|
4.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 74/3 |
RIALACHÁN (AE) 2021/382 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Márta 2021
lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláinteachas earraí bia a mhéid a bhaineann le bainistiú ailléirginí bia, le hathdháileadh bia agus le cultúr sábháilteachta bia
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (1), agus go háirithe Airteagal 13(1) (c) agus (d) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004, leagtar síos rialacha ginearálta d’oibreoirí gnólachta bia maidir le sláinteachas earraí bia agus an prionsabal á chur san áireamh gur gá sábháilteacht bia a áirithiú ar fud an bhiashlabhra, agus an táirgeadh príomhúil ina phointe tosaigh. Ní mór d’oibreoirí gnólachta bia, dá bhrí sin, na forálacha ginearálta sláinteachais a leagtar síos in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin a chomhlíonadh. |
|
(2) |
An 30 Deireadh Fómhair 2014, thug an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) a chomhairle eolaíoch maidir le meastóireacht a dhéanamh ar bhianna ailléirgineacha agus comhábhair bia chun críocha lipéadaithe (2) cothrom le dáta, rud a léiríonn go meastar go bhfuil ailléirgí bia ann ar fud na hEorpa ag 3 % go 4 % de dhaoine fásta agus de leanaí araon. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid, cé go ndéanann ailléirgí bia difear do sciar measartha beag den daonra, go bhféadfaidh frithghníomhú ailléirgeach a bheith tromchúiseach, fiú d’fhéadfadh sé a bheith marfach, agus go bhfuil sé ag éirí níos soiléire go mbíonn laghdú an-suntasach ar chaighdeán na beatha ag daoine a bhfuil ailléirgí nó éadulaingtí bia acu. |
|
(3) |
I mí Mheán Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún Codex Alimentarius cód cleachtais maidir le bainistiú ailléirginí bia d’oibreoirí gnólachta bia (CXC 80-2020) lena n-áirítear moltaí maidir le maolú ailléirginí bia trí bhíthin cur chuige comhchuibhithe sa bhiashlabhra bunaithe ar cheanglais ghinearálta sláinteachais. |
|
(4) |
I bhfianaise ghlacadh chaighdeán domhanda CXC 80-2020 agus i bhfianaise ionchais tomhaltóirí agus comhpháirtithe trádála go gcomhlíonann bia a tháirgtear san Aontas an caighdeán domhanda sin ar a laghad, is gá ceanglais a thabhairt isteach lena dtugtar isteach dea-chleachtais sláinteachais chun láithreacht substaintí is cúis le hailléirgí nó éadulaingtí a chosc nó a theorannú, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, i dtrealamh, i gcóracha iompair agus/nó i gcoimeádáin a úsáidtear chun earraí bia a bhuaint, a iompar nó a stóráil. Ós rud é go bhféadfadh éilliú in earraí bia tarlú ar leibhéal an táirgthe phríomhúil agus ag céimeanna ina dhiaidh sin, ba cheart Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 araon a leasú. |
|
(5) |
Is príomhghné den tionscnamh Chomhaontú Glas don Eoraip í an Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, arna glacadh ag an gCoimisiún. Ceann de chuspóirí na Straitéise ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ is ea dramhaíl bhia a laghdú, rud a chuideoidh freisin le geilleagar ciorclach a bhaint amach. Le barrachais bia a athdháileadh i gcomhair thomhaltas an duine, áirithítear úsáid ar luach níos airde d’acmhainní bia inite, go háirithe trí bhíthin deonú bia, i gcás ina bhfuil sé sábháilte é sin a dhéanamh, agus déantar dramhaíl bhia a cosc ag an am céanna. |
|
(6) |
An 27 Meán Fómhair 2018, ghlac an tÚdarás leis an dara tuairim eolaíoch maidir le cur chuige anailíse guaise i gcás bunaíochtaí beaga miondíola áirithe agus deonacháin bia áirithe (3). Deirtear sa tuairim gur dúshláin nua iad deonacháin bia maidir le sábháilteacht bia ar an leibhéal miondíola agus dá bhrí sin moltar ann roinnt ceanglas sláinteachais ginearálta breise. Is gá, dá bhrí sin, ceanglais áirithe a leagan síos chun athdháileadh bia a chur chun cinn agus a éascú agus sábháilteacht na dtomhaltóirí á ráthú ag an am céanna. |
|
(7) |
I mí Mheán Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún Codex Alimentarius athbhreithniú ar a chaighdeán domhanda maidir le Prionsabail Ghinearálta Sláinteachais Bia (CXC 1-1969). Leis an CXC 1-1969 athbhreithnithe, tugtar isteach an coincheap “cultúr sábháilteachta bia” mar phrionsabal ginearálta. Cuireann Cultúr Sábháilteachta Bia le sábháilteacht bia trí fheasacht na bhfostaithe i mbunaíochtaí bia a mhéadú agus iompraíocht na bhfostaithe a fheabhsú. Léiríodh tionchar den sórt sin ar shábháilteacht bia i bhfoilseacháin eolaíocha éagsúla. |
|
(8) |
I bhfianaise an athbhreithnithe ar an gcaighdeán domhanda agus i bhfianaise ionchais tomhaltóirí agus comhpháirtithe trádála go gcomhlíonann bia a tháirgtear san Aontas an caighdeán domhanda sin ar a laghad, is gá ceanglais ghinearálta maidir le cultúr sábháilteachta bia a chur san áireamh i Rialachán (CE) Uimh. 852/2004. |
|
(9) |
Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 139, 30.4.2004, lch. 1
(2) http://www.efsa.europa.eu/sites/default/files/consultation/140523.pdf
(3) Iris EFSA 2018; 16(11):5432
IARSCRÍBHINN
(1)
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 mar a leanas:I gCuid A, Roinn II, cuirtear an pointe seo a leanas, pointe 5a, isteach:
|
“5a. |
Trealamh, córacha iompair agus/nó coimeádáin a úsáidtear chun ceann de na substaintí nó de na táirgí is cúis le hailléirgí nó le héadulaingtí a bhaint, a iompar nó a stóráil, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, ní úsáidfear iad chun aon bhia nach bhfuil an tsubstaint nó an táirge sin ann a bhaint, a iompar nó a stóráil, ach amháin má tá trealamh, córacha iompair agus/nó coimeádáin glanta agus seiceáil déanta orthu nach bhfuil aon smionagar infheicthe den tsubstaint nó den táirge sin iontu, agus an méid sin ar a laghad.” |
(2)
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 mar a leanas:|
(a) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an réamhrá: “RÉAMHRÁ Tá feidhm ag Caibidlí V, Va, VI, VII, VIII, IX, X, XI, XIa agus XII maidir le gach céim de tháirgeadh, próiseáil agus dáileadh bia. Tá feidhm ag na Caibidlí eile mar seo a leanas:
|
|
(b) |
Cuirfear an chaibidil seo a leanas, Caibidil Va, isteach i ndiaidh Chaibidil V: “CAIBIDIL Va Athdháileadh bia Oibreoirí gnólachtaí bia, féadfaidh siad bia a athdháileadh chun críocha deonacháin bia faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(*1) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, prionsabail agus ceanglais lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1)." (*2) Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55)." (*3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 931/2011 ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2011 maidir le gceanglais inrianaitheachta a leagtar amach le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le bia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 242, 20.9.2011, lch. 2)." |
|
(c) |
I gCaibidil IX, cuirtear an pointe 9 seo a leanas isteach:
|
|
(d) |
Cuirfear an Chaibidil XIa seo a leanas isteach i ndiaidh Chaibidil XI: “CAIBIDIL XIa Cultúr Sábháilteachta Bia
|
(*1) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, prionsabail agus ceanglais lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
(*2) Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).
(*3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 931/2011 ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2011 maidir le gceanglais inrianaitheachta a leagtar amach le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le bia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 242, 20.9.2011, lch. 2).”