|
4.2.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 40/8 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/128 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Feabhra 2021
lena socraítear an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 16(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, is iad na huasmhéideanna atá socruithe i leith na fo-uasteorann le caiteachas a bhaineann leis an margadh agus le híocaíochtaí díreacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle a bheidh san uasteorainn bhliantúil le caiteachas an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (2). |
|
(2) |
I gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 11(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), thug roinnt Ballstát fógra don Choimisiún faoina gcinneadh maidir leis an laghdú ar mhéid na n-íocaíochtaí díreacha de bhun Airteagal 11(1) den Rialachán sin agus leis an toradh measta ar an laghdú a eascraíonn as i leith na bliana féilire 2020. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Rialachán sin, táthar le toradh measta an laghdaithe ar íocaíochtaí a chur ar fáil mar thacaíocht ón Aontas arna maoiniú faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT). |
|
(3) |
I gcomhréir leis an séú fomhír d’Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug roinnt Ballstát fógra don Choimisiún maidir lena gcinneadh céatadán áirithe dá n-uasteorainn náisiúnta bhliantúil le híocaíochtaí díreacha i leith na bliana féilire 2020 a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise faoi CETFT sa bhliain airgeadais 2021. |
|
(4) |
I gcomhréir leis an séú fomhír d’Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug roinnt Ballstát fógra don Choimisiún maidir lena gcinneadh méid áirithe den tacaíocht atá le maoiniú faoi CETFT sa bhliain airgeadais 2021 a chur ar fáil mar íocaíochtaí díreacha i leith na bliana féilire 2020. |
|
(5) |
Rinneadh na huasteorainneacha ábhartha náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a oiriúnú dá réir sin. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, tá an fho-uasteorainn le caiteachas a bhaineann leis an margadh agus le híocaíochtaí díreacha de chuid an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin le coigeartú faoin gcoigeartú teicniúil dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Rialachán sin tar éis na n-aistrithe idir CETFT agus na híocaíochtaí díreacha. |
|
(7) |
Ní mór, dá bhrí sin, an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT sna blianta airgeadais 2021 go 2027 a choigeartú. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart na méideanna atá le cur ar fáil do CETFT a fhoilsiú freisin. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach san Iarscríbhinn an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta le haghaidh na mblianta airgeadais 2021 go 2027.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.
(2) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).
IARSCRÍBHINN
Rialachán Cur chun Feidhme ón gCoimisiún lena socraítear an t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT
|
(EUR milliún) |
||||
|
Bliain airgeadais |
Méideanna a chuirtear ar fáil do CETFT |
Méideanna a aistrítear ar fáil ó CETFT |
An t-iarmhéid glan atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT |
|
|
Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 |
Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 |
Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 |
||
|
2021 |
1 099,539 |
58,165 |
600,658 |
40 367,954 |
|
2022 |
|
|
|
41 257,000 |
|
2023 |
|
|
|
41 518,000 |
|
2024 |
|
|
|
41 649,000 |
|
2025 |
|
|
|
41 782,000 |
|
2026 |
|
|
|
41 913,000 |
|
2027 |
|
|
|
42 047,000 |