2.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 36/7


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/115 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Samhain 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (1), agus go háirithe Airteagal 15(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/1021, cuirtear chun feidhme gealltanais an Aontais faoi Choinbhinsiún Stócólm maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (2) (“an Coinbhinsiún”) agus faoin bPrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (3).

(2)

In Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún (“Díchur”) tá liosta ceimiceán a gceanglaítear ar gach Páirtí sa Choinbhinsiún na bearta dlí agus riaracháin is gá a thoirmeasc agus/nó a dhéanamh chun deireadh a chur lena dtáirgeadh, lena n-úsáid, lena n-allmhairiú agus lena n-onnmhairiú, agus na díolúintí sonracha is infheidhme a leagtar síos san Iarscríbhinn sin á gcur san áireamh.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/784 ón gCoimisiún (4), leasaíodh Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 chun aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a áireamh.

(4)

Le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2019/1021 tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun iontrálacha atá in Iarscríbhinn I cheana a mhodhnú chun iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

(5)

Tar éis Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/784 a ghlacadh, cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi go raibh eisíontais neamhbheartaithe de PFOAnna agus dá shalainn, os cionn na teorann 0,025 mg/kg (0,0000025 % de réir meáchain) a leagadh síos sa Rialachán sin, i bhfeistí leighis áirithe seachas feistí in-ionchlannaithe agus feistí ionracha.

(6)

Chun nach mbeadh toirmeasc ar mhonarú feistí leighis den sórt sin tar éis an 3 Nollaig 2020 agus chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí chun leibhéal na n-eisíontas a laghdú, ba cheart teorainn 2 mg/kg (0,0002 % de réir meáchain) a shocrú maidir le rian-éilleáin neamhbheartaithe (UTC) i gcás PFOA, a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara, faoi réir athbhreithniú.

(7)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/784 tugadh isteach teorainn UTC le haghaidh PFOA agus a shalainn i micreaphúdair pholaiteitreafluaireitiléine (PTFE) arna dtáirgeadh trí bhíthin ionradaíocht ianúcháin suas le 400 cileagrae.

(8)

Tar éis Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/784 a ghlacadh, cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi go raibh an ceanglas a leagadh síos maidir le hionradaíocht ianúcháin suas le 400 cileagrae a dhéanamh sa phróiseas táirgthe, go raibh sé ró-shonrach chun a chomhlíonta ag na hoibreoirí agus ró-shonrach a mhéid a bhaineann le seiceáil ag na húdaráis ar an gcomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt do 400 cileagrae a scriosadh.

(9)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/784 tugadh isteach teorainn UTC le haghaidh comhdhúile PFOA-ghaolmhara i gcás ina mbíonn siad ina gcomhábhar i substaint a bhfuiltear lena húsáid mar idirmheánach aonraithe iompartha chun fluaraiceimiceáin a tháirgeadh arb é 6 adamh nó níos lú ná sin fad an tslabhra carbóin iontu.

(10)

Is éard a bhí i gceist le teorainn UTC idirmheánaigh a chumhdach a úsáidtear chun roghanna malartacha PFOA a tháirgeadh ina bhfuil 6 cinn nó níos lú d'adaimh charbóin lánfhluairínithe. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an focal “carbóin” a cháiliú le “sárfhluara-”.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Samhain 2020.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 169, 25.6.2019, lch. 45.

(2)   IO L 209, 31.7.2006, lch. 3.

(3)   IO L 81, 19.3.2004, lch. 37.

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/784 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a liostú (IO L 188 I, 15.6.2020, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

I gCuid A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, sa tábla, leasaítear mar a leanas an ceathrú colún (“Díolúine shonrach maidir le húsáid idirmheánach nó sonraíocht eile”) den iontráil maidir le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de phointe 3:

“3.

Chun críocha na hiontrála seo, beidh feidhm ag pointe (b) d'Airteagal 4(1) maidir le tiúcháin chomhdhúile PFOA-ghaolmhara atá cothrom le 20 mg/kg (0,002 % de réir meáchain) nó faoina bhun sin i gcás ina bhfuil siad ina gcomhábhar i substaint a bhfuiltear lena húsáid mar idirmheánach aonraithe iompartha de réir bhrí phointe 15(c) d'Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus ina gcomhlíontar na coinníollacha dianrialaithe a leagtar amach in Airteagal 18(4)(a) go hAirteagal 18(4)(f) den Rialachán sin i dtaca le táirgeadh fluaraiceimicéan ina bhfuil slabhra sárfhluaracarbóin atá 6 adamh ar fad nó níos giorra ná sin.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de phointe 4:

“4.

Chun críocha na hiontrála seo, beidh feidhm ag pointe (b) d'Airteagal 4(1) maidir le tiúcháin PFOA agus a shalainn atá cothrom le 1 mg/kg (0,0001 % de réir meáchain) nó faoina bhun sin i gcás ina bhfuil siad ina gcomhábhar i micreaphúdair pholaiteitreafluaireitiléine (PTFE) arna dtáirgeadh trí bhíthin ionradaíocht ianúcháin nó trí bhíthin díghrádú teirmeach agus, freisin, i gcás ina bhfuil siad ina gcomhábhar i meascáin agus earraí, ina bhfuil micreaphúdair PTFE, a bhfuiltear lena n-úsáid go tionsclaíoch nó go gairmiúil.”;

(3)

cuirtear an pointe (10) seo a leanas isteach:

“10.

Chun críocha na hiontrála seo, beidh feidhm ag pointe (b) d'Airteagal 4(1) maidir le tiúcháin PFOA agus a shalainn agus/nó a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara atá cothrom le 2 mg/kg (0,0002 % de réir meáchain) nó faoina bhun sin i gcás ina bhfuil siad ina gcomhábhar i bhfeistí leighis cé is moite d'fheistí ionracha agus d'fheistí in-ionchlannaithe. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus measúnú ar an díolúine sin tráth nach déanaí ná an 22 Feabhra 2023”.