5.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 42/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/133 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Feabhra 2021

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formáid bhunúsach, struchtúr agus modh malartaithe shonraí an deimhnithe comhréireachta i bhformáid leictreonach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (1), agus go háirithe Airteagal 37(8) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ionas go mbeadh a ndóthain ama ag na Ballstáit chun eagrú agus struchtúr a líonra sonraí a bhunú, chun gur féidir sonraí na ndeimhnithe comhréireachta a sholáthar agus a fháil mar shonraí struchtúrtha i bhformáid leictreonach, is iomchuí an Córas Eorpach Faisnéise maidir le feithiclí agus ceadúnais tiomána (EUCARIS) (2) a ainmniú chun na sonraí sin a mhalartú. Údaráis rialtais a d’fhorbair EUCARIS lena úsáid dóibh féin chun faisnéis maidir le feithiclí agus ceadúnais tiomána a mhalartú.

(2)

Is ar struchtúr scéimre agus ar phrionsabail na Teanga Marcála Inbhreisithe (XML) ba cheart formáid agus struchtúr shonraí na ndeimhnithe comhréireachta a bhunú, chun a áirithiú go ndéantar deimhnithe comhréireachta a mhalartú ar bhealach aonfhoirmeach agus go ndéantar na sonraí agus na teachtaireachtaí atá iontu a chomhchuibhiú. Ba cheart don mhonaróir agus don údarás ceadaithe úsáid a bhaint as teachtaireachtaí caighdeánaithe faisnéise tosaigh faoi fheithiclí (IVI) a d’fhorbair an páirtí oibriúcháin atá ainmnithe ag EUCARIS, chun na deimhnithe comhréireachta a mhalartú mar shonraí struchtúraithe i bhformáid leictreonach.

(3)

Ionas go bhféadfadh an t-údarás ceadaithe agus an monaróir leasuithe ar shonraí an deimhnithe comhréireachta i bhformáid pháipéir dá dtagraítear in Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2018/858 a chur chun feidhme ina gcuid córas, is gá socruithe praiticiúla i ndáil leis na leasuithe sin a leagan síos.

(4)

Chun é a chur ar a chumas d’údaráis cheadaithe, d’údaráis um fhaireachas margaidh agus d’údaráis chlárúcháin na mBallstát agus do mhonaróirí ullmhú do chur i bhfeidhm na rialacha nua arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo, ba cheart an dáta cur i bhfeidhm a chur siar.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Teicniúil – Mótarfheithiclí (TCMV),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Modhanna malartaithe sonraí

1.   Cuirfidh an monaróir ar fáil don údarás cineálcheadaithe a dheonaigh an cineálcheadú feithicle ina hiomláine an deimhniú comhréireachta i bhformáid leictreonach atá i gcomhréir le formáid agus struchtúr na sonraí agus na dteachtaireachtaí caighdeánaithe a leagtar amach in Airteagal 2 trí aon phointe rochtana náisiúnta den Chóras Eorpach Faisnéise maidir le feithiclí agus ceadúnais tiomána (EUCARIS) san Aontas.

2.   Bainfidh an t-údarás ceadaithe úsáid as EUCARIS mar mhodh chun sonraí an deimhnithe comhréireachta a mhalartú mar shonraí struchtúraithe i bhformáid leictreonach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 37(8) de Rialachán (AE) 2018/858.

Airteagal 2

Formáid bhunúsach agus struchtúr na sonraí agus na dteachtaireachtaí caighdeánaithe

1.   Is ar struchtúr scéimre agus ar phrionsabail na Teanga Marcála Inbhreisithe (XML) a bhunófar formáid bhunúsach agus struchtúr shonraí na ndeimhnithe comhréireachta i bhformáid leictreonach agus na dteachtaireachtaí a úsáidtear sa mhalartú, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 37(8) de Rialachán (AE) 2018/858.

2.   Chun na deimhnithe comhréireachta a mhalartú mar shonraí struchtúraithe i bhformáid leictreonach, bainfidh an monaróir agus an t-údarás ceadaithe úsáid as teachtaireachtaí caighdeánaithe faisnéise tosaigh faoi fheithiclí (IVI) a d’fhorbair an páirtí oibriúcháin atá ainmnithe ag EUCARIS.

3.   Áireofar i dteachtaireachtaí IVI sonraí uile an deimhnithe comhréireachta i bhformáid pháipéir dá dtagraítear in Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2018/858.

Airteagal 3

Nós imeachta chun sonraí a leasú

1.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an bhFóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú (“an Fóram”) dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/858, cuirfidh an Coimisiún an páirtí oibriúcháin atá ainmnithe ag EUCARIS ar an eolas faoi na leasuithe ar na sonraíochtaí i dtaca le sonraí an deimhnithe comhréireachta i bhformáid pháipéir dá dtagraítear in Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2018/858.

2.   Déanfaidh an páirtí oibriúcháin atá ainmnithe ag EUCARIS na leasuithe is gá dá dtagraítear i mír 1 ar theachtaireachtaí IVI laistigh de 3 mhí ón dáta a fhoilseofar na leasuithe ar an deimhniú comhréireachta i bhformáid pháipéir dá dtagraítear in Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2018/858 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.   I bhforléargas bliantúil beartóidh an páirtí oibriúcháin atá ainmnithe ag EUCARIS an dáta nó na dátaí a eiseofar an leagan leasaithe de theachtaireachtaí IVI a leagtar síos i gcomhréir le mír 2 agus cuirfidh sé an Fóram agus an Coimisiún ar an eolas faoin dáta nó faoi na dátaí sin ag tús gach bliana. Ní eiseofar teachtaireachtaí IVI níos minice ná dhá uair in aghaidh na bliana.

4.   Déanfaidh an Coimisiún an leagan leasaithe de theachtaireachtaí IVI agus na dátaí eisiúna bliantúla atá beartaithe ag EUCARIS a chur in iúl don Fhóram.

5.   Cuirfidh údaráis cheadaithe, údaráis um fhaireachas margaidh agus údaráis chlárúcháin na mBallstát agus na monaróirí an leagan leasaithe de theachtaireachtaí IVI chun feidhme ina gcuid córas laistigh de 12 mhí ón dáta a fhoilseofar na leasuithe ar an deimhniú comhréireachta i bhformáid pháipéir dá dtagraítear in Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2018/858 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

6.   Ar na teachtaireachtaí is déanaí lena léirítear na leasuithe is déanaí ar an deimhniú comhréireachta i bhformáid pháipéir dá dtagraítear in Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2018/858 a bhunófar an deimhniú comhréireachta a chuirfidh na monaróirí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 1(1).

7.   Le linn dó dátaí cur i bhfeidhm na leasuithe ar an deimhniú comhréireachta i bhformáid pháipéir dá dtagraítear in Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2018/858 a chinneadh, cuirfidh an Coimisiún na dátaí bliantúla a bheartaítear teachtaireachtaí IVI a eisiúint san áireamh.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 151, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Téacs comhdhlúite de Chonradh EUCARIS maidir leis an gCóras Eorpach Faisnéise maidir le feithiclí agus ceadúnais tiomána (EUCARIS), lena n-áirítear na leasuithe arna síniú ag na Páirtithe an 8 Meitheamh 2017.