2.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 71/11


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/369 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Márta 2021

lena mbunaítear na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta teicniúla le haghaidh an chórais um idirnascadh na gclár lárnach dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 31a de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear ar na Ballstáit a gcláir náisiúnta lárnacha um úinéireacht thairbhiúil a idirnascadh tríd an Ardán Lárnach Eorpach a bhunaítear le hAirteagal 22(1) de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus ba cheart an t-idirnascadh a bhunú i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta teicniúla a bhunaítear faoi na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24 den Treoir sin. Mar sin féin, fágann na difríochtaí idir cuspóir, raon feidhme agus ábhar na gclár arna n-idirnascadh faoi Threoir (AE) 2017/1132 agus na cláir lárnacha um úinéireacht thairbhiúil arna mbunú faoi Threoir (AE) 2015/849 gur gá na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile lena ndéantar coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme an chórais a shainiú agus a oiriúnú tuilleadh.

(2)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chosc,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta teicniúla le haghaidh an chórais um idirnascadh na gclár dá dtagraítear in Airteagail 30 agus 31 de Threoir (AE) 2015/849 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 141, 5.6.2015, lch. 73

(2)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).


IARSCRÍBHINN

Lena leagtar amach na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta teicniúla dtagraítear in Airteagal 1

1.   Ábhar

Bunófar an córas um idirnascadh chláir na húinéireachta tairbhiúla (“Beneficial Ownership Registers Interconnection System”, dá ngairtear “BORIS” feasta) mar chóras díláraithe lena ndéantar na cláir náisiúnta lárnacha um úinéireacht thairbhiúil agus an Tairseach Eorpach don r-Cheartas (1) tríd an Ardán Lárnach Eorpach (2). Feidhmeoidh BORIS mar sheirbhís lárnach chuardaigh lena gcuirfear ar fáil an fhaisnéis uile a bhaineann le húinéireacht thairbhiúil i gcomhréir le forálacha Threoir (AE) 2015/849 (3).

2.   Sainmhínithe

(a)

ciallaíonn “clár” cláir náisiúnta lárnacha maidir le faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil dá dtagraítear in Airteagail 30 agus 31 de Threoir (AE) 2015/849;

(b)

ciallaíonn “úsáideoir cáilithe” úsáideoirí BORIS dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 30(5) agus i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 31(4) de Threoir (AE) 2015/849;

(c)

ciallaíonn “íosfhaisnéis shainordaitheach” an tacar coiteann faisnéise a bhfuil an struchtúr céanna agus na cineálacha céanna aici i ngach clár sna Ballstáit;

(d)

ciallaíonn “faisnéis bhreise” an tacar faisnéise arna réamhshainiú go comhchoiteann is féidir leis na Ballstáit cinneadh a dhéanamh í a chomhroinnt – sa bhreis ar an “íosfhaisnéis shainordaitheach” – i bpáirt nó ina hiomláine trí BORIS;

(e)

ciallaíonn “an cláruimhir náisiúnta” an uimhir aitheantais aonair arna sannadh faoin dlí náisiúnta chuig cuideachta nó chuig eintiteas dlíthiúil eile, nó chuig iontaobhas nó do chomhshocrú dá shamhail sa chlár um úinéireacht thairbhiúil.

3.   An gaol idir an chláruimhir náisiúnta leis an Aitheantóir Uathúil Eorpach agus le cláruimhir na cuideachta

3.1

Comhroinnfidh an clár um úinéireacht thairbhiúil an chláruimhir náisiúnta leis an Ardán Lárnach Eorpach agus, i gcás cuideachtaí, an tAitheantóir Uathúil Eorpach (“EUID”) arna shannadh dóibh i gCóras Idirnasctha na gClár Gnó (“BRIS”) (4) chomh maith le cláruimhir na cuideachta, sa chás nach ionann an uimhir sin agus an chláruimhir náisiúnta. Bainfear úsáid as uimhir chláraithe na cuideachta chun EUID a shannadh do chuideachtaí nach bhfuil EUID acu in BRIS. I gcás eintitis dhlíthiúla eile, iontaobhais nó socruithe comhchosúla, sannfar an EUID bunaithe ar an gcláruimhir náisiúnta.

3.2

Beidh úsáideoirí BORIS in ann cuideachtaí, eintitis dhlíthiúla eile, iontaobhais nó socruithe comhchosúla a chuardach trí úsáid a bhaint as an gcláruimhir náisiúnta agus as cláruimhir na cuideachta, murab ionann an uimhir sin agus an chláruimhir náisiúnta.

3.3

Féadfaidh Ballstáit rogha a dhéanamh gan cláruimhreacha náisiúnta a sholáthar le haghaidh iontaobhais nó socruithe dlíthiúla comhchosúla. Maidir le hiontaobhais nó socruithe dlíthiúla comhchosúla arna gcruthú faoi dhlí an Bhallstáit ina bhfuil siad á gcoinneáil sa chlár um úinéireacht thairbhiúil, ní bheidh feidhm ag an maolú sin ach ar feadh tréimhse 5 bliana arna áireamh ón dáta a mbeidh BORIS oibríochtúil.

4.   Modhanna cumarsáide

Bainfidh BORIS úsáid as modhanna cumarsáide leictreonaí bunaithe ar sheirbhísí, amhail seirbhísí Gréasáin, ar mhaithe le hidirnascadh na gclár.

An chumarsáid idir an tairseach agus an t-ardán, agus idir clár agus an t-ardán, is cumarsáid idir seirbhís amháin le seirbhís amháin eile a bheidh inti.

5.   Prótacail chumarsáide

Is prótacail idirlín shlána, amhail HTTPS, a úsáidfear le haghaidh na cumarsáide idir an tairseach, an t-ardán agus na cláir.

Is prótacail chumarsáide chaighdeánacha, amhail Simple Object Access Protocol (SOAP), a úsáidfear le haghaidh tharchur na sonraí agus na meiteashonraí.

6.   Caighdeáin slándála

I dtaca le cumarsáid agus dáileadh faisnéise le BORIS, beidh na nithe seo a leanas san áireamh sna bearta teicniúla chun íoschaighdeáin slándála teicneolaíochta faisnéise a áirithiú:

(a)

bearta chun rúndacht faisnéise a áirithiú, lena n-áirítear trí chainéil shlána, amhail HTTPS, a úsáid;

(b)

bearta chun sláinte na sonraí a áirithiú agus iad á n-aistriú;

(c)

bearta chun neamhshéanadh thionscnamh an tseoltóra faisnéise a áirithiú laistigh de BORIS agus neamhshéanadh fála faisnéise a áirithiú;

(d)

bearta chun logáil na dteagmhas slándála a áirithiú i gcomhréir le moltaí a aithnítear go hidirnáisiúnta le haghaidh caighdeán slándála teicneolaíochta faisnéise;

(e)

bearta chun fíordheimhniú agus údarú aon úsáideoir cáilithe a áirithiú agus bearta chun céannacht na gcóras atá nasctha leis an tairseach, an ardáin nó na gclár laistigh de BORIS a fhíorú.

(f)

I gcás inar gá, bearta chun cosaint a thabhairt ar chuardaigh uathoibrithe agus ar chóipeáil na gclár, amhail teorannú go huasmhéid a dhéanamh ar na torthaí a thugtar ar ais as gach clár agus feidhm CAPTCHA (5) a úsáid.

7.   Sonraí atá le malartú faoi chuimsiú BORIS

7.1.

An tacar faisnéise sna cláir náisiúnta a bhaineann le heintiteas corparáideach nó le heintiteas dlíthiúil eile, nó iontaobhas nó socrú dlíthiúil den chineál céanna, is mar “thaifead BO” a thagraítear dó. Tá sonraí san áireamh sa “taifead BO” maidir le próifíl an eintitis nó an tsocraithe lena mbaineann, maidir leis an duine is úinéir tairbhiúil nó na daoine is úinéirí tairbhiúla an eintitis nó an tsocraithe sin, chomh maith leis an leas tairbhiúil/na leasanna tairbhiúla atá i seilbh na n-úinéirí sin.

7.2.

I ndáil le cuideachta nó eintiteas dlíthiúil eile, agus i ndáil le hiontaobhas nó socrú comhchosúil chomh maith, beidh san áireamh sna sonraí maidir leis an bpróifíl faisnéis maidir leis an ainm, an fhoirm dhlíthiúil, chomh maith leis an seoladh clárúcháin agus an chláruimhir náisiúnta, más ann di.

7.3.

Is féidir le gach Ballstát faisnéis bhreise a chur leis an íosfhaisnéis shainordaitheach. Maidir leis an úinéir tairbhiúil agus an leas tairbhiúil atá ina sheilbh, is é a bheidh san íosfhaisnéis shainordaitheach na sonraí a leagtar amach sa dara fomhír d"Airteagal 30(5) agus sa dara fomhír d’Airteagal 31(4) de Threoir (AE) 2015/849. Maidir le céannacht an úinéara thairbhiúil, is é a bheidh san áireamh san fhaisnéise bhreise an dáta breithe nó sonraí teagmhála ar a laghad, ar a leagtar amach san abairt dheireanach d’Airteagal 30(5) agus sa tríú fomhír d’Airteagal 31(4). Beidh na sonraí ón taifead BO ar mhúnla bunaithe ar an tsonraíocht chomhéadain atá curtha ar bun.

7.4.

Beidh teachtaireachtaí san áireamh sa mhalartú faisnéise freisin atá riachtanach le haghaidh oibriú an chórais, amhail cinn chun admháil fála a thabhairt, le haghaidh logála agus le haghaidh tuairiscithe.

8.   Struchtúr fhormáid chaighdeánach na teachtaireachta

Is bunaithe ar mhodhanna caighdeánacha um struchtúrú sonraí a bheidh an malartú faisnéise idir na cláir, an t-ardán agus an tairseach agus is i bhformáid chaighdeánach teachtaireachta, amhail XML (6), a shloinnfear é.

9.   Sonraí le haghaidh an ardáin

9.1.

I gcomhréir leis na ceanglais idir-inoibritheachta aontófar na seirbhísí a bheidh le nochtadh ag gach clár agus beidh an comhéadan céanna á gcur i láthair acu chun an t-idirghníomhú ón bhfeidhmchlár atá ag glaoch, amhail an t-ardán, a chumasú, agus aon chineál comhéadain amháin aige lena nochtar tacar coiteann d’eilimintí sonraí. Déanfaidh na Ballstáit a struchtúr sonraí inmheánach a ailíniú trí tháblaí mapála nó cur chun feidhme teicniúil comhchosúil a úsáid chun ceanglais na sonraíochtaí comhéadain atá le soláthar ag an gCoimisiún a chomhlíonadh.

9.2.

Déanfar na cineálacha sonraí seo a leanas a sholáthar le go gcuirfidh an t-ardán a fheidhmeanna i gcrích:

(a)

sonraí a fhágann gur féidir córais atá nasctha leis an ardán a shainaithint. D’fhéadfadh URLanna nó aon uimhir nó cód eile lena ndéantar gach córas a shainaithint go huathúil laistigh de BORIS a bheith sna sonraí sin;

(b)

aon sonraí oibríochtúla eile is gá le go ndéanfaidh an t-ardán feidhmiú cuí éifeachtach na seirbhíse cuardaigh agus idir-inoibritheacht na gclár leis an ardán a áirithiú. Féadfaidh liostaí de chóid, sonraí tagartha, gluaiseanna agus aistriúcháin ghaolmhara ar na meiteashonraí sin, chomh maith le sonraí logála agus tuairiscithe, a bheith san áireamh sna sonraí sin.

9.3.

Déanfar na sonraí agus na meiteashonraí a láimhseálann an t-ardán a phróiseáil agus a stóráil i gcomhréir leis na caighdeáin slándála a leagtar amach i roinn 5.

10.   Modhanna oibriúcháin an chórais agus na seirbhísí teicneolaíochta faisnéise arna soláthar ag an ardán

10.1.

I dtaca le dáileadh agus malartú faisnéise, is bunaithe ar an modh oibriúcháin teicniúil seo a leanas a bheidh an córas:

Image 1

10.2.

I dtaca le seachadadh teachtaireachtaí sa leagan teanga ábhartha, déanfaidh an Tairseach Eorpach don r-Cheartas déantáin sonraí tagartha a sholáthar, amhail liostaí de chóid, foclóiríní rialaithe agus gluaiseanna. I gcás inarb ábhartha, aistreofar iad sin go teangacha oifigiúla an Aontais. I gcás inar féidir, is caighdeáin aitheanta agus teachtaireachtaí caighdeánaithe a úsáidfear.

10.3.

Comhroinnfidh an Coimisiún tuilleadh sonraí leis an mBallstát faoi na modhanna teicniúla oibríochta agus faoi chur chun feidhme na seirbhísí teicneolaíochta faisnéise arna soláthar ag an ardán.

11.   Na critéir chuardaigh

11.1.

Roghnófar tír amháin ar a laghad agus cuardach ar siúl.

11.2.

Cuirfidh an tairseach na critéir chomhchuibhithe seo a leanas ar fáil le haghaidh an chuardaigh:

(a)

maidir leis na cuideachtaí nó eintitis dhlíthiúla eile, na hiontaobhais nó na socruithe comhchosúla:

i)

Ainm an eintitis dhlíthiúil nó an tsocraithe;

ii)

An chláruimhir náisiúnta.

Is féidir rogha a dhéanamh idir na critéir chuardaigh a luaitear faoi i) agus ii).

(b)

maidir le daoine mar úinéirí tairbhiúla:

i)

Céadainm agus sloinne an úinéara thairbhiúil;

ii)

Dáta breithe an úinéara thairbhiúil.

Úsáidfear na critéir chuardaigh a luaitear faoi i) agus ii) go carnach.

11.3.

Féadfar critéir chuardaigh bhreise a bheith ar fáil ar an tairseach.

12.   Modheolaíocht na híocaíochta agus clárú ar líne

12.1.

Maidir leis na sonraí faoina ngearrfaidh Ballstáit táillí agus a chuirtear ar fáil ar an tairseach faoi BORIS, fágfaidh an córas go mbeidh úsáideoirí in ann íoc ar líne trí úsáid a bhaint as modhanna íocaíochta a úsáidtear go forleathan amhail cártaí creidmheasa agus dochair.

12.2.

Beidh bearta san áireamh in BORIS lena áirithiú gur féidir clárú ar líne i gcomhréir le hAirteagal 30(5a) agus Airteagal 31(4a) de Threoir (AE) 2015/849.

13.   Infhaighteacht seirbhísí

13.1.

Beidh an tseirbhís ar fáil 24u/7 lá, agus ráta infhaighteachta BORIS de 98 % ar a laghad gan cothabháil sceidealta a chur san áireamh.

13.2.

Tabharfaidh na Ballstát fógra don Choimisiún maidir le gníomhaíochta cothabhála mar a leanas:

(a)

5 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 4 uair an chloig;

(b)

10 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 12 uair an chloig;

(c)

30 lá oibre roimh ré le haghaidh cothabháil ar sheomra bonneagair na ríomhairí, a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 6 lá in aghaidh na bliana.

A mhéad is féidir, déanfar oibríochtaí cothabhála a phleanáil lasmuigh d’uaireanta oibre (19.00 – 8.00 ALE).

13.3.

I gcás ina mbeidh tréimhsí seirbhíse socraithe seachtainiúla ag na Ballstáit, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi am agus lá na seachtaine ina mbeidh na tréimhsí socraithe seachtainiúla sin pleanáilte. Gan dochar do na hoibleagáidí i bpointí (a) go (c) den dara mír, i gcás ina mbeidh córais Bhallstáit neamh-infhaighte le linn tréimhse shocraithe den sórt sin, féadfaidh Ballstáit rogha a dhéanamh gan fógra a thabhairt don Choimisiún.

13.4.

I gcás cliseadh teicniúil gan choinne atá ina cúis le neamh-infhaighteacht de níos mó ná leathuair an chloig i gcóras na mBallstát, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas gan mhoill le linn uaireanta oibre (9.00 – 16.00 ALE) faoi neamh-infhaighteacht a gcórais, agus an t-am a bhfuil sé tuartha go n-atosófar an córas, más eol sin.

13.5.

I gcás cliseadh gan choinne an ardáin lárnaigh nó na tairsí, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas gan mhoill le linn uaireanta oibre (9.00 – 16.00 ALE) faoi neamh-infhaighteacht an ardáin nó na tairsí, agus faoi am a bhfuil sé tuartha go n-atosófar an córas, más eol sin.

14.   Rialacha maidir le tras-scríobh agus traslitriú

Déanfaidh gach Ballstát na hiarratais chuardaigh agus na torthaí a chuirtear ar ais a dhírítear orthu a thras-scríobh nó a thraslitriú i gcomhréir lena gcaighdeáin náisiúnta.


(1)  Dá ngairtear “an tairseach” anseo feasta

(2)  Bunaítear an tArdán Lárnach Eorpach (dá ngairtear “an tArdán” anseo feasta) faoi Airteagal 22(1) de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 a bhaineann le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

(3)  Sin gan dochar d’aon fheidhmeanna breise a d’fhéadfadh BORIS a fháil amach anseo.

(4)  Airteagal 16(1) de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 a bhaineann le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí agus Airteagal 8 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/884 an 8 Meitheamh 2015 ón gCoimisiún lena mbunaítear na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta teicniúla atá de dhíth le haghaidh an chórais um idirnascadh na gclár lárnach a bhunaítear faoi Threoir 2009/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(5)  “Tástáil phoiblí Turing iomlán uathoibrithe chun ríomhairí agus daoine a aithint óna chéile”

(6)  Teanga Mharcála Inbhreisithe