27.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 27/9


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/73 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Eanáir 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 8(3), Airteagal 12, agus Airteagal 75(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Le Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus cuireadh síneadh leis an tréimhse a mhaireann na cláir forbartha tuaithe a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (“CETFT”) go dtí an 31 Nollaig 2022, agus tugadh deis do na Ballstáit a gcláir shínte a mhaoiniú ón leithdháileadh comhfhreagrach buiséid le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022. Thairis sin, le Rialachán (AE) 2020/2220 rinneadh na hacmhainní breise ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (4) (“EURI”) a chur ar fáil sna cláir shínte sna blianta 2021 agus 2022 chun bearta a mhaoiniú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus é mar chuspóir dóibh aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19 agus na hiarmhairtí atá aici sin ar earnáil talmhaíochta agus limistéir thuaithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart na rialacha faoi seach maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a leasú.

(2)

Leagtar síos le hAirteagal 4(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 an líon uasta leasuithe ar chláir forbartha tuaithe a fhéadfaidh na Ballstáit a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Chun cur leis an tsolúbthacht atá ag na Ballstáit a leithdháileadh buiséid le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022 a úsáid sna cláir shínte agus chun na hacmhainní breise ó EURI a chomhtháthú, ba cheart an líon uasta leasuithe dá dtagraítear san Airteagal sin a mhéadú agus na sprioc-amanna le haghaidh chur isteach na n-iarrataí ar leasuithe cláir deiridh a chur siar. Thairis sin, is gá a shoiléiriú nár cheart feidhm a bheith ag an líon uasta leasuithe maidir le hiarrataí ar chláir forbartha tuaithe a leasú i gcás ina bhfuil gá le leasuithe tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/2220 chun síneadh a chur le fad na gclár forbartha tuaithe agus chun na hacmhainní breise ó EURI a chomhtháthú.

(3)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2020/2220 go ndéanfar spriocanna arna mbunú i gcomhthéacs an chreata feidhmíochta a shocrú don bhliain 2025, i gcás na gclár forbartha tuaithe arna síneadh. Dá bhrí sin, is gá a shonrú go dtagraíonn spriocanna táscairí an chreata feidhmíochta don mhéid atá sé beartaithe a bhaint amach faoin 31 Nollaig 2025. Thairis sin, le Rialachán (AE) 2020/2220 eisiatar an creat feidhmíochta a chur i bhfeidhm maidir leis na hacmhainní breise ó EURI. Dá bhrí sin, ba cheart na haschuir a mhaoinítear leis na hacmhainní breise ó EURI a eisiamh ó spriocanna an chreata feidhmíochta.

(4)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2020/2220 go ndéanfar na hacmhainní breise ó EURI a chlárú agus go ndéanfar faireachán orthu ar leithligh ó thacaíocht an Aontais d’fhorbairt tuaithe, agus na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 á gcur i bhfeidhm i bprionsabal an tráth céanna. Dá bhrí sin, beidh gá le sonraíochtaí ar leithligh sna tuairiscí ar bhearta ábhartha sna cláir forbartha tuaithe agus sna cláir creata náisiúnta i gcás ina dtacaítear le hoibríochtaí leis na hacmhainní breise ó EURI. Ba cheart na hacmhainní breise ó EURI a léiriú ar leithligh i bpleananna maoinithe na gclár forbartha tuaithe, na gcreataí náisiúnta agus na ngréasán náisiúnta tuaithe.

(5)

Thairis sin, sa phlean táscaire le haghaidh na mbeart roghnaithe, ba cheart fo-iomlán na n-aschur beartaithe agus an caiteachas poiblí iomlán beartaithe a mhaoinítear leis na hacmhainní breise ó EURI a léiriú ar leithligh. Sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, ba cheart an chuid de na gealltanais a mhaoinítear leis na hacmhainní breise ó EURI a léiriú sa tuairisciú ar chaiteachas geallta de réir birt agus de réir fócais.

(6)

Ceanglaítear le hAirteagal 8(h)(ii) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, le haghaidh gach birt, gach cineáil oibríochta ag a bhfuil ráta sonrach ranníocaíochta ó CETFT, le haghaidh an chineáil oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 37(1), Airteagal 38(3), Airteagal 39(1) agus Airteagal 39a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, i gcás ina gcuireann Ballstát tairseach chaillteanais íosta atá faoi bhun 30 % i bhfeidhm; agus le haghaidh cúnamh teicniúil, go mbeidh tábla sa phlean maoinithe ina léireofar ranníocaíocht bheartaithe iomlán an Aontais agus an ráta ranníocaíochta is infheidhme ó CETFT. Ós rud é go bhfuil feidhm ag na rialacha céanna maidir leis an ranníocaíocht ó na hacmhainní breise ó EURI, ba cheart an ranníocaíocht bheartaithe ó EURI agus an ráta ranníocaíochta ó EURI a léiriú sa phlean maoinithe, más infheidhme, i gcás gach birt den sórt sin le haghaidh gach cineáil oibríochta.

(7)

Le Rialachán (AE) 2020/2220 leasaíodh Airteagail 38 agus 39 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 maidir leis an tairseach chaillteanais íosta is féidir leis na Ballstáit a shainiú ina gcláir forbartha tuaithe ar féidir feirmeoirí a chúiteamh ar a mbonn as caillteanais faoi na cistí frithpháirteacha le haghaidh teagmhais dhíobhálacha aeráide, galair ainmhithe agus plandaí, inmhíoluithe le lotnaidí agus teagmhais chomhshaoil agus an uirlis cobhsaithe ioncaim le haghaidh feirmeoirí i ngach earnáil. Dá thoradh sin agus chun críocha thuairisciú EDT, an caiteachas le haghaidh na n-uirlisí bainistithe riosca go léir a rialaítear le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, agus i gcás ina bhfuil an tairseach chaillteanais íosta faoi bhun 30 %, is gá an caiteachas sin a phleanáil agus a thuairisciú ar leithligh. Is gá na ceanglais nua seo maidir le clárú agus pleanáil a shonrú go hiomchuí sa phlean táscaire.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme(AE) Uimh. 808/2014 a leasú dá réir sin.

(9)

I bhfianaise na práinne a bhaineann le géarchéim COVID-19, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Forbartha Tuaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

i mír 1, scriostar pointe (e);

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Ní fhéadfar leasuithe cláir den chineál dá dtagraítear in Airteagal 11(a)(i) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mholadh níos mó ná ceithre huaire le linn na clárthréimhse.”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“I gcás gach cineáil eile leasuithe le chéile:

(a)

féadfar aon mholadh amháin le haghaidh leasú a chur isteach in aghaidh na bliana féilire agus in aghaidh an chláir, ach amháin an bhliain 2025 ina bhféadfar níos mó ná moladh amháin le haghaidh leasú a chur isteach maidir le leasuithe a bhaineann go heisiach le hoiriúnú ar an bplean maoinithe, lena n-áirítear aon athruithe a thiocfadh as sin ar an bplean táscaire;

(b)

féadfar ceithre mholadh bhreise le haghaidh leasú in aghaidh an chláir a chur isteach le linn na clárthréimhse.”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) den tríú fomhír:

“(b)

i gcás ina bhfuil gá le leasú tar éis athrú ar chreat dlíthiúil an Aontais, lena n-áirítear athrú a bhaineann le síneadh a chur le fad na gclár forbartha tuaithe nó athrú a bhaineann le hinfhaighteacht na n-acmhainní breise le haghaidh théarnamh earnáil talmhaíochta agus limistéir thuaithe an Aontais de bhun Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1)

(*1)  Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíocht den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (IO L 437, 28.12.2020, lch. 1).”;"

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“3.   Déanfaidh na Ballstáit an t-iarratas deireanach ar leasú cláir den chineál dá dtagraítear in Airteagal 11(a)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2022.

Déanfar cineálacha eile leasuithe cláir a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2025.”;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO L 227, 31.7.2014, lch. 18).

(3)  Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíocht den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (IO L 437, 28.12.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 23).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 808/2014 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Cuid 1 mar a leanas:

(a)

i bpointe 7(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

spriocanna le haghaidh 2025. Ní chuirfear san áireamh sna spriocanna maoiniú breise náisiúnta dá dtagraítear i bpointe 12, agus státchabhair i bhfoirm cistiú breise dá dtagraítear i bpointe 13, agus na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.”;

(b)

i bpointe 8(2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

raon feidhme, leibhéal tacaíochta, tairbhithe incháilithe agus, i gcás inarb ábhartha, modheolaíocht le haghaidh ríomh an mhéid nó ríomh an ráta tacaíochta arna miondealú de réir fobhirt agus/nó de réir an chineáil oibríochta i gcás inar gá. I gcás gach cineáil oibríochta, sonraíocht na gcostas incháilithe, na gcoinníollacha incháilitheachta, na méideanna is infheidhme agus na rátaí tacaíochta agus na bprionsabal maidir le critéir roghnúcháin a leagan síos. I gcás ina dtugtar tacaíocht d’ionstraim airgeadais a chuirtear chun feidhme faoi phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 38(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, tuairisc ar an gcineál ionstraime airgeadais, catagóirí ginearálta na bhfaighteoirí deiridh, catagóirí ginearálta costas incháilithe agus an leibhéal uasta tacaíochta. Tabharfar tuairisc ar leith le haghaidh bearta nó codanna de bhearta a mhaoinítear leis na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.”;

(c)

leasaítear pointe 10 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Plean maoinithe, ina bhfuil táblaí struchtúrtha ar leith le haghaidh phointí (a) go (d), agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (e) á léiriú ar leithligh iontu le haghaidh Ionstraim Téarnaimh an Aontais Eorpaigh:”;

(ii)

i bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (v):

“(v)

i gcás na n-oibríochtaí a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 38 agus 39 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, i gcás ina gcinnfidh an Ballstát an tairseach chaillteanais íosta a shocrú idir 20 agus 30 %, agus le haghaidh oibríochtaí a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 37(1) agus le hAirteagal 39a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, an ranníocaíocht is infheidhme ó CETFT agus an ráta táscach ranníocaíochta.”;

(iii)

cuirtear an pointe (e) seo a leanas isteach:

“(e)

I gcás na n-acmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013:

(i)

an ranníocaíocht bhliantúil;

(ii)

an ráta ranníocaíochta is infheidhme maidir leis na bearta tacaithe;

(iii)

an miondealú de réir an bhirt agus an tsainréimse;

(iv)

ranníocaíocht le haghaidh cúnamh teicniúil;

(v)

más rud é, i gcás ina gcuirtear beart nó cineál oibríochta chun feidhme le ranníocaíocht ó ionstraimí airgeadais, dá dtagraítear in Airteagal 38(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, tabharfar le fios ar leithligh sa tábla na rátaí ranníocaíochta le haghaidh ionstraimí airgeadais agus tacaíocht tháscach ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a chomhfhreagraíonn don ranníocaíocht atá beartaithe leis an ionstraim airgeadais;

(vi)

i gcás na n-oibríochtaí a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 38 agus 39 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, i gcás ina gcinnfidh an Ballstát tairseach chaillteanais íosta a shocrú idir 20 agus 30 %, agus i gcás oibríochtaí a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 37(1) agus le hAirteagal 39a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, an ranníocaíocht ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh is infheidhme agus an ráta táscach ranníocaíochta.”;

(d)

leasaítear pointe 11 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

de réir sainréimse, na spriocanna cainníochtaithe mar aon le haschuir bheartaithe agus caiteachas poiblí iomlán beartaithe na mbeart arna roghnú chun aghaidh a thabhairt ar an sainréimse, lena n-áirítear fo-iomláin na n-aschur beartaithe sin agus an caiteachas iomlán beartaithe a mhaoinítear leis na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013;”;

(ii)

cuirtear an pointe (d) seo a leanas isteach:

“(d)

an caiteachas poiblí iomlán atá beartaithe a bhaineann le tacaíocht de bhun Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, i gcás ina bhfuil an tairseach chaillteanais íosta faoi bhun 30 %.”;

(2)

Leasaítear Cuid 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:

“4.

Tábla lena ndéantar achoimre, de réir réigiúin agus de réir bliana, ar an ranníocaíocht iomlán ó CETFT leis an mBallstát don chlárthréimhse iomlán, gan na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, agus ar leithligh, rannchuidiú na n-acmhainní breise sin leis an mBallstát le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022”;

(b)

i bpointe 5(2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

Raon feidhme, leibhéal tacaíochta, tairbhithe incháilithe agus, i gcás inarb ábhartha, modheolaíocht le haghaidh ríomh an mhéid nó ríomh an ráta tacaíochta arna miondealú de réir fobhirt agus/nó de réir an chineáil oibríochta i gcás inar gá. I gcás gach cineáil oibríochta, sonraíocht na gcostas incháilithe, na gcoinníollacha incháilitheachta, na méideanna is infheidhme agus na rátaí tacaíochta agus na bprionsabal maidir le critéir roghnúcháin a leagan síos. I gcás ina dtugtar tacaíocht d’ionstraim airgeadais a chuirtear chun feidhme faoi phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 38(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, tuairisc ar an gcineál ionstraime airgeadais, catagóirí ginearálta na bhfaighteoirí deiridh, catagóirí ginearálta costas incháilithe agus an leibhéal uasta tacaíochta. Tabharfar tuairisc ar leith le haghaidh bearta nó codanna de bhearta a mhaoinítear leis na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.”;

(3)

I gCuid 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:

“5.

Plean maoinithe ina leagfar amach an méid seo a leanas:

‘(a)

An ranníocaíocht bhliantúil ó CETFT, gan na hacmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013;

(b)

ranníocaíocht iomlán an Aontais agus an ráta ranníocaíochta ó CETFT;

(c)

i gcás na n-acmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013:

(i)

an ranníocaíocht bhliantúil;

(ii)

an ranníocaíocht iomlán agus an ráta ranníocaíochta.”.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear pointe (b) de phointe (1) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 808/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Faisnéis maidir le cur chun feidhme an chláir forbartha tuaithe, arna thomhas de réir táscairí coiteanna agus sonracha, lena n-áirítear an dul chun cinn a rinneadh i dtaca leis na spriocanna a leagtar amach do gach sainréimse agus maidir leis an aschur iarbhír i gcomparáid leis an aschur a bhí beartaithe agus leagtha síos sa phlean táscaire. Ag tosú leis an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme atá le tíolacadh in 2017, an méid a baineadh amach maidir leis na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sa chreat feidhmíochta (Tábla F). Déanfar faisnéis bhreise maidir le céim chur chun feidhme an chláir forbartha tuaithe a thabhairt trí bhíthin sonraí ar ghealltanais airgeadais de réir an bhirt agus an tsainréimse, agus an dul chun cinn gaolmhar a shíltear a bheidh ann maidir leis na spriocanna a bhaint amach”;

(2)

sa dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:

“—

Tábla A: Caiteachas geallta de réir birt agus de réir sainréimse, agus an fhaisnéis sin á léiriú ar leithligh le haghaidh na n-acmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 58a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013”.