26.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 68/174


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/348 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Feabhra 2021

lena bhformheastar cairbeandaisim mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 7 agus 10

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha (1) a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 89(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 (2) ón gCoimisiún, leagtar síos liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Áirítear cairbeandaisim ar an liosta sin.

(2)

Rinneadh meastóireacht ar chairbeandaisim lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 7, i leasaithigh sceo, agus i leasaithigh shaoirseachta de chineál táirge 10, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a chomhfhreagraíonn do chineálacha táirgí 7 agus 10 faoi seach mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(3)

Chuir údarás inniúil meastóireachta na Gearmáine na tuarascálacha measúnaithe, mar aon lena chonclúidí, faoi bhráid an Choimisiúin an 2 Lúnasa 2013.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha tuairimí na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (4) (an ‘Ghníomhaireacht’) an 10 Nollaig 2019, ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta.

(5)

Is féidir a dhíorthú ó Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar shubstaintí a bhfuil meastóireacht na mBallstát curtha i gcrích ina leith faoin 1 Meán Fómhair 2013 i gcomhréir le forálacha Threoir 98/8/CE.

(6)

De réir thuairimí na Gníomhaireachta, d’fhéadfaí coinne a bheith leis go ndéanfaidh táirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 7 agus 10, ina bhfuil cairbeandaisim, ceanglais Airteagal 5 de Threoir 98/8/CE a shásamh, ar choinníoll go gcomhlíonfar sonraíochtaí agus coinníollacha áirithe maidir lena n-úsáid.

(7)

Is iomchuí, dá bhrí sin, cairbeandaisim a fhormheas lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 7 agus 10, faoi réir sonraíochtaí agus coinníollacha áirithe.

(8)

Baintear de thátal as tuairimí na Gníomhaireachta go gcomhlíonann cairbeandaisim na critéir le haghaidh aicmiú mar chatagóir shó-ghineach 1B agus mar thocsain atáirgthe de chatagóir 1B i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(9)

Ós rud é gur cheart cairbeandaisim a fhormheas faoi théarmaí Threoir 98/8/CE, agus na hairíonna sin á gcur san áireamh, ba cheart tréimhse an fhormheasa a bheith i bhfad níos giorra ná 10 mbliana i gcomhréir leis an gcleachtas is déanaí arna bhunú faoin Treoir sin. Ina theannta sin, ba cheart trí bliana a bheith i dtréimhse an fhormheasa ós rud é gur tugadh, i leith cairbeandaisim, an idirthréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 89 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ón 14 Bealtaine 2000 agus go bhfuil sí faoi athbhreithniú piaraí ón 2 Lúnasa 2013 i leith, agus d’fhonn scrúdú a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, a luaithe is féidir, i gcomhthéacs athnuachan fhéideartha an fhormheasa, an féidir coinníollacha Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a chomhlíonadh i gcás cairbeandaisime.

(10)

Thairis sin, de bhun phointe 10 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát meastóireacht a dhéanamh i dtaobh an féidir coinníollacha Airteagal 5(2) den Rialachán sin a chomhlíonadh ina gcríocha chun cinneadh a dhéanamh an féidir táirge bithicídeach ina bhfuil cairbeandaisim a údarú.

(11)

Baintear de thátal as tuairimí na Gníomhaireachta freisin go gcomhlíonann cairbeandaisim na critéir maidir le bheith ina shubstaint mharthanach thocsaineach i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(12)

Chun críocha Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, comhlíonann cairbeandaisim an coinníoll a leagtar síos i bpointí (a) agus (d) d’Airteagal 10(1) den Rialachán sin agus ba cheart, dá bhrí sin, í a mheas mar shubstaint atá le hionadú. Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát measúnú comparáideach a dhéanamh mar chuid den mheastóireacht ar iarratas ar údarú nó ar athnuachan ar údarú do tháirge bithicídeach ina bhfuil cairbeandaisim.

(13)

Baintear de thátal as tuairimí na Gníomhaireachta freisin go bhfuil rioscaí do-ghlactha maidir le huisce dromchla agus dríodar le linn a saolré seirbhíse ann de thoradh péinteanna agus plástair a chóireáiltear le cairbeandaisim nó a bhfuil cairbeandaisim iontu a úsáid lasmuigh. Ní fhéadfaí aon bheart leordhóthanach maolaithe riosca a shainaithint chun scaoileadh cairbeandaisime i séaraigh, le linn saolré earraí cóireáilte den sórt sin nuair a úsáidtear amuigh faoin aer iad, a sheachaint. Dá bhrí sin, i dteannta na moltaí i dtuairimí na Gníomhaireachta, measann an Coimisiún gurb iomchuí an cinneadh é nár cheart táirgí bithicídeacha ina bhfuil cairbeandaisim a údarú lena n-úsáid i bpéinteanna agus i bplástair a bheartaítear a úsáid lasmuigh. Thairis sin, níor cheart cead a thabhairt péinteanna ná plástair a chóireáiltear le cairbeandaisim nó a bhfuil cairbeandaisim iontu a chur ar an margadh lena n-úsáid lasmuigh. Ar deireadh, péinteanna agus plástair a chóireáiltear le cairbeandaisim nó a bhfuil cairbeandaisim iontu, ba cheart iad a lipéadú lena léiriú nach bhfuil siad le húsáid lasmuigh.

(14)

Ós rud é, mar atá tugtha i gcrích ag an nGníomhaireacht, go gcomhlíonann cairbeandaisim na critéir le haghaidh aicmiú mar chatagóir shó-ghineach 1B, mar thocsain atáirgthe de chatagóir 1B, agus mar íogróir craicinn de chatagóir 1 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, ba cheart earraí cóireáilte a chóireáiltear le cairbeandaisim nó a bhfuil cairbeandaisim iontu a lipéadú go hiomchuí nuair a chuirtear ar an margadh iad.

(15)

Ní dhéanann an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair, go háirithe Treoir 89/391/CEE (7) agus Treoir 98/24/CE (8) ón gComhairle, agus Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(16)

Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula bhformheasfar substaint ghníomhach ionas go mbeidh páirtithe leasmhara in ann na bearta ullmhúcháin is gá a dhéanamh chun na ceanglais nua a chomhlíonadh.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá cairbeandaisim formheasta mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 7 agus 10, faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Ní hann do théacs an Rialacháin sa Ghaeilge.

(3)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithaicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1)

(4)  Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha (BPC) maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí Cairbeandaisim, Cineál Táirge: 7, ECHA/BPC/234/2019, a glacadh an 10 Nollaig 2019; Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha (BPC) maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí Cairbeandaisim, Cineál Táirge: 10, ECHA/BPC/235/2019, a glacadh an 10 Nollaig 2019.

(5)  Rialachán (CE) Uimh 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(7)  Treoir ón gComhairle 89/391/CEE an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.06.1989, lch. 1).

(8)  Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 05.5.1998, lch. 11).

(9)  Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (an séú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE ón gComhairle) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 50).


IARSCRÍBHINN

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Uimhreacha Céannachta

Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí  (1)

Dáta formheasa

Dáta éaga an fhormheasa

An cineál táirge

Coinníollacha sonracha

Cairbeandaisim

Ainm IUPAC: Meitil-beinsimíodasól-2-ylcarbamáit

Uimh. CE: 234-232 -0

Uimh. CAS: 10605-21 -7

99,0 % w/w

An 1 Feabhra 2022

An 31 Eanáir 2025

7

Meastar gur substaint í cairbeandaisim atá le hionadú i gcomhréir le pointí (a) agus (d) d’Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

Tá na húdaruithe ar tháirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

1.

Sa mheasúnú ar tháirgí tabharfar aird ar leith ar na neamhchosaintí, ar na rioscaí agus ar an éifeachtúlacht a bhaineann le haon úsáidí a chumhdaítear le hiarratas ar údarú, ach nach dtabharfar aghaidh orthu sa mheasúnú riosca ar ar an tsubstaint ghníomhach ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, de bhun phointe 10 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, áireofar sa mheasúnú ar tháirgí meastóireacht i dtaobh an féidir coinníollacha Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a chomhlíonadh.

2.

Ní údarófar táirgí lena n-úsáid i mBallstáit ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

3.

Ní údarófar táirgí lena n-úsáid i bpéinteanna a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid lasmuigh.

Tá earraí cóireáilte a chuirtear ar an margadh faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

1.

Ní chuirfear péinteanna a chóireáiltear le cairbeandaisim nó a bhfuil cairbeandaisim iontu ar an margadh lena n-úsáid lasmuigh.

2.

Áiritheoidh an duine atá freagrach as péint a chur ar an margadh, a chóireáiltear le cairbeandaisim nó a bhfuil cairbeandaisim inti, go léireofar ar lipéad na péinte sin nach n-úsáidfear lasmuigh í.

3.

Áiritheoidh an duine atá freagrach as earra cóireáilte a chur ar an margadh, earra a chóireáiltear le cairbeandaisim nó a bhfuil cairbeandaisim ann, go gcuirfear ar fáil ar lipéad an earra chóireáilte sin an fhaisnéis a liostaítear sa dara fomhír d’Airteagal 58(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

10

Meastar gur substaint í cairbeandaisim atá le hionadú i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (d) d’Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

Tá na húdaruithe ar tháirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

1.

Sa mheasúnú ar tháirgí tabharfar aird ar leith ar na neamhchosaintí, ar na rioscaí agus ar an éifeachtúlacht a bhaineann le haon úsáidí a chumhdaítear le hiarratas ar údarú, ach nach dtabharfar aghaidh orthu sa mheasúnú riosca ar ar an tsubstaint ghníomhach ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, de bhun phointe 10 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, áireofar sa mheasúnú ar tháirgí meastóireacht i dtaobh an féidir coinníollacha Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a chomhlíonadh.

2.

Ní údarófar táirgí lena n-úsáid i mBallstáit ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

3.

Ní údarófar táirgí lena n-úsáid i bplástair a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid lasmuigh.

Tá earraí cóireáilte a chuirtear ar an margadh faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

1.

Ní chuirfear plástair a chóireáiltear le cairbeandaisim nó a bhfuil cairbeandaisim iontu ar an margadh lena n-úsáid lasmuigh.

2.

Áiritheoidh an duine atá freagrach as plástar a chur ar an margadh, a chóireáiltear le cairbeandaisim nó a bhfuil cairbeandaisim ann, go léireofar ar lipéad an phlástair sin nach n-úsáidfear lasmuigh é.

3.

Áiritheoidh an duine atá freagrach as earra cóireáilte a chur ar an margadh a chóireáiltear le cairbeandaisim nó a bhfuil cairbeandaisim ann go gcuirfear ar fáil ar lipéad an earra chóireáilte sin an fhaisnéis a liostaítear sa dara fomhír d’Airteagal 58(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.


(1)  Ba í an íonacht a léiríodh sa cholún seo íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi. Is ceadmhach íonacht na substainte gníomhaí sa táirge a chuirtear ar an margadh a bheith cothrom nó éagsúil léi, má tá sé cruthaithe go bhfuil sí coibhéiseach go teicniúil leis an tsubstaint ghníomhach a ndearnadh meastóireacht uirthi.