1.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 34/18


RIALACHÁN (AE) 2021/101 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Eanáir 2021

lena mbunaítear an clár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do ghléasra cumhachta núicléiche Ignalina sa Liotuáin agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais 2003, agus go háirithe Airteagal 56 de agus Airteagal 3 de Phrótacal Uimh. 4 atá i gceangal léi,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Prótacal Uimh. 4 maidir le gléasra cumhachta núicléiche Ignalina sa Liotuáin (1) (“Prótacal Uimh. 4”) atá i gceangal leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus le hoiriúnaithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe (2) (“Ionstraim Aontachais”), gheall an Liotuáin go ndúnfadh sí aonaid 1 agus 2 de Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina faoin 31 Nollaig 2004 agus faoin 31 Nollaig 2009 faoi seach, agus, dá dhroim sin, go ndéanfadh sí na haonaid sin a dhíchoimisiúnú.

(2)

I gcomhréir lena hoibleagáidí faoin Ionstraim Aontachais agus le cúnamh ón Aontas, dhún an Liotuáin an dá aonad laistigh de na spriocdhátaí faoi seach agus rinne sí dul chun cinn suntasach i dtreo a ndíchoimisiúnaithe. Tá gá le tuilleadh oibre chun leanúint de leibhéal na guaise raideolaíche a laghdú. Bunaithe ar na meastacháin atá ar fáil, tá acmhainní airgeadais breise de dhíth chun na críche sin tar éis 2020.

(3)

Ba cheart do na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh. Ba cheart díchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sábháilteacht núicléach, eadhon Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle (3), agus maidir le bainistiú dramhaíola, eadhon Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle (4). De bhun Airteagail 4(1) agus 7(1) de Threoir 2011/70/Euratom, is ar na Ballstáit anois agus feasta an fhreagracht deiridh maidir le bainistiú sábháilte an bhreosla spíonta agus na dramhaíola radaighníomhaí a ghintear.

(4)

Maidir le dúnadh Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina roimh am agus an díchoimisiúnú a rinneadh air ina dhiaidh sin, gléasra ina raibh dhá aonad imoibreora de chineál 1 500 MW RBMK a fuarthas le huacht ón Aontas Sóivéadach, ní fhacthas a leithéid riamh agus ba ionann é agus ualach eisceachtúil airgeadais ar an Liotuáin nach raibh i gcomhréir le méid agus neart eacnamaíoch na tíre. Luaitear i bPrótacal Uimh. 4 go bhfuiltear le leanúint gan bhriseadh den chúnamh airgeadais ón Aontas mar thaca le hiarrachtaí na Liotuáine chun Gléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhíchoimisiúnú agus dul i ngleic le hiarmhairtí Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhúnadh agus a dhíchoimisiúnú agus le síneadh a chur leis tar éis 2006 ar feadh thréimhse na gcéad Peirspictíochtaí Airgeadais eile.

(5)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán an chláir cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina sa Liotuáin (an “Clár”) arb é atá le bheith ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (5), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(6)

Ba cheart an Clár a bhunú ar feadh tréimhse 7 mbliana chun a fhad a ailíniú le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (6).

(7)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (“Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gClár seo. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht le saineolaithe seachtracha.

(8)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (9), (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 (10) agus (AE) 2017/1939 ón gComhairle (11), táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas chun comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha.

(9)

Ní dhéanann an Rialachán seo dochar do thoradh aon nósanna imeachta maidir le Státchabhair a d’fhéadfaí a chur ar bun amach anseo i gcomhréir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”).

(10)

Ba cheart don mhaoiniú a dhéantar de bhun an Rialacháin seo díriú ar ghníomhaíochtaí lena gcuirtear cuspóirí sábháilteachta an díchoimisiúnaithe chun feidhme.

(11)

Ba cheart táirgeadh eolais agus comhroinnt taithí a bheith i gceist leis an gClár freisin. Ba cheart an t-eolas agus an taithí a fhaightear faoin gClár agus na ceachtanna a fhoghlaimítear faoi a mhéid a bhaineann leis an bpróiseas díchoimisiúnúcháin núicléigh a scaipeadh san Aontas, i gcomhordú agus i sineirge le cláir ábhartha eile an Aontais i ndáil le gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin sa Bhulgáir, sa tSlóvaic agus ag suiteálacha núicléacha an Choimisiúin ag suíomhanna an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) toisc go mbaineann an breisluach AE is mó leis na bearta sin agus go gcuirtear le sábháilteacht na n-oibrithe agus an phobail i gcoitinne chomh maith le cosaint an chomhshaoil. Ba cheart raon feidhme, nós imeachta agus gnéithe eacnamaíocha an chomhair a shonrú sa chlár oibre ilbhliantúil agus d’fhéadfadh siad, ina theannta sin, a bheith faoi réir comhaontuithe idir na Ballstáit agus/nó leis an gCoimisiún.

(12)

Ba cheart do JRC scaipeadh eolais a éascú i measc geallsealbhóirí éagsúla an Aontais ar bhealach comhordaithe mar shampla trí anailís mhargaidh, athbhreithnithe agus measúnuithe a dhéanamh ar riachtanais eolais san Aontas, treoracha féideartha le haghaidh comhair a shainaithint, mar aon le geallsealbhóirí leasmhara agus réimsí a mbeadh an breisluach is mó ag gabháil leo de bharr an eolais a tháirgtear i gcur chun feidhme an Chláir, lena bhforbrófaí formáidí le haghaidh comhroinnt eolais. Ba cheart do JRC scaipeadh an eolais a tháirgtear a mhaoiniú. Ba cheart é a bheith de chumas ag aon Bhallstát, ar a thionscnamh féin, naisc agus malartuithe a chruthú ar mhaithe le heolas a scaipeadh.

(13)

Ba cheart Gléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhíchoimisiúnú agus leas á bhaint as an saineolas teicniúil is fearr atá ar fáil, agus aird chuí á tabhairt ar chineál agus ar shonraíochtaí teicneolaíocha na suiteálacha atá le díchoimisiúnú, chun sábháilteacht agus an éifeachtúlacht is fearr is féidir a áirithiú, agus, ar an gcaoi sin, na cleachtais idirnáisiúnta is fearr a chur san áireamh.

(14)

Ba cheart don Liotuáin agus don Choimisiún faireachán agus rialú éifeachtach ar éabhlóid an phróisis díchoimisiúnúcháin a áirithiú chun an breisluach AE is airde a áirithiú maidir leis an gcistiú arna leithdháileadh faoin Rialachán seo, cé gur ar an Liotuáin atá an fhreagracht deiridh maidir leis an díchoimisiúnú. áirítear an dul chun cinn agus an fheidhmíocht a thomhas go héifeachtach, agus bearta ceartaitheacha a achtú i gcás inar gá, a chuimsiú leis sin. Chuige sin, ba cheart coiste a bhunú a mbeadh feidhmeanna faireacháin agus faisnéise aige agus ba cheart ionadaí ón gCoimisiún agus ón Liotuáin a bheith ina gcomhchathaoirligh air.

(15)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (13), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gClár ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha agus ualaí riaracháin agus ró-rialáil, go háirithe ar na Ballstáit, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an talamh.

(16)

Ba cheart é a bheith indéanta méid na leithreasuithe arna leithdháileadh ar an gClár chomh maith leis an gclárthréimhse a athbhreithniú ar bhonn thorthaí na tuarascála meastóireachtaeatramhaí.

(17)

Ba cheart gníomhaíochtaí arna gcómhaoiniú faoin Rialachán seo a shainaithint laistigh de na teorainneacha a shainítear leis an bplean díchoimisiúnúcháin arna thíolacadh ag an Liotuáin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013 (14). Sa phlean sin, sainítear raon feidhme an chláir, chomh maith le staid deiridh agus dáta deiridh an díchoimisiúnúcháin. Cumhdaítear ann freisin na gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin, an sceideal gaolmhar a ghabhann leo, na costais agus na hacmhainní daonna is gá. Nuair is ábhartha, ba cheart don Liotuáin leaganacha nuashonraithe den phlean díchoimisiúnúcháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena mbreithniú agus na cláir oibre á n-ullmhú aici.

(18)

Ba cheart gníomhaíochtaí faoin gClár a dhéanamh le hiarracht chomhpháirteach airgeadais ón Aontas agus ón Liotuáin. Ba cheart uastairseach cómhaoinithe ón Aontas a bhunú i gcomhréir leis an gcleachtas cómhaoinithe arna bhunú faoi na cláir ba réamhtheachtaithe. Agus cleachtas clár inchomparáide de chuid an Aontais agus geilleagar neartaithe na Liotuáine á gcur san áireamh, ó thionscnamh an Chláir go dtí deireadh chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo, ba cheart gurbh é 86 % de na costais incháilithe ráta cómhaoinithe an Aontais. Ba cheart don Liotuáin agus foinsí eile seachas buiséad an Aontais an chuid eile den chómhaoiniú a chur ar fáil, amhail institiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus deontóirí eile.

(19)

Ar an ábhar sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013 a aisghairm.

(20)

Tugadh aird chuí ar Thuarascáil Speisialta Uimh. 22/2016 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, dar teideal “Cláir chúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach an Aontais sa Liotuáin, sa Bhulgáir agus sa tSlóvaic: dul chun cinn a rinneadh ó 2011 ach dúshláin ríthábhachtacha amach anseo fós”, ar na moltaí atá inti agus ar an bhfreagra ón gCoimisiún.

(21)

Tugadh ar aird rún reachtach an 17 Eanáir 2019 ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena mbunaítear an clár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina sa Liotuáin (clár Ignalina); agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013 ón gComhairle.

(22)

Tagann an Clár faoi raon feidhme chlár náisiúnta na Liotuáine maidir le cur chun feidhme an bheartais bainistithe breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí a bunaíodh de bhun Threoir 2011/70/Euratom.

(23)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(24)

Tá feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE, baineann siad freisin leis an gcóras ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(25)

Na modhanna cur chun feidhme agus na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas a leagtar síos sa Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar riosca an neamhchomhlíonta a mheastar a bheith ann. Ba cheart, leis sin, breithniú a dhéanamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach bhfuil nasctha leis na costais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo an clár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina sa Liotuáin (“an Clár”) don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, a bhuiséad don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, na modhanna cur chun feidhme agus na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “díchoimisiúnú” bearta riaracháin agus teicniúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena gceadaítear roinnt de na rialuithe rialála nó iad go léir a bhaint de shaoráid núicléach agus arb é is aidhm leo a áirithiú go ndéanfar cosaint fhadtéarmach ar an bpobal agus ar an gcomhshaol, lena n-áirítear laghdú ar leibhéil radanúiclídí iarmharacha sna hábhair agus ar shuíomh na saoráide núicléiche;

(2)

ciallaíonn “plean díchoimisiúnúcháin” doiciméad ina bhfuil faisnéis mhionsonraithe maidir leis an díchoimisiúnú beartaithe agus lena gcumhdaítear an méid seo a leanas: an straitéis díchoimisiúnúcháin roghnaithe; sceideal, cineál agus seicheamh na ngníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin; an straitéis bainistithe dramhaíola a chuirtear i bhfeidhm, lena n-áirítear imréiteach; an staid deiridh atá beartaithe; stóráil agus diúscairt na dramhaíola ó dhíchoimisiúnú; an t-amchlár le haghaidh díchoimisiúnúcháin; na meastacháin chostais chun díchoimisiúnú a chur i gcrích; agus na cuspóirí, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, na garspriocanna, na spriocdhátaí, chomh maith leis na príomhtháscairí feidhmíochta comhfhreagracha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, táscairí bunaithe ar luach tuillte. Is é sealbhóir ceadúnais na saoráide núicléiche a ullmhaíonn an plean díchoimisiúnúcháin agus léirítear é sin i gcláir oibre ilbhliantúla an Chláir.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

1.   Is é cuspóir ginearálta an Chláir cuidiú leis an Liotuáin díchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a chur chun feidhme, le béim ar leith ar bhainistiú na ndúshlán sábháilteachta a bhaineann leis sin, agus eolas á shealbhú ag an am céanna i dtaca le próiseas díchoimisiúnúcháin núicléigh agus le bainistiú dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as na gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin.

2.   Tá sé de chuspóir sonrach ag an gClár trealamh agus seaftaí imoibreora Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhíchóimeáil agus a dhí-éilliú i gcomhréir leis an bplean díchoimisiúnúcháin, lena n-áirítear bainistiú na dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin agus leanúint de bhainistiú sábháilte a dhéanamh ar an díchoimisiúnú agus ar an dramhaíl iarmharach.

3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn I cur síos mionsonraithe ar chuspóirí sonracha an Chláir. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, Iarscríbhinn I a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

Airteagal 4

Buiséad an Chláir

1.   Is é EUR 552 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Féadfar a chumhdach leis an méid dá dtagraítear i mír 1 na speansais, taobh amuigh de na gníomhaíochtaí a bhfuil cur síos orthu in Iarscríbhinn I, a bhaineann le cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha. Déanfar na speansais sin a dhoiciméadú.

3.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla, a íocfar in imeacht roinnt blianta.

Airteagal 5

Scaipeadh eolais

1.   Scaipfear ar leibhéal an Aontais an t-eolas a shealbhófar le linn phróiseas cur chun feidhme an Chláir.

2.   Déanfar na gníomhaíochtaí chun an ghníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích a mhaoiniú faoi chlár JRC um dhíchoimisiúnú agus um bhainistiú dramhaíola, mar a shainítear i bpointe 5 d’Airteagal 2 de Rialachán (Euratom) 2021/100 ón gComhairle (16). Comhordóidh JRC struchtúrú agus scaipeadh an eolais ar na Ballstáit.

3.   Áireofar agus saineofar próiseas scaipthe an eolais sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 9.

Airteagal 6

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.   Cuirfear an Clár chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó faoi bhainistíocht indíreach le heintitis dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.

2.   Féadfar cistiú ón Aontas faoin gClár a sholáthar in aon fhoirm a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais.

CAIBIDIL II

INCHÁILITHEACHT

Airteagal 7

Gníomhaíochtaí incháilithe

Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 chun feidhme incháilithe chun cistiú ón Aontas a fháil.

Airteagal 8

Rátaí cómhaoinithe

Déanfar gach iarracht leanúint leis an gcleachtas cómhaoinithe arna bhunú faoin gcúnamh réamhaontachais agus faoin gcúnamh arna sholáthar sna cláir airgeadais ilbhliantúla a bhí ann roimhe seo maidir le hiarrachtaí díchoimisiúnúcháin na Liotuáine, agus maidir le cómhaoiniú a mhealladh ó fhoinsí eile de réir mar is iomchuí.

Is é 86 % uasráta foriomlán cómhaoinithe an Aontais is infheidhme a bheidh ann faoin gClár. Is ón Liotuáin agus ó fhoinsí eile, cé is moite de bhuiséad an Aontais, a thiocfaidh an chuid eile den mhaoiniú. Is é an tAontas a mhaoineoidh, ag ráta 100 %, na gníomhaíochtaí is gá maidir le scaipeadh eolais dá dtagraítear in Airteagal 5.

CAIBIDIL III

CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

Airteagal 9

Clár oibre

1.   Is le clár oibre ilbhliantúil a chuirfear an clár chun feidhme, dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais. Glacfar an clár oibre ilbhliantúil i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

2.   Léireofar sa chlár oibre ilbhliantúil an plean díchoimisiúnúcháin atá ina bhonnlíne d’fhaireachán agus do mheastóireachtar an gClár.

3.   Sonrófar sa chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 1 an staid reatha, na cuspóirí, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, na táscairí feidhmíochta gaolmhara agus an amlíne maidir le húsáid na gcistí, agus saineofar ann na sonraí maidir le scaipeadh eolais.

Airteagal 10

Tuairisciú agus faireachán

1.   Leagtar síos in Iarscríbhinn II na táscairí chun tuairisciú ar dhul chun cinn an Chláir i dtreo na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

2.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais tuairiscithe atá comhréireach leis na costais fhoriomlána agus na rioscaí a bhaineann leis an gClár ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb iomchuí, ar Bhallstáit.

3.   Ag deireadh gach bliana, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme na hoibre a rinneadh sna blianta roimhe sin, lena n-áirítear ráta na ngníomhaíochtaí a eascraíonn as glaonna ar thairiscintí, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í.

Airteagal 11

Meastóireacht

1.   Déanfar meastóireachtaí go tráthúil ionas go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

2.   Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gclár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoi chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1(1). Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht eatramhach freisin ar an raon feidhme atá ann an clár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 9 a mhodhnú.

3.   Ag deireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1(1), déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gclár.

4.   Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí, chomh maith lena bharúlacha féin, in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Airteagal 12

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid ranníocaíocht an Aontais agus ranníocaíocht náisiúnta arna ndéanamh ag daoine nó ag eintitis, lena n-áirítear daoine agus eintitis seachas na cinn sin ar thug institiúidí nó comhlachtaí de chuid an Aontais sainordú dóibh, beidh na hiniúchtaí sin mar bhonn leis an gcinnteacht fhoriomlán de réir bhrí Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 13

An Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 14

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistí ón Aontas aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Chláir agus na dtorthaí atá bainte amach.

3.   Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a mhéid a bhaineann leis na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 15

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013.

Airteagal 16

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí sin, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí sin, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013, ar Rialachán é a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh an t-imchlúdach airgeadais don Chlár na costais theicniúla agus cúnaimh riaracháin a bhfuil gá leo a chumhdach chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013 a áirithiú.

3.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na costais dá bhforáiltear in Airteagal (4)2 a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 236, 23.9.2003, lch. 944.

(2)  IO L 236, 23.9.2003, lch. 33.

(3)  Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 172, 2.7.2009, lch. 18).

(4)  Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte ar bhreosla spíonta agus ar dhramhaíl radaighníomhach (IO L 199, 2.8.2011, lch. 48).

(5)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(6)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(10)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(11)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(12)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(13)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013 ón gComhairle an 13 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht ón Aontas don chlár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach sa Liotuáin agus lena n-aisghairtear (CE) Uimh. 1990/2006 (IO L 346, 20.12.2013, p. 7).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(16)  Rialachán 2021/100 (Euratom) ón gComhairle an 25 Eanáir 2021 lena bhunaítear clár airgeadais tiomnaithe um dhíchoimisiúnú agus um bhainistiú dramhaíola agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 1368/2013 (féach leathanach 3 den Iris Oifigúil seo).


IARSCRÍBHINN I

Cur síos mionsonraithe ar chuspóirí an Chláir

1.

Is é cuspóir ginearálta an Chláir cuidiú leis an Liotuáin díchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a chur chun feidhme, le béim ar leith ar na dúshláin sábháilteachta a bhaineann leis sin a bhainistiú. Ós rud é go bhfuil baint cóimeálacha breosla spíonta ó fhoirgnimh imoibreora curtha i gcrích, is iad na chéad dúshláin sábháilteachta eile nach mór dul i ngleic leo leis an gClár croí na n-imoibreoirí a dhíchóimeáil agus bainistiú leanúnach a dhéanamh ar dhíchoimisiúnú agus ar dhramhaíl iarmharach.

2.

Sa tréimhse mhaoiniúcháin dar tús 2021, beidh an clár ina chúnamh do na gníomhaíochtaí seo a leanas a áirítear sa phlean díchoimisiúnúcháin arna thíolacadh ag an Liotuáin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013, go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

díchóimeáil agus dí-éilliú limistéir uachtaracha agus íochtaracha agus threalamh na seaftaí imoibreora, i gcomhréir leis an bplean díchoimisiúnúcháin. Tá an dul chun cinn a rinneadh le tomhas de réir chainníocht agus chineál na n-ábhar a baineadh agus trí luach tuillte chomh maith;

(b)

an dearadh chun limistéir láir na seaftaí imoibreora a dhíchóimeáil agus a dhí-éilliú (croíthe graifíte). Tá an dul chun cinn arna dhéanamh maidir leis an gcuspóir seo le tomhas trí luach tuillte. Tá an cuspóir sin le baint amach roimh 2027, tráth a dheonófar na húdaruithe ábhartha chun an díchóimeáil agus an dí-éilliú iarbhír a dhéanamh, rud atá sceidealta tarlú tar éis 2027;

(c)

bainistiú sábháilte ar an díchoimisiúnú agus ar an dramhaíl iarmharach go dtí go ndéantar iad a stóráil go heatramhach nó a dhiúscairt (ag brath ar an gcatagóir dramhaíola), lena n-áirítear an bonneagar bainistithe dramhaíola a chríochnú i gcás inar gá. Tá an cuspóir sin le baint amach i gcomhréir leis an bplean díchoimisiúnúcháin. Tá an dul arna dheanamh le tomhas de réir chainníocht agus chineál na dramhaíola atá á stóráil nó á diúscairt go sábháilte, agus trí luach tuillte chomh maith;

(d)

an clár um scartáil foirgneamh a chur chun feidhme. Tá an dul arna dheanamh maidir leis an gcuspóir seo le tomhas de réir chainníocht na bhfoirgneamh a scartáladh agus trí luach tuillte chomh maith;

(e)

an ceadúnas díchoimisiúnúcháin a fháil a luaithe a dhéanfar Aonad 1 agus Aonad 2 de Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhíbhreoslú;

(f)

íosghrádú guaiseacha raideolaíocha. Tá an dul chun cinn arna dhéanamh maidir leis an gcuspóir sin le tomhas trí mheasúnuithe sábháilteachta ar na gníomhaíochtaí agus ar an tsaoráid, trí bhealaí a shainaithint ina bhféadfadh nochtadh féideartha tarlú agus trí mheastachán a dhéanamh ar dhóchúlacht agus ar mhéid an nochta fhéideartha.

3.

Le plean díchoimisiúnúcháin Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina bunaíodh struchtúr miondealaithe oibre an Chláir (Gníomhaíocht Díchoimisiúnúcháin Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina agus Struchtúr Ordlathach Dianscaoilte na dTionscadal). Sa chéad leibhéal den struchtúr miondealaithe oibre sin tá na sé mhír seo a leanas:

(a)

P.0 “Eagraíocht gníomhaíochta fiontraíochta”;

(b)

P.1 “Ullmhúchán díchoimisiúnúcháin”;

(c)

P.2 “Díchóimeáil/scartáil saoráide agus athchóiriú suímh”;

(d)

P.3 “Láimhseáil Breosla Núicléach Spíonta”;

(e)

P.4 “Láimhseáil dramhaíola”;

(f)

P.5 “Clár iar-oibríochtúil”.

Cumhdaítear le mír P.0 “Eagraíocht gníomhaíochta fiontraíochta” bainistiú fiontair, faireachas agus dearbhú cáilíochta, faireachán radaíochta agus éiceolaíochta, slándáil fhisiciúil, comhairleoireacht innealtóireachta agus tacaíocht dlí do ghníomhaíochtaí fiontar agus cumarsáid phoiblí.

Cumhdaítear le mír P.1 “Ullmhúchán díchoimisiúnúcháin” foráil do réamhchoinníollacha díchoimisiúnúcháin (amhail fardal trealaimh agus tréithriú raideolaíoch), bonneagar a mhodhnú, trealamh a shuiteáil agus saoráidí a thógáil, córais agus trealamh a leithlisiú, agus córais phróisis, trealamh agus saoráidí a dhí-éilliú.

Cumhdaítear le mír P.2 “Díchóimeáil/scartáil saoráide agus athchóiriú suímh” imoibreoirí a dhíchóimeáil, trealamh/córais próisis a dhíchóimeáil agus réamhchóireáil dramhaíola, scartáil saoráidí agus athchóiriú suímh.

Cumhdaítear le mír P.3 “Láimhseáil Breosla Núicléach Spíonta” láimhseáil agus stóráil breosla núicléach spíonta.

Cumhdaítear le mír P.4 “Láimhseáil dramhaíola” cóireáil, cóiriú, stóráil agus diúscairt dramhaíola radaighníomhaí ar leibhéal an-íseal agus ar leibhéal idirmheánach a bhíonn mar thoradh ar na gníomhaíochtaí oibríochtúla agus díchoimisiúnúcháin.

Cumhdaítear le mír P.5 “Clár iar-oibríochta” oibriú agus cothabháil saoráidí, acmhainní fuinnimh, soláthar uisce, séarachas agus íonú uisce.

4.

Téitear i ngleic leis na príomhdhúshláin sábháilteachta sa tréimhse maoiniúcháin ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027 trí ghníomhaíochtaí faoi mhíreanna P.1, P.2 agus P.4. Cumhdaítear go háirithe díchóimeáil chroí na n-imoibreoirí faoi mhír P.2. Téitear i ngleic le dúshláin is lú faoi mhír P.3, agus cumhdaítear gníomhaíochtaí tacaíochta díchoimisiúnúcháin le míreanna P.0 agus P.5.

5.

Dá réir sin, agus an clár oibre ilbhliantúil á ullmhú aige, breithneoidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis an Liotuáin, na méideanna atá ar fáil a dháileadh de réir na dtosaíochtaí atá sainaitheanta i dTábla 1, gan dochar d’Airteagal 8.

Tábla 1

#

Mír

Tosaíocht

P.0

Eagraíocht gníomhaíochta fiontraíochta

II

P.1

Ullmhúchán díchoimisiúnúcháin

I

P.2

Díchóimeáil/scartáil saoráide agus athchóiriú suímh

I

P.3

Láimhseáil Breosla Núicléach Spíonta

II

P.4

Láimhseáil dramhaíola

I

P.5

Clár iar-oibríochta

III

6.

Scaipfear eolas agus taithí a fuarthas agus ceachtanna a foghlaimíodh faoin gClár maidir leis an bpróiseas díchoimisiúnúcháin ar gheallsealbhóirí an Aontais, agus ar an gcaoi sin, cuirfear feabhas ar bhreisluach AE an Chláir. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh ar na gníomhaíochtaí sin:

naisc agus malartuithe a chruthú i measc gheallsealbhóirí an Aontais, lena n-áirítear na geallsealbhóirí sin arna dtionscnamh ag na Ballstáit;

eolas sainráite a dhoiciméadú agus an t-eolas sin a chur ar fáil trí aistrithe iltaobhacha eolais maidir le saincheisteanna díchoimisiúnúcháin agus rialachais um bhainistiú dramhaíola, maidir leis na cleachtais bhainistíochta is fearr, agus maidir le dúshláin theicneolaíocha agus próisis díchoimisiúnúcháin ar an leibhéal oibríochtúil agus eagraíochtúil araon, d’fhonn sineirgí féideartha de chuid AE a fhorbairt.

Is é an tAontas a mhaoiníonn na gníomhaíochtaí seo ar ráta 100 % de na costais incháilithe.

Tá JRC le tuairisciú ar an dul chun cinn arna dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí seo, ar dul chun cinn é a thomhasfar ar bhonn táscairí a shonraítear ina chlár oibre ilbhliantúil.

7.

Tá diúscairt breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí i stór geolaíoch domhain agus an t-ullmhúchán chuici sin eisiata ón imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4(1).


IARSCRÍBHINN II

Táscairí chun tuairisciú ar dhul chun cinn an Chláir i dtreo na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach

(1)

Bainistiú dramhaíola radaighníomhaí:

cainníocht agus cineál na dramhaíola atá stóráilte nó diúscartha go sábháilte ag a bhfuil cuspóirí bliantúla de réir cineáil, lena mbaintear amach garspriocanna an Chláir;

(2)

Díchóimeáil agus dí-éilliú:

cainníocht agus cineál na n-ábhar a baineadh, ag a bhfuil cuspóirí bliantúla de réir cineáil, lena gcomhlíontar garspriocanna an Chláir.