26.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 68/1


RIALACHÁN (AE) 2021/337 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 16 Feabhra 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 a mhéid a bhaineann le réamheolaire Téarnaimh AE agus coigeartuithe spriocdhírithe le haghaidh idirghabhálaithe airgeadais agus Treoir 2004/109/CE a mhéid a bhaineann le húsáid na formáide tuairiscithe leictreonaí aonair le haghaidh tuarascálacha airgeadais bliantúla, chun tacú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá paindéim COVID-19 ag déanamh difear ollmhór do dhaoine, do chuideachtaí, do chórais cúraim sláinte agus do gheilleagair na mBallstát. Ina theachtaireacht an 27 Bealtaine 2020 dar teideal ‘Europe’s moment: Repair and Prepare for the Next Generation’ [Deis na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile], chuir an Coimisiún i bhfáth go leanfaidh leachtacht agus rochtain ar mhaoiniú de bheith ina ndúshláin. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach tacaíocht a thabhairt don iarracht téarnaimh ón suaitheadh tromchúiseach eacnamaíoch arb í paindéim COVID-19 ba chúis léi trí leasuithe dírithe ar dhlí seirbhísí airgeadais reatha an Aontais a thabhairt isteach. Is pacáiste beart iad na leasuithe sin agus glactar leo faoin lipéad “Pacáiste Téarnaimh um Margaí Caipitil”.

(2)

Le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos ceanglais maidir le dréachtú, údarú agus dáileadh an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte atá suite i mBallstát nó atá ag feidhmiú i mBallstát. Mar chuid den phacáiste beart chun cuidiú le heisitheoirí teacht aniar ón suaitheadh eacnamaíoch a eascraíonn as paindéim COVID-19, ní mór leasuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar an réamheolaire. Leis na leasuithe sin, ba cheart é a bheith ar a gcumas d’eisitheoirí agus d’idirghabhálaithe airgeadais a gcostais a laghdú agus acmhainní a shaoradh le haghaidh na céime téarnaimh sa tréimhse díreach i ndiaidh phaindéim COVID-19. Ba cheart na leasuithe sin a bheith i gcomhréir le cuspóirí uileghabhálacha Rialachán (AE) 2017/1129 chun tiomsú airgid a chothú trí mhargaí caipitil, chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí a áirithiú, chun cóineasú maoirseachta a spreagadh ar fud na mBallstát agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Ba cheart, leis na leasuithe sin, lánaird a thabhairt go sonrach freisin ar a mhéid a rinne paindéim COVID-19 difear do staid reatha na n-eisitheoirí agus dá n-ionchais amach anseo.

(3)

De dheasca ghéarchéim COVID-19, tá cuideachtaí an Aontais, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus gnólachtaí nuathionscanta níos leochailí agus soghonta. I gcás inarb iomchuí chun foinsí cistiúcháin do chuideachtaí an Aontais a éascú agus a éagsúlú, le béim ar leith ar FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí meánchaiplithe, is féidir le baint bacainní gan údar agus ualach riaracháin iomarcach cuidiú le cur chun cinn a gcumais rochtain a fháil ar mhargaí cothromais, de bhreis ar deiseanna infheistíochta níos éagsúla, níos fadtéarmaí agus níos iomaíche le haghaidh infheisteoirí miondíola agus móra a chur chun cinn. I ndáil leis sin, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an Rialachán seo freisin é a dhéanamh níos éasca d’infheisteoirí ionchasacha foghlaim faoi dheiseanna infheistíochta i gcuideachtaí, ós rud é go mbíonn deacracht ag infheisteoirí ionchasacha go minic meastóireacht a dhéanamh ar chuideachtaí nuathionscanta agus ar ghnólachtaí le taifead gnó beag, ar staid é as a n-eascraíonn níos lú folúntas nuálach, go háirithe le haghaidh daoine a chuireann gnólacht ar bun.

(4)

Bhí institiúidí creidmheasa gníomhach san iarracht chun tacú le cuideachtaí a raibh maoiniú ag teastáil uathu agus meastar go mbeidh siad ina gcolún bunúsach den téarnamh. Le Rialachán (AE) 2017/1129, beidh institiúidí creidmheasa i dteideal díolúine ón oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú i gcás tairiscint nó ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte ar urrúis áirithe neamhchothromais arna n-eisiúint go leanúnach nó arís is arís eile suas le méid comhiomlánaithe EUR 75 mhilliún thar thréimhse 12 mhí. Ba cheart an tairseach dhíolúine sin a mhéadú go ceann tréimhse theoranta ama chun tiomsú airgid a chothú le haghaidh institiúidí creidmheasa agus chun spás anála a thabhairt dóibh chun tacú lena gcliaint san fhíorgheilleagar. Ós rud é go bhfuil cur i bhfeidhm an bhirt sin teoranta do chéim an téarnaimh, níor cheart é a bheith ar fáil ach amháin ar feadh tréimhse theoranta ama, dar críoch an 31 Nollaig 2022.

(5)

Chun dul i ngleic go mear le tionchar eacnamaíoch tromchúiseach phaindéim COVID-19, tá sé tábhachtach bearta a thabhairt isteach chun infheistíochtaí san fhíorgheilleagar a éascú, go mbeifí in ann cuideachtaí san Aontas a athchaipitliú go tapa agus é a chur ar a gcumas d’eisitheoirí leas a bhaint as margaí poiblí go luath sa phróiseas téarnaimh. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, is iomchuí réamheolaire nua gearrfhoirme a chruthú ar a dtabharfar réamheolaire Téarnaimh AE, agus ag an am céanna aghaidh á tabhairt freisin ar na saincheisteanna eacnamaíocha agus airgeadais atá ardaithe go sonrach ag paindéim COVID-19, ar réamheolaire é atá éasca a tháirgeadh le haghaidh eisitheoirí, atá éasca a thuiscint le haghaidh infheisteoirí, go háirithe infheisteoirí miondíola, ar mian leo eisitheoirí a mhaoiniú, agus atá éasca a ghrinnscrúdú agus a údarú le haghaidh údaráis inniúla. Ba cheart breathnú ar an réamheolaire maidir le téarnamh AE go príomha mar éascaitheoir i leith athchaipitliú, agus go ndéanfadh na húdaráis inniúla faireachán cúramach air chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le faisnéis d’infheisteoirí. Rud atá tábhachtach, níor cheart na leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1129 atá sa Rialachán seo a úsáid chun go ngabhfadh sé ionad an athbhreithnithe sceidealta, agus an leasaithe a d’fhéadfaí, a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2017/1129, ar ghá measúnú tionchair iomlán a bheith ag gabháil leis. I ndáil leis sin, ní bheadh sé iomchuí gnéithe breise a chur leis na córais nochta nach gceanglaítear cheana féin faoin Rialachán sin ná faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún (4), cé is moite d’fhaisnéis shonrach a bhaineann le tionchar phaindéim COVID-19. Níor cheart na gnéithe sin a thabhairt isteach ach amháin i gcás togra reachtach ón gCoimisiún ar bhonn a athbhreithnithe ar Rialachán (AE) 2017/1129, dá bhforáiltear in Airteagal 48 den Rialachán sin.

(6)

Tá sé tábhachtach faisnéis d’infheisteoirí miondíola agus doiciméid faisnéise bunriachtanaí a ailíniú ar fud táirgí agus dlíthe airgeadais éagsúla, agus rogha agus inchomparáideacht iomlán infheistíochta san Aontas a áirithiú. Ina theannta sin, ba cheart cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí miondíola a chur san áireamh san athbhreithniú atá beartaithe a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2017/1129 chun doiciméid faisnéise chomhchuibhithe, shimplí agus shothuigthe a áirithiú do gach infheisteoir miondíola.

(7)

Tá faisnéis maidir le cúrsaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) ag cuideachtaí tar éis éirí níos ábhartha d’infheisteoirí chun tionchar inbhuanaitheachta a gcuid infheistíochtaí a thomhas agus chun breithnithe inbhuanaitheachta a chomhtháthú ina bpróisis chinnteoireachta maidir le hinfheistíocht agus ina mbainistiú priacail. Mar thoradh air sin, tá níos mó brú ar chuideachtaí freagairt d’éilimh ó infheisteoirí agus ó institiúidí creidmheasa araon maidir le hábhair ESG agus ceanglaítear orthu cloí le hilchaighdeáin do nochtadh ESG, a bhíonn ilroinnte agus neamhréireach go minic. Dá bhrí sin, ar mhaithe le nochtadh faisnéise a bhaineann le hinbhuanaitheacht a fheabhsú i gcuideachtaí agus na ceanglais maidir le nochtadh den sórt sin a chomhchuibhiú dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/1129, agus dlí seirbhísí eile airgeadais de chuid an Aontais á chur san áireamh ag an am céanna, ba cheart don Choimisiún, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Rialachán (AE) 2017/1129, a mheas an iomchuí faisnéis a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i Rialachán (AE) 2017/1129 agus a mheas an iomchuí togra reachtach a dhéanamh chun comhleanúnachas le cuspóirí inbhuanaitheachta agus inchomparáideacht na faisnéise a bhaineann le hinbhuanaitheacht a áirithiú ar fud dhlí sheirbhísí airgeadais an Aontais.

(8)

Maidir le cuideachtaí a bhfuil scaireanna acu arna ligean isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte nó chun trádála ar mhargadh fáis FBManna go leanúnach ar feadh 18 mí ar a laghad roimh an tairiscint ar scaireanna nó an cead isteach chun trádála, ba cheart ceanglais nochta leanúnacha a bheith comhlíonta acu faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), faoi Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) nó, d’eisitheoirí ar mhargaí fáis FBManna, faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún (7). Dá bhrí sin, beidh go leor den ábhar atá ag teastáil i réamheolaire ar fáil go poiblí cheana féin agus beidh infheisteoirí ag trádáil ar bhonn na faisnéise sin. Dá bhrí sin, níor cheart réamheolaire Téarnaimh AE a úsáid ach le haghaidh eisiúintí tánaisteacha scaireanna. Ba cheart le réamheolaire Téarnaimh AE maoiniú cothromais a éascú agus ar an gcaoi sin lamháil do chuideachtaí athchaipitliú tapa a dhéanamh. Níor cheart le réamheolaire Téarnaimh AE a chur ar chumas eisitheoirí aistriú ó mhargadh fáis FBManna go margadh rialáilte. Thairis sin, níor cheart do réamheolaire Téarnaimh AE a bheith dírithe ach ar fhaisnéis bhunriachtanach lena gcuirtear ar chumas infheisteoirí cinntí infheistíochta eolasacha a dhéanamh. Mar sin féin, más infheidhme, ba cheart d’eisitheoirí nó do thairgeoirí aghaidh a thabhairt ar an gcaoi a ndearna paindéim COVID-19 difear do ghníomhaíochtaí gnó na n-eisitheoirí chomh maith leis an tionchar, más ann dó, a mheastar a bheidh ag an bpaindéim amach anseo ar ghníomhaíochtaí gnó na n-eisitheoirí.

(9)

Chun go mbeidh sé ina uirlis éifeachtúil le haghaidh eisitheoirí, ba cheart réamheolaire Téarnaimh AE a bheith ina dhoiciméad aonair de mhéid teoranta, bheith in ann ionchorprú de réir tagairtí, agus tairbhiú den phas le haghaidh tairiscintí uile-Eorpacha ar scaireanna don pobal nó do cheadanna isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte.

(10)

Ba cheart achoimre ghearrfhoirme a bheith san áireamh i réamheolaire Téarnaimh AE mar fhoinse faisnéise le haghaidh infheisteoirí, go háirithe infheisteoirí miondíola. Ba cheart an achoimre sin a bheith leagtha amach i dtús réamheolaire Téarnaimh AE agus a bheith dírithe ar fhaisnéis bhunriachtanach le go mbeadh infheisteoirí in ann a chinneadh cé na scaireanna atá á dtairiscint don phobal nó atá á ligean isteach chun a dtrádála le staidéar a dhéanamh orthu tuilleadh, agus ina dhiaidh sin réamheolaire Téarnaimh AE ina iomláine a athbhreithniú chun a gcinneadh a dhéanamh. Ba cheart a bheith san áireamh san fhaisnéis bhunriachtanach faisnéis lena gcumhdaítear go sonrach an tionchar gnó agus airgeadais, más ann dó, a bheidh ag paindéim COVID-19, mar aon lena tionchar, más ann dó, a mheastar a bheidh aici amach anseo. Le réamheolaire téarnaimh AE, ba cheart cosaint infheisteoirí miondíola a áirithiú trí chloí le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2017/1129, agus ualach iomarcach riaracháin á sheachaint ag an am céanna. I ndáil leis sin, tá sé ríthábhachtach nach laghdófar cosaint infheisteoirí leis an achoimre ná nach dtabharfaí tuiscint mhíthreorach d’infheisteoirí. Dá bhrí sin, ba cheart d’eisitheoirí nó do thairgeoirí ardleibhéal díchill a áirithiú i ndréachtú na hachoimre sin.

(11)

Ós rud é le réamheolaire Téarnaimh AE, go gcuirfí i bhfad níos lú faisnéise ar fáil ná réamheolaire simplithe faoin gcóras nochta simplithe d’eisiúintí tánaisteacha, níor cheart go mbeadh sé indéanta d’eisitheoirí é a úsáid le haghaidh eisiúintí ardchaolúcháin scaireanna a bhfuil tionchar suntasach acu ar struchtúr caipitil, ionchais agus staid airgeadais an eisitheora. Ba cheart, dá bhrí sin, úsáid réamheolaire Téarnaimh AE a theorannú do thairiscintí nach mó ná 150 % den chaipiteal gan íoc. Ba cheart critéir bheachta a leagan síos sa Rialachán seo chun tairseach den sórt sin a ríomh.

(12)

Chun sonraí a bhailiú a thacaíonn le measúnú ar chóras réamheolaire Téarnaimh AE, ba cheart réamheolaire téarnaimh AE a chur san áireamh i sásra stórála dá dtagraítear in Airteagal 21(6) de Rialachán (AE) 2017/1129. Chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin maidir leis an sásra stórála sin a athrú, ba cheart do réamheolaire Téarnaimh AE a bheith in ann na sonraí céanna a úsáid agus iad siúd a shainítear le haghaidh an réamheolaire eisiúintí tánaisteacha arna leagan amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2017/1129, ar choinníoll go leanfaidh an dá chineál réamheolaire de bheith difreáilte go soiléir.

(13)

Ba cheart do réamheolaire Téarnaimh AE comhlánú a dhéanamh ar chineálacha eile réamheolairí arna leagan síos i Rialachán (AE) 2017/1129 i bhfianaise sainiúlachtaí cineálacha éagsúla urrús, eisitheoirí, tairiscintí agus ceadanna isteach. Dá bhrí sin, ach amháin má luaitear a mhalairt go sonrach, tá le tuiscint leis na tagairtí uile don téarma “réamheolaire” faoi Rialachán (AE) 2017/1129 gur ag tagairt do gach cineál réamheolaire atá siad, lena n-áirítear réamheolairí Téarnaimh an Aontais arna leagan síos sa Rialachán seo.

(14)

Le Rialachán (AE) 2017/1129, ceanglaítear ar idirghabhálaithe airgeadais infheisteoirí a chur ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht go bhféadfaí forlíonadh a fhoilsiú agus, faoi choinníollacha áirithe, dul i dteagmháil le hinfheisteoirí an lá céanna a fhoilsítear forlíonadh. Is féidir go mbeadh deacrachtaí ann d’idirghabhálaithe airgeadais leis an sprioc-am faoinar gá dul i dteagmháil le hinfheisteoirí, mar aon le raon feidhme na n-infheisteoirí a bhfuil teagmháil le déanamh leo. Chun faoiseamh agus acmhainní a sholáthar d’idirghabhálaithe airgeadais agus san am céanna, ardleibhéal cosanta a choinneáil ar bun i dtaca le hinfheisteoirí, ba cheart córas níos comhréirí a leagan síos. Ba cheart a shoiléiriú, go háirithe, gur cheart d’idirghabhálaithe airgeadais teagmháil a dhéanamh le hinfheisteoirí a cheannaíonn nó a shuibscríobhann urrúis ag deireadh na tréimhse tosaigh tairisceana ar a dhéanaí. Ba cheart a thuiscint go dtagraíonn an tréimhse tosaigh tairisceana don tréimhse ama ina dtairgeann an t-eisitheoir nó an tairgeoir urrúis don phobal mar a fhorordaítear sa réamheolaire agus na tréimhsí ina dhiaidh sin a eisiamh ina n-athdhíoltar urrúis ar an margadh lena linn. Ba cheart go gcuimseodh tréimhse na tairisceana tosaigh eisiúintí príomhúla agus tánaisteacha urrús le córas den sórt sin, ba cheart a shainiú cé na hinfheisteoirí ar cheart d’idirghabhálaithe airgeadais dul i dteagmháil leo nuair a fhoilsítear forlíonadh agus ba cheart leis síneadh a chur leis an sprioc-am ina mbeidh teagmháil le déanamh leis na hinfheisteoirí sin. Gan beann ar cén córas nua dá bhforáiltear sa Rialachán seo, maidir le forálacha Rialachán (AE) 2017/1129 atá ann cheana, lena n-áirithítear go bhfuil an forlíonadh inrochtana le haghaidh gach infheisteora trína cheangal go bhfoilseofar an forlíonadh ar shuíomh gréasáin atá ar fáil go poiblí, ba cheart go leanfaidís d’fheidhm a bheith acu.

(15)

Ós rud é go bhfuil córas réamheolaire Théarnaimh AE teoranta do chéim an téarnaimh, ba cheart an córas sin dul in éag faoin 31 Nollaig 2022. Chun leanúnachas réamheolairí Téarnaimh an Aontais a áirithiú, ba cheart na réamheolairí Téarnaimh sin de chuid an Aontais a formheasadh roimh dhul in éag chóras réamheolaire Théarnaimh AE tairbhe a bhaint as foráil mharthanachta.

(16)

Faoin 21 Iúil 2022, tá an Coimisiún chun tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/1129, lena ngabhfaidh i gcás inarb iomchuí togra reachtach. Leis an tuarascáil sin, ba cheart measúnú a dhéanamh, inter alia, an amhlaidh gurb iomchuí an córas nochta le haghaidh réamheolairí Téarnaimh an Aontais chun na cuspóirí arna saothrú ag an Rialachán seo a chomhlíonadh. Leis an measúnú sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an gceist i dtaobh an mbaineann réamheolaire Téarnaimh AE cothromaíocht chuí amach idir cosaint infheisteoirí agus laghdú an ualaigh riaracháin.

(17)

Ceanglaítear le Treoir 2004/109/CE ar eisitheoirí a ligtear a n-urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte atá suite i mBallstát nó atá ag feidhmiú i mBallstát a dtuarascálacha airgeadais bliantúla a ullmhú agus a nochtadh i bhformáid tuairiscithe leictreonach aonair, ag tosú ó bhlianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2020 nó dá éis sin. Sonraítear an fhormáid tuairiscithe leictreonach aonair sin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún (8). Ós rud é go n-éilíonn ullmhú tuarascálacha airgeadais bliantúla agus úsáid á baint as an bhformáid tuairiscithe leictreonach aonair leithdháileadh acmhainní breise daonna agus airgeadais, go háirithe le linn na chéad bhliana ullmhúcháin, agus i bhfianaise na srianta ar acmhainní eisitheoirí mar gheall ar phaindéim COVID-19, ba cheart go mbeadh Ballstát in ann cur i bhfeidhm an cheanglais tuarascálacha airgeadais bliantúla a ullmhú agus a nochtadh agus úsáid á baint as formáid tuairiscithe leictreonach aonair a chur siar aon bhliain amháin. Chun an rogha sin a fheidhmiú, ba cheart do Bhallstát a chur in iúl don Choimisiún go bhfuil sé de rún aige go mbeifí ann an cur siar sin a dhéanamh agus go bhfuil údar cuí lena rún.

(18)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon bearta a thabhairt isteach chun infheistíochtaí san fhíorgheilleagar a éascú, chun go mbeifí in ann cuideachtaí san Aontas a athchaipitliú go tapa agus é a chur ar a gcumas d’eisitheoirí leas a bhaint as margaí poiblí go luath sa phróiseas téarnaimh, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

(19)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir 2004/109/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1129

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1(4), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(l)

ón 18 Márta 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022, urrúis neamhchothromais a eisíonn institiúid creidmheasa ar bhonn leanúnach nó arís agus arís eile, i gcás inar lú ná EUR 150 000 000 in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa arna ríomh thar thréimhse 12 mhí an chomaoin chomhiomlán san Aontas maidir leis na hurrúis arna dtairgeadh, ar choinníoll go gcomhlíonann na hurrúis sin na coinníollacha seo a leanas go léir:

(i)

nach bhfuil siad fo-ordaithe, in-chomhshóite ná inmhalartaithe; agus

(ii)

nach dtugtar cead leo cineálacha eile urrús a shuibscríobh nó a fháil agus nach bhfuil aon bhaint acu le hionstraim dhíorthach.”;

(2)

in Airteagal 1(5), an chéad fhomhír, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(k)

ón 18 Márta 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022, urrúis neamhchothromais a eisíonn institiúid creidmheasa ar bhonn leanúnach nó arís agus arís eile, i gcás inar lú ná EUR 150 000 000 in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa arna ríomh thar thréimhse 12 mhí an chomaoin chomhiomlán san Aontas maidir leis na hurrúis arna dtairgeadh, ar choinníoll go gcomhlíonann na hurrúis sin na coinníollacha seo a leanas go léir:

(i)

nach bhfuil siad fo-ordaithe, in-chomhshóite ná inmhalartaithe; agus

(ii)

nach dtugtar cead leo cineálacha eile urrús a shuibscríobh nó a fháil agus nach bhfuil aon bhaint acu le hionstraim dhíorthach.”;

(3)

in Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad chuid tosaigh na chéad fhomhíre:

“1.   gan dochar d’Airteagail 14(2), 14a(2) agus 18(1), beidh an fhaisnéis riachtanach i réamheolaire atá ábhartha d’infheisteoir chun measúnú eolasach a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:”;

(4)

in Airteagal 7, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“12a.   De mhaolú ar mhíreanna 3 go dtí 12 den Airteagal seo, i réamheolaire Téarnaimh de chuid AE arna dhréachtú i gcomhréir le hAirteagal 14a áireofar achoimre arna tharraingt suas i gcomhréir leis an mír seo.

Doiciméad gearr beacht a bheidh in achoimre réamheolaire Téarnaimh de chuid AE nach mbeidh níos mó ná dhá leathán leathanaigh A4 ann agus é clóite.

Ní bheidh crostagairtí do chodanna eile de réamheolaire Téarnaimh de chuid AE san achoimre ná ní ionchorprófar faisnéis de réir tagairtí ann agus is amhlaidh:

(a)

a chuirfear i láthair é agus a bheidh sé leagtha amach sa dóigh is go bhfuil sé éasca a léamh, ag úsáid carachtair atá inléite ó thaobh méide de;

(b)

a bheidh sé scríofa i bhfriotal agus i stíl lena bhféadfar an fhaisnéis a thuiscint go héasca, go háirithe, i bhfriotal atá soiléir, neamhtheicniúil, gonta agus sothuigthe d’infheisteoirí;

(c)

a bheidh na ceithre roinn seo a leanas ann:

(i)

réamhrá, ina bhfuil an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, lena n-áirítear rabhaidh agus dáta formheasta réamheolaire Téarnaimh AE;

(ii)

faisnéis ríthábhachtach maidir leis an eisitheoir, lena n-áirítear, más infheidhme, tagairt shonrach nach lú ná 200 focal don tionchar gnó agus airgeadais ar an eisitheoir a bheidh ag paindéim COVID-19;

(iii)

faisnéis ríthábhachtach maidir leis na scaireanna, lena n-áirítear na cearta a ghabhann leis na scaireanna sin agus aon teorainneacha ar na cearta sin;

(iv)

faisnéis ríthábhachtach faoin tairiscint scaireanna don phobal agus/nó faoi na hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte.”;

(5)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 14a

Réamheolaire Téarnaimh AE

1.   Féadfaidh na daoine seo a leanas réamheolaire Téarnaimh AE a dhréachtú faoin gcóras nochta simplithe a leagtar amach san Airteagal seo i gcás go ndéantar tairiscint ar scaireanna don phobal nó go ligtear isteach scaireanna chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte:

(a)

eisitheoirí ar ligeadh scaireanna dá gcuid isteach chun a dtrádála go leanúnach ar feadh ar a laghad na 18 mí roimhe sin ar mhargadh rialáilte agus a eisíonn scaireanna atá idirmhalartach le scaireanna a eisíodh cheana;

(b)

eisitheoirí a ndearnadh a gcuid scaireanna a thrádáil cheana ar mhargadh fáis FBManna go leanúnach ar feadh ar a laghad na 18 mí roimhe sin, ar choinníoll gur foilsíodh réamheolaire chun na scaireanna sin a thairiscint, agus a eisíonn scaireanna atá idirmhalartach le scaireanna a eisíodh cheana.

(c)

tairgeoirí scaireanna ar ligeadh isteach iad chun a dtrádála go leanúnach le 18 mí anuas ar a laghad ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna.

Ní fhéadfaidh eisitheoirí réamheolaire Téarnaimh de chuid AE a dhréachtú ach amháin ar choinníoll gurb é atá i líon na scaireanna a bheartaítear a thairiscint, mar aon le líon na scaireanna a tairgeadh cheana trí réamheolaire Téarnaimh de chuid AE thar thréimhse 12 mhí, más ann, nach mó ná 150 % de líon na scaireanna a ligeadh isteach cheana féin chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh fáis FBManna, de réir mar a bheidh, ar dháta formheasta réamheolaire Téarnaimh AE.

Is ar dháta formheasta réamheolaire Téarnaimh AE a thosóidh an tréimhse 12 mhí dá dtagraítear sa dara fomhír.

2.   De mhaolú ar Airteagal 6(1), agus gan dochar d’Airteagal 18(1), beidh i réamheolaire Téarnaimh AE an fhaisnéis ábhartha laghdaithe atá riachtanach chun go mbeidh infheisteoirí in ann an méid a leanas a thuiscint:

(a)

ionchais agus feidhmíocht airgeadais an eisitheora agus na hathruithe móra a tháinig ar staid airgeadais agus ghnó an eisitheora ó dheireadh na bliana airgeadais deireanaí, más ann dóibh, chomh maith lena straitéis agus a chuspóirí gnó airgeadais agus neamhairgeadais fadtéarmacha, lena n-áirítear, más infheidhme, tagairt shonrach nach lú ná 400 focal do thionchar gnó agus airgeadais phaindéim COVID-19 ar an eisitheoir agus tionchar na paindéime sin a mheastar a bheidh ann amach anseo;

(b)

an fhaisnéis bhunriachtanach maidir leis na scaireanna, lena n-áirítear na cearta a ghabhann leis na scaireanna, agus aon teorainneacha leis na cearta sin, na cúiseanna leis an eisiúint agus an tionchar atá aici ar an eisitheoir, lena n-áirítear ar struchtúr caipitil foriomlán an eisitheora, chomh maith le nochtadh caipitlithe agus féichiúnais, ráiteas caipitil oibre, agus úsáid na bhfáltas.

3.   Déanfar an fhaisnéis atá i réamheolaire Téarnaimh AE a scríobh agus a chur i láthair i bhfoirm atá éasca a anailísiú, gonta agus sothuigthe agus cuirfidh sí ar chumas infheisteoirí, go háirithe infheisteoirí miondíola, cinneadh infheistíochta eolasach a dhéanamh, agus, an fhaisnéis rialáilte a nochtadh cheana don phobal de bhun Threoir 2004/109/CE, i gcás inarb infheidhme, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, agus, i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe an Choimisiúin (AE) 2017/565 (*1), á cur san áireamh.

4.   Déanfar réamheolaire Téarnaimh an Aontais a dhréachtú mar dhoiciméad aonair ina mbeidh an t-íosmhéid faisnéise leagtha amach in Iarscríbhinn Va. Beidh fad uasta 30 leathán leathanaigh A4 aige nuair a chuirtear i gcló é agus cuirfear i láthair é agus beidh sé leagtha amach sa dóigh is go bhfuil sé éasca a léamh, ag úsáid carachtair atá inléite ó thaobh méide de.

5.   Ní chuirfear san áireamh an achoimre ná an fhaisnéis arna hionchorprú de réir tagairtí i gcomhréir le hAirteagal 19 a mhéid a bhaineann leis an bhfad uasta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

6.   Féadfaidh eisitheoirí an t-ord ina leagtar amach an fhaisnéis atá leagtha amach in Iarscríbhinn Va i réamheolaire Téarnaimh an Aontais a chinneadh;

(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais eagraíochtúla agus na coinníollacha oibriúcháin do ghnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainmhínithe chun críocha na Treorach sin (IO L 87, 31.3.2017, lch. 1).”."

(6)

in Airteagal 20, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“6a.   De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 4, maidir leis na teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 2 agus i mír 4, laghdófar iad go dtí 7 lá oibre le haghaidh réamheolaire Téarnaimh de chuid AE. Cuirfidh an t-eisitheoir an t-údarás inniúil ar an eolas 5 lá oibre ar a laghad roimh an dáta atá beartaithe an t-iarratas ar fhormheas a chur isteach.”;

(7)

in Airteagal 21, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“5a.   Is sa sásra stórála dá dtagraítear in mír 6 den Airteagal seo a aicmeofar réamheolaire Téarnaimh de chuid AE. Na sonraí a úsáidtear le haghaidh aicmiú na réamheolairí arna ndréachtú i gcomhréir le hAirteagal 14, féadfar iad a úsáid le haghaidh aicmiú réamheolairí Téarnaimh AE arna ndréachtú i gcomhréir le hAirteagal 14a, ar choinníoll go ndéanfar an dá chineál réamheolairí a dhifreáil sa sásra stórála sin.”;

(8)

Leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   De mhaolú ar mhír 2, ón 18 Márta 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022, i gcás ina mbaineann an réamheolaire le tairiscint ar urrúis don phobal, beidh sé de cheart ag infheisteoirí a d’aontaigh na hurrúis a cheannach nó a shuibscríobh sular foilsíodh an forlíonadh a nglacadh a tharraingt siar, laistigh de 3 lá oibre tar éis an forlíonadh a fhoilsiú, ar choinníoll gur tháinig an fachtóir nua tábhachtach, an botún substainte nó an míchruinneas substainte dá dtagraítear i mír 1 chun cinn nó gur tugadh faoi deara é roimh dhúnadh thréimhse na tairisceana nó roimh sheachadadh na n-urrús, cibé acu is túisce a tharlóidh. Féadfaidh an t-eisitheoir nó an tairgeoir an tréimhse sin a fhadú. Luafar san fhorlíonadh dáta deiridh an chirt chun tarraingt siar.

Beidh san fhorlíonadh ráiteas feiceálach maidir leis an gceart chun tarraingt siar, ina luaitear go soiléir:

(a)

nach dtugtar ceart chun tarraingt siar ach amháin do na hinfheisteoirí sin a raibh sé comhaontaithe acu cheana na hurrúis a cheannach nó a shuibscríobh sular foilsíodh an forlíonadh agus i gcás nach raibh na hurrúis tugtha fós do na hinfheisteoirí an tráth ar tháinig an fachtóir nua tábhachtach, an botún substainte nó an míchruinneas substainte chun solais nó an tráth ar tugadh faoi deara é;

(b)

an tréimhse ina bhféadann infheisteoirí an ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú; agus

(c)

cé leis a bhféadann na hinfheisteoirí dul i dteagmháil i gcás inar mian leo an ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3a.   De mhaolú ar mhír 3, ón 18 Márta 2021 go dtí an 31 Nollaig 2022, i gcás ina gceannaíonn nó ina suibscríobhann infheisteoirí urrúis trí idirghabhálaí airgeadais, idir an tráth a cheadaítear an réamheolaire do na hurrúis sin agus dúnadh thréimhse na tairisceana tosaigh, cuirfidh an t-idirghabhálaí airgeadais sin in iúl do na hinfheisteoirí sin go bhféadfaí forlíonadh a fhoilsiú, an áit agus cathain a fhoilseofar é agus go gcuideodh an t-idirghabhálaí airgeadais leo a gceart a fheidhmiú maidir lena nglacadh a tharraingt siar i gcás den sórt sin.

I gcás ina bhfuil an ceart chun tarraingt siar dá dtagraítear i mír 2a ag na hinfheisteoirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, rachaidh an t-idirghabhálaí airgeadais i dteagmháil leis na hinfheisteoirí sin faoi dheireadh an chéad lá oibre tar éis an lae ar a bhfoilseofar an forlíonadh.

I gcás ina mbeidh na hurrúis á gceannach nó á suibscríobh go díreach ón eisitheoir, cuirfidh an t-eisitheoir sin na hinfheisteoirí ar an eolas go bhféadfaí forlíonadh a fhoilsiú agus cá háit a mbeadh sé á fhoilsiú agus go bhféadfadh go mbeadh ceart acu a nglacadh a tharraingt siar i gcás den sórt sin.”;

(9)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 47a

Teorainn ama le córas réamheolaire Téarnaimh AE

Rachaidh córas réamheolaire Téarnaimh AE a leagtar amach in Airteagal 7(12a), Airteagal 14a, Airteagal 20(6a) agus Airteagal 21(5a) in éag an 31 Nollaig 2022.

Réamheolairí Téarnaimh AE arna bhformheas idir an 18 Márta 2021 agus an 31 Nollaig 2022, leanfaidh siad de bheith á rialú i gcomhréir le hAirteagal 14a go dtí deireadh a dtréimhse bailíochta nó go dtí go mbeidh 12 mhí caite tar éis an 31 Nollaig 2022, cibé acu is túisce a tharlóidh.”;

(10)

in Airteagal 48, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Measúnófar sa tuarascáil, inter alia, an iomchuí go fóill, i bhfianaise na gcuspóirí a bhaineann leo, achoimre an réamheolaire, na córais nochta a leagtar amach in Airteagail 14, 14a agus 15 agus an doiciméad clárúcháin uilíoch dá dtagraítear in Airteagal 9. Cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh sa tuarascáil, go háirithe:

(a)

an líon réamheolairí Fáis de chuid an Aontais atá ag eintitis i ngach ceann de na catagóirí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 15(1) agus anailís ar éabhlóid an lín sin agus ar na treochtaí ó thaobh rogha ionaid trádála na daoine atá i dteideal réamheolaire Fáis an Aontais a úsáid;

(b)

anailís ar cibé acu a aimsítear nó nach n-aimsítear, a bhuí le réamheolaire Fáis an Aontais, cothromaíocht chuí idir cosaint infheisteoirí agus na hualaí riaracháin a laghdú do na daoine atá i dteideal é a úsáid;

(c)

líon na réamheolairí Téarnaimh AE arna bhformheas agus anailís ar éabhlóid an lín sin, chomh maith le meastachán ar an gcaipitliú margaidh iarbhír breise arna úsáid ag réamheolairí Téarnaimh AE ag an dáta eisiúna chun taithí a fháil ar réamheolaire téarnaimh AE le haghaidh iarmheastóireachta;

(d)

an costas a bhaineann le réamheolaire Téarnaimh de chuid AE a ullmhú agus a chur i bhfeidhm i gcomparáid leis na costais reatha le haghaidh réamheolaire caighdeánach, réamheolaire tánaisteach eisiúna agus réamheolaire Fáis de chuid AE a ullmhú agus a fhormheas, mar aon le léiriú ar an gcoigilteas airgeadais foriomlán a baineadh amach agus ar na costais a d’fhéadfaí a laghdú tuilleadh, agus na costais iomlána a bheadh ar eisitheoirí, ar thairgeoirí agus ar idirghabhálaithe airgeadais an Rialachán seo a chomhlíonadh, mar aon leis na costais sin a ríomh mar chéatadán de na costais oibríochtúla;

(e)

anailís ar cibé acu a aimsíonn nó nach n-aimsíonn réamheolaire Téarnaimh AE an chothromaíocht chuí idir cosaint infheisteoirí agus an laghdú ar an ualach riaracháin do na daoine atá i dteideal é a úsáid, agus ar inrochtaineacht faisnéise bunriachtanaí le haghaidh infheistíochtaí;

(f)

anailís i dtaobh an mbeadh sé iomchuí síneadh ama a chur le córas réamheolaire Téarnaimh AE, lena n-áirítear, maidir leis an tairseach dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 14a(1) agus ar thairsti nach bhféadfar réamheolaire Téarnaimh de chuid AE a úsáid, an bhfuil sí iomchuí;

(g)

anailís i dtaobh ar bhain na bearta a leagtar síos in Airteagail 23(2a) agus 23(3a) amach an cuspóir chun soiléireacht agus solúbthacht bhreise a sholáthar d’idirghabhálaithe airgeadais agus d’infheisteoirí araon agus i dtaobh an mbeadh sé iomchuí na bearta sin a dhéanamh buan.”;

(11)

déantar an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur isteach mar Iarscríbhinn Va.

Airteagal 2

Leasú ar Threoir 2004/109/CE

In Airteagal 4(7), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“7.   Maidir le blianta airgeadais dar tosach an 1 Eanáir 2020 nó dá éis, ullmhófar gach tuarascáil airgeadais bhliantúil i bhformáid tuairiscithe leictreonach aonair ar choinníoll go mbeidh anailís costais is tairbhe déanta ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2). Féadfaidh Ballstát, áfach, lamháil d’eisitheoirí an ceanglas tuairiscithe sin a chur i bhfeidhm do bhlianta airgeadais dar tosach an 1 Eanáir 2021 nó dá éis, ar choinníoll go gcuirfidh an Ballstát sin in iúl don Choimisiún go bhfuil sé ar intinn acu moill den sórt sin a lamháil faoin 19 Márta 2021 agus go bhfuil údar cuí lena intinn.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Feabhra 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. MSASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P.ZACARIAS


(1)  IO C 10, 11.1.2021, lch. 30.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Feabhra 2021.

(3)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/980 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le formáid, inneachar, grinnscrúdú agus formheas an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 809/2004 ón gCoimisiún (IO L 166, 21.6.2019, lch. 26).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid margaidh (an rialachán maidir le drochúsáid margaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

(6)  Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais eagraíochtúla agus na coinníollacha oibriúcháin do ghnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainmhínithe chun críocha na Treorach sin (IO L 87, 31.3.2017, lch. 1).

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le sonraíocht formáide tuairiscithe leictreonaigh aonair (IO L 143, 29.5.2019, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN Va

AN tÍOSMHÉID FAISNÉISE ATÁ LE CUR SAN ÁIREAMH I RÉAMHEOLAIRE TÉARNAIMH AN AONTAIS

I.   Achoimre

Ní mór achoimre arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 7(12a) a áireamh i réamheolaire Téarnaimh AE.

II.   Ainm an eisitheora, tír an chorpraithe, nasc chuig suíomh gréasáin an eisitheora

An chuideachta atá ag eisiúint scaireanna a shainaithint, lena n-áirítear an t-aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (‘LEI’) atá aici, a hainm dlíthiúil agus tráchtála, a tír chorpraithe agus an suíomh gréasáin inar féidir le hinfheisteoirí faisnéis a aimsiú faoi oibríochtaí gnó na cuideachta, na táirgí a dhéanann sí nó na seirbhísí a sholáthraíonn sí, na príomh-mhargaí ina mbíonn sí san iomaíocht, a príomh-scairshealbhóirí, comhdhéanamh a comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta agus a lucht bainistíochta sinsearaí agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis a ionchorpraítear trí thagairt (le séanadh nach cuid den réamheolaire í an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin mura ndéantar an fhaisnéis sin a chorprú sa réamheolaire trí thagairt).

III.   Ráiteas freagrachta agus ráiteas faoin údarás inniúil

1.   Ráiteas freagrachta

Na daoine atá freagrach as dréachtú réamheolaire Téarnaimh an Aontais a shainaithint agus ráiteas ó na daoine sin a chur san áireamh ina ndeirtear, ar feadh a n-eolais féin, go bhfuil an fhaisnéis atá ar réamheolaire Téarnaimh an Aontais i gcomhréir leis na fíricí agus nach bhfuil aon easnamh ar réamheolaire Téarnaimh an Aontais a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhrí.

I gcás inarb infheidhme, ní mór faisnéis a bheith sa ráiteas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear foinse/foinsí na faisnéise sin, agus ráitis nó tuarascálacha a luaitear le duine mar shaineolaí agus na sonraí seo a leanas ón duine sin:

(a)

ainm;

(b)

seoladh gnó;

(c)

cáilíochtaí; agus

(d)

leas ábhartha (más ann dó) i gcás an eisitheora.

2.   Ráiteas faoin údarás inniúil

Ní mór a léiriú sa ráiteas an t-údarás inniúil a rinne réamheolaire Téarnaimh AE a fhormheas, i gcomhréir leis an Rialachán seo, sonrófar ann nach formhuiniú de chuid an eisitheora é formheas den sórt sin ná ar cháilíocht na scaireanna lena mbaineann réamheolaire Téarnaimh AE, nár fhormheas an t-údarás inniúil réamheolaire Téarnaimh AE ach amháin as caighdeáin na hiomláine, na sothuigtheachta agus na comhsheasmhachta a fhorchuirtear leis an Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh aici, agus sonrófar ann gur tarraingíodh suas réamheolaire Téarnaimh AE i gcomhréir le hAirteagal 14a.

IV.   Fachtóirí priacail

Tuairisc a thabhairt ar na priacail ábhartha a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir agus tuairisc ar na priacail ábhartha a bhaineann go sonrach leis na scaireanna atá á dtairiscint don phobal agus/nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, i líon teoranta catagóirí, i roinn dar teideal ‘Fachtóirí Priacail’.

I ngach catagóir leagfar amach ar dtús na priacail is ábhartha, sa mheasúnú a dhéanann an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí isteach é nó í chun trádála ar mhargadh rialáilte, agus an tionchar diúltach ar an eisitheoir agus ar na scaireanna atá á dtairiscint don phobal agus/nó a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus dóchúlacht a dtarlaithe. Comhthacófar na priacail le hinneachar réamheolaire Téarnaimh an Aontais.

V.   Ráitis airgeadais

I réamheolaire Téarnaimh AE, ní mór a áireamhna ráitis airgeadais (bliantúil agus leathbhliantúil) a foilsíodh thar an tréimhse 12 mhí sula bhformheasfar réamheolaire Téarnaimh AE. I gcás inar foilsíodh ráitis airgeadais bhliantúla agus leathbhliantúla araon, ní mór na ráitis bhliantúla agus iad sin amháin a cheangal i gcás ina bhfoilsítear iad tar éis na ráiteas airgeadais leathbhliantúil.

Ní mór iniúchóireacht neamhspleách a dhéanamh ar na ráitis airgeadais bhliantúla. Ní mór an tuarascáil iniúchóireachta a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

I gcás nach bhfuil feidhm ag Treoir 2006/43/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, ní mór iniúchóireacht a dhéanamh ar ráitis airgeadais bhliantúla nó iad a thuairisciú i dtaobh cé acu, chun críocha réamheolaire Téarnaimh an Aontais, an dtugann siad léargas fírinneach cothrom i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta is infheidhme i mBallstát nó caighdeán coibhéiseach nó nach dtugann. Murach sin, ní mór an fhaisnéis seo a leanas a chur san áireamh i réamheolaire Téarnaimh an Aontais:

(a)

ráiteas soiléir ina nochtar cé na caighdeáin iniúchóireachta atá curtha i bhfeidhm;

(b)

míniú ar aon imeacht suntasach ó Chaighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta.

I gcás ina bhfuil tuarascálacha iniúchóireachta ar ráitis airgeadais bhliantúla diúltaithe ag na hiniúchóirí reachtúla nó ina bhfuil cáilíochtaí, modhnuithe tuairime, séantaí nó béim ar ábhar iontu, ní mór an fáth a thabhairt, agus ní mór na cáilíochtaí, séantaí nó béim ar ábhar a atáirgeadh ina n-iomláine.

Ina theannta sin, ní mór a chur san áireamh tuairisc ar aon athrú mór ar riocht airgeadais an ghrúpa atá tarlaithe ó dheireadh na tréimhse airgeadais deireanaí ar ina leith a foilsíodh ráitis airgeadais iniúchta nó faisnéis airgeadais eatramhach, nó ní mór a chur san áireamh ráiteas airgeadais diúltach iomchuí.

I gcás inarb infheidhme, ní mór faisnéis pro forma a chur san áireamh freisin.

VI.   Beartas díbhinne

Tuairisc ar bheartas an eisitheora maidir le dáileacháin díbhinne agus aon srianta reatha orthu, agus maidir le hathcheannaigh scaireanna.

VII.   Faisnéis treochtaí

Tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a)

na treochtaí is suntasaí atá ann le déanaí sa táirgeadh, sa díolachán agus san fhardal, agus na costais agus na praghsanna díola ó dheireadh na bliana airgeadais deireanaí go dtí dáta réamheolaire Téarnaimh AE;

(b)

faisnéis maidir le haon treocht aitheanta, éiginnteacht, éileamh, gealltanas nó teagmhas a bhfuil sé réasúnta dóchúil go mbeidh éifeacht ábhartha acu ar ionchais an eisitheora le haghaidh na bliana airgeadais atá ann faoi láthair, ar a laghad;

(c)

faisnéis faoi straitéis agus cuspóirí gnó airgeadais agus neamhairgeadais gearrthéarmacha agus fadtéarmacha an eisitheora, lena n-áirítear, más infheidhme, tagairt shonrach nach lú ná 400 focal do thionchar gnó agus airgeadais phaindéim COVID-19 ar an eisitheoir agus tionchar na paindéime sin a mheastar a bheidh aige amach anseo.

Mura bhfuil aon athrú suntasach ar cheachtar de na treochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den roinn seo, tá gá le ráiteas á rá sin.

VIII.   Téarmaí agus coinníollacha na tairisceana, gealltanais dhaingne agus intinní chun suibscríobh agus príomhghnéithe na gcomhaontuithe agus na socrúchán frithgheallta

Praghas na tairisceana, líon na scaireanna a thairgtear, méid na heisiúna/na tairisceana, na coinníollacha a bhfuil an tairiscint faoina réir a leagan amach, agus an nós imeachta chun aon cheart réamhcheannaigh a fheidhmiú.

A mhéid is eol don eisitheoir, faisnéis a sholáthar maidir le cibé an bhfuil sé ar intinn ag mór-scairshealbhóirí nó ag baill de chomhlachtaí bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin an eisitheora suibscríobh le haghaidh na tairisceana, nó an bhfuil sé ar intinn ag aon duine suibscríobh le haghaidh níos mó ná 5 % den tairiscint.

Aon ghealltanais dhaingne a chur i láthair chun suibscríobh le haghaidh níos mó ná 5 % den tairiscint agus gach gné ábhartha de na comhaontuithe frithgheallta agus socrúcháin lena n-áirítear ainm agus seoladh na n-eintiteas a aontaíonn an eisiúint a fhrithghealladh ar bhonn gealltanas daingean nó faoi shocruithe ‘sár-iarrachtaí’ agus na cuótaí.

IX.   Faisnéis bhunriachtanach maidir leis na scaireanna agus maidir lena suibscríobh

An fhaisnéis bhunriachtanach seo a leanas a sholáthar maidir leis na scaireanna arna dtairiscint don phobal nó arna ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte:

(a)

an uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN);

(b)

na cearta a ghabhann leis na scaireanna, an nós imeachta maidir leis na cearta sin a fheidhmiú agus aon teorainneacha ar na cearta sin;

(c)

cá háit ar féidir na scaireanna a shuibscríobh mar aon leis an tréimhse ama, lena n-áirítear aon leasú féideartha, ar lena linn a bheidh an tairiscint ar oscailt agus tuairisc ar an bpróiseas iarratais mar aon le dáta eisiúna na scaireanna nua.

X.   Na cúiseanna atá leis an tairiscint agus úsáid fáltas

Faisnéis a sholáthar maidir leis na cúiseanna atá leis an tairiscint agus, i gcás inarb infheidhme, glanmhéid measta na bhfáltas arna mbriseadh i ngach príomhúsáid bheartaithe agus arna gcur i láthair in ord tosaíochta na n-úsáidí sin.

I gcás inarb eol don eisitheoir nach leordhóthanach a bheidh na fáltais a bhfuiltear ag súil leo chun na húsáidí beartaithe uile a chistiú, ní mór dó líon agus foinsí na gcistí eile atá ag teastáil a lua. Ina theannta sin, ní mór sonraí a thabhairt maidir le húsáid na bhfáltas, go háirithe i gcás ina bhfuil fáltais á n-úsáid chun sócmhainní a fháil, seachas i ngnáthchúrsa gnó, chun éadálacha fógartha ghnó eile a mhaoiniú, nó chun féichiúnas a urscaoileadh, a laghdú nó a aistarraingt.

XI.   Tacaíocht státchabhrach a fháil

Ráiteas lena ngabhann faisnéis a sholáthar i dtaobh ar bhain an t-eisitheoir tairbhe as státchabhair, cibé an fhoirm ina bhfuil sí, i gcomhthéacs an téarnaimh chomh maith le cuspóir na cabhrach, an cineál ionstraime agus méid na cabhrach a fuarthas agus na coinníollacha a ghabhann léi, más ann dóibh.

Maidir leis an ráiteas i dtaobh an bhfuair an t-eisitheoir státchabhair, ní mór dearbhú a bheith sa ráiteas sin go gcuirtear an fhaisnéis ar fáil faoi fhreagracht na ndaoine atá freagrach as an réamheolaire, agus faoina bhfreagracht sin amháin, amhail dá dtagraítear in Airteagal 11(1), gurb é ról an údaráis inniúil maidir leis an réamheolaire a fhormheas ná grinnscrúdú a dhéanamh ar a iomláine, a intuigtheacht agus a chomhsheasmhacht, agus dá bhrí sin nach bhfuil sé d’oibleagáid ar an údarás inniúil an ráiteas sin a fhíorú go neamhspleách.

XII.   Ráiteas caipitil oibre

Ráiteas ón eisitheoir gur leordhóthanach, dar leis, é an caipiteal oibre le haghaidh cheanglais reatha an eisitheora nó, mura bhfuil sé leordhóthanach, ráiteas i dtaobh conas atá sé beartaithe ag an eisitheoir an caipiteal oibre breise atá ag teastáil a sholáthar.

XIII.   Caipitliú agus féichiúnas

Ráiteas maidir le caipitliú agus féichiúnas (agus idirdhealú á dhéanamh ar fhéichiúnas ráthaithe agus neamhráthaithe, urraithe agus neamhurraithe) amhail ó dháta nach luaithe ná 90 lá roimh dháta réamheolaire Théarnaimh AE. Sa téarma ‘féichiúnas’, áirítear féichiúnas indíreach agus teagmhasach freisin.

I gcás ina dtagann athruithe ábhartha ar staid an eisitheora ó thaobh caipitliú agus féichiúnais de laistigh den tréimhse 90 lá, ní mór faisnéis bhreise a thabhairt trí thuairisc insinte a chur i láthair ar na hathruithe sin nó trí na figiúirí sin a thabhairt cothrom le dáta.

XIV.   Coinbhleachtaí leasa

Faisnéis a sholáthar faoi aon leasanna a bhaineann leis an eisiúint, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa, agus mionsonraí na ndaoine lena mbaineann agus cineál na leasanna.

XV.   Caolú agus scairshealbhóireacht tar éis na heisiúna

Comparáid a chur i láthair maidir leis an rannpháirtíocht i scairchaipiteal agus cearta vótála do scairshealbhóirí atá ann cheana roimh agus tar éis an mhéadaithe caipitil a eascraíonn as an tairiscint phoiblí, leis an toimhde nach suibscríobhann scairshealbhóirí atá ann cheana le haghaidh na scaireanna nua, agus, ar leithligh, leis an toimhde nach mbaineann siad leas as a dteidlíocht.

XVI.   Na doiciméid atá ar fáil

Ráiteas gur féidir na doiciméid seo a leanas, i gcás inarb infheidhme, a iniúchadh ar feadh théarma réamheolaire Téarnaimh AE:

(a)

meabhrán cothrom le dáta agus airteagail chomhlachais chothrom le dáta an eisitheora;

(b)

gach tuarascáil, litir, agus doiciméad, luacháil agus ráiteas eile arna n-ullmhú ag saineolaí arna iarraidh sin ag an eisitheoir, a bhfuil aon chuid díobh san áireamh nó a ndéantar tagairt díobh i réamheolaire Téarnaimh AE.

Léiriú ar an suíomh gréasáin a bhféadfar na doiciméid a iniúchadh air.

”.

(1)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, lch. 77).