10.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 46/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/153 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Feabhra 2021

lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásca geografacha faoi chosaint “Λούντζα Πιτσιλιάς” (Lountza Pitsilias) (TGFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

de bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh iarratas a thíolaic an Chipir ar chlárú an ainm “Λούντζα Πιτσιλιάς” (Lountza Pitsilias) a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Toisc nár cuireadh aon ráiteas agóide de réir bhrí Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 faoi bhráid an Choimisiúin, ba cheart, dá bhrí sin, an t-ainm “Λούντζα Πιτσιλιάς” (Lountza Pitsilias) a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an t-ainm “Λούντζα Πιτσιλιάς” (Lountza Pitsilias) (TGFC) cláraithe anois.

Is táirge d’aicme 1.2 atá sainithe faoin ainm atá sa chéad mhír. Táirgí feola (bruite, saillte, deataithe, etc.) in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)   IO C 322, 30.9.2020, lch. 49.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos sonraí maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).