23.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 62/6 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/279 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Feabhra 2021
lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialuithe agus bearta eile lena n-áirithítear inrianaitheacht agus comhlíontacht sa táirgeadh orgánach agus i lipéadú táirgí orgánacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1) agus go háirithe Airteagal 28(3)(a), 29(8)(a), 30(8), 32(5), 36(4), 38(9), 41(5) agus 43(7) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Caibidil III Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos rialacha ginearálta maidir le táirgeadh le haghaidh oibreoirí, lena n-áirítear bearta réamhchúraim lena áirithiú nach mbeidh táirgí ná substaintí neamhúdaraithe agus bearta atá le glacadh i gcás ina mbeidh táirgí nó substaintí neamhúdaraithe. Chun coinníollacha comhchuibhithe a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme an Rialacháin sin, ba cheart roinnt rialacha breise a leagan síos. |
(2) |
I bhfianaise a thábhachtaí atá na bearta réamhchúraim nach mór d’oibreoirí a ghlacadh chun a áirithiú nach mbeidh táirgí agus substaintí neamhúdaraithe dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/848 ann, is iomchuí céimeanna nós imeachta le leanúint a leagan síos maille leis na doiciméid ábhartha le soláthar i gcás ina mbeidh amhras ar oibreoirí, mar gheall ar tháirgí agus ar shubstaintí neamhúdaraithe, nach gcomhlíonann an táirge a bhfuil sé beartaithe é a úsáid nó a mhargú mar tháirge orgánach nó mar tháirge atá á thiontú Rialachán (AE) 2018/848. |
(3) |
Chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú ar fud an Aontais a mhéid a bhaineann leis an imscrúdú oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 29(1) (a) de Rialachán (AE) 2018/848 i gcás ina mbeidh táirgí agus substaintí neamhúdaraithe i dtáirgí orgánacha nó i dtáirgí atá á dtiontú, ba cheart rialacha breise a leagan síos lena gcumhdófar na nithe atá le déanamh amach agus an t-imscrúdú oifigiúil á dhéanamh, torthaí an imscrúdaithe oifigiúil lena bhfuiltear ag súil chomh maith leis na ceanglais íosta um thuairisciú, ba cheart iad. |
(4) |
Le Caibidil IV de Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos forálacha ar leith a bhaineann le lipéadú táirgí orgánacha agus le táirgí atá á dtiontú. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán sin, ba cheart roinnt rialacha breise a leagan síos a mhéid a bhaineann le hionad agus le dealramh tásc áirithe ar an lipéad. |
(5) |
Le Caibidil V de Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos rialacha maidir le deimhniú oibreoirí agus grúpaí oibreoirí. Chun coinníollacha comhchuibhithe a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme an Rialacháin sin, ba cheart roinnt rialacha breise a leagan síos le haghaidh grúpa oibreoirí. |
(6) |
Ar mhaithe le héifeachtúlacht agus le costas inacmhainne oibriúcháin an chórais le haghaidh rialuithe inmheánacha (ICS), is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le huasmhéid grúpa oibreoirí. Tríd an teorainn sin a shocrú, meastar gur féidir le ICS a áirithiú go gcomhlíonfaidh gach comhalta sa ghrúpa Rialachán (AE) 2018/848 trí bhíthin rialuithe inmheánacha agus na hoiliúna is gá a dhéanamh. Thairis sin, is féidir leis an údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, leis an údarás rialúcháin nó comhlacht rialúcháin a dheimhníonn an grúpa ath-imscrúdú a dhéanamh ar líon réasúnta ball. Leis an teorannú méide tabharfar ráthaíochtaí breise le haghaidh liosta nuashonraithe comhaltaí, malartú tapa tráthrialta faisnéise leis na húdaráis rialúcháin nó le comhlachtaí rialúcháin, agus áiritheofar cur chun feidhme na mbeart leordhóthanach. Mar sin féin, ba cheart a chur san áireamh leis an méid uasta gur cheart grúpa oibreoirí a bheith in ann acmhainní leordhóthanacha a ghiniúint chun ICS éifeachtúil a bhunú a bhraithfidh ar fhoireann cháilithe. |
(7) |
Chun fianaise ar chomhlíontacht a sholáthar agus chun gur féidir faisnéis a mhalartú agus eolas a chomhroinnt, ba cheart liosta na ndoiciméad agus na dtaifead nach mór do ghrúpa oibreoirí a choinneáil a leagan síos. |
(8) |
Is é ICD ba cheart a bheith ina bhunús le deimhniú grúpa oibreoirí. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith de cheangal ar bhainisteoirí ICS a chur in iúl don údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, don údarás rialúcháin nó comhlacht rialúcháin a sholáthraíonn deimhniú na gceisteanna is tábhachtaí, amhail amhras faoi neamhchomhlíontacht, faoi fhionraíochtaí nó faoi tharraingt siar comhalta agus faoi aon toirmeasc ar tháirgí a chur ar an margadh mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú. |
(9) |
Le Caibidil VI de Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos rialacha maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile. Chun coinníollacha comhchuibhithe a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme an Rialacháin sin, ba cheart roinnt rialacha breise a leagan síos. |
(10) |
Chun leanúnachas na gcóras rialúcháin náisiúnta reatha sna Ballstáit faoi láthair a áirithiú, ba cheart rialacha maidir le híoschéatadáin le haghaidh rialuithe oifigiúla agus samplála a bhunú. |
(11) |
Ar mhaithe le deireadh a chur leis an éagsúlacht shuntasach i gcur i bhfeidhm catalóg náisiúnta beart idir na Ballstáit, ba cheart teimpléad coitianta le haghaidh catalóg beart a leagan síos agus treoirlínte breise maidir le haicmiú neamhchomhlíontachtaí agus foráil a dhéanamh maidir leis na bearta iomchuí. |
(12) |
Faisnéis maidir le haon amhras go bhfuil neamhchomhlíontacht ann nó le haon neamhchomhlíontacht arna suí a dhéanann difear do shláine táirgí orgánacha nó do tháirgí atá á dtiontú, ba cheart í a roinnt idir na Ballstáit agus an Coimisiún go díreach agus ar mbealach is éifeachtaí is féidir, go príomha chun go bhféadfaidh gach údarás inniúil lena mbaineann imscrúduithe oifigiúla a dhéanamh agus bearta riachtanacha a chur i bhfeidhm faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 29(1) agus (2), le hAirteagal 41(1), (2) agus (3) agus le hAirteagal 42 Rialachán (AE) 2018/848. Thairis sin, is iomchuí na sonraí agus na nósanna imeachta lena gcomhroinntear an fhaisnéis sin a shonrú, feidhmiúlachtaí Chóras Faisnéise na Talmhaíochta Orgánaí san áireamh. Sa chomhthéacs sin, i gcás aon amhrais go bhfuil neamhchomhlíontacht ann nó neamhchomhlíontacht arna suí a dhéanann difear do shláine táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú, ba cheart a shoiléiriú leis an Rialachán seo gur cheart an fhaisnéis sin a aistriú gan mhoill chuig a n-údaráis inniúla. Ar deireadh, leis an Rialachán seo ba cheart a shoiléiriú cén fhaisnéis ba cheart do na húdaráis rialúcháin agus na comhlachtaí rialúcháin a roinnt le húdaráis rialúcháin agus le comhlachtaí rialúcháin eile agus ba cheart oibleagáid a chur ar na húdaráis inniúla na bearta cuí a ghlacadh agus nósanna imeachta doiciméadaithe a leagan síos chun go bhféadfar an fhaisnéis sin a mhalartú ar a gcríoch. |
(13) |
Grúpaí oibreoirí i dtríú tíortha a oibríonn i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (2) agus Rialacháin (CE) Uimh. 889/2008 (3) agus (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún (4), féadfaidh sé go mbeidh líon comhaltaí acu is airde go mór ná an t-uasmhéid a shocraítear leis an Rialachán sin. Le bunú grúpaí nua oibreoirí a chomhlíonann an ceanglas nua sin, féadfar coigeartuithe nithiúla a dhéanamh lena mbunófar an t-eintiteas dlí comhfhreagrach, ICS agus na gnéithe riachtanach le haghaidh deimhniú údaráis rialúcháin nó comhlacht rialúcháin. Mar sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse 3 bliana ar a mhéad ón 1 Eanáir 2022 amach i leith na ngrúpaí oibreoirí sin chun gur féidir leo na coigeartuithe is gá a thabhairt i gcrích chun an t-uasmhéid nua a chomhlíonadh. |
(14) |
Leis an gceanglas a bhaineann le catalóga náisiúnta beart féadfar athrú a dhéanamh ar chatalóga náisiúnta beart atá ann cheana a forbraíodh sna Ballstáit go dtí seo i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 834/2007 agus (CE) Uimh. 889/2008. Mar sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse ón 1 Eanáir 2022 amach i leith na gcatalóg náisiúnta bearta sin atá ann cheana chun gur féidir leo na feabhsaithe is gá a dhéanamh ar a gcatalóga náisiúnta beart nó a gcatalóga náisiúnta beart a ionadú chun na ceanglais nua a chomhlíonadh. |
(15) |
Ar mhaithe le soiléireacht agus le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le táirgeadh ó dháta cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848. |
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Céimeanna nós imeachta a bheidh le tabhairt i gcás amhras go bhfuil neamhchomhlíontacht ann mar gheall ar tháirgí nó substaintí neamhúdaraithe a bheith ann.
1. Chun a sheiceáil an féidir an t-amhras a shuí i gcomhréir le hAirteagal 28(2)(b) de Rialachán (AE) 2018/848, cuirfidh an t-oibreoir na gnéithe seo a leanas san áireamh:
(a) |
i gcás ina mbaineann an t-amhras go bhfuil neamhchomhlíontacht ann le táirge orgánach nua nó táirge atá á thiontú, seiceálfaidh an t-oibreoir:
|
(b) |
i gcás ina mbeidh amhras ann go bhfuil smacht ag an t-oibreoir ar an gcúis a bhfuil na táirgí nó na substaintí neamhúdaraithe i láthair, déanfaidh an t-oibreoir scrúdú ar aon chúis fhéideartha a bhfuil táirgí nó na substaintí neamhúdaraithe i láthair. |
2. Nuair a chuirfidh an t-oibreoir in iúl don údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, don údarás rialúcháin nó don chomhlacht rialúcháin i gcomhréir le hAirteagal 28(2)(d) de Rialachán (AE) 2018/848 maidir le hamhras a bhfuil údar leis nó nach féidir deireadh a chur leis an amhras, déanfaidh an t-oibreoir, más ábhartha agus i gcás ina mbeidh siad le fáil, na gnéithe seo a leanas a sholáthar:
(a) |
faisnéis agus doiciméid maidir leis an soláthraí (nóta seachadta, sonrasc, deimhniú an tsoláthraí, Deimhniú Cigireachta le haghaidh táirgí orgánacha (COI)); |
(b) |
inrianaitheacht an táirge leis an gcomhartha sainaitheantais baisce, cainníocht an stoic, agus cainníocht an táirge a díoladh; |
(c) |
torthaí ón tsaotharlann, ó shaotharlann chreidiúnaithe i gcás inarb ábhartha agus nuair a bheidh fáil uirthi; |
(d) |
an bhileog shamplála lena sonraítear an t-am, an t-ionad agus an modh arna úsáid leis an sampla a thógáil; |
(e) |
aon fhaisnéis faoi aon amhras a bhí ann roimhe seo maidir leis an táirge nó leis an tsubstaint áirithe neamhúdaraithe; |
(f) |
gach doiciméad ábhartha eile chun an cás a shoiléiriú |
Airteagal 2
Modheolaíocht an imscrúdaithe oifigiúil
1. Gan dochar d’Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) 2018/848, nuair a bheidh imscrúdú oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 29(1)(a) den Rialachán sin á thabhairt i gcrích, déanfaidh na húdaráis inniúla nó, i gcás inarb iomchuí, na comhlachtaí rialúcháin nó na húdaráis rialúcháin amach an méid seo a leanas ar a laghad:
(a) |
ainm, comhartha sainaitheantais baisce, úinéireacht agus suíomh fisiceach na dtáirgí orgánacha nó na dtáirgí atá á dtiontú lena mbaineann; |
(b) |
an gcuirtear na táirgí lena mbaineann go fóill ar an margadh mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú nó mar tháirgí a úsáidtear sa táirgeadh orgánach; |
(c) |
cineál, ainm, cainníocht na dtáirgí nó na substaintí neamhúdaraithe agus aon fhaisnéis ábhartha eile fúthu; |
(d) |
an chéim táirgthe, próiseála, margaíochta, nó dáilte agus an áit dhíreach inar braitheadh na táirgí neamhúdaraithe nó na substaintí a bheith ann, go háirithe i dtáirgeadh plandaí, cibé acu ar tógadh an sampla sular baineadh na plandaí nó tar éis iad a bhaint; |
(e) |
an ndéantar difear d’oibreoirí eile sa slabhra soláthair; |
(f) |
torthaí na n-imscrúduithe oifigiúla a rinneadh roimhe sin ar na táirgí orgánacha nó ar na táirgí atá á dtiontú agus ar na hoibreoirí lena mbaineann. |
2. Déanfar an t-imscrúdú oifigiúil a shaothrú trí leas a bhaint as modhanna agus teicnící iomchuí, lena n-áirítear na modhanna agus na teicnící dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 137(3) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).
3. Déanfar cinneadh faoin méid seo a leanas ar a laghad leis an imscrúdú oifigiúil:
(a) |
Sláine táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú; |
(b) |
foinse na dtáirgí nó na substaintí neamhúdaraithe agus an chúis a bhfuil siad i láthair; |
(c) |
na gnéithe dá bhforáiltear in Airteagal 29(2)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2018/848. |
4. Déanfaidh na húdaráis inniúla nó, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis rialúcháin nó na comhlachtaí rialúcháin tuarascáil deiridh a tharraingt suas le haghaidh gach imscrúdaithe oifigiúil. Sa tuarascáil chríochnaitheach sin beidh:
(a) |
taifid na ngnéithe áirithe is gá de bhun an Airteagail seo; |
(b) |
taifid na faisnéise arna malartú leis an údarás inniúil, le húdaráis rialúcháin agus le comhlachtaí rialúcháin eile agus leis an gCoimisiún a bhaineann leis an imscrúdú oifigiúil sin. |
Airteagal 3
Coinníollacha le haghaidh na húsáide a bhaintear as tásca áirithe
1. An tásc arna sholáthar le haghaidh táirgí de thionscnamh plandaí atá á dtiontú dá tagraítear in Airteagal 30(3) de Rialachán (AE) 2018/848, déanfar é a léiriú:
(a) |
i ndath, méid agus stíl litreoireachta a fhágfaidh nach feiceálaí é ná tuairisc dhíolacháin an táirge, agus litreacha ar an méid céanna sa chomhartha ar an iomlán; |
(b) |
sa réimse céanna radhairc le códuimhir an údaráis rialúcháin nó an chomhlachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2)(a) de Rialachán (AE) 2018/848. |
2. Déanfar an tásc maidir le códuimhir an údaráis rialúcháin nó an chomhlachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(1)(a) de Rialachán (AE) 2018/848 a léiriú sa réimse céanna radhairc le lógó táirgthe órgánaigh an Aontais Eorpaigh, i gcás ina mbaintear úsáid as sa lipéadú.
3. Déanfar an tásc maidir leis an áit inar saothraíodh na hamhábhair talmhaíochta dá bhfuil an táirge comhdhéanta, dá dtagraítear in Airteagal 32(2) de Rialachán (AE) 2018/848, a léiriú díreach faoi bhun na códuimhreach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.
Airteagal 4
Comhdhéanamh agus méid grúpa oibreoirí
Ní chláróidh comhalta grúpa oibreoirí ach le grúpa amháin oibreoirí le haghaidh táirge áirithe, i gcás freisin ina mbeidh an t-oibreoir bainteach le gníomhaíochtaí difriúla a bhaineann leis an táirge sin.
Ní bheidh níos mó ná 2 000 comhalta i ngrúpa oibreoirí.
Airteagal 5
Doiciméid agus taifid grúpa oibreoirí
Coinneoidh grúpa oibreoirí na doiciméid agus na taifid seo a leanas chun críocha an chórais rialúcháin inmheánacha (ICS):
(a) |
liosta comhaltaí an ghrúpa oibreoirí a bheidh bunaithe ar chlárú gach comhalta agus ina mbeidh i gcás gach comhalta sa ghrúpa oibreoirí na gnéithe seo a leanas:
|
(b) |
na comhaontaithe comhaltachta idir an comhalta agus an grúpa oibreoirí mar dhuine dlíthiúil arna síniú, ar a n-áiritheofar cearta agus cúraim an chomhalta; |
(c) |
tuarascálacha na cigireachta deireanaí arna síniú ag cigire ICS agus comhalta den ghrúpa oibreoirí ar a ndearnadh an chigireacht agus lena n-áirítear na gnéithe seo a leanas ar a laghad:
|
(d) |
taifid oiliúna cigirí ICS ina mbeidh:
|
(e) |
taifid oiliúna comhaltaí an ghrúpa oibreoirí; |
(f) |
taifid na mbeart a glacadh i gcás neamhchomhlíontacht bhainisteoir ICS, ina mbeidh:
|
(g) |
taifid inrianaitheachta, lena n-áirítear faisnéis faoi na cainníochtaí, faoi na gníomhaíochtaí seo a leanas, i gcás inarb ábhartha:
|
(h) |
na comhaontuithe agus conarthaí scríofa idir an grúpa oibreoirí agus fochonraitheoirí lena n-áirítear faisnéis faoi chineál na ngníomhaíochtaí a cuireadh ar fochonradh; |
(i) |
ceapachán bhainisteoir ICS; |
(j) |
ceapachán chigirí ICS chomh maith le liosta chigirí ICS. |
Déanfaidh bainisteoir ICS liosta na gcomhaltaí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad mhír a nuashonrú tar éis aon choigeartú ar na gnéithe a liostaítear i bpointe (a)(i) go (viii) agus cuirfear in iúl ar cuireadh aon chomhalta ar fionraí de nó ar tarraingíodh siar é de bharr beart i gcás neamhchomhlíontachta a eascraíonn ó chigireachtaí inmheánacha nó rialuithe oifigiúla.
Airteagal 6
Fógraí ón mbainisteoir ICS
Tabharfaidh bainisteoir ICS fógra don údarás inniúil láithreach nó, i gcás inarb iomchuí, d’údarás rialúcháin nó comhlacht rialúcháin na faisnéise seo a leanas:
(a) |
aon amhras go bhfuil mór-neamhchomhlíontacht nó neamhchomhlíontacht chriticiúil ann; |
(b) |
aon uair a chuirfear ar fionraí nó a tharraingeofar siar comhalta nó aonad táirgthe nó áitreabh, lena n-áirítear ionaid cheannaithe agus ionaid bhailithe, as an ngrúpa; |
(c) |
aon uair a thoirmeascfar táirge a chur ar an margadh mar tháirge orgánach nó mar tháirge atá á thiontú, lena n-áirítear ainm an chomhalta nó na gcomhaltaí lena mbaineann, na cainníochtaí ábhartha agus an comhartha sainaitheantais baisce. |
Airteagal 7
Íoschéatadáin rialuithe agus samplála
Na rialacha seo a leanas maidir le híoschéatadáin, beidh siad infheidhme maidir leis na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear in Airteagal 38(4) de Rialachán (AE) 2018/848 atá le déanamh ag gach údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, gach údarás rialúcháin nó gach comhlacht rialúcháin de réir riosca na neamhchomhlíontachta:
(a) |
10 % ar a laghad de gach rialú oifigiúil ar oibreoirí nó ar ghrúpaí oibreoirí, déanfar iad gan aon réamhfhógra gach bliain; |
(b) |
10 % ar a laghad de rialuithe breise anuas ar na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 38(3) de Rialachán (AE) 2018/848, déanfar iad gach bliain; |
(c) |
5 % ar a laghad de líon na n-oibreoirí, lena n-áirítear oibreoirí díolmhaithe i gcomhréir le hAirteagail 34(2) agus 35(8) de Rialachán (AE) 2018/848, déanfar sampláil orthu i gcomhréir le hAirteagal 14(h) de Rialachán (AE) 2017/625 gach bliain; |
(d) |
2 % ar a laghad de chomhaltaí gach grúpa oibreoirí, déanfar sampláil orthu i gcomhréir le hAirteagal 14(h) de Rialachán (AE) 2017/625 gach bliain; |
(e) |
5 % ar a laghad de na hoibreoirí ar comhaltaí iad de ghrúpa oibreoirí, ach gan an líon sin a bheith níos lú 10 gcomhalta, déanfar athchigireacht orthu gach bliain. I gcás inar 10 gcomhalta nó níos lú atá sa ghrúpa oibreoirí, déanfar rialú ar gach comhalta i ndáil le fíorú na comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 38(3) de Rialachán (AE) 2018/848. |
Airteagal 8
Gníomhaíochtaí i gcás neamhchomhlíontacht arna suí
Féadfaidh na húdaráis inniúla leas a bhaint as na socruithe aonfhoirmeacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin chun catalóg náisiúnta beart a fhorbairt dá dtagraítear in Airteagal 41(4) de Rialachán (AE) 2018/848.
Leis an gcatalóg náisiúnta beart sin cumhdófar ar a laghad:
(a) |
liosta na neamhchomhlíontachtaí agus tagairt ag gabháil leis do rialacha sonracha Rialachán (AE) 2018/848 nó do rialacha sonracha an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an Rialachán sin; |
(b) |
aicmiú na neamhchomhlíontachtaí i dtrí chatagóir: mion-neamhchomhlíontachtaí, mór-neamhchomhlíontachtaí, agus neamhchomhlíontachtaí criticiúla, agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh:
|
(c) |
na bearta a fhreagraíonn do chatagóirí difriúla neamhchomhlíontachtaí. |
Airteagal 9
Malartú faisnéise
1. Chun críoch Airteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2018/848, bainfidh na húdaráis inniúla úsáid as Córas Faisnéise na Talmhaíochta Orgánaí (OFIS) agus as na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo chun faisnéis a mhalartú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit eile i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:
(a) |
tabharfaidh Ballstát (Ballstát a thugann fógra) fógra don Choimisiún agus don Bhallstát ábhartha nó do na Ballstáit ábhartha (an Ballstát nó na Ballstáit dár tugadh fógra) agus don Choimisiún sna cásanna seo a leanas ar a laghad:
|
(b) |
sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a)(i) agus (ii) freagróidh an Ballstát dár tugadh fógra nó na Ballstáit dár tugadh fógra laistigh de 30 lá féilire ón dáta a fuarthas an fógra agus cuirfidh sé na gníomhartha agus na bearta a glacadh in iúl, lena n-áirítear torthaí an imscrúdaithe oifigiúil agus soláthróidh sé aon eolas eile atá ar fáil agus/nó a theastaíonn ón mBallstát a thugann fógra. |
(c) |
féadfaidh an Ballstát a thugann fógra eolas riachtanach breise a iarraidh ar an mBallstát nó ar na Ballstáit dár tugadh fógra; |
(d) |
an Ballstát a thugann fógra, tabharfaidh sé i gcrích, a luaithe agus is féidir, na hiontrálacha agus na nuashonruithe is gá in OFIS, lena n-áirítear nuashonruithe a bhaineann le torthaí a imscrúduithe oifigiúla féin; |
(e) |
sa chás dá dtagraítear i bpointe (a) (ii) agus i gcás ina dtabharfaidh Ballstát fógra don Choimisiún, cuirfidh an Coimisiún an t-údarás inniúil, nó i gcás inarb ábhartha, an t-údarás rialúcháin nó comhlacht rialúcháin an tríú tír ar an eolas. |
2. Sa bhreis ar an oibleagáid faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 32(b) Rialachán (AE) 2017/625, cuirfidh an t-údarás rialúcháin nó an comhlacht rialúcháin in iúl, gan mhoill, don údarás inniúil dár tugadh nó dár tarmligeadh cúraimí áirithe a bhaineann le rialú oifigiúil nó cúraimí áirithe a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile i gcomhréir le hAirteagal 4(3) agus le hAirteagal 28(1) nó le hAirteagal 31 an Rialacháin sin, faoi aon amhras go bhfuil neamhchomhlíontacht ann nó aon neamhchomhlíontacht arna suí a dhéanann difear do shláine táirgí orgánacha nó tháirgí atá á dtiontú. Soláthróidh sé freisin aon fhaisnéis a theastaíonn ó údarás inniúil.
3. Chun críoch Airteagal 43(3) de Rialachán (AE) 2018/848, i gcás inarb údaráis rialúcháin nó comhlachtaí rialúcháin difriúla a rialaíonn oibreoirí nó grúpaí oibreoirí agus/nó a bhfochonraitheoirí, déanfaidh na húdaráis rialúcháin agus comhlachtaí rialúcháin sin an fhaisnéis ábhartha maidir leis na hoibríochtaí atá faoina rialú a mhalartú.
4. Chun críoch Airteagal 43(3) de Rialachán (AE) 2018/848, i gcás ina n-athróidh oibreoirí nó grúpaí oibreoirí agus/nó a bhfochonraitheoirí a n-údarás rialúcháin nó a gcomhlacht rialúcháin, tabharfaidh na hoibreoirí agus/nó an t-údarás rialúcháin nó an comhlacht rialúcháin lena mbaineann fógra don údarás inniúil faoin athrú sin gan mhoill.
Iarrfaidh an t-údarás rialúcháin nó an comhlacht rialúcháin nua comhad rialúcháin an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí lena mbaineann ón údarás rialúcháin nó ón gcomhlacht rialúcháin a bhí ann roimhe sin. Tabharfaidh an t-údarás rialúcháin nó an comhlacht rialúcháin a bhí ann roimhe sin comhad rialúcháin an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí lena mbaineann don údarás rialúcháin nua nó don chomhlacht rialúcháin nua gan mhoill, lena n-áirítear na taifid i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 38(6) de Rialachán (AE) 2018/848, stádas an deimhnithe, liosta na neamhchomhlíontachtaí agus na bearta comhfhreagracha a ghlac an t-údarás rialúcháin nó an comhlacht rialúcháin a bhí ann roimhe sin.
Déanfaidh an t-údarás rialúcháin nua nó an comhlacht rialúcháin nua a áirithiú gur cinnte gur thug nó go dtabharfaidh an t-oibreoir aghaidh ar neamhchomhlíontachtaí a tugadh faoi deara i dtaifid an údaráis rialúcháin nó an chomhlachta rialacháin a bhí ann roimhe sin.
5. Chun críoch Airteagal 43(3) de Rialachán (AE) 2018/848, i gcás ina mbeidh údaráis rialúcháin nó comhlachtaí rialúcháin difriúla faoi réir seiceáil inrianaitheachta agus seiceáil cothromúcháin maise, malartóidh na húdaráis rialúcháin agus comhlachtaí rialúcháin an fhaisnéis ábhartha lena bhféadfar na seiceálacha seo a thabhairt i gcrích.
6. Déanfaidh na húdaráis inniúla na bearta iomchuí agus bunóidh siad nósanna imeachta doiciméadaithe chun go bhféadfar faisnéis a mhalartú idir iad agus na húdaráis rialúcháin agus/nó na comhlachtaí rialúcháin dár thug siad nó dár tharmlig siad cúraimí áirithe a bhaineann le rialú oifigiúil nó cúraimí áirithe a bhaineann le gníomhaíochtaí oifigiúla eile agus idir na húdaráis rialúcháin sin agus/nó comhlachtaí rialúcháin.
Airteagal 10
Forálacha idirthréimhseacha
1. Grúpaí oibreoirí i dtríú tíortha a chomhlíonann Rialacháin (CE) Uimh. 834/2007, (CE) Uimh. 889/2008 agus (CE) Uimh. 1235/2008 roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a bhfuil gá le hathruithe tábhachtacha orthu ó thaobh riaracháin, dlí agus struchtúir i ndáil le híosmhéid an ghrúpa oibreoirí a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 4 den Rialachán seo, comhlíonfaidh siad an fhoráil sin ón 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí.
2. Beidh an chatalóg náisiúnta beart arna forbairt i gcomhréir le hAirteagal 8 infheidhme ón 1 Eanáir 2023 ar a dhéanaí.
Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na socruithe le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha ó thríú tíortha (IO L 334, 12.12.2008, lch. 25).
(5) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéantar lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
Iarscríbhinn I
Socruithe aonfhoirmeacha le haghaidh forbairt agus cur i bhfeidhm catalóg náisiúnta beart dá dtagraítear in Airteagal 8
1.
Féadfaidh údaráis inniúla cásanna neamhchomhlíontachta a aicmiú mar chásanna mion-neamhchomhlíontachta, mar chásanna mór-neamhchomhlíontachta nó mar cásanna neamhchomhlíontachta criticiúla, ar bhonn na gcritéar aicmiúcháin in airteagal 8, nuair a bheidh ceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas i gceist:
(a) |
cás mion-neamhchomhlíontachta atá i gceist i gcás:
|
(b) |
measfar gur cás mór-neamhchomhlíontachta a bheidh ann nuair:
|
(c) |
cás neamhchomhlíontacht chriticiúil a bheidh ann nuair:
|
2.
Bearta
Féadfaidh údaráis inniúla nó, i gcás inarb iomchuí, údaráis rialúcháin nó comhlachtaí rialúcháin ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm ar bhealach comhréireach ar chatagóirí na gcásanna neamhchomhlíontachta liostaithe:
Catagóir neamhchomhlíontachta |
Beart |
Mion-neamhchomhlíontacht |
Chuir an t-oibreoir isteach plean gníomhaíochta laistigh den teorainn ama a leagtar amachmaidir le neamhchomhlíontacht a cheartú |
Mór-neamhchomhlíontacht |
Níl tagairt don táirgeadh orgánach sa lipéadú agus san fhógraíocht a rinneadh ar an mbaisc nó ar an tsraith táirgthe iomlán lena mbaineann (barra/barraí nó ainmhí/ainmhithe dá ndéantar difear) i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/848 Tréimhse thiontúcháin nua ag teastáil Raon feidhme an teastais a theorannú Feabhas a chur ar chur chun feidhme na mbeart réamhchúraim agus na rialuithe atá curtha i bhfeidhm ag an oibreoir chun comhlíontacht a áirithiú |
Neamhchomhlíontacht chriticiúil |
Níl tagairt don táirgeadh orgánach sa lipéadú agus san fhógraíocht a rinneadh ar an mbaisc nó ar an tsraith táirgthe iomlán lena mbaineann (barra/barraí nó ainmhí/ainmhithe dá ndéantar difear) i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/848 Cosc a chur ar tháirgí lena dtagraítear don táirgeadh orgánach a chur ar an margadh ar feadh tréimhse áirithe i gcomhréir le hAirteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2018/848 Tréimhse thiontúcháin nua ag teastáil Raon feidhme an teastais a theorannú An teastas a chur ar fionraí An deimhniú a tharraingt siar |
IARSCRÍBHINN II
Teimpléid OFIS dá dtagraítear in Airteagal 9
1. |
Teimpléad le haghaidh fógra caighdeánach a thabhairt maidir le hamhras go bhfuil neamhchomhlíontacht ann nó neamhchomhlíontacht arna suí
|
2. |
Teimpléad chun freagra caighdeánach a thabhairt ar fhógra caighdeánach maidir le hamhras go bhfuil neamhchomhlíontacht ann nó maidir le neamhchomhlíontacht arna suí
|
3. |
Teimpléad le haghaidh fógra foláirimh
|
4. |
Teimpléad le haghaidh fógra idirnáisiúnta caighdeánach a thabhairt maidir le hamhras go bhfuil neamhchomhlíontacht ann nó neamhchomhlíontacht arna suí
|
-----------
(*) |
Réimsí éigeantacha. |
(1) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
(2) Beart de bhun Airteagal 29 (1) agus (2), 41(1) go (4) agus 42 de Rialachán (AE) 2018/848.
(3) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).