4.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 40/21


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/131 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Feabhra 2021

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar chaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle an 7 Iúil 2003 maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2465/96 (1), agus go háirithe Airteagal 11(b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 liostaítear comhlachtaí poiblí, corparáidí agus gníomhaireachtaí agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, comhlachtaí agus eintitis de chuid rialtas na hIaráice a bhí ann roimhe sin, ar comhlachtaí agus eintitis iad a chumhdaítear le reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha a bhí lonnaithe lasmuigh den Iaráic an 22 Bealtaine 2003 faoin Rialachán sin.

(2)

De thoradh athbhreithniú teicniúil ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003, ba cheart eintiteas amháin a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

An tArd-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


(1)   IO L 169, 8.7.2003, lch. 6.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003, scriostar an iontráil seo a leanas:

“67.

IRAQI STATE ENTERPRISE FOR FOODSTUFFS TRADING, Seoladh: P.O. Box 548, Baghdad, Iraq.”