3.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 37/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/120 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Feabhra 2021

lena n-údaraítear púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L. a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (2) ón gCoimisiún lena mbunaítear liosta Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(3)

An 31 Nollaig 2018, chuir an chuideachta Avena Nordic Grain Oy (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó shaothróga ísle (00) Brassica rapa L. agus Brassica napus L, a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir cead an púdar síl ráibe díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L. a úsáid i mbarraí gránaigh, múslaí agus gránaigh bricfeasta mheasctha comhchosúla, táirgí gránach bricfeasta easbhrúite, sneaiceanna seachas criospaí agus aráin dhonna den chineál céanna, saor ó ghlútan, arán agus rollaí a bhfuil comhábhair speisialta curtha leo, arán ilghráin agus rollaí, ionadaigh feola agus millíní feola.

(4)

Mhol an t-iarratasóir freisin, de bhrí go bhfuil codán próitéine an phúdair shíl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L agus ó Brassica napus L comhchosúil leis an bpróitéin síl ráibe atá údaraithe mar bhia núíosach le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/424/AE ón gCoimisiún (3) ar tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ar chonclúid ina leith (4) nach féidir riosca íograithe a chur as an áireamh agus gur dóchúil go bhféadfadh sé frithghníomhuithe ailléirgeacha i ndaoine a bhfuil ailléirge le mustard orthu a spreagadh, maidir le lipéadú táirgí bia ina bhfuil púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L, go gcumasaíonn an lipéadú sin do dhaoine a bhfuil ailléirge le mustard orthu caitheamh na mbianna sin a sheachaint.

(5)

An 31 Nollaig 2018, chuir an t-iarratasóir iarratas chuig an gCoimisiún freisin go gcosnófaí sonraí dílseánaigh le haghaidh staidéar trialach idirghabhála 4 seachtaine ar ghrúpa comhthreomhar daonna randamaithe dall dúbailte rialaithe, chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht agus ar infhulaingt an bhia núíosaigh ag tomhaltóirí sláintiúla (5).

(6)

An 19 Meitheamh 2019, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás measúnú a dhéanamh ar an bpúdar síl ráibe díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus ó Brassica napus L. mar bhia núíosach i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(7)

An 30 Meitheamh 2020, ghlac an t-Údarás a thuairim eolaíoch “Sábháilteacht púdair shíl ráibe ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L mar bhia núíosach de bhun Rialachán (CE) 2015/2283” (6) i gcomhréir le ceanglais Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(8)

Ina thuairim eolaíoch, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L. sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Mar sin féin, thángthas ar an gconclúid freisin go bhféadfadh an púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L. frithghníomuithe ailléirgeacha a spreagadh i ndaoine a bhfuil ailléirge le mustard orthu. Dá bhrí sin, tugann an tuairim eolaíoch sin forais leordhóthanacha chun a shuí go bhfuil púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L., nuair a úsáidtear é i mbarraí gránaigh, múslaí agus gránaigh mheasctha chomhchosúla, táirgí gránach bricfeasta easbhrúite, sneaiceanna seachas criospaí, aráin dhonna saor ó ghlútan, arán agus rollaí a bhfuil comhábhair speisialta curtha leo, arán ilghráin agus rollaí, ionadaigh feola, agus millíní feola, agus ar choinníoll, leis an gcineál lipéadaithe atá ar bhianna a bhfuil púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L agus ó Brassica napus L iontu go gcumasaítear do dhaoine a bhfuil ailléirge le mustard orthu caitheamh na gcineálacha bia sin a sheachaint, go bhfuil an púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach sin i gcomhréir le ceanglais Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(9)

Le tuairim an Údaráis agus na sonraí maidir le comhdhéanamh agus sonraíocht a chuir an t-iarratasóir isteach tugtar forais leordhóthanacha freisin chun carbaihiodráití iomlána a áireamh sa tsonraíocht bia núíosaigh mar gur comhábhar tábhachtach cothaitheach é sin agus go gcomhlánófar próifíl fhorimeallach an bhia núíosaigh má chuirtear isteach é.

(10)

Ina thuairim eolaíoch, mheas an tÚdarás go bhféadfadh sé teacht ar a chonclúidí maidir le sábháilteacht an phúdair shíl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L. faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe gan na sonraí a mhaíonn an t-iarratasóir a bheith dílseánach (Staidéar ar thriail chliniciúil rialaithe ar an duine, is é sin staidéar grúpa comhthreomhar dall dúbailte randamaithe idirghabhála 4 seachtaine, chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht agus ar infhulaingt an bhia núíosaigh ag tomhaltóirí sláintiúla).

(11)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nár comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, agus, maidir leis an gcosaint ar na sonraí dílseánaigh arna iarraidh a áirítear san iarratas, nach féidir an chosaint sin a dheonú. Dá bhrí sin, maidir le húdarú púdair shíl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus ó Brassica napus L. mar bhia núíosach agus maidir lena áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha, is iomchuí nach mbeadh ann ach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus Brassica napus L. mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar é a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

2.   Áireofar san iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha úsáide agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/424/AE ón gCoimisiún an 1 Iúil 2014 lena n-údaraítear próitéin síl ráibe a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosach faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 196, 3.7.2014, lch. 27.)

(4)  Iriseán EFSA 2013; 11(10):3420.

(5)  Medfiles Ltd, 2018 (nár foilsíodh).

(6)  Iris EFSA 2020;18(7):6197.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

i dTábla 1 (bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

“Púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus

Brassica napus L.

Catagóir shonraithe bia

Uasleibhéil

Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is ‘púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach’ an t-ainmniú a bheidh air.

Aon earra bia ina bhfuil ‘púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach’ ó Brassica rapa L. agus ó Brassica napus L.’ beidh ráiteas air go bhféadfadh an comhábhar sin a bheith ina chúis frithghníomhaithe ailléirgigh i gcás tomhaltóirí a bhfuil ailléirge le mustard orthu agus le táirgí a dhéantar as. Beidh an ráiteas sin díreach taobh le liosta na gcomhábhar. “

 

Barraí gránaigh measctha

20 g/100 g

Múslaí agus gránaigh bhricfeasta chomhchosúla

20 g/100 g

Táirgí gránach bricfeasta easbhrúite

20 g/100 g

Sneaiceanna (gan criospaí prátaí a áireamh)

15 g/100 g

Aráin agus rollaí a bhfuil comhábhair speisialta curtha leo (amhail síolta, rísíní, luibheanna)

7 g/100 g

Aráin dhonna a bhfuil ráitis orthu maidir le glútan gan bheith iontu nó níos lú de a bheith iontu i gcomhréir le ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 828/2014 ón gCoimisiún

7 g/100 g

Arán agus rollaí ilghráin

7 g/100 g

Ionadaigh feola

10 g/100 g

Liathróidí feola

10 g/100 g

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:

Bia Núíosach údaraithe

Sonraíochtaí

“Púdar síl ráibe atá díshaillte go páirteach ó Brassica rapa L. agus

Brassica napus L.

Sainmhíniú: Déantar an púdar a tháirgeadh ó shíolta atá díshaillte go páirteach ó shaothróga “nialas dúbáilte” (00) Brassica Rapa L. agus Brassica napus L. neamh-ghéinmhodhnaithe trí shraith céimeanna próiseála chun glúcóisínealáití agus fíotáití a laghdú.

Foinse: Síolta Brassica rapa L. agus Brassica napus L.

Saintréithe/Comhdhéanamh:

Próitéin (N × 6,25): 33,0-43,0 %

Lipidí: 14,0 – 22,0 %

Iomlán Carbaihiodráití (*): 33,0 – 40,0 %

Iomlán Snáithín (**): 33,0 – 43,0 %

Taise: < 7,0 %

Luaith: 2,0–5,0 %

Iomlán Glúcóisínealáití: < 0,3 mmol/kg (≤ 120 mg/kg)

Fiotáit: < 1,5 %

Luach sárocsaíde (i meáchan bia núíosaigh): ≤ 3,0 mEq O2/kg

Miotail Throma:

Luaidhe: < 0,2 mg/kg

Arsanaic (neamhorgánach): < 0,2 mg/kg

Caidmiam: < 0,2 mg/kg

Mearcair: < 0,1 mg/kg

Alúmanam: < 35 0 mg/kg

Critéir mhicribhitheolaíochta:

Áireamh iomlán coilíneachtaí (30 °C): < 5 000 CFU/g

Enterobacteriaceae: < 10 CFU/g

Salmonella sp.: Diúltach/25 g

Giosta agus múscán: < 100 CFU/g

Bacillus cereus: < 100 CFU/g

(*) De réir difríochta: 100 % – [próitéin % + taise % + % saille + % luaith]

(**) AOAC 2011.25 (Modh meá-mhéadrach einsímeach)

CFU: Aonaid déanta coilíneachta: Comhlachas na gCeimiceoirí Oifigiúla Talmhaíochta”