|
1.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 70/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/362 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Feabhra 2021
lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin (“Jabugo” (STFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun na chéad fhomhíre de mhír 1 d’Airteagal 53 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Spáinne maidir le formheas ar leasú ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh “Jabugo” atá cláraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 195/98 ón gCoimisiún (2), faoi mar a leasaíodh é le Rialachán (AE) Uimh 2017/385 (3). |
|
(2) |
Ós rud é nach mionleasú atá i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin (4). |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ós amhlaidh nár tugadh aon fhógra faoi ráiteas agóide don Choimisiún, is é is iomchuí formheas a dhéanamh ar an leasú ar an tsonraíocht, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Jabugo” (STFC) formheasta anois.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 195/98 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 1998, lena bhforlíontar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Uimh. 2400/96 maidir le “clárú sonrúchán áirithe sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint” dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle maidir le maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí a chosaint (IO L 20, 27.1.1998, lch 20).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/385 ón gCoimisiún an 2 Márta 2017 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Jamón de Huelva (STFC)) (IO L 59, 7.3.2017, lch. 33).