25.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 65/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/328 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Feabhra 2021

lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 18 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Na bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 248/2011 ón gComhairle (2), d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe de shnáithín gloine filiméadach leanúnach (“GFR”) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“DPS” nó “an tSín”). Is ar an leibhéal díothaithe díobhála a bhí an dleacht bunaithe agus bhí sí idir 7,3 % agus 13,8 %.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1379/2014 ón gCoimisiún (3), tar éis imscrúdú frith-fhóirdheontais agus athbhreithniú eatramhach páirteach ar na bearta frithdhumpála, rinne an Coimisiún an dleacht frithdhumpála bhunaidh a leasú go luachanna ó 0 % go 19,9 % agus d’fhorchuir sé dleacht frithchúitimh bhreise idir 4,9 % agus 10,3 %.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/724 ón gCoimisiún (4), tar éis athbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála, chuir an Coimisiún síneadh 5 bliana eile leis na dleachtanna frithdhumpála.

(4)

Dá bhrí sin, is idir 4,9 % agus 30,2 % atá na bearta frithchúitimh agus frithdhumpála le chéile atá ann dá thoradh sin.

(5)

Tá bearta i bhfeidhm freisin maidir le hallmhairí GFR de thionscnamh na hÉigipte. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/870 ón gCoimisiún (5), tar éis imscrúdú frith-fhóirdheontais, d’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh na hÉigipte. Ba é 13,1 % an dleacht, bunaithe ar leibhéal an fhóirdheonaithe.

1.2.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(6)

An 17 Nollaig 2019, chuir an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) tús le hathbhreithniú éaga ar allmhairí GFR de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. D’fhoilsigh an Coimisiún fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (“Fógra Tionscnaimh”) (6).

(7)

Rinne an Coimisiún an t-imscrúdú a thionscnamh de thoradh iarraidh ar athbhreithniú a chuir Cumann Táirgeoirí Snáithín Gloine na hEorpa (“APFE” nó “an t-iarratasóir”) isteach thar ceann táirgeoirí ar mó iad ná 50 % de tháirgeacht iomlán an Aontais de tháirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach. San iarraidh, bhí fianaise gur dóchúil go rabhthas ag leanúint den fhóirdheonú agus go raibh an díobháil do thionscal an Aontais ag leanúint ar aghaidh agus ag tarlú arís, agus ba leor í mar fhianaise chun údar a thabhairt leis an imscrúdú a thionscnamh.

(8)

Sular tionscnaíodh an t-imscrúdú frith-fhóirdheontais, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne (7) go raibh iarraidh chuí-dhoiciméadaithe faighte aige, agus d’iarr sé ar Rialtas na Síne comhairliúcháin a dhéanamh leis i gcomhréir le hAirteagal 10(7) den bhun-Rialachán. Níor fhreagair Rialtas na Síne agus níorbh ann do chomhairliúcháin dá bhrí sin.

1.3.   Tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe agus an tréimhse a breithníodh

(9)

Chumhdaigh an t-imscrúdú ar fhóirdheonú agus ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019 (“tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe”). Leis an scrúdú ar threochtaí b’ábhartha do mheasúnú na díobhála cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2016 go dtí deireadh thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe (“an tréimhse a breithníodh”).

1.4.   Páirtithe leasmhara

(10)

San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis chun páirt a ghlacadh san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, Rialtas na Síne, táirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta, na hallmhaireoirí aitheanta agus úsáideoirí ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith páirteach ann.

(11)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt faoi thionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála. Níor iarradh aon éisteacht, áfach.

1.5.   Sampláil

(12)

San fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún go bhféadfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán.

1.5.1.   Sampláil tháirgeoirí an Aontais

(13)

San fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún gur chinn sé an t-imscrúdú a theorannú do líon réasúnta táirgeoirí de chuid an Aontais trí shampláil a chur i bhfeidhm. Is ar bhonn an mhéid táirgeachta ionadaíche is airde a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnach laistigh den am a bhí ar fáil a roghnaigh an Coimisiún an sampla. B’ionann an sampla a roghnaíodh ar dtús agus an sampla a roghnaíodh don imscrúdú frith-fhóirdheontais ar leithligh maidir leis an táirge céanna de thionscnamh na hÉigipte. Measadh go raibh an sampla ionadaíoch ar thionscal an Aontais. Ní bhfuarthas aon bharúil i leith an tsampla.

1.5.2.   Sampláil na n-allmhaireoirí neamhghaolmhara

(14)

Chun a chinneadh ar ghá an tsampláil a dhéanamh agus, dá mba ghá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a sonraíodh san fhógra tionscnaimh a sholáthar.

(15)

Ní bhfuarthas aon fhreagra.

1.5.3.   Sampláil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin in DPS

(16)

Chun a chinneadh ar ghá an tsampláil a dhéanamh agus, dá mba ghá, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta ar fad in DPS an fhaisnéis a sonraíodh san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh.

(17)

Sholáthair trí cinn de tháirgeoirí onnmhairiúcháin nó de ghrúpaí táirgeoirí onnmhairiúcháin in DPS an fhaisnéis a iarradh agus d’aontaigh siad a bheith curtha san áireamh sa sampla.

(18)

Dá thoradh sin, chinn an Coimisiún nach raibh gá leis an tsampláil agus d’iarr sé ar na páirtithe uile a bhí ag comhoibriú leis an ceistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin a chomhlánú agus a chur ar ais chuige.

1.6.   Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin

(19)

Na ceistneoirí le haghaidh tháirgeoirí, allmhaireoirí, úsáideoirí an Aontais agus táirgeoirí onnmhairiúcháin in DPS, cuireadh ar fáil ar líne (8) iad lá an tionscnaimh. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne.

(20)

Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó aon táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne.

(21)

Ní bhfuair an Coimisiún freagra ar an gceistneoir a seoladh chuig Rialtas na Síne.

(22)

Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 28 den bhun-Rialachán, d’iarr agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis ar fad a mheas na páirtithe a bheith riachtanach agus a chuir siad ar fáil go tráthúil chun fóirdheonú, díobháil agus leas an Aontais a chinneadh.

(23)

I bhfianaise ráig COVID-19 agus na mbeart gaibhniúcháin a chuir Ballstáit éagsúla agus tríú tíortha éagsúla chomh maith i bhfeidhm, níor fhéad an Coimisiún cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 26 den bhun-Rialachán.

(24)

Rinne an Coimisiún cros-seiceáil go cianda ar an bhfaisnéis ar fad a measadh a bheith riachtanach chun a chinntí a dhéanamh. Rinne an Coimisiún cros-seiceáil chianda ar na cuideachtaí/páirtithe seo a leanas:

Táirgeoirí an Aontais

European Owens Corning Fibreglass SPRL, an Bheilg

Johns Manville Slovakia a.s., an tSlóvaic

3B Fibreglass SPRL, an Bheilg

1.7.   Neamh-chomhoibriú Rialtas na Síne

(25)

Níor thug Rialtas na Síne aon fhreagra ar an gceistneoir a cuireadh chuige faoin spriocdháta a socraíodh san fhógra tionscnaimh.

(26)

An 10 Márta 2020 sheol an Coimisiún Nóta Briathartha chuig Rialtas na Síne. Cuireadh in Iúil do Rialtas na Síne sa Nóta Briathartha nach raibh freagra faighte ag an gCoimisiún, faoin spriocdháta a tugadh, ar an gceistneoir a seoladh chuig Rialtas na Síne, agus iarradh freagra ar Rialtas na Síne laistigh de 10 lá.

(27)

Ní bhfuarthas aon fhreagra ó Rialtas na Síne.

(28)

Dá bhrí sin, de cheal freagra ar an gceistneoir, bhain an Coimisiún úsáid as fíorais a bhí ar fáil de réir théarmaí Airteagal 28 den bhun-Rialachán a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a iarradh ar Rialtas na Síne.

(29)

Bhí na fíorais sin a bhí ar fáil ag brath go príomha ar thorthaí an imscrúdaithe ar fhóirdheonú allmhairí fabraicí de shnáithín gloine (“an t-imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine”) a foilsíodh an 15 Meitheamh 2020 (9).

(30)

Thug an Coimisiún dá aire go ndéantar fabraicí de shnáithín gloine as GFR, arb é an t-ionchur is mó é i dtáirgeadh fabraicí de shnáithín gloine, thart ar 70 % den chostas ar mhonarú fabraicí de shnáithín gloine. Dá bhrí sin, tá forluí suntasach idir na táirgí.

(31)

De réir na faisnéise atá ag an gCoimisiún, is iad táirgeoirí onnmhairiúcháin GFR na táirgeoirí onnmhairiúcháin céanna a ndearnadh imscrúdú orthu le déanaí sa chás maidir le fabraicí de shnáithín gloine, dá bhrí sin tá forluí ann freisin ó thaobh sin de.

(32)

Dá bhrí sin, téann na scéimeanna fóirdheontais cothrománacha uile amhail dreasachtaí cánach, iasachtú fabhrach etc. chun tairbhe do ghníomhaíochtaí uile na gcuideachtaí sin, lena n-áirítear GFR. Ba í an bhliain féilire 2018 an tréimhse imscrúdaithe sa chás maidir le fabraicí de shnáithín gloine, agus dá bhrí sin bhí sí an-ghar do thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe sa chás seo.

(33)

Níl aon fhianaise ar taifead a thugann le tuiscint gur scoireadh ó shin de na fóirdheontais do tháirgeoirí fabraicí de shnáithín gloine nó nach infheidhme a thuilleadh do na bunbheartais fhabhracha ábhartha. Ar na cúiseanna sin ar fad, fíorais chuí atá ar fáil sa chás seo is ea torthaí an cháis maidir le fabraicí de shnáithín gloine.

(34)

I gcás nach ábhartha fíorais an cháis maidir le fabraicí de shnáithín gloine nó i gcás inar gá iad a fhorlíonadh le tuilleadh fíoras agus fianaise, bhí an Coimisiún ag brath ar an bhfaisnéis a bhí san iarraidh ar athbhreithniú, ar chinntí ábhartha eile a rinneadh roimhe seo in imscrúduithe ar dhleacht frithchúitimh a bhain le DPS, nó ar fhianaise ábhartha eile.

1.8.   Neamh-chomhoibriú tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne

(35)

Na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne ar iarradh orthu freagraí ar cheistneoirí a chur isteach, ní dhearna siad amhlaidh faoin spriocdháta a leagtar síos san fhógra tionscnaimh.

(36)

An 10 Márta 2020, sheol an Coimisiún litreacha chuig na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne á gcur ar an eolas nach bhfuair sé a bhfreagra ar an gceistneoir, agus ag iarraidh orthu freagra a thabhairt laistigh de 10 lá.

(37)

Níor thug táirgeoir onnmhairiúcháin amháin de chuid na Síne freagra.

(38)

D’fhreagair an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin eile de chuid na Síne an litir a seoladh an 10 Márta 2020 ach d’iarr siad araon go scaoilfí iad ón bhfreagracht freagra a thabhairt ar cheistneoir an Choimisiúin. Ní raibh baint ag an iarraidh sin le ráig COVID agus níor chúis bhailí í gan a bheith ag comhoibriú.

(39)

Dá bhrí sin, de cheal aon fhreagra ar an gceistneoir, bhain an Coimisiún úsáid as fíorais a bhí ar fáil de réir théarmaí Airteagal 28 den bhun-Rialachán a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a bhí le soláthar ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne.

(40)

Ar na fíorais sin a bhí ar fáil bhí na torthaí cuideachta-shonracha ón imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine a mhéid a bhaineann leis an tairbhe do tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne le linn thréimhse an imscrúdaithe maidir le fabraicí de shnáithín gloine, arb í an bhliain féilire 2018 í, agus sa mhéid a bhaineann na torthaí sin le GFR.

(41)

In éagmais a mhalairt d’fhianaise, mheas an Coimisiún maidir leis an tairbhe a fuarthas san imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine, tairbhe ab fhéidir a nascadh le GFR, gur lean sé isteach sa bhliain féilire 2019, agus le linn na bliana féilire sin.

(42)

Mar gheall ar an easpa comhoibre ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin GFR de chuid na Síne agus ó Rialtas na Síne, ní raibh an Coimisiún in ann an tairbhe a ríomh a fuair táirgeoirí onnmhairiúcháin GFR na Síne ó na cleachtais fóirdheontais sin le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

(43)

Bhí an Coimisiún in ann, áfach, torthaí an Rialacháin maidir le fabraicí de shnáithín gloine a mhéid a bhaineann le tairbhe, bhí sé in ann na torthaí sin a thógáil agus a mheas go raibh siad infheidhme maidir le táirgeoirí onnmhairiúcháin GFR de chuid na Síne le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

(44)

Is amhlaidh a bhí toisc nach raibh aon cheann de na cleachtais fóirdheontais a imscrúdaíodh nasctha go díreach le táirgeadh ná le honnmhairiú fabraicí de shnáithín gloine, ach seachas sin b’fhóirdheontais iad a chuaigh chun tairbhe don chuideachta ina iomláine nó don ghrúpa de chuideachtaí Síneacha ina iomláine a dhéanann GFR freisin. Dá bhrí sin, san imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine rinne an Coimisiún an tairbhe a fuair an táirgeoir onnmhairiúcháin a chinneadh ar dtús, agus ansin rinne sé an tairbhe sin a leithdháileadh ar a láimhdeachas iomlán le haghaidh na dtáirgí uile a dhíolann an táirgeoir onnmhairiúcháin, lena n-áirítear GFR.

2.   TÁIRGE ATÁ FAOI ATHBHREITHNIÚ AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   Táirge atá faoi athbhreithniú

(45)

Is é an táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo snáitheanna snáithín gloine mionghearrtha, nach bhfuil níos faide ná 50 mm (“snáitheanna mionghearrtha”); caisirníní snáithíní gloine, seachas caisirníní snáithín gloine atá tuilte agus brataithe agus ar mó ná 3 % a gcaillteanas ar a n-adhaint (arna chinneadh le Caighdeán ISO 1887) (“caisirníní”); agus mataí atá déanta as filiméid snáithín gloine seachas mataí olla gloine (“mataí”) a thagann faoi láthair faoi chóid AC 7019 11 00, ex 7019 12 00 (cóid TARIC 7019120022, 7019120025, 7019120026, 7019120039) agus 7019 31 00 (“an táirge atá faoi athbhreithniú”).

(46)

An táirge atá faoi athbhreithniú is é an t-amhábhar é is minice a úsáidtear chun roisíní teirmeaplaiseacha agus teirmithéachta a threisiú i dtionscal na n-ábhar comhchodach. Úsáidtear na hábhair chomhchodacha a thagann as sin (plaistigh threisithe de shnáithín gloine filiméideacha) i líon mór tionscal: tionscal na ngluaisteán, leictreach/leictreonaic, lanna tuirbíní gaoithe, tógáil/foirgníocht, umair/píopaí, earraí tomhaltais, aeraspáis/míleata, etc.

2.2.   Táirge comhchosúil

(47)

Léiríodh san imscrúdú go bhfuil na buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge atá faoi athbhreithniú agus atá de thionscnamh DPS, arna onnmhairiú chuig an Aontas;

an táirge a tháirgtear agus a dhíoltar ar mhargadh intíre DPS; agus

an táirge a dhéanann tionscal an Aontais a tháirgeadh agus a dhíol san Aontas.

(48)

Mheas an Coimisiún go raibh na táirgí sin ina dtáirgí comhchosúla de réir bhrí Airteagal 2(c) den bhun-Rialachán.

3.   FÓIRDHEONÚ

3.1.   Réamhrá: Cur i láthair phleananna, thionscadail agus dhoiciméid eile Rialtas na Síne

(49)

Sula ndearna an Coimisiún anailís ar an bhfóirdheonú líomhnaithe i bhfoirm fóirdheontas nó cláir fóirdheontais, rinne sé measúnú ar phleananna, tionscadail agus doiciméid eile an rialtais, nithe a bhí ábhartha maidir le níos mó ná ceann amháin de na fóirdheontais nó na cláir fóirdheontais. I bhfianaise na heaspa comhoibre ó Rialtas na Síne, mar a leagtar amach thuas, bhain an Coimisiún úsáid as an bhfaisnéis a leagtar amach san iarraidh ar athbhreithniú agus as torthaí an imscrúdaithe maidir le fabraicí de shnáithín gloine sa mhéid gurbh fhéidir iad a nascadh le GFR.

(50)

Chinn sé go bhfuil na fóirdheontais nó na cláir fóirdheontais ar fad atá á measúnú ina gcuid de chur chun feidhme phleanáil lárnach Rialtas na Síne chun tionscal GFR a spreagadh ar na cúiseanna a leagtar amach thíos.

(51)

Sa 12ú Plean Cúig Bliana le haghaidh Forbairt Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta de chuid DPS (“an 12ú Plean Cúig Bliana”) leagadh béim ar an tábhacht a bhaineann le tionscal na n-ábhar nua, lena n-áirítear GFR, mar “thionscal straitéiseach atá ag teacht chun cinn” agus sonraítear ann gur cheart é a fhorbairt ina “thionscal príomhcholúin” trí thacaíocht bheartais agus treoir chuimsitheach (10). Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag an 13ú Plean Cúig Bliana le haghaidh Forbairt Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta de chuid DPS (“an 13ú Plean Cúig Bliana”), lena gcumhdaítear an tréimhse 2016-2020, tuilleadh tionscal ábhar nua a fhorbairt trí thaighde agus forbairt a neartú agus trí chumas nuálaíochta thionscal na monaraíochta a fheabhsú (11).

(52)

Sa 13ú Plean Cúig Bliana cuirtear i dtábhacht fís straitéiseach Rialtas na Síne chun príomhthionscail a fheabhsú agus a chur chun cinn. Leagtar béim ann ar ról na nuálaíochta teicneolaíocha i bhforbairt eacnamaíoch DPS, chomh maith leis an tábhacht leanúnach a bhaineann le prionsabail forbartha “glasa”. De réir Chaibidil 5 de, ceann de na príomhlínte forbartha is ea uasghrádú an struchtúir thionsclaíoch thraidisiúnta a chur chun cinn, rud a bhí amhlaidh sa 12ú Plean Cúig Bliana freisin. I gCaibidil 22 déantar tuilleadh mionsaothrú ar an smaoineamh seo agus míniú á thabhairt ar an straitéis chun an tionscal traidisiúnta in DPS a nuachóiriú trína thiontú teicneolaíochta a chur chun cinn. I ndáil leis sin, sonraítear sa 13ú Plean Cúig Bliana go dtabharfar tacaíocht do chuideachtaí “feabhas cuimsitheach a dhéanamh i réimsí amhail teicneolaíocht táirgí, trealamh tionsclaíoch, cosaint an chomhshaoil agus éifeachtúlacht fuinnimh”.

(53)

Luaitear na hábhair nua i gcúpla cás sa 13ú Plean Cúig Bliana: “gníomhóimid níos tapúla chun dul chun cinn a dhéanamh i gcroítheicneolaíochtaí i réimsí amhail an chéad ghlúin eile d’fhaisnéis agus cumarsáid, fuinneamh nua agus ábhair nua […]” (12). Thairis sin, tá sé beartaithe sa phlean go gcuirfear tionscadail i gcrích a bhaineann le taighde, forbairt agus cur i bhfeidhm maidir leis na príomh-ábhair nua (13).

(54)

Lena chois sin, tá tionscal na n-ábhar nua ina thionscal atáthar a spreagadh faoin tionscnamh Made in China 2025 (14), agus ar an gcaoi sin tá sé i dteideal tairbhe a bhaint as maoiniú Stáit suntasach. Cruthaíodh roinnt cistí chun tacú leis an tionscnamh Made in China 2025 agus dá bhrí sin go hindíreach le tionscal GFR, amhail an Ciste Cuarda Comhtháite Náisiúnta, an Ciste Ardmhonaraíochta agus Ciste Infheistíochta na dTionscal atá ag Teacht Chun Cinn (15).

(55)

Thairis sin, is minic a thagraítear do GFR faoi scáth na “n-ábhar nua”. Tá 10 n-earnáil straitéiseacha i dTreochlár Made in China 2025 (16), arb iad na príomhthionscail do Rialtas na Síne iad. Tá tuairisc ann in Earnáil 9 ar “ábhair nua” agus na fochatagóirí a ghabhann leis sin, lena n-áirítear ábhair shárfhorbartha bhunúsacha (pointe 9.1), príomhábhair straitéiseacha (pointe 9.2) lena n-áirítear snáithíní ardfheidhmíochta agus ábhair chomhchodacha, ábhair fuinnimh nua (17). Dá bhrí sin, baineann ábhair nua tairbhe as na buntáistí a eascraíonn as na sásraí tacaíochta a liostaítear sa doiciméad, lena n-áirítear, i measc nithe eile, Beartais Tacaíochta Airgeadais, Beartas Fioscach & Cánachas, Maoirseacht agus Tacaíocht na Comhairle Stáit (18).

(56)

Sa bhreis air sin, anuas ar Threochlár Made in China 2025, i mí na Samhna 2016, rinneadh an liosta de 10 n-earnáil straitéiseacha a bheachtú ina gCatalóg de Cheithre Fhíor-Riachtanas a d’fhoilsigh an Coiste Comhairleach Náisiúnta um an Straitéis Mhonaraíochta, grúpa comhairleach don Ghrúpa Beag Ceannaireachta Náisiúnta um Chumhacht Náisiúnta Monaraíochta a Thógáil. Sa chatalóg sin, tá gach ceann de na 10 n-earnáil straitéiseacha roinnte ina cheithre chaibidil: (i) páirteanna spártha fíor-riachtanacha lárnacha, (ii) príomhábhair fhíor-riachtanacha, (iii) ardphróisis/teicneolaíochtaí fíor-riachtanacha agus (iv) ardáin teicneolaíochta tionscail. Tá an snáithín gloine le fáil in earnáil 7: trealamh leictreach, pointe II príomh-ábhar fíor-riachtanach: fophointe 16 boird insliúcháin de shnáithín gloine agus in earnáil 9: ábhair nua, pointe II príomhábhair fhíor-riachtanacha, fophointí 10. Snáithín ardfheidhmíochta, monaiméir agus ábhair chomhchodacha agus 24. Ábhair ghloinebhunaithe.

(57)

Thairis sin, cuirtear tionscal GFR chun cinn freisin i bPlean Forbartha Thionscal na nÁbhar Tógála (2016-2020). Sa phlean sin, iarrtar go ndéanfar an struchtúr tionsclaíoch a bharrfheabhsú, inter alia, trí mhéadú a dhéanamh ar thionscail atá ag teacht chun cinn amhail ábhair ghloinebhunaithe, ceirmigh thionsclaíocha, lionsa ionsúileach, snáithíní agus comhchodaigh ardfheidhmíochta, agus grafaéin agus ábhair mhodhnaithe. Tá sé sin le baint amach trí bheartais an rialtais um chistiú, cánachas, airgeadas, praghsáil, fuinneamh agus cosaint an chomhshaoil, agus tacaíocht le haghaidh caipiteal a bheith rannpháirteach i gcumaisc, éadálacha agus athstruchtúruithe fhiontair na n-ábhar tógála ar bhealaí éagsúla lena n-áirítear iasachtú (19).

(58)

Cumhdaítear tionscal GFR freisin sa Phlean Cúig Bliana 2016-2020 le haghaidh Monaraíocht Chliste a d’fhoilsigh Aireacht Tionscail agus Teicneolaíochta Faisnéise na Síne, ar plean é a leagann amach 10 bpríomhchúram a bhfuil sé d’aidhm acu an timthriall forbartha táirgí a ghiorrú, éifeachtúlacht an táirgthe a fheabhsú, cáilíocht an táirge a fheabhsú, costas oibriúcháin, ídiú acmhainní agus fuinnimh a laghdú, agus dlús a chur le forbairt na monaraíochta cliste.

(59)

Thairis sin, i gCatalóg Táirgí Onnmhairiúcháin Ardteicneolaíochta na Síne, catalóg a eisíonn an Aireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, an Aireacht Trádála Eachtraí agus Údarás Ginearálta an Chustaim, liostaítear 1900 táirge ardteicneolaíochta in ocht gcatagóir, ar táirgí iad a bhfuil Rialtas na Síne ag díriú orthu le beartais onnmhairiúcháin fhabhracha. Ceann de na catagóirí is ea an chatagóir “Ábhair Nua” a chuimsíonn GFR (20). Ina theannta sin, i gCatalóg Táirgí Ardteicneolaíochta na Síne a eisíonn an Aireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, an Aireacht Airgeadais agus Údarás Stát an Chánachais, tagraítear do 11 réimse, ina measc “catagóir na n-ábhar nua”.

(60)

Thairis sin, de réir Dhlí DPS maidir le Dul Chun Cinn Eolaíochta agus Teicneolaíochta, féadfaidh na fiontair ardteicneolaíochta atá bunaithe sna Criosanna Forbartha Ardteicneolaíochta tairbhe a bhaint as liosta de bheartais fhabhracha, lena n-áirítear: (i) ráta 15 % le haghaidh Cáin ar Ioncam Fiontair (“CIF”), in ionad an ghnáthráta 25 %; (ii) má shroicheann an luach aschuir ar tháirgí onnmhairiúcháin 70 % den luach iomlán don bhliain sin, déantar an ráta CIF a laghdú a thuilleadh go 10 %; (iii) tá fiontair ardteicneolaíochta nuabhunaithe díolmhaithe ó cháin CIF don chéad 2 bhliain ón dáta a thosaíonn an táirgeadh; (iv) tá fiontair ardteicneolaíochta nuabhunaithe díolmhaithe ó cháin foirgníochta; (v) le haghaidh forbairt agus táirgeadh agus tithe oibríochta nuatheicneolaíochta, tá talamh taighde agus forbartha saor ó cháin; (vi) trealamh a úsáideann fiontair ardteicneolaíochta le haghaidh táirgeadh agus forbairt ardteicneolaíochta, tá sé faoi réir dímheas luathaithe; (vii) tá táirgí onnmhairiúcháin a tháirgeann fiontair ardteicneolaíochta díolmhaithe ó tharaifí onnmhairiúcháin ach amháin na taraifí sin atá srianta ag an Stát nó a bhaineann le táirgí sonracha, etc (21).

3.2.   Fóirdheontais agus cláir fóirdheontais a thagann faoi raon feidhme an imscrúdaithe reatha

(61)

Ar bhonn na faisnéise a bhí san iarraidh ar athbhreithniú agus ar bhonn an fhógra tionscnaimh, rinne an Coimisiún imscrúdú ar na cleachtais fóirdheonaithe seo a leanas:

(1)

aistriú díreach cistí;

(2)

ioncam rialtais a tarscaoileadh nó nár bailíodh;

(3)

soláthar earraí nó seirbhísí ag an rialtas ar íocaíocht nach leordhóthanach; agus

(4)

íocaíochtaí le sásra maoiniúcháin nó cúram a chur ar chomhlacht príobháideach nó treoir a thabhairt dó ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna thuas a dhéanamh.

(62)

Níos beaichte fós, rinne an Coimisiún imscrúdú ar na nithe seo a leanas:

soláthar iasachtaí tosaíochta agus soláthar línte creidmheasa ag bainc atá faoi úinéireacht Stáit,

cláir fóirdheontais le haghaidh creidmheas onnmhairiúcháin, ráthaíochtaí onnmhairiúcháin, árachais agus cláir deontais;

cóireáil chánach ioncaim fhabhrach agus fritháireamh cánach le haghaidh taighde agus forbartha, dímheas luathaithe uirlisí agus trealaimh a úsáideann fiontair ardteicneolaíochta le haghaidh forbairt agus táirgeadh ardteicneolaíochta,

díolúine díbhinne idir fiontair chónaitheacha cháilithe, laghdú cánach a choinneáil siar i gcás díbhinní ó fhiontair de chuid na Síne ina bhfuil infheistíocht eachtrach, chuig a máthairchuideachtaí nach bhfuil Síneach,

díolúintí ó cháin ar úsáid talún, lacáistí cánach onnmhairiúcháin, lacáistí taraife ar allmhairí agus díolúintí CBL agus lacáistí taraife ar allmhairí le haghaidh úsáid trealaimh agus teicneolaíocht a allmhairítear agus lacáistí CBL ar cheannacháin trealaimh de dhéantús na Síne ag fiontair ina bhfuil infheistíocht eachtrach.

(63)

Rinne an Coimisiún imscrúdú freisin ar sholáthar talún agus cumhachta ag an rialtas chomh maith le hamhábhar ar íocaíocht is lú ná an íocaíocht leordhóthanach.

(64)

Rinneadh na cleachtais fóirdheontais sin a fhrithchúitiú san imscrúdú frith-fhóirdheontais bunaidh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1379/2014.

3.3.   Maoiniú fabhrach

3.3.1.   Institiúidí airgeadais a sholáthraíonn maoiniú fabhrach

(65)

De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, soláthraíonn Banc Onnmhairiúcháin-Allmhairiúcháin na Síne (“EXIM Bank”) iasachtaí a bhíonn ag brath ar onnmhairiú, ag rátaí fabhracha, do chuideachtaí Síneacha a tháirgeann táirgí nua agus ardteicneolaíochta, táirgí a bhfuil cearta intleachtúla dúchasacha orthu, brandaí féin-úinéireachta, táirgí ard-bhreisluacha agus táirgí bogearraí atá cláraithe leis na húdaráis le haghaidh tionscail agus tráchtála (22).

(66)

De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, cáilíonn táirgeoirí GFR Síneacha le haghaidh iasachtaí atá dírithe ar onnmhairí mar tháirgí nua agus ardteicneolaíochta agus/nó mar bhrandaí féin-úinéireachta, ós rud é go n-aithnítear roinnt táirgeoirí mar “Fhiontair Náisiúnta Ardteicneolaíochta” nó bronnadh stádas orthu mar bhranda cáiliúil, barrbhranda, etc.

(67)

Thairis sin, cuidíonn EXIM Bank le honnmhaireoirí trí chreidmheasanna ceannaitheoirí onnmhairiúcháin. Soláthraítear creidmheasanna ceannaitheoirí onnmhairiúcháin do chuideachtaí eachtracha chun a n-allmhairiú táirgí, teicneolaíochtaí agus seirbhísí Síneacha a mhaoiniú (23).

(68)

In imscrúduithe a rinneadh roimhe seo, agus go háirithe san imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine, rinne an Coimisiún amach an raibh na bainc atá faoi úinéireacht an Stáit ag gníomhú mar chomhlachtaí poiblí de réir bhrí Airteagail 3 agus 2(b) den bhun-Rialachán. I ndáil leis sin, is mar seo a leanas an tástáil is infheidhme chun a shuíomh go bhfuil gnóthas atá faoi úinéireacht Stáit ina chomhlacht poiblí (24):

(69)

Is é an rud tábhachtach ná an bhfuil sé d’údarás ag eintiteas feidhmeanna rialtais a fheidhmiú, seachas conas a bhaintear amach é sin. Tá go leor bealaí éagsúla ann ina bhféadfadh an rialtas sa chiall chúng údarás a thabhairt d’eintitis. Dá réir sin, d’fhéadfadh cineálacha éagsúla fianaise a bheith ábhartha chun a thaispeáint gur bronnadh údarás den sórt sin ar eintiteas ar leith. Fianaise go bhfuil eintiteas ag feidhmiú feidhmeanna rialtais i ndáiríre, d’fhéadfaí í a úsáid mar fhianaise go bhfuil údarás rialtais aige nó gur tugadh an t-údarás sin dó, go háirithe i gcás ina léirítear leis an bhfianaise sin cleachtas marthanach córasach. Mar thoradh air sin, dar linn, fianaise go bhfeidhmíonn rialtas rialú fiúntach ar eintiteas agus ar a iompar, d’fhéadfaí í a úsáid i gcúinsí áirithe mar fhianaise go bhfuil údarás rialtais ag an eintiteas ábhartha agus go bhfeidhmíonn sé an t-údarás sin i bhfeidhmiú feidhmeanna rialtais. Cuirimid i dtábhacht áfach, nach dócha, seachas tarmligean sainráite ar údarás in ionstraim dlí, gur leor naisc fhoirmiúla a bheith ann idir eintiteas agus an rialtas sa chiall chúng chun an tseilbh riachtanach ar údarás rialtais a bhunú. Dá bhrí sin, mar shampla, díreach toisc gurb é an rialtas an scairshealbhóir is mó in eintiteas, ní léiriú é sin go bhfeidhmíonn an rialtas rialú fiúntach ar iompar an eintitis sin, gan trácht ar údarás rialtais a bheith tugtha ag an rialtas dó. I gcásanna áirithe, áfach, ina léiríonn an fhianaise go bhfuil an iliomad comharthaí foirmiúla de rialú rialtais ann, agus ina bhfuil fianaise ann freisin gur feidhmíodh an rialú sin ar bhealach fiúntach, ansin is féidir an tátal a bhaint as an bhfianaise sin go bhfuil údarás rialtais á fheidhmiú ag an eintiteas lena mbaineann.

(70)

D’iarr an Coimisiún faisnéis faoi úinéireacht Stáit agus faoi chomharthaí foirmiúla de rialú rialtais sna bainc atá faoi úinéireacht an Stáit. Mar sin féin, mar gheall ar neamh-chomhoibriú Rialtas na Síne agus na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh, bhí ar an gCoimisiún brath go hiomlán ar na fíorais a bhí ar fáil. I ndáil leis an méid sin, mheas an Coimisiún gur foinse iontaofa faisnéise iad torthaí an imscrúdaithe maidir le fabraicí de shnáithín gloine. Déanta na fírinne, is le fíordheireanas a fuarthas na torthaí sin agus tá anailís iontu ar an iompar céanna ag na hinstitiúidí airgeadais céanna agus ar na scéimeanna céanna is infheidhme sa chás seo.

(71)

San imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine agus in imscrúduithe eile, chinn an Coimisiún go raibh na bainc seo a leanas faoi pháirt-úinéireacht nó lán-úinéireacht an Stáit féin nó daoine dlítheanacha atá i seilbh an Stáit: EXIM Bank, China Development Bank, China Construction Bank, Industrial and Commercial Bank of China, Bank of Communications, China Everbright Bank, Postal Savings Bank, China Merchants Bank, Shanghai Pudong Development Bank, China Industrial Bank, Shenyang Rural Commercial Bank, Bank of Shanghai, Ningbo Bank, China CITIC Bank, China Guangfa Bank, China Bohai Bank, Huaxia Bank. Hankou Bank, Hubei Bank, Huishang Bank, Dongying Bank, Bank of Tianjin, Bank of Kunlun, Shanghai Rural Commercial Bank, China Industrial International Trust Limited, Daye Trust Co., Ltd., Sinotruk Finance Co., Ltd. Ós rud é nach bhfuil aon eolas curtha ar fáil a léiríonn a mhalairt, choinnigh an Coimisiún an chonclúid chéanna san imscrúdú reatha.

(72)

Sa bhreis air sin, shuigh an Coimisiún, in éagmais faisnéis shonrach a thabharfadh a mhalairt le fios, úinéireacht agus rialú Rialtas na Síne bunaithe ar chomharthaí foirmiúla. Go háirithe, bunaithe ar na fíorais atá ar fáil, dealraíonn sé gurb é Rialtas na Síne a cheapann bainisteoirí agus maoirseoirí sna bainc neamh-chomhoibríocha atá faoi úinéireacht an Stáit agus go bhfuil na bainisteoirí agus na maoirseoirí sin cuntasach do Rialtas na Síne.

(73)

Sna himscrúduithe sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin go bhfeidhmíonn Rialtas na Síne rialú fiúntach ar na hinstitiúidí airgeadais sin.

(74)

Ina anailís, chuir an Coimisiún na doiciméid rialála seo a leanas san áireamh:

(a)

Airteagal 34 de Dhlí DPS maidir le Bainc Tráchtála (“Dlí na mBanc”);

(b)

Airteagal 15 de na Rialacha Ginearálta maidir le hIasachtaí (arna gcur chun feidhme ag People’s Bank of China)

(c)

Cinneadh Uimh. 40;

(d)

Bearta Cur Chun Feidhme Choimisiún Rialála Baincéireachta na Síne (“CBIRC”) le haghaidh Ábhair Cheadúnúcháin Riaracháin do Bhainc Tráchtála ag a bhfuil cistiú ón tSín (Ordú CBIRC [2017] Uimh. 1);

(e)

Bearta Cur Chun Feidhme CBIRC le haghaidh Ábhair Cheadúnúcháin Riaracháin a bhaineann le bainc ag a bhfuil cistiú eachtrach (Ordú CBIRC [2015] Uimh. 1); agus,

(f)

Bearta Riaracháin le haghaidh Cháilíochtaí Stiúrthóirí agus Oifigigh Shinsearacha na nInstitiúidí Airgeadais san Earnáil Baincéireachta (CBIRC [2013] Uimh. 3)

(75)

Agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar na doiciméid rialála sin, chinn an Coimisiún go n-oibríonn institiúidí airgeadais in DPS i dtimpeallacht ghinearálta dhlíthiúil ina dtreoraítear iad chun iad féin a ailíniú le cuspóirí beartais thionsclaíoch Rialtas na Síne agus cinntí airgeadais á ndéanamh acu, ar na cúiseanna a leagtar amach thíos.

(76)

Le hAirteagal 34 de Dhlí na mBanc, ar dlí é a bhfuil feidhm aige maidir le gach institiúid airgeadais atá ag oibriú sa tSín, foráiltear mar seo “Déanfaidh bainc thráchtála a ngnó iasachtaithe a sheoladh de réir riachtanais na forbartha eacnamaíche agus sóisialta náisiúnta agus faoi threoir bheartais thionsclaíocha an Stáit”.

(77)

Cé go sonraítear in Airteagal 4 de Dhlí na mBanc “go ndéanfaidh bainc thráchtála, de bhun an dlí, oibríochtaí gnó a sheoladh gan cur isteach ó aon aonad nó ó aon duine aonair. Gabhfaidh bainc thráchtála dliteanas sibhialta orthu féin go neamhspleách lena maoin iomlán mar dhuine dlítheanach”, cuirtear chun feidhme é faoi réir Airteagal 34 de Dhlí na mBanc. I gcás ina leagann an Stát beartas poiblí síos, déanann na bainc é a chur chun feidhme agus treoracha an Stáit a leanúint.

(78)

Ina theannta sin, le hAirteagal 15 de na Rialacha Ginearálta maidir le hIasachtaí foráiltear mar seo “I gcomhréir le beartas an Stáit, féadfaidh ranna ábhartha ús ar iasachtaí a fhóirdheonú, d’fhonn fás tionscal áirithe agus forbairt eacnamaíoch i réimsí áirithe a chur chun cinn.”

(79)

Ar an gcaoi chéanna, tugann Cinneadh Uimh. 40 treoir do na hinstitiúidí airgeadais uile tacaíocht chreidmheasa a sholáthar go sonrach do thionscadail “atáthar a spreagadh”. Mar a míníodh cheana féin i Roinn 3.1, baineann tionscal GFR le catagóir na dtionscadal “atáthar a spreagadh”. Dá bhrí sin, deimhnítear le Cinneadh Uimh. 40 go bhfeidhmíonn bainc údarás rialtais i bhfoirm oibríochtaí creidmheasa fabhracha. Chinn an Coimisiún freisin go bhfuil údarás formheasa forleathan ag CBIRC maidir le gach gné de bhainistiú na n-institiúidí airgeadais uile atá bunaithe in DPS (lena n-áirítear institiúidí airgeadais faoi úinéireacht phríobháideach agus faoi úinéireacht eachtrach), amhail (25):

ceapachán bhainisteoirí uile na n-institiúidí airgeadais a fhormheas, ar leibhéal na ceanncheathrún agus ar leibhéal na mbrainsí áitiúla araon. Is gá formheas CBIRC chun gach leibhéal bainistíochta a earcú, ó na poist is sinsearaí go bainisteoirí brainse, agus áirítear leis sin fiú bainisteoirí a cheaptar i mbrainsí thar lear chomh maith le bainisteoirí atá freagrach as feidhmeanna tacaíochta (mar shampla na bainisteoirí TF); agus

liosta an-fhada d’fhormheasanna riaracháin, lena n-áirítear formheasanna le haghaidh brainsí a bhunú, le haghaidh línte nua gnó a thosú nó táirgí nua a dhíol, le haghaidh Airteagail Chomhlachais an bhainc a athrú, le haghaidh níos mó ná 5 % dá scaireanna a dhíol, le haghaidh méaduithe caipitil, le haghaidh athruithe ar shainchónaí, le haghaidh athruithe ar fhoirm eagrúcháin, etc.

(80)

De cheal rud a léireodh a mhalairt, bunaithe ar na fíorais atá ar fáil, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid chéanna sa chás seo.

(81)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur comhlachtaí poiblí iad na bainc atá faoi úinéireacht an Stáit de réir bhrí Airteagal 2(b) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán.

3.3.2.   Maoiniú fabhrach: iasachtaí

(82)

In imscrúduithe a rinneadh roimhe seo, agus go háirithe san imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine, chinn an Coimisiún gur bhain gach grúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh tairbhe as iasachtú fabhrach le linn 2018. Toisc gurbh ann do ranníocaíocht airgeadais, do thairbhe do na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus do shainiúlacht, mheas an Coimisiún gur fóirdheontas in-fhrithchúitithe a bhí san iasachtú fabhrach.

(83)

San imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine, chinn an Coimisiún gur bhain na cuideachtaí uile a sampláladh tairbhe as iasachtaí fabhracha (lena n-áirítear iasachtaí imrothlacha).

(84)

Ba léir don Choimisiún (i) go raibh cuideachtaí atá gníomhach i dtionscal na bhfabraicí de shnáithín gloine comhtháite go hingearach den chuid is mó agus, dá bhrí sin, go raibh siad gníomhach i dtionscal GFR freisin; agus (ii) bhí tréimhse imscrúdaithe an imscrúdaithe maidir le fabraicí de shnáithín gloine gar do thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, in éagmais aon fhaisnéise dá mhalairt, mheas an Coimisiún go raibh feidhm ag torthaí an cháis sin maidir leis an gcás seo freisin. Dá bhrí sin, an toradh ar an imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine faoin ábhar sin, baineadh úsáid as mar fhíorais a bhí ar fáil de bhun Airteagal 28 den bhun-Rialachán.

(85)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur bhain cuideachtaí atá gníomhach i dtionscal GFR tairbhe as iasachtú fabhrach le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

3.3.2.1.   Tairbhe

(86)

In imscrúduithe a rinneadh roimhe seo, go háirithe san imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, de réir Airteagal 6(b) den bhun-Rialachán, gurb éard a bhí sa tairbhe a thugtar don fhaighteoir an difríocht idir an méid úis a íocann an chuideachta ar an iasacht fhabhrach agus an méid a d’íocfadh an chuideachta as iasacht tráchtála inchomparáide a d’fhéadfaí a fháil ar an margadh.

(87)

I ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire gur léirigh na hiasachtaí a thug institiúidí airgeadais na Síne idirghabháil shuntasach rialtais agus nár léiriú iad ar na rátaí a bheadh le fáil i margadh feidhmiúil de ghnáth. I gcomhthéacs athbhreithniú éaga, ní cheanglaítear ar an gCoimisiún méid na tairbhe a ríomh a thugtar do na táirgeoirí onnmhairiúcháin le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, in éagmais aon fhaisnéise dá mhalairt, mheas an Coimisiún go raibh feidhm ag torthaí an cháis sin (cás ina raibh raon méideanna fóirdheontais ó 2,53 % go 7,39 %) (26) maidir leis an gcás seo freisin. Dá bhrí sin, an toradh ar an imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine faoin ábhar sin, baineadh úsáid as mar fhíorais a bhí ar fáil de bhun Airteagal 28 den bhun-Rialachán. Mheas an Coimisiún go mbeadh méid an fhóirdheonaithe suntasach fós.

3.3.2.2.   Sainiúlacht

(88)

San imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur threoraigh Rialtas na Síne, i roinnt doiciméad dlí a dhíríonn go sonrach ar chuideachtaí san earnáil, na hinstitiúidí airgeadais iasachtaí a sholáthar ag rátaí fabhracha do thionscal na bhfabraicí de shnáithín gloine. Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, gur léirigh na doiciméid sin nach soláthraíonn na hinstitiúidí airgeadais iasachtú fabhrach ach do líon teoranta tionscal/cuideachtaí a chomhlíonann na beartais ábhartha de chuid Rialtas na Síne.

(89)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh fóirdheontais i bhfoirm iasachtú fabhrach ar fáil go ginearálta ach go raibh siad sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán. Thairis sin, níor chuir aon cheann de na páirtithe leasmhara aon fhianaise isteach a thabharfadh le tuiscint go raibh an t-iasachtú fabhrach bunaithe ar chritéir nó ar choinníollacha oibiachtúla de réir bhrí Airteagal 4(2)(b) den bhun-Rialachán.

(90)

Is ionann stádas do thionscal GFR agus do thionscal na bhfabraicí de shnáithín gloine, agus tá formhór mór na gcuideachtaí atá gníomhach i dtionscal amháin acu, toisc iad a bheith comhtháite go hingearach, gníomhach sa tionscal eile freisin. In éagmais comhoibre agus aon rud a léireodh a mhalairt, d’úsáid an Coimisiún na torthaí a bhí ar an imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine mar fhíorais atá ar fáil de bhun Airteagal 28 den bhun-Rialachán chun críocha an cháis seo.

(91)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh fóirdheontais i bhfoirm iasachtú fabhrach ar fáil go ginearálta ach go raibh siad sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán

3.3.2.3.   Conclúid

(92)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh tionscal GFR á fhóirdheonú i gcónaí trí bhíthin iasachtaí ag rátaí fabhracha.

3.3.3.   Maoiniú fabhrach: cineálacha eile maoinithe

3.3.3.1.   Línte creidmheasa

(93)

Mhaígh an t-iarratasóir freisin gur fhóirdheonaigh Rialtas na Síne tionscal GFR trí línte móra creidmheasa a oscailt do ghnóthais atá gníomhach sa tionscal sin.

(94)

In imscrúduithe roimhe seo, agus go háirithe san imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur fóirdheontas in-fhrithchúitithe a bhí i línte creidmheasa a deonaíodh do tháirgeoirí onnmhairiúcháin in DPS. Léiríodh san imscrúdú sin gur sholáthair institiúidí airgeadais na Síne línte creidmheasa ar choinníollacha fabhracha i ndáil le maoiniú a sholáthar do ghnóthais atá gníomhach i dtionscal na bhfabraicí de shnáithín gloine. San imscrúdú sin, d’fhéad an Coimisiún a fhíorú gur creat-chomhaontuithe a bhí iontu, faoinar cheadaigh an banc do na cuideachtaí a sampláladh ionstraimí fiachais éagsúla a úsáid, amhail iasachtaí caipitil oibre, dréachtaí glactha bainc, billí doiciméadacha, cineálacha eile de mhaoiniú trádála, etc., laistigh d’uasmhéid áirithe.

(95)

Is é an cuspóir atá le líne chreidmheasa teorainn iasachta a bhunú is féidir leis an gcuideachta a úsáid ag aon am chun a chuid oibríochtaí reatha a mhaoiniú, rud a chiallaíonn go mbeidh maoiniú caipitil oibre solúbtha agus ar fáil láithreach nuair is gá. Léiríodh san imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine go raibh comhaontuithe líne creidmheasa ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na bhfabraicí de shnáithín gloine le bainc éagsúla a chumhdaigh ionstraimí maoinithe gearrthéarmacha éagsúla chun costais oibriúcháin a mhaoiniú. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur cheart, i bprionsabal, maoiniú gearrthéarmach uile na gcuideachtaí a sampláladh a chumhdach le cineál d’ionstraim líne creidmheasa, lena n-áirítear dréachtaí glactha bainc, a eisíodh ar bhonn rialta chun oibríochtaí atá ann cheana a mhaoiniú.

(96)

San imscrúdú sin, chuir an Coimisiún méid na línte creidmheasa a bhí ar fáil do na cuideachtaí comhoibritheacha le linn 2018 i gcomparáid le méid an mhaoinithe ghearrthéarmaigh a d’úsáid na cuideachtaí sin le linn na tréimhse céanna chun a fháil amach ar cumhdaíodh an maoiniú gearrthéarmach uile le líne chreidmheasa. I gcás inar mhó méid an mhaoinithe ghearrthéarmaigh ná uasteorainn na líne creidmheasa, mhéadaigh an Coimisiún méid na líne creidmheasa a bhí ann cheana faoin méid a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin iarbhír os cionn uasteorainn na líne creidmheasa sin.

(97)

Sna gnáthdhálaí margaidh, bheadh línte creidmheasa faoi réir táille “socrúcháin” nó “gealltanais” mar a thugtar orthu chun cúiteamh a dhéanamh as costais agus rioscaí an bhainc tráth oscailte na líne creidmheasa, chomh maith le táille athnuachana a ghearrtar ar bhonn bliantúil chun bailíocht na línte creidmheasa a athnuachan. Sa chás sin, chinn an Coimisiún gur bhain na cuideachtaí uile a sampláladh tairbhe as línte creidmheasa a cuireadh ar fáil saor in aisce.

(98)

Ansin ríomh an Coimisiún an tairbhe a fuarthas mar an difríocht idir an méid a d’íoc an chuideachta mar tháille chun go ndéanfadh institiúidí airgeadais de chuid na Síne línte creidmheasa a oscailt nó a athnuachan agus an méid a d’íocfadh an chuideachta as líne chreidmheasa tráchtála inchomparáide, líne a d’fhéadfadh an chuideachta a fháil ar an margadh.

(99)

Ina theannta sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur scéim shonrach a bhí ann toisc gur threoraigh Rialtas na Síne, i roinnt doiciméad dlí a dhíríonn go sonrach ar chuideachtaí san earnáil, na hinstitiúidí airgeadais iasachtaí a sholáthar ag rátaí fabhracha do thionscal na bhfabraicí de shnáithín gloine. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur léirigh na doiciméid sin nach soláthraíonn na hinstitiúidí airgeadais iasachtú fabhrach ach do líon teoranta tionscal/cuideachtaí a chomhlíonann na beartais ábhartha de chuid Rialtas na Síne.

(100)

Mar a luadh cheana, mheas an Coimisiún go raibh torthaí an imscrúdaithe maidir le fabraicí de shnáithín gloine an-ábhartha don chás seo toisc go bhfuil na cuideachtaí atá gníomhach i dtionscal na bhfabraicí de shnáithín gloine gníomhach i dtionscal GFR freisin de ghnáth, is ionann stádas do thionscal GFR agus do thionscal na bhfabraicí de shnáithín gloine. Ina theannta sin, tá tréimhse imscrúdaithe an imscrúdaithe maidir le fabraicí de shnáithín gloine an-ghar do thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, d’úsáid an Coimisiún na torthaí ón imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine i ndáil le línte creidmheasa (27), d’úsáid sé iad mar fhíorais atá ar fáil de bhun Airteagal 28 den bhun-Rialachán.

(101)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur thacaigh Rialtas na Síne le tionscal GFR trí línte creidmheasa a oscailt. I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin go raibh tionscal GFR á fhóirdheonú i gcónaí trí bhíthin línte creidmheasa ag rátaí fabhracha.

3.4.   Árachas fabhrach: árachas creidmheasa onnmhairiúcháin

(102)

Líomhain an t-iarratasóir gur sholáthair Sinosure árachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach, meántéarmach agus fadtéarmach, árachas infheistíochta agus ráthaíochtaí bannaí, i measc seirbhísí eile, ar bhonn lamháltais chun tionscail a spreagadh. De réir staidéar a rinne an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (“ECFE”) le déanaí, fuair tionscal ardteicneolaíochta na Síne, ar cuid de tionscal GFR, 21 % den árachas creidmheasa onnmhairiúcháin iomlán arna sholáthar ag Sinosure (28).

(103)

Thairis sin, tá ról gníomhach glactha ag Sinosure i gcomhlíonadh an tionscnaimh “Made in China 2025”, ag treorú fiontar le húsáid a bhaint as acmhainní creidmheasa náisiúnta, ag déanamh nuálaíocht eolaíoch agus theicneolaíoch agus uasghrádú teicneolaíoch, agus ag cuidiú le fiontair “atá ag dul amach” a bheith níos iomaíche sa mhargadh domhanda (29).

(104)

Rinne an Coimisiún anailís ar na scéimeanna árachais creidmheasa onnmhairiúcháin a chuir Sinosure ar fáil, in imscrúduithe éagsúla lena n-áirítear an t-imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine.

(105)

Chinn an Coimisiún gurb é seo a leanas ba bhunús dlí do ghníomhaíocht Sinosure:

Fógra maidir le Cur Chun Feidhme na Straitéise maidir leis an Trádáil a chur chun cinn tríd an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht trí bhíthin Úsáid Árachais Creidmheasa Onnmhairiúcháin (Shang Ji Fa [2004] Uimh. 368), arna eisiúint ag MOFCOM agus Sinosure i gcomhpháirt;

Plean 840 san áireamh san Fhógra ón gComhairle Stáit an 27 Bealtaine 2009;

Fógra maidir le Saothrú agus Forbairt ón gComhairle Stáit maidir le Dlús a chur leis na Tionscail atá ag teacht chun cinn i dtaca le Cinneadh Straitéiseach (Guofa [2010] Uimh. 32 an 18 Deireadh Fómhair 2010), arna eisiúint ag an gComhairle Stáit agus a Treoirlínte Cur Chun Feidhme (Guofa [2011] Uimh. 310 an 21 Deireadh Fómhair 2011);

Fógra maidir le hEisiúint Chatalóg Onnmhairiúcháin 2006 de Tháirgí Ardteicneolaíochta na Síne, Guo Ke Fa Ji Zi [2006] Uimh. 16; agus,

Fógra maidir le Tiomsú na Treoir-Chatalóige de Tháirgí Ardteicneolaíochta na Síne ón Aireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, G.K.B.J. [2009] Uimh. 61 an 9 Deireadh Fómhair 2009.

(106)

De réir na faisnéise a cuireadh ar fáil in imscrúduithe frith-fhóirdheontais roimhe seo, lena n-áirítear an t-imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine, is cuideachta árachais polasaí faoi úinéireacht an Stáit é Sinosure atá bunaithe agus á thacú ag an Stát chun tacú le forbairt agus comhar eachtrach DPS i gcúrsaí eacnamaíocha agus trádála. Tá an chuideachta 100 % faoi úinéireacht an Stáit. Tá bord stiúrthóirí agus bord maoirseoirí aici. Tá sé de chumhacht ag an Rialtas bainisteoirí sinsearacha na cuideachta a cheapadh agus a bhriseadh as a bpost. Bunaithe ar an bhfaisnéis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil táscairí foirmiúla ann go bhfuil Sinosure faoi rialú rialtais.

(107)

In imscrúduithe a rinneadh roimhe seo, lorg an Coimisiún tuilleadh faisnéise faoin gceist an raibh Rialtas na Síne ag feidhmiú rialú fiúntach ar iompar Sinosure i ndáil le tionscal na bhfabraicí de shnáithín gloine. Sa chomhthéacs sin, thug an Coimisiún dá aire go raibh táirgí snáithín gloine, lena n-áirítear fabraicí de shnáithín gloine, liostaithe go sonrach i gCatalóg Onnmhairiúcháin Táirgí Ardteicneolaíochta agus Nuatheicneolaíochta na Síne mar rudaí atáthar a spreagadh a onnmhairiú (30).

(108)

Sna himscrúduithe sin, chinn an Coimisiún freisin gur rud é, de réir an Fhógra maidir le Cur Chun Feidhme na Straitéise maidir leis an Trádáil a chur chun cinn tríd an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht trí bhíthin Úsáid Árachais Creidmheasa Onnmhairiúcháin, gur cheart do Sinosure cur leis an tacaíocht a thugann sé do phríomhthionscail agus do phríomhtháirgí trína thacaíocht fhoriomlán d’onnmhairiú táirgí ardteicneolaíochta agus nuatheicneolaíochta a neartú. Ba cheart dó caitheamh le tionscail amhail “ábhair nua” agus tionscail eile ardteicneolaíochta agus nuatheicneolaíochta a liostaítear i gCatalóg Onnmhairiúcháin Táirgí Ardteicneolaíochta agus Nua-Theicneolaíochta na Síne, mar fhócas a ghnó agus tacaíocht chuimsitheach a chur ar fáil i dtéarmaí nósanna imeachta frithgheallta, formheas le teorainneacha, luas próiseála éileamh agus solúbthacht rátaí. Maidir le solúbthacht rátaí, is í an lascaine uasta préimhráta laistigh den raon comhlúthach arna sholáthar ag an gcuideachta árachais creidmheasa ba cheart dó a thabhairt do tháirgí.

(109)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chruthaigh Rialtas na Síne creat normatach nach mór do bhainisteoirí agus do mhaoirseoirí Sinosure, ar bainisteoirí agus maoirseoirí iad a cheapann Rialtas na Síne agus atá freagrach do Rialtas na Síne, nach mór dóibh cloí leis. Dá bhrí sin, bhraith Rialtas na Síne ar an gcreat normatach chun rialú a fheidhmiú ar bhealach fiúntach ar iompar na Sinosure.

(110)

Rinne an Coimisiún scrúdú freisin ar iompar iarbhír Sinosure maidir leis an árachas a soláthraíodh do na cuideachtaí a sampláladh agus chinn sé nach raibh sé ag gníomhú ar bhonn phrionsabail an mhargaidh. Go deimhin, bhí an Coimisiún in ann a fhíorú go raibh na préimheanna a d’íoc na cuideachtaí a sampláladh sna cásanna sin i bhfad níos ísle ná an íostáille a bhí ag teastáil chun costais oibríochtúla a chumhdach.

(111)

Chinn an Coimisiún freisin gur bhain roinnt de na táirgeoirí onnmhairiúcháin tairbhe as aisíocaíocht pháirteach nó as aisíocaíocht iomlán na bpréimheanna árachais creidmheasa onnmhairiúcháin a íocadh le Sinosure.

(112)

Chinn an Coimisiún go raibh an creat dlíthiúil a leagtar amach thuas á chur chun feidhme ag Sinosure agus feidhmeanna rialtais á bhfeidhmiú aige. Chinn an Coimisiún freisin go raibh Sinosure ag gníomhú mar chomhlacht poiblí de réir bhrí Airteagal 2(b) den bhun-Rialachán arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán agus i gcomhréir le cásdlí ábhartha EDT.

(113)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin gur tugadh tairbhe do na táirgeoirí onnmhairiúcháin le gníomhaíocht Sinosure, ós rud é gur cuireadh an t-árachas ar fáil ag rátaí atá faoi bhun na híostáille a theastódh le go gcumhdódh Sinosure a chuid costas oibríochtúil.

(114)

Chinn an Coimisiún freisin gur fhóirdheontais shonracha iad na fóirdheontais a soláthraíodh faoin gclár árachais onnmhairiúcháin, toisc nach bhféadfaí iad a fháil gan onnmhairiú a dhéanamh agus go raibh siad ag brath ar onnmhairí dá bhrí sin de réir bhrí Airteagal 4(4)(a) den bhun-Rialachán.

(115)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil tionscal GFR san áireamh sa chatagóir ghinearálta “ábhair nua” agus go luaitear i dTuarascáil Bhliantúil Sinosure le haghaidh 2017 go bhfuil árachú gníomhach déanta ag Sinosure ar idirbhearta de chuid tionscal straitéiseach atá ag teacht chun cinn amhail ábhair nua (31). Tá feidhm ag an gcúrsa thuas, dá bhrí sin, maidir le tionscal GFR freisin.

(116)

I bhfianaise neamh-chomhoibriú Rialtas na Síne agus na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin uile a sampláladh sa chás seo agus in éagmais aon rud a léireodh a mhalairt, d’úsáid an Coimisiún na torthaí a bhí ar an imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine (32) a mhéid a bhain siad le GFR mar fhíorais atá ar fáil de bhun Airteagal 28 den bhun-Rialachán chun críocha an cháis seo.

(117)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh tionscal GFR á fhóirdheonú i gcónaí trí bhíthin árachas creidmheasa onnmhairiúcháin arna ndeonú ag Sinosure.

3.5.   Soláthar earraí ag an rialtas ar íocaíocht nach leordhóthanach

3.5.1.   Amhábhair ar íocaíocht nach leordhóthanach

(118)

San iarratas ar athbhreithniú, thug an t-iarratasóir dá aire an tacaíocht shoiléir do thionscal GFR sa 13ú Plean Cúig Bliana, agus dá bhrí sin dúirt sé go raibh sé réasúnta a mheas go gcuireann cuideachtaí faoi úinéireacht stáit agus cuideachtaí príobháideacha atá ag feidhmiú faoi stiúir an rialtais amhábhair agus ábhair ionchuir ar fáil do thionscal GFR ar íocaíocht nach leordhóthanach.

(119)

Mar gheall ar an easpa comhoibre ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne, ní raibh an Coimisiún in ann na líomhaintí sin a fhiosrú go mion. Mar sin féin, i bhfianaise na conclúide ginearálta gurb ann do leanúnachas fóirdheonaithe bunaithe ar gach clár fóirdheontais eile, agus ar chúiseanna eacnamaíochta riaracháin, níor mheas an Coimisiún gur ghá leanúint den imscrúdú ar na líomhaintí sin toisc nach mbeadh aon tionchar aige ar thorthaí an athbhreithnithe seo. Dá bhrí sin, tá sé sin gan dochar d’anailís shubstainteach ar na líomhaintí atá san iarraidh.

3.5.2.   Cearta úsáide talún

(120)

Tá an talamh uile in DPS faoi úinéireacht an Stáit nó faoi úinéireachta comharghnó, comhdhéanta de shráidbhailte nó bailecheantair, sula bhféadfar teideal dlíthiúil nó teideal cothromais na talún a dheonú d’úinéirí corpraithe nó d’úinéirí aonair. Is leis an Stát gach dáileacht talún i limistéir uirbeacha agus is leis na sráidbhailte nó na bailecheantair na dáileachtaí talún uile i limistéir thuaithe de.

(121)

De bhun dhlí bunreachtúil DPS agus an Dlí Talún, féadfaidh cuideachtaí agus daoine aonair “cearta úsáide talún” a cheannach. I gcás talún tionsclaíche, maireann an léasacht 50 bliain de ghnáth, agus í inathnuaite go ceann 50 bliain eile.

(122)

Sonraítear in Airteagal 137 de Dhlí Maoine Dhaon-Phoblacht na Síne “an talamh a úsáidtear chun críocha tionscail, gnó, siamsaíochta nó tithe cónaithe tráchtála, etc. nó an talamh a bhfuil beirt úsáideoir nó níos mó beartaithe dó, déanfar é a aistriú trí cheant, trí chuireadh tairisceana nó trí aon mhodh tairisceana poiblí eile.”

(123)

Thairis sin, in Airteagal 3 de Rialacháin Eatramhacha Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Sannadh agus Aistriú an Chirt chun Úsáid na Talún atá faoi Úinéireacht Stáit i Limistéir Uirbeacha foráiltear mar seo “féadfaidh aon chuideachta, fiontar, eagraíocht eile agus duine aonair laistigh nó lasmuigh de Dhaon-Phoblacht na Síne, mura bhforáiltear a mhalairt le dlí, an ceart chun úsáid na talún a fháil agus gabháil d’fhorbairt, d’úsáid agus do bhainistiú talún de réir fhorálacha na Rialachán seo.”

(124)

Chuir Rialtas na Síne in iúl go soiléir in imscrúduithe roimhe seo go measann sé go bhfuil margadh saor ann do thalamh in DPS, agus go léiríonn an praghas a íocann fiontar tionsclaíoch ar theideal léasachta na talún praghas an mhargaidh.

(a)   Bunús dlí

(125)

Tagann an fhoráil maidir le ceart úsáide talún in DPS faoi Dhlí Riaracháin Talún Dhaon-Phoblacht na Síne. Ina theannta sin, tá na doiciméid seo a leanas mar chuid den bhunús dlí freisin:

Dlí Maoine Dhaon-Phoblacht na Síne (Ordú ó Uachtarán Dhaon-Phoblacht na Síne Uimh. 62)

Dlí Riaracháin Talún Dhaon-Phoblacht na Síne (Ordú ó Uachtarán Dhaon-Phoblacht na Síne Uimh. 28)

Dlí Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Riarachán Réadmhaoine Uirbí (Ordú ó Uachtarán Dhaon-Phoblacht na Síne Uimh. 18);

Rialacháin eatramhacha Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Sannadh agus Aistriú an Chirt chun Úsáid na Talún atá faoi Úinéireacht Stáit i Limistéir Uirbeacha (Foraithne Uimh. 55 ó Chomhairle Stáit Dhaon-Phoblacht na Síne);

Rialachán maidir le Cur Chun Feidhme Dhlí Riaracháin Talún Dhaon-Phoblacht na Síne (Ordú ó Chomhairle Stáit Dhaon-Phoblacht na Síne [2014] Uimh. 653);

Foráil maidir le Sannadh an Chirt Úsáide ar Thalamh Foirgníochta atá faoi Úinéireacht Stáit trí Chuireadh Tairisceana, Ceant agus Luachan (Fógra Uimh. 39 de CSRC);

Fógra ón gComhairle Stáit maidir leis na Saincheisteanna Ábhartha a bhaineann le Neartú an Rialaithe Talún (Guo Fa (2006) Uimh. 31).

(b)   Torthaí an imscrúdaithe

(126)

De réir Airteagal 10 de “Foráil maidir le Sannadh an Chirt Úsáide ar Thalamh Foirgníochta atá faoi Úinéireacht Stáit trí Chuireadh Tairisceana, Ceant agus Luachan”, socraíonn údaráis áitiúla praghsanna talún de réir chóras luachála na talún uirbí, córas nach ndéantar a nuashonrú ach gach 3 bliana, agus de réir bheartas tionsclaíoch an rialtais.

(127)

In imscrúduithe a rinneadh roimhe seo, chinn an Coimisiún nach raibh na praghsanna a íocadh ar chearta úsáide talún ionadaíoch ar phraghas margaidh a chinnfidh de réir soláthar agus éileamh an mhargaidh shaoir, toisc gur cinneadh go raibh an córas ceantála doiléir, neamh-thrédhearcach agus nach raibh sé ag feidhmiú sa chleachtas, agus cinneadh go ndearna na húdaráis praghsanna a shocrú go treallach. Socraíonn na húdaráis na praghsanna de réir chóras luachála na talún uirbí, rud a thugann treoir dóibh, i measc critéir eile, an beartas tionsclaíoch a mheas freisin agus praghas na talún tionsclaíche á shocrú acu.

(128)

Thug an Coimisiún dá aire go bhfuil córas dinimiciúil faireacháin talún ann chomh maith le córas faireacháin na talún uirbí. San athbhreithniú éaga ar Phainéil Ghréine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (33), chinn an Coimisiún go bhfuil na praghsanna sin níos airde ná na praghsanna íosta tagarmhairc a shocraítear le córas luachála na talún uirbí agus a úsáideann rialtais áitiúla, toisc nach ndéantar na praghsanna deireanacha sin a thabhairt cothrom le dáta ach gach 3 bliana, agus go ndéantar na praghsanna faireacháin dhinimiciúil a thabhairt cothrom le dáta in aghaidh na ráithe. Níor léiríodh, áfach, go raibh na praghsanna talún bunaithe ar na praghsanna faireacháin dhinimiciúil.

(129)

Go deimhin, dheimhnigh Rialtas na Síne le linn an imscrúdaithe sin go ndéanann córas faireacháin dhinimiciúil na bpraghsanna talún uirbí faireachán ar luaineachtaí na leibhéal praghsanna le haghaidh talamh i gceantair áirithe (105 chathair) in DPS agus gur ceapadh é chun measúnú a dhéanamh ar éabhlóid na bpraghsanna talún. Mar sin féin, bhí na túsphraghsanna i dtairiscintí agus i gceantanna bunaithe ar na tagarmharcanna a bunaíodh leis an gcóras luachála talún. Tharla sé sin fós le linn thréimhse imscrúdaithe an imscrúdaithe seo, is é sin, an 1 Deireadh Fómhair 2014 go dtí an 30 Meán Fómhair 2015. Ina theannta sin, sa chás sin, fuair an chuid is mó de na grúpaí cuideachtaí a sampláladh a gcuid fearann talún trí leithdháileadh.

(c)   Conclúid

(130)

In éagmais comhoibre, bhí an Coimisiún ag brath ar thorthaí na n-imscrúduithe a rinneadh roimhe seo, lena n-áirítear an t-imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine, inar léiríodh go bhfuil an staid maidir le cearta úsáide talún a fháil in DPS neamh-thrédhearcach agus gur shocraigh na húdaráis na praghsanna go treallach agus nár léiriú iad na praghsanna sin ar phraghsanna an mhargaidh.

(131)

Dá bhrí sin, maidir le Rialtas na Síne cearta úsáide talún a thabhairt, ba cheart a mheas gur fóirdheontas é sin de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(iii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán i bhfoirm soláthar earraí, rud a thugann tairbhe do na cuideachtaí is faighteoirí. Níl aon mhargadh feidhmiúil le haghaidh talún in DPS agus léiríonn úsáid tagarmhairc sheachtraigh in imscrúduithe roimhe seo go mbíonn an méid a íoctar ar chearta úsáide talún i bhfad faoi bhun an ghnáthráta margaidh.

(132)

I gcomhthéacs na rochtana fabhraí ar thalamh tionsclaíoch le haghaidh cuideachtaí atá i dtionscail áirithe, thug an Coimisiún dá aire nach mór beartas tionsclaíoch an rialtais a chur san áireamh sa phraghas a shocraíonn na húdaráis áitiúla. De réir an bheartais thionsclaíoch sin, tá tionscal GFR liostaithe mar thionscal atáthar a spreagadh (34). Ina theannta sin, ceanglaítear le Cinneadh Uimh. 40 ón gComhairle Stáit go n-áirithíonn na húdaráis phoiblí go soláthraítear talamh do thionscail atáthar a spreagadh. In Airteagal 18 de Chinneadh Uimh. 40 cuirtear in iúl go soiléir nach mbeidh rochtain ar chearta úsáide talún ag tionscail atá “srianta”.

(133)

Fágann sé sin go bhfuil an fóirdheontas sonrach de réir Airteagal 4(2)(a) agus 4(2)(c) den bhun-Rialachán toisc go bhfuil soláthar fabhrach na talún teoranta do chuideachtaí a bhaineann le tionscail áirithe, earnáil GFR sa chás seo, agus tá cleachtais an rialtais sa réimse seo doiléir agus gan a bheith trédhearcach.

(134)

Mheas an Coimisiún go raibh an fóirdheontas sin in-fhrithchúitithe fós.

(d)   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(135)

I bhfianaise neamh-chomhoibriú Rialtas na Síne agus na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin uile a sampláladh sa chás seo agus in éagmais aon rud a léireodh a mhalairt, d’úsáid an Coimisiún na torthaí a bhí ar an imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine (35) a mhéid a bhain siad le GFR mar fhíorais atá ar fáil de bhun Airteagal 28 den bhun-Rialachán chun críocha an cháis seo.

(136)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh tionscal GFR á fhóirdheonú i gcónaí trí bhíthin cearta úsáide talún a sholáthar ar íocaíocht nach leordhóthanach.

3.6.   Ioncam rialtais a tarscaoileadh nó nár bailíodh

3.6.1.   Leictreachas a sholáthar ar rátaí laghdaithe

(137)

Sonraíodh san iarratas ar athbhreithniú go bhfuil sé suite ag an gCoimisiún in imscrúduithe frith-fhóirdheontais éagsúla gur minic na tionscail atáthar a spreagadh incháilithe do rátaí cumhachta lascainithe agus gur dheimhnigh sé an toradh sin sa Tuarascáil maidir leis an tSín. Ós rud é gur tionscal atáthar a spreagadh é tionscal GFR, measadh san iarraidh go raibh sé réasúnach teacht ar an gconclúid go mbeadh tionscal GFR ag baint tairbhe as rátaí leictreachais fabhracha freisin.

(a)   Bunús dlí

Ciorclán ón gCoimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus Athchóiriú agus ón Údarás Náisiúnta Fuinnimh maidir le hIdirbhearta Cumhachta Margadh-dhírithe a Chur Chun Cinn go Gníomhach agus Tuilleadh Feabhais a Chur ar an Sásra Trádála, Fa Gua Yun Xing [2018] Uimh. 1027, arna eisiúint an 16 Iúil 2018

Roinnt Tuairimí ó Choiste Lárnach Pháirtí Cumannach na Síne agus ón gComhairle Stáit maidir le hAthchóiriú an Chórais Cumhachta a Neartú a Thuilleadh (Zhong Fa [2015] Uimh. 9);

Fógra maidir le hIarrachtaí a Dhéanamh i leith Mhargadh na Cumhachta a Thógáil in 2017 de Choiste Shandong um Gheilleagar agus Teicneolaíocht Faisnéise, LJXDL [2017] Uimh. 93

Fógra maidir le Leasú na Rialacha um Thrádáil Dhíreach Leictreachais 2017 ó Oifig Maoirseachta Shandong an Údaráis Fuinnimh Náisiúnta, LJNSC [2017] Uimh. 36

(b)   Torthaí an imscrúdaithe

(138)

Chinn an Coimisiún san imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine go gceadaítear do roinnt príomh-úsáideoirí móra tionsclaíocha leictreachais leictreachas a cheannach go díreach ó ghineadóirí cumhachta seachas é a cheannach ón eangach, trí chomhaontuithe ceannaigh dhírigh a shíniú nó trí bheith cáilithe chun a bheith páirteach sa “chóras margadh-dhírithe le haghaidh trádáil leictreachais”. Bhí na praghsanna a d’íoc na príomh-úsáideoirí sin trí na conarthaí sin nó tríd an gcóras trádála sin níos ísle ná na praghsanna arna socrú ar leibhéal an chúige le haghaidh cliaint mhóra thionsclaíocha.

(139)

An deis chun conarthaí díreacha den sórt sin a dhéanamh nó chun a bheith cáilithe le haghaidh rannpháirtíocht sa “chóras margadh-dhírithe le haghaidh trádáil leictreachais” níl sé ar fáil do gach tomhaltóir mór tionsclaíoch. Ar an leibhéal náisiúnta, i dTuairimí ó Lárchoiste Pháirtí Cumannach na Síne agus ón gComhairle Stáit maidir le hAthchóiriú an Chórais Cumhachta a Neartú a Thuilleadh sonraítear mar shampla, “na fiontair nach gcomhlíonann an beartas tionsclaíoch náisiúnta agus a gcuirtear a dtáirgí agus a bpróisis as an áireamh, níor cheart iad a bheith rannpháirteach in idirbhearta díreacha.” (36)

(140)

Sa chleachtas, is iad na cúigí a chuireann trádáil leictreachais i bhfeidhm. Ní mór do chuideachtaí iarratas a chur isteach chuig údaráis chúige le go bhformheasfar iad le bheith rannpháirteach sa scéim phíolótach leictreachais dhírigh agus ní mór dóibh critéir áirithe a chomhlíonadh.

(141)

I gCúige Shandong mar shampla, leis an bhFógra maidir le Leasú na Rialacha um Thrádáil Dhíreach Leictreachais 2017 ó Oifig Maoirseachta Shandong an Údaráis Fuinnimh Náisiúnta foráiltear mar seo “déanfar úsáideoirí atá rannpháirteach i dtrádáil dhíreach leictreachais a dheimhniú i gcomhréir le coinníollacha rochtana 2017 arna bhformheas ag Coiste Shandong um Gheilleagar agus Teicneolaíocht Faisnéise. Chun a bheith rannpháirteach i dtrádáil dhíreach leictreachais, cuirfidh na fiontair díolta leictreachais iarratas ar chlárú chuig Ionad Trádála Cumhachta Leictrí Shandong, agus féadfaidh siad a bheith rannpháirteach i dtrádáil dhíreach leictreachais tar éis don Ionad iad a bhreithniú agus a phoibliú”. I ndáil leis an méid sin, bunaítear liosta na bhfiontar atá incháilithe chun a bheith rannpháirteach sa chóras trádála leictreachais margadh-dhírithe agus fógraítear é i bhfógra ó Choimisiún Shandong um Gheilleagar agus Teicneolaíocht Faisnéise (37).

(142)

I gcás cuideachtaí áirithe, ní ann d’aon phróiseas caibidlíochta margadhbhunaithe ná aon phróiseas tairisceana margadhbhunaithe, ós rud é nach bunaithe ar an bhfíorsholáthar ná ar an bhfíoréileamh atá na méideanna a cheannaítear faoi chonarthaí díreacha. Go deimhin, ní saor iad gineadóirí cumhachta ná úsáideoirí cumhachta a gcuid leictreachais uile a dhíol ná a cheannach go díreach. Tá siad srianta ag cuótaí cainníochtúla a leithdháileann an rialtas áitiúil orthu.

(143)

Thairis sin, cé go bhfuiltear in ainm praghsanna a chaibidliú go díreach idir gineadóirí cumhachta agus an t-úsáideoir cumhachta nó trí chuideachtaí seirbhíse idirghabhálaí, is í Cuideachta Eangach an Stáit a eisíonn na sonraisc do na cuideachtaí. Mar shampla san Fhógra maidir le Leasú na Rialacha um Thrádáil Dhíreach Leictreachais 2017 ó Oifig Maoirseachta Shandong an Údaráis Fuinnimh Náisiúnta sonraítear “go ngearrfaidh Cuideachta Cumhachta leictrí Shandong de chuid Eangach an Stáit an muirear trádála dírí leictreachais” agus “go n-eiseoidh Cuideachta Cumhachta leictrí Shandong de chuid Eangach an Stáit sonraisc CBL d’úsáideoirí agus d’fhiontair giniúna cumhachta”.

(144)

Ar deireadh, ní mór gach conradh sínithe maidir le ceannach díreach a chur faoi bhráid an rialtais áitiúil ionas go mbeidh taifead ann de.

(145)

In 2018 d’eisigh Rialtas na Síne Ciorclán ón gCoimisiún um Fhorbairt agus Athchóiriú Náisiúnta agus ón Údarás Fuinnimh Náisiúnta maidir le hIdirbearta Cumhachta Margadh-dhírithe a Chur Chun Cinn go Gníomhach agus Tuilleadh Feabhais a Chur ar an Sásra Trádála (Fa Gai Yun Xing [2018] Uimh. 1027). Mar sin féin thug an Coimisiún dá aire san imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine gur eisíodh an reachtaíocht sin le linn 2018 agus nár cuireadh chun feidhme í go fóill.

(146)

Thairis sin, cé gurb é is aidhm don Chiorclán an líon idirbheart díreach ar an margadh leictreachais a mhéadú, luaitear tionscail áirithe go sonrach ann a bhaineann tairbhe as léirscaoileadh an mhargaidh leictreachais agus a dtacaítear leo trí bhíthin an léirscaoilte chéanna, lena n-áirítear tionscal na n-ábhar tógála agus na tionscail ardteicneolaíochta.

(147)

Go háirithe, foráiltear mar seo leis an gCiorclán “tacófar le húsáideoirí a ídíonn os cionn 5 mhilliún kWh de leictreachas in aghaidh na bliana idirbhearta díreacha leictreachais a dhéanamh le fiontair ghiniúna cumhachta. In 2018 léirscaoilfear pleananna giniúna leictreachais le haghaidh an ghuail, an iarainn agus na cruach, miotail neamhfheiriúla, ábhair thógála agus ceithre thionscal eile”.

(148)

Ina theannta sin cuirtear i bhfios sa Chiorclán “go dtacófar le tionscail atá ag teacht chun cinn a bhfuil breisluach ard ag baint leo, mar shampla na tionscail ardteicneolaíochta, tionscail idirlín, tionscail mórshonraí agus tionscail monaraíochta ardleibhéil, chomh maith le fiontair a bhfuil buntáistí agus saintréithe ar leith acu agus inneachar ardteicneolaíochta, go dtacófar leo chun bheith rannpháirteach in idirbhearta saor ó leibhéil voltais agus ó shrianta ar ídiú cumhachta”.

(149)

Dá bhrí sin foráiltear sa reachtaíocht maidir le hidirbhearta díreacha a chur i bhfeidhm go roghnaíoch ar an margadh leictreachais i ndáil le tionscail áirithe mar shampla tionscail na n-ábhar tógála agus na hardteicneolaíochta. Fágann an cur i bhfeidhm roghnaíoch sin go ngearrann an Stát praghsanna leictreachais níos ísle ar chuideachtaí ó na tionscail sin.

(c)   Conclúid

(150)

Mheas an Coimisiún gur fóirdheontas é an ráta leictreachais laghdaithe atá i gceist de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán mar gurb ann do ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm ioncam arna tharscaoileadh ag Rialtas na Síne (oibreoir na heangaí), rud a thugann tairbhe do na cuideachtaí lena mbaineann.

(151)

Is ionann an tairbhe a bhaineann na faighteoirí as sin agus an coigilteas ar an bpraghas leictreachais, toisc gur cuireadh an leictreachas ar fáil ag rátaí faoi bhun ghnáthphraghas na heangaí a íocann úsáideoirí móra tionsclaíocha eile nach féidir leo tairbhe a bhaint as an soláthar díreach.

(152)

Is fóirdheontas sonrach é de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán toisc go ndéantar sa reachtaíocht féin cur i bhfeidhm na scéime seo a theorannú d’fhiontair a chomhlíonann cuspóirí beartais thionsclaíoch áirithe arna gcinneadh ag an Stát agus nach bhfuil a dtáirgí nó a bpróisis curtha as an áireamh de thairbhe a bheith neamh-incháilithe.

(153)

Dá réir sin tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an scéim fóirdheontais i bhfeidhm le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe agus gur fóirdheontas sonrach é de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) agus Airteagal 4(3) den bhun-Rialachán.

(d)   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(154)

Measann an Coimisiún go leanann táirgeoirí onnmhairiúcháin GFR d’fhóirdheontais a fháil faoin scéim seo.

(155)

San imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine ríomhadh méid an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe i dtéarmaí na tairbhe a tugadh do na faighteoirí in 2018. Ríomhadh an tairbhe mar an difríocht idir an praghas iomlán leictreachais is iníoctha de réir ghnáthráta na heangaí agus an praghas leictreachais iomlán is iníoctha faoin ráta laghdaithe.

(156)

I bhfianaise neamh-chomhoibriú Rialtas na Síne agus na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin uile a sampláladh sa chás seo agus in éagmais aon rud a léireodh a mhalairt, d’úsáid an Coimisiún na torthaí a bhí ar an imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine (38) a mhéid a bhain siad le GFR mar fhíorais atá ar fáil de bhun Airteagal 28 den bhun-Rialachán chun críocha an cháis seo.

(157)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh tionscal GFR á fhóirdheonú i gcónaí trí bhíthin leictreachas a sholáthar ar íocaíocht nach leordhóthanach.

3.6.2.   Cláir um dhíolúine ó cháin agus um laghdú cánach

(158)

San iarraidh ar athbhreithniú líomhain na hiarratasóirí gur lean Rialtas na Síne d’fhóirdheontais a chur ar fáil i bhfoirm ioncam rialtais a tarscaoileadh nó nár bailíodh, lena n-áirítear na cláir um dhíolúine agus um laghdú cánach a bhfuil mionsonraí fúthu thíos.

3.6.2.1.   Pribhléidí CIF le haghaidh Fiontair Ardteicneolaíochta agus Nuatheicneolaíochta

(159)

San iarraidh ar athbhreithniú líomhain na hiarratasóirí gur bhain monaróirí GFR sa tSín tairbhe as an díolúine ó cháin ioncaim fiontair le haghaidh “Fiontair Ardteicneolaíochta agus Nuatheicneolaíochta” mar a thuairiscítear thíos.

(160)

De réir Dhlí Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Cáin Ioncaim Fiontar (“Dlí CIF”) (39), fiontair ardteicneolaíochta agus nuatheicneolaíochta nua ar gá don Stát príomhthacaíocht a thabhairt dóibh, baineann siad tairbhe as ráta cánach ioncaim fiontair atá laghdaithe, is é sin ráta 15 % seachas an gnáthráta 25 %.

(a)   Bunús dlí

(161)

Is é bunús dlí an chláir seo Airteagal 28 de Dhlí CIF agus Airteagal 93 de na Rialacha Cur Chun Feidhme maidir leis an Dlí um Cháin Ioncaim Fiontair DPS (40), chomh maith leis an méid seo a leanas:

Ciorclán ón Aireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, ón Aireacht Airgeadais agus ón Údarás Stáit um Chánachas maidir le “Bearta Riaracháin le haghaidh Aithint Fiontar Ardteicneolaíochta” a athbhreithniú agus a eisiúint, G.K.F.H. [2016] Uimh. 32;

Fógra ón Aireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, ón Aireacht Airgeadais agus ón Údarás Stáit um Chánachas maidir le Treoir a Athbhreithniú, a Phriontáil agus a Eisiúint le haghaidh Bainistiú ar Aithint Fiontar Ardteicneolaíochta agus Nuatheicneolaíochta, GKFH [2016] Uimh. 195;

Fógra [2017] Uimh. 24 ón Údarás Stáit um Chánachas maidir le Beartais Chánach Ioncaim Fhabhracha a Chur i bhFeidhm maidir le Fiontair Ardteicneolaíochta; agus

Treoirlínte maidir leis na Príomhréimsí Forbartha Tosaíochta is Déanaí sna Tionscail Ardteicneolaíochta (2011), arna n-eisiúint ag an gCoimisiún um Fhorbairt agus Athchóiriú Náisiúnta, an Aireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, an Aireacht Tráchtála agus an Oifig Náisiúnta um Maoin Intleachtúil.

(b)   Torthaí an imscrúdaithe

(162)

Cuideachtaí ar féidir leo tairbhe a bhaint as an laghdú cánach, tá siad mar chuid de phríomhréimsí ardteicneolaíochta agus nuatheicneolaíochta nua áirithe a dtacaíonn an Stát leo, mar aon leis na tosaíochtaí atá ann faoi láthair maidir le réimsí ardteicneolaíochta a dtacaíonn an Stát leo, mar a liostaítear iad sna Treoirlínte maidir le Príomhréimsí Forbartha Tosaíochta is Déanaí sna Tionscail Ardteicneolaíochta. Luaitear go soiléir sna treoirlínte sin teicneolaíocht mhonaraíochta agus amhábhair le haghaidh gloine, lena n-áirítear GFR, mar réimse tosaíochta.

(163)

Ina theannta sin, ní mór do na cuideachtaí na critéir seo a leanas a chomhlíonadh chun go mbeidh siad incháilithe:

cion áirithe de speansais taighde agus forbartha a choimeád i gcomparáid lena n-ioncam ó dhíolacháin;

cion áirithe den ioncam ó theicneolaíocht/táirgí/seirbhísí ardteicneolaíochta a choimeád in ioncam iomlán an fhiontair; agus

cion áirithe den phearsanra teicniúil a choimeád mar chuid d’fhostaithe an fhiontair ina n-iomláine.

(164)

Ní mór do chuideachtaí a bhaineann tairbhe as an mbeartas sin a dtuairisceán cánach ioncaim agus na hiarscríbhinní ábhartha a chur isteach. Áirítear méid iarbhír na tairbhe sa tuairisceán cánach.

(165)

Mheas an Coimisiún gur fóirdheontas é an fritháireamh cánach atá i gceist de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán mar gurb ann do ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm ioncam arna tharscaoileadh ag Rialtas na Síne lena dtugtar tairbhe do na cuideachtaí lena mbaineann.

(166)

Is ionann an tairbhe a bhaineann na faighteoirí as sin agus an coigilteas cánach. Is fóirdheontas sonrach é de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán toisc go ndéantar sa reachtaíocht féin cur i bhfeidhm na scéime seo a theorannú d’fhiontair atá feidhmiú i réimsí ardteicneolaíochta tosaíochta áirithe arna gcinneadh ag an Stát, mar shampla roinnt príomhtheicneolaíochtaí laistigh de réimse GFR.

(c)   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(167)

Measann an Coimisiún gur lean táirgeoirí onnmhairiúcháin GFR na Síne de bheith ag fáil tairbhe faoin scéim seo.

(168)

San imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine ríomhadh méid an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe i dtéarmaí na tairbhe a tugadh do na faighteoirí in 2018. Ríomhadh an tairbhe sin mar an difríocht idir an cháin iomlán is iníoctha de réir an ghnáthráta cánach agus an cháin iomlán is iníoctha faoin ráta laghdaithe.

(169)

I bhfianaise neamh-chomhoibriú Rialtas na Síne agus na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin uile a sampláladh sa chás seo agus in éagmais aon rud a léireodh a mhalairt, d’úsáid an Coimisiún na torthaí a bhí ar an imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine (41) a mhéid a bhain siad le GFR mar fhíorais atá ar fáil de bhun Airteagal 28 den bhun-Rialachán chun críocha an cháis seo.

(170)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh tionscal GFR á fhóirdheonú i gcónaí.

3.6.2.2.   Fritháireamh CIF le haghaidh speansais taighde agus forbartha

(171)

San iarraidh ar athbhreithniú líomhain na hiarratasóirí go mbaineann monaróirí GFR sa tSín tairbhe as an bhfritháireamh ar cháin ioncam fiontair mar a thuairiscítear thíos.

(172)

De bharr an fhritháirimh cánach le haghaidh taighde agus forbartha tá cuideachtaí i dteideal cóireáil chánach fhabhrach a fháil maidir lena n-oibríochtaí taighde agus forbartha i réimsí tosaíochta ardteicneolaíochta arna gcinneadh ag an Stát agus nuair a chomhlíontar tairseacha áirithe maidir le caiteachas taighde agus forbartha.

(173)

Go sonrach, caiteachas taighde agus forbartha arna thabhú chun teicneolaíochtaí nua, táirgí nua agus ceirdeanna nua a fhorbairt nach sócmhainní doláimhsithe iad agus cuirtear san áireamh iad i mbrabús agus caillteanas an téarma reatha, is faoi réir asbhaint 50 % bhreise iad tar éis iad asbhaint ina n-iomláine i bhfianaise na staide reatha. I gcás inar sócmhainní doláimhsithe iad na costais taighde agus forbartha thuasluaite, tá siad faoi réir dímheasa bunaithe ar 150 % de chostais na sócmhainne doláimhsithe.

(a)   Bunús dlí

(174)

Is é bunús dlí an chláir seo Airteagal 30(1) de Dhlí CIF, i gcomhar leis na Rialacha Cur Chun Feidhme maidir leis an Dlí um Cháin Ioncaim Fiontair DPS, chomh maith leis na fógraí seo a leanas:

Fógra ón Aireacht Airgeadais agus, ón Údarás Stáit um Chánachas agus ón Aireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta maidir leis an mBeartas Asbhainte Réamhchánach maidir le Speansais Taighde agus Forbartha a Fheabhsú. (Cai Shui [2015] Uimh. 119);

Fógra [2015] Uimh. 97 ón Údarás Stáit um Chánachas maidir le Saincheisteanna Ábhartha a bhaineann le Beartais Asbhainte Breise Réamhchánach le haghaidh Speansais Taighde agus Forbartha na bhFiontar;

Fógra 2017 Uimh. 40 ón Údarás Stáit um Chánachas maidir le Saincheisteanna a bhaineann le Raon Feidhme Incháilithe Ríomh na hAsbhainte Breise Réamhchánach le haghaidh Speansais Taighde agus Forbartha; agus

Treoirlínte maidir le Príomhréimsí Forbartha Tosaíochta is Déanaí sna Tionscail Ardteicneolaíochta (2011), arna n-eisiúint ag an gCoimisiún um Fhorbairt agus Athchóiriú Náisiúnta, an Aireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, an Aireacht Tráchtála agus an Oifig Náisiúnta um Maoin Intleachtúil.

(b)   Torthaí an imscrúdaithe

(175)

San imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine shuigh an Coimisiún maidir leis na “nuatheicneolaíochtaí agus na ceirdeanna nua”, ar féidir leo tairbhe a bhaint as an laghdú cánach, go bhfuil siad mar chuid de réimsí ardteicneolaíochta áirithe a dtacaíonn an Stát leo, mar aon leis na tosaíochtaí atá ann faoi láthair maidir le réimsí ardteicneolaíochta a dtacaíonn an Stát leo, mar a liostaítear iad sna Treoirlínte maidir le Príomhréimsí Forbartha Tosaíochta is Déanaí sna Tionscail Ardteicneolaíochta.

(176)

Mheas an Coimisiún gur fóirdheontas é an fritháireamh cánach atá i gceist de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán mar gurb ann do ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm ioncam arna tharscaoileadh ag Rialtas na Síne lena dtugtar tairbhe do na cuideachtaí lena mbaineann.

(177)

Is ionann an tairbhe a bhaineann na faighteoirí as sin agus an coigilteas cánach.

(178)

Is fóirdheontas sonrach é de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán toisc go ndéantar sa reachtaíocht féin cur i bhfeidhm an bhirt seo a theorannú d’fhiontair a thabhaíonn speansais taighde agus forbartha i réimsí ardteicneolaíochta tosaíochta áirithe arna gcinneadh ag an Stát, mar shampla earnáil GFR.

(c)   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(179)

Measann an Coimisiún gur lean táirgeoirí onnmhairiúcháin GFR na Síne de bheith ag fáil tairbhe faoin scéim seo.

(180)

San imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine ríomhadh méid an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe i dtéarmaí na tairbhe a tugadh do na faighteoirí in 2018. Ríomhadh an tairbhe sin mar an difríocht idir an cháin iomlán is iníoctha de réir an ghnáthráta cánach agus an cháin iomlán is iníoctha tar éis na hasbhainte breise 50 % de na speansais iarbhír ar thaighde agus ar fhorbairt.

(181)

I bhfianaise neamh-chomhoibriú Rialtas na Síne agus na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin uile a sampláladh sa chás seo agus in éagmais aon rud a léireodh a mhalairt, d’úsáid an Coimisiún na torthaí a bhí ar an imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine (42) a mhéid a bhain siad le GFR mar fhíorais atá ar fáil de bhun Airteagal 28 den bhun-Rialachán chun críocha an cháis seo.

(182)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh tionscal GFR á fhóirdheonú i gcónaí.

3.6.2.3.   Díolúine ó dhíbhinní idir fiontair chónaitheacha cháilithe

(183)

San iarraidh ar athbhreithniú líomhain na hiarratasóirí go mbaineann monaróirí GFR sa tSín tairbhe as an díolúine díbhinne mar a thuairiscítear thíos.

(184)

Le Dlí CIF cuirtear roghanna cánach ioncaim ar fáil d‘fhiontair atá ag gabháil d’fhorbairt tionscal nó tionscadal a dtacaíonn an Stát leo go sonrach agus a spreagann sé go sonrach. Go háirithe tugann an dlí sin díolúintí cánach i gcás ioncam ó infheistíocht chothromais, mar shampla díbhinní agus bónais, idir fiontair chónaitheacha incháilithe.

(a)   Bunús dlí

(185)

Is é bunús dlí an chláir seo Airteagal 26(2) de Dhlí CIF, i gcomhar leis na Rialacha Cur Chun Feidhme maidir leis an Dlí um Cháin Ioncaim Fiontair DPS.

(b)   Torthaí an imscrúdaithe

(186)

In imscrúduithe roimhe seo, chinn an Coimisiún go bhfuair roinnt cuideachtaí a ndearnadh cigireacht orthu díolúine ó cháin ar ioncam díbhinne idir fiontair chónaitheacha cháilithe.

(187)

Le hAirteagal 25 de CIF foráiltear mar seo “Cuirfidh an Stát fabhair chánach ioncaim ar fáil d’fhiontair atá ag gabháil do thionscail nó do thionscadail a dtacaíonn agus a spreagann an Stát go speisialta lena bhforbairt”. Sonraítear in Airteagal 26(2) go bhfuil feidhm ag an díolúine ó cháin maidir le hioncam ó infheistíochtaí cothromais idir “fiontair chónaitheacha incháilithe”, rud a fhágann go bhfuil raon feidhme an chur i bhfeidhm teoranta d’fhiontair chónaitheacha áirithe.

(188)

Mar a léiríodh san imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine, tá beartas cánach fabhrach den sórt sin teoranta do thionscail agus tionscadail áirithe, is é sin tionscail lena dtacaíonn agus a spreagann an Stát go sonrach, mar shampla tionscal GFR, agus dá bhrí sin ar tionscail shonracha iad.

(189)

Measann an Coimisiún gur fóirdheontas í an scéim sin faoi Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán mar gurb ann do ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm ioncam arna tharscaoileadh ag Rialtas na Síne lena dtugtar tairbhe do na cuideachtaí lena mbaineann.

(190)

Is ionann an tairbhe a bhaineann na faighteoirí as sin agus an coigilteas cánach.

(191)

Is fóirdheontas sonrach é de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán toisc go ndéantar sa reachtaíocht féin cur i bhfeidhm na díolúine seo a theorannú d’fhiontair chónaitheacha cháilithe a dtacaíonn an Stát go mór leo agus a spreagann an Stát a bhforbairt.

(c)   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(192)

Measann an Coimisiún gur lean táirgeoirí onnmhairiúcháin GFR na Síne de bheith ag fáil tairbhe faoin scéim seo.

(193)

I bhfianaise neamh-chomhoibriú Rialtas na Síne agus na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin uile a sampláladh sa chás seo agus in éagmais aon rud a léireodh a mhalairt, d’úsáid an Coimisiún na torthaí a bhí ar an imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine (43) a mhéid a bhain siad le GFR mar fhíorais atá ar fáil de bhun Airteagal 28 den bhun-Rialachán chun críocha an cháis seo.

(194)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh tionscal GFR á fhóirdheonú i gcónaí.

3.6.2.4.   Díolúine ó cháin ar úsáid talún

(195)

San iarraidh ar athbhreithniú líomhain na hiarratasóirí go mbaineann monaróirí GFR sa tSín tairbhe as an díolúine ó cháin ar úsáid talún mar a thuairiscítear thíos.

(196)

Eagraíocht nó duine aonair a úsáideann talamh i gcathracha, i mbailte contae agus i mbailte riaracháin agus i gceantair thionsclaíocha agus mhianadóireachta, íocann sé cáin ar úsáid talún uirbí de ghnáth. Bailíonn na húdaráis chánach áitiúla cáin ar úsáid talún áit a n-úsáidtear an talamh.

(197)

Mar sin féin maidir le catagóirí áirithe talún, díolmhaítear iad ó cháin ar úsáid talún, mar shampla talamh arna thabhairt chun míntíreachais ón bhfarraige, talamh le haghaidh úsáid institiúidí rialtais, eagraíochtaí daoine agus aonaid mhíleata le haghaidh a n-úsáide féin, talamh atá le húsáid ag institiúidí arna maoiniú le leithdháiltí ón Roinn Airgeadais, talamh atá á úsáid ag teampaill reiligiúnacha, páirceanna poiblí agus láithreáin stairiúla phoiblí agus láithreáin scéimhe phoiblí, sráideanna, bóithre, cearnógacha poiblí, faichí agus talamh uirbeach poiblí eile.

(a)   Bunús dlí

(198)

Is é bunús dlí an chláir seo an méid seo a leanas:

Rialacháin Shealadacha Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Cáin Réadmhaoine (Guo Fa [1986] Uimh. 90, arna leasú in 2011); agus

Rialacháin Eatramhacha Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Cáin ar Úsáid Talún Uirbí (Ordú ó Chomhairle Stáit Dhaon-Phoblacht na Síne [2013] Uimh. 645).

(b)   Torthaí an imscrúdaithe

(199)

San athbhreithniú maidir le fabraicí de shnáithín gloine chinn an Coimisiún gur bhain ceann de na grúpaí cuideachtaí a sampláladh tairbhe as aisíocaíochtaí na híocaíochta cánach ar úsáid talún ón mBiúró Úsáide Talún áitiúil, cé nár tháinig siad faoi aon cheann de na catagóirí díolmhaithe mar a leagtar amach iad sa reachtaíocht náisiúnta thuasluaite.

(c)   Conclúid

(200)

Measann an Coimisiún gur fóirdheontas atá sa díolúine ó cháin atá i gceist de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(i) nó Airteagal 3(1)(a)(ii), agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán mar gurb ann do ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm aistrithe dhírigh cistí ioncaim (aisíoc na cánach arna híocadh) nó i bhfoirm ioncam arna tharscaoileadh ag Rialtas na Síne (an cháin nár íocadh), fóirdheontas lena dtugtar tairbhe do na cuideachtaí lena mbaineann.

(201)

Is ionann an tairbhe a bhaineann na faighteoirí as sin agus an méid a aisíocadh/an coigilteas cánach.

(202)

Is fóirdheontas sonrach é de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán toisc go bhfuair ceann de na cuideachtaí a sampláladh san imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine laghdú cánach cé nach raibh siad oiriúnach d’aon cheann de na critéir oibiachtúla.

(d)   Méid an fhóirdheontais a ríomh

(203)

Measann an Coimisiún gur lean táirgeoirí onnmhairiúcháin GFR na Síne de bheith ag fáil tairbhe faoin scéim seo.

(204)

San imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine ríomhadh méid an fhóirdheontais in-fhrithchúitithe i dtéarmaí na tairbhe a tugadh do na faighteoirí in 2018. Measadh gurb é an tairbhe sin an méid a aisíocadh in 2018.

(205)

I bhfianaise neamh-chomhoibriú Rialtas na Síne agus na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin uile a sampláladh sa chás seo agus in éagmais aon rud a léireodh a mhalairt, d’úsáid an Coimisiún na torthaí a bhí ar an imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine (44) a mhéid a bhain siad le GFR mar fhíorais atá ar fáil de bhun Airteagal 28 den bhun-Rialachán chun críocha an cháis seo.

(206)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh tionscal GFR á fhóirdheonú i gcónaí.

3.7.   Conclúid maidir le leanúint leis an bhfóirdheonú

(207)

Is é conclúid an Choimisiúin, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, gur leanadh d’fhóirdheonú thionscal GFR in DPS le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe. Is suntasach iad conclúidí an imscrúdaithe maidir le fabraicí de shnáithín gloine go háirithe toisc go gcumhdaítear leo fóirdheontais do na cuideachtaí a dhéanann fabraicí de shnáithín gloine agus GFR, agus níl na scéimeanna fóirdheontais táirge-shonrach.

(208)

Ós rud é go dtéann na scéimeanna fóirdheontais chun tairbhe don chuideachta ar fad, agus ní hamháin don chuid a dhéanann fabraicí de shnáithín gloine a mhonarú agus a onnmhairiú, is féidir linn úsáid a bhaint arís as an bhfaisnéis atá ar fáil chun na ríomhanna fóirdheontais bunúsacha i gcás fabraicí de shnáithín gloine a “thabhairt ar aghaidh” agus glacadh leis, in éagmais aon fhaisnéise eile, go mbainfeadh cuideachtaí a mhonaraíonn agus a onnmhairíonn GFR chuig an Aontas i dtréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe leas as méid fóirdheontais a bheadh go mór os cionn de minimis. Go deimhin, ag féachaint do na torthaí san imscrúdú maidir le fabraicí de shnáithín gloine inar áiríodh fóirdheontais nár frithchúitíodh san imscrúdú bunaidh, fuarthas amach go raibh an meánmhéid fóirdheontais thart ar 25 %.

(209)

Cé nach féidir méid an fhóirdheonaithe a shuíomh go cruinn i ngeall ar an easpa comhoibre, is féidir a mheas gur méid suntasach é.

3.8.   Forbairtí má dhéantar bearta a aisghairm

(210)

Is léiriú é fóirdheonú leanúnach le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe ar an dóchúlacht go leanfar d’fhóirdheonú i gcás ina rachadh bearta in éag. Ina theannta sin rinne an Coimisiún anailís freisin ar an dóchúlacht go dtiocfadh méadú ar líon na n-onnmhairí fóirdheonaithe dá ligfí do na bearta dul in éag.

(211)

Chun sin a dhéanamh rinne an Coimisiún anailís ar na heilimintí seo a leanas: acmhainneacht an táirgthe agus an acmhainneacht spártha in DPS agus tarraingteacht mhargadh an Aontais.

(212)

De bharr neamh-chomhoibriú táirgeoirí/onnmhaireoirí in DPS agus ó Rialtas na Síne, bhunaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na fíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán.

3.8.1.   Acmhainneacht

(213)

San iarratas a rinne siad ar an athbhreithniú éaga, thug na hiarratasóirí dá n-aire go raibh an t-éileamh domhanda GFR in 2018 idir 5,3 agus 6,5 milliún tona agus an acmhainneacht dhomhanda idir 6,0 agus 6,9 milliún tona.

(214)

Thug sé dá aire gurbh é 700 000 tona in aghaidh na bliana an bhearna idir acmhainneacht agus éileamh in DPS na Síne in 2018, is ionann é sin agus 70 % d’éileamh an Aontais Eorpaigh ar GFR.

(215)

In éagmais aon fhaisnéise eile, measann an Coimisiún go mbeadh táirgeoirí na Síne in ann a ró-acmhainneacht a atreorú chuig margadh an Aontais dá rachadh bearta in éag.

3.8.2.   Praghsanna ar mhargadh an Aontais

(216)

San iarratas a rinne siad ar an athbhreithniú éaga, thug na hiarratasóirí dá n-aire go bhfuil an tAontas fós ar cheann de na cúig cheann scríbe onnmhairiúcháin is airde d’onnmhairí GFR na Síne, fiú agus na bearta i bhfeidhm.

(217)

Deimhnítear an treocht sin in anailís a rinneadh ar shonraí ó GTA (45) go dtí deireadh 2019.

Allmhaireoir/tona

2016

2017

2018

2019

Iomlán

776 268

872 093

1 000 941

907 082

na Stáit Aontaithe

161 619

201 706

272 616

138 253

AE 28

97 684

94 035

97 563

95 610

an Chóiré Theas

78 324

86 704

87 076

82 324

an India

39 318

47 207

66 471

62 973

an tSeapáin

33 190

46 024

51 620

51 653

(218)

Thug na hiarratasóirí dá n-aire freisin go bhfuil praghsanna Eorpacha le haghaidh GFR ard i gcomparáid le margaí eile.

(219)

Deimhnítear an treocht sin in anailís a rinneadh ar phraghsanna aonaid, a tógadh ó GTA go dtí deireadh 2019 freisin, i gcás na gcúig mhargadh onnmhairiúcháin is fearr de chuid na Síne.

Allmhaireoir/EUR in aghaidh an tona

2016

2017

2018

2019

Iomlán

926,52

867,70

844,54

820,13

na Stáit Aontaithe

940,09

916,30

846,45

876,85

AE 28

1 027,18

985,83

1 044,33

1 025,66

an Chóiré Theas

849,45

796,85

768,97

748,49

an India

900,21

891,25

850,06

882,00

an tSeapáin

1 025,70

929,03

906,18

913,94

(220)

Is é conclúid an Choimisiúin gur margadh tarraingteach é an tAontas le haghaidh tháirgeoirí GFR na Síne. Deimhnítear an méid sin freisin leis na táirgeoirí de chuid na Síne a dhéanann infheistíocht i saoráidí i mBairéin agus san Éigipt go sonrach chun rochtain a fháil ar mhargadh an Aontais gan na dleachtanna atá i bhfeidhm ar allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne a íoc.

3.9.   Conclúid maidir le leanúint leis an bhfóirdheonú

(221)

Bunaithe ar thorthaí an imscrúdaithe, agus le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, chinn an Coimisiún go bhfuil scéimeanna fóirdheontais a bhaineann go sonrach le tionscal GFR in DPS i bhfeidhm i gcónaí, agus leis na scéimeanna sin gur tugadh tairbhe do thionscal GFR in DPS le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

(222)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin, dá ligfí do na bearta dul in éag, go leanfaí d’allmhairí GFR fóirdheonaithe ó DPS.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(223)

Le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe, bhí an táirge comhchosúil á tháirgeadh ag naoi dtáirgeoir san Aontas. Is iad “Tionscal an Aontais” iad de réir bhrí Airteagal 9(1) den bhun-Rialachán.

(224)

Roghnaigh an Coimisiún sampla de Tháirgeoirí an Aontais. Sa sampla bhí trí tháirgeoir de chuid an Aontais arb ionann iad agus os cionn 60 % de tháirgeacht iomlán an Aontais den táirge comhchosúil le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe (TIA).

(225)

Shuigh an Coimisiún gur timpeall 657 750 tona a bhí i dtáirgeacht iomlán GFR an Aontais le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe, bhí sé sin bunaithe ar fhaisnéis arna bailiú ag an iarratasóir agus arna fíorú le linn an imscrúdaithe.

Tábla 1

Táirgeacht an Aontais

 

2016

2017

2018

TIA (2019)

Táirgeacht iomlán an Aontais (tonaí)

701 611

694 178

693 123

657 750

Innéacs

100

99

99

94

Foinse: Iarratas agus bunachar sonraí Surveillance 2

(226)

D’fhan táirgeacht iomlán an Aontais cobhsaí idir 2016 agus 2018 ach tháinig laghdú air le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(227)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas GFR an Aontais trí allmhairí GFR a chur le díolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais.

(228)

Tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais mar seo a leanas:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais

 

2016

2017

2018

TIA (2019)

Tomhaltas iomlán an Aontais (tonaí)

978 454

1 045 331

1 060 071

984 122

Innéacs (2016 = 100)

100

107

108

101

Foinse: Iarratas agus bunachar sonraí Surveillance 2

(229)

Tháinig athrú ar thomhaltas an Aontais sa tréimhse a breithníodh. Tháinig méadú 8 % air idir 2016 agus 2018 sular tháinig laghdú suntasach 7 % air le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

4.3.   Allmhairí ón tSín

4.3.1.   Méid agus sciar margaidh na n-allmhairí ón tSín

(230)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí agus a sciar den mhargadh bunaithe ar shonraí ón mbunachar sonraí Surveillance 2 (46).

(231)

Tháinig forbairt ar allmhairí GFR ón tSín mar a leanas:

Tábla 3

An méid allmhairí agus an sciar den mhargadh

 

2016

2017

2018

TIA (2019)

Méid na n-allmhairí ón tSín (tonaí)

79 374

58 456

50 177

51 512

Innéacs

100

74

63

65

Sciar den mhargadh (%)

8

6

5

5

Foinse: Bunachar sonraí Surveillance 2

(232)

Tháinig laghdú 35 % ar an méid allmhairí GFR ón tSín idir 2016 agus tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe. Tháinig laghdú 3 phointe céatadáin ar an sciar comhfhreagrach den mhargadh le linn na tréimhse céanna.

4.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tSín

(233)

Seo a leanas a t-athrú a tháinig ar mheánphraghsanna allmhairiúcháin sa tréimhse a breithníodh:

Tábla 4

Praghas allmhairiúcháin

 

2016

2017

2018

TIA(2019)

Praghsanna allmhairiúcháin ó DPS (EUR in aghaidh an tona)

1 068

1 058

1 028

990

Innéacs

100

99

96

93

Foinse: Bunachar sonraí Surveillance 2

(234)

Tháinig laghdú 7 % ar phraghsanna allmhairiúcháin ón tSín thar an tréimhse a breithníodh.

4.3.3.   Sladghearradh praghais

(235)

In éagmais comhoibre, chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe trí chomparáid a dhéanamh idir

(1)

meánphraghas ualaithe díolacháin na dtáirgeoirí de chuid an Aontais a sampláladh a ghearrtar ar chustaiméirí neamhghaolmhara i margadh an Aontais, arna choigeartú de réir leibhéal díreach ón monarcha, agus

(2)

na sonraí coigeartaithe faoi phraghsanna allmhairí an táirge atá faoi athbhreithniú ón tSín ar leibhéal CAL mar a bhaintear as bunachar sonraí Surveillance 2. Cuireadh na sonraí allmhairiúcháin ó Surveillance 2 i ngrúpaí na dtrí chineál táirge, arb ionann le chéile iad agus 100 % d’allmhairí an táirge atá faoi athbhreithniú.

(236)

Rinneadh an praghas CAL ó Surveillance 2 a choigeartú ina phraghas tagtha i dtír trí dhleachtanna allmhairiúcháin 7 % a chur leis de bhreis ar an bpraghas CAL agus na costais allmhairiúcháin, timpeall EUR 30 in aghaidh an tona a allmhairíodh.

(237)

Sloinneadh toradh na comparáide ina chéatadán de láimhdeachas na dtáirgeoirí de chuid an Aontais a sampláladh le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

(238)

Léiríodh sa chomparáid gurbh ann do shladghearradh os cionn 24 % ar an meán i gcás allmhairí ón tSín le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

(239)

Dá bhrí sin shuigh an Coimisiún go ndéantar sladghearradh ar phraghsanna Thionscal an Aontais le praghsanna na n-allmhairí ón tSín.

4.4.   Allmhairí ó thríú tíortha eile

(240)

Tháinig forbairt ar an méid allmhairí, an sciar den mhargadh, praghsanna allmhairiúcháin a bhaineann le hallmhairí ó thríú tíortha eile mar a leanas:

Tábla 5

An méid allmhairí, an sciar den mhargadh agus praghsanna allmhairiúcháin ó gach tír eile seachas an tSín

Tír

 

2016

2017

2018

TIA (2019)

an Éigipt

Méid (tonaí)

50 529

95 865

147 189

141 809

Innéacs

100

190

291

281

Sciar den mhargadh (%)

5

9

14

14

Meánphraghas

993

918

897

890

an Mhalaeisia

Méid (tonaí)

98 446

111 373

115 249

77 410

Innéacs

100

113

117

79

Sciar den mhargadh (%)

10

11

11

8

Meánphraghas

930

941

985

951

an Iorua

Méid (tonaí)

41 362

43 006

44 289

44 479

Innéacs

100

104

107

108

Sciar den mhargadh (%)

4

4

4

5

Meánphraghas

1 156

1 126

1 101

1 078

Gach tír eile seachas an tSín

Méid (tonaí)

86 240

85 548

93 266

89 832

Innéacs

100

99

108

104

Sciar den mhargadh (%)

9

8

9

9

Meánphraghas

1 090

1 045

1 017

1 019

Foinse: Bunachar sonraí Surveillance 2

(241)

Ba iad na hallmhairí ba mhó ó thríú tíortha le linn na tréimhse a breithníodh na méideanna a tháinig ón Éigipt, ar tháinig méadú mór orthu, agus allmhairí measartha cobhsaí ón Malaeisia agus ón Iorua. Ba ann d’allmhairí cobhsaí freisin ó Bhairéin a raibh sciar 2 % den mhargadh acu.

(242)

Tháinig méadú ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ón Éigipt ó 5 % in 2016 go 14 % le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

(243)

Chuir an Coimisiún tús leis an imscrúdú ar allmhairí GFR ón Éigipt an 16 Bealtaine 2019 (47). Tugadh an t-imscrúdú chun críche i mí an Mheithimh 2020 agus fuarthas gurb é onnmhairí ó mhonarcha san Éigipt a oibríonn Grúpa CNBM na Síne ba chúis leis an méadú ar allmhairí. Ba é cuspóir sainráite na hoibríochta arna chur ar bun ag an onnmhaireoir sin GFR a dhíol le margadh an Aontais gan na dleachtanna a bhí i bhfeidhm i gcoinne allmhairí de thionscnamh na Síne a íoc (48).

(244)

De réir na fianaise a bhí ag an gCoimisiún sa chás sin, is cosúil go ndearnadh na horduithe GFR le haghaidh Grúpa CNBM a aistriú chuig an monarcha táirgthe nua san Éigipt. Tháinig méadú go tapa ar na hallmhairí ón Éigipt ó 2016 go dtí 2019, méadú faoi thrí beagnach ar na méideanna. I mí an Mheithimh 2020, d’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithchúitimh chinntitheach 13,1 % ar allmhairí GFR ón Éigipt (49). Forchuireadh bearta sealadacha i Márta 2020 (50).

(245)

Tháinig laghdú ar líon na n-allmhairí ón Malaeisia idir 2018 agus tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe. Tháinig laghdú idir 10 %-11 % ar a sciar den mhargadh le linn na tréimhse a breithníodh, i gcomparáid le 8 % i dtréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe. Chinn an Coimisiún nach raibh an Mhalaeisia ag onnmhairiú ach snáitheanna mionghearrtha chuig an Aontas (51). Agus meánphraghas allmhairiúcháin na snáitheanna mionghearrtha ón Malaeisia á chur i gcomparáid le praghsanna tionscail an Aontais ar shnáitheanna mionghearrtha, fuarthas go bhfuil praghsanna allmhairí na Malaeisia i gcomhréir le praghsanna tionscail an Aontais.

(246)

Bhí sciar cobhsaí 4 %-5 % den mhargadh ag allmhairí ón Iorua le linn na tréimhse a breithníodh. Thairis sin, bhí meánphraghsanna a n-allmhairí ar leibhéal a bhí inchurtha le praghsanna díolacháin thionscal an Aontais.

(247)

Bhí sciar cobhsaí 9 % den mhargadh ag allmhairí ó thíortha eile i rith na tréimhse a breithníodh.

4.5.   Staid eacnamaíoch Thionscal an Aontais

4.5.1.   Barúlacha ginearálta

(248)

I gcomhréir le hAirteagal 8(5) den bhun-Rialachán, cuimsíodh sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí fóirdheonaithe ar thionscal an Aontais measúnú ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh.

(249)

Mar a luadh in aithris (13), úsáideadh sampláil chun cinneadh a dhéanamh maidir le díobháil a d’fhéadfadh a bheith déanta do thionscal an Aontais.

(250)

Chun an díobháil a chinneadh, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha bunaithe ar shonraí a bhí i bhfreagraí an cheistneora ó tháirgeoirí an Aontais a sampláladh agus bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus arna fíorú ag an gCoimisiún. Bunaíodh na táscairí micreacnamaíocha ar na sonraí a fuarthas ó fhreagraí ceistneora na dtáirgeoirí a sampláladh.

(251)

Is iad seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, sciar den mhargadh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht agus ollmhaireacht mhéid an fhóirdheonaithe agus gnóthú ó fhóirdheonú a rinneadh roimhe seo.

(252)

Is iad seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, meánchostais saothair, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú.

4.5.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.5.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(253)

Tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 6

Acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2016

2017

2018

TIA(2019)

Acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

759 107

760 104

753 688

770 642

Innéacs

100

100

99

102

Úsáid acmhainneachta (%)

92

91

92

85

Foinse: Iarratasóir

(254)

D’fhan acmhainneacht táirgeachta cobhsaí le linn na tréimhse a breithníodh. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil an acmhainneacht bunaithe go príomha ar líon na bhfoirnéisí a chothaíonn na línte táirgeachta, agus dá bhrí sin tá infheistíocht shuntasach i gceist chun an acmhainneacht a mhéadú.

(255)

D’fhan úsáid acmhainneachta thionscal an Aontais ard agus cobhsaí freisin ó 2016 go 2018 sular tháinig laghdú beag air i dtréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

4.5.2.2.   Méid na ndíolachán agus sciar den mhargadh

(256)

Thar an tréimhse a breithníodh tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas:

Tábla 7

Méid na ndíolachán agus sciar den mhargadh

 

2016

2017

2018

TIA(2019)

Méid na ndíolachán ar mhargadh an Aontais (tonaí)

622 504

651 082

609 902

579 080

Innéacs

100

105

98

93

Sciar den mhargadh (%)

64

62

58

59

Foinse: Iarratasóir, Surveillance 2

(257)

Tháinig laghdú 7 % ar dhíolacháin thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh, cé is moite den bhliain an-mhaith in 2017 inar tháinig méadú 5 % orthu i gcomparáid le 2016.

(258)

Tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh de chuid thionscal an Aontais ó 64 % go 59 % le linn na tréimhse a breithníodh. Tháinig laghdú ó 8 % go 5 % ar an sciar den mhargadh de chuid allmhairí ón tSín freisin. Ní mór breathnú ar an laghdú atá ag teacht ar na sciartha den mhargadh de chuid allmhairí ón tSín agus de chuid thionscal an Aontais araon i gcoinne na n-allmhairí ón Éigipt atá ag dul i méid. Go deimhin, tháinig méadú faoi thrí beagnach ar an sciar den mhargadh de chuid allmhairí ón Éigipt le linn na tréimhse a breithníodh, ó 5 % go dtí 14 %.

4.5.2.3.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(259)

Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht thar an tréimhse a breithníodh mar a leanas:

Tábla 8

Fostaíocht agus táirgiúlacht

 

2016

2017

2018

TIA

An líon fostaithe

3 620

3 636

3 661

3 656

Innéacs

100

100

101

101

Táirgiúlacht (tona/fostaí (coibhéis lánaimseartha))

194

191

189

180

Innéacs

100

99

98

93

Foinse: Iarratasóir

(260)

D’fhan fostaíocht thionscal an Aontais cobhsaí i rith na tréimhse a breithníodh.

(261)

An laghdú a tháinig ar tháirgiúlacht thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh, is léiriú é ar an laghdú ar tháirgeacht.

4.5.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.5.3.1.   Praghsanna agus cúinsí a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna

(262)

Le linn na tréimhse a breithníodh is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghsanna ualaithe na ndíolachán aonaid ó na táirgeoirí de chuid an Aontais a sampláladh chuig custaiméirí san Aontas:

Tábla 9

Praghsanna díolacháin san Aontas

 

2016

2017

2018

TIA

Meánphraghas díolachán aonaid san Aontas ar an margadh iomlán (EUR/tona)

1 167

1 123

1 139

1 106

Innéacs

100

96

98

95

Costas aonaid an táirgthe(EUR/tona)

1 035

1 027

1 086

1 115

Innéacs

100

99

105

108

Foinse: Táirgeoirí de chuid an Aontais a sampláladh

(263)

Le linn na tréimhse a breithníodh tháinig laghdú 5 % ar mheánphraghas ualaithe na ndíolachán aonaid ó tháirgeoirí de chuid an Aontais a sampláladh chuig custaiméirí neamhghaolmhara.

(264)

Mar sin féin, tháinig méadú 8 % ar chostas aonaid an táirgthe maidir leis na táirgeoirí de chuid an Aontais a sampláladh le linn na tréimhse a breithníodh.

4.5.3.2.   Costais saothair

(265)

Seo a leanas mar a tháinig méadú de réir a chéile ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí de chuid an Aontais a sampláladh le linn na tréimhse a breithníodh:

Tábla 10

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2016

2017

2018

TIA

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

55 351

56 722

57 703

58 366

Innéacs

100

102

104

105

Foinse: Táirgeoirí de chuid an Aontais a sampláladh

4.5.3.3.   Ardail

(266)

Tháinig méadú ar leibhéil stoic tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh agus d’fhan siad ag an leibhéal is airde le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe:

Tábla 11

Stoic

 

2016

2017

2018

TIA

Stoic dheiridh (tonaí)

80 078

63 974

86 975

86 772

Innéacs

100

80

109

108

Foinse: Táirgeoirí de chuid an Aontais a sampláladh

4.5.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a chruinniú

(267)

I rith na tréimhse a breithníodh tháinig forbairt ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí tháirgeoirí de chuid an Aontais a sampláladh:

Tábla 12

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

2016

2017

2018

TIA

Brabúsacht na ndíolachán san Aontas chuig custaiméirí nach bhfuil bainteach (% den láimhdeachas díolacháin)

12,6

10

7,4

3,7

Sreabhadh airgid

99 824 451

99 239 696

54 615 552

49 028 234

Innéacs

100

99

55

49

Infheistíochtaí

17 532 291

34 598 499

52 191 829

29 187 167

Innéacs

100

197

298

166

Toradh ar infheistíocht (%)

18

15

10

6

Foinse: Táirgeoirí de chuid an Aontais a sampláladh

(268)

Chun brabúsacht na dtrí tháirgeoirí de chuid an Aontais a sampláladh a shuí, rinne an Coimisiún glanbhrabús réamhchánach dhíolachán an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(269)

Tháinig titim mhór ar bhrabúsacht agus ar shreabhadh airgid bliantúil óna gcuid oibríochtaí le linn na tréimhse a breithníodh.

(270)

Lean tionscal an Aontais de bheith ag infheistiú i rith na tréimhse ar fad i gceist. Tháinig méadú ar infheistíochtaí idir 2016 agus 2018, rud a léiríonn saolréanna na bhfoirnéisí, ar gá iad a athnuachan go tréimhsiúil le gur féidir a bheith ag táirgeadh go leanúnach. Mar sin féin tháinig laghdú suntasach ar infheistíochtaí le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

(271)

Comhfhreagraíonn an toradh ar infheistíochtaí don bhrabús mar chéatadán de ghlanluach na hinfheistíochta de réir na leabhar. Lean an fhorbairt dhiúltach na corrlaigh bhrabúis laghdaitheacha thar an tréimhse a breithníodh.

(272)

Mar sin féin, mar gheall ar fheidhmíocht airgeadais thionscal an Aontais i dtéarmaí brabús le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe, bhí teorainn lena chumas caipiteal a chruinniú.

4.6.   Conclúid maidir le díobháil

(273)

Bualadh go crua brabúis thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh, thit an brabús ó 12,6 % in 2016 go dtí 3,7 % le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe, leibhéal atá go mór faoi bhun an leibhéil inbhuanaithe i dtionscal atá fíordhian ar chaipiteal. Léiríonn an laghdú suntasach ar bhrabúsacht staid an-fhorbhásach thionscail an Aontais le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

(274)

Ba iad na cainníochtaí díolacháin laghdaitheacha mar aon le praghsanna laghdaitheacha is cúis le meath na dtáscairí feidhmíochta uile. Chomh maith leis an mbrabúsacht laghdaitheach, tháinig laghdú ar tháirgiúlacht agus ar úsáid acmhainneachta. Tháinig méadú 8 % ar na stoic dúnta le linn na tréimhse atá i gceist. Tháinig laghdú 51 % ar an sreabhadh airgid sa tréimhse imscrúdaithe i gcomparáid le 2016. Laghdaíodh an toradh ar infheistíochtaí go dtí 6 % ó 18 % in 2016.

(275)

Bhí tionchar suntasach ag an táirgeacht laghdaitheach ar an tionscal mar gheall ar na costais arda sheasta agus toisc nach féidir an táirgeadh a ghearradh siar go solúbtha mar gur gá foirnéisí a úsáid hiomlán sa phróiseas táirgthe sonrach sin.

(276)

Fiú sna himthosca díobhálacha sin bhí gá le hinfheistíochtaí leanúnacha go príomha chun foirnéisí a raibh saolré teoranta acu a ionadú. Cuireadh brú airgeadais breise ar na táirgeoirí leis sin.

(277)

Chaill tionscal an Aontais cuid dá sciar den mhargadh an tráth céanna, rud a raibh drochthionchar aige ar bhrabúsacht.

(278)

I bhfianaise an mhéid uile sin thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh díobháil ábhartha fós á fulaingt ag tionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 8 den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

5.   CÚISÍOCHT

(279)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh díobháil ábhartha á déanamh fós do thionscal an Aontais i dtréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

(280)

Mar sin féin, chinn an Coimisiún nach bhféadfaí an díobháil a d’fhulaing tionscal an Aontais a chur i leith na n-allmhairí fóirdheonaithe ón tSín. Mar is léir ón staidreamh allmhairiúcháin, tháinig méadú mór ar allmhairí ón Éigipt le linn na tréimhse a breithníodh.

(281)

Mar a cuireadh in iúl in aithris (243) thuas, rinne an Coimisiún imscrúdú ar na hallmhairí sin le déanaí agus chinn sé go bhfuil siad fóirdheonaithe agus gurbh iad ba chúis le díobháil do thionscal an Aontais. Go deimhin, chinn an Coimisiún go raibh oibríocht curtha ar bun ag Grúpa CNBM na Síne san Éigipt chun bearta cosanta trádála a sheachaint, lena n-áirítear an ceann atá á athbhreithniú faoi láthair (52).

(282)

D’ainneoin na éifeachta móire diúltaí ar allmhairí a bhíonn ag an imscrúdú frith-fhóirdheontais de ghnáth maidir le hallmhairí ó thíortha atá faoi imscrúdú, d’fhan na hallmhairí ón Éigipt ar leibhéal comhchosúil 141 809 dtona le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe seo i gcomparáid le 144 169 dtona sa tréimhse dar críoch an 31 Márta 2019. An tráth céanna bhí an treocht fós ann go raibh an praghas allmhairiúcháin ag laghdú, agus laghdú ar an bpraghas ó EUR 904 in aghaidh an tona go EUR 890 in aghaidh an tona.

(283)

Mar thoradh ar an mbrú praghais ar an margadh, arb iad na hallmhairí sin ón Éigipt ar phraghsanna ísle is cúis leis, ní raibh tionscal an Aontais in ann na méaduithe ar chostais táirgthe a chur san áireamh sa phraghas.

(284)

Is fiú a lua freisin nár cuireadh bearta sealadacha i gcoinne na n-allmhairí fóirdheonaithe ón Éigipt i bhfeidhm go dtí mí an Mhárta 2020. Dá bhrí sin, ní raibh tionscal an Aontais cosanta ar na hallmhairí fóirdheonaithe ón Éigipt le linn na tréimhse a breithníodh san imscrúdú sin, lena n-áirítear tréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe.

(285)

Cé gur sciar 5 % den mhargadh fós iad allmhairí ón tSín le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe agus go raibh a bpraghsanna allmhairiúcháin fós faoi bhun an phraghais a breathnaíodh i gcás tíortha eile agus i gcás thionscal an Aontais, tugann an Coimisiún dá aire ní hamháin go bhfuil bearta frith-fhóirdheontais i bhfeidhm ach go bhfuil bearta frithdhumpála i bhfeidhm freisin i gcoinne allmhairí éagóracha GFR ón tSín.

(286)

Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún comparáid idir na praghsanna allmhairiúcháin ón tSín agus an dá dhleacht á gcur leo, le praghsanna tionscail an Aontais.

(287)

I bhfianaise na heaspa comhoibre ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, bhain an Coimisiún úsáid as staidreamh allmhairiúcháin an Aontais agus chuir sé cóid bhreise TARIC san áireamh chun na rátaí aonair cuideachta agus cóid AC a shannadh chun idirdhealú a dhéanamh idir caisirníní, mátaí agus snáitheanna mionghearrtha.

(288)

Tríd an gcomparáid sin, chinn an Coimisiún nárbh ann d’aon sladghearradh maidir le snáitheanna mionghearrtha agus caisirníní, arb iad fhormhór mór tháirgeacht thionscal an Aontais. Níor thángthas ar shladghearradh ach amháin i gcás mataí, nach raibh aon éifeacht intomhaiste acu ar staid thionscal an Aontais mar gheall ar a gcóimheas an-íseal i dtáirgeacht iomlán an Aontais (níos lú ná 4 %).

(289)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh na bearta sin éifeachtach chun tionscal an Aontais a chosaint ar dhíobháil ó allmhairí fóirdheonaithe ó DPS.

6.   DÓCHÚLACHT ATARLAITHE NA DÍOBHÁLA

(290)

Mheas an Coimisiún ansin an dóchúlacht go dtarlódh díobháil arís, díobháil a tharla ar dtús mar thoradh ar allmhairí GFR ó DPS, dá ligfí do bhearta dul in éag.

(291)

Chun an dóchúlacht sin a shuí rinne an Coimisiún anailís ar na heilimintí seo a leanas: (a) leibhéil dhóchúla na bpraghsanna ar allmhairí ón tSín in éagmais bearta frithchúitimh, (b) tarraingteacht mhargadh an Aontais, (c) acmhainneacht an táirgthe agus acmhainneacht spártha sa tSín.

6.1.   Leibhéil dhóchúla na bpraghsanna ar allmhairí ón tSín in éagmais bearta frith-fhóirdheontais

(292)

Léiríodh san imscrúdú gur fóirdheonaíodh na hallmhairí ón tSín le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe agus gur dhócha go leanfaí den fhóirdheonú dá ligfí do bhearta dul in éag.

(293)

Bhí praghsanna allmhairiúcháin na Síne (gan dleachtanna frithdhumpála/frithchúitimh) go mór faoi bhun phraghsanna díolacháin thionscal an Aontais. Ba é 1 106 EUR/tona meánphraghas díolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe, agus ba é 990 EUR/tona an meánphraghas allmhairiúcháin ón tSín. Ba é an chonclúid ar an mbonn sin go ndéanfaí onnmhairí GFR ón tSín chuig an Aontas ar phraghsanna díobhálacha, rud a shladghearrfadh praghsanna díolacháin thionscal an Aontais dá ligfí do na bearta dul in éag.

6.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(294)

Tá margadh an Aontais tarraingteach ó thaobh a mhéide de agus a phraghsanna.

(295)

De réir na faisnéise a chur an t-iarratasóir ar fáil tá praghsanna i margadh an Aontais níos airde ar an meán ná mar atá i dtíortha eile. Léiríonn staidreamh onnmhairiúcháin freisin go raibh praghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig margaí onnmhairiúcháin eile, i.e. SAM agus an Chóiré Theas, níos ísle ar an meán (863 EUR/tona i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus 780 EUR/tona sa Chóiré Theas) ná praghsanna chuig an Aontas (990 EUR/tona) le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe (53).

(296)

Ar deireadh, deimhnítear tarraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí GFR na Síne freisin ós rud é go ndearna CPIC agus Grúpa CNBM infheistíocht shuntasach chun tús a chur le mór-onnmhairí GFR ó mhonarchana i mBairéin agus san Éigipt chun freastal ar an margadh Eorpach go gairid tar éis fhorchur na mbeart frith-fhóirdheontais agus frithdhumpála i mí na Nollag 2014.

(297)

Mar a dearbhaíodh in imscrúdú roimhe seo, d’oscail Grúpa CNBM an mhonarcha san Éigipt chun na sainchríche GFR a dhíol le margadh an Aontais chun na dleachtanna atá i bhfeidhm i gcoinne allmhairí ón tSín a sheachaint (54).

6.3.   Acmhainneacht spártha sa tSín

(298)

Mar a shonraítear in aithrisí (213) go (215) thuas, is ann d’acmhainneachtaí neamhúsáidte suntasacha sa tSín.

6.4.   Dóchúlacht atarlaithe na díobhála

(299)

Léiríodh san imscrúdú gur leanadh de na hallmhairí ón tSín a dhéanamh ar phraghsanna lena ndearnadh tionscal an Aontais a shladghearradh agus nach bhfuil aon fhianaise ann go gcuirfí stop leis an bhfóirdheonú sa todhchaí.

(300)

Ina theannta sin, i gcás ina n-aisghairfear na bearta, is féidir a bheith ag súil leis le réasún, mar thoradh ar tharraingteacht mhargadh an Aontais agus ar an acmhainneacht spártha atá ar fáil sa tSín, go dtiocfaidh méadú suntasach ar allmhairí isteach san Aontas a dhéanfar ar phraghas fóirdheonaithe, díobhálach, lena ndéanfar praghas díolacháin thionscal an Aontais a shladghearradh.

(301)

Sa chás sin, gheobhadh onnmhairí na Síne chuig an Aontas sciar den mhargadh ó thionscal an Aontais go tapa, rud a d’fhágfadh titim láithreach ar mhéid díolacháin thionscal an Aontais agus méadú ar a chostais sheasta in aghaidh an aonaid.

(302)

An méadú ar chostais sheasta mar aon leis an laghdú ar phraghsanna díolacháin, bheadh tionchar diúltach acu láithreach ar bhrabúsacht thionscal an Aontais, brabúsacht a d’fhan i bhfad faoi bhun an spriocbhrabúis le linn na tréimhse a breithníodh. Dá réir sin, bheifí ag déanamh caillteanais i dtionscal an Aontais, d’imreofaí tionchar diúltach ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais agus bheadh díobháil ábhartha ann.

(303)

Bunaithe ar a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh dóchúlacht ann go ndéanfaí díobháil arís le hallmhairí de thionscnamh na Síne dá n-aisghairfí na bearta.

7.   LEAS AN AONTAIS

(304)

I gcomhréir le hAirteagal 31 den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún imscrúdú an bhféadfaí teacht ar an gconclúid go soiléir nach chun leasa an Aontais a bhí sé bearta frithchúitimh a ghlacadh atá comhfhreagrach do mhéid iomlán na bhfóirdheontas in-fhrithchúitithe sa chás seo, d’ainneoin an chinnidh maidir le fóirdheonú díobhálach. Bhí an cinneadh maidir le leas an Aontais bunaithe ar thuiscint ar na leasanna éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal, úsáideoirí agus allmhaireoirí an Aontais.

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(305)

Léiríodh san imscrúdú go raibh tionscal an Aontais i staid dhíobhálach agus gur dócha gurbh é an toradh a bheadh ar dheireadh a chur leis na bearta go dtiocfadh méadú ar an iomaíocht éagórach ó allmhairí fóirdheonaithe ón tSín.

(306)

Dá bhrí sin tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chun leas thionscal an Aontais a bhí sé na bearta a choimeád i bhfeidhm.

7.2.   Leas na n-úsáideoirí

(307)

Úsáidtear GFR le haghaidh líon mór feidhmeanna, mar shampla iompar (mótarfheithiclí, iompar mara, aeraspás, míleata), leictreach/leictreonaic, fuinneamh gaoithe, tógáil agus foirgníocht, umair/píopaí, earraí tomhaltais,

(308)

Úsáidtear é go díreach i dtionscail na n-ábhar (plaistigh) nó mar ábhar ionchuir lena fhí i bhfabraic de shnáithín gloine agus fabraic mogaill oscailte.

(309)

Le haghaidh úsáid dhíreach, i gcás ina ndéantar ábhar a threisiú le GFR, is an-íseal a chion féin i gcostas iomlán an ábhair agus is amhlaidh do thionchar na mbeart ar an gcostas iomlán.

(310)

Ní hionann an cás d’fhí na bhfabraicí de shnáithín gloine, ós rud é gur céatadán tábhachtach é GFR de chostas na monaraíochta agus go mbraitheann tionscal na bhfabraicí de shnáithín gloine ar phraghsanna saora GFR chun dul san iomaíocht i margadh an Aontais. Mar sin féin, is féidir le tionscal na bhfabraicí de shnáithín gloine leas a bhaint as na bearta frithdhumpála agus bearta frithchúitimh a fhorchuirtear ar allmhairí fabraicí de shnáithín gloine ón tSín agus ón Éigipt araon (na príomhiomaitheoirí i margadh na bhfabraicí de shnáithín gloine).

(311)

Ós rud é nár tháinig aon úsáideoir chun cinn san imscrúdú seo, is iad na conclúidí ó imscrúduithe roimhe seo na sonraí is fearr atá ag an gCoimisiún ina leith sin: an t-athbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála mar a shonraítear iad i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/724 ón gCoimisiún (55), inar thángthas ar an gconclúid nach mbeadh ach tionchar teoranta ag leathnú na mbeart ar chás na n-úsáideoirí, agus an t-imscrúdú frith-fhóirdheontais mar a shonraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/379 ón gCoimisiún (56) inar thángthas ar an gconclúid, i bhfianaise na bhfoinsí malartacha soláthair atá ar fáil nach bhfuil faoi réir beart agus ós rud é nach bhfuil aon fhianaise ann a léireodh go soiléir nach bhféadfadh na húsáideoirí na costais bhreise ó na bearta a fhorchuirtear ar allmhairí a iompar, nár léir ó na héifeachtaí diúltacha ar na húsáideoirí nach chun leasa an Aontais é na bearta a chur i bhfeidhm.

7.3.   Leas na n-allmhaireoirí neamhghaolmhara

(312)

D’iarr an Coimisiún ar gach allmhaireoir neamhghaolmhar a bheith rannpháirteach san imscrúdú ach níor tháinig aon allmhaireoir neamhghaolmhar chun cinn ná nár chomhoibrigh ar aon bhealach leis an imscrúdú.

(313)

Mheas an Coimisiún go bhfuil caighdeánú nach beag déanta ar GFR agus gur féidir a fhoinsí soláthair a athrú go héifeachtúil.

(314)

Ar an mbonn sin, i bhfianaise na bhfoinsí malartacha den soláthar atá ar fáil nach bhfuil faoi réir beart, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon tionchar diúltach suntasach ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ar staid allmhaireoirí agus nach ndéanfaí difear míchuí dóibh dá leanfaí leis na bearta.

7.4.   Conclúid maidir le leas an Aontais

(315)

Bheadh tionchar ábhartha agus diúltach ag aisghairm na mbeart ar tháirgeoirí den Aontas.

(316)

Bheadh tionchar teoranta ag leathnú na dleachta frithdhumpála ar na hallmhaireoirí agus ar na húsáideoirí.

(317)

Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, go bhfuil foinsí eile GFR ar fáil gan bearta a bheith i bhfeidhm.

(318)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ar an mbonn sin nárbh ann d’aon chúis láidir nach raibh sé le leas an Aontais leanúint de na bearta frithchúitimh a bheith ann maidir le hallmhairí GFR de thionscnamh na Síne.

8.   BEARTA FRITHCHÚITIMH

(319)

I bhfianaise na gconclúidí ar thángthas orthu maidir leis an dóchúlacht go leanfar d’fhóirdheonú, go dtarlóidh díobháil arís agus i gcomhréir le hAirteagal 18(1) den bhun-Rialachán, maidir leis na dleachtanna frithchúitimh is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, ba cheart na dleachtanna sin a choimeád.

(320)

Cuireadh páirtithe leasmhara ar an eolas maidir leis na fíorais agus na breithnithe riachtanacha, a raibh sé beartaithe ar a mbonn an dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchur ar allmhairí den táirge atá faoi athbhreithniú isteach san Aontas.

(321)

Tugadh an deis do pháirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh sin agus éisteacht a iarraidh ar an gCoimisiún agus/nó ar an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí tráchtála.

(322)

Tar éis nochtadh na bhfíoras agus na mbreithnithe riachtanacha, fuarthas dhá shraith barúlacha, ceann ó Chengdu Chang Yuan Shun Co. Ltd., táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne, agus ceann amháin ó APFE.

(323)

Dhearbhaigh an táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne nár aontaigh sé leis an gcinneadh na dleachtanna frithchúitimh a choimeád i bhfeidhm agus mhaígh sé nár bhain sé tairbhe as aon fhóirdheontas a chur Rialtas na Síne ar fáil. Go háirithe, mhaígh an chuideachta nár bhain sé tairbhe as “pleanáil lárnach Rialtas na Síne chun tionscal GFR a spreagadh” agus nach raibh aon tacaíocht airgeadais fhabhrach á fáil aige. Cé is moite de na ráitis ghinearálta sin, níor chuir an táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne aon fhianaise ar fáil chun tacú leis an méid a mhaígh sé. Diúltaítear dóibh dá bhrí sin.

(324)

Dhearbhaigh APFE gur aontaigh sé le torthaí an Choimisiúin. Chuir APFE i dtábhacht freisin go bhfuil táirgeoirí na Síne i suíomh láidir i margadh an Aontais a bhuí le hallmhairí ón Éigipt agus ó Bhairéin chomh maith le hallmhairí ón tSín. Mhaígh APFE gur laghdaigh táirgeoirí na Síne a bpraghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas os cionn 15 % tar éis thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe dar le Eurostat. Ní raibh APFE ar an eolas faoi aon dul chun cinn teicneolaíoch a bhfágfadh costais táirgthe níos ísle i dtionscal GFR agus a mbeadh údar maith leis an laghdú praghais sin dá bharr. A mhalairt atá fíor, bhí APFE ag súil le méadú ar na praghsanna de bharr na staide eacnamaíche domhanda ina hiomláine agus de bharr na paindéime.

(325)

Mhaígh APFE go bhfuil allmhairí GFR ón tSín ina gcúis le díobháil do thionscal an Aontais i gcónaí, agus tar éis thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe, go raibh táirgeoirí na Síne ag gabháil do chleachtas ionsúite atá tar éis maolú go mór ar éifeachtaí feabhais na ndleachtanna ar allmhairí ón tSín atá ann faoi láthair i gcomparáid leis an uair a forchuireadh iad in 2014 agus na blianta díreach ina dhiaidh sin.

(326)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil barúlacha APFE ag teacht leis na conclúidí thuas. Aon uair a bhíonn fianaise ag tionscal an Aontais lena léirítear gur chóir bearta a athbhreithniú a thuilleadh tá sé de cheart aige iarraidh a chur isteach de bhun an bhun-Rialacháin.

(327)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (57), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é ba cheart a bheith san ús atá le híoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(328)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bhunú le hAirteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2016/1037.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí de shnáitheanna snáithín gloine mionghearrtha, nach bhfuil níos faide ná 50 mm; caisirníní snáithín gloine, seachas caisirníní snáithín gloine atá tuilte agus brataithe agus ar mó ná 3 % a gcaillteanas ar a n-adhaint (arna chinneadh le Caighdeán ISO 1887); agus mataí atá déanta as filiméid snáithín gloine seachas mataí olla gloine, a thagann faoi láthair faoi chóid AC 7019 11 00, ex 7019 12 00 (cóid TARIC 7019120022, 7019120025, 7019120026, 7019120039) agus 7019 31 00, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

2.   Is é seo a leanas an dleacht frithchúitimh chinntitheach is infheidhme maidir leis an nglanphraghas saor ag teorainn an Aontais roimh dhleacht, i gcás an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus a tháirgtear ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Cuideachta

Dleacht frithchúitimh chinntitheach (%)

Cód breise TARIC

Jushi Group Co., Ltd; Jushi Group Chengdu Co., Ltd; Jushi Group Jiujiang Co., Ltd.

10,3

B990

Changzhou New Changhai Fiberglass Co., Ltd; Jiangsu Changhai Composite Materials Holding Co., Ltd; Changzhou Tianma Group Co., Ltd.

4,9

A983

Chongqing Polycomp International Corporation

9,7

B991

Cuideachtaí comhoibritheacha eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1379/2014

10,2

 

Gach cuideachta eile

10,3

A999

3.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(2)   IO L 67, 15.3.2011, lch. 1.

(3)   IO L 367, 23.12.2014, lch. 22.

(4)   IO L 107, 25.4.2017, lch. 4.

(5)   IO L 201, 25.6.2020, lch. 10.

(6)   IO C 424, 17.12.2019, lch. 5.

(7)  Úsáidtear an téarma “Rialtas na Síne” sa Rialachán seo sa chiall is leithne, lena n-áirítear an Chomhairle Stáit, chomh maith leis na hAireachtaí, na Ranna, na Gníomhaireachtaí agus na hÚdaráis ar fad ar an leibhéal lárnach, réigiúnach nó áitiúil.

(8)  Le fáil ag http://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2423

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ón gCoimisiún (IO L 189, 15.6.2020, lch. 1), (fabraicí de shnáithín gloine).

(10)  Féach an 12ú Plean Cúig Bliana, lch. 9.

(11)  Féach an 13ú Plean Cúig Bliana, lgh. 23 agus 24.

(12)  Féach an 13ú Plean Cúig Bliana le haghaidh Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Dhaon-Phoblacht na Síne, cuid II, Caibidil 6, Roinn 1.

(13)  Ibid, cuid II, Caibidil 6, Roinn 4.

(14)  http://www.gov.cn/zhengce/content/2015-05/19/content_9784.htm

(15)  Féach an Coimisiún um Athbhreithniú Eacnamaíoch agus Slándála idir SAM agus an tSín: An 13ú Plean Cúig Bliana, lch. 12.

(16)  https://www.cae.cn/cae/html/files/2015-10/29/20151029105822561730637.pdf

(17)  Féach Treochlár Made in China 2025, lch. 142, 152.

(18)  Féach Treochlár Made in China 2025, Caibidil 4: Tacaíocht Straitéiseach agus Soláthar.

(19)  Féach Plean Forbartha Thionscal na nÁbhar Tógála (2016-2020).

(20)  Beartais fhabhracha na gCriosanna Náisiúnta Forbartha Tionsclaíche Ardteicneolaíochta, lgh. 12 go 14.

(21)  Beartais fhabhracha na gCriosanna Náisiúnta Forbartha Tionsclaíche Ardteicneolaíochta, lch. 1.

(22)  Tuarascáil Bhliantúil EXIM Bank 2017, lch. 5. Arna rochtain ó http://english.eximbank.gov.cn/News/AnnualR/2017/ an 17.11.2020 agus tá sé ar fáil ag an tagairt do chomhaid oscailte t20.007533.

(23)  Tuarascáil Bhliantúil EXIM Bank 2017, lch. 33.

(24)  WT/DS379/AB/R (SAM – Dleachtanna Frithdhumpála agus Frithchúitimh ar Tháirgí Áirithe ón tSín), Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc an 11 Márta 2011, DS 379, mír 318. Féach freisin WT/DS436/AB/R (SAM – Cruach Carbóin (An India)), Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc an 8 Nollaig 2014, míreanna 4.9 - 4.10, 4.17 – 4.20 agus WT/DS437/AB/R (na Stáit Aontaithe – Bearta Dleachta Frithchúitimh ar Tháirgí Áirithe ón tSín) Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc an 18 Nollaig 2014, mír 4.92.

(25)  De réir Bhearta Cur Chun Feidhme CBIRC le haghaidh Ábhair Cheadúnúcháin Riaracháin do Bhainc Tráchtála ag a bhfuil cistiú ón tSín (Ordú CBIRC [2017] Uimh. 1), Bearta Cur Chun Feidhme CBIRC le haghaidh Ábhair Cheadúnúcháin Riaracháin a bhaineann le bainc ag a bhfuil cistiú eachtrach (Ordú CBIRC [2015] Uimh. 4) agus Bearta Riaracháin le haghaidh Cháilíochtaí Stiúrthóirí agus Oifigigh Shinsearacha na nInstitiúidí Airgeadais san Earnáil Baincéireachta (CBIRC [2013] Uimh. 3).

(26)  Rialachán maidir le fabraicí de shnáithín gloine, aithris (344).

(27)  Rialachán maidir le fabraicí de shnáithín gloine, aithrisí (345) – (357).

(28)  Staidéar ECFE maidir le beartais agus cláir creidmheasa onnmhairiúcháin na Síne, lch. 7, mír 32.

(29)  Féach suíomh gréasáin Sinosure, Company profile, Supporting “Made in China”.

(30)  Catalóg Onnmhairiúcháin Táirgí Ardteicneolaíochta agus Nuatheicneolaíochta, Uimh. 531 go 545

(31)  Tuarascáil Bhliantúil Sinosure 2017, lch. 6

(32)  Rialachán maidir le fabraicí de shnáithín gloine, aithris (483).

(33)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/366 ón gCoimisiún, IO L 56, 3.3.2017, lch. 1, (Painéil ghréine), aithrisí (421) agus (425).

(34)  Féach Roinn 3.1 thuas.

(35)  Rialachán maidir le fabraicí de shnáithín gloine, aithris (519).

(36)  Roinnt Tuairimí ó Lárchoiste Pháirtí Cumannach na Síne agus ón gComhairle Stáit maidir le hAthchóiriú an Chórais Cumhachta a Neartú a Thuilleadh (Zhong Fa [2015] Uimh. 9).

(37)  Mar shampla, Fógra maidir le Liosta Úsáideoirí Píolótacha Idirbheart Díreach Cumhachta in 2015 ó Choimisiún Shandong um Gheilleagar agus Teicneolaíocht Faisnéise, L.J.X.D.L [2015] Uimh. 9 agus Fógra maidir le Liosta Úsáideoirí Píolótacha Idirbheart Díreach Cumhachta in 2017 ó Choiste Shandong um Gheilleagar agus Teicneolaíocht Faisnéise, L.J.X.D.L. [2017] Uimh 117.

(38)  Rialachán maidir le fabraicí de shnáithín gloine, aithris (540).

(39)  Ordú Uimh. 23 ó Uachtarán Dhaon-Phoblacht na Síne

(40)  Rialachán maidir le Cur Chun Feidhme an Dlí um Cháin Ioncaim Fiontair Dhaon-Phoblacht na Síne (Arna eisiúint le hOrdú Uimh. 512 ón gComhairle Stáit an 6 Nollaig 2007; arna leasú i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle Stáit chun roinnt Rialachán Riaracháin a Leasú le hOrdú Uimh. 714 ón gComhairle Stáit an 23 Aibreán 2019)

(41)  Rialachán maidir le fabraicí de shnáithín gloine, aithris (556).

(42)  Rialachán maidir le fabraicí de shnáithín gloine, aithris (568).

(43)  Rialachán maidir le fabraicí de shnáithín gloine, aithris (577).

(44)  Rialachán maidir le fabraicí de shnáithín gloine, aithris (591).

(45)  GTA = Global Trade Atlas

(46)  Bunachar sonraí de tháirgí sonracha atá faoi “fhaireachas” nó faoi fhaireachán agus a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais, ar bunachar sonraí é atá á choimeád ag Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim.

(47)  Fógra tionscnaimh maidir le himeacht frith-fhóirdheontais a bhaineann le hallmhairí táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C 167, 16.5.2019, lch. 11).

(48)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/379, aithris (163).

(49)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/870.

(50)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/379.

(51)  Is ionann úinéir don mhonarcha sa Mhalaeisia agus ceann de na táirgeoirí de chuid an Aontais nár sampláladh.

(52)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/379, aithris (163).

(53)  Iarraidh APFE ar athbhreithniú éaga an 18 Meán Fómhair 2019.

(54)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/379, aithris (163).

(55)   IO L 107, 25.4.2017, lch. 4.

(56)   IO L 69, 6.3.2020, lch. 14.

(57)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.