|
23.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 62/4 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/278 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Feabhra 2021
lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin “Volaille de Bresse” / “Poulet de Bresse” / “Poularde de Bresse” / “Chapon de Bresse” (STFC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, scrúdaigh an Coimisiún iarratas na Fraince ar fhormheas leasuithe ar shonraíocht ainm tionscnaimh faoi chosaint “Volaille de Bresse” / “Poulet de Bresse” / “Poularde de Bresse” / “Chapon de Bresse”, atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún (2) arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1509/2000 ón gCoimisiún (3) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1121/2013 ón gCoimisiún (4). |
|
(2) |
Ós leasú nach mion an leasú atá i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar a cheanglaítear le pointe (a) d’Airteagal 50(2), den Rialachán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5). |
|
(3) |
Toisc nár cuireadh aon ráiteas agóide de réir bhrí Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 faoi bhráid an Choimisiúin, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Volaille de Bresse” / “Poulet de Bresse” / “Poularde de Bresse” / “Chapon de Bresse” (STFC).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 1996 maidir le tásca geografacha agus ainmniúcháin tionscnaimh a chlárú faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle (IO L 148, 21.6.1996, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1509/2000 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2000 lena leasaítear ítimí i sonraíocht roinnt ainmneacha atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 maidir le tásca geografacha agus ainmniúcháin faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 (IO L 174, 13.7.2000, lch. 7).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1121/2013 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2013 lena bhformheastar leasuithe nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Volaille de Bresse/Poulet de Bresse/Poularde de Bresse/Chapon de Bresse (STFC)] (IO L 299, 9.11.2013, lch. 26).