Ainm/grúpa

Srian

Nóta tráchta

“201-069-1

Aigéad citreach

Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí (*1): 995 g/kg

Uimh. CAS 77-92-9


(*1)  Ba í an íonacht a léirítear sa cholún seo íosleibhéal íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi. Féadfaidh an tsubstaint ghníomhach sa táirge a chuirtear ar an margadh a bheith comhionann le híonacht, nó éagsúil léi, má tá sé cruthaithe go bhfuil sí coibhéiseach go teicniúil leis an tsubstaint ghníomhach a ndearnadh meastóireacht uirthi.”.