29.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 31/208


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/97 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Eanáir 2021

lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) 2015/640 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí aeracmhainneachta breise nua a thabhairt isteach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17(1), pointe (h) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 76(3) de Rialachán (AE) 2018/1139, eisíonn Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (“An Ghníomhaireacht”) sonraíochtaí deimhniúcháin agus nuashonraíonn sí go rialta iad chun a áirithiú go leanann siad de bheith oiriúnach don fheidhm. Mar sin féin, maidir le haerárthach ar deimhníodh a dhearadh cheana, níl sé de cheangal air leagan nuashonraithe na sonraíochtaí deimhniúcháin a chomhlíonadh nuair a tháirgtear é nó nuair atá sé i seirbhís. Dá bhrí sin, d'fhonn tacú leis an aeracmhainneacht leanúnach agus d'fhonn an tsábháilteacht a fheabhsú, ba cheart comhlíonadh na gceanglas aeracmhainneachta breise ag na haerárthaí sin a thabhairt isteach, ceanglais nach raibh sna sonraíochtaí deimhniúcháin tosaigh tráth a deimhníodh an dearadh. I Rialachán (AE) 2015/640 ón gCoimisiún (2) leagtar amach na ceanglais aeracmhainneachta bhreise sin.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/133 ón gCoimisiún (3), i bpointe 26.60 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/640, tugadh isteach ceanglais aeracmhainneachta bhreise maidir le dálaí dinimiciúla suíochán paisinéirí agus foirne cábáin ar eitleáin mhóra a táirgeadh le déanaí ar bhonn dearadh a dheimhnigh an Ghníomhaíocht cheana. Maidir le heitleáin mhóra ar eisíodh an deimhniú aeracmhainneachta aonair ina leith den chéad uair an 18 Feabhra 2021 nó ina dhiaidh sin, ní mór dóibh pointe 26.60 a chomhlíonadh. Mar gheall ar mhoilleanna a bhí ar tháirgeadh eitleán de bharr phaindéim COVID-19, i gcás eitleáin áirithe a raibh sé beartaithe deimhniú aeracmhainneachta a eisiúint dóibh roimh an 18 Feabhra 2021, eiseofar an deimhniú sin dóibh i ndiaidh an dáta sin. Chun nach gcuirfí ualach breise ar earnáil na heitlíochta mar gheall ar an ngá le suíocháin a athcháiliú sna heitleáin sin i dtaca leis na dálaí dinimiciúla, ba cheart, dá bhrí sin, eitleáin ar cuireadh moill ar iad a tháirgeadh de dheasca phaindéim COVID-19 a dhíolmhú ó chomhlíonadh phointe 26.60.

(3)

Ar an gcúis sin, ba cheart dáta eisiúna an chéad deimhnithe aeracmhainneachta aonair dá dtagraítear i bpointe 26.60 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/640, arb é an 18 Feabhra 2021 é faoi láthair, a ailíniú le dáta chur i bhfeidhm liosta na gcineálacha eitleán nach bhfuil faoi réir fhorálacha áirithe Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2015/640 a leagtar amach i bhFoscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1159 ón gCoimisiún (4), mar atá an 26 Feabhra 2021. Ós rud é gur beag difríocht ama atá ann idir an dá dháta, ní dhéanfaí difear suntasach don tsábháilteacht eitlíochta. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2015/640 a leasú dá réir.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1159 tugadh isteach ceanglais nua maidir le haerárthaí atá ag éirí sean. Go háirithe, i bpointe 26.334 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/640 tugtar le tuiscint go mbeidh ar na sealbhóirí deimhnithe cineáil forlíontacha a eisíodh roimh an 1 Meán Fómhair 2003 na sonraí faoi lamháltas damáiste a thiomsú cibé acu a theastaíonn na sonraí sin ó oibreoirí nó nach dteastaíonn. Chun a áirithiú gur comhréireach a bheidh an t-ualach ar earnáil na heitlíochta, bhí sé beartaithe i gcónaí nár cheart na sonraí sin a thiomsú ach amháin má theastaíonn siad ó oibreoirí agus arna iarraidh sin dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2015/640 a cheartú dá réir.

(5)

Leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo tagraítear do na leasuithe a tugadh isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1159 a bhfuil feidhm acu ón 26 Feabhra 2021. Dá bhrí sin, ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart an Rialachán seo a bheith infheidhme ón 26 Feabhra 2021 amach.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/640 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ceartaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/640 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 26 Feabhra 2021, cé is moite de phointe (1) d’Iarscríbhinn I, a mbeidh feidhm aige ón 16 Feabhra 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2015/640 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2015 maidir le sonraíochtaí aeracmhainneachta breise le haghaidh cineál áirithe oibríochtaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 (IO L 106, 24.4.2015, lch. 18).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/133 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/640 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí aeracmhainneachta breise nua (IO L 25, 29.1.2019, lch. 14)

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1159 an 5 Lúnasa 2020 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 agus Rialachán (AE) 2015/640 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí aeracmhainneachta breise nua a thabhairt isteach (IO L 257, 6.8.2020, lch. 14).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/640 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 26.60:

26.60   Tuirlingt éigeandála – dálaí dinimiciúla

Maidir le hoibreoirí eitleán mór a úsáidtear in aeriompar tráchtála paisinéirí, a ndearnadh deimhniú cineáil orthu an 1 Eanáir 1958 nó ina dhiaidh sin, agus ar eisíodh deimhniú aeracmhainneachta aonair dóibh den chéad uair an 26 Feabhra 2021 nó ina dhiaidh sin, léireoidh siad, i gcás gach dearaidh cineáil suíocháin a formheasadh le bheith in úsáid le linn inleadh, éirí de thalamh agus tuirlingthe, go gcosnófar an taistealaí nuair atá sé nochta d’ualaí de thoradh dálaí tuirlingthe éigeandála. Léireofar an chosaint sin trí bhíthin ceann de na modhanna seo a leanas:

(a)

tástálacha dinimiciúla a cuireadh i gcrích go rathúil;

(b)

anailís réasúnta lena n-áirithítear sábháilteacht choibhéiseach atá bunaithe ar thástálacha dinimiciúla ar dhearadh cineáil suíocháin chomhchosúil.

Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach sa chéad mhír maidir leis na suíocháin seo a leanas:

(a)

suíocháin chró an phíolóta,

(b)

suíocháin in eitleáin ina bhfuil líon beag suíochán paisinéirí, arb eitleáin iad nach ndéanann ach oibríochtaí aeriompair tráchtála neamhsceidealaithe ar éileamh;

(c)

suíocháin i gceann de na cineálacha eitleán a liostaítear i dTábla A.1 d’Fhoscríbhinn 1 agus ag a bhfuil ceann de na sraithuimhreacha monaróra a liostaítear sa Tábla sin.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn 1:

“Foscríbhinn 1

Liosta na gcineálacha eitleán nach bhfuil faoi réir fhorálacha Iarscríbhinn I (Cuid 26)

Tábla A.1

Sealbhóir deimhnithe cineáil

Cineál

Samhlacha

Sraithuimhir an mhonaróra

Forálacha Iarscríbhinn I (Cuid 26) NACH bhfuil feidhm acu

The Boeing Company

707

Iad uile

 

26.301 go 26.334

The Boeing Company

720

Iad uile

 

26.301 go 26.334

The Boeing Company

DC-10

DC-10-10

DC-10-30

DC-10-30F

Iad uile

26.301 go 26.334

The Boeing Company

DC-8

Iad uile

 

26.301 go 26.334

The Boeing Company

DC-9

DC-9-11, DC-9-12, DC-9-13, DC-9-14,DC-9-15, DC-9-15F, DC-9-21, DC-9-31, DC-9-32, DC-9-32 (VC-9C), DC-9-32F, DC-9-32F (C-9A, C-9B), DC-9-33F, DC-9-34, DC-9-34F, DC-9-41, DC-9-51

Iad uile

26.301 go 26.334

The Boeing Company

MD-90

MD-90-30

Iad uile

26.301 go 26.334

FOKKER SERVICES B.V.

F27

Mark 100, 200, 300, 400, 500, 600, 700

Iad uile

26.301 go 26.334

FOKKER SERVICES B.V.

F28

Mark 1000, 1000C, 2000, 3000, 3000C, 3000R, 3000RC, 4000

Iad uile

26.301 go 26.334

GULFSTREAM AEROSPACE CORP.

G-159

G-159 (Gulfstream I)

Iad uile

26.301 go 26.334

GULFSTREAM AEROSPACE CORP.

G-II_III_IV_V

G-1159A (GIII)

G-1159B (GIIB)

G-1159 (GII)

Iad uile

26.301 go 26.334

KELOWNA FLIGHTCRAFT LTD.

CONVAIR 340/440

440

Iad uile

26.301 go 26.334

LEARJET INC.

Learjet 24/25/31/36/35/55/60

24,24 A,24B,24B-A,24D, 24D-A,24F,24F-A,25,25B,25C,25D,25F

Iad uile

26.301 go 26.334

LOCKHEED MARTIN CORPORATION

1329

Iad uile

 

26.301 go 26.334

LOCKHEED MARTIN CORPORATION

188

Iad uile

 

26.301 go 26.334

LOCKHEED MARTIN CORPORATION

382

382, 382B, 382E, 382F, 382G

Iad uile

26.301 go 26.334

LOCKHEED MARTIN CORPORATION

L-1011

Iad uile

 

26.301 go 26.334

PT. DIRGANTARA INDONESIA

CN-235

Iad uile

 

26.301 go 26.334

SABRELINER CORPORATION

NA-265

NA-265-65

Iad uile

26.301 go 26.334

VIKING AIR LIMITED

SD3

SD3-30

Sherpa

SD3 Sherpa

Iad uile

26.301 go 26.334

VIKING AIR LIMITED

DHC-7

Iad uile

 

26.301 go 26.334

VIKING AIR LIMITED

CL-215

CL-215-6B11

Iad uile

26.301 go 26.334

TUPOLEV PUBLIC STOCK COMPANY

TU-204

204-120CE

Iad uile

26.301 go 26.334

AIRBUS

Sraith A320

A320-251N, A320-271N

10033, 10242, 10281 agus 10360

26.60

AIRBUS

Sraith A321

A321-271NX, A321-251NX

10071, 10257, 10371 agus 10391

26.60.

AIRBUS

Sraith A330

A330-243, A330-941

1844, 1861, 1956, 1978, 1982, 1984, 1987, 1989, 1998, 2007, 2008, 2011, agus 2012

26.60

ATR-GIE Avions de Transport Régional

Sraith ATR 72

ATR72-212A

1565,1598, 1620, 1629, 1632, 1637, 1640, 1642,1649,1657, 1660, 1661

26.60

The Boeing Company

Sraith 737

737-8 agus 737-9

43299, 43304, 43305, 43310, 43321, 43322, 43332, 43334, 43344, 43348, 43391, 43579, 43797, 43798 43799, 43917, 43918, 43919, 43921, 43925, 43927, 43928, 43957, 43973, 43974, 43975, 43976, 44867, 44868, 44873, 60009, 60010, 60040, 60042, 60056, 60057, 60058, 60059, 60060, 60061, 60063, 60064, 60065, 60066, 60068, 60194, 60195, 60389, 60434, 60444, 60455, 61857, 61859, 61862, 61864, 62451, 62452, 62453, 62454, 62533, 63358, 63359, 63360, 64610, 64611, 64612, 62613, 64614, 65899, 66147, 66148, 66150

26.60


IARSCRÍBHINN II

I bpointe 26.334 d’Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

“(a)

Arna iarraidh sin d’oibreoir a bhfuil sé de cheangal air pointe 26.370(a)(ii) a chomhlíonadh, déanfaidh sealbhóir formheasa um athrú a eisíodh roimh an 1 Meán Fómhair 2003 an méid seo a leanas:

(i)

meastóireacht ar an lamháltas damáiste, i ndáil le hathruithe agus deisiúcháin fhoilsithe a shainaithnítear i gcomhréir le mír (a)(i) de phointe 26.332 agus mír (a)(iii) de phointe 26.332;

(ii)

an lamháltas damáiste lena mbaineann a chur in iúl agus a dhoiciméadú, mura bhfuil sin déanta cheana féin.

(b)

Déanfaidh sealbhóir an fhormheasa um athrú na sonraí faoin lamháltas damáiste a eascraíonn as an meastóireacht a dhéantar a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta i gcomhréir le mír (a)(i):

(i)

laistigh de 24 mhí ó fuarthas an iarraidh, i gcás iarrataí a fuarthas roimh an 26 Feabhra 2023, lena bhformheas; nó

(ii)

roimh an 26 Feabhra 2025 nó laistigh de 12 mhí ó fuarthas iarraidh, cibé acu is déanaí, i gcás iarrataí a fuarthas roimh an 26 Feabhra 2023, lena bhformheas.”