18.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 57/76 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/242 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Feabhra 2021
lena bhformheastar leasú nach mion ar an tsonraíocht i gcás ainmniúchán atá cláraithe i gclár na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (“Tepertős pogácsa” (STR))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na hUngáire maidir le formheas ar leasuithe ar shonraíocht an tsainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht “Tepertős pogácsa” atá cláraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1144/2013 ón gCoimisiún (2), faoi mar a leasaíodh é le Rialachán (AE) 2016/1415 ón gCoimisiún (3). |
(2) |
Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú atá i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (4) faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(b) den Rialachán sin. |
(3) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainmniúchán “Tepertős pogácsa” (STR) formheasta anois.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) Rialachán cur chun feidhme (AE) Uimh. 1144/2013 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2013 lena dtaifeadtar ainmniúchán i gclár na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht [Tepertős pogácsa (STR)] (IO L 303, an 14.11.2013, lch. 17).
(3) Rialachán cur chun feidhme (AE) 2016/1415 ón gCoimisiún an 24 Lúnasa 2016 lena n-iontráiltear ainmniúchán i gclár na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht [Tepertős pogácsa (STR)] (IO L 230, 25.8.2016, lch. 20).