26.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 68/182


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/350 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Feabhra 2021

lena leasaítear den 318ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí ISIL (Da'esh) agus Al-Qaida

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí ISIL (Da'esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 na daoine, na grúpaí agus na heintitis arna gcumhdach ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin.

(2)

An 19 Feabhra 2021, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe dhá iontráil a bhaint de liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Thar ceann an Uachtaráin

An tArd-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


(1)   IO L 139 29.5.2002, lch. 9.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, scriostar na hiontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal “Daoine nádúrtha”:

(1)

“Said Ben Abdelhakim Ben Omar Al-Cherif (script bhunaidh: سعيد بن عبد الحكيم بن عمر الشريف) (ailias dea-cháilíochta: (a) Cherif Said (Dáta breithe: 25.1.1970; áit bhreithe: An Túinéis); (b) Binhamoda Hokri (Dáta breithe: 25.1.1970; áit bhreithe: Sosa, an Túinéis); (c) Hcrif Ataf (Dáta breithe: 25.1.1971; áit bhreithe: Solisse, an Túinéis); (d) Bin Homoda Chokri (Dáta breithe: 25.1.1970; áit bhreithe: Túinis, an Túinéis); (e) Atef Cherif (Dáta breithe: 12.12.1973; áit bhreithe: An Ailgéir); (f) Sherif Ataf (Dáta breithe: 12.12.1973; áit bhreithe: Aras, an Ailgéir); (g) Ataf Cherif Said (Dáta breithe: 12.12.1973; áit bhreithe: Túinis, an Túinéis); (h) Cherif Said (Dáta breithe: 25.1.1970; áit bhreithe: Túinis, an Túinéis); (i) Cherif Said (Dáta breithe: 12.12.1973; áit bhreithe: An Ailgéir); ailias ísealcháilíochta: (a) Djallal; (b) Youcef; (c) Abou Salman; (d) Said Tmimi). Dáta breithe: 25.1.1970. Áit bhreithe: Manzil Tmim, an Túinéis. Náisiúntacht: Túinéiseach. Pas uimh. M307968 (pas Túinéiseach a eisíodh an 8.9.2001, chuaigh sé in éag an 7.9.2006). Seoladh: Corso Lodi 59, Milano, an Iodáil. Faisnéis eile: (a) Radhiyah Makki is ea ainm na máthar; (b) Díbeartha ón Iodáil go dtí an Túinéis an 27.11.2013. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 12.11.2003.”

(2)

“Emrah Erdogan (ailias (a) Imraan Al-Kurdy, (b) Imraan, (c) Imran, (d) Imran ibn Hassan, (e) Salahaddin El Kurdy, (f) Salahaddin Al Kudy, (g) Salahaddin Al-Kurdy, (h) Salah Aldin, (i) Sulaiman, (j) Ismatollah, (k) Ismatullah, (l) Ismatullah Al Kurdy). Dáta breithe: 2.2.1988. Áit bhreithe: Karliova, an Tuirc. Seoladh: Príosún Werl, an Ghearmáin (ó Bhealtaine 2015). Náisiúntacht: Gearmánach. Pas Uimh. BPA C700RKL8R4 (Sainaitheantas náisiúnta na Gearmáine a eisíodh an 18 Feabhra 2010, rachaidh sé in éag an 17 Feabhra 2016). Faisnéis eile: (a) Tuairisc fhisiciúil: dath súl: donn, dath gruaige: donn, cruth: láidir, meáchan: 92 kg, airde: 176 cm, ball broinne ar dheis an droma. (b) Ainm na máthar: Emine Erdogan. (c) Ainm an athar: Sait Erdogan.”