23.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 62/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/277 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Nollaig 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha a mhéid a bhaineann le peinteaclóraifeanól agus a shalainn agus a eistir

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (1), agus go háirithe Airteagal 15(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/1021, cuirtear chun feidhme gealltanais an Aontais faoi Choinbhinsiún Stócólm maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (2) agus faoin bPrótacal maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin (3).

(2)

De bhun Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2019/1021, tá toirmeasc, faoi réir Airteagal 4 den Rialachán sin, ar shubstaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid, bídís leo féin, i meascáin nó in earraí.

(3)

Liostaítear peinteaclóraifeanól agus a shalainn agus a eistir in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 gan teorainnluach le haghaidh Rian-Éilleáin Neamhbheartaithe (UTC).

(4)

Le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2019/1021 tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun iontrálacha atá in Iarscríbhinn I cheana a mhodhnú chun iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

(5)

Chinn an Coimisiún go bhfuil peinteaclóraifeanól agus a shalainn agus a eistir mar eisíontas i roinnt earraí, lena n-áirítear teicstílí allmhairithe agus sliseanna adhmaid athshlánaithe chun painéil adhmaid a tháirgeadh.

(6)

Chun gur féidir leanúint de shliseanna adhmaid a athchúrsáil agus chun forfheidhmiú a éascú, ba cheart teorainn UTC 5 mg/kg (0,0005 % de réir meáchain) a shocrú i gcás peinteaclóraifeanól agus a shalann agus a eistir.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Nollaig 2020.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 169, 25.6.2019, lch. 45.

(2)   IO L 209, 31.7.2006, lch. 3.

(3)   IO L 81, 19.3.2004, lch. 37.


IARSCRÍBHINN

I gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, leasaítear an ceathrú colún (“Díolúine shonrach maidir le húsáid idirmheánach nó sonraíocht eile”) den iontráil maidir le peinteaclóraifeanól agus a shalainn agus a eistir mar a leanas:

“Chun críocha na hiontrála seo, beidh feidhm ag pointe (b) d’Airteagal 4(1) maidir le tiúchain peinteaclóraifeanóil agus a shalainn agus a eistir atá cothrom le 5 mg/kg (0,0005 % de réir meáchain) nó faoina bhun i gcás ina bhfuil siad i substaintí, i meascáin nó in earraí”.