2.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 36/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/116 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Feabhra 2021

maidir le bunú Chomhthionscadal a hAon lena dtacaítear le cur chun feidhme an Mháistirphlean Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2014 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí) (1), agus go háirithe Airteagal 15a de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm don aerspás Eorpach aonair (“SES”) bainistíocht aerthráchta don Eoraip (“BAT”) a nuachóiriú trína sábháilteacht agus a héifeachtúlacht a fheabhsú. Rannchuidíonn sé le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Is é an tionscadal um Fhorbairt agus Taighde ar Bhainistíocht Aerthráchta san Aerspás Eorpach Aonair (“SESAR”) colún teicneolaíochta SES.

(2)

Ba cheart an nuachóiriú a stiúradh chun fís an Mháistirphlean BAT don Eoraip le haghaidh aerspás Eorpach digiteach a bhaint amach.

(3)

Ní mór feidhmiúlachtaí nuálacha BAT a chur chun feidhme go tráthúil chun nuachóiriú éifeachtach a dhéanamh ar BAT. Ba cheart na feidhmiúlachtaí sin a bheith bunaithe ar theicneolaíochtaí lena méadaítear leibhéil an uathoibrithe, na comhroinnte sonraí cibearshlána agus na nascachta in BAT. Leis na teicneolaíochtaí sin, ba cheart go méadófar leibhéil fhíorúcháin bhonneagar BAT na hEorpa agus soláthar seirbhísí aerthráchta i ngach cineál aerspáis.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 ón gCoimisiún (2), bunaítear creat le haghaidh imlonnú SESAR ina leagtar amach na ceanglais maidir le hinneachar comhthionscadal, chun iad a bhunú, a ghlacadh, a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu.

(5)

Níor cheart a áireamh i gcomhthionscadail ach feidhmiúlachtaí BAT atá réidh lena gcur chun feidhme, a éilíonn cur chun feidhme sioncronaithe agus a rannchuidíonn go mór le spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais a bhaint amach.

(6)

Cuirtear comhthionscadail chun feidhme trí thionscadail arna gcomhordú ag an mbainisteoir imlonnaithe i gcomhréir leis an gclár imlonnaithe.

(7)

Ba thionscnamh píolótach é an Comhthionscadal Píolótach a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2014 ón gCoimisiún (3) chun feidhmiúlachtaí BAT atá bunaithe ar réitigh SESAR a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe agus sioncronaithe agus d’fhóin sé mar bhealach chun sásraí rialachais agus dreasachta chreat imlonnaithe SESAR a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 a thástáil.

(8)

Baineadh de thátal as athbhreithniú a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2014 gur bhain an Comhthionscadal Píolótach athruithe oibríochtúla dearfacha amach in BAT na hEorpa. Mar sin féin, laghdaíodh éifeachtacht an Chomhthionscadail Phíolótaigh mar gheall ar an leibhéal athraitheach aibíochta maidir le cur chun feidhme feidhmiúlachtaí BAT agus ar an tionchar atá aige sin ar shioncrónú a gcur chun feidhme.

(9)

Tacaíonn torthaí an athbhreithnithe le deireadh a chur le tréimhse phíolótach na gcomhthionscadal píolótach agus leis an gComhthionscadal Píolótach a fhorbairt chun go mbeidh sé níos dírithe agus níos aibí. Deimhnítear san athbhreithniú go bhfuil na feidhmiúlachtaí uile a tugadh anonn ón gComhthionscadal Píolótach go dtí Comhthionscadal a hAon tar éis an ullmhacht theicniúil le haghaidh cur chun feidhme a bhaint amach.

(10)

Tá comhthionscadail dírithe ar fheidhmiúlachtaí idir-inoibritheacha BAT a chur chun feidhme ar bhealach sioncronaithe. Tá cur chun feidhme sioncronaithe na gcomhthionscadal ríthábhachtach chun sochair feidhmíochta a bhaint amach ar fud an ghréasáin, is é sin le rá trí iliomad geallsealbhóirí ó roinnt Ballstát a bheith ag sioncrónú agus ag comhordú a gcuid infheistíochtaí, pleananna oibre, gníomhaíochtaí soláthair agus oiliúna.

(11)

In inneachar Chomhthionscadal a hAon, ba cheart aird a thabhairt ar ranníocaíochtaí a bailíodh ón mbainisteoir imlonnaithe, ó Chomhghnóthas SESAR, ó gheallsealbhóirí BAT agus ó anailís chostais agus tairbhe.

(12)

Ba cheart go leanfar le Comhthionscadal a hAon de shainordú a thabhairt maidir le cur chun feidhme na sé fheidhmiúlacht BAT de chuid an Chomhthionscadail Phíolótaigh, ach fócas nuashonraithe a bheith aige, bunaithe ar na critéir a bhaineann le rannchuidiú le hathruithe oibríochtúla bunriachtanacha a bhaint amach i Máistirphlean BAT don Eoraip, ar an aibíocht agus ar an ngá atá le cur chun feidhme sioncronaithe.

(13)

Ba cheart na fo-fheidhmeanna atá le háireamh sa ghníomh seo a bheith teoranta dóibh sin is féidir a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2027.

(14)

Rinneadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2014 a ionchorprú sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (4) agus sa Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar (5), arb é is éifeacht dó aerfoirt Oslo Gardermoen, Zürich Kloten agus na Ginéive a chur san áireamh ina raon feidhme a mhéid a bhaineann le feidhmiúlachtaí BAT 1, 2, 4 agus 5. Chun sochair iomlána an ghréasáin a bhaint amach, bheadh sé inmhianaithe go gcuirfeadh na haerfoirt sin Comhthionscadal a hAon chun feidhme go cothrom, i gcomhthéacs na gcomhaontuithe ábhartha.

(15)

Trí bhainistiú eitiltí isteach a leathnú agus trí bhainisteoir na n-eitiltí isteach agus bainisteoir na n-eitiltí amach a chomhtháthú i limistéir ainlithe críochfoirt ard-dlúis, táthar ag súil go bhfeabhsófar cruinneas an ruthaig eitilte ascnaimh agus go n-éascófar seicheamhú aerthráchta ag céim níos luaithe. Is faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1048 ón gCoimisiún (6) a rialaítear cur chun feidhme loingseoireacht fheidhmíochtbhunaithe (PBN) fhofheidhmiúlachta BAT agus, dá réir sin, níor cheart iad a chumhdach a thuilleadh leis an gcomhthionscadal.

(16)

Le comhtháthú agus tréchur aerfoirt, ba cheart soláthar seirbhísí rialaithe ascnaimh agus seirbhísí rialaithe aeradróim a éascú trí shábháilteacht agus tréchur rúidbhealaí a fheabhsú, comhtháthú agus sábháilteacht tacsaithe a fheabhsú agus dálaí contúirteacha ar an rúidbhealach a laghdú.

(17)

Trí bhainistiú solúbtha aerspáis a chomhcheangal le haerspás saorbhealaigh, táthar ag súil go gcuirfear ar a gcumas d’úsáideoirí aerspáis eitilt chomh gar agus is féidir dá rogha ruthaig gan a bheith srianta ag struchtúir sheasta aerspáis ná gréasáin ar bhealaí seasta. Ba cheart cur chun feidhme an bhainistithe solúbtha aerspáis faoin Rialachán seo a dhéanamh i gcomhar le Rialachán (CE) Uimh. 2150/2005 ón gCoimisiún maidir le hÚsáid Sholúbtha Aerspáis (7).

(18)

Le bainistiú comhoibríoch gréasán, ba cheart feabhas a chur ar fheidhmíocht ghréasán BAT na hEorpa, go háirithe trí acmhainneacht aerspáis agus éifeachtúlacht eitilte a mhéadú trí fhaisnéis faoi na ruthaig a mhalartú, a mhodhnú agus a bhainistiú.

(19)

Le bainistiú faisnéise ar fud an chórais, ba cheart forbairt, cur chun feidhme agus éabhlóid na seirbhísí le haghaidh malartú faisnéise a chumasú trí chaighdeáin, trí bhonneagar agus trí rialachas lenar féidir faisnéis a bhainistiú agus a mhalartú idir geallsealbhóirí oibríochtúla trí sheirbhísí idir-inoibritheacha.

(20)

Leis an gcomhroinnt faisnéise tosaigh faoi na ruthaig, táthar ag súil go mbeifear in ann faisnéis faoi na ruthaig a íosnascadh leis an aerárthach, an fhaisnéis a dháileadh ar an talamh agus go mbeidh córais rialaithe aerthráchta ar an talamh (“ATC”) agus Córais Bainisteoirí Gréasán lena mbaineann in ann an fhaisnéis a úsáid ar bhealach níos fearr le níos lú idirghabhálacha oirbheartaíochta agus le dálaí níos fearr maidir le díchoinbhleacht.

(21)

San athbhreithniú píolótach ar an gComhthionscadal, leagadh béim ar an ngá atá le forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 a fheabhsú nó a shoiléiriú, d’fhonn éifeachtacht comhthionscadal a mhéadú agus a gcur chun feidhme a éascú.

(22)

D’fhéadfadh sé nach mbeadh roinnt feidhmiúlachtaí nó fofheidhmiúlachtaí BAT ar comhpháirteanna riachtanacha iad le haghaidh comhthionscadail ullamh lena gcur chun feidhme tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Chun comhsheasmhacht na gcomhthionscadal a áirithiú agus chun móiminteam a choinneáil maidir leis na próisis tionsclaíochta a thabhairt chun críche, ba cheart na feidhmiúlachtaí sin a áireamh sa chomhthionscadal le spriocdhátaí tionsclaíochta agus cur chun feidhme. Mura bhfuil na próisis tionsclaíochta tugtha chun críche go rathúil faoin spriocdháta tionsclaíochta, ba cheart na feidhmiúlachtaí sin a bhaint den chomhthionscadal agus ba cheart iad a mheas i gcás comhthionscadail a bheidh ann amach anseo.

(23)

Déantar inneachar comhthionscadal a fhorbairt le rannchuidiú soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta, oibreoirí aerfoirt, úsáideoirí aerspáis agus an tionscail déantúsaíochta atá rannpháirteach i gComhghnóthas SESAR, sa bhainisteoir imlonnaithe agus ina ngrúpaí comhairliúcháin faoi seach. Soláthraíonn na sásraí comhairliúcháin sin agus an comhairliúchán poiblí arna dhéanamh ag an gCoimisiún dearbhú iomchuí go bhformhuiníonn na geallsealbhóirí comhthionscadail. Dá bhrí sin, ní gá grúpa breise d’ionadaithe úsáideoirí aerspáis a chur ar bun a thuilleadh.

(24)

Infheistíochtaí éigeantacha ó gheallsealbhóirí uile BAT atá i gcomhthionscadail. Tá soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus an Bainisteoir Gréasáin faoi réir na scéime feidhmíochta ar fud an Aontais i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún (8) arb é is aidhm dó na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais a bhaint amach. Ba cheart na hinfheistíochtaí sin a áireamh i bpleananna feidhmíochta na mBallstát agus sa Phlean Feidhmíochta Gréasáin.

(25)

I bhfianaise phaindéim COVID-19 atá ag dul ar aghaidh go fóill, ba cheart don Choimisiún leanúint de bheith ag faire ar na forbairtí san aerthrácht agus de bheith ag déanamh faireacháin ar chur chun feidhme an rialacháin d’fhonn beart a dhéanamh de réir mar is iomchuí.

(26)

Ar mhaithe le soiléireacht agus chun a léiriú go bhfuil deireadh tagtha le tréimhse phíolótach an chéad chomhthionscadail, is iomchuí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2014 a aisghairm.

(27)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim Choiste an Aerspáis Aonair,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú Chomhthionscadal a hAon

Bunaíodh Comhthionscadal a hAon chun tacú leis an Máistirphlean Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta (“BAT”) a chur chun feidhme.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013.

Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “aerfort — cinnteoireacht chomhoibríoch” nó “A-CDM” próiseas ina ndéantar cinntí a bhaineann le sreabhadh aerthráchta agus bainistiú toillte (“ATFCM”) ag aerfoirt ar bhonn idirghníomhaíochta idir geallsealbhóirí oibríochtúla agus gníomhaithe eile a bhfuil baint acu le ATFCM agus arb é is aidhm dó moilleanna a laghdú, intuarthacht imeachtaí a fheabhsú, úsáid acmhainní a bharrfheabhsú agus tionchar ar an gcomhshaol a laghdú.

(2)

ciallaíonn “plean oibríochtaí aerfoirt” nó “AOP” plean rollach aonair, comhchoiteann agus aontaithe go comhoibríoch atá ar fáil do na geallsealbhóirí oibríochtúla ábhartha uile a chuireann feasacht staide choiteann ar fáil le haghaidh próisis bharrfheabhsaithe;

(3)

ciallaíonn “plean oibríochta gréasáin” nó “NOP” plean, lena n-áirítear a uirlisí tacaíochta, arna fhorbairt ag an mBainisteoir Gréasáin i gcomhar leis na geallsealbhóirí oibríochtúla chun a ghníomhaíochtaí oibríochtúla a eagrú sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma i gcomhréir le treoirphrionsabail an phlean straitéisigh gréasáin agus lena n-áirítear, i gcás na coda sin de phlean oibríochtaí an ghréasáin atá bunaithe go sonrach ar ghréasán bealaí na hEorpa;

(4)

ciallaíonn “feidhmiúlacht BAT a oibriú” an fheidhmiúlacht BAT atá i gceist agus a úsáidtear go hiomlán in oibríochtaí laethúla a oibriú;

(5)

ciallaíonn “AF 1” nó “bainistiú leathnaithe eitiltí isteach agus bainistiú comhtháite eitiltí isteach (“AMAN”)/bainistiú eitiltí amach (“DMAN”) i limistéir ainlithe críochfoirt ard-dlúis” feidhmiúlacht BAT a fheabhsaíonn beachtas an ruthaig ascnaimh agus a éascaíonn seicheamhú aerthráchta ag céim níos luaithe agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as rúidbhealaí, lena gcomhtháthaítear seichimh AMAN agus DMAN, trí réitigh BAT ar leith a úsáid.;

(6)

ciallaíonn “AF 2” nó “comhtháthú agus tréchur aerfoirt” feidhmiúlacht BAT a éascaíonn soláthar seirbhísí rialaithe ascnaimh agus seirbhísí rialaithe aeradróim trí shábháilteacht agus tréchur rúidbhealaigh a fheabhsú, comhtháthú agus sábháilteacht tacsaithe a fheabhsú agus dálaí contúirteacha ar an rúidbhealach a laghdú;

(7)

ciallaíonn “AF 3” nó “bainistiú solúbtha aerspáis agus aerspás saorbhealaigh” feidhmiúlacht BAT lena gcomhcheanglaítear oibriú bainistithe sholúbtha aerspáis agus an saorbhealach agus lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí aerspáis eitilt chomh gar agus is féidir dá rogha ruthaig gan a bheith srianta ag struchtúir sheasta aerspáis ná ag gréasáin bealaí seasta. Ceadaítear leis oibríochtaí inar gá leithscaradh a dhéanamh go sábháilte agus go solúbtha agus oibríochtaí a bhfuil an tionchar is lú is féidir acu ar úsáideoirí eile aerspáis;

(8)

ciallaíonn “AF 4” nó “bainistiú comhoibríoch gréasáin” feidhmiúlacht BAT a fheabhsaíonn feidhmíocht gréasáin BAT na hEorpa, go háirithe toilleadh agus éifeachtúlacht eitilte, trí fhaisnéis faoi na ruthaig a mhalartú, a mhodhnú agus a bhainistiú. Rannchuidíonn AF 4 le gréasán comhoibríoch a chur chun feidhme maidir le pleanáil agus cinnteoireacht, rud a chumasaíonn cur chun feidhme oibríochtaí atá dírithe ar eitiltí agus ar shreabhadh;

(9)

ciallaíonn “AF 5” nó “bainistiú faisnéise ar fud an chórais (SWIM)” feidhmiúlacht BAT arb é atá ann caighdeáin agus bonneagar lena gcumasaítear forbairt, cur chun feidhme agus éabhlóid seirbhísí le haghaidh malartú faisnéise idir geallsealbhóirí oibríochtúla trí sheirbhísí idir-inoibritheacha atá bunaithe ar chaighdeáin SWIM agus a sholáthraítear trí phrótacal idirlín;

(10)

ciallaíonn “AF 6” nó “comhroinnt faisnéise faoi na ruthaig thosaigh” nó “i4D” feidhmiúlacht BAT a fheabhsaíonn úsáid na sprioc-amanna agus na faisnéise faoi na ruthaig, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil orthu, úsáid á baint as sonraí ruthaig 4D ar bord ag córais ATC agus ag córais Bainisteoirí Gréasáin, rud a chiallaíonn gur lú líon na n-idirghabhálacha oirbheartaíochta agus gur fearr na dálaí maidir le díchoinbhleacht.

Airteagal 3

Feidhmiúlachtaí BAT agus a n-imlonnú

1.   Beidh na feidhmiúlachtaí BAT seo a leanas in CP1:

(a)

bainistiú leathnaithe eitiltí isteach agus AMAN/DMAN comhtháite i limistéir ainlithe críochfoirt ard-dlúis;

(b)

comhtháthú agus tréchur aerfoirt;

(c)

bainistiú solúbtha aerspáis agus aerspás saorbhealaigh;

(d)

bainistiú comhoibríoch gréasán;

(e)

bainistiú faisnéise ar fud an chórais;

(f)

comhroinnt faisnéise faoi na ruthaig thosaigh.

2.   Déanfaidh na geallsealbhóirí oibríochtúla atá sainaitheanta san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo na feidhmiúlachtaí BAT dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme agus cuirfidh siad na nósanna imeachta oibríochta gaolmhara chun feidhme i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ní imlonnóidh na geallsealbhóirí oibríochtúla míleata na feidhmiúlachtaí BAT sin ach a mhéid is gá chun fomhír 4 agus 5 de phointe 3.2 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (9).

Airteagal 4

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (1), (2) agus (3):

“1)

ciallaíonn “Comhghnóthas SESAR” an comhlacht arna bhunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle (*1), nó an comhlacht a thiocfaidh i gcomharbacht air, a bhfuil sé de chúram air céim forbartha thionscadal SESAR a bhainistiú agus a chomhordú;

(2)

ciallaíonn “scéim muirearaithe” an scéim arna bunú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún (*2);

(3)

ciallaíonn “feidhmiúlacht BAT” grúpa feidhmeanna nó seirbhísí oibríochtúla idir-inoibritheacha BAT a bhaineann le ruthag, le haerspás agus le bainistiú dromchla nó le comhroinnt faisnéise laistigh de na timpeallachtaí faoi bhealach, críochfoirt, aerfoirt nó oibríochta gréasáin;

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt (IO L 64, 2.3.2007, lch. 1)."

(*2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 390/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 391/2013 (IO L 56, 25.2.2019, lch. 1).”;"

(b)

cuirtear pointe (3 a) agus pointe (3b) seo a leanas isteach:

“(3a)

ciallaíonn “fofheidhmiúlacht BAT” cuid dhílis d’fheidhmiúlacht BAT arb é atá inti feidhm nó seirbhís oibríochtúil, a rannchuidíonn le raon feidhme foriomlán na feidhmiúlachta;

(3b)

ciallaíonn “réiteach SESAR” aschur chéim forbartha SESAR, lena dtugtar isteach teicneolaíochtaí caighdeánaithe agus idir-inoibritheacha nua nó feabhsaithe agus nósanna imeachta oibríochtúla comhchuibhithe a thacaíonn le cur chun feidhme an Mháistirphlean BAT don Eoraip;”;

(c)

cuirtear pointe (4a) seo a leanas isteach:

“(4a)

ciallaíonn “cur chun feidhme sioncrónaithe” feidhmiúlachtaí BAT a chur chun feidhme ar bhealach sioncrónaithe i limistéar geografach sainithe, lena n-áirítear dhá Bhallstát ar a laghad laistigh de EATMN, nó idir geallsealbhóirí oibríochtúla aeir agus talún bunaithe ar phleanáil choiteann lena n-áirítear spriocdhátaí cur chun feidhme agus na bearta idirthréimhseacha ábhartha chun imlonnú a dhéanamh de réir a chéile agus lena bhfuil baint ag iliomad geallsealbhóirí oibríochtúla;”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6):

“(6)

ciallaíonn “cur chun feidhme”, i ndáil le feidhmiúlachtaí BAT, trealamh agus córais a sholáthar, a shuiteáil, a thástáil, a oiliúint agus a chur i seirbhís, lena n-áirítear nósanna imeachta oibríochtúla gaolmhara, arna gcur i gcrích ag geallsealbhóirí oibríochtúla;”;

(e)

cuirtear pointe (6a) agus pointe (6b) seo a leanas isteach:

“(6a)

ciallaíonn “spriocdháta cur chun feidhme” dáta faoinar gá cur chun feidhme fheidhmiúlacht BAT nó fofheidhmiúlacht a chur i gcrích;

(6b)

ciallaíonn “spriocdháta tionsclaíochta” dáta faoinar gá na caighdeáin agus na sonraíochtaí a chur ar fáil don fheidhmiúlacht BAT nó don fhofheidhmiúlacht chun gur féidir é a chur chun feidhme;”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (8), (9) agus (10):

“(8)

ciallaíonn “scéim feidhmíochta” scéim arna bunú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317;

(9)

ciallaíonn “spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh” na spriocanna dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317;

(10)

ciallaíonn “geallsealbhóirí oibríochtúla” an Bainisteoir Gréasáin, na geallsealbhóirí sibhialta agus míleata san áireamh: úsáideoirí aerspáis, soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta, oibreoirí aerfoirt;”;

(g)

cuirtear pointe (11) seo a leanas isteach:

“(11)

ciallaíonn “tionscadal SESAR” timthriall nuálaíochta a sholáthraíonn córas ardfheidhmithe, caighdeánaithe agus idir-inoibritheach um bainistíocht aerthráchta don Aontas, arb é atá ann céimeanna sainmhínithe, forbartha agus imlonnaithe SESAR.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Cuspóir agus ábhar

1.   Sainaithneofar leis na comhthionscadail feidhmiúlachtaí BAT agus a bhfofheidhmiúlachtaí. Beidh na feidhmiúlachtaí agus na fofheidhmiúlachtaí sin bunaithe ar réitigh SESAR chun aghaidh a thabhairt ar na hathruithe oibríochtúla bunriachtanacha atá sainmhínithe i Máistirphlean BAT don Eoraip, beidh siad réidh lena gcur chun feidhme agus beidh cur chun feidhme sioncronaithe ag teastáil ina leith.

Déanfar measúnú ar ullmhacht le haghaidh cur chun feidhme, inter alia, bunaithe ar thorthaí an bhailíochtaithe arna dhéanamh le linn na tréimhse forbartha, ar stádas tionsclaíochta agus ar mheasúnú ar idir-inoibritheacht, agus i ndáil le Plean Domhanda Aerloingseoireachta na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (“ICAO”) agus i ndáil le hábhar ábhartha ICAO.

2.   Leagfar amach na saintréithe seo a leanas i gcomhthionscadail i gcás fheidhmiúlacht agus fhofheidhmiúlacht BAT:

(a)

athruithe oibríochtúla bunriachtanacha a rannchuidíonn siad leo;

(b)

an raon feidhme oibríochtúil agus teicniúil;

(c)

an raon feidhme geografach;

(d)

na geallsealbhóirí oibríochta a bhfuil sé de cheangal orthu iad a chur chun feidhme;

(e)

na ceanglais sioncrónaithe;

(f)

na spriocdhátaí cur chun feidhme;

(g)

na hidirthuilleamaíochtaí le feidhmiúlachtaí nó fofheidhmiúlachtaí eile.

3.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh feidhmiúlachtaí nó fofheidhmiúlachtaí BAT nach bhfuil réidh lena gcur chun feidhme ach atá ina gcomhpháirt bhunriachtanach den chomhthionscadal lena mbaineann a bheith ar áireamh i gcomhthionscadail freisin agus ar choinníoll go meastar go bhfuil a dtionsclú tugtha chun críche laistigh de 3 bliana ó ghlacadh an chomhthionscadail lena mbaineann. Chun na críche sin, déanfar spriocdháta tionsclaíochta le haghaidh na bhfeidhmiúlachtaí nó na bhfofheidhmiúlachtaí BAT sin a shainmhíniú sa chomhthionscadal freisin.

4.   Ar dhul in éag don spriocdháta tionsclaíochta, fíoróidh an Coimisiún, le tacaíocht ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, go bhfuil na feidhmiúlachtaí nó na fofheidhmiúlachtaí BAT dá dtagraítear i mír 3 caighdeánaithe agus go bhfuil siad réidh lena gcur chun feidhme. I gcás ina bhfaighfear amach nach bhfuil siad réidh lena gcur chun feidhme, bainfear iad den rialachán maidir le comhthionscadail.

5.   Comhoibreoidh an bainisteoir imlonnaithe, an Comhghnóthas SESAR, na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, Eurocae agus an tionscal monaraíochta ábhartha faoi chomhordú Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an spriocdháta tionsclaíochta.

6.   Beidh an méid seo a leanas fíor freisin i gcás comhthionscadal:

(a)

beidh siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh agus rannchuideoidh siad leo;

(b)

léireofar leo cás dearfach gnó le haghaidh EATMN, bunaithe ar anailís chostais agus tairbhe, agus sainaithneofar leo aon tionchar diúltach áitiúil nó réigiúnach a d’fhéadfadh a bheith ann ar aon chatagóir sonrach geallsealbhóirí oibríochtúla;

(c)

cuirfear san áireamh leo na heilimintí ábhartha imlonnaithe a shonraítear sa Phlean Straitéise Gréasáin agus i bPlean Oibríochtaí Gréasáin an Bhainisteora Ghréasáin;

(d)

Léireofar leo feidhmíocht chomhshaoil fheabhsaithe.”;

(3)

Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.

Tabharfaidh an Bainisteoir Gréasáin, Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh agus an Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta cúnamh don Choimisiún de réir a ról agus a n-inniúlachtaí faoi seach, mar aon le Comhghnóthas SESAR, Eurocontrol, na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, Eurocae agus bainisteoir an imlonnaithe. Beidh na geallsealbhóirí oibríochtúla agus an tionscal monaraíochta rannpháirteach sna comhlachtaí sin.”;

(b)

cuirtear mír 2a seo a leanas isteach:

“2a.

Arna iarraidh sin don Choimisiún, tabharfaidh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh tuairim maidir le hullmhacht theicniúil le haghaidh imlonnú na bhfeidhmiúlachtaí BAT, agus a bhfofheidhmeanna, atá beartaithe le haghaidh comhthionscadail.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.

Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na geallsealbhóirí i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 lena n-áirítear tríd an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint, laistigh dá sainchúram chun comhordú na dtuairimí míleata a éascú, agus leis an ngrúpa comhairliúcháin saineolaithe ar an ngné shóisialta den aerspás Eorpach aonair maidir lena thograí le haghaidh comhthionscadal.

Fíoróidh an Coimisiún go bhfuil tograí le haghaidh comhthionscadal formhuinithe ag na húsáideoirí aerspáis agus ag na geallsealbhóirí oibríochtúla ar an talamh is gá chun comhthionscadal sonrach a chur chun feidhme.”;

(d)

scriostar mír 4;

(e)

cuirtear an mhír seo a leanas, mír 7, isteach:

“7.

Déanfaidh na Ballstáit agus an Bainisteoir Gréasáin na hinfheistíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme an chomhthionscadail a chur san áireamh sna pleananna feidhmíochta agus sa phlean feidhmíochta gréasán.”;

(4)

Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g)

comhordú a bhunú le Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh agus leis na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú chun tionsclaíocht a éascú agus idir-inoibritheacht fheidhmiúlachtaí agus fhofheidhmiúlachtaí BAT a chur chun cinn;”;

(b)

Leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, chun a áirithiú go mbunófar ceanglais agus caighdeáin sábháilteachta, idir-inoibritheachta agus comhshaoil na gcomhthionscadal i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) agus lena rialacha cur chun feidhme, agus i gcomhréir leis an bPlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de;

(*3)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, Rialacháin (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).”;"

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú agus Eurocae, chun próisis chaighdeánaithe thionsclaíocha agus úsáid na gcaighdeán iarmhartach a éascú agus faireachán a dhéanamh orthu.”;

(5)

leasaítear Airteagal 9(2) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

“(j)

comhordú iomchuí leis na hÚdaráis Mhaoirseachta Náisiúnta a áirithiú;”;

(b)

cuirtear pointe (k) seo a leanas isteach:

“(k)

comhordú iomchuí le Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh a áirithiú.”;

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Cuspóir agus ábhar

1.   Cuirfidh an clár imlonnaithe plean oibre cuimsitheach agus struchtúrtha ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí uile is gá chun na teicneolaíochtaí agus na nósanna imeachta a chur chun feidhme agus na dea-chleachtais is gá chun comhthionscadail a chur chun feidhme. Sonrófar sa chlár imlonnaithe na cumasóirí teicneolaíocha chun na comhthionscadail a chur chun feidhme.

2.   Saineofar sa chlár imlonnaithe conas a shioncrónófar cur chun feidhme comhthionscadal laistigh de EATMN, agus ceanglais agus srianta oibríochtúla áitiúla á gcur san áireamh.

3.   Is é a bheidh sa chlár imlonnaithe na tagairtí do na geallsealbhóirí oibríochtúla go léir a theastaíonn chun comhthionscadail a chur chun feidhme agus le haghaidh leibhéil na bainistíochta agus an chur chun feidhme. Cuirfidh na geallsealbhóirí oibríochtúla an fhaisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme an chláir imlonnaithe ar fáil don bhainisteoir imlonnaithe. Beidh an clár imlonnaithe ina chuid den chreat-chomhaontú comhpháirtíochta agus, dá réir sin, tabharfaidh na tairbhithe uile gealltanas go gcuirfidh siad chun feidhme é.”.

Airteagal 5

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 716/2014.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 96, 31.3.2004, lch. 10.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2013 maidir le comhthionscadail a shainiú, rialachas a bhunú agus dreasachtaí chun tacú le cur chun feidhme an Mháistirphlean Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta a shainaithint (IO L 123, 4.5.2013, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2014 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2014 maidir le Comhthionscadal Píolótach a bhunú chun tacú le chur chun feidhme an Mháistirphlean Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta (IO L 190, 28.6.2014, lch. 19).

(4)  Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (IO L 1, 3.1.1994, lch. 3).

(5)  Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar (IO L 114, 30.4.2002, lch. 73).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1048 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2018 lena leagtar síos ceanglais úsáide aerspáis agus nósanna imeachta oibriúcháin a bhaineann le loingseoireacht fheidhmíochtbhunaithe (IO L 189, 26.7.2018, lch. 3).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 2150/2005 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2005 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis (IO L 342, 24.12.2005, lgh. 20-25)

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 391/2013 (IO L 56, 25.2.2019, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, Rialacháin (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

1.   AF 1: BAINISTIÚ LEATHNAITHE EITILTÍ ISTEACH AGUS BAINISTIÚ COMHTHÁITE EITILTÍ ISTEACH/EITILTÍ AMACH SNA LIMISTÉIR AINLITHE CRÍOCHFOIRT ARD-DLÚIS

1.1.   An raon feidhme oibríochtúil agus teicniúil

1.1.1.   Fofeidhmiúlacht BAT i dtaca le bainistiú eitiltí isteach atá leathnaithe chun aerspás faoi bhealach a chumhdach

Faisnéis Ghinearálta

Leis an mbainistiú eitiltí isteach atá leathnaithe chun aerspás faoi bhealach a chumhdach (“AMAN leathnaithe”), rannchuidítear leis an athrú oibríochtúil bunriachtanach “Feidhmíocht aerfoirt agus TMA”. Sínítear léaslíne AMAN leis 180 muirmhíle ar a laghad ón aerfort teachta. Ní mór seicheamhú/méadrú tráchta a dhéanamh faoi bhealach roimh bharrphointe an fhána a bhaint amach chun feabhas a chur ar intuarthacht agus an sreabhadh tráchta a rianú.

Ceanglais an chórais

(a)

Ní mór do chórais AMAN leathnaithe faisnéis ama faoi sheicheamh teachta agus treoracha comhairleacha gaolmhara i gcórais ATC faoi bhealach a chur ar fáil 180 muirmhíle ar a laghad ón aerfort teachta agus i gcórais ATC na n-aerfort a mbíonn tionchar ag an léaslíne AMAN leathnaithe orthu chomh maith, mura moltar achar níos giorra sa chlár imlonnaithe.

(b)

Féadfar an teicneolaíocht malartaithe sonraí atá ann cheana a úsáid go dtí go mbeidh Bainistiú Faisnéise Uile-Chórais (SWIM) ar fáil.

1.1.2.   Fofheidhmiúlacht BAT maidir le Comhtháthú AMAN/DMAN

Faisnéis Ghinearálta

Rannchuidíonn comhtháthú AMAN/DMAN leis an athrú oibríochtúil bunriachtanach “Aerfort agus feidhmiúlacht an Limistéir Rialaithe Aerfoirt (TMA)”. Ríomhann an bainistiú eitiltí amach (DMAN) an seicheamh réamhimeachta is fearr bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag an aerfort, ag an aerlíne agus ag ATC. Mar an gcéanna, ríomhann AMAN an sreabhadh teachta is fearr go dtí an t-aerfort. Trí sheicheamh rúidbhealaí a chomhtháthú, agus srianta AMAN agus DMAN á n-urramú, is féidir an úsáid is fearr a bhaint as rúidbhealaí. I gcás ina gcuirfidh an comhtháthú sin isteach ar an gceanglas 180 muirmhíle a bheith ann i gcás AMAN leathnaithe, tá an córas socraithe chun go mbeidh an léaslíne is mó is féidir ann.

Ceanglais an chórais

(a)

Déantar sreafaí imeachta agus teachta a chónascadh trí fheidhmeanna láithreacha AMAN agus DMAN a chomhtháthú i gcás ina n-oibreofar rúidbhealaí i mód measctha;

(b)

Ní mór do chórais AMAN agus DMAN a bheith in ann sonraí a chomhroinnt a bheidh le háireamh ina n-algartaim phleanála lena ríomhfar sreafaí teachta agus imeachta.

1.2.   Raon Feidhme Geografach

1.2.1.   Aerfoirt a bhfuil sé de cheangal orthu an bainistiú eitiltí isteach a oibriú atá leathnaithe chun an t-aerspás faoi bhealach a chumhdach

Tá sé de cheangal ar na haerfoirt seo a leanas AMAN a oibriú:

(a)

Adolfo Suarez Maidrid-Barajas;

(b)

Amstardam Schiphol;

(c)

Barcelona El Prat;

(d)

Aerfort Bheirlín Brandenburg;

(e)

Aerfort Náisiúnta na Bruiséile;

(f)

Cóbanhávan Kastrup;

(g)

Baile Átha Cliath;

(h)

Aerfort Idirnáisiúnta Düsseldorf;

(i)

Aerfort Idirnáisiúnta Frankfurt;

(j)

Milano-Malpensa;

(k)

München Franz Josef Strauss;

(l)

Nice Côte d’Azur;

(m)

Palma De Mallorca Son Sant Joan;

(n)

Páras-CDG;

(o)

Páras-Orly;

(p)

An Róimh-Fiumicino;

(q)

Stócólm-Arlanda;

(r)

Vín-Schwechat;

Ní mór AMAN a chur chun feidhme sna hearnálacha gaolmhara faoi bhealach.

1.2.2.   Aerfoirt a bhfuil sé de cheangal orthu comhtháthú AMAN/DMAN a oibriú

Tá comhtháthú AMAN/DMAN infheidhme maidir le haerfoirt a bhfuil rúidbhealach aonair nó rúidbhealaí spleácha acu, a d’fhéadfadh oibriú i modh measctha nó a bhféadfadh rúidbhealach imeachta a bheith acu atá nasctha le spleáchas ar rúidbhealach teachta. Ní mór comhtháthú AMAN/DMAN a oibriú ag na haerfoirt seo a leanas chomh maith leis na hearnálacha ascnaimh agus faoi bhealach gaolmhara:

(a)

Aerfort Brandeburg Bheirlín;

(b)

Aerfort Idirnáisiúnta Düsseldorf;

(c)

Milano-Malpensa;

(d)

Nice Côte d’Azur;

(e)

Páras-CDG.

1.3.   Geallsealbhóirí a bhfuil sé de cheangal orthu an fheidhmiúlacht agus na spriocdhátaí maidir le cur chun feidhme a chur chun feidhme

(a)

Ní mór do sholáthraithe ATS agus don Bhainisteoir Gréasáin a áirithiú go bhfuil AMAN leathnaithe á oibriú ag aonaid ATS a sholáthraíonn seirbhísí ATC laistigh d’aerspás críochfoirt na n-aerfort dá dtagraítear i bpointe 1.2 agus ag na hearnálacha gaolmhara faoi bhealach faoin spriocdháta cur chun feidhme an 31 Nollaig 2024.

(b)

Ní mór do sholáthraithe ATS a áirithiú go mbeidh AMAN/DMAN comhtháite á oibriú ag aonaid ATS a sholáthraíonn seirbhísí ATC laistigh d’aerspás críochfoirt na n-aerfort dá dtagraítear i bpointe 1.2 agus ag na hearnálacha gaolmhara ascnaimh faoin spriocdháta cur chun feidhme an 31 Nollaig 2027.

(c)

Ní mór seirbhísí rialaithe aerthráchta (“ATC”) sna limistéir ainlithe críochfoirt (“TMAanna”) lena gcuirtear oibríochtaí leathnaithe AMAN chun feidhme comhordú a dhéanamh le haonaid seirbhísí aerthráchta (“ATS”) atá freagrach as earnálacha faoi bhealach máguaird chomh maith leis na haonaid ATS atá freagrach as trácht isteach ó aerfoirt a chumhdaítear leis an tréimhse léaslíne AMAN leathnaithe.

1.4.   An gá le sioncrónú

Is mais chriticiúil geallsealbhóirí oibríochtúla iad na haerfoirt a liostaítear i bpointe 1.2 chun na gnóthachain ar fheidhmíocht an ghréasáin a mheastar a bheidh ann ó AMAN leathnaithe agus ó fheidhmeacha AMAN/DMAN a chomhtháthú. Tiocfaidh na sochair sin chun cinn níos luaithe más féidir leis na haerfoirt sin, agus leis na geallsealbhóirí oibríochtúla eile go léir lena mbaineann, an fheidhmiúlacht sin a oibriú ag an am céanna. Chuige sin, ní mór sioncrónú agus comhordú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm chomhtháthú leathnaithe AMAN agus AMAN/DMAN, lena n-áirítear na hinfheistíochtaí gaolmhara, i gcomhréir le hamlíne chomhaontaithe nach mór a shainiú sa chlár imlonnaithe chun bearnaí maidir leis an gcur chun feidhme a sheachaint sa raon feidhme geografach. Tá gá le sioncrónú freisin chun a áirithiú go mbeidh an bonneagar is gá ag na geallsealbhóirí go léir lena mbaineann chun faisnéis faoi na ruthaig a mhalartú (próifíl i4D) agus chun a áirithiú go gcomhlíontar srianta ag pointí méadraithe.

1.5.   Na feabhsuithe comhshaoil a mheastar a bheidh ann

Tá an fheidhmiúlacht seo dírithe ar mhoilleanna a bhainistiú agus a laghdú ag airdí atá níos éifeachtúla ó thaobh breosla de ag céim na heitilte faoi bhealach agus ar mhoilleanna a mhaolú ar an talamh ag na haerfoirt a n-imreofar tionchar orthu.

Le AMAN leathnaithe, bítear in ann na ruthaig eitilte is fearr is féidir a dhéanamh agus próifílí ingearacha a bhaint amach a fheabhsaíonn riachtanais leibhéal sá. Is é an toradh atá air sin go mbíonn torann níos ísle ag na hoibríochtaí agus go seachnaítear arduithe céime os cionn limistéir ina bhfuil daoine ina gcónaí agus atá i ngiorracht don aerpháirc. Ina theannta sin, soláthraíonn feidhmiúlacht AF1 an deis chun ruthaig eitilte a chruthú os cionn limistéir nach bhfuil chomh híogair céanna i leith an torainn, rud a fhágann gur féidir an chúltarraingt phróifíle is fearr is féidir a dhéanamh le torann aeraidinimice laghdaithe.

Le cur chun feidhme iomlán AF1, cuirfear feabhas ar láimhseáil moilleanna agus straitéisí maolaithe agus laghdófar líon íseal gabháltas in TMA, rud a laghdóidh astaíochtaí torainn agus a chuirfidh feabhas ar cháilíocht an aeir ag aerfoirt agus i ngiorracht dóibh.

Is trí bhearnaí oiriúnacha imeachta a chruthú sa seicheamh teachta a bhaintear amach comhtháthú na n-eitiltí isteach agus na n-eitiltí amach ar rúidbhealaí a oibrítear i modh measctha agus maolú an éilimh agus míchothromaíochtaí acmhainne. Faigheann aerfoirt sochair ó leithdháileadh feabhsaithe seastán agus ó láimhseáil paisinéirí agus bainistiú níos fearr ar fhlít na talún (feithiclí), rud a shábhálfaidh breosla agus a laghdóidh torann (an fhlít talún) ag an aerpháirc agus i ngiorracht di, agus a laghdóidh CO2 agus truailleáin cháithníní eile atá ar fuaidreamh. Téann costas laghdaithe oibríochtúil go díreach chun tairbhe d’aerlínte trí bhreosla a shábháil agus coigiltis CO2 a fheabhsú agus, ag an am céanna, trí mhoill ag an seastán a mhaolú nó trí mhaolú moille a dhéanamh ag airdí atá níos airde agus níos éifeachtúla ó thaobh breosla de agus eitiltí ag teacht isteach.

1.6.   Idirthuilleamaíochtaí le feidhmiúlachtaí BAT eile

Tá idirthuilleamaíochtaí ag AF1 leo seo a leanas:

stiallacha eitilte leictreonacha (“EFS”) agus DMAN a leagtar amach in AF2;

bainistiú comhoibríoch gréasáin chun sprioc-amanna arna réiteach le haghaidh ATFCM feabhsaithe agus seicheamhú teachta a chomhordú, a leagtar amach in AF 4;

seirbhísí SWIM a leagtar amach in AF5, i gcás in a mbeidh SWIM ar fáil.

2.   AF 2: Comhtháthú agus tréchur aerfoirt

Rannchuidíonn AF 2 leis an athrú oibríochtúil bunriachtanach “Feidhmíocht aerfoirt agus TMA”. Is é príomhchuspóir AF2 na srianta a chuirtear ar aerthrácht ag aerfoirt a theorannú gan fás tráchta, an tsábháilteacht ná an comhshaol a chur i mbaol. Díríonn AF2 ar úsáid bhonneagar an aerfoirt a bharrfheabhsú chun tréchur sábháilte aerthráchta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a áirithiú. Díríonn sé freisin ar fhaisnéis agus sonraí oibríochtúla nuashonraithe a mhalartú leis na geallsealbhóirí go léir atá páirteach in athluchtú aerthráchta.

2.1.   An raon feidhme oibríochtúil agus teicniúil

2.1.1.   Fo-feidhmíocht BAT maidir le Bainistiú Eitiltí Amach atá Sioncrónaithe le Seicheamhú Réamhimeachta

Faisnéis Ghinearálta

Modh is ea an bainistiú eitiltí amach (“DMAN”) a shioncrónaítear le seicheamhú réamhimeachta chun feabhas a chur ar na sreafaí imeachta ag aerfort amháin nó níos mó tríd an sprioc-am éirí de thalamh (“TTOT”) agus an sprioc-am formheasa (“TSAT”) a ríomh i gcás gach eitilte, agus iliomad srianta agus roghanna á gcur san áireamh.

Is é atá i gceist le DMAN an sreabhadh imeachta go dtí rúidbhealach a mhéadrú trí na hamanna gluaiste a bhainistiú (trí uaireanta tosaigh), lena gcuirtear acmhainneacht an rúidbhealaigh atá ar fáil san áireamh.

Trí DMAN a shioncronú le seicheamhú réamhimeachta, giorraítear amanna tacsaí, cuirtear le comhlíonadh sliotán bainistithe sreafa aerthráchta (“Sliotán-ATFM”) agus le hintuarthacht amanna imeachta. Tá sé d’aidhm ag DMAN an sreabhadh tráchta ar an rúidbhealach a uasmhéadú trí sheicheamh a bhunú ina mbeidh deighiltí barrfheabhsaithe.

Ní mór do gheallsealbhóirí oibríochtúla atá ag obair i gcomhréir le prionsabail na cinnteoireachta comhoibríche aerfoirt (“A-CDM”) seichimh réamhimeachta a bhunú go comhpháirteach, agus prionsabail chomhaontaithe atá le cur i bhfeidhm ar chúiseanna sonracha á gcur san áireamh, amhail am coinneála rúidbhealaigh, comhlíonadh sliotán, bealaí imeachta, roghanna úsáideoirí aerspáis, cuirfiú oíche, aslonnú an tseastáin/an gheata le haghaidh aerárthaí atá ag teacht isteach, drochdhálaí aimsire lena n-áirítear dí-oighriú, acmhainneacht iarbhír tacsaí/rúidbhealaigh agus srianta atá ann faoi láthair.

Ceanglais an chórais

(a)

Ní mór DMAN agus córais a thacaíonn le A-CDM a chomhtháthú agus ní mór dóibh tacú leis an seicheamhú réamhimeachta barrfheabhsaithe le faisnéis/sonraí iomchuí le haghaidh úsáideoirí aerspáis (an sprioc-am atá ag an aerárthach chun an bloc a fhágáil (“TOBT”)) agus le haghaidh geallsealbhóirí aerfoirt lena mbaineann (fothú sonraí comhthéacsúla).

(b)

Ní mór do chórais DMAN seicheamhú comhoibríoch a fhorbairt agus a ríomh agus TSAT agus TTOT araon a chur ar fáil. Ní mór do TSAT agus TTOT amanna tacsaí athraitheacha a chur san áireamh agus ní mór iad a nuashonrú i gcomhréir le héirí de thalamh an aerárthaigh iarbhír.

(c)

Ní mór do chórais DMAN liosta TSAT agus TTOT a sholáthar don rialtóir aerthráchta le haghaidh an mhéadraithe aerárthaigh.

(d)

Ní mór córas ionchuir leictreonaigh imréitigh (“ECI”) amhail EFS, a chur i bhfeidhm, lena gcuirtear ar a chumas don rialtóir aerthráchta gach imréiteach a thugtar d’aerárthaí nó d’fheithiclí a chur isteach i gcóras ATC. Ní mór comhéadain iomchuí a bheith ag an gcóras le A-SMGCS agus le líontáin sábhála aerfoirt, lena bhféadfar na treoracha a thugann an rialtóir aerthráchta a chomhtháthú le sonraí eile amhail plean eitilte, faireachas, ródúchán, bealaí foilsithe, leithdháileadh geataí agus nósanna imeachta.

2.1.2.   Fo-fheidhmíocht BAT maidir leis an bplean oibríochtaí aerfoirt

Faisnéis Ghinearálta

Is é atá sa phlean oibríochta aerfoirt (“AOP”) plean rollach a idirghníomhaíonn le seirbhísí, córais agus geallsealbhóirí a bhailíonn faisnéis ó roinnt córas éagsúil. Ní mór do AOP an fhaisnéis go léir atá ábhartha don ghréasán a sholáthar san fhíor-am i gcás an phlean oibríochtaí gréasáin (“NOP”). Tacaíonn AOP le hoibríochtaí taobh na talún agus taobh an aeir ag aerfoirt a bhfuil raon feidhme méadaithe maidir le sonraí a chomhroinnt idir an t-aerfort agus an Bainisteoir Gréasáin, rud a chuireann leis na córais tacaíochta A-CDM atá ar fáil.

Ní mór do AOP tacú leis na ceithre sheirbhís oibríochtúla seo a leanas trí fheabhas a chur ar an éifeachtúlacht oibríochtúil fhoriomlán agus trí athléimneacht an aerfoirt agus an ghréasáin a mhéadú i gcoinne suaithí amhail drochaimsir, dúnadh rúidbhealaigh agus foláirimh slándála:

(a)

seirbhís feidhmíochta aerfoirt a stiúradh;

(b)

faireachán a dhéanamh ar sheirbhís feidhmíochta aerfoirt;

(c)

seirbhís feidhmíochta aerfoirt a bhainistiú;

(d)

seirbhís anailíse iar-oibríochtaí a chomhlíonadh.

Déantar AOP a áscú ag tús gach séasúir comhordaithe sliotán aerfoirt agus nuashonraítear é ar bhonn leanúnach le linn chéim na pleanála meántéarmaí, le linn chéim na pleanála gearrthéarmaí agus le linn chéim an fhorghníomhaithe. Stóráiltear AOPanna séasúracha chun iad a úsáid in anailís na n-iar-oibríochtaí.

AOP tosaigh (iAOP) agus AOP leathnaithe atá in AOP:

a)

cuimsíonn iAOP na bunghnéithe chun na míreanna sonraí a mhalartú leis NOP agus réitíonn sé an bealach chun AOP a leathnú;

b)

in AOP leathnaithe tá uirlis bhainistithe AOP, faireachán ar fheidhmíocht aerfoirt, measúnú, tacaíocht bainistíochta agus iar-oibríochtaí, i gcomhréir le comhtháthú iomlán AOP/NOP.

Ceanglais an chórais

Chun tacú le cur chun feidhme IAOP, ní mór na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh:

a)

A-CDM;

b)

MET-sonraí;

c)

Uirlis bhainistithe AOP ina bhfuil plean rollach d’oibríochtaí agus de chumais an aerfoirt (taobh an aerfoirt) ar feadh tréimhse ama ghearrthéarmach;

d)

ní mór AOP a nascadh le NOP trí sheirbhís(í) SWIM, nuair a bheidh siad ar fáil, agus ní mór dó na sonraí go léir a bhaineann leis an ngréasán a chur ar fáil don ghréasán.

Chun tacú le cur chun feidhme leathnaithe AOP, ní mór na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh:

a)

uirlisí bainistithe AOP ina bhfuil plean rollach d’oibríochtaí agus de chumais an aerfoirt (taobh na talún agus taobh an aeir) i gcás gach tréimhse ama (ón meántéarma go dtí iar-oibríochtaí);

b)

córas faireacháin feidhmíochta aerfoirt chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht i gcoinne na spriocanna;

c)

córas tacaíochta maidir le feidhmíocht aerfoirt a mheasúnú agus a bhainistiú chun measúnú a dhéanamh ar a thromchúisí atá dialltaí ón bplean a braitheadh trí fhaireachán a dhéanamh ar sheirbhís feidhmíochta aerfoirt agus tríd an tionchar a bhí acu ar phróisis an aerfoirt agus ar fheidhmíocht an aerfoirt;

d)

uirlis anailíse aerfoirt iar-oibríochtaí chun tuarascálacha anailíse caighdeánacha agus ad-hoc iar-oibríochtaí a fhorbairt.

2.1.3.   Fofheidhmiúlacht BAT maidir le líontáin sábhála san aerfort

Faisnéis Ghinearálta

Seo a leanas atá i líontáin sábhála aerfoirt:

an tseirbhís tacaíochta sábháilteachta aerfoirt, a rannchuidíonn le hoibríochtaí taobh an aeir mar fheabhsú sábháilteachta a chuireann ar a gcumas do rialtóirí aerthráchta cosc a chur ar ghuaiseacha agus ar theagmhais a eascraíonn as earráidí nó as dialltaí oibríochtúla a dhéanann rialtóirí aerthráchta, an fhoireann aeir nó an tiománaí feithicle. Braitheann an tseirbhís sin ar an tseirbhís faireachais a bheith i mbun oibríochta;

imréitigh ATC atá ag teacht salach ar a chéile i ndáil le haerárthaí a bhrath agus foláireamh a thabhairt ina leith agus diall feithiclí agus aerárthaí óna dtreoracha, óna nósanna imeachta nó óna ródúchán a d’fhéadfadh na feithiclí agus na haerárthaí a chur i mbaol imbhuailte.

Áirítear le raon feidhme na fofheidhmiúlachta seo limistéar gluaiseachta dromchla an rúidbhealaigh agus na haerpháirce.

Is cuid ríthábhachtach de líontáin sábhála an aerfoirt iad uirlisí tacaíochta ATC ag an aeradróm agus ní mór dóibh a áirithiú go mbraithfear imréitigh ATC a thagann salach ar a chéile (“CATC”), faireachán comhréireachta ar fholáirimh le haghaidh rialtóirí (“CMAC”) agus faireachán ar an rúidbhealach agus foláireamh a thabhairt maidir le coinbhleacht (“RMCA”). Déanann an córas ATC na trí fheidhm sin ar bhonn an eolais ar shonraí lena n-áirítear na himréitigh atá tugtha ag an rialtóir aerthráchta, an rúidbhealach agus an pointe coinneála sannta d’aerárthaí agus d’fheithiclí. Déanann an rialtóir aerthráchta imréitigh a thugtar d’aerárthaí nó d’fheithiclí a chur isteach i gcóras ATC trí úsáid a bhaint as córas digiteach, amhail EFS nó córais gan stiall. Ní mór tuairisc a thabhairt sa chlár imlonnaithe ar liosta na n-imréiteach atá le cur isteach sa chóras ATC.

Ní mór do líontáin sábhála aerfoirt foláireamh a thabhairt do rialtóirí aerthráchta nuair a imíonn aerárthaí agus feithiclí ó threoracha, ó nósanna imeachta nó ó bhealach ATC. Ní mór na treoracha rialtóra aerthráchta a chomhtháthú le rialacha agus nósanna imeachta foilsithe, agus le sonraí eile atá ar fáil amhail plean eitilte, faireachas agus ródúchán. Trí na sonraí sin a chomhtháthú, is féidir leis an gcóras faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis agus foláireamh a thabhairt don rialtóir aerthráchta nuair a bhraitear neamhréireachtaí.

Ní mór aon teorainneacha áitiúla maidir le tabhairt isteach na seirbhíse tacaíochta sábháilteachta san aerfort a léiriú sa chlár imlonnaithe. Feidhmíonn feidhm RMCA mar uirlis foláirimh ghearrthéarmach, ach feidhmíonn CATC agus CMAC mar uirlisí réamhfháistineacha a bhfuil sé d’aidhm acu cásanna a chosc ina bhféadfaí foláireamh RMCA a thionscnamh.

Ceanglais an chórais

(a)

Ní mór do líontáin sábhála aerfoirt sonraí faireachais maidir le córas rialaithe (“A-SMGCS”) & treoraíocht gluaiseachtaí dromchla ardfhorbartha agus imréitigh rialtóra aerthráchta a bhaineann leis an limistéar ainlithe a chomhtháthú. Ní mór don fhaireachán comhréireachta aerfoirt sonraí faireachais A-SMGCS a chomhtháthú agus i gcás ina mbeidh siad ar fáil, na himréitigh um ródúchán gluaiseachtaí dromchla agus um ródúchán rialtóra aerthráchta a chomhtháthú.

(b)

Ní mór feidhm chun na foláirimh iomchuí a ghiniúint agus a dháileadh a bheith ar áireamh in A-SMGCS. Tá sé d’aidhm ag na foláirimh sin RMCA atá ann cheana a fhorlíonadh seachas teacht ina ionad.

(c)

Ní mór do gach suíomh oibre ábhartha rabhaidh agus foláirimh a óstáil le comhéadan cuí duine le meaisín, lena n-áirítear tacaíocht chun foláireamh a chur ar ceal.

(d)

Ní mór d’ionchar imréitigh leictreonaigh (“ECI”) amhail stiallacha leictreonacha eitilte (SCE), ach gan bheith teoranta dóibh amháin, na treoracha a thugann na rialtóirí aerthráchta a chomhtháthú le sonraí eile amhail plean eitilte, faireachas, ródúchán nuair a bheidh siad ar fáil, rialacha agus nósanna imeachta foilsithe.

2.2.   Raon Feidhme Geografach

2.2.1.   Aerfoirt a bhfuil sé de cheangal orthu an bainistiú eitiltí amach atá sioncronaithe le seicheamhú réamhimeachta agus le líontáin sábhála aerfoirt a oibriú

Ní mór bainistiú eitiltí amach atá sioncránaithe le seicheamhú réamhimeachta agus le líontáin sábhála aerfoirt a oibriú sna haerfoirt seo a leanas:

(a)

Adolfo Suárez Maidrid-Barajas;

(b)

Amstardam Schiphol;

(c)

Barcelona El Prat;

(d)

Aerfort Bheirlín Brandenburg;

(e)

Aerfort Náisiúnta na Bruiséile;

(f)

Cóbanhávan Kastrup;

(g)

Baile Átha Cliath;

(h)

Aerfort Idirnáisiúnta Düsseldorf;

(i)

Aerfort Idirnáisiúnta Frankfurt;

(j)

Milano-Malpensa;

(k)

München Franz Josef Strauss;

(l)

Nice Côte d’Azur;

(m)

Palma De Mallorca Son Sant Joan;

(n)

Páras-CDG;

(o)

Páras-Orly;

(p)

An Róimh-Fiumicino;

(q)

Stócólm-Arlanda;

(r)

Schwechat Vín.

2.2.2.   2.2.2. Aerfoirt nach mór dóibh an IAOP a oibriú:

a)

Adolfo-Suarez Maidrid-Barajas;

b)

Amstardam Schiphol;

c)

Barcelona El Prat;

d)

Aerfort Bheirlín Brandenburg;

e)

Aerfort Násiúnta na Bruiséile;

f)

Cóbanhávan Kastrup;

g)

Baile Átha Cliath;

h)

Aerfort Idirnáisiúnta Düsseldorf;

i)

Aerfort Idirnáisiúnta Frankfurt;

j)

Milano-Malpensa;

k)

München-Franz Josef Strauss;

l)

Nice Côte d’Azur;

m)

Palma De Mallorca Son Sant Joan;

n)

Páras-CDG;

o)

Páras-Orly;

p)

An Róimh-Fiumicino;

q)

Stócólm-Arlanda;

r)

Vín Schwechat;

2.2.3.   Aerfoirt nach mór dóibh AOP a oibriú

Tá sé de cheangal ar na haerfoirt seo a leanas AOP a oibriú:

a)

Adolfo-Suarez Maidrid-Barajas;

b)

Amsterdam Schiphol;

c)

An Aithin Eleftherios Venizelos;

d)

Barcelona El Prat;

e)

Aerfort Bheirlín Brandenburg;

f)

Aerfort Náisiúnta na Bruiséile;

g)

Cóbanhávan Kastrup;

h)

Aerfort Bhaile Átha Cliath;

i)

Aerfort Idirnáisiúnta Düsseldorf;

j)

Aerfort Idirnáisiúnta Frankfurt;

k)

Hamburg;

l)

Helsinki Vantaa;

m)

Humberto Delgado – Aerfort na Liospóine;

n)

Lyon Saint-Exupéry;

o)

Malaga Costa Del Sol;

p)

Milano-Linate;

q)

Milano-Malpensa;

r)

München Franz Josef Strauss;

s)

Nice Côte d’Azur;

t)

Palma De Mallorca Son Sant Joan;

u)

Páras-CDG;

v)

Páras-Orly;

w)

Prág;

x)

An Róimh-Fiumicino;

y)

Stócólm-Arlanda;

z)

Stuttgart;

aa)

Vín Schwechat;

bb)

Vársá Chopin.

2.3.   Geallsealbhóirí a bhfuil sé de cheangal orthu na spriocdhátaí feidhmiúlachta agus cur chun feidhme a chur chun feidhme

Ní mór do sholáthraithe ATS agus d’oibreoirí aerfoirt a sholáthraíonn seirbhísí ag na haerfoirt dá dtagraítear i bpointe 2.2 na nithe seo a leanas a oibriú:

bainistiú eitiltí amach atá sioncrónaithe le seicheamhú réamhimeachta faoin spriocdháta cur chun feidhme an 31 Nollaig 2022;

iAOP faoi spriocdháta cur chun feidhme an 31 Nollaig 2023;

AOP (tosaigh agus leathnaithe) faoin spriocdháta cur chun feidhme an 31 Nollaig 2027;

líontáin sábhála aerfoirt faoin spriocdháta cur chun feidhme an 31 Nollaig 2025.

Ní mór do na geallsealbhóirí ar thaobh na talún agus ar thaobh an aeir a liostaítear thíos athruithe a dhéanamh laistigh dá réimse oibríochtaí féin agus ní mór dóibh AOP a úsáid agus a chomhroinnt mar phríomhfhoinse faisnéise le haghaidh oibríochtaí aerfoirt:

a)

oibreoirí aerfoirt;

b)

oibreoirí aerárthaigh;

c)

oibreoirí ar an talamh;

d)

cuideachtaí dí-oighrithe;

e)

soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta (“ANSP”);

f)

oibríochtaí gréasáin;

g)

soláthraithe seirbhísí MET;

h)

seirbhísí tacaíochta (póilíneacht, custaim agus inimirce, etc.).

2.4.   Gá le sioncrónú

Ní mór do na haerfoirt agus do na geallsealbhóirí spriocdhírithe dá dtagraítear i bpointe 2.3 cur chun feidhme fhofheidhmiúlachtaí ábhartha AF2 a shioncrónú de réir an chláir imlonnaithe chun comhchuibhiú tráthúil nósanna imeachta oibríochtúla atá nasctha le AMAN/DMAN agus le líontáin sábhála aerfoirt a áirithiú ionas go mbainfidh rialtóirí aerthráchta úsáid as an gcur chuige céanna i ngach aerfort lena mbaineann agus, dá bhrí sin, go leanfadh foirne na treoracha céanna.

2.5.   Na feabhsuithe comhshaoil a mheastar a bheidh ann

Le AF2, rannchuideofar le feabhsú cháilíocht an aeir trí phatrúin aerthráchta ar an talamh agus san aer a bharrfheabhsú, trí intuarthacht a mhéadú, agus trí laghdú ídithe breosla agus laghdú astaíochtaí torainn a bhaineann le ruthaig eitiltí i gcás na ndaonraí agus na bpobal atá i ngiorracht do na haerfoirt a liostaítear i bpointe 2.2.

2.6.   Idirthuilleamaíochtaí le feidhmiúlachtaí ATM eile

Tá idirthuilleamaíochtaí ag AF2 leis na nithe seo a leanas:

a)

AMAN leathnaithe agus tacar comhtháthaithe AMAN/DMAN a leagtar amach in AF1;

b)

an comhtháthú AOP/NOP a leagtar amach in AF4;

c)

SWIM a leagtar amach in AF5.

3.   AF 3: Bainistiú solúbtha aerspáis agus aerspás saorbhealaigh

3.1.   An raon feidhme oibríochtúil agus teicniúil

3.1.1.   Fofheidhmiúlacht BAT: Bainistiú aerspáis agus úsáid ardsolúbtha aerspáis

Faisnéis Ghinearálta

Le bainistiú aerspáis agus le húsáid ardsolúbtha aerspáis, rannchuidítear leis an athrú oibríochtúil bunriachtanach “Aerspás atá go hiomlán dinimiciúil agus barrfheabhsaithe” a bhaint amach. Ceanglaítear le feidhmíocht mhéadaithe BAT go gcomhroinnfear athruithe ar stádas aerspáis go leanúnach leis na gníomhaithe BAT lena mbaineann, go háirithe leis an mBainisteoir Gréasáin, ANSPanna agus leis na húsáideoirí aerspáis (ionad oibríochtaí eitilte/ionad oibríochtaí sciatháin (“FOC/WOC”)). Tá sé d’aidhm ag bainistiú aerspáis (“ASM”) agus ag úsáid sholúbtha aerspáis (“A-FUA”) an t-eagrú agus an bainistiú aerspáis is éifeachtúla a chur ar fáil mar fhreagairt ar riachtanais úsáideoirí aerspáis. Le ASM, mar aon le A-FUA, cuirtear réiteach ar fáil chun éilimh úsáideoirí aerspáis a bhainistiú go dinimiciúil i dtimpeallachtaí oibríochta éagsúla.

Le nósanna imeachta agus próisis ASM, éascaítear oibríochtaí aerspáis saorbhealaigh gan tagairt do ghréasán bealaí seasta ina mbainistítear an t-aerspás go dinimiciúil, trí limistéar próifíle athraithí (“VPA”), trí limistéar srianta sealadach (“TRA”) nó trí limistéar leithscartha sealadach (“TSA”). Le ASM atá bunaithe ar chumraíochtaí aerspáis réamhshainithe, sásaítear ionchais feidhmíochta gréasáin ATM agus éileamh geallsealbhóirí oibríochtúla agus an acmhainn atá ar fáil araon á gcur san áireamh.

Ní mór comhroinnt sonraí a fheabhsú trí struchtúir aerspáis réamhshainithe a bheith ar fáil chun tacú le cur chun feidhme ASM agus aerspás saorbhealaigh (“FRA”) atá níos dinimiciúla. Le ASM, mar aon le sreabhadh aerthráchta agus bainistiú acmhainne (“ATFCM”), tacaítear le cumraíochtaí agus cásanna réamhshainithe aerspáis, lena gcuirtear eagrú aerspáis atá dinimiciúil éifeachtúil ar fáil, lena n-áirítear cumraíochtaí earnála, chun déileáil le hiarrataí úsáideoirí aerspáis sibhialta agus míleata araon.

Le réitigh ASM, ní mór tacú le gach úsáideoir aerspáis agus iad a bheith bunaithe ar éileamh tuartha a fhaightear ón sreabhadh aerthráchta áitiúil agus ó bhainistiú acmhainneachta (“ATFCM”) i dtaca le Cealla Bainistithe Aerspáis (AMCanna) agus leis an mBainisteoir Gréasáin. Ní mór don chóras tacú le gníomhaíochtaí trasteorann a mbíonn úsáid chomhroinnte thoilleadh aerspáis de thoradh orthu, beag beann ar theorainneacha náisiúnta.

Ní mór feabhsuithe ar NOP a bhaint amach trí phróiseas cinnteoireachta comhoibríoch idir na geallsealbhóirí oibríochtúla uile lena mbaineann.

Ceanglais an chórais

a)

Ní mór do chórais tacaíochta ASM tacú leis na gréasáin bealaí seasta coinníollacha, le cumraíochtaí FRA agus earnála solúbtha agus ní mór dóibh a bheith in ann freagairt d’éilimh athraitheacha ar aerspás.

b)

Ní mór do chóras ASM tacú le gníomhaíochtaí trasteorann arb é an toradh atá orthu go mbaintear úsáid chomhroinnte as toilleadh aerspáis beag beann ar theorainneacha náisiúnta.

c)

Ní mór faisnéis faoi stádas aerspáis, lena n-áirítear áirithintí aerspáis, a bheith inrochtana trí na córais Bainisteoirí Gréasáin – trí úsáid a bhaint as na seirbhísí SWIM atá ar fáil mar a leagtar amach iad i bpointe 5.1.3 – ní mór cumraíochtaí aerspáis atá cothrom le dáta agus réamh-mheasta a bheith iontu chun gur féidir le húsáideoirí aerspáis a bpleananna eitilte a chomhdú agus a mhodhnú bunaithe ar fhaisnéis thráthúil chruinn.

d)

Ní mór do chórais ATC tacú le cumraíocht sholúbtha earnálacha chun a dtoisí agus a n-uaireanta oibriúcháin a bharrfheabhsú i gcomhréir le héilimh NOP.

e)

Ní mór na córais Bainisteoirí Gréasáin an méid seo a leanas a dhéanamh:

measúnú leanúnach a cheadú ar an tionchar a bhíonn ag athruithe ar chumraíochtaí aerspáis ar an ngréasán;

a bheith modhnaithe chun na hathruithe ar shainmhíniú aerspáis agus ar na bealaí a léiriú chun go mbeidh na bealaí, an dul chun cinn eitilte agus an fhaisnéis ghaolmhar ar fáil do chórais ATC.

f)

Ní mór do chórais ATC léiriú ceart a thabhairt ar ghníomhachtú agus ar dhíghníomhachtú áirithintí aerspáis inchumraithe.

g)

Ní mór na córais ASM, ATFCM agus ATC a bheith idir-inoibritheach chun gur féidir seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar bunaithe ar chomhthuiscint ar an aerspás agus ar an timpeallacht tráchta.

h)

Ní mór na córais ATC a mhodhnú chun gur féidir le AF3 mír 4 agus mír 5 de phointe 3.2 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 a chomhlíonadh a mhéid is gá.

i)

Ní mór do chórais seirbhísí faisnéise aerloingseoireachta láraithe (“AIS”), amhail an Bunachar Sonraí AIS Eorpach (“EAD”), sonraí comhshaoil a sholáthar do FRA Eorpach agus do struchtúir sholúbtha aerspáis do gach geallsealbhóir oibríochtúil lena mbaineann – cé is moite de struchtúir ad hoc de bharr iarrataí/áirithintí gearrthéarmacha – lena gcumasaítear pleanáil bunaithe ar fhaisnéis chruinn atá ábhartha maidir le ham na n-oibríochtaí atá beartaithe. Ní mór an fhaisnéis a chur ar fáil trí úsáid a bhaint as seirbhísí SWIM atá ar fáil agus a leagtar amach i bpointe 5.1.3.

j)

Ní mór do chórais AIS a bheith in ann úsáid a bhaint as na sonraí arna soláthar ag EAD agus na sonraí áitiúla atá ag athrú a uaslódáil.

k)

Ní mór do gheallsealbhóirí oibríochtúla a bheith in ann comhéadan a dhéanamh leis na córais Bainisteoirí Gréasáin i gcomhréir le AF4. Ní mór comhéadain a leagan amach chun gur féidir sonraí nuashonraithe fíor-ama aerspáis a sheoladh chuig córais geallsealbhóirí oibríochtúla agus chun gur féidir leis na geallsealbhóirí sin faisnéis a chur in iúl go cruinn agus go tráthúil. Ní mór na córais seo a mhodhnú chun gur féidir na comhéadain sin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as na seirbhísí SWIM atá ar fáil agus a leagtar amach i bpointe 5.1.3.

l)

Ní mór don Bhainisteoir Gréasáin tacú le ASM agus A-FUA mar a leagtar amach in AF4 agus, i gcás ina mbeidh sé ar fáil, trí úsáid a bhaint as SWIM mar a leagtar amach in AF5.

m)

Ní mór malartú sonraí idir geallsealbhóirí atá sainordaithe chun imlonnú a dhéanamh ar an mbainistiú solúbtha aerspáis agus ar FRA a leagtar amach in AF3 a chur i bhfeidhm trí úsáid a bhaint as seirbhísí SWIM mar a leagtar amach iad in AF5, i gcás ina mbeidh SWIM ar fáil. Ní mór do na córais lena mbaineann a bheith in ann seirbhísí SWIM a sholáthar nó a úsáid. Féadfar an teicneolaíocht malartaithe sonraí atá ann cheana a úsáid go dtí go mbeidh SWIM ar fáil.

n)

Ní mór do chórais ATC sonraí eitilte nuashonraithe a fháil agus a phróiseáil, ar sonraí iad a thagann as próifíl réamh-mheasta leathnaithe chonradh uathfhaireachais spleách aerárthaigh (“ADS-C EPP”), le feidhmiúlacht nasctha sonraí mar a leagtar amach in AF6, i gcás ina mbeidh sé ar fáil.

3.1.2.   Fo-feidhmiúlacht BAT maidir le haerspás saorbhealaigh

Faisnéis Ghinearálta

Le haerspás saorbhealaigh (“FRA”), rannchuidítear leis an athrú oibríochtúil bunriachtanach “Aerspás atá go hiomlán dinimiciúil agus barrfheabhsaithe”. Is aerspás sonraithe é ina bhféadfaidh úsáideoirí aerspáis bealach idir pointí sainithe iontrála agus fágála a phleanáil gan aon bhac. Faoi réir infhaighteacht aerspáis, ní mór deis a bheith ag úsáideoirí aerspáis bealach a roghnú trí gharspriocanna idirmheánacha, bídís foilsithe nó neamhfhoilsithe, gan tagairt do ghréasán bealaí ATS. Laistigh den aerspás sin, beidh eitiltí faoi réir rialú aerthráchta go fóill.

Ní mór nascacht FRA le TMAanna a áirithiú le ceann amháin de na roghanna seo a leanas:

teorann ingearach FRA a ísliú d’uasteorainneacha ingearacha TMAanna;

pointí iomchuí teachta/imeachta a nascadh;

nascbhealaí FRA a shainiú;

na gnáthbhealaí teachta agus imeachta atá ann cheana a leathnú;

nascadh leis na bealaí ATS foluiteacha seasta trí thacar garspriocanna a léiríonn na próifílí ardaithe/tuirlingthe tipiciúla.

Déantar cur chun feidhme FRA in dhá chéim mar seo a leanas:

FRA tosaigh: le srianta ama agus struchtúir;

FRA deiridh: cur chun feidhme leanúnach saorbhealaigh a bhfuil gné thrasteorann ag baint leis agus nascacht aige le TMAanna.

Chun cur chun feidhme a éascú roimh an spriocdháta dá dtagraítear i bpointe 3.3, féadfar FRA tosaigh a chur chun feidhme ar bhealach teoranta le linn tréimhsí sainithe nó ar bhonn atá teoranta ó thaobh struchtúir de. Ní mheastar ach gur céim idirmheánach chun cur chun feidhme iomlán agus comhsheasmhach FRA a bhaint amach atá i gcur chun feidhme tosaigh FRA i gcodanna d’aerspás atá laghdaithe go hingearach nó go cliathánach, nó laghdaithe sa dá shlí. Is é an cuspóir deiridh atá ann FRA deiridh a imlonnú san aerspás iomlán faoi fhreagracht na mBallstát lena mbaineann os cionn leibhéal eitilte 305 ar a laghad, gan aon teorainn ama agus gan aon laghdú ar thoilleadh agus ar bhonn trasteorann FRA idir stáit chomharsanachta, beag beann ar theorainneacha an Réigiúin Faisnéise Eitilte (“FIR”).

Ceanglais an chórais

a)

Ní mór do chórais Bainisteoirí Gréasáin tacú le FRA, ASM agus A-FUA le feidhmeanna cuí amhail na feidhmeanna seo a leanas:

próiseáil an phlean eitilte;

tograí maidir le ródúchán IFPS;

athródúchán dinimiciúil;

Pleanáil agus cur i bhfeidhm ATFCM;

ualaí tráchta a ríomh agus a bhainistiú;

bainistiú toillte aerspáis ASM.

b)

Ní mór do chórais ATC tacú le cur chun feidhme FRA, ASM agus A-FUA. Ní mór do na geallsealbhóirí oibríochtúla lena mbaineann an uirlis/feidhm iomchuí a roghnú chun an cuspóir sin a bhaint amach bunaithe ar a dtimpeallacht oibríochtúil.

c)

Féadfaidh aon cheann de na nithe seo a leanas a bheith san áireamh i bhfeidhmeanna/uirlisí tacaíochta:

tacaíocht a thabhairt do na timpeallachtaí oibriúcháin chun ruthaig a bhainistiú agus a thaispeáint i dtimpeallacht FRA maidir le suíomh oibre an rialtóra agus leis an gcomhéadan duine le meaisín (“HMI”);

córas próiseála sonraí eitilte (“FDPS”) lena dtacaítear le hoibríochtaí náisiúnta, trasteorann FRA agus le nascacht FRA le TMAanna;

idir-inoibritheacht ATC/ASM/ATFCM;

athrú dinimiciúil ar thoilleadh aerspáis ó ghréasán bealaí seasta go FRA;

uirlisí foláirimh, braite agus réitigh coinbhleachta, amhail uirlisí braite coinbhleachta (“CDT”) lena n-áirítear brath meántéarmach coinbhleachtaí (“MTCD”) agus/nó uirlis rialtóra oirbheartaíochta (“TCT”), faireachán comhréireachta (“MONA”), agus rabhadh maidir le gaireacht limistéir (“APW”) le haghaidh toilleadh/earnálacha dinimiciúla aerspáis;

tuar ruthaig lena dtacaíonn uirlis uathoibrithe chun coinbhleachtaí a bhrath atá oiriúnaithe chun oibriú in FRA;

le haghaidh FRA trasteorann, na córais ATC a thacaíonn le sonraí intinne eitilte a mhalartú, amhail trí theachtaireacht OLDI.

d)

Ní mór do chórais úsáideoirí aerspáis tacú le pleanáil eitilte chun a áirithiú go n-úsáidfear ASM, AFUA agus FRA go sábháilte agus go héifeachtúil, lena n-áirítear cur chun feidhme páirteach agus céimeanna idirmheánacha a imlonnaítear roimh an spriocdháta.

e)

Ní mór go sonrófar na bearta sonracha is gá chun FRA a chur chun feidhme go críochnaitheach, mar atá i gcás réimsí an-chasta, sa chlár imlonnaithe.

f)

Ní mór malartú sonraí idir geallsealbhóirí atá sainordaithe chun imlonnú a dhéanamh ar bhainistiú solúbtha aerspáis agus ar FRA a leagtar amach in AF3 a chur chun feidhme trí úsáid a bhaint as seirbhísí SWIM atá ar fáil mar a leagtar amach in AF5. Ní mór do na córais lena mbaineann a bheith in ann seirbhísí SWIM a sholáthar nó a úsáid. Féadfar an teicneolaíocht malartaithe sonraí atá ann cheana a úsáid go dtí go mbeidh SWIM ar fáil.

g)

Ní mór don FRA tacaíocht a fháil ón mBainisteoir Gréasáin mar a leagtar amach in AF4 agus, i gcás ina mbeidh sé ar fáil, trí úsáid a bhaint as SWIM mar a leagtar amach in AF5.

3.2.   Raon feidhme geografach

Ní mór ASM agus A-FUA a sholáthar agus a oibriú san Aerspás Eorpach Aonair mar a shainmhínítear in Airteagal 3(33) de Rialachán (AE) 2018/1139.

Ní mór FRA a sholáthar agus a oibriú san Aerspás Eorpach Aonair os cionn leibhéal eitilte 305 ar a laghad.

3.3.   Geallsealbhóirí a bhfuil sé de cheangal orthu spriocdhátaí cur chun feidhme agus feidhmiúlachta a chur chun feidhme

Ní mór don Bhainisteoir Gréasáin agus do gheallsealbhóirí oibríochtúla na nithe seo a leanas a oibriú:

ASM agus A-FUA faoin spriocdháta cur chun feidhme an 31 Nollaig 2022;

FRA tosaigh faoin spriocdháta cur chun feidhme an 31 Nollaig 2022;

FRA deiridh, lena n-áirítear FRA trasteorann, le stát comharsanachta amháin ar a laghad agus nascacht FRA le TMAanna, faoin spriocdháta cur chun feidhme an 31 Nollaig 2025.

3.4.   Gá le sioncrónú

Ní mór do ANSPanna sibhialta agus míleata, úsáideoirí aerspáis agus an Bainisteoir Gréasáin sioncrónú a dhéanamh ar chur chun feidhme na n-athruithe córais agus nósanna imeachta is gá le haghaidh ASM agus FRA i gcomhréir leis an gclár imlonnaithe. Ní féidir leis na fofheidhmiúlachtaí sin a bheith éifeachtach ach amháin má chuirtear i ngníomh iad go comhuaineach, rud fhágann gur gá na córais aeir agus talún a bheith feistithe laistigh d’achar ama comhchoiteann. Gan sioncrónú, d’fhéadfadh bearnaí a bheith sa ghréasán a chuirfeadh bac ar úsáideoirí aerspáis bealaí níos éifeachtúla is rogha leo a eitilt gan stró. Ní mór aon teorainneacha áitiúla le cur chun feidhme AFA faoi bhun FL 305 a chur in iúl sa chlár imlonnaithe.

3.5.   Na feabhsuithe comhshaoil a mheastar a bheidh ann

Cuireann FRA ar a gcumas d’úsáideoirí aerspáis eitilt chomh gar agus is féidir dá rogha ruthaig gan bheith srianta ag struchtúir sheasta aerspáis ná gréasáin bealaí seasta. Is é an toradh air sin sruthán breosla níos ísle agus níos lú astaíochtaí CO2. Leis na forálacha maidir le Comhthionscadal a hAon chun FRA a leathnú thar na teorainneacha náisiúnta leis na heilimintí trasteorann agus nascacht le TMA a áirithiú, beidh ruthaig eitilte níos éifeachtúla ann lena gcuirfear na gnéithe trasteorann san áireamh agus lena n-áiritheofar éifeachtúlacht bhreise ródúcháin agus lena n-uasmhéadófar coigiltis astaíochtaí breosla agus CO2. Le FRA trasteorann, cuirtear leis na sochair chomhshaoil trí bhealaí atá níos giorra fós agus cuirtear níos mó roghanna aerspáis ar fáil nuair a bhítear a chinneadh an ruthag is rogha leis an úsáideoir. Tá sé i gceist go n-áiritheofar, le nascacht FRA le TMA, an ruthag eitilte is fearr is féidir ó gheata go geata agus go ndéanfar tuilleadh laghduithe ar astaíochtaí CO2. Leis na feabhsuithe sin ar FRA, cuirfear ar a gcumas do na haerlínte leas níos fearr a bhaint as dálaí meitéareolaíocha nó iad féin a chur in oiriúint do shuaithí gréasáin.

3.6.   Idirthuilleamaíochtaí le feidhmiúlachtaí ATM eile

Tá feidhmiúlachtaí ag ASM, A-FUA agus FRA le AF4, AF5 agus AF6.

4.   AF 4: BAINISTIÚ COMHOIBRÍOCH GRÉASÁIN

Le AF4, rannchuidítear leis an athrú oibríochtúil bunriachtanach “gréasán idirnasctha ATM”. Díríonn sé ar fhaisnéis nuashonraithe faoi eitiltí agus faoi shreabhadh a mhalartú agus an fhaisnéis sin a bharrfheabhsú. Déantar an malartú sin san EATMN. Tá sé d’aidhm aige cur i bhfeidhm beart sreafa agus táscairí castachta a bharrfheabhsú agus an srian a chuirtear ar ruthaig 4D na n-eitiltí a íoslaghdú.

4.1.   Raon feidhme oibríochtúil agus teicniúil

4.1.1.   Fofheidhmiúlacht BAT maidir le bearta feabhsaithe gearrthéarmacha ATFCM

Faisnéis Ghinearálta

Déanann an Bainisteoir Gréasáin ATFCM a chomhordú ar leibhéal an ghréasáin agus ag an leibhéal áitiúil leis an suíomh bainistithe sreafa chun tacú le teophointí a bhrath, bearta gearrthéarmacha ATFCM (STAM) a chur i bhfeidhm, measúnú a dhéanamh ar ghréasáin agus faireachán leanúnach a dhéanamh ar ghníomhaíocht an ghréasáin. Bunaítear STAM agus ní mór comhordú a dhéanamh idir rialú aerthráchta, úsáideoirí aerfoirt, úsáideoirí aerspáis agus an Bainisteoir Gréasáin.

Ní mór do bhainistíocht acmhainneachta oirbheartaíochta STAM a chur chun feidhme trí chinnteoireacht chomhoibritheach a úsáid chun sreabhadh a bhainistiú sula dtéann eitiltí isteach in earnáil agus ní mór di a áirithiú go mbeidh dlúth-chomhordú éifeachtúil ann idir ATC agus feidhm bhainistithe an ghréasáin.

Ceanglais an chórais

a)

Ní mór do na córais Bainisteoirí Gréasáin feidhmiúlachtaí STAM a chur chun feidhme agus ní mór dóibh tacú le comhordú bhearta STAM, lena n-áirítear cumais measúnaithe tionchair gréasáin.

b)

Ní mór d’ANSPanna agus d’úsáideoirí aerspáis úsáid a bhaint as feidhmchlár STAM a chuireann an Bainisteoir Gréasáin ar fáil nó úsáid a bhaint as uirlisí áitiúla nach mór dóibh idirghníomhú le feidhmiúlachtaí STAM an Bhainisteora Ghréasáin trí leas a bhaint as na seirbhísí SWIM atá ar fáil mar a leagtar amach iad in AF5.

4.1.2.   Fofheidhmiúlacht BAT: NOP comhoibríoch

Faisnéis Ghinearálta

Is é atá in NOP comhoibríoch na malartuithe sonraí leanúnacha idir an Bainisteoir Gréasáin agus córais na ngeallsealbhóirí oibríochtúla lena gcumhdaítear saolré iomlán na ruthag agus lena léirítear tosaíochtaí de réir mar a cheanglaíonn an Bainisteoir Gréasáin chun barrfheabhsú fheidhmiú an ghréasáin a áirithiú. Díríonn cur chun feidhme NOP comhoibríoch ar infhaighteacht na pleanála oibríochtúla comhroinnte agus sonraí fíor-ama.

Go háirithe, beidh bainistiú sprioc-amanna (“TT”) ina chuid de NOP comhoibríoch agus cuirtear TT i bhfeidhm ar eitiltí roghnaithe chun críocha ATFCM chun ATFCM a bhainistiú freisin ag pointe an phlódaithe seachas ag an bpointe imeachta amháin. Le linn chéim na pleanála eitilte, ní mór don Bhainisteoir Gréasáin TT a ríomh chun gur féidir le heitilt dul isteach in áit ina gcuirtear bearta ATFCM am-bhunaithe i bhfeidhm.

Ní mór na srianta cumraíochta aerfoirt atá ar fáil agus an fhaisnéis faoin aimsir/aerspás a chomhtháthú le NOP.

Ní mór don Bhainisteoir Gréasáin TT a sholáthar do lárionaid oibríochtaí eitilte na n-úsáideoirí aerspáis mar aon leis an sliotán imeachta comhfhreagrach. Ní mór d’úsáideoirí aerspáis a bhfoirne a chur ar an eolas faoi aon sliotán ríofa agus TT comhfhreagrach.

Ceanglais an chórais

a)

Chun NOP a nuashonrú agus faisnéis nua a fháil ó NOP, ní mór córais talún uathoibrithe ábhartha na ngeallsealbhóirí oibríochtúla a chur in oiriúint don chomhéadan le córais bhainistithe gréasáin.

b)

Ní mór d’úsáideoirí aerspáis a bhfoirne a chur ar an eolas faoi aon sliotán ríofa agus TT comhfhreagrach.

c)

In aerfoirt, ní mór do chórais iAOP comhéadan a dhéanamh go díreach le córais Bainisteoirí Gréasáin a bhaineann le córais NOP chun NOP comhoibríoch a chur chun feidhme.

d)

Ní mór don Bhainisteoir Gréasáin rochtain a thabhairt do na geallsealbhóirí oibríochtúla ar na sonraí atá de dhíth orthu trí na feidhmchláir arna soláthar ag an mBainisteoir Gréasáin trí úsáid a bhaint as HMI réamhshainithe.

e)

Ní mór go ndéanfar an méid seo a leanas trí na córais Bainisteoirí Gréasáin:

tacú le sprioc-am a chomhroinnt le geallsealbhóirí oibríochtúla;

bheith in ann na hamanna ríofa éirí de thalamh (“CTOT”) a choigeartú bunaithe ar TTanna scagtha agus comhaontaithe;

faisnéis pleanála teachta agus faisnéis pleanála imeachta a láimhseáil ón IAOP.

f)

Ag an aerfort cinn scríbe, nuair a théann TTanna i ngleic leis an bplódú teachta, ní mór don iAOP sprioc-amanna maidir le heitiltí isteach (“TTAnna”) a ghiniúint chun é a mhionchoigeartú ina dhiaidh sin i gcomhthéacs comhoibríoch NOP.

4.1.3.   Fofheidhmiúlacht BAT maidir le tacaíocht uathoibrithe le haghaidh measúnú ar chastacht tráchta

Faisnéis Ghinearálta

Úsáidtear faisnéis faoi na ruthaig atá beartaithe, faisnéis faoi ghréasáin agus sonraí anailíseacha taifeadta ó oibríochtaí roimhe seo chun castacht tráchta agus cásanna ró-ualaithe a d’fhéadfadh a bheith ann a thuar, rud a fhágann gur féidir straitéisí maolaithe a chur i bhfeidhm ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal gréasáin.

Ní mór sonraí maidir le plean eitilte FF-ICE (1) (Scaoileadh 1/Seirbhísí Comhdaithe agus trialach) a úsáid chun feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise faoi ruthaig atá beartaithe, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar phleanáil eitiltí agus ar mheasúnuithe ar chastacht.

Le cur chun feidhme STAM chéim 1 atá ann cheana, éascaítear comhtháthú oibríochtúil na feidhmiúlachta ATM sin sna córais atá ann cheana.

Ceanglais an chórais

a)

Ní mór don Bhainisteoir Gréasáin an méid seo a leanas a dhéanamh:

déileáil le struchtúir sholúbtha aerspáis agus cumraíocht bealaí, lena mbeifear in ann ualaí agus castacht tráchta a bhainistiú ar bhealach comhoibríoch ag suíomh bainistithe an tsreafa agus ag leibhéal an ghréasáin;

a bheith in ann seirbhísí comhdaithe Scaoileadh 1 FF-ICE a sholáthar;

tacú le bainistiú cásanna le haghaidh gníomhaíochtaí pleanála ATFCM chun an acmhainneacht ghréasáin a bharrfheabhsú.

b)

Ní mór do na córais próiseála sonraí eitilte comhéadan a dhéanamh le NOP.

c)

Ní mór an fhaisnéis a sholáthraítear tríd an doiciméad infhaighteachta bealaigh (“RAD”) agus trí shrian ar thiúnáil próifíle (PTR) a chomhchuibhiú trí phróiseas cinnteoireachta comhoibríoch (CDM) a bhaineann le leagan amach gréasáin bealaí na hEorpa agus trí fheidhmeanna ATFM de chuid an Bhainisteora Ghréasáin, ionas go mbeidh soláthraithe na gcóras pleanála eitilte in ann ródúchán plean eitilte a ghiniúint a nglacfar leis, leis an ruthag is éifeachtúla.

d)

Ní mór do chórais úsáideoirí aerspáis agus ANSP tacú le malartú seirbhísí comhdaithe Scaoileadh 1 FF-ICE nuair a bheidh siad ar fáil mar a leagtar amach in AF 5.1.6.

e)

Ní mór d’uirlisí ASM/ATFCM a bheith in ann infhaighteacht aerspáis éagsúil agus acmhainneacht earnála éagsúil a bhainistiú – lena n-áirítear A-FUA mar a leagtar amach in AF3, oiriúnú RAD agus STAM.

4.1.4.   Fho-fheidhmiúlacht BAT: Comhtháthú AOP/NOP

Faisnéis Ghinearálta

I NOP comhoibríoch, níl baint ach ag AOPanna le comhroinnt sonraí teoranta le haghaidh na n-aerfort is mó. Chun an comhtháthú a fheabhsú a thuilleadh, ní mór líon na n-aerfort agus líon na míreanna sonraí atá le malartú a mhéadú.

Ní mór don Bhainisteoir Gréasáin comhtháthú méadaithe faisnéise ábhartha NOP agus AOP (TTAanna, mar shampla) a chur chun feidhme, ar faisnéis í a eascraíonn as próiseas cinnteoireachta comhoibríoch (dá dtagraítear in Airteagal 2(9) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún (2).

Ní mór do AOP sonraí iomchuí agus ábhartha a sholáthar, i bhfíor-am, do ghníomhartha an Bhainisteora Ghréasáin chun acmhainneacht sa ghréasán a choigeartú i gcás inar gá. Ní mór don Bhainisteoir Gréasáin agus don aerfort na sonraí sin a chomhaontú go frithpháirteach. I gcás aerfoirt a bhfuil AOP acu, ní mór don Bhainisteoir Gréasáin an t-éileamh teachta a chomhroinnt le AOP agus próiseas cinnteoireachta comhoibríoch a bhunú ar leibhéal ATFM áitiúil chun gur féidir leasuithe a dhéanamh ar na TTAnna bunaithe ar AOP.

Ceanglais an chórais

a)

Ní mór do chórais AOP comhéadan díreach a dhéanamh leis na córais NOP.

b)

Ní mór do chórais Bainisteoirí Gréasáin comhéadan díreach a dhéanamh leis AOPanna.

c)

Ní mór do chórais Bainisteoirí Gréasáin a bhaineann le NOP an fhaisnéis faoi na ruthaig íosnasctha a leagtar amach in AF6, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, a phróiseáil chun tacú le sprioc-am os cionn (“TTO”) nó TTA, nó os cionn an dá cheann, chun an ruthag a fheabhsú.

4.2.   Raon Feidhme Geografach

a)

Ní mór bainistiú comhoibríoch gréasáin a chur i bhfeidhm sa EATMN.

b)

Ní mór NOP Comhoibríoch a chur chun feidhme sna haerfoirt a liostaítear i bpointe 2.2.2.

c)

Ní mór go gcuirfear comhtháthú NOP/AOP chun feidhme sna haerfoirt a liostaítear i bpointe 2.2.3.

4.3.   Geallsealbhóirí a bhfuil ceangal orthu na spriocdhátaí cur chun feidhme agus feidhmiúlachta a chur chun feidhme

Maidir leis an mBainisteoir Gréasáin:

a)

ní mór dó comhtháthú méadaithe a chur chun feidhme maidir le faisnéis NOP agus iAOP a eascraíonn as próiseas cinnteoireachta comhoibríoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2(9) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123.

b)

ní mór dó an t-éileamh teachta a chomhroinnt leis an iAOP sna haerfoirt ina bhfuil sé ar fáil agus próiseas cinnteoireachta comhoibríoch a bhunú ar leibhéal áitiúil bainistithe sliotán aerthráchta (“ATFM”) chun go mbeifear in ann leasuithe a dhéanamh ar na sprioc-amanna maidir le teacht isteach (“TTA”) bunaithe ar iAOP.

c)

ceanglaítear air tacú le geallsealbhóirí atá sainordaithe chun an bainistiú comhoibríoch gréasáin a leagtar amach in AF4 a imlonnú agus rogha ann maidir le rochtain réamhshainithe, nuair is féidir, nó a bhfeidhmchláir féin a nascadh trí mhalartú idirchórasach sonraí.

Ní mór do na geallsealbhóirí oibríochtúla agus don Bhainisteoir Gréasáin an méid seo a leanas a oibriú:

(a)

bearta feabhsaithe gearrthéarmacha ATFCM agus tacaíocht uathoibrithe le haghaidh measúnú ar chastacht tráchta faoin spriocdháta cur chun feidhme an 31 Nollaig 2022.

(b)

NOP comhoibríoch faoi spriocdháta cur chun feidhme an 31 Nollaig 2023.

(c)

Comhtháthú AOP/NOP faoin spriocdháta cur chun feidhme an 31 Nollaig 2027.

4.4.   Gá le sioncrónú

Is gá cur chun feidhme fheidhmiúlacht an bhainistithe chomhoibríoch ghréasáin a shioncrónú chun a áirithiú gur féidir le córais na ngeallsealbhóirí ábhartha sonraí NOP a mhalartú go héifeachtúil agus gan stró ar fud an ghréasáin chun an leibhéal céanna cruinnis a bheith acu agus úsáid an ghréasáin a fheabhsú. Leagfar síos leis an gclár imlonnaithe an chaoi a gcuirfear sioncrónú chun feidhme agus bearnaí sa chur chun feidhme nó moilleanna suntasacha ó gheallsealbhóirí aonair á seachaint.

4.5.   Na feabhsuithe comhshaoil a mheastar a bheidh ann

Le cur chun feidhme iomlán AF4, déanfar cur i bhfeidhm na mbeart sreafa a bharrfheabhsú agus sainaithneofar bealach coiteann chun na srianta gréasáin a mhaolú lena gcuirtear teorainn leis na moilleanna agus leis na hathródúcháin éigeantacha araon, agus ar an gcaoi sin barrfheabhsú iomlán an bhreosla a dhéanann úsáideoirí aerspáis á chaomhnú.

4.6.   Idirthuilleamaíochtaí le feidhmiúlachtaí eile ATM

Tá idirthuilleamaíoachtaí ag AF4 le AMAN leathnaithe a leagtar amach in AF1, le AOP a leagtar amach in AF2, le ASM agus FRA solúbtha a leagtar amach in AF3 agus le SWIM a leagtar amach in AF5.

5.   AF 5: BAINISTIÚ FAISNÉISE AR FUD AN CHÓRAIS

Le bainistiú faisnéise ar fud an chórais (“SWIM”), rannchuidítear leis an gcomhpháirt bhonneagair den athrú oibríochtúil bunriachtanach “gréasán idirnasctha BAT”. Le bonneagar agus seirbhísí SWIM, éascaítear malartú faisnéise ATM idir geallsealbhóirí a bhfuil gá leis le haghaidh gach uile fheidhmiúlachtaí ATM eile.

5.1.   An raon feidhme oibríochtúil agus teicniúil

5.1.1.   Fofheidhmiúlacht BAT maidir le comhpháirteanna den bhonneagar coiteann

Faisnéis Ghinearálta

Is iad seo a leanas na comhpháirteanna den bhonneagar coiteann:

an chlárlann, nach mór a úsáid chun faisnéis faoi sheirbhísí a fhoilsiú, lena n-áirítear sainmhínithe seirbhíse a thugann tuairisc ar na gnéithe sin de sheirbhís ar cheart dóibh a bheith coiteann i gcás gach cur chun feidhme, amhail sonraíochtaí caighdeánaithe seirbhísí agus tuairiscí cur chun feidhme le haghaidh soláthraithe;

príomhbhonneagar coiteann poiblí (PKI), a úsáidtear chun teastais agus liostaí cúlghairme a úsáidtear i gcumarsáid idir geallsealbhóirí chun críocha oibríochtúla a shíniú, a astú agus a chothabháil.

5.1.2.   Bonneagar teicniúil agus sonraíochtaí fho-fheidhmiúlacht BAT ar phróifíl bhuí SWIM

Faisnéis Ghinearálta

Is sásra dáileacháin talún é bonneagar teicniúil phróifíl buí SWIM, lena n-éascaítear cumarsáid idir geallsealbhóirí Eorpacha BAT i dtimpeallacht dháilte. Ní mór na seirbhísí faisnéise a bhainistiú ar bhealach comhchuibhithe agus ceanglaítear leo go mbeidh an fhaisnéis a thugtar agus an bonneagar teicniúil idir-inoibritheach.

Comhlíonann bonneagar teicniúil phróifíl bhuí SWIM an sprioc chumarsáide agus idir-inoibritheachta sin trína bheith modúlach agus trí roghanna cur chun feidhme éagsúla a sholáthar bunaithe ar chruach caighdeáin na seirbhísí gréasáin, lena n-áirítear gealltanais chun prótacail chisil a ísliú, agus raon leathan riachtanas le haghaidh malartuithe faisnéise ar bhealach cuí daingnithe á chur san áireamh.

Is féidir bonneagar teicniúil phróifíl bhuí SWIM a rith ar aon ghréasán atá bunaithe ar IP, mar shampla idirlíon poiblí nó seirbhísí gréasáin uile-Eorpacha nua (PENS), bunaithe ar riachtanais na ngeallsealbhóirí.

Ní mór bonneagar teicniúil phróifíl bhuí SWIM a úsáid chun sonraí BAT a mhalartú le haghaidh gach feidhmiúlacht BAT eile.

Ceanglais an chórais

Ní mór do gheallsealbhóirí a áirithiú gur féidir le gach seirbhís bonneagair theicniúil phróifíl bhuí SWIM úsáid a bhaint as an PKI coiteann nuair a bheidh sé oibríochtúil chun na cuspóirí cibearshlándála is iomchuí don tseirbhís nó do na seirbhísí a bhaint amach.

5.1.3.   Fofheidhmiúlacht BAT maidir le malartú faisnéise aerloingseoireachta

Faisnéis Ghinearálta

Ní mór do gheallsealbhóirí oibríochtúla na seirbhísí seo a leanas a chur chun feidhme, ar seirbhísí iad a thacaíonn le malartú faisnéise aerloingseoireachta trí úsáid a bhaint as bonneagar teicniúil phróifíl bhuí SWIM mar a thuairiscítear sa chlár imlonnaithe:

a)

fógra a thabhairt maidir le gníomhachtú áirithinte/srian aerspáis (“ARES”);

b)

fógra a thabhairt maidir le díghníomhachtú ARES;

c)

réamhfhógra a thabhairt maidir le gníomhachtú ARES;

d)

fógra a thabhairt maidir le scaoileadh ARES;

e)

gné faisnéise aerloingseoireachta arna hiarraidh sin; scagadh indéanta de réir cineál gné, ainm agus scagaire ardfhorbartha le hoibreoirí spásúla, ama agus loighciúla;

f)

faisnéis ARES a cheistiú;

g)

cairteanna aeradróim digiteacha;

h)

leibhéal 1 ASM;

i)

pleananna úsáide aerspáis (AUP, UUP) – leibhéal 2 agus 3 ASM;

j)

NOTAM digiteach.

Ceanglais an chórais

a)

Ní mór do gach seirbhís a liostaítear i bpointe 5.1.3 sonraíochtaí infheidhme SWIM a chomhlíonadh.

b)

Ní mór an acmhainn a bheith ag córais BAT arna n-oibriú ag geallsealbhóirí dá dtagraítear i bpointe 5.3 leas a bhaint as na seirbhísí malartaithe faisnéise aerloingseoireachta, lena n-áirítear NOTAM digiteach.

c)

Ní mór an acmhainn a bheith ag córais AIS arna n-oibriú ag na geallsealbhóirí dá dtagraítear i bpointe 5.3 NOTAM digiteach a sholáthar i gcomhréir le sonraíocht Eurocontrol chun feabhas a chur ar sheirbhísí feasachán faisnéise réamheitilte (PIB) le haghaidh na n-aerfort dá dtagraítear i bpointe 5.3.

5.1.4.   Fofheidhmiúlacht BAT maidir le malartú faisnéise meitéareolaíochta

Faisnéis Ghinearálta

Ní mór do gheallsealbhóirí oibríochtúla seirbhísí a chur chun feidhme a thacaíonn le malartú na faisnéise meitéareolaíche seo a leanas trí úsáid a bhaint as na próifílí buí SWIM a dtugtar tuairisc orthu sa chlár imlonnaithe:

a)

dlús luaithe bolcánaí;

b)

faisnéis mheitéareolaíoch a thacaíonn le próisis nó le háiseanna aeradróim a bhaineann le faisnéis ábhartha MET, le próisis aistriúcháin chun srianta aimsire a dhíorthú le haghaidh na haimsire agus an fhaisnéis sin a thiontú i dtionchar BAT, i gcás ina mbeidh cumas an chórais dírithe go príomha ar léaslíne “am go cinneadh” idir 20 nóiméad agus 7 lá;

c)

faisnéis mheitéareolaíoch a thacaíonn le próiseas BAT faoi bhealach/ascnaimh nó áiseanna a bhaineann leis an bhfaisnéis ábhartha MET, próisis aistriúcháin chun srianta aimsire a dhíorthú agus an fhaisnéis sin a thiontú i dtionchar BAT i gcás ina mbeidh cumas an chórais dírithe den chuid is mó ar léaslíne “am go cinneadh” idir 20 nóiméad agus 7 lá;

d)

faisnéis mheitéareolaíoch a thacaíonn le próiseas bainistithe faisnéise gréasáin nó le háiseanna a bhaineann leis an bhfaisnéis MET ábhartha, le próisis aistriúcháin chun srianta a bhaint as le haghaidh na haimsire agus an fhaisnéis sin a thiontú i dtionchar BAT, i gcás ina mbeidh cumas an chórais dírithe den chuid is mó ar léaslíne “am le cinneadh” idir 20 nóiméad agus 7 lá agus a chuirtear chun feidhme ar leibhéal an ghréasáin.

Ceanglais an chórais

a)

Ní mór cur chun feidhme na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe 5.1.4 sonraíochtaí infheidhme SWIM a chomhlíonadh.

b)

Ní mór é a bheith d’acmhainn ag na córais BAT arna n-oibriú ag geallsealbhóirí dá dtagraítear i bpointe 5.3 na seirbhísí malartaithe faisnéise MET a úsáid.

5.1.5.   Fo-feidhmiúlacht BAT maidir le malartú faisnéise gréasán comharchumainn

Faisnéis Ghinearálta

Ní mór do gheallsealbhóirí oibríochtúla seirbhísí a chur chun feidhme a thacaíonn leis an malartú faisnéise seo a leanas faoin ngréasán comhoibríoch trí úsáid a bhaint as an bpróifíl bhuí SWIM mar a shonraítear sa chlár imlonnaithe:

a)

acmhainneacht uasta aerfoirt bunaithe ar dhálaí aimsire gearrthéarmacha atá ann faoi láthair;

b)

plean oibríochtaí gréasáin agus gach plean oibríochta aerfoirt a shioncrónú;

c)

rialacháin tráchta;

d)

sliotáin;

e)

bearta gearrthéarmacha ATFCM;

f)

pointí plódaithe ATFCM;

g)

srianta;

h)

struchtúr, infhaighteacht agus úsáid aerspáis;

i)

pleananna oibríochta gréasáin agus ascnaimh/faoi bhealach.

Ceanglais an chórais

a)

Ní mór cur chun feidhme na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe 5.1.5 sonraíochtaí infheidhme SWIM a chomhlíonadh.

b)

Ní mór don Bhainisteoir Gréasáin tacú leis na geallsealbhóirí oibríochtúla uile chun sonraí a mhalartú go leictreonach le haghaidh gníomhaíochtaí comhoibríocha um bainistiú gréasáin.

5.1.6.   Fo-feidhmiúlacht BAT maidir le malartú faisnéise eitilte (Próifíl bhuí)

Faisnéis Ghinearálta

Ní mór do gheallsealbhóirí oibríochtúla seirbhísí a chur chun feidhme a thacaíonn le faisnéis eitilte a mhalartú trí úsáid a bhaint as próifíl bhuí SWIM, mar a shonraítear sa chlár imlonnaithe:

a)

bainteach le Seirbhísí Scaoilte 1 FF-ICE:

plean agus bealaí eitilte a ghiniúint agus a bhailíochtú;

pleananna eitilte, ruthag 4D, sonraí faoi fheidhmíocht eitilte, stádas eitilte;

liostaí eitiltí agus sonraí eitilte mionsonraithe;

b)

bainteach le faisnéis imeachta maidir le nuashonrú eitilte;

c)

teachtaireachtaí maidir le nuashonrú eitilte (“FUM”) (seirbhís “Gnólacht le Gnólacht” (B2B) na mBainisteoirí Gréasáin).

Ceanglais an chórais

a)

Ní mór cur chun feidhme na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe 5.1.6 sonraíochtaí infheidhme SWIM a chomhlíonadh.

b)

Le córais BAT arna n-oibriú ag geallsealbhóirí dá dtagraítear i bpointe 5.3, ní mór go gcumasófar úsáid na seirbhísí malartaithe faisnéise eitilte.

5.2.   Raon Feidhme Geografach

Ní mór seirbhísí SWIM a úsáid san EATMN.

5.3.   Geallsealbhóirí a bhfuil sé de cheangal orthu spriocdhátaí feidhmiúlachta agus cur chun feidhme a chur chun feidhme

a)

Ní mór do gach lárionad rialaithe sna limistéir Eorpacha, na haerfoirt dá dtagraítear i bpointe 1.2, an soláthraí seirbhísí faisnéise aerloingseoireachta agus an Bainisteoir Gréasáin gach faisnéis aerloingseoireachta, faisnéis eitilte agus malartuithe sonraí a chur chun feidhme;

b)

Ní mór do gach lárionad rialaithe sna limistéir Eorpacha, na haerfoirt dá dtagraítear i bpointe 1.2, an Bainisteoir Gréasáin agus ag soláthraithe MET an malartú faisnéise meitéareolaíoch a chur chun feidhme.

Ní mór do na geallsealbhóirí oibríochtúla thuasluaite na comhpháirteanna den bhonneagar coiteann dá dtagraítear i bpointe 5.1.1 a sholáthar agus a oibriú faoin spriocdháta cur chun feidhme an 31 Nollaig 2024. Ní mór dóibh fofheidhmiúlachtaí SWIM dá dtagraítear i bpointe 5.1.2 go pointe 5.1.6 a sholáthar agus a oibriú faoin spriocdháta cur chun feidhme an 31 Nollaig 2025.

Agus feidhmiúlacht SWIM á himlonnú, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbainfear amach comhar sibhialta nó míleata a mhéid a cheanglaítear le pointe 3.2 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139.

5.4.   Gá le sioncrónú

Tá cur chun feidhme tráthúil bhonneagar SWIM ar fud an ghréasáin agus gníomhachtú na seirbhísí ábhartha ina réamhriachtanais riachtanacha i gcás thromlach fheidhmiúlachtaí BAT a bhaineann le comhthionscadal a haon. Ní mór do na geallsealbhóirí ábhartha a bpleananna cur chun feidhme agus a n-iarrachtaí cur chun feidhme a shioncrónú i gcomhréir leis an gclár imlonnaithe a mbeidh sé d’aidhm aige an leibhéal céanna trealaimh a bhaint amach agus úsáid an ghréasáin a fheabhsú.

5.5.   Na feabhsuithe comhshaoil a mheastar a bheidh ann

Le SWIM, rannchuidítear le cuspóirí comhshaoil foriomlána na AFanna eile trí idir-inoibritheacht agus malartú faisnéise níos éifeachtúla a chumasú idir na timpeallachtaí oibríochtúla BAT go léir (faoi bhealach, aerfoirt, TMA, Bainisteoir Gréasáin).

5.6.   Idirthuilleamaíochtaí le feidhmiúlachtaí BAT eile

Leis na seirbhísí SWIM cumasaítear na feidhmiúlachtaí BAT eile dá dtagraítear in AF1, AF2, AF3 agus AF4.

6.   AF 6: COMHROINNT FAISNÉISE FAOI NA RUTHAIG THOSAIGH

6.1.   An Raon Feidhme Oibríochtúil agus Teicniúil

6.1.1.   Fo-feidhmiúlacht BAT maidir le comhroinnt faisnéise faoi ruthaig thosaigh idir aer agus talamh

Faisnéis Ghinearálta

Le comhroinnt faisnéise faoi na ruthaig thosaigh idir aer agus talamh, rannchuidítear leis an athrú oibríochtúil bunriachtanach “Oibríochtaí ruthag-bhunaithe”. Leis an malartú ruthag idir aer agus talamh, cuirtear leis an bhfaisnéis faoi na ruthaig. I measc na réamhchéimeanna chun faisnéis faoi chomhroinnt faisnéise faoi na ruthaig thosaigh tá íosnascadh a dhéanamh ar shonraí na próifíle leathnaithe (“EPP”) ón aerárthach go dtí na córais ATC agus na sonraí sin á bpróiseáil ag na córais sin.

Ceanglais an chórais

a)

Ní mór an cumas a bheith ag aerárthaí faisnéis faoi na ruthaig a íosnascadh go huathoibríoch trí úsáid a bhaint as ADS-C EPP mar chuid de sheirbhísí ATS B2. Ní mór go ndéanfar na sonraí ruthaig arna n-íosnascadh go huathoibríoch ón gcóras aerbheirthe an córas BAT a nuashonrú i gcomhréir le téarmaí an chonartha.

b)

Ní mór do chórais talún cumarsáide nasctha sonraí tacú le ADS-C (íosnasc de ruthag aerárthaigh trí úsáid a bhaint as EPP) mar chuid de sheirbhísí ATS B2 agus comhoiriúnacht leis an rialtóir á coinneáil ag an am céanna – seirbhísí maidir le cumarsáid nasctha sonraí (“CPDLC”) mar a cheanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún (3), lena n-áirítear seirbhís a sholáthar d’eitiltí nach ndéantar a fheistiú ach le Bunlíne Ghréasáin Teileachumarsáide Aerloingseoireachta 1 (“ATN-B1”).

c)

Ní mór do na soláthraithe ATS uile dá dtagraítear i bpointe 6.3 agus na córais ghaolmhara BAT a bheith in ann faisnéis faoi na ruthaig ó aerárthaí feistithe a fháil agus a phróiseáil.

d)

Ní mór do na córais BAT é a chur ar a gcumas do rialtóirí bealach an ruthaig íosnasctha a thaispeáint.

e)

Ní mór do chórais ATC rabhadh a thabhairt do rialtóirí i gcás ina mbeidh neamhréir idir an ruthag íosnasctha aerárthaigh agus an ruthag córais talún a léirmhíníodh trí úsáid a bhaint as bealach an phlean eitilte comhdaithe.

6.1.2.   Fo-feidhmiúlacht BAT maidir le feabhsú faisnéise ruthag an Bhainisteora Ghréasáin

Faisnéis Ghinearálta

Le feabhsú faisnéise an bhainisteora ghréasáin, rannchuidítear leis an athrú oibríochtúil bunriachtanach “oibríochtaí ruthag-bhunaithe”. Cuirtear feabhas ar fhaisnéis ruthaig trí úsáid a bhaint as malartú ruthag idir aer agus talamh. Is céim eile chun cinn é an fhaisnéis sin a bheith á próiseáil ag na córais Bainisteoirí Gréasáin chun comhroinnt faisnéise faoi na ruthaig thosaigh a imlonnú.

Ceanglais an chórais

Leis na córais Bainisteoirí Gréasáin, ní mór úsáid a bhaint as gnéithe de na ruthaig íosnasctha chun feabhas a chur ar a gcuid faisnéise faoi ruthaig a eitlíonn aerárthaí.

6.1.3.   Fofheidhmiúlacht BAT maidir le faisnéis faoi na ruthaig thosaigh a chomhroinnt le dáileadh na talún

Faisnéis Ghinearálta

Le dáileadh comhroinnte faisnéise faoi na ruthaig thosaigh ar an talamh, rannchuidítear leis an athrú oibríochtúil bunriachtanach “oibríochtaí ruthag-bhunaithe”. Déantar sonraí faisnéise faoi na ruthaig a thagann ó chórais aerbheirthe a dháileadh ar an talamh chun na sonraí idir aer agus talamh a íoslaghdú agus chun a áirithiú go mbeidh na sonraí céanna ag gach aonad seirbhísí aerthráchta (“ATSU”) atá páirteach san obair bhainistithe eitilte. Ní mór na sonraí ruthaig a phróiseáil agus a thaispeáint do na rialtóirí ar bhealach comhchuibhithe mar a leagtar amach i bpointe 6.1.1.

Ceanglais an chórais

a)

Ní mór go n-áiritheofar le córais talún go ndéantar sonraí ruthaig íosnasctha ón aerárthach a dháileadh idir aonaid ATS agus idir aonaid ATS agus na córais Bainisteoirí Gréasáin.

b)

Is réamhriachtanas bunriachtanach le haghaidh an AF6 é an cumas nasctha sonraí dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 29/2009.

c)

Ní mór do bhonneagar cumarsáide aeir/talún atá iontaofa, tapa agus éifeachtúil tacú le comhroinnt faisnéise faoi na ruthaig thosaigh.

6.2.   Raon Feidhme Geografach

Ní mór comhroinnt faisnéise faoi na ruthaig thosaigh a imlonnú i ngach aonad ATS a sholáthraíonn seirbhísí aerthráchta laistigh den aerspás a bhfuil freagracht ar na Ballstáit ina leith i réigiún EUR ICAO.

6.3.   Geallsealbhóirí a bhfuil sé de cheangal orthu an fheidhmiúlacht agus an tionsclú agus an spriocdháta cur chun feidhme a chur chun feidhme

a)

Ní mór do sholáthraithe ATS agus don Bhainisteoir Gréasáin a áirithiú go mbeifear in ann faisnéis faoi na ruthaig thosaigh a chomhroinnt os cionn leibhéal eitilte 285 faoin spriocdháta cur chun feidhme an 31 Nollaig 2027.

b)

Tá feidhm ag pointe 6.1.1 maidir le gach eitilt a oibríonn mar ghnáth-aerthrácht i gcomhréir le rialacha uirlisí eitilte laistigh den aerspás os cionn leibhéal eitilte 285 laistigh den Aerspás Eorpach Aonair mar a shainmhínítear in Airteagal 3(33) de Rialachán (AE) 2018/1139. Ní mór d’oibreoirí aerárthaigh a áirithiú go bhfuil aerárthaí a oibríonn eitiltí a bhfuil deimhniú aerfhiúntais aonair acu, a eisíodh den chéad uair an 31 Nollaig 2027 nó ina dhiaidh sin, feistithe le ADS-C EPP mar chuid de chumas ATS B2, i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme chun ruthag aerárthaí a íosnascadh.

c)

Is é an 31 Nollaig 2023 an spriocdháta tionsclaithe le haghaidh phointí 6.1.1, 6.1.2 agus 6.1.3 den Iarscríbhinn seo, de bhun Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013.

6.4.   Gá le sioncrónú

Ní mór do gach ANSP, an Bainisteoir Gréasáin agus úsáideoirí aerspáis sioncrónú a dhéanamh ar chur chun feidhme an chórais spriocdhírithe agus an tseachadta seirbhíse a leagtar amach in AF6 i gcomhréir leis an gclár imlonnaithe chun a áirithiú go gcuirfear feabhas ar fud an ghréasáin ar bhonneagar cumarsáide inoibríoch idir aer agus talamh agus chun úsáid fheidhmiúlacht an ghréasáin a fheabhsú. Le pleanáil shioncrónaithe, lena n-áirítear treochláir eitleonaice úsáideoirí aerspáis, seachnófar bearnaí sa chur chun feidhme agus moilleanna suntasacha le haghaidh geallsealbhóirí aonair.

6.5.   Na feabhsuithe comhshaoil a mheastar a bheidh ann

Trí an ruthag eitilte aerbheirthe a chomhroinnt i measc geallsealbhóirí, is féidir leis na húsáideoirí aerspáis eitilt ar an ruthag is éifeachtúla go sábháilte. Dá thoradh sin, tiocfaidh méadú ar éifeachtúlacht breosla agus laghdú ar astaíochtaí CO2 agus ar astaíochtaí torainn. Trí fhaisnéis faoi na ruthaig a chomhroinnt beifear in ann seirbhísí a fhorbairt a thuilleadh, rud a laghdóidh a thuilleadh an tionchar diúltach a bhíonn ag gníomhaíocht aerárthaigh ar an gcomhshaol.

6.6.   Idirthuilleamaíochtaí le feidhmiúlachtaí ATM eile

Tá idirthuilleamaíochtaí ag AF6 le bainistiú aerspáis agus le húsáid ardsolúbtha aerspáis dá dtagraítear in AF3.


(1)  Faisnéis Eitilte & Sreabhadh le haghaidh Timpeallacht Comhoibríoch (FF-ICE). ICAO DOC 9965 2012 & ICAO DOC 9854 2005

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna gréasáin bainistíochta aerthráchta (BAT) a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún (IO L 28, 31.1.2019, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 an 16 Eanáir 2009 ón gCoimisiún lena leagtar síos na ceanglais maidir le seirbhísí nasctha sonraí le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (IO L 13, 17.1.2009, lch. 3).