26.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 68/157


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/343 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Feabhra 2021

maidir le húdarú ullmhóid Lactobacillus buchneri DSM 29026 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speiceas ainmhithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta atá ann chun an t-údarú sin a dheonú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach le húdarú a fháil le haghaidh ullmhóid Lactobacillus buchneri DSM 29026. Na sonraí agus na doiciméid atá ag gabháil leis an iarratas sin, sonraí agus doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, is sonraí agus doiciméid iad a bhí leis an iarratas.

(3)

Baineann an t-iarratas le húdarú ullmhóid Lactobacillus buchneri DSM 29026 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speiceas ainmhithe, ullmhóid a aicmeofar i gcatagóir breiseán na “mbreiseán teicneolaíochta”.

(4)

Sa tuairim uaidh an 25 Bealtaine 2020 (2), chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”), faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag ullmhóid Lactobacillus buchneri DSM 29026 ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht tomhaltóirí ná ar an gcomhshaol. Chinn sé freisin gur cheart a mheas gur íogróir riospráide é an breiseán, agus in éagmais sonraí, ní fhéadfaí teacht ar chonclúid maidir le greannú an chraicinn agus greannú na súl nó maidir leis an íogrú craicinn a dhéanann an breiseán. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún, gur cheart na bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe maidir le húsáideoirí an bhreiseáin. Chinn an tÚdarás freisin go bhféadfadh an ullmhóid atá i gceist feabhas a chur ar chobhsaíocht aeróbach sadhlais ó ábhair atá éasca agus measartha deacair a shadhlasú. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha a bhaineann le faireachán iarmhargaidh. Rinne sé an tuarascáil ar na modhanna a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe arna cur isteach ag an Saotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 a fhíorú freisin.

(5)

Léirítear sa mheasúnú ar ullmhóid Lactobacillus buchneri DSM 29026 gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a bhí leis an Rialachán seo.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin theicneolaíocha” agus leis an ngrúpa feidhmiúil “breiseáin sadhlais”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Iris EFSA 2020;18(6):6159.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

An breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhithe

Aois uasta

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU breiseáin/kg d’ábhar úr

Catagóir na mbreiseán teicneolaíoch. Grúpa feidhme: breiseáin sadhlais

1k20759

Lactobacillus buchneri DSM 29026

Comhdheánamh an bhreiseáin

Ullmhóid Lactobacillus buchneri DSM 29026 ina bhfuil

íosmhéid 2 × 1010 CFU/g

de bhreiseán.

Gach speiceas ainmhí

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na coinníollacha stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é le miocrorgánaigh eile ina bhreiseáin sadhlais: 5×107 CFU/kg d’ábhar úr is éasca agus is measartha deacair a shadhlasú  (2).

3.

I gcás úsáideoirí na mbreiseán agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as úsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú a laghad is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don análú.

18.3.2031

Tréithriú na substainte gníomhaí

Cealla inmharthana Lactobacillus buchneri DSM 29026.

Modh anailíse  (1)

Sainaithint: Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE)

Áireamh sa bhreiseán beathaithe: Modh an leata ar phláta le hagar MRS (EN 15787).


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha:https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feeD-additives/evaluation-reports

(2)  Foráiste is éasca a shadhlasú: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha ina ábhar úr; foráiste atá measartha deacair a shadhlasú: 1.5-3.0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair, agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).